Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D2198

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/2198 ón gComhairle an 13 Nollaig 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

    ST/14512/2021/INIT

    IO L 445I, 13.12.2021, p. 21–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/2198/oj

    13.12.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 445/21


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2021/2198 ÓN gCOMHAIRLE

    an 13 Nollaig 2021

    lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

    Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle an 31 Iúil 2015 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/137/CBES (1), agus go háirithe Airteagal 12(2) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 31 Iúil 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/1333.

    (2)

    An 14 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2020/1483 (2), lena n-ainmnítear duine amháin a raibh baint aige le gníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht na Libia i mbaol, agus a bhfuil dlúthnaisc aige le Wagner Group, naisc airgeadais san áireamh.

    (3)

    Ina conclúidí an 24 agus an 25 Meitheamh 2021, dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go bhfuil sí tiomanta do phróiseas cobhsaíochta na Libia faoi choimirce na Náisiún Aontaithe, agus d’iarr sí go ndéanfaí dul chun cinn maidir leis an idirphlé polaitiúil cuimsitheach, ar leis an Libia féin é, agus go dtarraingeofaí siar na fórsaí eachtracha agus na hamhais uile gan mhoill.

    (4)

    Tá imní i gcónaí ar an gComhairle faoin staid sa Libia, agus go háirithe faoi ghníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht na tíre i mbaol.

    (5)

    Sa chomhthéacs sin, ba cheart duine amháin ag a raibh láimh i ngníomhaíochtaí den sórt sin a chur le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333.

    (6)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  IO L 206, 1.8.2015, lch. 34.

    (2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2020/1483 ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2020 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia (IO L 341, 15.10.2020, lch. 16).


    IARSCRÍBHINN

    (1)

    In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333, faoin gceannteideal ‘A. Daoine’, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    ‘20.

    KUZNETSOV, Aleksandr (Alexander) Sergeevich

    (Александр Сергеевич КУЗНЕЦОВ)

    Post / poist: Ceannasaí an 1st Attack and Reconnaissance Company de chuid Wagner Group

    Comhartha aitheantais: Ratibor

    Dáta breithe: an 8 Deireadh Fómhair 1977

    Áit bhreithe: Kursk, iarUSSR (dá ngairtear Cónaidhm na Rúise anois)

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Aitheantas Wagner Group: M-0271

    Inscne: fireann

    Tá Aleksandr Sergeevich Kuznetsov mar chuid de struchtúr ceannais Wagner Group, eintiteas príobháideach neamhchorpraithe míleata atá bunaithe sa Rúis. Ghlac sé ceannas ar an 1st Attack and Reconnaissance Company de chuid Wagner Group in 2014. Gortaíodh é sa Libia i mí Mheán Fómhair 2019 agus é ag troid in éineacht an Libyan National Liberation Army (NLA) mar cheannasaí ar oibrithe míleata Wagner Group. Trína phost agus trína ghníomhaíochtaí, tá Kuznetsov freagrach as gníomhaíochtaí Wagner Group a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na Libia i mbaol.

    13.12.2021’

    (2)

    In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333, faoin gceannteideal ‘A. Daoine’, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    ‘25.

    KUZNETSOV, Aleksandr (Alexander) Sergeevich

    (Александр Сергеевич КУЗНЕЦОВ)

    Post / poist: Ceannasaí an 1st Attack and Reconnaissance Company de chuid Wagner Group

    Comhartha aitheantais: Ratibor

    Dáta breithe: an 8 Deireadh Fómhair 1977

    Áit bhreithe: Kursk, iarUSSR (dá ngairtear Cónaidhm na Rúise anois)

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Aitheantas Wagner Group: M-0271

    Inscne: fireann

    Tá Aleksandr Sergeevich Kuznetsov mar chuid de struchtúr ceannais Wagner Group, eintiteas príobháideach neamhchorpraithe míleata atá bunaithe sa Rúis. Ghlac sé ceannas ar an 1st Attack and Reconnaissance Company de chuid Wagner Group in 2014. Gortaíodh é sa Libia i mí Mheán Fómhair 2019 agus é ag troid in éineacht an Libyan National Liberation Army (NLA) mar cheannasaí ar oibrithe míleata Wagner Group. Trína phost agus trína ghníomhaíochtaí, tá Kuznetsov freagrach as gníomhaíochtaí Wagner Group a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na Libia i mbaol.

    13.12.2021’


    Top