Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021L1206

    Treoir Tarmligthe (AE) 2021/1206 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trealamh muirí a mhéid a bhaineann leis an gcaighdeán is infheidhme maidir le saotharlanna a úsáideann comhlachtaí um measúnú comhréireachta le haghaidh trealamh muirí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/2903

    IO L 261, 22.7.2021, p. 45–46 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2021/1206/oj

    22.7.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 261/45


    TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2021/1206 ÓN gCOIMISIÚN

    an 30 Aibreán 2021

    lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trealamh muirí a mhéid a bhaineann leis an gcaighdeán is infheidhme maidir le saotharlanna a úsáideann comhlachtaí um measúnú comhréireachta le haghaidh trealamh muirí

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí agus lena n-aisghairtear Treoir 96/98/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 36 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Treoir 2014/90/AE, cuirtear de cheangal ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III chun go mbeidh siad ina gcomhlachtaí dá dtugtar fógra.

    (2)

    Tá na comhlachtaí um measúnú comhréireachta le háirithiú go gcomhlíonann na saotharlanna tástála a úsáidfear chun críocha measúnú comhréireachta ceanglais chaighdeán EN ISO/IEC 17025.

    (3)

    Leis an gcaighdeán EN ISO/IEC 17025, sonraítear na ceanglais ghinearálta maidir le hinniúlacht, neamhchlaontacht agus feidhmiú comhsheasmhach saotharlann.

    (4)

    In 2017 d’fhoilsigh ISO leasú ar chaighdeán EN ISO/IEC 17025 agus tharraing sí siar an leagan den chaighdeán a bhí ann roimhe sin, caighdeán a d’fhéadfaí a úsáid fós le linn idirthréimhse 3 bliana dár críoch Samhain 2020.

    (5)

    Ba cheart, dá bhrí sin, an tagairt a dhéantar do chaighdeán EN ISO/IEC 17025 in Treoir (AE) 2014/90 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    I bpointe 19 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2014/90/AE, cuirtear tagairt do “EN ISO/IEC 17025:2017” in ionad na tagartha do chaighdeán “EN ISO/IEC 17025:2005”.

    Airteagal 2

    1.   Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin an 31 Eanáir 2022 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

    Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

    2.   Téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh na Ballstáit sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo, déanfaidh siad é a chur in iúl don Choimisiún.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 4

    Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Aibreán 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 257, 28.8.2014, lch. 146.


    Top