Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0375

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/375 ón gComhairle an 3 Márta 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin

    ST/6185/2022/INIT

    IO L 70, 4.3.2022, p. 1–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/375/oj

    4.3.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 70/1


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/375 ÓN gCOMHAIRLE

    an 3 Márta 2022

    lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 ón gComhairle an 5 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 5 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 208/2014.

    (2)

    Ar bhonn athbhreithniú a rinne an Chomhairle, ba cheart an fhaisnéis in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a bhaineann leis na cearta chun cosanta agus leis an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil a nuashonrú.

    (3)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Márta 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    G. DARMANIN


    (1)  IO L 66, 6.3.2014, lch. 1.


    IARSCRÍBHINN

    I Roinn B (“Cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil”) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 208/2014, cuirtear an méid seo thíos isteach ina hionad:

    “B.   Cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil

    Cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil faoi Chód na hÚcráine um Nós Imeachta Coiriúil

    Foráiltear le hAirteagal 42 de Chód na hÚcráine um Nós Imeachta Coiriúil (‘an Cód um Nós Imeachta Coiriúil’) go bhfuil cearta chun cosanta ag an uile dhuine atá faoi dhrochamhras nó a cúisíodh in imeachtaí coiriúla chomh maith leis an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Áirítear orthu sin: an ceart go n-inseofar do dhuine faoin gcion coiriúil a bhfuil amhras ina leith faoi nó a cuireadh ina leith; an ceart go n-inseofar, go sainráite agus gan mhoill, do dhuine faoi na cearta atá aige faoin gCód um Nós Imeachta Coiriúil; an ceart chun, arna iarraidh sin den chéad uair, dlíodóir cosanta a fháil; an ceart chun achainíocha a thíolacadh le haghaidh caingne nós imeachta; agus an ceart chun agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí, gníomhartha agus neamhghníomhartha an imscrúdaitheora, an ionchúisitheora phoiblí agus an bhreithimh imscrúdaithe.

    Déantar idirdhealú in Airteagal 303 de Chód um Nós Imeachta Coiriúil idir cinntí agus neamhghníomhartha ar féidir agóid a dhéanamh ina gcoinne le linn na n-imeachtaí réamhthrialach (an chéad mhír) agus cinntí, gníomhartha agus neamhghníomhartha is féidir a bhreithniú sa chúirt le linn imeachtaí ullmhúcháin (an dara mír). Foráiltear le hAirteagal 306 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil nach mór do bhreitheamh imscrúdaithe de chuid Cúirt áitiúil gearáin i gcoinne chinntí, ghníomhartha nó neamhghníomhartha an imscrúdaitheora nó an ionchúisitheora phoiblí a bhreithniú i láthair an ghearánaigh nó a dhlíodóra cosanta nó a ionadaí dlíthiúil. Foráiltear le hAirteagal 308 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil go bhféadfar gearáin i gcoinne imscrúdaitheora nó ionchúisitheoir poiblí maidir le mainneachtain tréimhse réasúnach ama a urramú le linn an imscrúdaithe réamhthrialach, go bhféadfar iad a thaisceadh le hionchúisitheoir poiblí uachtarach agus nach mór iad a bhreithniú laistigh de 3 lá ón uair a thaisctear iad. Lena chois sin, sonraítear in Airteagal 309 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil na cinntí ó bhreithiúna imscrúdaithe a bhféadfar agóid a dhéanamh ina gcoinne le hachomharc, agus sonraítear ann freisin go bhféadfadh cinntí eile a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach le linn imeachtaí ullmhúcháin sa Chúirt. Anuas air sin, ní féidir caingne áirithe imscrúdaitheacha nós imeachta a thabhairt ach amháin faoi réir rialú ón mbreitheamh imscrúdaithe nó ó Chúirt (e.g. maoin a urghabháil faoi Airteagail 167-175, agus bearta coinneála faoi Airteagail 176-178, den Chód um Nós Imeachta Coiriúil).

    Cur i bhfeidhm na gceart chun cosanta agus an chirt chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil i gcás gach duine de na daoine a liostaítear

    1.   Viktor Fedorovych Yanukovych

    Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

    Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag Viktor Yanukovych chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe le cinneadh Supreme Anti-Corruption Court (Cúirt Uachtarach Frith-Éillithe) na hÚcráine an 10 Lúnasa 2020 in imeacht choiriúil Uimh. 42016000000000785 inar scrúdaigh an Chúirt achainí National Anti-Corruption Bureau (Biúró Náisiúnta Frith-Éillithe) na hÚcráine agus inar thug sí cead Viktor Yanukovych a ghabháil. Sa rialú ón gCúirt sin, dhearbhaigh an breitheamh imscrúdaithe go bhfuil amhras réasúnach ann go raibh Viktor Yanukovych rannpháirteach i gcion coiriúil a bhaineann le míleithreasú, agus dearbhaíodh freisin stádas Viktor Yanukovych sna himeachtaí coiriúla mar dhuine atá faoi amhras.

    Shuigh an Supreme Anti-Corruption Court (Cúirt Uachtarach Frith-Éillithe) freisin go bhfuil Viktor Yanukovych ag fanacht lasmuigh den Úcráin ó 2014 i leith. Chinn an Chúirt gurbh ann d’fhorais leordhóthanacha lena chreidiúint go raibh Viktor Yanukovych á cheilt féin ar na comhlachtaí imscrúdaithe réamhthrialacha.

    Ina theannta sin, an 15 Meán Fómhair 2021, lean Supreme Anti-Corruption Court (Cúirt Uachtarach Frith-Éillithe na hÚcráine) an rún ó National Anti-Corruption Bureau (Biúró Náisiúnta Frith-Éillithe) na hÚcráine agus dheonaigh sí cead Viktor Yanukovych a choinneáil. Leis an gcinneadh sin, dhearbhaigh an breitheamh imscrúdaithe conclúidí Supreme Anti-Corruption Court (Cúirt Uachtarach Frith-Éillithe) na hÚcráine an 10 Lúnasa 2020.

    In imeacht choiriúil Uimh. 42015000000002833, sa rialú uaithi an 25 Lúnasa 2021, thug Supreme Anti-Corruption Court (Cúirt Uachtarach Frith-Éillithe) na hÚcráine cead imscrúdú speisialta réamhthrialach a dhéanamh i ndáil le Viktor Yanukovych. Sa rialú sin, dhearbhaigh an breitheamh imscrúdaithe stádas Viktor Yanukovych mar dhuine atá faoi amhras agus tháinig an breitheamh ar an gconclúid go dtugann an fhianaise forais amhrais réasúnacha go ndearna Viktor Yanukovych na cionta coiriúla a bhfuil amhras air ina dtaobh. Chinn an breitheamh freisin go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go bhfuil an t-imscrúdú agus an chúirt á seachaint d’aon ghnó ag Viktor Yanukovych chun dliteanas coiriúil a sheachaint. Ina theannta sin, sa rialú uaithi an 7 Deireadh Fómhair 2021, d’fhorchuir Supreme Anti-Corruption Court (Cúirt Uachtarach Frith-Éillithe) na hÚcráine beart coisctheach coinneála faoi choimeád ar Viktor Yanukovych. Sa rialú sin, dhearbhaigh an Chúirt stádas Viktor Yanukovych mar dhuine atá faoi amhras agus dearbhaíodh freisin go raibh forais amhrais réasúnacha ann go ndearna Viktor Yanukovych cionta coiriúla. Chuir an breitheamh chun suntais freisin go bhfuil baol ann go ndéanfaidh Viktor Yanukovych é féin a cheilt ar an imscrúdú agus ar an gcúirt chun dliteanas coiriúil a sheachaint.

    Tá faisnéis ag an gComhairle gur mheas an t-ionchúisitheoir, an 29 Nollaig 2021, gur leor an fhianaise a bailíodh le linn an imscrúdaithe réamhthrialach chun díotáil a tharraingt suas agus cuireadh Viktor Yanukovych agus a dhlíodóirí ar an eolas maidir le tabhairt chun críche an imscrúdaithe réamhthrialach. Tugadh rochtain don chosaint ar ábhair an imscrúdaithe réamhthrialach chun taithíochta, i gcomhréir le forálacha Chód na hÚcráine um Nós Imeachta Coiriúil.

    I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí, ar lena linn a bhfuil imscrúdú á sheachaint ag Viktor Yanukovych, a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear sa chinneadh ón Supreme Anti-Corruption Court (Cúirt Uachtarach Frith-Éillithe) agus a chuirtear i leith Viktor Yanukovych.

    2.   Vitalii Yuriyovych Zakharchenko

    Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

    Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag Vitalii Zakharchenko chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear é sin go háirithe le cinntí an bhreithimh imscrúdaithe an 19 Aibreán 2021 lena n-ordaítear Vitalii Zakharchenko a choinneáil faoi choimeád, chomh maith le rialú an Pecherskyi District Court (Cúirt Dúiche Pecherskyi) i gCív an 10 Lúnasa 2021, lenar dtugtar cead imscrúdú speisialta réamhthrialach a dhéanamh in imeacht coiriúil Uimh. 42016000000002929. Leis na cinntí sin ó na breithiúna imscrúdaithe dearbhaítear stádas Vitalii Zakharchenko mar dhuine faoi amhras agus cuirtear chun suntais go bhfuil an duine faoi amhras sin á cheilt féin ar an imscrúdú chun dliteanas coiriúil a sheachaint.

    Thairis sin, tá faisnéis ag an gComhairle go ndearna údaráis na hÚcráine bearta chun Vitalii Zakharchenko a chuardach. An 12 Feabhra 2020, chinn an comhlacht imscrúdaithe Vitalii Zakharchenko a chur ar liosta idirnáisiúnta na ndaoine a bhfuiltear sa tóir orthu agus chuir sé an iarraidh ar aghaidh chuig Department of International Police Cooperation of the National Police (an Roinn um Chomhar Idirnáisiúnta Póilíneachta Phóilíní Náisiúnta) na hÚcráine le haghaidh iontráil i mbunachar sonraí Interpol. Ina theannta sin, an 11 Bealtaine 2021, sheol an Úcráin iarraidh ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta chuig Cónaidhm na Rúise chun a fháil amach cá raibh Vitalii Zakharchenko, iarraidh dár dhiúltaigh an Rúis an 31 Lúnasa 2021.

    Ní féidir a fháil amach go ndéantar aon sárú ar na cearta chun cosanta ná ar an gceart chun cosaint éifeachtach bhreithiúnach a fháil i gcás nach bhfeidhmíonn an chosaint na cearta sin.

    I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag Vitalii Zakharchenko an t-imscrúdú a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear thuas agus a chuirtear i leith Vitalii Zakharchenko.

    3.   Viktor Pavlovych Pshonka

    Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

    Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag Viktor Pshonka chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe leis an gcinneadh ó Supreme Anti-Corruption Court of Ukraine (Cúirt Uachtarach Frith-Éillithe na hÚcráine) an 2 Deireadh Fómhair 2020, a dhíbh an t-achomharc a thíolaic dlíodóirí Viktor Pshonka chun an fógra amhrais dar dáta an 22 Nollaig 2014 a chur ar ceal. Chinn an Chúirt gur seirbheáladh an fógra amhrais i gcomhréir le Cód na hÚcráine um Nós Imeachta Coiriúil agus dhearbhaigh sí stádas Viktor Pshonka mar dhuine faoi amhras sna himeachtaí coiriúla. Anuas air sin, an 7 Bealtaine 2020 agus an 9 Samhain 2020, dhiúltaigh Supreme Anti-Corruption Court of Ukraine (Cúirt Uachtarach Frith-Éillithe na hÚcráine) iarraidh chun imeachtaí a thionscnamh a rinneadh ar bhonn gearán dlíodóirí maidir le neamhghníomhaíocht an National Anti-Corruption Bureau of Ukraine (Biúró Náisiúnta Frith-Éillithe na hÚcráine) sna himeachtaí coiriúla. Dhearbhaigh Appellate Chamber of the Supreme Anti-Corruption Court (Dlísheomra Achomhairc na Cúirte Uachtaraí Frith-Éillithe) na cinntí sin an 1 Meitheamh 2020 agus an 26 Samhain 2020, faoi seach.

    Ina theannta sin, an 16 Feabhra 2021, dhíbh an Supreme Anti-Corruption Court of Ukraine (Cúirt Uachtarach Frith-Éillithe na hÚcráine) achomharc na ndlíodóirí chun rún an National Anti-Corruption Bureau of Ukraine (Biúró Náisiúnta Frith-Éillithe na hÚcráine) an t-imscrúdú réamhthrialach a chur ar fionraí dar dáta an 14 Eanáir 2021, a chur ar ceal. Sa chinneadh sin, dhearbhaigh an Chúirt stádas Viktor Pshonka mar dhuine faoi amhras. Ina theannta sin, an 11 Marta 2021, dhíbh Supreme Anti-Corruption Court of Ukraine (Cúirt Uachtarach Frith-Éillithe na hÚcráine) gearán dhlíodóirí Viktor Pshonka i dtaobh neamhghníomh an ionchúisitheora.

    Tá faisnéis ag an gComhairle go ndearna údaráis na hÚcráine bearta chun Viktor Pshonka a chuardach. An 24 Iúil 2020, seoladh iarraidh ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta chuig údaráis inniúla Chónaidhm na Rúise chun a fháil amach cá raibh Viktor Pshonka agus chun é a dhiancheistiú. Dhiúltaigh an Rúis don iarraidh sin. Roimhe sin, dhiúltaigh údaráis na Rúise d’iarrataí ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta a cuireadh chucu in 2016 agus in 2018.

    I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí, ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag Viktor Pshonka, a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear sa chinneadh ón Supreme Anti-Corruption Court (Cúirt Uachtarach Frith-Éillithe) agus a chuirtear i leith Viktor Pshonka agus, roimhe sin, de bharr neamh-fhorghníomhú na n-iarrataí ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta.

    6.   Viktor Ivanovych Ratushniak

    Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

    Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag Viktor Ratushniak chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear é sin go háirithe le cinntí an bhreithimh imscrúdaithe an 19 Aibreán 2021 lena n-ordaítear Viktor Ratushniak a choinneáil faoi choimeád chomh maith le rialú an Pecherskyi District Court of Kyiv (Cúirt Dúiche Pecherskyi i gCív) an 10 Lúnasa 2021, lenar dtugtar cead imscrúdú speisialta réamhthrialach a dhéanamh in imeacht coiriúil Uimh. 42016000000002929. Leis na cinntí sin ó na breithiúna imscrúdaithe dearbhaítear stádas Viktor Ratushniak mar dhuine faoi amhras agus cuirtear chun suntais go bhfuil an duine faoi amhras sin ar á cheilt féin ón imscrúdú chun dliteanas coiriúil a sheachaint.

    Tá faisnéis ag an gComhairle go ndearna údaráis na hÚcráine bearta chun Viktor Ratushniak a chuardach. An 12 Feabhra 2020, chinn an comhlacht imscrúdaithe Viktor Ratushniak a chur ar liosta idirnáisiúnta na ndaoine a bhfuiltear sa tóir orthu agus chuir sé an iarraidh ar aghaidh chuig an Department of International Police Cooperation of the National Police of Ukraine (an Roinn um Chomhar Idirnáisiúnta Póilíneachta Phóilíní Náisiúnta na hÚcráine) le haghaidh iontráil i mbunachar sonraí Interpol. Ina theannta sin, an 11 Bealtaine 2021, sheol an Úcráin iarraidh ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta chuig Cónaidhm na Rúise chun a fháil amach cá raibh Viktor Ratushniak, iarraidh dár dhiúltaigh an Rúis an 31 Lúnasa 2021.

    Ní féidir a fháil amach go ndéantar aon sárú ar na cearta chun cosanta ná ar an gceart chun cosaint éifeachtach bhreithiúnach a fháil i gcás nach bhfeidhmíonn an chosaint na cearta sin.

    I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag Ratushniak a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear thuas agus a chuirtear i leith Viktor Ratushniak.

    7.   Oleksandr Viktorovych Yanukovych

    Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

    Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag Oleksandr Yanukovych chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe le cinntí an Supreme Anti-Corruption Court of Ukraine (Cúirt Uachtarach Frith-Éillithe na hÚcráine). In imeacht choiriúil Uimh. 42015000000002833, sa rialú uaithi an 25 Lúnasa 2021, thug Supreme Anti-Corruption Court of Ukraine (Cúirt Uachtarach Frith-Éillithe na hÚcráine) cead imscrúdú speisialta réamhthrialach a dhéanamh i ndáil le Oleksandr Yanukovych. Sa rialú sin, dhearbhaigh an breitheamh imscrúdaithe stádas Oleksandr Yanukovych mar dhuine atá faoi amhras agus dearbhaíodh freisin go raibh forais amhrais réasúnacha ann go ndearna Oleksandr Yanukovych na cionta coiriúla a bhfuil amhras air ina dtaobh. Chinn an breitheamh freisin go bhfuil foras réasúnach ann chun a chreidiúint go bhfuil Oleksandr Yanukovych ag seachaint an imscrúdaithe agus na cúirte d’aon ghnó chun dliteanas coiriúil a sheachaint.

    Ina theannta sin, sa rialú uaithi an 13 Deireadh Fómhair 2021, d’fhorchuir Supreme Anti-Corruption Court of Ukraine (Cúirt Uachtarach Frith-Éillithe na hÚcráine) beart coisctheach coinneála faoi choimeád ar Oleksandr Yanukovych. Sa rialú sin, dhearbhaigh an Chúirt stádas Oleksandr Yanukovych mar dhuine atá faoi amhras agus dearbhaíodh freisin go raibh forais amhrais réasúnacha ann go ndearna Oleksandr Yanukovych cionta coiriúla. Chuir an breitheamh chun suntais freisin go bhfuil baol ann go ndéanfaidh an cosantóir é féin a cheilt ón imscrúdú agus ón gcúirt chun dliteanas coiriúil a sheachaint.

    Tá faisnéis ag an gComhairle gur mheas an t-ionchúisitheoir, an 29 Nollaig 2021, gur leor an fhianaise a bailíodh le linn an imscrúdaithe réamhthrialach chun díotáil a dhéanamh ar agus cuireadh Oleksandr Yanukovych agus a dhlíodóirí ar an eolas maidir le tabhairt chun críche an imscrúdaithe réamhthrialach. Tugadh rochtain don chosaint ar ábhair an imscrúdaithe réamhthrialach ar mhaithe le taithíocht, i gcomhréir le forálacha Chód na hÚcráine um Nós Imeachta Coiriúil.

    Tá faisnéis ag an gComhairle go ndearna údaráis na hÚcráine bearta chun Oleksandr Yanukovych, atá ag fanacht i gCónaidhm na Rúise agus ag éalú ón imscrúdú, a chuardach.

    I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag Oleksandr Yanukovych a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear thuas agus a chuirtear i leith Oleksandr Yanukovych.

    9.   Artem Viktorovych Pshonka

    Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

    Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag Artem Pshonka chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe le cinneadh Supreme Anti Corruption Court of Ukraine (Cúirt Uachtarach Frith-Éillithe na hÚcráine) na hÚcráine an 8 Iúil 2020, a dhíbh an t-achomharc a thíolaic dlíodóirí Artem Pshonka chun rún an ionchúisitheora dar dáta an 30 Aibreán 2015, an t-imscrúdú réamhthrialach a chur ar fionraí, a chur ar ceal. Chinn an Chúirt freisin gur seirbheáladh an fógra amhrais i gcomhréir le Cód na hÚcráine um Nós Imeachta Coiriúil agus dhearbhaigh sí stádas Artem Pshonka mar dhuine faoi amhras sna himeachtaí coiriúla.

    Thairis sin, an 10 Feabhra 2021, dhíbh Supreme Anti-Corruption Court of Ukraine (Cúirt Uachtarach Frith-Éillithe na hÚcráine) achomharc na ndlíodóirí chun rún an National Anti-Corruption Bureau (Biúró Náisiúnta Frith-Éillithe na hÚcráine) an 14 Eanáir 2021, an t-imscrúdú réamhthrialach a chur ar fionraí, a chur ar ceal. Sa chinneadh sin, dhearbhaigh an Chúirt stádas Artem Pshonka mar dhuine faoi amhras sna himeachtaí coiriúla. Ina theannta sin, an 11 Marta 2021, dhíbh Supreme Anti-Corruption Court of Ukraine (Cúirt Uachtarach Frith-Éillithe na hÚcráine) gearán dhlíodóirí Artem Pshonka i dtaobh neamhghníomh an ionchúisitheora.

    Tá faisnéis ag an gComhairle go ndearna údaráis na hÚcráine bearta chun Artem Pshonka a chuardach. An 24 Iúil 2020, seoladh iarraidh ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta chuig údaráis inniúla Chónaidhm na Rúise chun áit an duine atá faoi amhras a fháil amach agus chun é a dhiancheistiú. Dhiúltaigh an Rúis don iarraidh sin. Roimhe sin, dhiúltaigh údaráis na Rúise don iarraidh ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta a cuireadh chucu in 2018.

    I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí, ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag Artem Pshonka, a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear sa chinneadh ó Supreme Anti-Corruption Court of Ukraine (Cúirt Uachtarach Frith-Éillithe na hÚcráine) agus a chuirtear i leith Artem Pshonka agus, roimhe sin, de bharr neamh-fhorghníomhú na hiarrata ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta.

    12.   Serhiy Vitalyovych Kurchenko

    Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós.

    Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag Serhiy Kurchenko chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear sin go háirithe leis an bhfíoras gur tugadh fógra don chosaint gur tugadh chun críche an t-imscrúdú réamhthrialach i dtaobh imeacht coiriúil Uimh. 42016000000003393 an 28 Márta 2019 agus gur tugadh rochtain ar na hábhair di ar mhaithe le taithíocht. Tá faisnéis ag an gComhairle go bhfuil taithíocht na cosanta ar bun i gcónaí. Anuas air sin, an 11 Deireadh Fómhair 2021, chuir an National Anti-Corruption Bureau of Ukraine (Biúró Náisiúnta Frith-Éillithe na hÚcráine) dlíodóirí cosanta Serhiy Kurchenko ar an eolas faoi thabhairt chun críche an imscrúdaithe réamhthrialach agus faoin rochtain ar ábhair an imscrúdaithe réamhthrialach a tugadh ar mhaithe le taithíocht. Fuair an Chomhairle faisnéis gur chuir National Anti-Corruption Bureau of Ukraine (Biúró Náisiúnta Frith-Éillithe na hÚcráine) foriarratas isteach ar théarma a leagan síos don athbhreithniú ag an bpáirtí cosanta chun aghaidh a thabhairt ar an moill a bhí ar an bpáirtí cosanta athbhreithniú a dhéanamh ar ábhair an imscrúdaithe réamhthrialach.

    Maidir le himeacht coiriúil Uimh. 12014160020000076, sa chinneadh uaithi an 18 Meán Fómhair 2020, cheadaigh Cúirt Achomhairc Odessa achomharc an ionchúisitheora agus d’fhorchuir sí beart coisctheach coinneála faoi choimeád ar Serhiy Kurchenko. Dúirt an Chúirt freisin gur fhág Serhiy Kurchenko an Úcráin in 2014 agus nach eol cá bhfuil sé. Chinn an Chúirt go bhfuil Serhiy Kurchenko á cheilt féin ó na comhlachtaí imscrúdaithe réamhthrialach chun dliteanas coiriúil a sheachaint. An 20 Nollaig 2021, thug Kyivskyi District Court of Odesa City (Cúirt Dúiche Kyivskyi, Odesa City), cead chun imscrúdú speisialta réamhthrialach a dhéanamh in absentia. Thairis sin, an 20 Deireadh Fómhair 2021, dhíbh an Kyivskyi District Court of Odesa City (Cúirt Dúiche Kyivskyi, Odesa City) achomharc na ndlíodóirí chun rún an ionchúisitheora an 27 Iúil 2021, an t-imscrúdú réamhthrialach a chur ar fionraí, a chur ar ceal.

    Tá faisnéis ag an gComhairle go ndearna údaráis na hÚcráine bearta chun Serhiy Kurchenko a chuardach. An 13 Bealtaine 2021, chuir an Main Department of the National Police in Odessa Region (Príomh-Roinn na bPóilíní Náisiúnta i Réigiún Odessa) an iarraidh ar aghaidh chuig Ukrainian Bureau of Interpol (Biúró Interpol na hÚcráine) agus chuig Europol le Fógra Dearg a fhoilsiú i leith Serhiy Kurchenko, atá faoi bhreithniú. Cuireadh in iúl don Chomhairle an 29 Aibreán 2020 gur chuir údaráis na hÚcráine iarraidh ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta chuig Cónaidhm na Rúise, a cuireadh ar ais an 28 Iúil 2020 gan forghníomhú.

    I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag Serhiy Kurchenko a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear sa chinneadh ó Chúirt Achomhairc Odessa agus a chuirtear i leith Serhiy Kurchenko agus de bharr neamh-fhorghníomhú na hiarrata ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta.”.


    Top