Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1768

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1768 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2021 lena leasaítear, chun críoch a n-oiriúnaithe don dul chun cinn teicniúil, Iarscríbhinní I, II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/4250

    IO L 356, 8.10.2021, p. 8–23 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1768/oj

    8.10.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 356/8


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1768 ÓN gCOIMISIÚN

    an 23 Meitheamh 2021

    lena leasaítear, chun críoch a n-oiriúnaithe don dul chun cinn teicniúil, Iarscríbhinní I, II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 (1), agus go háirithe Airteagal 42(1) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Táirge leasacháin a bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 le haghaidh chatagóir feidhme ábhartha an táirge (“PFC”) agus le haghaidh na catagóire ábhartha d’ábhar comhpháirteach (“CMC”) faoi seach comhlíonta aige, is i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin a lipéadaítear é, agus dá réir sin tá an nós imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar síos in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 comhlíonta aige freisin, agus féadfar marcáil comhréireachta CE (“marcáil CE”) a chur air ansin agus féadfaidh sé gluaiseacht gan bhac sa mhargadh inmheánach ina tháirge leasacháin AE.

    (2)

    Le Rialachán (AE) 2019/1009 cumhachtaítear don Choimisiún Iarscríbhinní I (i bpáirt), II, III agus IV a ghabhann leis a leasú.

    (3)

    Le linn dóibh a bheith ag ullmhú don aistriú chuig rialacha nua maidir le comhchuibhiú, chuir na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara araon an Coimisiún ar an eolas faoin ngá atá le roinnt de na forálacha teicniúla sna hiarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 a oiriúnú. Tá gá le roinnt de na leasuithe sin chun comhsheasmhacht le reachtaíocht eile de chuid an Aontais a fheabhsú, rud a d’éascódh an rochtain ar an margadh inmheánach agus saorghluaiseacht táirgí leasacháin atá sábháilte agus éifeachtúil ó thaobh na hagranamaíochta de. Tá gá le leasuithe áirithe chun an t-ardleibhéal cosanta is aidhm don Rialachán (AE) 2019/1009 a áirithiú, agus ar an gcaoi sin a áirithiú nach mbeidh táirgí leasacháin AE a chuirfear ar an margadh inmheánach de bhua an Rialacháin sin ina riosca don tsláinte, don tsábháilteacht ná don chomhshaol. Tá gá le leasuithe eile chun cásanna a sheachaint ina ndéanfaí catagóirí suntasacha de tháirgí leasacháin a eisiamh ó na rialacha maidir le comhchuibhiú. Urramófar leis na leasuithe sin an rochtain ar an margadh inmheánach i gcás táirgí leasacháin atá éifeachtúil ó thaobh na hagranamaíochta de, iad sábháilte agus iad á dtrádáil go forleathan ar an margadh cheana féin.

    (4)

    Rialacha maidir le táirgí leasacháin AE ina bhfuil substaint ar leagadh síos uas-teorainnluachanna iarmhar le haghaidh bia agus beatha ina leith i gcomhréir le Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle (2), i Rialacháin (CE) Uimh. 396/2005 (3) agus (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), nó i dTreoir 2002/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), is i Rialachán (AE) 2019/1009 a leagtar síos na rialacha sin. Tá d’oibleagáid ar an monaróir treoracha úsáide a chur ar fáil chun a áirithiú nach sárófar na huas-teorainnluachanna le haghaidh bia agus beatha i ngeall ar an úsáid atá beartaithe don táirge leasacháin AE. Ina theannta sin, ní mór don mhonaróir na torthaí ó na ríomhanna lena gcruthófar go gcomhlíonfar na ceanglais sin a áireamh sa doiciméadacht theicniúil. A bhuí leis an bplé maidir le conas an oibleagáid sin a chur i bhfeidhm, is léir nach féidir le monaróirí an oibleagáid sin a chomhlíonadh, agus ar an gcaoi sin gur dodhéanta do tháirgí leasacháin atá éifeachtúil ó thaobh na hagranamaíochta de, iad sábháilte agus iad á dtrádáil go forleathan cheana féin, an measúnú comhréireachta a phasáil agus rochtain a fháil ar an margadh inmheánach faoi Rialachán (AE) 2019/1009. Dá bhrí sin, ba cheart oibleagáidí atá níos comhréirí agus níos infheidhmithe ar dhá bhealach a chur in ionad na n-oibleagáidí sin.

    (5)

    Ar an gcéad dul síos, féadfar sárú ar na huasteorainneacha nó na huasleibhéil sin i mbarra a sheachaint ach an fhaisnéis cheart a sholáthar don úsáideoir deiridh atá luaite ar an lipéad. Dá réir sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/1009 a leasú chun oibleagáid a chur ar an monaróir an t-úsáideoir deiridh a chur ar an eolas gach uair a bheidh ábhar comhpháirteach sa táirge leasacháin AE, ábhar a sháróidh na huasteorainneacha nó na huasleibhéil a leagtar amach i Rialacháin (CE) Uimh. 470/2009 nó (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir le Rialachán (CEE) Uimh. 315/93, nó i dTreoir 2002/32/CE má chuirtear ar an margadh mar bhia nó mar bheatha é. Thairis sin, chun ardleibhéal cosanta shláinte an duine a áirithiú i ndáil le breiseáin bheathaithe, mar aon le sláinte ainmhithe agus an comhshaol, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a chur leis an liosta thuas. Ar an dóigh sin, beidh an t-úsáideoir deiridh in ann na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú go comhlíonfaidh an barr na rialacha maidir le bia agus beatha.

    (6)

    Ar an dara dul síos, tá ga le bearta breise maidir le roinnt substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus atá cumhdaithe cheana le Rialachán (CE) Uimh. 470/2009. Ba cheart cur chuige eile a úsáid de réir más substaint cheadaithe í a liostaítear i dTábla 1 san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún (7) agus a bhféadfaí gur leagadh síos uasleibhéil iarmhar ina leith, nó más substaint neamhcheadaithe í a bhfuil pointe tagartha le haghaidh gníomhaíochta leagtha síos i Rialachán (AE) 2019/1871 ón gCoimisiún (8) ina leith. Ní fhéadfaidh iarmhair substainte ceadaithe a bheith ann i dtáirge leasacháin AE ach amháin má liostaítear í i dTábla 1 san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010. Mar sin féin, substaint neamhcheadaithe atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de atá níos guaisí do shláinte an tomhaltóra agus é i mbia-ábhar, níor cheart í sin a bheith le fáil os cionn a pointe tagartha le haghaidh gníomhaíochta i dtáirge leasacháin AE ach oiread.

    (7)

    Substaintí gníomhacha de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), féadfaidh siad a bheith ann freisin i dtáirgí leasacháin AE. Ós rud é nach gcumhdaítear táirgí cosanta plandaí i Rialachán (AE) 2019/1009, ba cheart é a bheith soiléir i dtéacs an Rialacháin sin gur cheart nach mbeadh feidhm cosanta plandaí, de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ag táirge leasacháin AE ina bhfuil substaint ghníomhach. Tá gá leis an soiléiriú sin chun comhsheasmhacht le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a áirithiú, rud a éascóidh cur chun feidhme na rialacha comhchuibhithe, cur chun feidhme a dhéanfaidh oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis náisiúnta araon, rud a éascóidh freisin rochtain ar an margadh inmheánach ar bhonn Rialachán (AE) 2019/1009.

    (8)

    Tá liosta uileghabhálach i Rialachán (AE) 2019/1009 de thíopeolaíochtaí le haghaidh leasachán neamhorgánach micreachothaitheach aonábhair mar aon le tuairiscí comhfhreagracha orthu agus an t-íoschion micreachothaitheach atá ag dul dóibh. I gcás leasachán micreachothaitheach salainn, is micreachothaitheach uiscethuaslagtha atá in 10 % den leasachán de réir maise. Mar sin féin, is ar shalainn charbónáite nó fosfáite ina bhfuil micreachothaithigh neamh-uiscethuaslagtha atá na leasacháin bunaithe. Ní dhéanann sé sin difear dá bhfeidhmíocht mar leasacháin ná d’iontógáil na micreachothaitheach sa bharr. Ba cheart fáil réidh leis an mbail uiscethuaslagtha ar mhaithe le rochtain ar an margadh inmheánach a cheadú do leasacháin micreachothaitheach salainn den sórt sin. I gcás crágaigh UVCB (10), ní liostaítear ach crágaigh iarainn. Mar sin féin, d’fhéadfadh na micreachothaithigh eile a bheith ina gcrágaigh UVCB freisin, agus d’fhéadfadh na plandaí na micreachothaithigh a shú astu go mall. Is rud iad na leasacháin mhallghníomhacha atá úsáideach le truailliú na hithreach le cothaithigh a chosc, trí scaoileadh leis na micreachothaithigh go mall, agus le cur leis an bhféidearthacht dá réir sin go ndéanfaidh na plandaí iad a ionsú. Dá bhrí sin, is iomchuí táirgí nideoige den sórt sin a áireamh faoi raon feidhme na rialacha maidir le comhchuibhiú agus saorghluaiseacht na dtáirgí sin ar an margadh inmheánach a chur chun cinn.

    (9)

    I Rialachán (AE) 2019/1009 leagtar síos teorainnluachanna le haghaidh éilleán, lena n-áirítear nicil, i meán fáis, rud is táirge leasacháin AE ann seachas ithir in situ, arb é is feidhm leis go bhfásfaidh plandaí nó beacáin istigh ann. Is i Rialachán (AE) 2019/1009 a leagtar síos rialacha maidir le comhchuibhiú le haghaidh an chineáil sin táirge leasacháin. Tá cineálacha éagsúla meán fáis le fáil ar an margadh cheana, é sin bunaithe ar rialacha náisiúnta agus a bhfuil tréithe an-éagsúil acu, rudaí a d’fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí ar tháirgí leasacháin AE. Mar sin féin, teorainnluach na nicile a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/1009 le haghaidh gach cineáil meán fáis, cruthaíonn sé sin deacrachtaí do roinnt meán fáis nach bhfuil iontu ach comhpháirteanna de thionscnamh mianraí. Na táirgí sin, is táirgí nideoige iad a chomhlíonann prionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus a shásaíonn critéir Éicilipéad AE a leagadh síos le haghaidh meáin fáis cheana le Cinneadh (AE) 2015/2099 ón gCoimisiún (11). Sa Chinneadh sin, déantar idirdhealú idir meáin fásta mianraí agus catagóirí eile meán fáis a mhéid a bhaineann leis na modhanna chun cion na n-éilleán, lena n-áirítear nicil, a chinneadh. Ar an gcaoi sin, agus i gcás gach meán fáis seachas meáin fásta mianraí, cinnfear cion iomlán an éilleáin, ach i gcás meáin fásta mianraí ní chinnfear ach an cion bith-infhaighte. Tá údar leis an idirdhealú sin toisc gur ag teacht ard a mhonaraítear meáin fásta mianraí de ghnáth, rud a chruthaíonn nasc ceimiceach láidir idir na héilleáin agus struchtúr na gcomhpháirteanna mianrach, rud a chuireann teorainn lena bhith-infhaighte atá na héilleáin. Ní dhéantar an t-idirdhealú sin i Rialachán (AE) 2019/1009, áfach. Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, cé go gcomhlíonfadh na meáin fásta mianraí atá le fáil ar an margadh an teorainnluach a leagtar síos le haghaidh na nicile i Rialachán (AE) 2019/1009 mura bhfuil ach cion bith-infhaighte an éilleáin le cinneadh, ní féidir leo an teorainnluach céanna a chomhlíonadh más é an cion iomlán atá le cinneadh faoi mar atá riachtanach i láthair na huaire. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach comhsheasmhacht a áirithiú idir na ceanglais faoi mharcáil CE a chur ar na táirgí sin ar bhonn Rialachán (AE) 2019/1009 agus cur i bhfeidhm an Éicilipéid, chun cás a sheachaint ina mbeadh táirgí atá sábháilte maidir leis an gcomhshaol, agus dá bhrí sin a mbeadh Éicilipéad acu, lasmuigh de raon feidhme na rialacha maidir le comhchuibhiú. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an teorainnluach nicile a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 ach amháin maidir leis an gcion bith-infhaighte le haghaidh meáin fásta mianraí.

    (10)

    Mar bheart coimirce, níor cheart feidhm a bheith ag an riail sin ach amháin i gcás ina bhfuil úsáid na dtáirgí sin teoranta d’úsáid ghairmiúil i bhfeidhmeanna gairneoireachta, i ndíonta glasa nó i mballaí glasa. Leis sin d’áiritheofaí láimhseáil níos fearr agus ráta athghabhála níos airde do na meáin fáis a úsáidtear, agus d’áiritheofaí gur dócha go bhféadfaí na hábhair a athchúrsáil tar éis a n-úsáide. Ina theannta sin, ba cheart don mhonaróir comhoibriú leis an úsáideoir freisin chun a áirithiú go ndéanfar na táirgí a dhiúscairt go sábháilte a thúisce a bheidh deireadh úsáide bainte astu. Thairis sin, níor cheart an táirge a bheith i dtadhall go díreach leis an ithir, ionas nach gcuirfear le carnadh na n-éilleán inti.

    (11)

    Ábhair chomhpháirteacha a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i gceann amháin de na catagóirí d’ábhair chomhpháirteacha in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009, ní fhéadfar ach iad siúd amháin a bheith i dtáirgí leasacháin AE. Táirgí leasacháin, go hairithe na leasacháin féin, bíonn breiseáin theicniúla pholaiméirbhunaithe iontu go minic, breiseáin atá tábhachtach chun a n-éifeachtúlacht agus úsáid shábháilte díobh a áirithiú. Ní chumhdaítear na breiseáin sin faoi aon cheann de na catagóirí atá ann cheana d’ábhair chomhpháirteacha. Mar sin féin, cumhdaítear leasacháin a bhfuil siad iontu faoi na rialacha maidir le comhchuibhiú i Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Áirítear ar na breiseáin theicniúla den sórt sin, mar shampla, oibreáin frithstolptha a choisceann cruthú cnapán, agus oibreáin frithdhusta a choisceann astaíochtaí dusta ón táirge leasacháin agus é á chur. Bíonn oibreáin frithstolpadh fíor-riachtanach le haghaidh éifeachtúlacht úsáid na gcothaitheach ós rud é nach scaipfí an leasachán go cothrom gan na hoibreáin sin agus, dá bhrí sin, go gcuirfeadh an t-úsáideoir deiridh tuilleadh leasacháin ann chun a chinntiú go sroichfidh sé gach planda. Bíonn oibreáin frithdhusta an-tábhachtach freisin i gcosaint shláinte na n-úsáideoirí. Polaiméirí nach ábhar imní iad ó thaobh an chomhshaoil de, ba cheart iad a áireamh i measc na n-ábhar comhpháirteach a cheadaítear i dtáirgí leasacháin faoi Rialachán (AE) 2019/1009. Leis sin, d’áiritheofaí go leanfadh catagóirí suntasacha táirgí a bhfuil éifeachtúlacht agus sábháilteacht fheabhsaithe acu ó thaobh na hagranamaíochta de de bheith le fáil ar an margadh inmheánach.

    (12)

    Chun na polaiméirí nach ábhar imní don chomhshaol iad a shainaithint, is iomchuí tagairt a dhéanamh do na tuairimí eolaíocha a d’eisigh an Coiste um Measúnú Riosca (13) agus Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), tuairimí maidir le cáithníní micreaphlaisteacha a chuirtear le táirgí úsáide tomhaltóirí nó le táirgí úsáide gairmiúla d’aon chineál.

    (13)

    Trí na catagóirí polaiméirí sin a áireamh in CMC 1 (Substaintí íonábhair agus meascáin íonábhair) agus CMC 11 (Seachtháirgí de réir bhrí Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15)), áirithítear freisin go gclárófar na polaiméirí sin faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 mar aon le sainchomhad lena n-áirítear tuarascáil sábháilteachta maidir lena n-úsáid ina dtáirge leasacháin. D’áiritheofaí leis sin go ndéanfaí measúnú mionsonraithe ar aon riosca a d’eascródh as úsáid na mbreiseán sin i dtáirgí leasacháin, agus go mbeadh na táirgí leasacháin ar tugadh rochtain ar an margadh inmheánach dóibh faoin leasú seo sábháilte do shláinte an duine agus don chomhshaol.

    (14)

    Oibreáin chrágtha nó oibreáin choimpléascúcháin, féadfaidh siad a bheith i leasacháin a bhfuil micreachothaithigh iontu, oibreáin ar substaintí iad a bheartaítear infhaighteacht fhadtéarmach micreachothaitheach do phlandaí a fheabhsú leo.

    (15)

    Le Rialachán (AE) 2019/1009, ceanglaítear go mbeidh táirgí leasacháin ina bhfuil oibreáin chrágtha cobhsaí i ngnáth-thuaslagán Hoagland ag pH 7 agus 8 go ceann 3 lá ar a laghad, chun a áirithiú go súfaidh na plandaí na micreachothaithigh go mall. Comhdhéanamh ithreacha talmhaíochta agus na héagsúlachtaí a bhíonn sa pH, d’fhéadfaidís cur isteach ar chobhsaíocht na dtáirgí seo. Leis an dul chun cinn teicniúil nua atá déanta, féadfar measúnú a dhéanamh ar na baic a d’fhéadfadh a bheith ann agus raon pH a bhunú ina mbeidh táirgí cobhsaí chun críocha na talmhaíochta. Ar bhonn an mhéid atá thuas, d’fhéadfadh táirge a bheith cobhsaí ag raon pH seachas pH 7 agus 8, agus a chuspóir a bhaint amach i gcónaí maidir le hinfhaighteacht fhadtéarmach micreachothaitheach a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/1009 a leasú ionas go gceadófar do tháirgí den sórt sin a bheith cobhsaí laistigh de raon eile pH. Ar an gcaoi sin, bheadh feidhm ag na rialacha maidir le comhchuibhiú i ndáil le níos mó táirgí, táirgí a ndéanann na plandaí a n-ionsú go mall, rud a laghdóidh an láisteadh cothaitheach in ithreacha. Mar bheart breise, ba cheart an raon pH ag a bhfuil na táirgí leasacháin AE cobhsaí a léiriú ar an lipéad chun a áirithiú go gcuirfear an fhaisnéis cheart ar fáil don úsáideoir deiridh.

    (16)

    Le Rialachán (AE) 2019/1009, ceanglaítear go ndearbhófar céatadán gach micreachothaithigh arna chrágadh le gach oibreán crágtha, agus céatadán gach micreachothaithigh arna choimpléascú le hoibreán coimpléascúcháin, de réir mar is infheidhme. Táirgí a bhfuil micreachothaithigh iontu, féadfaidh meascán d’oibreáin chrágtha nó d’oibreáin choimpléascúcháin a bheith iontu, nó meascán den dá rud le chéile. I gcásanna den sórt sin, cinneadh céatadáin chruinn gach micreachothaithigh arna chrágadh nó arna choimpléascú le gach oibreán ar leith, ní féidir é sin a thacú leis na modhanna anailíse atá ar fáil. Ar an gcaoi sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/1009 a leasú ionas go gceadófar don mhonaróir na ceanglais maidir le lipéadú a chomhlíonadh, agus sa dóigh sin, éascófar an rochtain ar an margadh inmheánach dóibh.

    (17)

    Úsáidtear móin ar an bpríomh-chomhpháirt i roinnt táirgí leasacháin, meáin fáis cuir i gcás. Tá sé tábhachtach úsáid na roghanna eile seachas móin a spreagadh sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, go háirithe chun cosc a chur le cailliúint charbóin agus le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, agus chun eiceachórais leochaileacha a chaomhnú. D’fhéadfaí snáithíní plandaí a úsáid mar pháirt-ionadaí ar an móin i meáin fáis. Mar sin féin, chun acmhainneacht snáithíní plandaí neamhchóireáilte a uasghrádú, ní mór iad sin a chlaochlú ina snáithíní cáithníní níos míne toisc go gcuireann sé sin feabhas ar an mbith-dhíghrádaitheacht, ar a n-idirghníomhú le cothaithigh, agus ar an gcoinneáil uisce a dhéanann siad. Riochtú na snáithíní amha plandaí le réamhchóireálacha fisiceacha éagsúla chun snáithíní a dhéanamh díobh, ba cheart é sin a chur san áireamh ar liosta uileghabhálach de chóireálacha in CMC 2 (Plandaí, codanna de phlandaí agus eastóscáin plandaí). Mar bheart coimirce, ba cheart srianta áirithe a chur leis na modhanna próiseála, amhail uasteocht agus toirmeasc ar bhreiseáin seachas uisce.

    (18)

    In CMC 3 (Muirín) agus CMC 5 (Díleáiteán eile seachas díleáiteán barr úr) leagtar síos liosta uileghabhálach de na hábhair ionchuir is féidir a úsáid. Cuimsíonn an liosta sin táirgí díorthaithe dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus seachtháirgí ainmhithe ar féidir a mheas gur orgánaigh mharbha iad, i gcásanna ina bhfuiltear tar éis an pointe deiridh sa slabhra monaraíochta a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an tríú fomhír den Rialachán sin.

    (19)

    I Rialachán (AE) 2019/1009 leagtar síos den chéad uair rialacha maidir le comhchuibhiú le haghaidh múirín agus díleáiteán mar ábhair chomhpháirteacha i dtáirgí leasacháin AE. Mar sin féin, tá na hábhair sin le fáil ar an margadh, agus iad bunaithe ar rialacha náisiúnta. Faoi láthair, is minic a úsáidtear seachtháirgí ainmhithe nach féidir a mheas gur orgánaigh mharbha iad (go háirithe aoileach neamhphróiseáilte) mar ábhair ionchuir le haghaidh múirín agus díleáiteáin. Ar an gcaoi sin, is éard a dhéantar d’ábhair den sórt sin táirgí leasacháin a bhfuil glan-bhreisluach eacnamaíoch agus comhshaoil acu. Úsáid tuair ainmhithe i bhfoirm múirín, lena n-áirítear aoileach éanlaithe clóis agus aoileach muirínithe ó fheirmeacha, chomh maith le díleáiteán ina bhfuil seachtháirgí ainmhithe arna gcomh-dhíleá le hábhar de bhunadh plandaí nó ainmhíoch, áirítear an úsáid sin ar an liosta uileghabhálach de leasacháin, oiriúntóirí ithreach agus cothaithigh a cheadaítear san fheirmeoireacht orgánach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún (17). Dá bhrí sin, is iomchuí rochtain ar an margadh inmheánach a thabhairt do tháirgí leasacháin ina bhfuil múirín nó díleáiteán ina bhfuil seachtháirgí ainmhithe den sórt sin mar ábhair ionchuir. Rud eile a d’áiritheodh sin comhsheasmhacht leis na hábhair ionchuir a cheadaítear faoi na CMCanna a tugadh isteach le déanaí, is é sin CMC 12 (Salainn fosfáite dheasctha agus na díorthaigh), CMC 13 (Ábhair ocsaídithe theirmigh agus na díorthaigh), chomh maith le CMC 14 (Ábhair phirealaithe agus ghasúcháin).

    (20)

    Orgánaigh bheo nó mharbha as cion orgánach na dramhaíola tí bardasaí measctha, is orgánaigh iad sin a eisiatar ó na hábhair ionchuir faoi CMCanna 3 agus 5. Os a choinne sin, orgánaigh bheo nó mharbha as na hábhair ón dramhaíl bhardasach mheasctha, agus ní hamháin ó dhramhaíl tí, is orgánaigh iad sin a eisiatar ó na hábhair ionchuir faoi CMCanna 12, 13 agus 14. Is é cuspóir na bhforálacha sin bailiú deighilte na dramhaíola a spreagadh sna bardais, trí gan deiseanna a chur ar fáil le dramhaíl mheasctha a úsáid. Is ionann an réasúnaíocht atá ann más teaghlaigh nó bialanna nó oibreoirí eile sna bardais a chruthaíonn an dramhaíl. Níl aon chúis ann cosc a chur le húsáid na dramhaíola measctha tí amháin mar ábhar ionchuir i múirín agus i ndíleáiteán. Dá bhrí sin, chun cur chuige comhleanúnach docht a áirithiú in aisghabháil na dramhaíola bardasaí measctha agus, ar an gcaoi sin, chun cosaint an chomhshaoil a threisiú, is gá na forálacha in CMCanna 3 agus 5 a ailíniú leis na cinn atá sna CMCanna 12, 13 agus 14 a tugadh isteach le déanaí.

    (21)

    I Rialachán (AE) 2019/1009 leagtar amach oibleagáid ar an monaróir na comhábhair uile is mó ná 5 % a meáchan táirgí a liostú ar an lipéad. Mar sin féin, ba cheart an eilimint ar a gcuirtear an teorainn 5 % i bhfeidhm a chur in oiriúint do shaintréithe fisiceacha an táirge leasacháin lena mbaineann, agus ar an gcaoi sin ba cheart dearbhú maidir leis na comhábhair a cheadú a bhfuil 5 % den toirt iontu. Go háirithe i gcás táirgí ina léirítear an chainníocht de réir toirte, is fearr i gcónaí na comhábhair a bhfuil 5 % den toirt iontu a liostú ós rud é nach fios cén meáchan atá sna comhábhair choibhneasta de réir meáchan táirgí i gcónaí. D’éascódh sin rochtain ar an margadh inmheánach do tháirgí den sórt sin. A mhéid a bhaineann leis an táirge leasacháin AE i bhfoirm leachtach, is iomchuí lipéadú a chur ar na comhábhair os cionn 5 % de réir meáchan tirim ós rud é go bhféadfadh cásanna a theacht chun cinn nach mbeadh ach uisce liostaithe mar chomhábhar leo. D’áiritheodh sin nach mbeadh rochtain ar an margadh inmheánach ag táirgí ar bhonn Rialachán (AE) 2019/1009 ach amháin dá gcuirfí na húsáideoirí ar an eolas go cuí faoi na comhábhair féin, ionas gurbh fhéidir leo na táirgí a úsáid go sábháilte.

    (22)

    Leasachán orgánaimianrach, leasachán neamhorgánach macrachothaitheach i bhfoirm sholadach nó i bhfoirm leachtach agus leasachán neamhorgánach micrachothaitheach, ar lipéad na nithe sin beidh ainmneacha agus siombailí ceimiceacha na micreachothaitheach dearbhaithe, maille le hainmneacha a bhfrith-ian. I gcásanna áirithe, féadfaidh leibhéal na micreachothaitheach is gá a fhógairt a bheith ann go nádúrtha in ábhair chomhpháirteacha na dtáirgí leasacháin AE. Is amhlaidh an cás go háirithe i gcás leasacháin ó ábhair a bhaintear sna mianaigh. De thoradh a dtionscnaimh nádúrtha, ní féidir ainmneacha na bhfrith-ian le haghaidh na micreachothaitheach sin a chinneadh i gcónaí i ngeall ar theorainneacha anailíseacha nó teicniúla. Dá bhrí sin, dearbhú na micreachothaitheach nach gcuirtear leis an táirge leasacháin AE d’aon ghnó, ba cheart é sin a cheadú, fiú murar féidir na frith-iain chomhfhreagracha a chinneadh. Murach sin, ní fhéadfaí leasacháin neamhorgánacha micreachothaitheach ó ábhair a bhaintear sna mianaigh a mhargú faoi Rialachán (AE) 2019/1009 ós rud é nach bhféadfaidh an monaróir an ceanglas sin maidir le lipéadú a chomhlíonadh. Ina theannta sin, cion na micreachothaitheach i leasacháin mhacrachothaitheach orgánaimianracha agus neamhorgánacha a dhearbhú gan na frith-iain comhfhreagracha, is chun leas an úsáideora deiridh é sin, duine a d’fhéadfadh plean don leasú a chur in oiriúint trí chion na micreachothaitheach a chur san áireamh, agus chun leas an chomhshaoil freisin, ós rud é go bhféadfaí ró-leasú a sheachaint leis. Ní dhéanfaidh sé difear d’éifeachtúlacht ná do shábháilteacht an leasacháin gan na frith-iain a chur ar an lipéad.

    (23)

    Tá sé d’oibleagáid ar mhonaróir leasacháin neamhorgánaigh macrachothaitheach i bhfoirm sholadach foirm an aonaid fhisiceach a lua ar an lipéad, trí thagairt a dhéanamh do cheann amháin de na ceithre fhoirm éagsúla a liostaítear sa Rialachán, is é sin púdar, gráinníní, priollaí agus millíní. Mar sin féin, i gcásanna áirithe, ceann amháin de na foirmeacha sonracha thuas a úsáid léi féin, sin rud nach féidir, ós cuingir de phéire de na ceithre fhoirm í an fhoirm fhisiceach. Dá bhrí sin, ionas go mbeidh an monaróir in ann an ceanglas sin maidir le lipéadú a chomhlíonadh, níor cheart an tuairisc ar an aonad fisiceach a bheith teoranta d’aon fhoirm fhéideartha amháin, ach ba cheart úsáid cuingreacha foirmeacha a bheith ceadaithe freisin. Na sainmhínithe ar an aonad fisiceach, ba cheart gach cineál leasacháin a bheith cumhdaithe fúthu, agus níor cheart srian a chur le táirgí a chur ar an margadh leo ach oiread, ar táirgí iad a chomhlíonann na ceanglais i Rialachán (AE) 2019/1009 ar shlí eile.

    (24)

    Le Rialachán (AE) 2019/1009 leagtar síos rialacha lamháltais le haghaidh gach PFC a bhaineann leis na luachanna éagsúla a dhearbhaítear ar an lipéad. I Rialachán (AE) 2019/1009 leagtar síos idir lamháltais dhiúltacha (níor cheart ann luach féin dul faoi bhun an luacha dhearbhaithe arna laghdú faoin lamháltas diúltach) agus lamháltais dheimhneacha (rud a chiallaíonn nach féidir an luach féin a bheith níos airde ná an luach dearbhaithe arna mhéadú faoin lamháltas a bhaineann leis). Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin le cothaithigh a dhearbhú i gcás nach mór don mhonaróir a áirithiú, chun tearc-leasú agus ró-leasú a sheachaint, nach bhfuil cion na gcothaitheach a dhearbhaítear faoi bhun ná os cionn an luacha dhearbhaithe móide na lamháltais.

    (25)

    Tá cuid de na lamháltais a leagtar síos le haghaidh leasacháin neamhorgánacha an-chúng i ngeall ar na hacmhainní teicniúla atá ann cheana. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás cothaithigh dhearbhaithe ina bhféadfadh cion an chothaithigh a bheith íseal i gcomparáid leis an táirge ina iomláine. Cion íseal cothaitheach, ciallaíonn sé sin nach bhfuil sa diall ón luach dearbhaithe ach rud beag freisin ós rud é gur dearbhaíodh é mar chéatadán de chion na gcothaitheach. Ar an gcaoi sin, na lamháltais le haghaidh roinnt de na ceanglais maidir leis na leasacháin neamhorgánacha, ba cheart iad a leathnú chun cothromaíocht a áirithiú idir cumais theicniúla an mhonaróra agus an gá atá le faisnéis cheart a sholáthar don úsáideoir deiridh.

    (26)

    Thairis sin, an lamháltas i ndearbhthéarmaí le haghaidh cion carbóin orgánaigh i bhfeabhsaitheoirí ithreach, ba cheart é sin a leathnú freisin. Féadfaidh cion nach beag carbóin orgánaigh a bheith i bhfeabhsaitheoirí ithreach, rud nach gcruthaíonn fadhbanna ann féin, ós rud é go gcuireann an carbón orgánach feabhas ar cháilíocht na n-ithreach trína gcion den ábhar orgánach a shaibhriú. I gcásanna mar sin, is rud róshriantach gan ach diall i ndearbhthéarmaí a cheadú go haon phointe céatadáin amháin. Dá bhrí sin, is iomchuí diall i ndearbhthéarmaí níos mó a cheadú ach an diall coibhneasta atá ann cheana a choinneáil.

    (27)

    Ba cheart lamháltais a chur isteach i ndáil leis an gcainníocht bithspreagthaigh planda agus an chainníocht cumasctháirge leasacháin, ós rud é nach mór an fhaisnéis sin a chur ar an lipéad. I gcás cumasctháirge leasacháin, ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir cumasc dhá tháirge leasacháin AE, i gcás inar féidir cion gach táirge díobh sa chumasc a chinneadh faoi seach agus, dá bhrí sin, meán na lamháltas a leagadh síos cheana le haghaidh gach ceann ag brath ar a gcion sa chumasc, gur féidir é sin a ríomh agus a chur ar an gcumasc iomlán agus ar an gcumasc feidhmiúil, i gcás ina bhfuil pas faighte ag an ábhar féin sa mheasúnú comhréireachta le haghaidh dhá tháirge leasacháin AE atá in dhá PFC éagsúla agus nach féidir cion gach táirge díobh sa chumasc a chinneadh go hoibiachtúil. Sa chás deireanach sin, ba cheart lamháltas cainníochta níos déine na PFCanna is comhpháirteanna a chur i bhfeidhm maidir leis an gcumasc ina iomláine. Go deimhin, ní mór don mhonaróir a chruthú go bhfuil ceanglais gach PFC á gcomhlíonadh aige, agus cuimsítear leis sin cainníocht gach PFC a chur in iúl i gcomhréir leis an lamháltas comhfhreagrach. Ós rud é gur 100 % den chumasc sa chás áirithe seo é gach PFC, ní mór don chumasc ina iomláine an lamháltas is déine a urramú.

    (28)

    Ar bhonn Rialachán (AE) 2019/1009, tá ceithre nós imeachta um measúnú comhréireachta ann is infheidhme maidir le táirgí leasacháin AE, agus tá leibhéil éagsúla chastachta ag roinnt leo de réir an CMC nó na CMCanna atá ag dul dóibh agus ar an PFC: Modúil A, A1, B+C agus D1.

    (29)

    Cuireadh Modúl D1 in oiriúint chun gnéithe sonracha na dtáirgí leasacháin AE arna ndíorthú ó dhramhaíl a léiriú. Is féidir le monaróir Modúl B+C a chur i bhfeidhm agus measúnú á dhéanamh aige ar chomhréireacht choscaire (PFC 5) nó bithspreagthach plandaí (PFC 6), pé ar bith ábhair chomhpháirteacha atá ann. Dá bhrí sin, d’éifeacht gan toisc ar dhréachtú Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009, ní fhéadfaidh aon rud cosc a chur le cur i bhfeidhm Mhodúil B+C, fiú i gcás measúnú ar choscaire nó ar bhithspreagthach planda ina bhfuil ábhair chomhpháirteacha a bhfuil Modúl D1 atá níos déine éigeantach ina leith. Is iomchuí nós imeachta dian um measúnú comhréireachta a chur i bhfeidhm gach uair a bheidh ábhair chomhpháirteacha a díorthaíodh as dramhaíl i dtáirge leasacháin AE, pé ar bith PFC atá ann. Dá bhrí sin, chun leibhéal ard comhsheasmhach cosanta a áirithiú, níor cheart Modúil B+C a cheadú i gcás coscairí agus bithspreagthaigh plandaí ach amháin nuair nach bhfuil ábhair chomhpháirteacha den sórt sin iontu.

    (30)

    I ndiaidh na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, ní mór don mhonaróir faisnéis a chur ar fáil sa doiciméadacht theicniúil, faisnéis, i measc rudaí eile, faoin gcróimiam iomlán aon uair a bhíonn sé os cionn 200 mg/kg. Ní thugtar le fios i Rialachán (AE) 2019/1009 an ar an ábhar tirim nó ar an ábhar úr atá an teorainn sin le cur i bhfeidhm. Ní féidir an oibleagáid sin a chomhlíonadh ar bhealach aonfhoirmeach san Aontas mura léir conas ba cheart an 200 mg/kg a ríomh. Agus teorainnluachanna á leagan síos le haghaidh éilleán, lena n-áirítear cróimiam heicsifhiúsach (Cr VI), cuirtear an t-ábhar tirim san áireamh faoi Rialachán (AE) 2019/1009. Dá bhrí sin agus ar chúiseanna comhleanúnachais, ba cheart cion an chróimiam iomláin a ríomh trí thagairt a dhéanamh don ábhar tirim.

    (31)

    Comhairliúcháin ar na leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/1009, rinneadh iad i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (18). Chuathas i gcomhairle le grúpa saineolaithe an Choimisiúin um tháirgí leasacháin.

    (32)

    Ós rud é go mbeidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinní I, II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 le héifeacht ón 16 Iúil 2022, is gá cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar go dtí an dáta céanna,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (AE) 2019/1009 mar a leanas:

    (1)

    leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

    (2)

    leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;

    (3)

    leasaítear Iarscríbhinn III gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo;

    (4)

    leasaítear Iarscríbhinn IV i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 16 Iúil 2022.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Meitheamh 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 170, 25.6.2019, lch. 1.

    (2)  Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (IO L 37, 13.2.1993, lch. 1).

    (3)  Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin, agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1).

    (4)  Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 152, 16.6.2009, lch. 11).

    (5)  Treoir 2002/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Bealtaine 2002 maidir le substaintí neamh-inmhianaithe i mbia ainmhithe (IO L 140, 30.5.2002, lch. 10).

    (6)  Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (IO L 268, 18.10.2003, lch. 29).

    (7)  Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2009 maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a n-aicmiú maidir le huasteorainneacha iarmhar i mbia-ábhair de bhunadh ainmhíoch (IO L 15, 20.1.2010, lch. 1).

    (8)  Rialachán (AE) 2019/1871 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2019 maidir le pointí tagartha le haghaidh gníomhaíochta i dtaca le substaintí neamhcheadaithe atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus atá i mbia de thionscnamh ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/34/CE (IO L 289, 8.11.2019, lch. 41).

    (9)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).

    (10)  UVCB: Substaint nach fios a comhdhéanamh nó a mbíonn an comhdhéanamh ag athrú ann, táirgí lena ngabhann frithghníomhú coimpléascach nó ábhair bhitheolaíocha.

    (11)  Cinneadh (AE) 2015/2099 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2015 lena mbunaítear na critéir éiceolaíocha lena mbronntar Éicilipéad AE do mheáin fáis, feabhsaitheoirí ithreach agus móta (IO L 303, 20.11.2015, lch. 75).

    (12)  Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 a bhaineann le leasacháin (IO L 304, 21.11.2003, lch. 1).

    (13)  RAC ECHA. 2020. Opinion on an Annex XV dossier proposing restrictions on intentionally added microplastics (ECHA/RAC/RES-O -0000006790-71-01/F) [Tuairim maidir le sainchomhad Iarscríbhinn XV lena moltar srianta a chur le micreaphlaistigh a cuireadh isteach d’aon ghnó ((ECHA/RAC/RES-O -0000006790-71-01/F).)].

    (14)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoir 91/155/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/67/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/105/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

    (15)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

    (16)  Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe) (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1).

    (17)  Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha i dtaca le táirgeadh, lipéadú agus rialú orgánach (IO L 250, 18.9.2008, lch. 1).

    (18)  Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN I

    Leasaítear Cuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5:

    “5.

    Substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), ní fhéadfaidh iarmhair di a bheith i dtáirge leasacháin AE ach amháin más substaint í:

    a chuimsítear i dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún (**), nó

    ar foilsíodh pointe tagartha le haghaidh gníomhaíochta ina taobh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1871 ón gCoimisiún (***), agus ar faoi bhun an phointe sin atá an méid den tsubstaint nó dá cuid iarmhar atá sa táirge leasacháin AE.

    (*)  Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 152, 16.6.2009, lch. 11)."

    (**)  Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2009 maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de, agus aicmiú na substaintí sin i ndáil le huasteorainneacha iarmhar i mbia-ábhair de bhunadh ainmhíoch (IO L 15, 20.1.2010, lch. 1)."

    (***)  Rialachán (AE) 2019/1871 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2019 maidir le pointí tagartha le haghaidh gníomhaíochta i dtaca le substaintí neamhcheadaithe atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus atá le fáil i mbia de thionscnamh ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/34/CE (IO L 289, 8.11.2019, lch. 41).”;"

    (2)

    cuirtear isteach pointe 5a seo a leanas:

    “5a.

    Substaint ghníomhach de réir bhrí Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ní fhéadfaidh sí a bheith i dtáirge leasacháin AE ach i gcás nach bhfuil feidhm cosanta plandaí ag an táirge sin de réir bhrí Airteagal 2(1) den Rialachán sin.”;

    (3)

    in PFC 1(C)(II)(a), pointe 2, sa tábla:

    (a)

    an tsraith a bhaineann leis an tíopeolaíocht dar teideal “Leasachán micreachothaitheach salainn”, cuirtear an méid seo a leanas ina háit:

    “Leasachán micreachothaitheach salainn

    Leasachán neamhorgánach micreachothaitheach, ceann soladach aonábhair a fhaightear go ceimiceach agus ar salann d’ian mianrach is bunábhar dó

    Micreachothaitheach a bheidh in 10 % de réir maise den leasachán micreachothaitheach salainn”

    (b)

    an tsraith a bhaineann leis an tíopeolaíocht dar teideal “crágacha iarainn UVCB”, cuirtear an méid seo a leanas ina háit:

    “Crágacha micreachothaitheach ((5)) UVCB

    Leasachán neamhorgánach micreachothaitheach aonábhair uiscethuaslagtha ina gcuirtear an micreachothaitheach dearbhaithe le chéile go ceimiceach le hoibreán crágtha/oibreáin chrágtha a chomhlíonann ceanglais CMC 1 i gCuid II d’Iarscríbhinn II

    Micreachothaitheach uiscethuaslagtha a bheidh in 5 % de réir maise de chrágacha micreachothaitheach UVCB, agus crágfar 80 % ar a laghad den mhicreachothaitheach uiscethuaslagtha (codán crágtha) agus is le hoibreáin crágtha sonracha a chomhlíonann ceanglais CMC 1 i gCuid II d’Iarscríbhinn II a chrágfar 50 % ar a laghad den mhicreachothaitheach uiscethuaslagtha

    (4)

    in PFC 3(B), cuirtear pointe 4 seo a leanas isteach:

    “4.

    Pataiginí i bhfeabhsaitheoir neamhorgánach ithreach ina bhfuil níos mó ná 1 % de réir maise de charbón orgánach (Corg), ná sáraídís na teorainneacha a leagtar amach sa tábla seo a leanas:

    Na miocrorgánaigh atá le tástáil

    Pleananna samplála

    Teorainn

    n

    c

    m

    M

    Salmonella spp.

    5

    0

    0

    Gan a bheith ann i 25 g nó 25 ml

    Escherichia coliEnterococcaceae

    5

    5

    0

    1 000 i 1 g nó 1 ml

    Cás inarb é atá i gceist:

    n

    =

    líon na samplaí atá le tástáil,

    c

    =

    líon na samplaí ina bhféadfaidh líon na mbaictéar arna shloinneadh i gcoilíneacht a fhoirmíonn aonaid (CFU) a bheith idir m agus M,

    m

    =

    luach tairsí do líon na mbaictéar arna shloinneadh in CFU a mheastar a bheith sásúil,

    M

    =

    M = uasluach líon na mbaictéar arna shloinneadh in CFU.”;

    (5)

    in PFC 4, cuirtear isteach pointe 2a seo a leanas:

    “2a.

    De mhaolú ar phointe 2(d), an teorainnluach maidir le nicil (Ni) i meán fáis atá comhdhéanta go hiomlán de chomhábhair mhianracha, meán fáis a chuirtear ar fáil lena úsáid go gairmiúil sa ghairneoireacht, i ndíonta glasa nó i mballaí glasa, is maidir leis an gcion bith-infhaighte den éilleán a bheidh feidhm ag an teorainnluach sin.”.


    (*)  Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 152, 16.6.2009, lch. 11).

    (**)  Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2009 maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de, agus aicmiú na substaintí sin i ndáil le huasteorainneacha iarmhar i mbia-ábhair de bhunadh ainmhíoch (IO L 15, 20.1.2010, lch. 1).

    (***)  Rialachán (AE) 2019/1871 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2019 maidir le pointí tagartha le haghaidh gníomhaíochta i dtaca le substaintí neamhcheadaithe atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus atá le fáil i mbia de thionscnamh ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/34/CE (IO L 289, 8.11.2019, lch. 41).”;”


    ((5))  (5) UVCB: Substaint nach fios a comhdhéanamh nó a mbíonn a comhdhéanamh ag athrú, táirgí imoibriúcháin casta nó ábhair bhitheolaíocha.”;


    IARSCRÍBHINN II

    Leasaítear Cuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 mar a leanas:

    (1)

    leasaítear CMC 1 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1(f):

    “(f)

    polaiméirí, cé is moite de:

    polaiméirí atá gan modhnú go ceimiceach de réir bhrí Airteagal 3(40) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus ar toradh iad ar phróiseas polaiméirithe a tharla sa dúlra, próiseas a bhí neamhspleách ar an bpróiseas eastósctha lenar eastóscadh na polaiméirí,

    polaiméirí in-bhithdhíghrádaithe, nó

    polaiméirí lena ngabhann tuaslagthacht is mó ná 2 g/L faoi na coinníollacha seo a leanas:

    teocht 20 0C

    pH 7

    ualú: 10 g/1 000 ml

    fad na tástála: 24 huaire an chloig”;

    (b)

    i bpointe 3(a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deireanaí:

    “An táirge leasacháin AE, is rud é a bheidh cobhsaí ar feadh 3 lá ar a laghad i dtuaslagán ina bhfuil pH ar bith laistigh den raon a dhearbhaítear go ráthaíonn sé an chobhsaíocht inghlactha.”;

    (2)

    in CMC 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

    “Maidir le plandaí, codanna de phlandaí nó eastóscáin plandaí nach ndearnadh aon phróiseáil orthu taobh amuigh de ghearradh, meilt, muilleáil, criathrú, rilleadh, lártheifneoiriú, fáscadh, triomú, reothriomú, eastóscadh le huisce, easctóscadh forchriticiúil CO2 nó snáithíniú ag teocht nach airde ná 100 °C, gan aon bhreiseán iontu seachas uisce, is nithe iad sin a fhéadfaidh a bheith i dtáirge leasacháin AE.”;

    (3)

    leasaítear CMC 3 mar a leanas:

    (a)

    scriostar pointe 1(b);

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1(c):

    “(c)

    orgánaigh idir bheo agus mharbh nó codanna de na horgánaigh sin, ar orgánaigh nó codanna iad atá neamhphróiseáilte nó atá gan próiseáil ach de láimh, trí mhodh meicniúil nó imtharraingteach, trína dtuaslagadh in uisce, trí shnámhacht, trí eastóscadh le huisce, trína ngaldriogadh nó trína dtéamh ar mhaithe le huisce a bhaint agus ar mhaithe leis sin amháin, nó ar orgánaigh nó codanna iad a eastósctar ón aer trí mhodh ar bith, seachas:

    (i)

    ábhair a thagann ó dhramhaíl mheasctha chathrach,

    (ii)

    dríodar séarachais, dríodar tionsclaíoch nó dríodar dreidireachta, agus

    (iii)

    seachtháirgí ainmhithe nó táirgí a dhíorthaítear ó ainmhithe de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009.”;

    (c)

    i bpointe 1(e), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

    “(e)

    aon ábhar a liostaítear i bpointí (a) nó (c) nó i bpointe 1a:”;

    (d)

    cuirtear isteach pointe 1a seo a leanas:

    “1a.

    D’ainneoin phointe 1, múirín a fuarthas trí mhuiríniú aeróbach ar ábhair de chuid Chatagóir 2 nó Chatagóir 3 nó ar tháirgí a dhíorthaítear ó na hábhair sin, féadfaidh an múirín sin a bheith i dtáirge leasacháin AE i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 32(1) agus (2) agus leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 32(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, bíodh sé ann ina aonar nó measctha le hábhair ionchuir dá dtagraítear i bpointe 1, ar choinníoll:

    (a)

    is i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 a cinneadh an pointe deiridh sa slabhra monaraíochta, agus

    (b)

    comhlíontar na coinníollacha i bpointí 2 agus 3.”;

    (e)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2(a):

    “(a)

    ina mbeidh na línte táirgeachta chun na hábhair ionchuir dá dtagraítear i bpointí 1 agus 1a a phróiseáil deighilte go soiléir ó línte táirgeachta chun ábhair ionchuir a phróiseáil cé is moite de na hábhair dá dtagraítear i bpointí 1 agus 1a, agus”;

    (4)

    leasaítear CMC 5 mar a leanas:

    (a)

    scriostar pointe 1(b);

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1(c):

    “(c)

    orgánaigh idir bheo agus mharbh nó codanna de na horgánaigh sin, ar orgánaigh nó codanna iad atá neamhphróiseáilte nó atá gan próiseáil ach de láimh, trí mhodh meicniúil nó imtharraingteach, trína dtuaslagadh in uisce, trí shnámhacht, trí eastóscadh le huisce, trína ngaldriogadh nó trína dtéamh ar mhaithe le huisce a bhaint astu agus ar mhaithe leis sin amháin, nó ar orgánaigh nó codanna iad a eastósctar ón aer trí mhodh ar bith, seachas:

    (i)

    ábhair arb í an dramhaíl mheasctha chathrach is bunús leo,

    (ii)

    dríodar séarachais, dríodar tionsclaíoch nó dríodar dreidireachta,

    (iii)

    seachtháirgí ainmhithe nó táirgí a dhíorthaítear ó ainmhithe de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009.”;

    (c)

    i bpointe 1(e), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

    “(e)

    aon ábhar a liostaítear i bpointí (a) nó (c) nó i bpointe 1a:”;

    (d)

    cuirtear isteach pointe 1a seo a leanas:

    “1a.

    D’ainneoin phointe 1, díleáiteán a fuarthas trí dhíleá anaeróbach ábhar de chuid Chatagóir 2 nó Chatagóir 3 nó ar tháirgí a dhíorthaítear ó na hábhair sin, féadfaidh an díleáiteán sin a bheith i dtáirge leasacháin AE i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 32(1) agus (2) agus leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 32(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, bíodh sé ann ina aonar nó é measctha le hábhair ionchuir dá dtagraítear i bpointe 1, ar choinníoll:

    (a)

    gur i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 a cinneadh an pointe deiridh sa slabhra monaraíochta, agus

    (b)

    go gcomhlíontar na coinníollacha i bpointí 2 agus 3.”;

    (e)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2(a):

    “(a)

    ina mbeidh na línte táirgeachta chun na hábhair ionchuir dá dtagraítear i bpointí 1 agus 1a a phróiseáil deighilte go soiléir ó línte táirgeachta chun ábhair ionchuir a phróiseáil cé is moite de na hábhair dá dtagraítear i bpointí 1 agus 1a, agus”;

    (5)

    in CMC 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1(b):

    “(b)

    polaiméirí, cé is moite de:

    polaiméirí atá gan modhnú go ceimiceach de réir bhrí Airteagal 3(40) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus ar toradh iad ar phróiseas polaiméirithe a tharla sa dúlra, próiseas a bhí neamhspleách ar an bpróiseas eastósctha lenar eastóscadh na polaiméirí,

    polaiméirí in-bhithdhíghrádaithe, nó

    polaiméirí lena ngabhann tuaslagthacht is mó ná 2 g/L sna coinníollacha seo a leanas:

    teocht 20 0C

    pH 7

    ualú: 10 g/1 000 ml

    fad na tástála: 24 huaire an chloig”.


    IARSCRÍBHINN III

    Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 mar a leanas:

    (1)

    leasaítear Cuid I mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1(h):

    “(h)

    liosta de na comhábhair uile is mó ná 5 % de réir mheáchan nó thoirt an táirge, nó de réir meáchan tirim i gcás táirgí i bhfoirm leachtach, agus na comhábhair sin in ord íslitheach méide, liosta lena n-áirítear ainmneacha na CMCanna ábhartha dá dtagraítear i gCuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. I gcás inar substaint nó meascán é an comhábhar, déanfar é a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008. Féadfar substaintí de thionscnamh nádúrtha a shainaithint de réir a n-ainmneacha mianracha’;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

    “3.

    Uasteorainneacha iarmhair a bunaíodh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 nó Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), uasleibhéil iarmhair a socraíodh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**), nó uasleibhéil iarmhair a bunaíodh de bhun Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle (***) nó Threoir 2002/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (****), i gcás ina mbeidh comhábhar i dtáirge leasacháin AE a bheadh faoi réir uasteorainneacha nó uasleibhéal díobh sin ach a chur ar an margadh ina bhia nó ina bheatha, agus ina mbeidh substaint sa chomhábhar sin a sháraíonn an teorainnluach comhfhreagrach/ceann de na teorainnluachanna comhfhreagracha, déanfar uastiúchan na substainte sa táirge leasacháin AE a chur in iúl, agus tabharfar foláireamh go bhfuil cosc ar an táirge leasacháin AE a úsáid ar bhealach a fhágfaidh gur baol an teorainn sin a shárú i mbia nó i mbeatha.

    (*)  Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin atá le húsáid i gcothú ainmhithe (IO L 268, 18.10.2003, lch. 29)."

    (**)  Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin, agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1)."

    (***)  Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (IO L 37, 13.2.1993, lch. 1)."

    (****)  Treoir 2002/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Bealtaine 2002 maidir le substaintí neamh-inmhianaithe i mbeatha ainmhithe (IO L 140, 30.5.2002, lch. 10).”;"

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 7:

    “7.

    I gcás inar meán fáis dá dtagraítear i bpointe 2a de PFC 4 i gCuid II d’Iarscríbhinn I atá sa táirge leasacháin AE, nó ina bhfuil polaiméir sa táirge sin dar cuspóir ábhar atá sa táirge a nascadh, rud dá dtagraítear i bpointe 1(c) de CMC 9 i gCuid II d’Iarscríbhinn II, tabharfar treoir don úsáideoir gan an táirge a úsáid i dtadhall leis an ithir agus, i gcomhar leis an monaróir, diúscairt fhónta na dtáirgí a áirithiú ach a mbeidh deireadh úsáide bainte astu.”;

    (2)

    leasaítear Cuid II mar a leanas:

    (a)

    in PFC 1(B), pointe 5:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhophointe (a):

    “(a)

    ainmneacha agus siombailí ceimiceacha na micreachothaitheach dearbhaithe, arna liostú san ord seo a leanas: bórón (B), cóbalt (Co), copar (Cu), iarann (Fe), mangainéis (Mn), molaibdéineam (Mo) agus sinc (Zn), maille le hainm nó ainmneacha a bhfrith-iain nó a bhfrith-ian nuair is d’aon ghnó a chuirtear na micreachothaitheach dearbhaithe isteach;”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhophointe (c):

    “(c)

    i gcás inar le hoibreán crágúcháin/oibreáin chrágúcháin a chrágtar na micreachothaithigh dhearbhaithe, nó inar le hoibreán coimpléascúcháin/oibreáin choimpléascúcháin a dhéantar iad a choimpléascú:

    an ráiteas cáilithe seo a leanas ar lorg ainm agus shiombail cheimiceach an mhicreachothaithigh:

    ‘is le [ainm nó giorrúchán an oibreáin crágúcháin/na n-oibreán crágúcháin] a crágadh’/‘is le [ainm nó giorrúchán an oibreáin coimpléascúcháin/na n-oibreán coimpléascúcháin] a coimpléascaíodh’/‘is le [ainm nó giorrúchán an oibreáin crágúcháin/na n-oibreán crágúcháin] a crágadh agus is le [ainm nó giorrúchán an oibreáin coimpléascúcháin/na n-oibreán coimpléascúcháin] a coimpléascaíodh’;

    méid an mhicreachothaithigh/na micreachothaitheach crágtha/chrágtha nó coimpléascaithe/choimpléascaithe ina % de réir maise;”;

    (iii)

    cuirtear isteach fophointe (ca) seo a leanas:

    “(ca)

    i gcás inar le hoibreán crágúcháin/oibreáin chrágúcháin a chrágtar na micreachothaithigh dhearbhaithe, an réimse pH lena ráthaítear an chobhsaíocht inghlactha;”;

    (iv)

    scriostar fophointe (d);

    (b)

    in PFC 1(C)(I)(a):

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

    “3.

    Is le ceann de na rúibricí seo a leanas a shonrófar foirm aonaid fhisicigh an táirge, nó le péire de na rúibricí seo le chéile, nó níos mó ná péire díobh:

    (a)

    gráinnín,

    (b)

    millín,

    (c)

    púdar, nuair is féidir le 90 % ar a laghad de réir maise den táirge dul trí chriathar mogaill 1 mm, nó

    (d)

    priollaí,”;

    (ii)

    i bpointe 8:

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhophointe (a):

    “(a)

    ainmneacha agus siombailí ceimiceacha na micreachothaitheach dearbhaithe, arna liostú san ord seo a leanas: bórón (B), cóbalt (Co), copar (Cu), iarann (Fe), mangainéis (Mn), molaibdéineam (Mo) agus sinc (Zn), maille le hainm nó ainmneacha a bhfrith-iain nó a bhfrith-ian nuair is d’aon ghnó a chuirtear na micreachothaitheach dearbhaithe isteach;”;

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhophointe (c):

    “(c)

    i gcás inar le hoibreán crágúcháin/oibreáin chrágúcháin a chrágtar na micreachothaithigh dhearbhaithe, nó inar le hoibreán coimpléascúcháin/oibreáin choimpléascúcháin a choimpléasctar iad:

    an ráiteas cáilithe seo a leanas, de réir mar is infheidhme, ar lorg ainm agus shiombail cheimiceach an mhicreachothaithigh:

    ‘is le [ainm an oibreáin crágúcháin/na n-oibreán crágúcháin nó giorrúchán an oibreáin/na n-oibreán sin] a crágadh’/‘is le [ainm an oibreáin coimpléascúcháin/na n-oibreán coimpléascúcháin nó giorrúchán an oibreáin/na n-oibreán sin] a coimpléascadh’/‘is le [ainm an oibreáin crágúcháin/na n-oibreán crágúcháin nó giorrúchán an oibreáin/na n-oibreán sin] a crágadh’/‘is le [ainm an oibreáin coimpléascúcháin/na n-oibreán coimpléascúcháin nó giorrúchán an oibreáin/na n-oibreán sin] a coimpléascadh’;

    méid an mhicreachothaithigh/na micreachothaitheach crágtha/chrágtha nó coimpléascaithe/choimpléascaithe ina % de réir maise;”;

    cuirtear isteach fophointe (ca) seo a leanas:

    ‘(ca)

    i gcás inar le hoibreán crágúcháin/oibreáin chrágúcháin a chrágtar na micreachothaithigh dhearbhaithe, an réimse pH lena ráthaítear an chobhsaíocht inghlactha;’;

    scriostar fophointe (d);

    (c)

    in PFC 1(C)(I)(b), pointe 6:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhophointe (a):

    “(a)

    ainmneacha agus siombailí ceimiceacha na micreachothaitheach dearbhaithe, arna liostú san ord seo a leanas: bórón (B), cóbalt (Co), copar (Cu), iarann (Fe), mangainéis (Mn), molaibdéineam (Mo) agus sinc (Zn), maille le hainm nó ainmneacha a bhfrith-iain nó a bhfrith-ian nuair is d’aon ghnó a chuirtear na micreachothaitheach dearbhaithe isteach;”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhophointe (c):

    “(c)

    i gcás inar le hoibreán crágúcháin/oibreáin chrágúcháin a chrágtar na micreachothaithigh dhearbhaithe, nó inar le hoibreán coimpléascúcháin/oibreáin choimpléascúcháin a dhéantar iad a choimpléascú:

    an ráiteas cáilithe seo a leanas, de réir mar is infheidhme, ar lorg ainm agus shiombail cheimiceach an mhicreachothaithigh:

    ‘is le [ainm nó giorrúchán an oibreáin crágúcháin/na n-oibreán crágúcháin] a crágadh’/‘is le [ainm nó giorrúchán an oibreáin coimpléascúcháin/na n-oibreán coimpléascúcháin] a coimpléascaíodh’/‘is le [ainm nó giorrúchán an oibreáin crágúcháin/na n-oibreán crágúcháin] a crágadh agus is le [ainm nó giorrúchán an oibreáin coimpléascúcháin/na n-oibreán coimpléascúcháin] a coimpléascaíodh’;

    méid an mhicreachothaithigh/na micreachothaitheach crágtha/chrágtha nó coimpléascaithe/choimpléascaithe ina % de réir maise;”;

    (iii)

    cuirtear isteach fophointe (ca) seo a leanas:

    “(ca)

    i gcás inar le hoibreán crágúcháin/oibreáin chrágúcháin a chrágtar na micreachothaithigh dhearbhaithe, an réimse pH lena ráthaítear an chobhsaíocht inghlactha;”;

    (iv)

    scriostar fophointe (d);

    (d)

    in PFC 1(C)(II):

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

    “1.

    Na micreachothaitheach dearbhaithe sa leasachán neamhorgánach micreachothaitheach, is de réir a n-ainmneacha agus a gcuid siombailí ceimiceacha a liostófar iad, liostú a dhéanfar san ord seo a leanas: bórón (B), cóbalt (Co), copar (Cu), iarann (Fe), mangainéis (Mn), molaibdéineam (Mo) agus sinc (Zn), maille le hainm nó ainmneacha a bhfrith-iain nó a bhfrith-ian nuair is d’aon ghnó a chuirtear na micreachothaitheach dearbhaithe isteach.”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

    “2.

    I gcás inar le hoibreán crágúcháin/oibreáin chrágúcháin a chrágtar na micreachothaithigh dhearbhaithe, agus inar féidir gach oibreán crágúcháin a shainaithint agus a chainníochtú agus ina ndéanann gach ceann díobh 1 % ar a laghad de mhicreachothaitheach uiscethuaslagtha a chrágadh, nó i gcas inar le hoibreán coimpléascúcháin/oibreáin choimpléascúcháin a dhéantar na micreachothaithigh dhearbhaithe a choimpléascú, cuirfear isteach na ráitis cháilithe seo a leanas, de réir mar is infheidhme, ar lorg ainm agus shiombail cheimiceach an mhicreachothaithigh:

    ‘is le [ainm nó giorrúchán an oibreáin crágúcháin/na n-oibreán crágúcháin] a crágadh’/‘is le [ainm nó giorrúchán an oibreáin coimpléascúcháin/na n-oibreán coimpléascúcháin] a coimpléascaíodh’/‘is le [ainm nó giorrúchán an oibreáin crágúcháin/na n-oibreán crágúcháin] a crágadh agus is le [ainm nó giorrúchán an oibreáin coimpléascúcháin/na n-oibreán coimpléascúcháin] a coimpléascaíodh]’,

    méid an mhicreachothaithigh/na micreachothaitheach crágtha/chrágtha nó coimpléascaithe/choimpléascaithe ina % de réir maise;”;

    (iii)

    cuirtear isteach pointe 2a seo a leanas:

    “2a.

    I gcás inar le hoibreán crágúcháin/oibreáin chrágúcháin a chrágtar na micreachothaithigh dhearbhaithe, sonrófar an réimse pH lena ráthaítear an chobhsaíocht inghlactha.”;

    (iv)

    scriostar pointe 3;

    (3)

    leasaítear Cuid III mar a leanas:

    (a)

    in PFC 1(C):

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chéad tábla:

    Foirmeacha den chothaitheach dearbhaithe agus critéir cháilíochta paraiméadair eile a dearbhaíodh

    An lamháltas incheadaithe maidir leis an gcion macrachothaitheach dearbhaithe agus le paraiméadair dhearbhaithe eile

    Foirmeacha dearbhaithe nítrigine (N)

    ± 25 % de dhiall coibhneasta an luacha dhearbhaithe go huasmhéid 2 phointe céatadáin i ndearbhthéarmaí

    Foirmeacha dearbhaithe peantocsaíde fosfair (P2O5)

    ± 25 % de dhiall coibhneasta an luacha dhearbhaithe go huasmhéid 2 phointe céatadáin i ndearbhthéarmaí

    Foirmeacha dearbhaithe ocsaíde potaisiam (K2O)

    ± 25 % de dhiall coibhneasta an luacha dhearbhaithe go huasmhéid 2 phointe céatadáin i ndearbhthéarmaí

    Foirmeacha dearbhaithe nítrigine (N), peantocsaíd fosfair (P2O5) nó ocsaíd photaisiam (K2O) i leasacháin dhénártha

    ± 1,5 pointe céatadáin i ndearbhthéarmaí

    Foirmeacha dearbhaithe nítrigine (N), peantocsaíd fosfair (P2O5) nó ocsaíd photaisiam (K2O) i leasacháin threasacha

    ± 1,9 pointe céatadáin i ndearbhthéarmaí

    Ocsaíd mhaignéisiam (MgO), ocsaíd chailciam (CaO) agus trí-ocsaíd sulfair (SO3) iomlán agus uiscethuaslagtha

    - 50 agus + 100 % de dhiall coibhneasta chion dearbhaithe na gcothaitheach sin go huasmhéid - 2 agus + 4 phointe céatadáin i ndearbhthéarmaí

    Ocsaíd sóidiam (Na2O) iomlán agus uiscethuaslagtha

    – 25 % den chion dearbhaithe go huasmhéid 0,9 pointe céatadáin i ndearbhthéarmaí + 50 % den chion dearbhaithe go huasmhéid 1,8 pointe céatadáin i ndearbhthéarmaí

    Gráinnmhéadracht

    ± 20 % de dhiall coibhneasta an chéatadáin dhearbhaithe d’ábhar a théann trí chriathar faoi leith

    Cainníocht

    ± 1 % de dhiall coibhneasta an luacha dhearbhaithe”

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara tábla:

    Micreachothaitheach

    An lamháltas ceadaithe don chion dearbhaithe d’fhoirmeacha de mhicreachothaithigh

    Tiúchan faoi bhun 2 % nó cothrom leis

    ± 50 % den luach dearbhaithe

    Tiúchan os cionn 2 % agus faoi bhun 10 % nó cothrom leis

    ± 50 % den luach dearbhaithe go huasmhéid 1,0 pointe céatadáin i ndearbhthéarmaí

    Tiúchan os cionn 10 %

    ± 1,0 pointe céatadáin i ndearbhthéarmaí”

    (b)

    in PFC 3, an dara sraith ina leagtar amach an lamháltas don charbón orgánach, cuirtear an méid seo a leanas ina háit:

    “Carbón orgánach (Corg)

    ± 10 % de dhiall coibhneasta an luacha dhearbhaithe go huasmhéid 3,0 pointe céatadáin i ndearbhthéarmaí”

    (c)

    cuirtear an roinn seo a leanas isteach i ndiaidh “PFC 5: COSCAIRE”:

    PFC 6: BITHSPREAGAIRE PLANDAÍ

    Féadfaidh diall ± 5 % ón luach dearbhaithe a bheith i gcainníocht bhithspreagthaigh.”;

    (d)

    i dtús PFC 7, cuirtear isteach an tábla seo a leanas:

    Paraiméadar dearbhaithe

    An lamháltas ceadaithe don pharaiméadar dearbhaithe

    Cainníocht

    Suim an chion coibhneasta atá ag gach táirge leasacháin AE atá ina chomhábhar, agus an tsuim sin a iolrú faoin lamháltas don PFC le haghaidh an táirge leasacháin sin: sin é atá sa lamháltas féin. Mura féidir cion gach táirge leasacháin AE atá sa chumasctháirge leasacháin a chinneadh, is éard atá sa lamháltas ná lamháltas an PFC sin lena mbaineann an luach lamháltais is déine.”


    (*)  Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin atá le húsáid i gcothú ainmhithe (IO L 268, 18.10.2003, lch. 29).

    (**)  Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin, agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1).

    (***)  Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (IO L 37, 13.2.1993, lch. 1).

    (****)  Treoir 2002/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Bealtaine 2002 maidir le substaintí neamh-inmhianaithe i mbeatha ainmhithe (IO L 140, 30.5.2002, lch. 10).”;’


    IARSCRÍBHINN IV

    Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 mar a leanas:

    (1)

    i gCuid I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.2:

    “3.2.

    is ceadmhach Modúl B agus, ina dhiaidh sin Modúl C, a úsáid freisin i gcás cumasctháirge leasacháin de réir mar a shonraítear in PFC 7.”;

    (2)

    leasaítear Cuid II mar a leanas:

    (a)

    i Modúl A, pointe 2.2:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhophointe (g):

    “(g)

    torthaí na ríomhanna a rinneadh, na scrúduithe a rinneadh, etc.,”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhophointe (j):

    “(j)

    i gcás ina bhfuil cróimiam iomlán os cionn 200 mg/kg d’ábhar tirim sa táirge leasacháin AE, faisnéis maidir le huaschainníocht agus foinse bheacht an chróimiam iomláin (Cr).”;

    (b)

    i Modúl A1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhophointe 2.2(h):

    “(h)

    torthaí na ríomhanna a rinneadh, na scrúduithe a rinneadh, etc.,”;

    (c)

    i Modúl B, pointe 2.2:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhophointe (g):

    “(g)

    torthaí na ríomhanna a rinneadh, na scrúduithe a rinneadh, etc.,”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhophointe (k):

    “(k)

    i gcás ina bhfuil cróimiam iomlán os cionn 200 mg/kg d’ábhar tirim sa táirge leasacháin AE, faisnéis maidir le huaschainníocht agus foinse bheacht an chróimiam iomláin (Cr).”;

    (d)

    i Modúl D1, pointe 2.2:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhophointe (g):

    “(g)

    torthaí na ríomhanna a rinneadh, na scrúduithe a rinneadh, etc.,”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhophointe (k):

    “(k)

    i gcás ina bhfuil cróimiam iomlán os cionn 200 mg/kg d’ábhar tirim sa táirge leasacháin AE, faisnéis maidir le huaschainníocht agus foinse bheacht an chróimiam iomláin (Cr).”


    Top