EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0859

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/859 ón gCoimisiún an 18 Márta 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a mhéid a bhaineann le haicmiú na substainte salaicioláit sóidiam i ndáil lena huasteorainn iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch

C/2024/1668

IO L, 2024/859, 19.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/859/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/859/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/859

19.3.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/859 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Márta 2024

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a mhéid a bhaineann le haicmiú na substainte salaicioláit sóidiam i ndáil lena huasteorainn iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14, i gcomhar le hAirteagal 17, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún (2) leagtar amach na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a n-aicmiú i ndáil le huasteorainneacha iarmhar (‘MRLanna’) i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch.

(2)

Áirítear an tsubstaint salaicioláit sóidiam sa tábla sin mar shubstaint cheadaithe.

(3)

An 30 Meán Fómhair 2022, de bhun Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009, chuir Dopharma B.V. iarratas faoi bhráid na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (‘Gníomhaireacht’) chun an iontráil atá ann cheana maidir leis an tsubstaint salaicioláit sóidiam a leathnú chun sicín a chumhdach.

(4)

An 5 Deireadh Fómhair 2023, ar bhonn na tuairime ón gCoiste um Tháirgí Íocshláinte d’Úsáid Tréidliachta, coiste a cuireadh ar bun de bhun Airteagal 139 de Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus tar éis di breithniú a dhéanamh ar an iarratas ó Dopharma B.V., mhol an Ghníomhaireacht na huasteorainneacha iarmhar le haghaidh na substainte salaicioláit sóidiam i sicín a leathnú agus MRLanna uimhriúla a bhunú.

(5)

Tháinig an Ghníomhaireacht ar an gconclúid freisin gurb iomchuí na MRLanna le haghaidh salaicioláit sóidiam i sicín a eachtarshuí ó fhíocháin sicín go fíocháin speiceas eile éanlaithe clóis seachas turcaí.

(6)

I bhfianaise na tuairime ón nGníomhaireacht, measann an Coimisiún gurb iomchuí an MRL molta a bhunú le haghaidh salaicioláit sóidiam i bhfíocháin sicín agus é a eachtarshuí go speicis eile éanlaithe clóis seachas turcaí, ach gan dul thar ainmhithe nach dtáirgeann uibheacha lena gcaitheamh ag an duine ós rud é nár soláthraíodh aon sonraí iarmhar le haghaidh uibheacha.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a leasú dá réir.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 37/2010 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Márta 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 152, 16.6.2009, lch. 11.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2009 maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a n-aicmiú i ndáil le huasteorainneacha iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch (IO L 15, 20.1.2010, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirge íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43).


IARSCRÍBHINN

I dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála maidir leis an tsubstaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de ‘salaicioláit sóidiam’:

Substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de

Iarmhar marcála

Speiceas Ainmhíoch

MRL

Spriocfhíocháin

Forálacha Eile

(de réir Airteagal 14(7) de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009)

Aicme Theiripeach

‘Salaicioláit sóidiam

NÍ BHAINEANN LE hÁBHAR

Bó-ainmhithe, Muc-ainmhithe

Níl gá le MRL

NÍ BHAINEANN LE hÁBHAR

Le haghaidh úsáid béil.

Ná húsáidtear in ainmhithe as a dtáirgtear bainne lena chaitheamh ag an duine.

GAN IONTRÁIL

Gach bia-speiceas seachas éisc eite

Níl gá le MRL

Le haghaidh úsáid logánta amháin.

Aigéad salaicileach

Turcaí

400  μg/kg

2 500  μg/kg

200  μg/kg

150  μg/kg

Matán

Craiceann agus saill i gcoibhneasa nádúrtha

An t-ae

An duán

Ná húsáidtear in ainmhithe a tháirgeann uibheacha lena gcaitheamh ag an duine.

Oibreáin fhrith-athlastacha / Oibreáin fhrith-athlastacha neamhstéaróideacha’.

Éanlaith chlóis seachas turcaí

250  μg/kg

250  μg/kg

500  μg/kg

1 000  μg/kg

Matán

Craiceann agus saill i gcoibhneasa nádúrtha

An t-ae

An duán


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/859/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top