Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R1536

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1536 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2019/796 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit

IO L 351I, 22.10.2020, p. 1–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1536/oj

22.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 351/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/1536 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Deireadh Fómhair 2020

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2019/796 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/796 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit (1), agus go háirithe Airteagal 13(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Bealtaine 2019, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2019/796.

(2)

Tá bearta sriantacha spriocdhírithe i gcoinne cibirionsaithe a dhéanann mórdhíobháil agus ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit ar cheann de na bearta a áirítear i gcreat an Aontais le haghaidh freagairt chomhpháirteach taidhleoireachta ar chibirghníomhaíochtaí mailíseacha (bosca uirlisí na cibearthaidhleoireachta) agus is uirlis ríthábhachtach iad chun gníomhaíochtaí den sórt sin a dhíspreagadh agus freagairt orthu.

(3)

Tá iompar mailíseach sa chibearspás ag dul ar aghaidh go leanúnach agus é ag dul i méid. Chun é sin a chosc, a dhíspreagadh agus chun freagairt air, ba cheart beirt dhaoine nádúrtha agus comhlacht amháin a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n‐eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/796. Tá na daoine sin agus an comhlacht sin freagrach as cibirionsaithe a rinne mórdhíobháil agus ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit, go háirithe an cibirionsaí i gcoinne Pharlaimint Chónaidhme na Gearmáine (Deutscher Bundestag) a tharla i mí Aibreáin agus mí na Bealtaine 2015, nó bhí siad páirteach iontu.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/796 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/796 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)   IO L 129I, 17.5.2019, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas ar an liosta de dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, d’eintitis agus de chomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/796:

A.

Daoine nádúrtha

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“7.

Dmitry Sergeyevich BADIN

Дмитрий Сергеевич БАДИН

Dáta breithe: 15 Samhain 1990

Áit breithe: Kursk, PCSS na Rúise (dá ngairtear Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Bhí Dmitry Badin páirteach i gcibirionsaí a rinne mórdhíobháil ar Pharlaimint Chónaidhme na Gearmáine (Deutscher Bundestag).

Mar oifigeach faisnéise míleata den 85ú Príomh-Lárionad le haghaidh Seirbhísí Speisialta (GTsSS) Phríomh-Stiúrthóireacht Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise (GU/GRU), bhí Dmitry Badin ar dhuine d’fhoireann d’oifigigh faisnéise míleata Rúiseacha a rinne cibirionsaí ar Pharlaimint Chónaidhme na Gearmáine (Deutscher Bundestag) i mí Aibreáin agus mí na Bealtaine 2015. Bhí an cibirionsaí sin dírithe ar chóras faisnéise na parlaiminte agus bhí tionchar aige ar fheidhmiú an chórais ar feadh roinnt laethanta. Goideadh líon suntasach sonraí agus bhí éifeacht ar chuntais ríomhphoist roinnt Comhaltaí Parlaiminte agus ar chuntas ríomhphoist an tSeansailéara Angela Merkel.

22.10.2020

8.

Igor Olegovich KOSTYUKOV

Игорь Олегович КОСТЮКОВ

Dáta breithe: 21 Feabhra 1961

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é Igor Kostyukov Ceannaire reatha Phríomh-Stiúrthóireacht Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise (GU/GRU), mar a raibh sé ina Phríomh-Leas-Cheannaire roimhe seo. Tá GTsSS mar cheann de na haonaid atá faoina cheannas, dá ngairtear ‘aonad míleata 26165’ freisin (leasainmneacha tionscail: ‘APT28’, ‘Fancy Bear’, ‘Sofacy Group’, ‘Pawn Storm’ agus ‘Strontium’).

Sa cháil sin, tá Igor Kostyukov freagrach as cibirionsaithe a rinne GTsSS, lena n‐áirítear na hionsaithe sin a rinne mórdhíobháil agus ar bhagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit.

Go háirithe, bhí oifigigh faisnéise míleata de chuid an 85ú Príomh-Lárionad le haghaidh Seirbhísí Speisialta (GTsSS) páirteach sa chibirionsaí i gcoinne Pharlaimint Chónaidhme na Gearmáine (Deutscher Bundestag) a tharla i mí Aibreáin agus mí na Bealtaine 2015 agus san iarracht ar chibirionsaí a dhéanamh a raibh sé mar aidhm aige briseadh isteach i líonra WiFi na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) san Ísiltír i mí Aibreáin 2018.

Bhí an cibirionsaí i gcoinne Pharlaimint Chónaidhme na Gearmáine dírithe ar chóras faisnéise na parlaiminte agus bhí tionchar aige ar fheidhmiú an chórais ar feadh roinnt laethanta. Goideadh líon suntasach sonraí agus bhí éifeacht ar chuntais ríomhphoist roinnt Comhaltaí Parlaiminte agus ar chuntas ríomhphoist an tSeansailéara Angela Merkel.

22.10.2020”

B.

Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“4.

85ú Príomh-Lárionad le haghaidh Seirbhísí Speisialta (GTsSS) Phríomh-Stiúrthóireacht Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise (GU/GRU)

Seoladh: Komsomol’skiy Prospekt, 20, Moscó, 119146, Cónaidhm na Rúise

Is é 85ú Príomh-Lárionad le haghaidh Seirbhísí Speisialta (GTsSS) Phríomh-Stiúrthóireacht Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise (GU/GRU), dá ngairtear freisin ‘aonad míleata 26165’ (leasainmneacha tionscail: ‘APT28’, ‘Fancy Bear’, ‘Sofacy Group’, ‘Pawn Storm’ agus ‘Strontium’), atá freagrach as cibirionsaithe a rinne mórdhíobháil agus ar bhagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit.

Go háirithe, bhí oifigigh faisnéise míleata de chuid GTsSS páirteach sa chibirionsaí i gcoinne Pharlaimint Chónaidhme na Gearmáine (Deutscher Bundestag) a tharla i mí Aibreáin agus mí na Bealtaine 2015 agus san iarracht ar chibirionsaí a dhéanamh a raibh sé mar aidhm aige briseadh isteach i líonra WiFi na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) san Ísiltír i mí Aibreáin 2018.

Bhí an cibirionsaí i gcoinne Pharlaimint Chónaidhme na Gearmáine dírithe ar chóras faisnéise na parlaiminte agus bhí tionchar aige ar fheidhmiú an chórais ar feadh roinnt laethanta. Goideadh líon suntasach sonraí agus bhí éifeacht ar chuntais ríomhphoist roinnt Comhaltaí Parlaiminte agus ar chuntas ríomhphoist an tSeansailéara Angela Merkel.

22.10.2020”


Top