This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D1222
Commission Implementing Decision (EU) 2024/1222 of 23 April 2024 amending the Annex to Implementing Decision (EU) 2023/2447 concerning emergency measures in relation to outbreaks of highly pathogenic avian influenza in certain Member States (notified under document C (2024)2806)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1222 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2024 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C (2024)2806)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1222 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2024 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C (2024)2806)
C/2024/2806
IO L, 2024/1222, 29.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1222/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1222 |
29.4.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1222 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Aibreán 2024
lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C (2024)2806)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1), pointe (c), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar víreasach tógálach in éin é an fliú éanúil ardphataigineach (HPAI) agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar bhrabúsacht na feirmeoireachta éanlaithe clóis, rud a chuirfeadh isteach ar thrádáil laistigh den Aontas agus ar onnmhairí chuig tríú tíortha. Is féidir le víris HPAI éin imirceacha a ionfhabhtú, rud a fhágann gur féidir le héin imirceacha na víris sin a leathadh thar achair fhada le linn a n-imircí san fhómhar agus san earrach. Dá bhrí sin, is bagairt leanúnach é víris HPAI a bheith in éin fhiáine maidir le tabhairt isteach na víreas sin go díreach agus go hindíreach i ngabháltais ina gcoimeádtar éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas. I gcás ráig de HPAI, tá baol ann go bhféadfaidh an t-oibreán galair leathadh go gabháltais eile ina gcoimeádtar éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2016/429 bunaítear creat reachtach nua chun galair a chosc agus a rialú, ar galair iad atá in-tarchurtha chuig ainmhithe nó chuig daoine. Tagann HPAI faoin sainmhíniú ar ghalar liostaithe sa Rialachán sin, agus tá sé faoi réir na rialacha coisctheacha agus rialaithe galar a leagtar síos ann. Ina theannta sin, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann leis na rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú, lena n-áirítear bearta rialaithe galar le haghaidh HPAI. |
|
(3) |
Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 ón gCoimisiún (3) faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos leis bearta éigeandála ar leibhéal an Aontais i ndáil le ráigeanna HPAI. |
|
(4) |
Go háirithe, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 déantar foráil maidir leis na criosanna cosanta agus faireachais agus na criosanna srianta breise arna mbunú ag na Ballstáit tar éis ráigeanna HPAI, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, go gcuimseoidh siad ar a laghad na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais agus criosanna srianta breise san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin. |
|
(5) |
Leasaíodh an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 le déanaí le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1184 ón gCoimisiún (4) tar éis ráigeanna HPAI in éanlaith chlóis sa Bhulgáir, ráigeanna ar ghá iad a léiriú san Iarscríbhinn sin. |
|
(6) |
Ón dáta a glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1184, thug an Bhulgáir fógra don Choimisiún faoi ráig nua HPAI i mbunaíocht inar coinníodh éanlaith chlóis, bunaíocht atá lonnaithe i réigiún Plovdiv. |
|
(7) |
Ina theannta sin, thug an Ungáir fógra don Choimisiún faoi ráigeanna HPAI i mbunaíochtaí inar coinníodh éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas, bunaíochtaí atá lonnaithe i gcontaetha Békés agus Jász-Nagykun-Szolnok. |
|
(8) |
Rinne údaráis inniúla na Bulgáire agus na hUngáire na bearta rialaithe galar is gá i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena n-áirítear bunú criosanna cosanta agus faireachais timpeall ar na ráigeanna sin. |
|
(9) |
Tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar na bearta rialaithe galar a rinne an Bhulgáir agus an Ungáir i gcomhar leis na Ballstáit sin, agus tá sé sásta maidir le teorainneacha na gcriosanna cosanta agus faireachais arna mbunú ag údaráis inniúla na Bulgáire agus na hUngáire, go bhfuil siad fada go leor ó na bunaíochtaí inar deimhníodh na ráigeanna HPAI. |
|
(10) |
San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447, níl aon limistéar liostaithe faoi láthair mar chrios cosanta agus faireachais le haghaidh na hUngáire. |
|
(11) |
Chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun nach bhforchuirfidh tríú tíortha bacainní gan údar ar thrádáil, is gá tuairisc a thabhairt go mear ar leibhéal an Aontais, i gcomhar leis an mBulgáir agus leis an Ungáir, ar na criosanna cosanta agus faireachais arna mbunú go cuí ag na Ballstáit sin i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. |
|
(12) |
Dá bhrí sin, na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais le haghaidh na Bulgáire san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447, ba cheart iad a leasú. |
|
(13) |
Ina theannta sin, ba cheart criosanna cosanta agus faireachais a liostú le haghaidh na hUngáire san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447. |
|
(14) |
Dá réir sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 a leasú chun an réigiúnú a thabhairt cothrom le dáta ar leibhéal an Aontais chun aird a thabhairt ar na criosanna cosanta agus faireachais arna mbunú go cuí ag an mBulgáir agus ag an Ungáir i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus fad na mbeart is infheidhme sna criosanna sin. |
|
(15) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 a leasú dá réir. |
|
(16) |
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh HPAI, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh na leasuithe atá le déanamh ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 leis an gCinneadh seo i bhfeidhm a luaithe is féidir. |
|
(17) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447.
Airteagal 2
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Aibreán 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2023 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L 2023/2447, 30.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2447/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1184 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2024 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L, 2024/1184, 18.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1184/oj).
IARSCRÍBHINN
Cuid A
Criosanna cosanta sna Ballstáit lena mbaineann* dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a), agus Airteagal 2:
Ballstát: an Bhulgáir
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
||||||||
|
Haskovo Region |
||||||||||
|
BG-HPAI(P)-2024-00010 BG-HPAI(P)-2024-00011 |
The following villages in Haskovo municipality:
|
15.5.2024 |
||||||||
|
Kardzhali Region |
||||||||||
|
BG-HPAI(P)-2024-00012 |
The following villages in Krumovgrad municipality:
|
5.5.2024 |
||||||||
|
Plovdiv Region |
||||||||||
|
BG-HPAI(P)-2024-00009 |
The following village in Rodopi municipality:
The following village in Stamboliyski municipality:
|
28.4.2024 |
||||||||
|
BG-HPAI(P)-2024-00013 |
The following villages in Asenovgrad municipality:
|
26.5.2024 |
||||||||
|
The following village in Sadovo municipality:
|
||||||||||
Ballstát: an Ungáir
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
|
Békés vármegye |
||
|
HU-HPAI(P)-2024-00007 HU-HPAI(P)-2024-00009 HU-HPAI(P)-2024-00010 |
Békéssámson, Kardoskút és Tótkomlós települések közigazgatási területének a 46.428759 és a 20.707461, a 46.442322 és a 20.727723, valamint a 46.443534 és a 20.727690 GPS-koordináták által meghatározott pont körüli 3 km sugarú körön belül eső területe. |
9.5.2024 |
|
HU-HPAI(P)-2024-00008 |
Kardoskút, Kaszaper, Orosháza, Puszatföldvár és Tótkomlós települések közigazgatási területének a 46.489250 és a 20.791090 GPS-koordináták által meghatározott pont körüli 3 km sugarú körön belül eső területe. |
10.5.2024 |
|
HU-HPAI(P)-2024-00011 |
Szarvas település közigazgatási területének a 46.889059 és a 20.421714 GPS-koordináták által meghatározott pont körüli 3 km sugarú körön belül eső területe. |
11.5.2024 |
|
Jász-Nagykun-Szolnok vármegye |
||
|
HU-HPAI(P)-2024-00011 |
Mesterszállás és Öcsöd települések közigazgatási területének a 46.889059 és a 20.421714 GPS-koordináták által meghatározott pont körüli 3 km sugarú körön belül eső területe. |
11.5.2024 |
Cuid B
Criosanna faireachais sna Ballstáit lena mbaineann* dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a), agus Airteagal 3:
Ballstát: an Bhulgáir
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Haskovo Region |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
BG-HPAI(P)-2024-00010 BG-HPAI(P)-2024-00011 |
The following villages in Haskovo municipality:
|
16.5.2024 – 24.5.2024 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
The following villages in Haskovo municipality:
|
24.5.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
The following villages in Dimitrovgrad municipality:
|
24.5.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
BG-HPAI(P)-2024-00012 |
The following villages in Ivaylovgrad municipality:
|
14.5.2024 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Kardzhali Region |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
BG-HPAI(P)-2024-00012 |
The following villages in Krumovgrad municipality:
|
6.5.2024 – 14.5.2024 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
The following villages in Krumovgrad municipality:
|
14.5.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Pazardzhik Region |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
BG-HPAI(P)-2024-00008 |
The following village in Septemvri municipality:
The following village in Belovo municipality:
|
17.4.2024 – 25.4.2024 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
The following villages in Septemvri municipality:
|
25.4.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
The following villages in Belovo municipality:
|
25.4.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
The following villages in Lesichovo municipality:
|
25.4.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
BG-HPAI(P)-2024-00009 |
The following villages in Pazardzhik municipality:
|
7.5.2024 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Plovdiv Region |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
BG-HPAI(P)-2024-00009 |
The following village in Rodopi municipality:
The following village in Stamboliyski municipality:
|
29.4.2024 – 7.5.2024 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
The following villages in Maritsa municipality:
The following villages in Rodopi municipality:
The following villages in Stamboliyski municipality:
|
7.5.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
BG-HPAI(P)-2024-00013 |
The following villages in Asenovgrad municipality:
The following village in Sadovo municipality:
|
27.5.2024 – 4.6.2024 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
The following villages in Asenovgrad municipality:
|
4.6.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
The following villages in Sadovo municipality:
|
4.6.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
The following villages in Rodopi municipality:
|
4.6.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
The following villages in Kuklen municipality:
|
4.6.2024 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ballstát: an Ungáir
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 |
|
Békés vármegye |
||
|
HU-HPAI(P)-2024-00007-00010 |
Békéssámson, Csanádapáca, Kardoskút, Kaszaper, Nagybánhegyes, Orosháza, Pusztaföldvár és Tótkomlós települések védőkörzeten kívül eső teljes közigazgatási területe. Gerendás, Medgyesbodzás, Mezőhegyes, Mezőkovácsháza és Végegyháza települések közigazgatási területének a 46.428759 és a 20.707461, a 46.489250 és a 20.791090, a 46.442322 és a 20.727723, valamint a 46.443534 és a 20.727690 GPS-koordináták által meghatározott pont körüli 10 km sugarú körön belül eső területe. |
19.5.2024 |
|
HU-HPAI(P)-2024-00011 |
Békésszentandrás és Szarvas települések közigazgatási területének a 46.889059 és a 20.421714 GPS-koordináták által meghatározott pont körüli 10 km sugarú körön belül és védőkörzeten kívül eső területe. |
20.5.2024 |
|
HU-HPAI(P)-2024-00007 HU-HPAI(P)-2024-00009 HU-HPAI(P)-2024-00010 |
Békéssámson, Kardoskút és Tótkomlós települések közigazgatási területének a 46.428759 és a 20.707461, a 46.442322 és a 20.727723, valamint a 46.443534 és a 20.727690 GPS-koordináták által meghatározott pont körüli 3 km sugarú körön belül eső területe. |
10.5.2024 - 19.5.2024 |
|
HU-HPAI(P)-2024-00008 |
Kardoskút, Kaszaper, Orosháza, Puszatföldvár és Tótkomlós települések közigazgatási területének a 46.489250 és a 20.791090 GPS-koordináták által meghatározott pont körüli 3 km sugarú körön belül eső területe. |
11.5.2024 - 19.5.2024 |
|
HU-HPAI(P)-2024-00011 |
Szarvas település közigazgatási területének a 46.889059 és a 20.421714 GPS-koordináták által meghatározott pont körüli 3 km sugarú körön belül eső területe. |
12.5.2024 - 20.5.2024 |
|
Csongrád-Csanád vármegye |
||
|
HU-HPAI(P)-2024-00007 HU-HPAI(P)-2024-00009 HU-HPAI(P)-2024-00010 |
Ambrózfalva és Nagyér teljes közigazgatási területe. Csanádalberti, Hódmezővásárhely, Makó, Pitvaros és Székkutas települések közigazgatási területének a 46.428759 és a 20.707461, a 46.442322 és a 20.727723, valamint a 46.443534 és a 20.727690 10 km sugarú körön belül eső területe. |
19.5.2024 |
|
HU-HPAI(P)-2024-00011 |
Szentes település közigazgatási területének a 46.889059 és a 20.421714 GPS-koordináták által meghatározott pont körüli 10 km sugarú körön belül eső területe. |
20.5.2024 |
|
Jász-Nagykun-Szolnok vármegye |
||
|
HU-HPAI(P)-2024-00011 |
Kunszentmárton, Mesterszállás, Mezőhék, Mezőtúr, Öcsöd és Tiszaföldvár települések közigazgatási területének a 46.889059 és a 20.421714 GPS-koordináták által meghatározott pont körüli 10 km sugarú körön belül és védőkörzeten kívül eső területe. |
20.5.2024 |
|
HU-HPAI(P)-2024-00011 |
Mesterszállás és Öcsöd települések közigazgatási területének a 46.889059 és a 20.421714 GPS-koordináták által meghatározott pont körüli 3 km sugarú körön belül eső területe. |
12.5.2024 - 20.5.2024 |
Cuid C
Criosanna srianta breise sna Ballstáit lena mbaineann* dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), agus Airteagal 4:
Ballstát: Ceann ar bith
|
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh na bearta infheidhme go dtí, i gcomhréir le hAirteagal 3a |
|
|
|
|
* |
I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) de Chreat Windsor (féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023, IO L 102, 17.4.2023, lch. 87) i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCreat sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, baineann tagairtí don Bhallstát leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1222/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)