Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1867

Cinneadh (CBES) 2021/1867 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Cinneadh 2010/638/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na Guine

ST/12649/2021/INIT

IO L 377, 25.10.2021, p. 34–34 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1867/oj

25.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 377/34


CINNEADH (CBES) 2021/1867 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Deireadh Fómhair 2021

lena leasaítear Cinneadh 2010/638/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na Guine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 25 Deireadh Fómhair 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/638/CBES (1), a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na Guine.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2010/638/CBES, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha sin go dtí an 27 Deireadh Fómhair 2022.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2010/638/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 8(2) de Chinneadh 2010/638/CBES:

“2.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 27 Deireadh Fómhair 2022. Déanfar athbhreithniú leanúnach air. Déanfar é a athnuachan nó a leasú, de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)  Cinneadh 2010/638/CBES ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na Guine (IO L 280, 26.10.2010, lch. 10).


Top