This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R1848
Council Regulation (EU) 2022/1848 of 4 October 2022 amending Regulation (EU) No 692/2014 concerning restrictive measures in response to the illegal annexation of Crimea and Sevastopol
Rialachán (AE) 2022/1848 ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 692/2014 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar an ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol
Rialachán (AE) 2022/1848 ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 692/2014 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar an ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol
ST/12481/2022/INIT
IO L 257, 5.10.2022, p. 1–4
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 257/1 |
RIALACHÁN (AE) 2022/1848 ÓN gCOMHAIRLE
an 4 Deireadh Fómhair 2022
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 692/2014 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar an ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,
Ag féachaint do Chinneadh 2014/386/CBES an 23 Meitheamh 2014 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar an ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol (1),
Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 23 Meitheamh 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/386/CBES agus Rialachán (AE) Uimh. 692/2014 (2) a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar an ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol. |
(2) |
Maidir le seoltaí na suíomhanna gréasáin le haghaidh faisnéis maidir le húdaráis inniúla na mBallstát agus an seoladh agus sonraí teagmhála eile le haghaidh fógraí chuig an gCoimisiún a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 692/2014, ós rud é gur féidir leo athrú le himeacht ama, agus chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Cur Chun Feidhme Rialachán (AE) Uimh. 692/2014 ón gComhairle, ba cheart de cumhacht a thabhairt don Choimisiún Iarscríbhinn I a ghabhann leis a leasú. |
(3) |
Ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 692/2014 a ionadú, ós rud é gur cheart an fhaisnéis atá ann a thabhairt cothrom le dáta. |
(4) |
Tagann na leasuithe sin faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 692/2014 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 692/2014 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 1, pointe (e), cuirtear na focail “an Iarscríbhinn” in ionad “Iarscríbhinn I”; |
(2) |
in Airteagal 9(1) agus (3),cuirtear na focail “Iarscríbhinn I” in ionad na bhfocal “an Iarscríbhinn”; |
(3) |
in Airteagal 9, cuirtear an mhír seo a leanas isteach: “4. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún Iarscríbhinn I a leasú ar bhonn na faisnéise a sholáthróidh na Ballstáit.” |
(4) |
Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a chur in ionad Iarscríbhinn I. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 4 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. STANJURA
(1) IO L 183, 24.6.2014, lch. 70.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 692/2014 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2014 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar an ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol (IO L 183, 24.6.2014, lch. 9).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 692/2014:
“IARSCRÍBHINN I
Suíomhanna gréasáin le haghaidh faisnéis maidir leis na húdaráis inniúla agus an seoladh le haghaidh fógraí chuig an gCoimisiún
AN BHEILG
https://diplomatie.belgium.be/en/policy/policy-areas/peace-and-security/sanctions/belgian-authorities-in-charge-implementation-restrictive-measures-eu
AN BHULGÁIR
https://www.mfa.bg/en/EU-sanctions
AN tSEICIA
www.financnianalytickyurad.cz/mezinarodni-sankce.html
AN DANMHAIRG
http://um.dk/da/Udenrigspolitik/folkeretten/sanktioner/
AN GHEARMÁIN
https://www.bmwi.de/Redaktion/DE/Artikel/Aussenwirtschaft/embargos-aussenwirtschaftsrecht.html
AN EASTÓIN
https://vm.ee/sanktsioonid-ekspordi-ja-relvastuskontroll/rahvusvahelised-sanktsioonid
ÉIRE
https://www.dfa.ie/our-role-policies/ireland-in-the-eu/eu-restrictive-measures/
AN GHRÉIG
http://www.mfa.gr/en/foreign-policy/global-issues/international-sanctions.html
AN SPÁINN
https://www.exteriores.gob.es/es/PoliticaExterior/Paginas/SancionesInternacionales.aspx
AN FHRAINC
http://www.diplomatie.gouv.fr/fr/autorites-sanctions/
AN CHRÓIT
https://mvep.gov.hr/vanjska-politika/medjunarodne-mjere-ogranicavanja/22955
AN IODÁIL
https://www.esteri.it/it/politica-estera-e-cooperazione-allo-sviluppo/
AN CHIPIR
https://mfa.gov.cy/themes/
AN LAITVIA
http://www.mfa.gov.lv/en/security/4539
AN LIOTUÁIN
http://www.urm.lt/sanctions
LUCSAMBURG
https://maee.gouvernement.lu/fr/directions-du-ministere/affaires-europeennes/organisations-economiques-int/mesures-restrictives.html
AN UNGÁIR
https://kormany.hu/kulgazdasagi-es-kulugyminiszterium/ensz-eu-szankcios-tajekoztato
MÁLTA
https://foreignandeu.gov.mt/en/Government/SMB/Pages/SMB-Home.aspx
AN ÍSILTÍR
https://www.rijksoverheid.nl/onderwerpen/internationale-sancties
AN OSTAIR
https://www.bmeia.gv.at/themen/aussenpolitik/europa/eu-sanktionen-nationale-behoerden/
AN PHOLAINN
https://www.gov.pl/web/dyplomacja/sankcje-miedzynarodowe
https://www.gov.pl/web/diplomacy/international-sanctions
AN PHORTAINGÉIL
https://portaldiplomatico.mne.gov.pt/politica-externa/medidas-restritivas
AN RÓMÁIN
http://www.mae.ro/node/1548
AN tSLÓIVÉIN
http://www.mzz.gov.si/si/omejevalni_ukrepi
AN tSLÓVAIC
https://www.mzv.sk/europske_zalezitosti/europske_politiky-sankcie_eu
AN FHIONLAINN
https://um.fi/pakotteet
AN tSUALAINN
https://www.regeringen.se/sanktioner
Seoladh le haghaidh fógraí chuig an gCoimisiún Eorpach:
An Coimisiún Eorpach |
An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil (AS FISMA) |
Rue de Spa 2 |
1049 an Bhruiséil, an Bheilg |
R-phost: relex-sanctions@ec.europa.eu