This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020R1744
Council Implementing Regulation (EU) 2020/1744 of 20 November 2020 implementing Regulation (EU) 2019/796 concerning restrictive measures against cyber-attacks threatening the Union or its Member States
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1744 ón gComhairle an 20 Samhain 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2019/796 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1744 ón gComhairle an 20 Samhain 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2019/796 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit
IO L 393, 23.11.2020, p. 1–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
23.11.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 393/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/1744 ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Samhain 2020
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2019/796 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/796 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit (1), agus go háirithe Airteagal 13(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 17 Bealtaine 2019 ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2019/796. |
(2) |
An 30 Iúil 2020 ghlac an Chomhairle Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1125 (2), lena gcuirtear seisear daoine nádúrtha agus trí eintiteas nó comhlacht ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/796. |
(3) |
Tá faisnéis nuashonraithe faighte maidir le dhá liostú i dtaca le daoine nádúrtha. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/796 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/796 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Samhain 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) IO L 129I, 17.5.2019, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1125 ón gComhairle an 30 Iúil 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2019/796 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit (IO L 246, 30.7.2020, lch. 4).
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/796, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad iontrálacha 1 agus 2 faoin bhfo-cheannteideal “A. Daoine nádúrtha”:
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
“1. |
GAO Qiang |
Dáta breithe: 4 Deireadh Fómhair 1983 Áit bhreithe: Shandong Province, China Seoladh: Room 1102, Guanfu Mansion, 46 Xinkai Road, Hedong District, Tianjin, China Náisiúntacht: Síneach Inscne: fireann |
Tá Gao Qiang páirteach in “Operation Cloud Hopper”, sraith cibirionsaithe a bhfuil éifeacht shuntasach acu agus a tháinig ó fhoinse lasmuigh den Aontas, agus ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit agus cibirionsaithe a bhfuil éifeacht shuntasach acu i gcoinne tríú Stáit. Dhírigh “Operation Cloud Hopper” ar chórais faisnéise cuideachtaí ilnáisiúnta i sé mhór-roinn, lena n-áirítear cuideachtaí atá lonnaithe san Aontas, agus d’éirigh leis rochtain neamhúdaraithe a fháil ar shonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, agus caillteanas suntasach eacnamaíoch ann dá dheasca. Is é an gníomhaí “APT10” (“Ardbhagairt Sheasmhach 10”) (a.k.a. “Red Apollo”, “CVNX”, “Stone Panda”, “MenuPass” agus “Potassium”), mar a thugtar air go poiblí, a chuir “Operation Cloud Hopper” i gcrích. Tá fianaise ann go bhfuil nasc idir Gao Qiang agus APT10, lena n-áirítear tríd an mbaint atá aige le bonneagar ceannasaíochta agus rialaithe APT10. Thairis sin, bhí Gao Qiang fostaithe ag Huaying Haitai, eintiteas atá ainmnithe mar gheall ar thacaíocht a thabhairt do “Operation Cloud Hopper” agus é a éascú. Tá naisc idir é agus Zhang Shilong, fear atá ainmnithe agus luaite le “Operation Cloud Hopper”. Tá Gao Qiang bainteach, dá bhrí sin, le Huaying Haitai agus Zhang Shilong araon. |
30.7.2020 |
2. |
ZHANG Shilong |
Dáta breithe: 10 Meán Fómhair 1981 Áit bhreithe: China Seoladh: Hedong, Yuyang Road No 121, Tianjin, China Náisiúntacht: Síneach Inscne: fireann |
Tá Zhang Shilong páirteach in “Operation Cloud Hopper”, sraith cibirionsaithe a bhfuil éifeacht shuntasach acu agus a tháinig ó fhoinse lasmuigh den Aontas, agus ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit agus cibirionsaithe a bhfuil éifeacht shuntasach acu i gcoinne tríú Stáit. Dhírigh “Operation Cloud Hopper” ar chórais faisnéise cuideachtaí ilnáisiúnta i sé mhór-roinn, lena n-áirítear cuideachtaí atá lonnaithe san Aontas, agus d’éirigh leis rochtain neamhúdaraithe a fháil ar shonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, agus caillteanas suntasach eacnamaíoch ann dá dheasca. Is é an gníomhaí “APT10” (“Ardbhagairt Sheasmhach 10”) (a.k.a. “Red Apollo”, “CVNX”, “Stone Panda”, “MenuPass” agus “Potassium”), mar a thugtar air go poiblí, a chuir “Operation Cloud Hopper” i gcrích. Tá fianaise ann go bhfuil nasc idir Zhang Shilong agus APT10, lena n-áirítear trí na bogearraí mailíseacha a d’fhorbair sé agus a thástáil sé i ndáil leis na cibirionsaithe a rinne APT10. Thairis sin, bhí Zhang Shilong fostaithe ag Huaying Haitai, eintiteas atá ainmnithe mar gheall ar thacaíocht a thabhairt do “Operation Cloud Hopper” agus é a éascú. Tá naisc idir é agus Gao Qiang, fear atá ainmnithe i dtaca le “Operation Cloud Hopper”. Tá Zhang Shilong bainteach, dá bhrí sin, le Huaying Haitai agus Gao Qiang araon. |
30.7.2020”. |