Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0836

    Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    PE/6/2021/REV/1

    IO L 185, 26.5.2021, p. 1–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/836/oj

    26.5.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 185/1


    RIALACHÁN (AE) 2021/836 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 20 Bealtaine 2021

    lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 196 agus pointe (a) d’Airteagal 322(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (3),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (4),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Trí bhíthin an tSásra Aontais um Chosaint Shibhialta (‘an Sásra Aontais’) a rialaítear le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), neartaítear comhar idir an tAontas agus na Ballstáit agus éascaítear comhordú i réimse na cosanta sibhialta chun freagairt an Aontais do thubaistí nádúrtha agus do thubaistí de dhéantús an duine a fheabhsú.

    (2)

    Cé gur ar na Ballstáit a bhfuil an príomhchúram i dtaobh tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéantús an duine a chosc agus i dtaobh ullmhú agus freagairt do na tubaistí sin, is leis an Sásra Aontais, agus go háirithe rescEU, a dhéantar dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit a chur chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Is é an chaoi a ndéantar é sin leis an Sásra Aontais ná trí chomhfhreagairt an Aontais do thubaistí nádúrtha agus do thubaistí de dhéantús an duine a neartú trí chúltaca acmhainneachtaí a bhunú lena gcomhlánófar acmhainneachtaí na mBallstát atá ann cheana, i gcás nach leordhóthanach iad na hacmhainneachtaí a bheidh ar fáil ar an leibhéal náisiúnta, agus ar an mbealach sin go gcumasófar ullmhacht agus freagairt níos éifeachtaí, agus trí fheabhas a chur ar chosc agus ar ullmhacht i gcás tubaistí. Tá gá le leithreasuithe leormhaithe airgeadais chun acmhainneachtaí rescEU a bhunú, a imscaradh agus a oibriú agus chun bheith in ann an Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta a fhorbairt tuilleadh agus na costais bhreise a eascraíonn as deontais oiriúnaithe agus as oibriú na n-acmhainneachtaí a gealladh don Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta a chumhdach.

    (3)

    Léiríodh leis an taithí ar phaindéim COVID-19 nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe gur gá don Aontas agus do na Ballstáit a bheith ullmhaithe níos fearr chun freagairt d’éigeandálaí mórscála a mbíonn tionchar acu ar roinnt Ballstát ag an am céanna, agus gur cheart an creat dlíthiúil maidir le sláinte agus cosaint shibhialta atá ann cheana a threisiú. Tá sé tugtha chun suntais freisin le paindéim COVID-19, maidir leis na hiarmhairtí ar shláinte an duine, ar an gcomhshaol, ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar a bhíonn ag tubaistí, conas is féidir leis na hiarmhairtí sin a bheith chomh millteanach sin. Le linn phaindéim COVID-19, bhí an tAontas in ann, bunaithe ar na forálacha atá i gCinneadh Uimh. 1313/2013/AE cheana, forálacha cur chun feidhme a ghlacadh go mear chun acmhainneachtaí rescEU a leathnú chun stoc-charnadh frithbhearta leighis a áireamh, comhdhéanta de vacsaíní agus cógais leighis theiripeacha, agus trealamh leighis dianchúraim, trealamh cosanta pearsanta agus soláthairtí saotharlainne, chun críche ullmhachta agus freagartha maidir le bagairt trasteorann thromchúiseach ar an tsláinte. D'fhonn éifeachtacht i dtaca le gníomhaíochtaí ullmhachta agus freagartha a fheabhsú, d’fhéadfadh forálacha nua lena neartaítear an creat dlíthiúil atá ann faoi láthair, lena n-áirítear trí chumasú don Choimisiúin, faoi choinníollacha sonracha, acmhainneachtaí riachtanacha rescEU a sholáthar go díreach, d’fhéadfadh na forálacha nua sin an aga imscartha a laghdú tuilleadh amach anseo. Tá sé tábhachtach freisin go ndéanfaí oibríochtaí rescEU a chomhordú go maith leis na húdaráis náisiúnta cosanta sibhialta.

    (4)

    D’iarr comhaltaí na Comhairle Eorpaí ina Ráiteas Comhpháirteach an 26 Márta 2020 agus d'iarr Parlaimint na hEorpa ina rún an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac (6) ar an gCoimisiún tograí a dhéanamh le haghaidh córas bainistithe géarchéimeanna atá níos uaillmhianaí agus níos fadréimsí laistigh den Aontas.

    (5)

    Mar gheall ar an athrú aeráide, tá méadú ag teacht ar mhinicíocht, déine agus castacht tubaistí nádúrtha laistigh den Aontas agus ar fud an domhain, agus dá bhrí sin ar an ngá le hardleibhéal dlúthpháirtíochta i measc tíortha. D’fhéadfadh tubaistí nádúrtha, amhail dóiteáin foraoise, a bheith mar chúis lebás, caillteanas slite beatha agus caillteanas bithéagsúlachta, mar aon le sceitheadh méideanna móra astaíochtaí carbóin, agus laghdú acmhainneachta ionsúcháin carbóin an phláinéid, rud a dhéanann an t-athrú aeráide a ghéarú tuilleadh. Tá sé bunriachtanach, dá bhrí sin, go ndéanfar cosc ar thubaistí, ullmhacht dóibh agus freagairt dóibh a neartú agus go mbeidh acmhainneachtaí leordhóthanacha sa Sásra Aontais, lena n-áirítear le linn idirthréimhse rescEU, chun gníomhú nuair a tharlaíonn dóiteáin foraoise agus tubaistí nádúrtha eile a bhaineann leis an athrú aeráide.

    (6)

    Tá an tAontas tiomanta i gcónaí do chosaint shibhialta atá íogair ó thaobh inscne de, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí sonracha, agus do mhalartú dea-chleachtas maidir le saincheisteanna a bhaineann le hinscne agus a thagann chun cinn le linn tubaistí agus díreach ina ndiaidh, lena n-áirítear an tacaíocht a chuirtear ar fáil d’íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe.

    (7)

    Ar bhonn phrionsabail dhlúthpháirtíocht agus chumhdach uilíoch na seirbhísí sláinte ardcháilíochta agus ról lárnach an Aontais maidir le dlús a chur le dul chun cinn i dtaobh dúshláin dhomhanda sláinte, ba cheart don Sásra Aontais rannchuidiú le feabhas a chur, i ndáil le héigeandálaí leighis freisin, ar an acmhainneacht choisctheach, ullmhachta agus freagartha.

    (8)

    Moltar do na Ballstáit, agus lánurraim á tabhairt dá struchtúir náisiúnta, a áirithiú go bhfuil chéad fhreagróirí feistithe agus ullmhaithe go leormhaith chun freagairt do thubaistí.

    (9)

    Chun comhar maidir le freagairt do thubaistí a neartú, ba cheart próisis riaracháin a chuíchóiriú i gcás inar féidir chun idirghabháil phras a áirithiú.

    (10)

    D'fhonn a bheith níos ullmhaithe sa todhchaí nuair a thabharfar aghaidh ar thubaistí a mbeidh tionchar acu ar roinnt Ballstát, tá gá le gníomhaíocht phráinneach chun an Sásra Aontais a threisiú. Ba cheart go mbeadh treisiú an tSásra Aontais comhlántach le beartais agus cistí an Aontais agus níor cheart go ngabhfaidh an méid sin in ionad phrionsabal na hathléimneachta ó thubaistí a phríomhshruthú isteach sna beartais agus sna cistí sin.

    (11)

    Tá sonraí maidir le caillteanais de dheasca tubaistí ríthábhachtach chun measúnú láidir a dhéanamh ar rioscaí, chun cásanna fianaisebhunaithe do thubaistí a d’fhéadfadh a bheith ann a fhorbairt agus chun bearta éifeachtacha bainistithe riosca a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit leanúint de bheith ag oibriú chun feabhas a chur ar bhailiú sonraí maidir le caillteanas de dheasca tubaiste, i gcomhréir leis na gealltanais a tugadh cheana faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta, amhail Creat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaistí 2015-2030, Comhaontú Pháras arna ghlacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (7) agus Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe.

    (12)

    Chun feabhas a chur ar athléimneacht agus ar phleanáil maidir le tubaistí a chosc, agus maidir le hullmhacht agus freagairt dóibh, ba cheart don Aontas leanúint de infheistíocht a mholadh i dtaca le cosc ar thubaistí ar fud na dteorainneacha agus na n-earnálacha, agus i dtaca le cuir chuige chuimsitheacha maidir le bainistiú riosca atá ina mbonn leis an gcosc agus leis an ullmhacht, ag cur san áireamh cur chuige i leith gach cineál guaise, cur chuige atá bunaithe ar an éiceachóras agus ar an tionchar is dócha a bheidh ag an athrú aeráide, i ndlúthchomhar leis na pobail eolaíocha ábhartha, le hoibreoirí eacnamaíocha tábhachtacha, le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha a oibríonn sa réimse, gan dochar do sásraí seanbhunaithe an Aontais um chomhordú ná d’inniúlacht na mBallstát. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún oibriú i gcomhar leis na Ballstáit chun spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí a shainiú agus a fhorbairt i réimse na cosanta sibhialta, mar bhonnlíne choiteann neamhcheangailteach chun tacú le gníomhaíochtaí coisctheacha agus ullmhachta i gcás tubaistí a bhfuil tionchar mór acu atá ina gcúis le héifeachtaí trasteorann iltíre nó a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héifeachtaí trasteorann iltíre (i.e. éifeachtaí ar roinnt tíortha, gan beann ar cé acu an bhfuil teorainn acu le chéile nó nach bhfuil). Maidir leis na hiarmhairtí sóisialta láithreacha a bhaineann le tubaistí agus an gá a áirithiú go ndéantar feidhmeanna criticiúla na sochaí a chaomhnú, ba cheart iad a chur san áireamh le spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí.

    (13)

    Tá sé ríthábhachtach measúnuithe agus anailísí rialta riosca a dhéanamh ar chásanna tubaiste ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal fonáisiúnta, chun bearnaí sa chosc agus san ullmhacht a bhrath agus chun athléimneacht a threisiú, lena n-áirítear trí chistí an Aontais a úsáid. Sna measúnuithe riosca agus sna hanailísí sin ar chásanna tubaiste ba cheart go ndíreofaí ar rioscaí a bhaineann go sonrach leis an réigiún lena mbaineann agus ba cheart comhar trasteorann a chumhdach leo, i gcás inarb ábhartha.

    (14)

    Agus spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí á bhforbairt chun tacú le gníomhaíochtaí maidir le cosc agus ullmhacht, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar iarmhairtí tubaistí do ghrúpaí leochaileacha.

    (15)

    Is den mhórthábhacht an ról atá ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le tubaistí a chosc agus a bhainistiú agus i gcás inarb iomchuí áirítear a n-acmhainneachtaí i measc na ngníomhaíochtaí a chuirtear i gcrích faoi Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE chun aon fhorluí a laghdú agus idir-inoibritheacht a chothú. Tá gá freisin, dá bhrí sin, le comhar leanúnach ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach thar theorainneacha, d’fhonn córais choiteanna foláireamh a fhorbairt le haghaidh mear-idirghabhála sula ndéanfar an Sásra Aontais a ghníomhachtú. Ar an gcaoi chéanna, agus ag féachaint do struchtúir náisiúnta, tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, don ghá atá ann cúnamh oiliúna teicniúil a sholáthar do phobail áitiúla chun feabhas a chur ar a n-acmhainneachtaí céadfhreagartha. Tá sé tábhachtach freisin go gcoinneofaí an pobal ar an eolas maidir le bearta freagartha tosaigh.

    (16)

    Ba cheart don Sásra Aontais leanúint de shineirgíochtaí a shaothrú le creat an Aontais maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil.

    (17)

    Mar ionad oibríochtúil ar leibhéal an Aontais a fheidhmíonn 24 uair sa lá agus 7 lá sa tseachtain, a bhfuil an acmhainneacht ann oibríochtaí a leanúint agus tacú leo i gcás éigeandálaí de chineálacha éagsúla, laistigh den Aontas agus lasmuigh de, i bhfíor-am, ba cheart an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha (‘ERCC’) a neartú tuilleadh. Ba cheart a áireamh air sin comhordú feabhsaithe ERCC le húdaráis náisiúnta cosanta sibhialta na mBallstát, chomh maith le comhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais. Cuireann eolaithe, agus Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh freisin, a gcuid saineolais ar fáil d’obair ERCC.

    (18)

    Ba cheart don Sásra Aontais úsáid a bhaint as bonneagar spáis an Aontais amhail Clár an Aontais um Fhaire agus um Fhaireachán na Cruinne (Copernicus), Galileo, Feasacht Staide an Spáis agus GOVSATCOM, a soláthraíonn uirlisí tábhachtacha ar leibhéal an Aontais chun freagairt d’éigeandálaí inmheánacha agus seachtracha. Tugann Córais Bhainistithe Éigeandálaí Copernicus tacaíocht ar fáil d’ERCC le linn na gcéimeanna éigeandála éagsúla ón luathrabhadh agus ón gcosc go dtí an fhreagairt do thubaistí agus an téarnamh. Le GOVSATCOM, soláthraítear cumas cumarsáide satailíte sláine atá curtha in oiriúint do riachtanais úsáideoirí an rialtais i mbainistiú éigeandálaí. Is é clár Galileo an chéad bhonneagar domhanda loingseoireachta agus suite satailíte a ceapadh go sonrach chun críoch sibhialta san Eoraip agus ar fud an domhain, agus féadtar é a úsáid i réimsí eile amhail bainistiú éigeandálaí, lena n-áirítear gníomhaíochtaí luathrabhaidh. Ar sheirbhísí Galileo, áirítear seirbhís éigeandála a dhéanann rabhaidh trí chomharthaí astaithe a chraoladh i ndáil le tubaistí nádúrtha nó de dhéantús an duine eile i réimsí áirithe. I bhfianaise a hacmhainneacht chun beatha daoine a shábháil agus comhordú gníomhaíochtaí éigeandála a éascú, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun úsáid a bhaint as Galileo. I gcás ina gcinnfidh siad an tseirbhís a úsáid, chun an córas a bhailíochtú, ba cheart do na Ballstáit na húdaráis náisiúnta atá inniúil ar Galileo a úsáid a shainaithint agus fógra a thabhairt don Choimisiún i leith na n-údarás sin.

    (19)

    Le linn phaindéim COVID-19, sainaithníodh an easpa acmhainní leordhóthanacha iompair agus lóistíochta mar chonstaic bharrthábhachtach a mhéid a bhain le cumas na mBallstát cúnamh a sholáthar nó a fháil. Dá bhrí sin, ba cheart acmhainní iompair agus acmhainní lóistíochta a shainmhíniú mar acmhainneachtaí rescEU. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún ionas go mbeidh sé in ann acmhainní iompair agus acmhainní lóistíochta a shainmhíniú mar acmhainneachtaí rescEU agus ionas go mbeidh sé in ann na hacmhainneachtaí sin a fháil ar cíos, a fháil ar léas nó a fháil ar conradh ar bhealach eile oiread agus is gá chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí i réimsí an iompair agus na lóistíochta. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).. Ina theannta sin, chun go mbeadh an acmhainneacht oibríochtúil ann chun freagairt go gasta do thubaiste ar mhórscála atá ina cúis le héifeachtaí trasteorann iltíre nó a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le héifeachtaí trasteorann iltíre nó do theagmhas lena ngabhann dóchúlacht íseal ach tionchar mór, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag an Aontas, i gcásanna práinne a bhfuil údar cuí leo, agus i gcomhairle leis na Ballstáit, trí ghníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh de bhun an nós imeachta práinne, acmhainní ábharacha agus seirbhísí tacaíochta riachtanacha a shainmhínítear mar acmhainneachtaí rescEU a fháil, a fháil ar cíos, a fháil ar léas nó a fháil ar conradh ar bhealach eile, i gcás nach féidir leis na Ballstáit na hacmhainní agus seirbhísí sin a chur ar fáil láithreach. A bhuí leis sin, bheadh an tAontas in ann freagra a thabhairt gan mhoill ar éigeandálaí a bhféadadh tionchar mór a bheith acu ar shaol daoine, ar an tsláinte, ar an gcomhshaol, ar mhaoin, nó ar an oidhreacht chultúrtha, agus difear a dhéanamh do roinnt Ballstát ag an am céanna. Ní áirítear ar na hacmhainní ábharacha sin modúil, foirne agus catagóirí saineolaithe agus tá sé i gceist leo cabhrú leis na Ballstáit a bhfuil ró-ualach orthu mar gheall ar thubaistí.

    (20)

    Chun an úsáid is fearr a bhaint as an taithí a fuarthas go dtí seo le líonraí iontaofa lóistíochta arna mbainistiú ag eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha laistigh den Aontas, amhail Iostaí Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar na líonraí sin agus acmhainneachtaí rescEU á bhfáil, á bhfáil ar cíos, á bhfáil ar léas nó á bhfáil ar conradh ar bhealach eile acu. Ba cheart go mbeadh baint iomchuí ag gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus go rachfaí i gcomhairle leo go hiomchuí in ábhair a bhaineann leis an Sásra Aontais a thagann faoina sainchúram. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachfaí i gcomhairle leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú i gcás inarb iomchuí maidir le sainiú, bainistiú agus dáileadh na n-acmhainneachtaí atá tiomnaithe do fhreagairt d’éigeandálaí leighis.

    (21)

    Ba cheart é a bheith indéanta úsáid a bhaint as acmhainneachtaí rescEU arna bhfáil, arna bhfáil ar cíos, arna bhfáil ar léas nó arna bhfháil ar conradh ar bhealach eile ag na Ballstáit chun críocha náisiúnta, ach níor cheart úsáid a bhaint as na hacmhainneachtaí sin ach amháin nuair nach n-úsáidtear le haghaidh oibríochtaí freagartha faoin Sásra Aontais iad nó nach bhfuil gá leo sa chás sin.

    (22)

    Tá leas ag an Aontas i dtaca le freagairt d’éigeandálaí i dtríú tíortha, i gcás inar gá. Ós rud é gur bunaíodh go príomha iad mar líontán sábhála laistigh den Aontas, i gcásanna cuí-réasúnaithe agus prionsabail dhaonnúla á gcur san áireamh, ba cheart é a bheith indéanta acmhainneachtaí rescEU a imscaradh lasmuigh den Aontas. Ba cheart an cinneadh maidir le himscaradh a dhéanamh i gcomhréir leis na forálacha atá ann cheana maidir le cinntí imscartha acmhainneachtaí rescEU.

    (23)

    Ba cheart a áirithiú leis an Sásra Aontais go mbeidh dáileadh geografach leormhaith ar chúltacaí, lena n-áirítear maidir le frithbhearta leighis bunriachtanacha agus trealamh cosanta pearsanta, go háirithe iad siúd a fhreagraíonn do thubaistí lena ngabhann dóchúlacht íseal ach tionchar mór, i sineirgíocht leis an gClár ‘AE ar son na Sláinte’ arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), leis an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála arna bunú faoi Rialachán (AE) 2016/369 ón gComhairle (10), leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta arna bunú faoi Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus le beartais, cláir agus cistí eile de chuid an Aontais agus ar bhealach lena gcomhlánaítear stoc-charnadh náisiúnta ar leibhéal an Aontais i gcás inar gá.

    (24)

    Tá léirithe ag paindéim COVID-19 a fhíorthábhachtach agus atá sé eolas ábhartha a thabhairt le chéile go córasach agus a roinnt ar fud gach céime den timthriall bainistithe riosca tubaiste. Léirítear leis na torthaí sin agus leis an taithí a fuarthas go dtí seo agus an Líonra Eolais Eorpach um Chosaint Shibhialta á fhorbairt gur cheart a ról mar aonad próiseála laistigh den Sásra Aontais a bheachtú tuilleadh.

    (25)

    Tá sé bunriachtanach an t-iompar agus na hacmhainní lóistíochta is gá a fháil ionas go mbeidh an tAontas in ann freagairt do chás éigeandála de chineál ar bith laistigh den Aontas agus lasmuigh de. Tá sé ríthábhachtach iompar agus seachadadh tráthúil an chúnaimh agus na cabhrach a áirithiú laistigh den Aontas, agus chuig tíortha lasmuigh den Aontas agus ó lasmuigh den Aontas freisin. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh na tíortha a ndéantar difear dóibh in ann cúnamh a iarraidh nach n-áireofaí air ach acmhainní iompair agus lóistíochta.

    (26)

    Leagtar amach i gCinneadh Uimh. 1313/2013/AE imchlúdach airgeadais don Sásra Aontais arb ionann é agus an príomh-mhéid tagartha de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (12) atá beartaithe chun an caiteachas ar an gclár a chumhdach go dtí deireadh na tréimhse buiséadaí 2014-2020. Ba cheart an t-imchlúdach airgeadais sin a nuashonrú, amhail ón 1 Eanáir 2021,dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (13), chun na figiúirí nua dá bhforáiltear sa Rialachán sin a léiriú.

    (27)

    I gcomhréir le Rialachán AE 2020/2094 ón gComhairle (14) lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh agus laistigh de theorainneacha na n-acmhainní a leithdháiltear ann, ba cheart bearta téarnaimh agus athléimneachta faoi Shásra an Aontais a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar thionchar na géarchéime a tharla de dheasca phaindéim COVID-19, ar tionchar é nach bhfacthas a leithéid roimhe seo. Ba cheart go n-áireofaí sna bearta sin, go háirithe, bearta chun leibhéal ullmhachta an Aontais do ghéarchéimeanna a mhéadú agus a áirithiú gur féidir leis an Aontas freagairt a thabhairt go tapa agus go héifeachtach i gcás éigeandálaí móra, lena n-áirítear soláthairtí agus trealamh leighis fíor-riachtanacha a stoc-charnadh agus na bonneagair riachtanacha a fháil i gcomhair mearfhreagartha i gcás géarchéime. Ba cheart na hacmhainní breise sin a úsáid ar bhealach lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar na teorainneacha ama dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2020/2094.

    (28)

    Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras a chur chun feidhme, agus leis an ngealltanas do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, ba cheart go rannchuideodh na gníomhaíochtaí faoi Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE le baint amach sprice foriomláine de 30 % ar a laghad de mhéid iomlán bhuiséad an Aontais agus chaiteachais Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh ag tacú le cuspóirí aeráide agus uaillmhian 7,5 % den bhuiséad ag léiriú caiteachais bhithéagsúlachta in 2024 agus 10 % in 2026 agus 2027 agus an forluí atá ann cheana idir spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta á chur san áireamh.

    (29)

    Ós rud é go soláthraítear breisluach suntasach don Aontas de bharr acmhainneachtaí rescEU a imscaradh le haghaidh oibríochtaí freagartha faoin Sásra Aontais trí fhreagairt éifeachtach, ghasta a áirithiú do dhaoine i gcásanna éigeandálaí, ba cheart oibleagáidí breise maidir le hinfheictheacht a leagadh síos d’fhonn faisnéis a sholáthar do shaoránaigh an Aontais agus do na meáin agus chomh maith leis sin chun go mbeidh infheictheacht anAontais chun tosaigh. Ba cheart go bhfaigheadh údaráis náisiúnta treoracha cumarsáide ón gCoimisiún do gach idirghabháil ar leith chun a áirithiú go ndéanfar ról an Aontais a phoibliú go hiomchuí.

    (30)

    Agus taithí oibríochtúil is déanaí á cur san áireamh, chun an Sásra Aontais a neartú tuilleadh agus go háirithe chun an próiseas maidir le cur chun feidhme mear rescEU a shimpliú, ba cheart costais forbartha acmhainneachtaí uile rescEU a mhaoiniú go hiomlán ó bhuiséad an Aontais.

    (31)

    Chun tacú leis na Ballstáit cúnamh a chur ar fáil lasmuigh den Aontas freisin, ba cheart an Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta a threisiú tuilleadh trí chostais oibriúcháin na n-acmhainneachtaí a gealladh a chómhaoiniú ar an leibhéal céanna, gan beann ar cé acu laistigh den Aontas nó lasmuigh de a imscarfar iad.

    (32)

    Chun solúbthacht a áirithiú maidir le tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit le hacmhainní iompair agus lóistíochta, go háirithe i gcás tubaistí ar mhórscála, ba cheart é a bheith indéanta maoiniú iomlán a chur ar fáil ó bhuiséad an Aontais d’iompar lastais, modhanna lóistíochta agus seirbhísí a úsáidtear mar acmhainneachtaí rescEU laistigh den Aontas nó chuig an Aontas ó thríú tíortha.

    (33)

    Ba cheart don Sásra Aontais an cúnamh iompair is gá i gcás tubaistí comhshaoil a sholáthar freisin trí chur i bhfeidhm an phrionsabail gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, faoi fhreagracht na n-údarás inniúil náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 191(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus i gcomhréir le Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

    (34)

    Chun solúbthacht a mhéadú agus chun cur chun feidhme optamach den bhuiséad a bhaint amach, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo do bhainistíocht indíreach mar mhodh cur chun feidhme an bhuiséid, a úsáidfear i gcás ina bhfuil údar cuí leis mar thoradh ar nádúr agus ábhar na gníomhaíochta lena mbaineann.

    (35)

    I gcomhréir le hAirteagal 193(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) (‘an Rialachán Airgeadais’), féadfar deontas a dhámhachtain do ghníomhaíocht, atá tosaithe cheana, ar choinníoll gur féidir leis an iarratasóir a thaispeáint gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula síneofar an comhaontú deontais. Mar sin féin, ní incháilithe na costais a thabhófar roimh an dáta a thíolacfar an t-iarratas ar dheontas, ach amháin i gcásanna eisceachtúla cuí-réasúnaithe. Chun aon chur isteach ar thacaíocht ón Aontas a sheachaint, a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais, ba cheart an deis a bheith ann foráil a dhéanamh sa chinneadh maoiniúcháin, ar feadh tréimhse teoranta ama ag tús an chreata airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, agus i gcásanna cuí-réasúnaithe amháin, d’incháilitheacht costas a tabhaíodh i ndáil le gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoi Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE agus a bhfuil tús curtha leo cheana féin, ón 1 Eanáir 2021, fiú más rud é gur tabhaíodh na costais sin sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.

    (36)

    Chun intuarthacht agus éifeachtacht fhadtéarmach a chur chun cinn agus Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE á chur chun feidhme, ba cheart don Choimisiún cláir oibre bhliantúla nó ilbhliantúla a ghlacadh ina léirítear na leithdháiltí beartaithe. Leis sin ba cheart cabhrú le solúbthacht an Aontais i dtaca le forfheidhmiú buiséadach agus, dá bharr sin, feabhas a chur ar a chuid gníomhaíochtaí maidir le cosc agus ullmhacht. Ina theannta sin, ba cheart leithdháiltí réamh-mheasta amach anseo a thíolacadh agus a phlé ar bhonn bliantúil sa choiste a thugann cúnamh don Choimisiún i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    (37)

    Tugann an Coimisiún tuarascálacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an tSásra Aontais i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

    (38)

    Tá feidhm ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus socraítear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme le deontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil maidir le seiceálacha i dtaobh freagracht gníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

    (39)

    Cé go bhfuil bearta maidir le cosc agus ullmhacht fíor-riachtanach chun cur le hathléimneacht an Aontais agus é ag dul i ngleic le tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine, ní féidir tarlú, uainiú ná ollmhéid tubaistí a thuar, mar go bhfuil sé intuigthe leo go dtarlaíonn siad gan choinne. Mar a léiríodh le linn ghéarchéim COVID-19 le déanaí, maidir le hacmhainní airgeadais is gá chun freagairt leormhaith a áirithiú, féadann siad a bheith éagsúil ó bhliain go bliain agus ba cheart iad a chur ar fáil láithreach. Chun prionsabal buiséadach na hintuarthachta agus an gá atá le freagairt go mear do riachtanais nua a thabhairt le chéile, is gá cur chun feidhme airgeadais na gclár oibre a oiriúnú dá bhrí sin. Dá réir sin, is iomchuí tabhairt anonn leithreasuithe nár úsáideadh a údarú, agus a theorannú don bhliain dár gcionn agus a bheith dírithe go hiomlán ar ghníomhaíochtaí freagartha, sa bhreis ar an tabhairt anonn leithreasuithe a údaraítear faoi Airteagal 12(4) den Rialachán Airgeadais.

    (40)

    I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (18), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (19) agus (AE) 2017/1939 (20) ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontas comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontas cearta coibhéiseacha. Ar an gcúis sin, ba cheart forálacha a bheith sna comhaontuithe le tríú tíortha agus críocha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus in aon chonradh nó comhaontú a thiocfaidh as Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE a chur chun feidhme, ar forálacha iad lena dtabharfar de chumhacht don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí, do OIPE agus do OLAF go sainráite iniúchtaí, seiceálacha agus cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh ar an láthair i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach agus lena n-áiritheofar go dtabharfaidh aon tríú páirtí a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

    (41)

    Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a bheith rannpháirteach i gcláir an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (22), ina ndéantar foráil do chur chun feidhme na gclár ar bhonn cinneadh arna ghlacadh faoin gComhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach freisin ar bhonn ionstraimí dlí eile. Ba cheart foráil ar leith a thabhairt isteach le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE lena gcuirfear de cheangal ar thríú tíortha na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú go cuimsitheach.

    (42)

    Le linn phaindéim COVID-19, chun go mbeadh acmhainneachtaí rescEU ag feidhmiú agus chun go mbeadh an Sásra Aontais in ann freagairt go héifeachtach do riachtanais shaoránaigh an Aontais, tá leithreasaí airgeadais breise curtha ar fáil chun gníomhaíochtaí faoin Sásra Aontais a mhaoiniú. Tá sé tábhachtach an tsolúbthacht is gá a thabhairt don Aontas ionas go mbeidh sé in ann freagairt go héifeachtach do chineál dothuartha tubaistí, agus ag an am céanna intuarthacht áirithe a choinneáil i gcomhlíonadh na gcuspóirí a leagtar amach i gCinneadh Uimh. 1313/2013/AE. Tá sé tábhachtach an chothromaíocht is gá a bhaint amach i gcomhlíonadh na gcuspóirí sin. Chun na céatadáin a leagtar amach in Iarscríbhinn I a nuashonrú, i gcomhréir le tosaíochtaí an tSásra Aontais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (23). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (43)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE a leasú dá réir sin.

    (44)

    Chun leanúnachas sholáthar na tacaíochta sa réimse beartais ábhartha a áirithiú agus ionas go bhféadfar tosú ar chur chun feidhme chlár Pericles IV ó thús Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

    ‘2.   Is iad daoine go príomha a chumhdófar leis an gcosaint atá le háirithiú faoin Sásra Aontais, ach chomh maith leis sin cumhdófar an comhshaol agus maoin, lena n-áirítear oidhreacht chultúrtha, i gcoinne gach cineáil tubaiste nádúrtha agus de dhéantús an duine, lena n-áirítear iarmhairtí gníomhartha sceimhlitheoireachta, tubaistí teicneolaíocha, raideolaíocha nó comhshaoil, muirthruailliú, éagobhsaíocht hidrigeolaíoch agus géar-éigeandálaí sláinte, a tharlóidh laistigh nó lasmuigh den Aontas. I gcás iarmhairtí gníomhartha sceimhlitheoireachta nó tubaistí raideolaíocha, ní fhéadfaidh an Sásra Aontais ach gníomhaíochtaí ullmhachta agus freagartha amháin a chumhdach.

    3.   Cuirfidh an Sásra Aontais dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit chun cinn trí chomhar agus chomhordú praiticiúil, gan dochar do phríomhfhreagracht na mBallstát daoine, an comhshaol agus maoin a chosaint, lena n-áirítear oidhreacht chultúrtha, ar a gcríoch ar thubaistí, agus cumais leordhóthanacha a thabhairt dá gcórais bainistithe tubaistí chun gur féidir leo déileáil go himleor agus go comhsheasmhach le tubaistí, agus iad a chosc, ar tubaistí iad de nádúr agus méid ar féidir a bheith ag súil leo agus ullmhaithe lena n-aghaidh go réasúnta.’;

    (2)

    Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    ‘(c)

    freagairt thapa agus éifeachtach a éascú i gcás tubaistí nó tubaistí atá ar tí tarlú, lena n-áirítear trí bhearta a dhéanamh chun iarmhairtí láithreacha na dtubaistí sin a mhaolú agus na Ballstáit a spreagadh chun oibriú i dtreo bacainní maorlathacha a bhaint;’;

    (b)

    i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    ‘(b)

    dul chun cinn maidir leis an leibhéal ullmhachta a mhéadú i leith tubaistí: arna thomhas bunaithe ar chainníocht na n-acmhainneachtaí freagartha san áireamh sa Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta i ndáil leis na spriocanna acmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 11, an líon modúl cláraithe sa Chomhchóras Cumarsáide agus Faisnéise Éigeandála (CECIS) agus líon acmhainneachtaí rescEU arna mbunú chun cúnamh a thabhairt i staideanna treascracha;’;

    (3)

    in Airteagal 4, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

    ‘4a.   ciallaíonn ‘spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí’ cuspóirí neamhcheangailteacha a bunaíodh i réimse na cosanta sibhialta chun tacú le gníomhaíochtaí coisctheacha agus ullmhachta chun feabhas a chur ar acmhainneacht an Aontais agus na mBallstát éifeachtaí tubaiste atá ina cúis le héifeachtaí trasteorann iltíre nó a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le héifeachtaí trasteorann iltíre a sheasamh;’;

    (4)

    in Airteagal 5, leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    ‘(c)

    forléargas trasearnála agus léarscáil de rioscaí tubaiste nádúrtha agus de dhéantús an duine a bhunú agus a nuashonrú go tráthrialta, lena n-áirítear rioscaí de thubaistí ar cúis iad le héifeachtaí trasteorann iltíre nó a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héifeachtaí trasteorann iltíre, a d’fhéadfadh a bheith i ndán don Aontas, trí chur chuige comhleanúnach a ghlacadh sna réimsí beartais difriúla lenarbh fhéidir aghaidh a thabhairt ar chosc tubaistí, nó difear a dhéanamh dó, agus aird chuí á tabhairt ar na tionchair is dócha a bheadh ag athrú aeráide;’;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

    ‘(g)

    tuairisc a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle go tréimhsiúil, i gcomhréir leis na spriocdhátaí a leagtar amach i bpointe (d) d’Airteagal 6(1), ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme Airteagal 6;’;

    (5)

    Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    ‘(c)

    an phleanáil a dhéanann siad maidir le bainistiú rioscaí tubaistí a fhorbairt agus a bheachtú tuilleadh ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal fonáisiúnta iomchuí, lena n-áirítear maidir le comhar trasteorann, agus spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí dá dtagraítear in mír 5 á gcur san áireamh nuair is ann dóibh, agus na rioscaí a bhaineann le tubaistí is cúis le héifeachtaí trasteorann iltíre nó a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis leo;’;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d) agus (e):

    ‘(d)

    achoimre ar eilimintí ábhartha na measúnuithe dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) a chur ar fáil don Choimisiún, ag díriú ar na príomhrioscaí. I gcás príomhrioscaí lena mbaineann tionchair thrasteorann agus rioscaí a bhaineann le tubaistí ar cúis iad le héifeachtaí trasteorann iltíre nó a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héifeachtaí trasteorann iltíre, agus, i gcás inarb iomchuí, rioscaí lena ngabhann dóchúlacht íseal ach tionchar mór, tabharfaidh na Ballstáit tuairisc ar bhearta tosaíochta maidir le cosc agus ullmhacht. Cuirfear an achoimre ar fáil don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2020 agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, agus chomh maith leis sin i gcás ina mbeidh athruithe tábhachtacha ann;’;

    (e)

    beidh siad rannpháirteach, ar bhonn deonach, i bpiarmheasúnuithe ar an measúnú ar an gcumas bainistithe riosca;’;

    (f)

    i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta, feabhas a chur ar bhailiú sonraí maidir le caillteanas de dheasca tubaistí, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal fo-náisiúnta iomchuí chun cruthú creatlaí cáis ar bhonn fianaise dá dtagraítear in Airteagal 10(1) a áirithiú, agus ar shainaithint bearnaí sna hacmhainneachtaí freagartha do thubaistí.’;

    (b)

    cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    ‘5.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí a bhunú agus a fhorbairt i réimse na cosanta sibhialta, agus moltaí a ghlacadh chun iad a shainiú mar bhonnlíne choiteann neamhcheangailteach chun tacú le gníomhaíochtaí coisctheacha agus ullmhachta i gcás tubaistí atá nó a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héifeachtaí trasteorann iltíre. Beidh na spriocanna sin bunaithe ar chásanna reatha agus réamhbhreathnaitheacha, lena n-áirítear tionchair an athraithe aeráide ar rioscaí tubaiste, sonraí faoi theagmhais atá thart agus measúnú tionchair trasearnála, ina dtugtar aird faoi leith ar ghrúpaí leochaileacha. Agus spriocanna maidir le hathléimneacht ó thubaistí á bhforbairt aige, cuirfidh an Coimisiún tubaistí a tharlaíonn arís agus arís eile i mBallstáit san áireamh agus molfaidh sé do na Ballstáit bearta sonracha a dhéanamh, lena n-áirítear aon bhearta atá le cur chun feidhme trí chistí an Aontais a úsáid, chun athléimneacht ó thubaistí den sórt sin a neartú.’;

    (6)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 7 agus 8:

    ‘Airteagal 7

    Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha

    1.   Bunaítear leis seo Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha (ERCC). Áiritheoidh ERCC acmhainneacht oibríochtúil 24/7, agus cuideoidh sé leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún agus iad ag gabháil do chuspóirí an tSásra Aontais.

    Déanfaidh ERCC go háirithe freagairt d’éigeandálaí ar leibhéal an Aontais a chomhordú, déanfaidh sé faireachán ar an bhfreagairt agus tacóidh sé léi i bhfíor-am. Oibreoidh ERCC i ndlúth-theagmháil leis na húdaráis náisiúnta cosanta sibhialta agus le comhlachtaí ábhartha an Aontais chun cur chuige trasearnála maidir le bainistiú tubaistí a chur chun cinn.

    2.   Beidh rochtain ag ERCC ar acmhainneachtaí oibríochtúla, anailíseacha, faireacháin, bainistithe agus chumarsáide chun aghaidh a thabhairt ar réimse leathan éigeandálaí laistigh den Aontas agus lasmuigh de.

    Airteagal 8

    Gníomhaíochtaí ginearálta ullmhachta an Choimisiúin

    1.   Déanfaidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí ullmhachta seo a leanas:

    (a)

    ERCC a bhainistiú;

    (b)

    CECIS a bhainistiú lena gcumasófar cumarsáid agus comhroinnt faisnéise idir ERCC agus pointe teagmhála na mBallstát;

    (c)

    oibriú i gcomhar leis na Ballstáit:

    (i)

    córais bhraite thrasnáisiúnta agus córais luathrabhaidh chun leas an Aontais a fhorbairt chun éifeachtaí láithreacha tubaistí a mhaolú;

    (ii)

    comhtháthú níos fearr a dhéanamh ar na córais bhraite thrasnáisiúnta agus córais luathrabhaidh atá ann cheana bunaithe ar chur chuige ilghuaiseach, d'fhonn an tréimhse feithimh a thógann sé freagairt do thubaistí a laghdú;

    (iii)

    an cumas um fheasacht staide agus anailíse a choinneáil ar bun agus a fhorbairt;

    (iv)

    faireachán a dhéanamh ar thubaistí agus, i gcás inarb ábhartha, ar thionchair an athraithe aeráide, agus comhairle bunaithe ar eolas eolaíochta a chur ar fáil ina dtaobh;

    (v)

    faisnéis oibríochtúil a dhéanamh den fhaisnéis eolaíochta;

    (vi)

    comhpháirtíochtaí eolaíochta Eorpacha a chruthú, a choinneáil ar bun agus a fhorbairt, a chumhdódh guaiseacha nádúrtha agus guaiseacha de dhéantús an duine agus, dá réir sin, ar cheart do na comhpháirtíochtaí sin an nascacht idir córais luathrabhaidh náisiúnta agus córais foláirimh agus nascacht na gcóras sin le ERCC agus CECIS, a chur chun cinn;

    (vii)

    tacú le hiarrachtaí na mBallstát agus le heagraíochtaí sainordaitheacha idirnáisiúnta trí heolas eolaíochta, teicneolaíochtaí nuálacha agus saineolas nuair a dhéanann Ballstáit agus na heagraíochtaí sin tuilleadh forbartha ar a gcuid córas luathrabhaidh, lena n-áirítear tríd an Líonra Eolais Eorpach um Chosaint Shibhialta dá dtagraítear in Airteagal 13;

    (d)

    an cumas chun slógadh agus seoladh foirne saineolaithe a bhunú agus a bhainistiú, ar foirne iad a bhfuil na freagrachtaí seo a leanas orthu:

    (i)

    na riachtanais a mheas a bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu faoin Sásra Aontais sa Bhallstát nó sa tríú tír atá ag iarraidh cúnaimh,

    (ii)

    éascú a dhéanamh, nuair is gá, ar chomhordú cúnaimh freagartha ar an láthair do thubaistí agus idirchaidreamh le húdaráis inniúla an Bhallstáit nó an tríú tír atá ag iarraidh cúnaimh, agus

    (iii)

    tacú leis an mBallstát nó an tríú tír atá ag iarraidh cúnaimh le saineolas faoi ghníomhaíochtaí coisctheacha, ullmhachta nó freagartha;

    (e)

    an cumas a bhunú agus a chothabháil chun tacaíocht lóistíochta a sholáthar do na foirne saineolaithe dá dtagraítear i bpointe (d);

    (f)

    líonra de shaineolaithe oilte ó na Ballstáit a fhorbairt agus a chothabháil, ar féidir leo a bheith ar fáil ar gearrfhógra chun cabhrú le ERCC faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis agus comhordú a éascú;

    (g)

    comhordú réamhionadaithe acmhainneachtaí freagartha do thubaistí na mBallstát laistigh den Aontas a éascú;

    (h)

    tacú le hiarrachtaí chun idir-inoibritheacht modúl agus acmhainneachtaí freagartha eile a fheabhsú, agus dea-chleachtais ar leibhéal na mBallstát agus ar an leibhéal idirnáisiúnta á gcur san áireamh;

    (i)

    na gníomhaíochtaí is gá, laistigh dá réimse inniúlachta, a dhéanamh chun tacaíocht óstnáisiúin a éascú, lena n-áirítear treoirlínte maidir le tacaíocht óstnáisiúin a fhorbairt agus a nuashonrú, i gcomhar leis na Ballstáit, ar bhonn taithí oibríochtúil;

    (j)

    tacú le cruthú clár deonach measúnaithe athbhreithnithe piaraí le haghaidh straitéisí ullmhachta na mBallstát, bunaithe ar chritéir réamhshainithe, lenar féidir moltaí a leagan amach chun leibhéal ullmhachta an Aontais a neartú;

    (k)

    i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, gníomhaíocht bhreise riachtanach tacaíochta agus chomhlántach a dhéanamh chun an cuspóir a shonraítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(1) a ghnóthú. agus

    (l)

    tacú le Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, maidir le tubaistí atá ag tarlú laistigh dá gcríocha trí fhoráil a dhéanamh go bhféadfaidh comhpháirtíochtaí eolaíochta Eorpacha a úsáid le haghaidh anailís eolaíoch spriocdhírithe. D’fhéadfaí go roinnfear na hanailísí atá de thoradh air sin trí CECIS, le comhaontú ó na Ballstáit a ndéantar difear dóibh.

    2.   Arna iarraidh sin ag Ballstát, tríú tír nó na Náisiúin Aontaithe nó a ngníomhaireachtaí, féadfaidh an Coimisiún foireann saineolaithe a imscaradh ar an láthair chun comhairle maidir le bearta ullmhachta a sholáthar.’;

    (7)

    in Airteagal 9, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    ‘10.   Nuair a chuirtear seirbhísí éigeandála ar fáil ó Galileo, Copernicus, GovSatCom, nó gnéithe eile den Chlár Spáis a bhunaítear le Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), féadfaidh gach Ballstát a chinneadh úsáid a bhaint astu.

    I gcás ina gcinnfidh Ballstát seirbhísí éigeandála arna gcur ar fáil ag Galileo dá dtagraítear sa chéad fhomhír a úsáid, déanfaidh sé na húdaráis náisiúnta atá údaraithe na seirbhísí éigeandála sin a úsáid a shainaithint agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún ina leith.

    (*1)  Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013, (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lch. 69).’;"

    (8)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

    ‘Airteagal 10

    Cruthú creatlaí cáis agus pleanáil maidir le bainistiú tubaistí

    1.   Oibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit le chéile chun feabhas a chur ar an bpleanáil ar leibhéal an Aontais maidir le bainistiú rioscaí tubaistí trasearnála, le haghaidh tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine araon a bhféadfadh a bheith ina gcúis le héifeachtaí trasteorann iltíre nó a bhféadfadh éifeachtaí trasteorann iltíre a bheith mar thoradh orthu, lena n-airítear éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide. Áireofar leis an bpleanáil sin, cruthú creatlaí cáis ar leibhéal an Aontais le haghaidh cosc, ullmhacht agus freagairt do thubaistí, ag cur san áireamh an obair atá déanta i dtaca le spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí amhail dá dtagraítear in Airteagal 6(5) agus obair an Líonra Eolais Eorpaigh um Chosaint Shibhialta amhail dá dtagraítear in Airteagal 13, agus bunaithe ar an méid seo a leanas:

    (i)

    na measúnuithe riosca dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 6(1);

    (ii)

    forléagas na rioscaí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(1);

    (iii)

    measúnuithe na mBallstát maidir le cumas bainistithe riosca dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 6(1);

    (iv)

    sonraí atá ar fáil maidir le caillteanas de dheasca tubaistí, dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 6(1);

    (v)

    malartú deonach d’fhaisnéis atá ann cheana ar phleanáil maidir le bainistiú rioscaí tubaistí ar an leibhéal náisiúnta nó an leibhéal fonáisiúnta iomchuí;

    (vi)

    mapáil sócmhainní; agus

    (vii)

    forbairt pleananna chun acmhainneachtaí freagartha a imscaradh.

    2.   Sainaithneoidh agus cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit sineirgí chun cinn idir cúnamh cosanta sibhialta agus cistiú cabhrach daonnúla a sholáthraíonn an tAontas agus na Ballstáit nuair a bheidh oibríochtaí freagartha le haghaidh géarchéimeanna daonnúla lasmuigh den Aontas á bpleanáil.’;

    (9)

    in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2.

    Ar bhonn na rioscaí a shainaithneofar, na n-acmhainneachtaí agus na mbearnaí foriomlána agus aon chruthú creatlaí cáis reatha amhail dá dtagraítear in Airteagal 10(1) déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cineálacha na bpríomhacmhainneachtaí freagartha is gá don Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta (‘spriocanna acmhainneachta’) a shainiú agus a líon a shonrú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

    Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, faireachán ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna acmhainneachta a leagtar amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, agus sainaithneoidh sé aon bhearnaí móra sna hacmhainneachtaí freagartha sa Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta a d’fhéadfadh a bheith suntasach. I gcás inar sainaithníodh bearnaí den sórt sin, scrúdóidh an Coimisiún an bhfuil na hacmhainneachtaí is gá ar fáil do na Ballstáit lasmuigh den Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta. Déanfaidh an Coimisiún na Ballstáit a spreagadh chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí suntasacha sna hacmhainneachtaí freagartha atá sa Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta. Féadfaidh sé tacú leis na Ballstáit sa mhéid sin i gcomhréir le hAirteagail 20 agus pointe (i) d’Airteagal 21(1) agus Airteagal 21(2).’;

    (10)

    in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

    ‘2.   Saineoidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na hacmhainneachtaí a bheidh in rescEU, bunaithe inter alia ar aon chruthú creatlaí cáis reatha dá dtagraítear in Airteagal 10(1), ag cur san áireamh rioscaí arna sainaithint agus rioscaí atá ag teacht chun cinn, agus acmhainneachtaí agus bearnaí foriomlána ar leibhéal an Aontais, go háirithe i réimsí aerchomhrac na ndóiteán foraoise, crith talún agus tarrtháil tuilte, na dteagmhas ceimiceach, bitheolaíoch, raideolaíoch agus núicléach, na práinnfhreagartha leighis, mar aon le réimsí an iompair agus na lóistíochta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2). Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis faoi chineál agus líon acmhainneachtaí rescEU a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus cuirfidh sé an fhaisnéis sin ar fáil go díreach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

    3.   Is iad na Ballstáit a dhéanfaidh acmhainneachtaí rescEU a fháil, a fháil ar cíos, a fháil ar léas, nó a fháil ar conradh ar bhealach eile.

    3a.   Féadfaidh an Coimisiún acmhainneachtaí rescEU a fháil ar cíos, a fháil ar léas, nó a fháil ar conradh ar bhealach eile oiread agus is gá chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí i réimse an iompair agus na lóistíochta, ar acmhainneachtaí rescEU iad mar a shainítear trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

    3b.   I gcásanna práinne a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an Coimisiún acmhainneachtaí a fháil, a fháil ar cíos, a fháil ar léas, nó a fháil ar conradh ar bhealach eile, ar acmhainneachtaí iad a chinnfear trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 33(3). Le gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin, déanfar an méid seo a leanas:

    (i)

    cineál agus cainníocht riachtanach na n-acmhainní ábharacha agus, aon seirbhísí tacaíochta riachtanacha um chumasú, a sainíodh mar acmhainneachtaí rescEU cheana féin a chinneadh; agus/nó

    (ii)

    acmhainní ábharacha breise, aon seirbhísí tacaíochta riachtanacha um chumasú a shainiú mar acmhainneachtaí rescEU agus cineál agus cainníocht riachtanach na n-acmhainneachtaí sin a chinneadh.

    3c.   Beidh feidhm ag rialacha airgeadais an Aontais i gcás ina ndéanann an Coimisiún acmhainneachtaí rescEU a fháil, a fháil ar cíos, a fháil ar léas nó a fháil ar conradh ar bhealach eile. I gcás ina ndéanann na Ballstáit acmhainneachtaí rescEU a fháil, a fháil ar cíos, a fháil ar léas nó a fháil ar conradh ar bhealach eile, féadfaidh an Coimisiún deontais dhíreacha a dhámhachtain ar na Ballstáit gan glao ar thograí. Féadfaidh an Coimisiún agus aon Bhallstát, páirt a ghlacadh, más mian leo, i nós imeachta maidir le soláthar comhpháirteach de bhun Airteagal 165 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) ('an Rialachán Airgeadais’) d’fhonn acmhainneachtaí rescEU a fháil.

    Beidh acmhainneachtaí rescEU á n-óstáil ag na Ballstáit a dhéanann na hacmhainneachtaí sin a fháil, a fháil ar cíos, a fháil ar léas nó a fháil ar conradh ar bhealach eile.

    (*2)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).';"

    (11)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

    ‘Airteagal 13

    Líonra Eolais an Aontais um Chosaint Shibhialta

    1.   Bunóidh an Coimisiún Líonra Eolais Eorpach um Chosaint Shibhialta ('an Líonra') chun eolas agus faisnéis atá ábhartha don Sásra Aontais a bhailiú, a phróiseáil agus a scaipeadh, bunaithe ar chur chuige ilghuaiseach agus gníomhaithe, ionaid barr feabhais, ollscoileanna agus taighdeoirí ábhartha maidir le cosaint shibhialta agus bainistiú tubaistí a chur san áireamh.

    Tabharfaidh an Coimisiún, tríd an Líonra, aird chuí ar an saineolas atá ar fáil sna Ballstáit, ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal eagraíochtaí agus eintitis idirnáisiúnta eile, ar leibhéal tríú tíortha agus ar leibhéal na n-eagraíochtaí atá gníomhach ar an láthair.

    Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit rannpháirtíocht i mbunú agus feidhmiú an Líonra a chur chun cinn a bheidh cothrom ó thaobh inscne de.

    Tacóidh an Coimisiún, tríd an Líonra, le comhleanúnachas i bpróisis phleanála agus chinnteoireachta trí mhalartú leanúnach eolais agus faisnéise a éascú a bhaineann legach réimse gníomhaíochta faoin Sásra Aontais.

    Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún, tríd an Líonra, inter alia:

    (a)

    clár oiliúna agus cleachtaidh ar chosc, ullmhacht agus freagairt do thubaistí a chur ar bun agus a bhainistiú do phearsanra a bheidh ag plé le cosaint shibhialta agus le bainistiú tubaistí. Díreoidh an clár ar mhalartú dea-chleachtas i réimse na cosanta sibhialta agus an bhainistithe tubaistí, lena n-áirítear maidir le tubaistí a eascraíonn as an athrú aeráide, agus spreagfaidh sé an méid sin, agus áiritheofar ann cúrsaí comhpháirteacha agus córas chun saineolas i réimse an bhainistithe tubaistí a mhalartú, lena n-áirítear malartú saineolaithe agus saorálaithe le taithí, agus saineolaithe ó na Ballstáit a thabhairt ar iasacht.

    Beidh sé mar aidhm ag an gclár oiliúna agus cleachtaidh comhar, comhoiriúnacht agus comhlántacht na n-acmhainneachtaí dá dtagraítear in Airteagail 9, 11 agus 12, agus inniúlacht na saineolaithe dá dtagraítear i bpointí (d) agus (f) d’Airteagal 8(1) a fheabhsú;

    (b)

    clár ceachtanna a foghlaimíodh ó ghníomhaíochtaí cosanta sibhialta arna ndéanamh faoi chuimsiú an tSásra Aontais, lena n-áirítear gnéithe ón timthriall bainistithe tubaistí ina iomláine, a bhunú agus a bhainistiú, chun bonn leathan a sholáthar le haghaidh próisis foghlama agus forbairt eolais. Áireofar sa chlár:

    (i)

    faireachán, anailísiú agus meastóireacht ar gach gníomhaíocht cosanta sibhialta ábhartha laistigh den Sásra Aontais;

    (ii)

    cur chun feidhme ceachtanna a foghlaimíodh a chur chun cinn chun bunús ar bhonn taithí a fháil le haghaidh forbairt gníomhaíochtaí laistigh den timthriall bainistithe tubaistí; agus

    (iii)

    modhanna agus uirlisí a fhorbairt chun ceachtanna a foghlaimíodh a bhailiú, anailísiú a dhéanamh agus iad a chur chun cinn agus a chur chun feidhme.

    Áireofar sa chlár sin freisin, i gcás inarb iomchuí, ceachtanna a foghlaimíodh ó idirghabhálacha lasmuigh den Aontas maidir le naisc agus sineirgí a shaothrú idir cúnamh arna sholáthar faoin Sásra Aontais agus freagairt dhaonnúil;

    (c)

    taighde agus nuálaíocht a spreagadh, agus tabhairt isteach agus úsáid cuir chuige nó teicneolaíochtaí ábhartha nua nó iad araon a spreagadh chun críocha an tSásra Aontais;

    (d)

    ardán ar líne a fhónann don Líonra a bhunú agus a chothabháil chun tacú le cur chun feidhme na gcúraimí éagsúla dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c), agus an cur chun feidhme sin a éascú.

    2.   Nuair a bheidh na cúraimí a leagtar amach i mír 1 á ndéanamh, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar riachtanais agus ar leasanna na mBallstát a bhfuil rioscaí tubaiste den chineál céanna os a gcomhair, mar aon leis an ngá le cosaint na bithéagsúlachta agus na hoidhreachta cultúrtha a neartú.

    3.   Déanfaidh an Coimisiún comhar maidir le hoiliúint a neartú, agus cuirfidh sé chun cinn an chomhroinnt eolais agus taithí idir an Líonra agus eagraíochtaí idirnáisiúnta agus tríú tíortha, go háirithe chun rannchuidiú le gealltanais idirnáisiúnta a chomhlíonadh, go háirithe iad siúd i gCreat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaiste 2015-2030.’;

    (12)

    in Airteagal 14 (1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    ‘1.   I gcás tubaiste laistigh den Aontas, nó tubaiste ar tí tarlú, is cúis le héifeachtaí trasteorann iltíre nó a d’fhéadfadh a bheith ina chúis leo nó a dhéanann difear do Bhallstáit eile nó a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dóibh, déanfaidh an Ballstát ina bhfuil an tubaiste nó ar dócha go mbeidh an tubaiste ann, fógra a chur gan mhoill chuig na Ballstáit a bhféadfaí dul i gcion orthu agus, i gcás ina bhféadfadh na héifeachtaí a bheith suntasach, an Coimisiún.’;

    (13)

    in Airteagal 15(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    ‘(b)

    faisnéis bhailíochtaithe faoin staid a bhailiú, agus anailísiú a dhéanamh uirthi, i gcomhar leis an mBallstát atá buailte, agus é mar sprioc leis feasacht choiteann maidir leis an staid agus an fhreagairt don chás a bhunú, agus an fhaisnéis sin a scaipeadh go díreach ar na Ballstáit;’;

    (14)

    in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mír 2:

    ‘1.   Féadfaidh an Coimisiún foireann saineolaithe, ar a bhfuil saineolaithe arna soláthar ag na Ballstáit, a roghnú, a cheapadh agus a sheoladh:

    (a)

    ar iarraidh ar shaineolas ar an gcosc i gcomhréir le hAirteagal 5(2);

    (b)

    ar iarraidh ar shaineolas ullmhachta i gcomhréir le hAirteagal 8(2);

    (c)

    i gcás tubaiste laistigh den Aontas dá dtagraítear in Airteagal 15(5);

    (d)

    i gcás tubaiste lasmuigh den Aontas dá dtagraítear in Airteagal 16(3);

    Féadfar saineolaithe ón gCoimisiún agus ó sheirbhísí eile de chuid an Aontais a thabhairt isteach san fhoireann chun tacú leis an bhfoireann agus chun idirchaidreamh le ERCC a éascú. Féadfar saineolaithe a sheol gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe nó eagraíochtaí idirnáisiúnta eile a thabhairt isteach san fhoireann chun comhar a neartú agus measúnuithe comhpháirteacha a éascú.

    I gcás ina mbeidh ceanglas maidir leis an éifeachtacht oibríochtúil ann, féadfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, rannpháirtíocht tuilleadh saineolaithe, trína n-imscaradh,agus trí thacaíocht theicniúil agus eolaíoch a éascú, agus trí úsáid a bhaint as saineolas eolaíochta, saineolas éigeandála leighis agus saineolas earnála.

    2.   Seo a leanas an nós imeachta a bheidh ann maidir le saineolaithe a roghnú agus a cheapadh:

    (a)

    Ainmneoidh na Ballstáit saineolaithe, faoina bhfreagracht, ar féidir iad a imscaradh mar bhaill d’fhoirne saineolaithe;

    (b)

    roghnóidh an Coimisiún na saineolaithe agus ceannaire na bhfoirne sin ar bhonn a gcáilíochtaí agus a dtaithí, lena n-áirítear leibhéal na hoiliúna maidir leis an Sásra Aontais a fuair siad, an taithí a fuair siad roimhe sin ar mhisin faoin Sásra Aontais agus obair fóirithinte idirnáisiúnta eile; beidh an roghnúchán bunaithe ar chritéir eile chomh maith, lena n-áirítear scileanna teanga, chun a áirithiú go mbeidh na scileanna a theastaíonn sa staid shonrach ag an bhfoireann ina hiomláine;

    (c)

    ceapfaidh an Coimisiún saineolaithe agus ceannairí foirne don mhisean i gcomhaontú lena Bhallstát ainmnithe.

    Tabharfaidh an Coimisiún fógra do na Ballstáit faoin tacaíocht bhreise ó shaineolaithe a thugtar, i gcomhréir le mír 1.’;

    (15)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

    ‘Airteagal 18

    Iompar agus trealamh

    1.   I gcás tubaiste, laistigh nó lasmuigh den Aontas, féadfaidh an Coimisiún tacú leis na Ballstáit rochtain a fháil ar threalamh nó ar acmhainní iompair agus lóistíochta mar a leanas:

    (a)

    faisnéis a sholáthar agus a chomhroinnt maidir le trealamh agus acmhainní iompair agus lóistíochta ar féidir leis na Ballstáit iad a chur ar fáil, d’fhonn comhthiomsú an trealaimh nó na n-acmhainní iompair agus lóistíochta sin a éascú;

    (b)

    ábhar cartagrafach a fhorbairt le haghaidh imscaradh agus slógadh mear acmhainní, agus ag tabhairt san áireamh, go háirithe, sainiúlachtaí na réigiún trasteorann chun críche rioscaí trasteorann iltíre;

    (c)

    cabhrú leis na Ballstáit acmhainní iompair agus lóistíochta a d’fhéadfadh a bheith ar fáil ó fhoinsí eile, lena n-áirítear an margadh tráchtála, a shainaithint, agus rochtain acu ar na hacmhainní sin a éascú; nó

    (d)

    cabhrú leis na Ballstáit trealamh a d'fhéadfadh a bheith ar fáil ó fhoinsí eile, lena n-áirítear an margadh tráchtála, a shainaithint.

    2.   D’fhéadfadh an Coimisiún na hacmhainní iompair agus lóistíochta atá á soláthar ag na Ballstáit a chomhlánú trí acmhainní breise a sholáthar atá riachtanach chun mearfhreagairt do thubaistí a áirithiú.

    3.   Ní bheidh sa chúnamh a iarrann Ballstát nó tríú tír ach amháin acmhainní iompair agus lóistíochta chun freagairt do thubaistí le soláthairtí fóirithinte nó trealamh arna soláthar i dtríú tír ag an mBallstát nó ag an tríú tír iarrthach.’;

    (16)

    leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    ‘1a.   Is é EUR 1 263 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an tSásra Aontais don tréimhse 1 Eanáir 2021 go 31 Nollaig 2027.’,

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2.   Is é a bheidh i leithreasuithe a thiocfaidh as aisíocaíocht arna ndéanamh ag na faighteoirí le haghaidh gníomhaíochtaí freagartha do thubaistí ina n-ioncam sannta de réir bhrí Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais.’;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3

    ‘3.   Féadfaidh an leithdháileadh airgeadais dá dtagraítear i míreanna 1 agus 1a den Airteagal seo agus in Airteagal 19a speansais a chumhdach a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta, arna gceangal chun an Sásra Aontais a bhainistiú agus chun a chuspóirí a ghnóthú.

    Féadfaidh an caiteachas sin, go háirithe, staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, sa mhéid agus go mbaineann siad le cuspóirí ginearálta an tSásra Aontais, a chumhdach mar aon le costais a bhaineann le líonraí TF a dhíríonn ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise, lena n-áirítear idirnascadh le córais atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo agus a ceapadh chun malartú sonraí trasearnála a chur chun cinn, agus trealamh bainteach, chomh maith leis na costais cúnaimh riaracháin agus theicniúil eile ar fad arna dtabhú ag an gCoimisiún do bhainistiú an chláir.’;

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    ‘4.   Déanfar an t-imchlúdach airgeadais dá dtagraítear i mír 1a den Airteagal seo agus an tsuim dá dtagraítear in Airteagal 19a(1) a leithdháileadh, thar an tréimhse 2021-2027, i gcomhréir leis na céatadáin agus na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn I.’;

    (e)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    ‘5.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an miondealú a leagtar amach in Iarscríbhinn I i bhfianaise thoradh na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 34(3).’;

    (f)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

    ‘6.   I gcás inar gá sin le haghaidh freagairt i gcás tubaistí ar mhórchúiseanna práinne, nó i bhfianaise imeachtaí gan choinne a imríonn tionchar ar fhorghníomhú an bhuiséid nó ar bhunú acmhainneachtaí rescEU, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30 chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn I laistigh de na leithdháiltí buiséadacha atá ar fáil agus i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 31.’;

    (17)

    Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 19a

    Acmhainní ón Ionstraim Eorpach um Théarnamh

    1.   Cuirfear na bearta dá dtagraítear in bpointí (d) agus (e) d’Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2020/2094 (*3) ón gComhairle chun feidhme faoin gCinneadh seo trí chaiteachas de mhéid suas le EUR 2 056 480 000 i bpraghsanna reatha dá dtagraítear i bpointe (a)(iii) d’Airteagal 2(2) den Rialachán sin i bpraghsanna 2018, faoi réir Airteagail 3(3), (4), (7) agus (9) den Rialachán sin.

    2.   Measfar an méid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a bheith ina n-ioncam sannta seachtrach mar a leagtar amach in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2020/2094.

    3.   Beidh bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo incháilithe le haghaidh cúnaimh airgeadais i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Chinneadh seo agus cuirfear chun feidhme iad agus lánurraim á tabhairt do chuspóirí Rialachán (AE) 2020/2094.

    4.   Gan dochar do choinníollacha incháilitheachta gníomhaíochtaí i bhfabhar tríú tíortha a leagtar amach sa Chinneadh seo, ní fhéadfar an cúnamh airgeadais dá dtagraítear san Airteagal seo a dheonú ar thríú tír ach amháin i gcás ina gcuirfear an cúnamh sin chun feidhme agus lánurraim á tabhairt do chuspóirí Rialachán (AE) 2020/2094, beag beann ar an tríú tír sin a bheith rannpháirteach nó gan a bheith rannpháirteach sa Sásra Aontais.

    (*3)  Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 23).’;"

    (18)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20a:

    ‘Airteagal 20a

    Infheictheacht agus gradaim

    1.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas agus faighteoirí an chúnaimh a cuireadh ar fáil, aitheantas d’fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe ón Aontas, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do lucht spéise éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

    Tabharfar infheictheacht iomchuí d’aon chistiú nó cúnamh a chuirtear ar fáil faoin gCinneadh seo i gcomhréir leis an treoir shonrach a d’eisigh an Coimisiún i gcomhair idirghabhálacha sonracha. Go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdófar leis an gcumarsáid phoiblí i dtaca le hoibríochtaí arna gcistiú faoin Sásra Aontais an méid seo a leanas:

    (a)

    tagairtí iomchuí don Sásra Aontais a chur san áireamh;

    (b)

    amharcbhrandáil a chur ar fáil i dtaca leis na hacmhainneachtaí arna gcistiú nó arna gcomhchistiú ag an Sásra Aontais;

    (c)

    gníomhaíochtaí a dhéanamh ar a bhfuil suaitheantas an Aontais;

    (d)

    cumarsáid réamhghníomhach a dhéanamh leis na meáin náisiúnta le páirtithe leasmhara agus trína gcuid cainéal cumarsáide féin chomh maith leis sin, maidir le sonraí thacaíocht an Aontais; agus

    (e)

    tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí cumarsáide an Choimisiún maidir leis na hoibríochtaí.

    I gcás ina n-úsáidfear acmhainneachtaí rescEU chun críocha náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 12(5), déanfaidh na Ballstáit, trí na modhanna céanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, aitheantas a thabhairt d’fhoinse na n-acmhainneachtaí sin agus infheictheacht a áirithiú maidir le cistiú an Aontais a úsáidtear chun na hacmhainneachtaí sin a fháil.

    2.   Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gCinneadh seo, leis na gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun an Chinnidh seo agus leis na torthaí a baineadh amach, agus tacóidh sé leis na Ballstáit ina ngníomhaíochtaí cumarsáide. Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an gCinneadh sin ina rannchuidiú freisin chun cumarsáid chorparáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

    3.   Bronnfaidh an Coimisiún boinn chun gealltanais sheanbhunaithe agus rannchuidiú urghnách le Sásra Aontais a aithint agus a urramú.’;

    (19)

    leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

    ‘(g)

    pleanáil maidir le bainistiú riosca tubaistí a fhorbairt, dá dtagraítear in Airteagal 10.’;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    ‘3.   Leis an gcúnamh airgeadais don ghníomhaíocht dá dtagraítear i bpointe (j) de mhír 1, cumhdófar na costais uile atá riachtanach chun a áirithiú gur féidir acmhainneachtaí rescEU a chur ar fáil agus a imscaradh faoin Sásra Aontais i gcomhréir leis an dara fomhír den mhír seo. Leagfar amach in Iarscríbhinn Ia, catagóirí na gcostas incháilithe is gá chun a áirithiú gur féidir acmhainneachtaí rescEU a chur ar fáil agus a imscaradh.

    Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30 chun Iarscríbhinn Ia a leasú maidir le catagóirí na gcostas incháilithe.

    3a.   Féadfar an cúnamh airgeadais dá dtagraítear san Airteagal seo a chur chun feidhme trí chláir oibre ilbhliantúla. I gcás gníomhaíochtaí a mhaireann níos faide ná bliain amháin, féadfar na leithreasuithe buiséadacha a mhiondealú i dtráthchodanna bliantúla.’;

    (c)

    scriostar mír 4.

    (20)

    in Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    ‘(b)

    i gcás tubaiste, cuidiú leis na Ballstáit rochtain a fháil ar threalamh agus ar acmhainní iompair agus lóistíochta mar a shonraítear in Airteagal 23; agus’;

    (21)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

    ‘Airteagal 23

    Gníomhaíochtaí incháilithe a bhaineann le trealamh agus le hoibríochtaí

    1.   Beidh na gníomhaíochtaí seo a leanas incháilithe le haghaidh cúnamh airgeadais chun rochtain ar threalamh agus ar acmhainní iompair agus lóistíochta a cheadú faoin Sásra Aontais:

    (a)

    faisnéis a sholáthar agus a chomhroinnt maidir le trealamh agus acmhainní iompair agus lóistíochta ar féidir leis na Ballstáit a chinneadh iad a chur ar fáil, d’fhonn comhthiomsú an trealaimh nó na n-acmhainní iompair agus lóistíochta sin a éascú;

    (b)

    cabhrú leis na Ballstáit acmhainní iompair agus lóistíochta a d’fhéadfadh a bheith ar fáil ó fhoinsí eile, lena n-áirítear an margadh tráchtála, a shainaithint, agus a rochtain ar acmhainní den sórt sin a éascú;

    (c)

    cabhrú leis na Ballstáit trealamh a d’fhéadfadh a bheith ar fáil ó fhoinsí eile, lena n-áirítear an margadh tráchtála, a shainaithint;

    (d)

    acmhainní iompair agus lóistíochta atá riachtanach chun mearfhreagairt do thubaistí, a mhaoiniú. Ní bheidh na gníomhaíochtaí sin incháilithe le haghaidh tacaíocht airgeadais ach amháin má bhíonn na critéir seo a leanas á gcomhlíonadh:

    (i)

    tá iarraidh ar chúnamh déanta faoin Sásra Aontais i gcomhréir le hAirteagail 15 agus 16;

    (ii)

    tá na hacmhainní iompair agus lóistíochta breise riachtanach chun éifeachtacht na freagartha do thubaistí faoin Sásra Aontais a áirithiú;

    (iii)

    comhfhreagraíonn an cúnamh do na riachtanais atá sainaitheanta ag ERCC agus tá sé á chur ar fáil i gcomhréir leis na moltaí atá déanta ag ERCC maidir leis na sonraíochtaí teicniúla, leis an gcáilíocht, leis an uainiú agus leis na módúlachtaí chun é a chur ar fáil;

    (iv)

    tá glactha ag an tír iarrthach leis an gcúnamh, go díreach nó trí na Náisiúin Aontaithe nó a ngníomhaireachtaí, nó eagraíocht idirnáisiúnta ábhartha, faoin Sásra Aontais; agus

    (v)

    comhlánaíonn an cúnamh, le haghaidh tubaistí i dtríú tíortha, aon fhreagairt dhaonnúil fhoriomlán ón Aontas.

    1a.   Ní bheidh méid an chúnaimh airgeadais ón Aontas i gcomhair iompar na n-acmhainneachtaí nach bhfuil geallta don Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta roimh ré ná nó nach bhfuil imscartha i gcás tubaiste nó i gcás tubaiste atá ar tí tarlú san Aontas nó lasmuigh den Aontas agus i gcomhair aon tacaíocht iompair eile is gá chun freagairt do thubaiste, os cionn 75 % den chostas iomlán incháilithe.

    2.   Ní bheidh méid an chúnaimh airgeadais ón Aontas i gcomhair acmhainneachtaí atá réamhgheallta don Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta os cionn 75 % de na costais a bhaineann leis na hacmhainneachtaí a oibriú, lena n-áirítear iompar, i gcás tubaiste nó i gcás tubaiste atá ar tí tarlú laistigh den Aontas nó lasmuigh de.

    4.   Féadfaidh cúnamh airgeadais ón Aontas i gcomhair acmhainní iompair agus lóistíochta 100 % de na costais incháilithe iomlána ar a mhéad a chumhdach, a shainítear i bpointí (a) go (d), i gcás inar gá sin le go mbeidh comhthiomsú an chúnaimh éifeachtach ó thaobh cúrsaí oibríochtúla de agus i gcás ina mbainfidh na costais le ceann de na nithe seo a leanas:

    (a)

    acmhainneacht trádstórais ar chíos gearrthéarmach chun an cúnamh ó na Ballstáit a stóráil ar bhonn sealadach d’fhonn an t-iompar comhordaithe a éascú;

    (b)

    iompar ón mBallstát a bhfuil an cúnamh á thairiscint aige don Bhallstát a dhéanann an t-iompar comhordaithe a éascú;

    (c)

    cúnamh na mBallstát a athphacáistiú chun an tairbhe is mó is féidir a bhaint as na hacmhainneachtaí iompair atá ar fáil nó chun riachtanais shonracha oibríochtúla a chomhlíonadh; nó

    (d)

    iompar áitiúil, idirthuras agus trádstórais den chúnamh comhthiomsaithe d’fhonn soláthar comhordaithe ag an gceann scríbe sa tír iarrthach a áirithiú.

    4a.   I gcás ina mbainfear feidhm as acmhainneachtaí rescEU chun críocha náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 12(5), is é an Ballstát a bhfuil na hacmhainneachtaí á n-úsáid aige a chumhdóidh na costais uile, lena n-áirítear costais chothabhála agus deisiúcháin.

    4b.   I gcás acmhainneachtaí rescEU a imscaradh faoin Sásra Aontais, cumhdófar 75 % de na costais oibríochtúla le cúnamh airgeadais ón Aontas.

    De mhaolú ar an gcéad fhomhír, cumhdófar, le cúnamh airgeadais ón Aontas, 100 % de chostais oibríochtúla acmhainneachtaí rescEU atá riachtanach do thubaistí lena ngabhann dóchúlacht íseal ach tionchar mór i gcás ina n-imscarfar na hacmhainneachtaí sin faoin Sásra Aontais.

    4c.   I gcás acmhainneachtaí a imscaradh lasmuigh den Aontas, mar a thagraítear dó in Airteagal 12(10), cumhdófar 100 % de na costais oibríochtúla, le cúnamh airgeadais ón Aontas.

    4d.   I gcás nach gcumhdófar 100 % de na costais leis an gcúnamh airgeadais ón Aontas dá dtagraítear san Airteagal seo, is ar an té a d'iarr an cúnamh a sheasfaidh an méid de na costais a bheidh fágtha, mura gcomhaontófar a mhalairt leis an mBallstát a bhfuil cúnamh á thairiscint aige nó an Ballstát a bhfuil acmhainneachtaí rescEU á n-óstáil aige.

    4e.   I dtaca le himscaradh acmhainneachtaí rescEU, féadfaidh sé go gcumhdófar le cúnamh airgeadais ón Aontas 100 % de na costais dhíreacha uile is gá chun críche iompar lastais, modhanna agus seirbhísí lóistíochta, laistigh den Aontas, agus isteach san Aontas ó thríú tíortha.

    5.   I gcás comhthiomsú oibríochtaí iompair a bhfuil roinnt Ballstát páirteach ann, féadfaidh Ballstát ceannaireacht a thabhairt maidir le tacaíocht airgeadais ón Aontas a iarraidh don oibríocht iomlán.

    6.   Nuair a iarrfaidh Ballstát ar an gCoimisiún conradh a dhéanamh maidir le seirbhísí iompair, iarrfaidh an Coimisiún aisíocaíocht na gcostas i bpáirt de réir na rátaí cistithe a leagtar amach i míreanna 1a, 2 agus 4.

    6a.   Gan dochar do mhíreanna 1a agus 2, maidir le tacaíocht airgeadais ón Aontas le haghaidh iompar an chúnaimh a theastaíonn i dtubaistí comhshaoil ina bhfuil feidhm ag ‘an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’, féadfaidh sé go gcumhdófar uasmhéid 100 % de na costais incháilithe iomlána leis an tacaíocht airgeadais sin. Beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    is é an Ballstát atá buailte nó an Ballstát cuiditheach a iarrann tacaíocht airgeadais Aontais le hiompar an chúnaimh, bunaithe ar mheasúnú riachtanas a bhfuil bonn cirt cuí leo;

    (b)

    tógann an Ballstát atá buailte nó an Ballstát cuiditheach na céimeanna uile is gá, de réir mar is iomchuí, chun cúiteamh a éileamh agus a fháil ó údar an truaillithe, i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla uile idirnáisiúnta is infheidhme, le forálacha dlíthiúla uile an Aontais is infheidhme agus leis na forálacha dlíthiúla náisiúnta uile is infheidhme;

    (c)

    tar éis dó cúiteamh a fháil ón truaillitheoir, aisíocfaidh an Ballstát atá buailte nó an Ballstát cuiditheach an tAontas láithreach, de réir mar is iomchuí.

    I gcás tubaiste comhshaoil amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír nach ndéanfaidh difear do Bhallstát, is é an Ballstát cuiditheach a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c).

    7.   Beidh na costais seo a leanas incháilithe le haghaidh cúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh acmhainní iompair agus lóistíochta faoin Airteagal seo: gach costas a bhaineann le gluaiseacht acmhainní iompair agus lóistíochta, lena n-áirítear costais gach seirbhíse, táillí, costais lóistíochta agus láimhseála, costais bhreosla agus costais chóiríochta a d’fhéadfadh a bheith ann, chomh maith le costais indíreacha eile amhail cánacha, dleachtanna i gcoitinne agus costais iompair.

    8.   Féadfaidh costais aonaid, cnapshuimeanna nó cothromrátaí, de réir na catagóire costais, a bheith sna costais iompair.’;

    (22)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:

    ‘Airteagal 25

    Cineálacha idirghabhála airgeadais agus nósanna imeachta cur chun feidhme

    1.   Cuirfidh an Coimisiún an tacaíocht airgeadais ón Aontas chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

    2.   Déanfaidh an Coimisiún tacaíocht airgeadais an Aontais a chur chun feidhme i mbainistiú díreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó, i gcás ina bhfuil údar cuí leis mar thoradh ar nádúr agus ábhar na gníomhaíochta lena mbaineann i mbainistiú indíreach leis na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (c)(ii), (iv), (v) agus (vi) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais.

    3.   Féadfaidh tacaíocht airgeadais faoin gCinneadh seo a bheith in aon fhoirm díobh siúd a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe i bhfoirm deontas, soláthair nó ranníocaíochtaí le cistí iontaobhais.

    4.   I gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, agus aird á tabhairt go mbeidh moill ar theacht i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2021/836 (*4) agus d’fhonn leanúnachas a áirithiú, i gcásanna cuí-réasúnaithe amháin agus a shonraítear sa chinneadh maoiniúcháin agus ar feadh tréimhse theoranta, féadfar a mheas gurb incháilithe ón 1 Eanáir 2021 costais a tabhaíodh i ndáil le gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin gCinneadh seo, fiú más rud é gur tabhaíodh na costais sin sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.

    5.   Chun an Cinneadh seo a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún cláir oibre bhliantúla nó ilbhliantúla, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2). Leagfar amach sna cláir oibre bhliantúla nó ilbhliantúla na cuspóirí arna saothrú, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, an modh cur chun feidhme agus an tsuim iomlán. Cuimseofar iontu freisin tuairisc ar na gníomhaíochtaí a bheidh le maoiniú, léiriú ar an méid a leithdháilfear ar gach gníomhaíocht agus tráthchlár cur chun feidhme táscach. I dtaca leis an gcúnamh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 28(2), tabharfar tuairisc sna cláir oibre bhliantúla nó ilbhliantúla ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe do na tíortha dá dtagraítear iontu.

    Ní bheidh gá le cláir oibre bhliantúla nó ilbhliantúla ar bith le haghaidh gníomhaíochtaí a thagann faoin bhfreagairt do thubaistí a leagtar síos i gCaibidil IV, nach féidir foráil a dhéanamh ina leith roimh ré.

    6.   Chun críocha trédhearcachta agus intuarthachta, déanfar an forfheidhmiú buiséadach agus leithdháiltí tuartha amach anseo a thíolacadh agus a phlé ar bhonn bliantúil sa choiste dá dtagraítear in Airteagal 33. Coinneofar Parlaimint na hEorpa ar an eolas.

    7.   Sa bhreis ar Airteagal 12(4) den Rialachán Airgeadais, tabharfar anonn go huathoibríoch na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí nár úsáideadh faoi dheireadh na bliana airgeadais inar cuireadh sa bhuiséad bliantúil iad agus féadfar iad a ghealladh agus a íoc go dtí an 31 Nollaig den bhliain dár gcionn. Ní úsáidfear na leithreasuithe a tugadh anonn ach amháin le haghaidh gníomhaíochtaí freagartha. Is iad na leithreasuithe a tugadh anonn na leithreasuithe is túisce a úsáidfear sa bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

    (*4)  Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 185, 26.5.2021, lch. 1).’;"

    (23)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27:

    ‘Airteagal 27

    Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

    I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Sásra Aontais trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh de bhun comhaontú idirnáisiúnta nó ar bhonn aon ionstraime dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áireofar ar na cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5).

    (*5)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).’"

    (24)

    Leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 19(6) agus sa dara fomhír d’Airteagal 21(3) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2027.’

    (b)

    scriostar mír 3;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    ‘4.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 19(6) agus sa dara fomhír d’Airteagal 21(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.’;

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

    ‘7.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 19(6) nó de bhun an dara fomhír d’Airteagal 21(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’;

    (25)

    in Airteagal 32(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

    ‘(i)

    (i) eagrú na tacaíochta le haghaidh iompar agus acmhainní lóistíochta, mar a fhoráiltear dó le hAirteagail 18 agus 23;’;

    (26)

    in Airteagal 33, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

    ‘3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i gcomhar le hAirteagal 5 de’;

    (27)

    in Airteagal 34, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

    ‘2.   Gach dhá bhliain, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i ndáil le hoibríochtaí agus an dul chun cinn atá déanta faoi Airteagail 6(5) agus Airteagail 11 agus 12. Beidh faisnéis sa tuarascáil faoin dul chun cinn atá déanta i dtreo spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí, na spriocanna acmhainneachta agus bearnaí atá fós ann dá dtagraítear in Airteagal 11(2), agus bunú acmhainneachtaí rescEU á chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 12. Tabharfar forléargas sa tuarascáil freisin ar na forbairtí buiséadacha agus costais a bhaineann le hacmhainneachtaí freagartha, agus beidh measúnú inti faoina riachtanaí atá sé na hacmhainneachtaí sin a fhorbairt tuilleadh.

    3.   Faoin 31 Nollaig 2023 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur i bhfeidhm an Chinnidh seo agus déanfaidh sé teachtaireacht maidir le héifeachtacht, cost-éifeachtúlacht agus cur chun feidhme leanúnach an Chinnidh seo, go háirithe maidir le hAirteagal 6(4), acmhainneachtaí rescEU agus méid an chomhordaithe agus na sineirgí arna mbaint amach le beartais, cláir agus cistí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear éigeandálaí leighis, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh tograí chun leasuithe a dhéanamh ar an gCinneadh seo ag gabháil leis an teachtaireacht sin, i gcás inarb iomchuí.’;

    (28)

    Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE.

    (29)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Iarscríbhinn Ia:

    ‘Catagóirí na gcostas incháilithe faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 21(3)’.

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Bealtaine 2021.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    D. M. SASSOLI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. P. ZACARIAS


    (1)  IO C 385, 13.11.2020, lch. 1.

    (2)  IO C 10, 11.1.2021, lch. 66.

    (3)  IO C 440, 18.12.2020, lch. 150.

    (4)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Aibreán 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021.

    (5)  Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).

    (6)  Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.

    (7)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

    (8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (9)  Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (‘Clár EU4Health’) don tréimhse 2021-2027, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 1).

    (10)  Rialachán (AE) 2016/369 ón gComhairle an 15 Márta 2016 maidir le tacaíocht éigeandála a chur ar fáil laistigh den Aontas (IO L 70, 16.3.2016, lch. 1).

    (11)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

    (12)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

    (13)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

    (14)  Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 23).

    (15)  Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lch. 56).

    (16)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

    (17)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

    (18)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

    (19)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

    (20)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

    (21)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

    (22)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

    (23)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.


    IARSCRÍBHINN

    ‘IARSCRÍBHINN I

    Céatadáin le haghaidh leithdháileadh an imchlúdaigh airgeadais do chur chun feidhme an tSásra Aontais dá dtagraítear in Airteagal 19(1a) agus na suime dá dtagraítear in Airteagal 19a don tréimhse 2021 go 2027

    Cosc: 5 % +/- 4 phointe céatadáin

    Ullmhacht: 85 % +/- 10 bpointe céatadáin

    Freagairt: 10 % +/- 9 bpointe céatadáin

    Prionsabail

    Agus an Cinneadh seo á chur chun feidhme, cuirfear san áireamh mar is cuí sprioc an Aontais maidir le rannchuidiú leis na cuspóirí aeráide foriomlána agus an uaillmhian gníomhaíocht bithéagsúlachta a phríomhshruthú i mbeartais an Aontais a mhéid is féidir sin a dhéanamh ag brath ar neamh-intuarthacht agus ar dhálaí sonracha na hullmhachta agus na freagartha i gcás tubaistí.


    Top