Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0586

Rialachán (AE) 2022/586 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú, agus Srianadh Ceimiceán (REACH) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/2142

IO L 112, 11.4.2022, pp. 6–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/586/oj

11.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 112/6


RIALACHÁN (AE) 2022/586 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Aibreán 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú, agus Srianadh Ceimiceán (REACH)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán, (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún, chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagail 58 agus 131 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Comhlíonann an tsubstaint teitreitil-luaidhe na critéir maidir le haicmiú mar shubstaint atá tocsaineach i leith an atáirgthe (catagóir 1A) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus, dá bhrí sin, comhlíonann sí na critéir maidir le cuimsiú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, critéir a leagtar amach in Airteagal 57, pointe (c) den Rialachán sin.

(2)

An tsubstaint alcól 4,4’-bis(démheitiolaimín)-4"-(meitiolaimín)trítile (ag a bhfuil ≥ 0,1 % de chéatón Michler (Uimh. CE 202-027-5) nó de bhun Michler (Uimh. CE 202-959-2)), comhlíonann sí na critéir maidir le haicmiú mar shubstaint atá carcanaigineach (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, comhlíonann sí na critéir maidir le cuimsiú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, critéir a leagtar amach in Airteagal 57, pointe (a) den Rialachán sin.

(3)

Táirgí imoibriúcháin de 1,3,4-tiadé-asóilidín-2,5-déthión, d’fhormaildéad agus de 4-heiptilfeanól, é brainseach agus líneach (RP-HP) (ina bhfuil ≥ 0,1 % w/w 4-heiptilfeanól, é brainseach agus líneach), is substaintí iad a bhfuil airíonna suaite inchríneach iontu a bhfuil fianaise eolaíoch ann ina leith go bhfuil éifeachtaí ar dóigh dóibh a bheith tromchúiseach ar an gcomhshaol. Is cúis imní iad na substaintí sin a oiread céanna leis na substaintí eile a liostaítear in Airteagal 57, pointí (a) go (e), de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus, dá bhrí sin, comhlíonann siad na critéir maidir le cuimsiú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Rialachán sin, critéir a leagtar amach in Airteagal 57, pointe (f), den Rialachán sin.

(4)

An tsubstaint 10-eitil-4,4-dé-ochtail-7-ocsó-8-ocsá-3,5-déthia-4-stánáit-teitreadeacánóáit 2-eitilheicsile (DOTE), comhlíonann sí na critéir maidir le haicmiú mar shubstaint atá tocsaineach i leith an atáirgthe (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, comhlíonann sí na critéir maidir le cuimsiú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, critéir a leagtar amach in Airteagal 57, pointe (c) den Rialachán sin.

(5)

Mais imoibriúcháin de 10-eitil-4,4-dé-ochtail-7-ocsó-8-ocsá-3,5-déthia-4-stánáit-teitreadeacánóáit 2-eitilheicsile agus de 10-eitil-4-[[2-[(2-eitilheicsil)ocsa]-2-ocsó-eitil]tia]-4-ochtail-7-ocsó-8-ocsá-3,5-déthia-4-stánáit-teitreadeacánóáit 2-eitilheicsile (mais imoibriúcháin de DOTE agus MOTE), is substaintí iad a chomhlíonann na critéir maidir le haicmiú mar shubstaint atá tocsaineach i leith an atáirgthe (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, comhlíonann sí na critéir maidir le cuimsiú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, critéir a leagtar amach in Airteagal 57, pointe (c) den Rialachán sin.

(6)

Sainaithníodh na substaintí thuasluaite uile mar shubstaintí a chomhlíonann na critéir dá dtagraítear in Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus cuimsítear iad i liosta na n-iarrthóirí ar chuimsiú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Rialachán sin amach anseo. Ina theannta sin, thug an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) tús áite do chuimsiú na substaintí sin san Iarscríbhinn sin sa mholadh uaithi an 1 Deireadh Fómhair 2019 (3).

(7)

Rinne an Ghníomhaireacht comhairliúchán poiblí maidir leis an dréachtmholadh uaithi, comhairliúchán inar iarradh ar pháirtithe leasmhara barúlacha a thíolacadh. Ina theannta sin, fuair an Coimisiún aighneachtaí ó pháirtithe leasmhara mar fhreagra ar ghlaonna ar fhaisnéis i ndáil leis na tionchair eacnamaíocha, shóisialta, shláinte agus chomhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ann (costais agus sochair) dá gcuimseofaí in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 na substaintí arna moladh ag an nGníomhaireacht sa dréachtmholadh uaithi.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart na substaintí thuasluaite a chuimsiú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

(9)

I gcás na substaintí uile a ndéantar leis an Rialachán seo iad a chuimsiú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, ba cheart dáta a leagan síos óna dtoirmiscfear a gcur ar an margadh agus a n-úsáid ach amháin má thugtar údarú, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 58(1), pointe (c)(i), de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, agus cumas na Gníomhaireachta chun iarratais ar údarú a láimhseáil á chur san áireamh. I gcás na substaintí sin, níl aon chúis ann ar cheart an dáta dá dtagraítear in Airteagal 58(1), pointe (c)(ii) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a leagan síos níos luaithe ná 18 mí roimh an dáta dá dtagraítear in Airteagal 58(1), pointe (c)(i) den Rialachán sin.

(10)

In Airteagal 58(1), pointe (e) i gcomhar le hAirteagal 58(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, foráiltear go bhféadfaí díolúintí a thabhairt i leith úsáidí nó catagóirí úsáide i gcásanna ina bhforchuireann reachtaíocht shonrach de chuid an Aontais íoscheanglais maidir le sláinte an duine nó an comhshaol a chosaint, rud lena n-áirithítear rialú cuí ar na rioscaí. I gcomhréir leis an bhfaisnéis atá ar fáil, ní iomchuí díolúintí a leagan síos bunaithe ar na forálacha sin.

(11)

Le linn an chomhairliúcháin phoiblí a rinne an Ghníomhaireacht maidir lena dréachtmholadh, níor cuireadh aon bharúil shonrach isteach maidir le díolúintí a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh taighde agus forbairt atá dírithe ar tháirgí agus ar phróisis. Dá bhrí sin agus ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, ní iomchuí na díolúintí sin a leagan síos.

(12)

Toisc nach bhfuil ach faisnéis theoranta ar fáil maidir le húsáidí na substaintí a chuimsítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 maidir leis an Rialachán seo, ní iomchuí tréimhsí athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 58(1), pointe (d) den Rialachán sin a leagan síos ag an gcéim seo.

(13)

Comhlíonann na substaintí 2-meatocsa-eatánól (EGME) agus 2-eatocsa-eatánól (EGEE) na critéir maidir le haicmiú mar shubstaint atá tocsaineach i leith an atáirgthe (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, comhlíonann siad na critéir maidir le cuimsiú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, critéir a leagtar amach in Airteagal 57, pointe (c) den Rialachán sin. I gcomhréir le hIarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, tá srian ar an dá shubstaint a chur ar an margadh agus a úsáid leo féin, mar chomhábhair de chuid substaintí eile nó i meascáin atá le soláthar don phobal i gcoitinne. A mhéid a bhaineann le hoibrithe a chosaint, leagadh síos teorainnluachanna táscacha nochta ceirde i gcás na substaintí sin ar leibhéal an Aontais le Treoir 2009/161/AE ón gCoimisiún (4) de réir mar a fhoráiltear i dTreoir 98/24/CE ón gComhairle (5). Ós rud é nach bhfuil na luachanna sin ceangailteach, d’fhéadfadh sé go mbeadh éagsúlacht ann maidir le cur chun feidhme na Treorach sin ag na Ballstáit. Tá measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún féachaint céard é an cur chuige rialála is iomchuí maidir leis na substaintí sin. Dá bhrí sin, is iomchuí a gcuimsiú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a chur ar fionraí.

(14)

Na substaintí ainhidríd chioglaiheacsán-1,2-décarbocsaileach [1], ainhidríd chis-cioglaiheacsán-1,2-décarbocsaileach [2], ainhidríd tras-cioglaiheacsán-1,2-décarbocsaileach [3] (HHPA) agus ainhidríd heicsihidrimeitioltalach [1], ainhidríd heicsihidri-4-meitioltalach [2], ainhidríd heicsihidri-1-meitioltalach [3], ainhidríd heicsihidri-3-meitioltalach [4] (MHHPA), comhlíonann siad na critéir maidir le haicmiú mar íogróir riospráide (catagóir 1) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008. Tháinig an Ghníomhaireacht ar an gconclúid go bhfuil fianaise eolaíoch ann maidir le héifeachtaí ar shláinte an duine ar dóigh dóibh a bheith tromchúiseach, éifeachtaí as a n-eascraíonn a oiread céanna imní agus a eascraíonn as substaintí eile a liostaítear in Airteagal 57, pointí (a) go (e), de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus, dá bhrí sin, go gcomhlíonann na substaintí sin na critéir maidir le cuimsiú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Rialachán sin agus a leagtar amach in Airteagal 57, pointe (f), den Rialachán sin. De réir na faisnéise atá ar fáil, úsáidtear na substaintí sin ar láithreáin thionsclaíocha, áit a mbíonn nochtadh na n-oibrithe do na substaintí ar an bpríomhábhar imní agus nach mbíonn aon úsáid ghairmiúil ann agus nach mbíonn aon úsáid ar siúl ag tomhaltóirí. A mhéid a bhaineann le hoibrithe a chosaint, níl aon teorainnluach táscach nochta ceirde leagtha síos i gcás na substaintí sin ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le Treoir 98/24/CE, agus d’fhéadfadh sé a bheith deacair leibhéal sábháilte nochta a leagan síos maidir le híogróir riospráide. Tá measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún féachaint céard é an cur chuige rialála is iomchuí maidir leis na substaintí sin. Dá bhrí sin, is iomchuí cuimsiú na substaintí sin in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a chur ar fionraí.

(15)

An tsubstaint 1,6,7,8,9,14,15,16,17,17,18,18-dóideacaclóraipeantaiciogla[12.2.1.16,9.02,13.05,10]ochtaideaca-7,15-dé-éin (‘Dechlorane Plus’™) (rud a chumhdaíonn aon cheann dá fhrith-isiméirí nó dá shin-isiméirí aonair, nó aon chuingir de), is substaint an-mharthanach an-bhithcharnach í, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, agus dá bhrí sin, comhlíonann sí na critéir maidir le cuimsiú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Rialachán sin a leagtar amach in Airteagal 57, pointe (e), de. Ullmhaíodh sainchomhad a bhaineann le hIarscríbhinn XV chun úsáidí na substainte sin a shrianadh. Ina theannta sin, tá bearta déanta chun an tsubstaint sin a chuimsiú i gCoinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (6). A luaithe a bheidh substaint faoi réir an Choinbhinsiúin sin, déanfar monarú, cur ar an margadh agus úsáid na substainte sin a thoirmeasc, a chéimniú amach a luaithe is féidir nó a shrianadh ar leibhéal an Aontais le Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Substaintí ar toirmisceadh gach úsáid díobh le reachtaíocht eile de chuid an Aontais, ní féidir iad a liostú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Chun cur chuige rialála comhsheasmhach a áirithiú, ba cheart toradh na dtionscnamh sin a chur san áireamh sula ndéanfar cinneadh maidir le “Dechlorane Plus”™ a chuimsiú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Dá bhrí sin, is iomchuí cuimsiú na substainte sin in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a chur ar fionraí.

(16)

Na seacht gcomhdhúil luaidhe, dé-ocsóibis(stéarató)tríluaidhe; aigéid shailleacha, C16-18, salainn luaidhe; fosfónáit dé-ocsaíde tríluaidhe; aigéad sulfarúil, salann luaidhe, débhunata; [Talató(2-)]dé-ocsóthríluaidhe; comhlíonann déhiodrocsaíd bhis(carbónáit) tríluaidhe agus sulfáit ocsaíde luaidhe na critéir maidir le haicmiú mar shubstaint atá tocsaineach i leith an atáirgthe (catagóir 1A) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, comhlíonann siad na critéir maidir le cuimsiú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, critéir a leagtar amach in Airteagal 57, pointe (c) den Rialachán sin. Is i gclóiríd pholaivinile athchúrsáilte (PVC) a bhíonn na substaintí sin den chuid is mó agus ní féidir iad a bhaint leis an teicneolaíocht atá ann faoi láthair. Tá an Coimisiún ag obair ar Rialachán chun úsáid luaidhe agus a comhdhúile a thoirmeasc in earraí PVC agus chun srian a chur ar earraí PVC a bhfuil níos mó ná 0,1 % luaidhe iontu a chur ar an margadh, maille le beagán maoluithe. Ina theannta sin, teorainnluach táscach nochta ceirde an Aontais atá ceangailteach faoi láthair agus an teorainnluach bitheolaíoch atá ceangailteach faoi láthair maidir le comhdhúile luaidhe a leagadh síos faoi Threoir 98/24/CE, tá siad sin faoi athbhreithniú. Dá bhrí sin agus i bhfianaise an phlé leanúnaigh maidir le srian a chur ar úsáid luaidhe agus a cuid comhdhúl chomh maith le bearta níos déine a d’fhéadfaí a ghlacadh ag an láthair oibre, cinneadh maidir leis na substaintí sin a chuimsiú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, is iomchuí an cinneadh sin a chur ar fionraí.

(17)

Comhlíonann an tsubstaint iseapróipilidéindéfheanól (Bisfeanól A; BPA) na critéir maidir le haicmiú mar shubstaint atá tocsaineach i leith an atáirgthe (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008. Tá airíonna suaite inchríneach aige freisin a bhfuil fianaise eolaíoch ann ina leith go bhfuil éifeachtaí aige ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, éifeachtaí ar dóigh dóibh a bheith tromchúiseach. Is substaint é as a n-eascraíonn oiread céanna imní agus a eascraíonn as substaintí eile a liostaítear in Airteagal 57, pointí (a) go (e), de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Dá bhrí sin, comhlíonann sé na critéir maidir le cuimsiú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a leagtar amach in Airteagal 57, pointí (c) agus (f), den Rialachán sin. Tá sainchomhad a bhaineann le hIarscríbhinn XV á ullmhú chun srian a chur le húsáid Bisfeanól-A agus le húsáid na mbisfeanól a bhfuil baint struchtúrach acu leis agus lena mbaineann ábhair imní den chineál céanna maidir leis an gcomhshaol. Is é atá i gceist leis an srian sin úsáidí Bisfeanól-A a thiocfadh faoin gcóras údarúcháin a chumhdach. Dá bhrí sin, is iomchuí cuimsiú na substainte sin in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a chur ar fionraí. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a leasú dá réir sin.

(18)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 133 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(3)  https://echa.europa.eu/documents/10162/13640/9th_axiv_recommendation_October2019_en.pdf/d4d55dea-cc36-8f57-0d9f-33b8e64c4f07

(4)  Treoir 2009/161/AE ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2009 lena mbunaítear tríú liosta de theorainnluachanna táscacha nochta ceirde mar chuid de chur chun feidhme Threoir 98/24/CE ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2000/39/CE ón gCoimisiún (IO L 338, 19.12.2009, lch. 87).

(5)  Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ar an láthair oibre (an ceathrú Treoir déag aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 131, 5.5.1998, lch. 11).

(6)   IO L 209, 31.7.2006, lch. 3.

(7)  Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 169, 25.6.2019, lch. 45).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an tábla in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006:

Iontráil

Uimh.

Substaint

Airí/airíonna intreach/intreacha dá dtagraítear in Airteagal 57

Socruithe idirthréimhseacha

(Catagóirí) Úsáidí díolmhaithe

Tréimhsí athbhreithniúcháin

An dáta is déanaí le haghaidh iarratas(1)

An dáta deiridh(2)

“55.

Teitreitil-luaidhe

Uimh. CE: 201-075-4

Uimh. CAS: 78-00-2

Tocsaineach i leith an atáirgthe (catagóir 1A)

1 Samhain 2023

1 Bealtaine 2025

-

-

56.

Alcól 4,4’-bis(démheitiolaimín)-4"-(meitiolaimín)trítile (ag a bhfuil ≥ 0,1 % de chéatón Michler (Uimh. CE 202-027-5) nó de bhun Michler (Uimh. CE 202-959-2))

Uimh. CE: 209-218-2

Uimh. CAS: 561-41-1

Carcanaigineach (catagóir 1B)

1 Samhain 2023

1 Bealtaine 2025

-

-

57.

Táirgí imoibriúcháin de 1,3,4-tiadé-asóilidín-2,5-déthión, d’fhormaildéad agus de 4-heiptilfeanól, é brainseach agus líneach (RP-HP) (ina bhfuil ≥ 0,1 % w/w 4-heiptilfeanól, é brainseach agus líneach)

Uimh. CE: -

Uimh. CAS: -

Airíonna suaite inchríneach (Airteagal 57, pointe (f) - an comhshaol)

1 Samhain 2023

1 Bealtaine 2025

-

-

58.

10-eitil-4,4-dé-ochtail-7-ocsó-8-ocsá-3,5-déthia-4-stánáit-teitreadeacánóáit 2-eitilheicsile (DOTE)

Uimh. CE: 239-622-4

Uimh. CAS: 15571-58-1

Tocsaineach i leith an atáirgthe (catagóir 1B)

1 Samhain 2023

1 Bealtaine 2025

-

-

59.

Mais imoibriúcháin de 10-eitil-4,4-dé-ochtail-7-ocsó-8-ocsá-3,5-déthia-4-stánáit-teitreadeacánóáit 2-eitilheicsile agus de 10-eitil-4-[[2-[(2-eitilheicsil)ocsa]-2-ocsó-eitil]tia]-4-ochtail-7-ocsó-8-ocsá-3,5-déthia-4-stánáit-teitreadeacánóáit 2-eitilheicsile (mais imoibriúcháin de DOTE agus MOTE)

Uimh. CE: -

Uimh. CAS: -

Tocsaineach i leith an atáirgthe (catagóir 1B)

1 Samhain 2023

1 Bealtaine 2025

-

-”


Top