Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0399

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/399 ón gCoimisiún an 19 Eanáir 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na méideanna de thacaíocht an Aontais d’fhorbairt tuaithe sa bhliain 2021

C/2021/188

IO L 79, 8.3.2021, pp. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2022; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32021R2115

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/399/oj

8.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 79/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/399 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Eanáir 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na méideanna de thacaíocht an Aontais d’fhorbairt tuaithe sa bhliain 2021

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 (1), agus go háirithe Airteagal 58(7) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá ar na Ballstáit méid na n-íocaíochtaí díreacha atá le deonú d’fheirmeoir i leith bliain féilire ar leith, de bhun Chaibidil 1 de Theideal III den Rialachán sin, a laghdú faoi 5 % ar a laghad i gcás an chuid den tsuim atá os cionn EUR 150 000. I gcomhréir le hAirteagal 7(2) den Rialachán sin, táthar le toradh measta an laghdaithe sin a chur ar fáil mar thacaíocht bhreise do bhearta faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT).

(2)

I gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 11(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, thug na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2019 maidir lena gcinneadh maidir leis an laghdú ar mhéid na n-íocaíochtaí díreacha agus leis an toradh measta ar an laghdú i leith na bliana féilire 2020. Ba mhó ná náid an toradh measta ar an laghdú a léiríodh sna fógraí ón mBulgáir, ón tSeicia, ón Danmhairg, ón Eastóin, ó Éirinn, ón Spáinn, ón Iodáil, ón Laitvia, ón Ungáir, ón Ísiltír, ón bPolainn, ón bPortaingéil, ón tSlóvaic, ón bhFionlainn, ón tSualainn agus ón Ríocht Aontaithe.

(3)

I gcomhréir leis an séú fomhír d’Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, thug an Bheilg, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Fhrainc, an Ísiltír agus an Ríocht Aontaithe fógra don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2019 maidir lena gcinneadh céatadán áirithe dá n-uasteorainn náisiúnta bhliantúil d’íocaíochtaí díreacha i leith na bliana féilire 2020 a chur ar fáil mar thacaíocht bhreise faoi CETFT sa bhliain airgeadais 2021.

(4)

I gcomhréir leis an séú fomhír d’Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, thug an Chróit, an Ungáir, Málta agus an Pholainn fógra don Choimisiún faoin 8 Feabhra 2020 maidir lena gcinneadh méid áirithe den tacaíocht atá le maoiniú faoi CETFT sa bhliain airgeadais 2021 a chur ar fáil mar íocaíochtaí díreacha i leith na bliana féilire 2020.

(5)

Ar bhonn na bhfógraí sin, leasaíodh Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/756 ón gCoimisiún (3).

(6)

Mar sin féin, i bhfianaise na n-imthosca eisceachtúla arb é paindéim COVID-19 ba chúis leo, rinne an Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, Lucsamburg agus an Phortaingéil a n-iarratas tosaigh ar aistriú a mhodhnú ina dhiaidh sin. Dá thoradh sin, leasaíodh Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) 1307/2013 arís le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1314 ón gCoimisiún (4).

(7)

Dá bhrí sin, is gá oiriúnú a dhéanamh ar na leithdháiltí le haghaidh forbairt tuaithe a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 i leith na bliana 2021.

(8)

I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 137(1) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (an Comhaontú um Tharraingt Siar), níl feidhm, sa Ríocht Aontaithe i leith na bliana éilimh 2020, ag Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 de réir mar is infheidhme sa bhliain 2020. Dá bhrí sin, níor leagadh síos le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/756 uasteorainneacha nua le haghaidh na bliana 2020 i leith na Ríochta Aontaithe. Ós rud é go bhfuil na huasteorainneacha le haghaidh íocaíochtaí díreacha i leith na bliana féilire 2020 le cur san áireamh i gcás na tacaíochta a mhaoineofar faoi CETFT sa bhliain airgeadais 2021, agus ós rud é gur tháinig deireadh ar an 31 Nollaig 2020 leis an idirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, ní gá uasteorainneacha a shocrú le haghaidh na bliana airgeadais 2021 i leith na Ríochta Aontaithe.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a leasú dá réir.

(10)

Ós rud é go ndéanann na leasuithe a dhéantar leis an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 i leith na bliana 2021, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart feidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Chuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Eanáir 2021

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 487.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/756 ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2020 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 179, 9.6.2020, lch. 1).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1314 ón gCoimisiún an 10 Iúil 2020 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na huasteorainneacha náisiúnta agus na glan-uasteorainneacha le haghaidh íocaíochtaí díreacha i gcás Ballstáit áirithe i leith na bliana féilire 2020 (IO L 307, 22.9.2020, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

CUID A DÓ: Miondealú ar thacaíocht an Aontais don Fhorbairt Tuaithe (2021 agus 2022)

(praghsanna reatha in EUR)

 

2021

2022

An Bheilg

101 120 350

82 800 894

An Bhulgáir

276 362 304

282 162 644

An tSeicia

317 532 230

259 187 708

An Danmhairg

155 064 249

75 934 060

An Ghearmáin

1 635 145 136

1 092 359 738

An Eastóin

107 500 074

88 016 648

Éire

380 591 206

311 640 628

An Ghréig

776 736 956

556 953 600

An Spáinn

1 320 014 366

1 080 382 825

An Fhrainc

2 342 357 917

1 459 440 070

An Chróit

320 884 794

297 307 401

An Iodáil

1 654 587 531

1 349 921 375

An Chipir

29 029 670

23 770 514

An Laitvia

143 740 636

117 495 173

An Liotuáin

238 747 895

195 495 162

Lucsamburg

13 190 338

12 310 644

An Ungáir

476 870 229

416 869 149

Málta

23 852 009

19 984 497

An Ísiltír

161 088 781

73 268 369

An Ostair

635 078 708

520 024 752

An Pholainn

1 297 822 020

1 320 001 539

An Phortaingéil

575 185 863

540 550 620

An Rómáin

1 181 006 852

967 049 892

An tSlóivéin

134 545 025

110 170 192

An tSlóvaic

318 199 138

259 077 909

An Fhionlainn

432 995 097

354 549 956

An tSualainn

258 770 726

211 889 741

Iomlán AE

15 308 020 100

12 078 615 700

Cúnamh Teicniúil

36 969 860

30 272 220

Iomlán

15 344 989 960

12 108 887 920 ”


Top