Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1966

Cinneadh (CBES) 2022/1966 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2013/34/CBES maidir le misean míleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le hoiliúint Fhórsaí Armtha Mhailí (EUTM Mali)

ST/12488/2022/INIT

IO L 270, 18.10.2022, p. 82–83 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1966/oj

18.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 270/82


CINNEADH (CBES) 2022/1966 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear Cinneadh 2013/34/CBES maidir le misean míleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le hoiliúint Fhórsaí Armtha Mhailí (EUTM Mali)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Eanáir 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/34/CBES (1) maidir le misean míleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le hoiliúint Fhórsaí Armtha Mhailí (EUTM Mali).

(2)

An 23 Márta 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/434 (2) lena ndéantar oiriúnú ar shainordú EUTM Mali agus lena gcuirtear síneadh leis go dtí an 18 Bealtaine 2024.

(3)

Molann Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, sa Rún 2640 (2022) uaithi, inter alia, don Aontas Eorpach, go háirithe a Ionadaí Speisialta don tSaiheil agus dá mhisin EUTM Mali agus EUCAP Sahel Mali, laistigh dá sainorduithe faoi seach, leanúint dá chuid iarrachtaí tacú le húdaráis Mhailí in Athchóiriú na hEarnála Slándála agus le húdarás agus láithreacht an Stáit a athbhunú ar fud chríoch Mhailí.

(4)

Tar éis an Athbhreithnithe Straitéisigh Chuimsithigh ar EUTM Mali agus EUCAP Sahel Mali, mhol an Coiste Polaitiúil agus Slándála go ndéanfaí sainordú EUTM Mali, a leanfaidh ar aghaidh go dtí an 18 Bealtaine 2024, a oiriúnú don staid pholaitiúil agus slándála i Mailí.

(5)

Ba cheart Cinneadh 2013/34/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Airteagal 1 de Chinneadh 2013/34/CBES leis seo mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Chun críche an chuspóra dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2, cuirfidh EUTM Mali comhairle mhíleata agus oideachas míleata ar fáil do MAF, mura gcinneann chinneann an Coiste Polaitiúil agus Slándála na gníomhaíochtaí sin a chur ar fionraí. Ina theannta sin, má chinneann an Coiste Polaitiúil agus Slándála go bhfuil na coinníollacha á gcomhlíonadh, cuirfidh EUTM Mali comhairle agus oiliúint mhíleata ar fáil do MAF, lena n-áirítear oiliúint réamh-imscartha, agus meantóireacht, trí thionlacan neamhfheidhmiúcháin suas go dtí an leibhéal oirbheartaíochta, ionas go mbeidh EUTM Mali in ann obair leantach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí MAF agus chun faireachán a dhéanamh ar a fheidhmíocht agus ar a iompar, lena n-áirítear i ndáil leis an urraim do chearta an duine agus don dlí daonnúil idirnáisiúnta.”;

(2)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“7.   Leanfaidh EUTM Mali de ghníomhaíochtaí dírithe sa Nígir agus i mBuircíne Fasó ó Mhailí faoin sainordú atá ann cheana, leis na hacmhainní agus leis na cumais atá ar fáil, agus aird iomlán á tabhairt ar an gcomhthéacs polaitiúil agus ar na riachtanais a chuireann na húdaráis in iúl, go dtí go mbunófar réitigh thiomnaithe chun leanúnachas agus buaine na n-oibríochtaí a áirithiú.

8.   Tacóidh EUTM Mali leis na hiarrachtaí cumarsáide straitéisí chun luachanna an Aontais a chothú, gníomhaíocht an Aontais a chur chun cinn agus sáruithe agus mí-úsáidí ar chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta ag fórsaí eachtracha i Mailí a nochtadh.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 17 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 2013/34/CBES ón gComhairle an 17 Eanáir 2013 maidir le misean míleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun cur le hoiliúint Fhórsaí Armtha Mhailí (EUTM Mali) (IO L 14, 18.1.2013, lch. 19).

(2)  Cinneadh (CBES) 2020/434 ón gComhairle an 23 Márta 2020 lena leasaítear Cinneadh 2013/34/CBES ón gComhairle an 17 Eanáir 2013 maidir le misean míleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun cur le hoiliúint Fhórsaí Armtha Mhailí (EUTM Mali) (IO L 89, 24.3.2020, lch. 1).


Top