This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1335
Commission Delegated Regulation (EU) 2021/1335 of 27 May 2021 amending Regulation (EU) 2019/787 of the European Parliament and of the Council as regards the labelling of spirit drinks resulting from the combination of a spirit drink with one or more foodstuffs
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1335 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le lipéadú deochanna biotáilleacha a eascraíonn as teaglaim de dheoch bhiotáilleach agus táirge bia amháin nó níos mó
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1335 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le lipéadú deochanna biotáilleacha a eascraíonn as teaglaim de dheoch bhiotáilleach agus táirge bia amháin nó níos mó
C/2021/3586
IO L 289, 12.8.2021, pp. 4–5
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
12.8.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 289/4 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1335 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Bealtaine 2021
lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le lipéadú deochanna biotáilleacha a eascraíonn as teaglaim de dheoch bhiotáilleach agus táirge bia amháin nó níos mó
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú táirgí eile bia, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (1), agus go háirithe Airteagal 50(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2019/787 leagtar síos rialacha maidir le tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna alcólacha a fhaightear ó theaglaim de chatagóir dí biotáillí nó tásc geografach le haghaidh deoch bhiotáilleach agus táirgí eile bia. Tugtar tuairisc ar dheochanna alcólacha den sórt sin le comhthéarmaí ina gcuirtear le chéile ainm dlíthiúil dá bhforáiltear i gcatagóirí na ndeochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin nó an tásc geografach le haghaidh deoch bhiotáilleach agus ainm táirgí eile bia. |
|
(2) |
Ní cheanglaítear le hAirteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2019/787 go dtaispeánfar ainm na dí alcólaí a eascraíonn as sin sa réimse céanna radhairc leis an gcomhthéarma. D’fhéadfadh sé sin a chur ina luí ar thomhaltóirí gurb é an comhthéarma ainm iarbhír na dí biotáillí trí dhochar a dhéanamh go míchuí do cháil catagóirí dí biotáillí nó tásc geografach, go háirithe i gcásanna inar deoch bhiotáilleach í an deoch alcólach a eascraíonn as sin. |
|
(3) |
Ceanglaítear le pointe (a) d’Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) nach mbeidh faisnéis faoi bhia míthreorach, go háirithe maidir le cineál agus céannacht an bhia. Foráiltear le hAirteagal 9 den Rialachán sin go gcuirfear faisnéis shainordaitheach faoi bhia ar fáil, lena n-áirítear ainm an táirge bia, agus ceanglaítear le hAirteagal 13 den Rialachán sin go marcálfar faisnéis shainordaitheach in áit fheiceálach sa chaoi go mbeidh sí sofheicthe gan dua, inléite go soiléir agus, i gcás inarb iomchuí, doscriosta. |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/787, tá feidhm ag na ceanglais maidir le cur i láthair agus lipéadú a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 maidir le deochanna alcólacha a eascraíonn as teaglaim de dheochanna biotáilleacha agus táirgí eile bia. Chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais sin ar an mbealach is fearr, go háirithe maidir le deochanna biotáilleacha a eascraíonn as teaglaim den sórt sin, is iomchuí é a bheith den riachtanas go dtaispeánfar ainm dlíthiúil na dí biotáillí a eascraíonn as sin sa réimse céanna radhairc leis an gcomhthéarma lena dtugtar tuairisc ar an teaglaim sin. Ba cheart é sin a dhéanamh gach uair a léirítear an comhthéarma i dtuairisc, cur i láthair nó lipéadú dí biotáillí. Cuirfidh sé sin cosc ar chleachtais mhíthreoracha agus áiritheofar go gcuirfear tomhaltóirí ar an eolas mar is ceart maidir le cineál iarbhír na ndeochanna biotáilleacha a eascraíonn as teaglaim de dheochanna biotáilleacha agus táirgí eile bia. |
|
(5) |
Níor cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin, áfach, i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 10(5) de Rialachán (AE) 2019/787, nuair a chuirtear comhthéarma lena n-áirítear an téarma “licéar” nó “uachtar” in ionad ainm dlíthiúil na dí biotáillí, ar choinníoll go gcomhlíonann an táirge deiridh ceanglais chatagóir 33 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/787 a leasú dá réir. |
|
(7) |
Ba cheart idirthréimhse a chur ar fáil chun na forálacha maidir le lipéadú a leagtar síos leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ionas gur féidir leanúint de ligean do dheochanna biotáilleacha a lipéadaíodh roimh an 31 Nollaig 2022, i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), a chur ar an margadh gan gá lena n-athlipéadú. |
|
(8) |
I gcomhréir le hAirteagal 51(3) de Rialachán (AE) 2019/787 agus chun folús rialála d’aon sórt a sheachaint, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an Rialachán seo ón 25 Bealtaine 2021, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/787, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
“3. Maidir le comhthéarmaí lena dtugtar tuairisc ar dheoch alcólach:
|
(a) |
beidh siad i gcarachtair aonfhoirmeacha ar aon chló, ar aon mhéid agus ar aon dath; |
|
(b) |
ní bhrisfear iad le haon eilimint théacsúil ná phictiúrtha nach cuid díobh í; |
|
(c) |
ní bheidh siad i gclómhéid ar mó í ná an chlómhéid a úsáidtear le haghaidh ainm na dí alcólaí; agus |
|
(d) |
i gcásanna inar deoch bhiotáilleach í an deoch alcólach, beidh ainm dlíthiúil na dí biotáillí ag gabháil léi i gcónaí, agus beidh an t-ainm sin sa réimse céanna radhairc leis an gcomhthéarma, mura gcuirtear comhthéarma in ionad an ainm dhlíthiúil i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 10(5).”. |
Airteagal 2
Deochanna biotáilleacha nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i bpointe (d) d’Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2019/787 arna leasú leis an Rialachán seo ach a chomhlíonann ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus a lipéadaíodh roimh an 31 Nollaig 2022, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 25 Bealtaine 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 130, 17.5.2019, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16).