Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2403

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2403 ón gCoimisiún an 16 Lúnasa 2022 lena gceartaítear leaganacha áirithe teanga de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1151/2014 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála maidir leis an bhfaisnéis a mbeidh fógra le tabhairt ina leith agus an ceart bunaíochta agus an tsaoirse chun seirbhísí a chur ar fáil á gcleachtadh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/5810

IO L 317, 9.12.2022, p. 41–41 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/2403/oj

9.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 317/41


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2403 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Lúnasa 2022

lena gceartaítear leaganacha áirithe teanga de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1151/2014 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála maidir leis an bhfaisnéis a mbeidh fógra le tabhairt ina leith agus an ceart bunaíochta agus an tsaoirse chun seirbhísí a chur ar fáil á gcleachtadh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (1), agus go háirithe Airteagal 35(5), Airteagal 36(5) agus Airteagal 39(4) di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sna leaganacha Bulgáirise, Cróitise, Danmhairgise, Gearmáinise, Gréigise, Iodáilise, Laitvise, Liotuáinise, Máltaise, Polainnise, Portaingéilise, Rómáinise, Seicise, Sualainnise agus Ungáirise de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1151/2014 ón gCoimisiún (2) tá earráid in Airteagal 3(2), pointe (b)(iii), sa tríú fleasc, a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis ar leith nach mór d’oibreoirí fógra a thabhairt ina leith faoin bhforáil lena mbaineann.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart na leaganacha Bulgáirise, Cróitise, Danmhairgise, Gearmáinise, Gréigise, Iodáilise, Laitvise, Liotuáinise, Máltaise, Polainnise, Portaingéilise, Rómáinise, Seicise, Sualainnise agus Ungáirise de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1151/2014 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge.)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Lúnasa 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 27.6.2013, lch. 338.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1151/2014 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2014 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála maidir leis an bhfaisnéis a mbeidh fógra le tabhairt ina leith agus an ceart bunaíochta agus an tsaoirse chun seirbhísí a chur ar fáil á gcleachtadh (IO L 309, 30.10.2014, lch. 1).


Top