|
Ainm
|
Faisnéis aitheantais
|
Cúiseanna
|
Dáta an liostaithe
|
4.
|
Denis Valentinovich BEREZOVSKIY
(Денис Валентинович БЕРЕЗОВСКИЙ)
Denys Valentynovych BEREZOVSKYY
(Денис Валентинович БЕРЕЗОВСЬКИЙ)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 15.7.1974
Áit bhreithe: Kharkiv, Ukrainian SSR (ar a dtugtar ‘Ukraine’ anois)
|
Ceapadh Berezovskiy ina cheannasaí ar Chabhlach na hÚcráine an 1 Márta 2014 ach, ina dhiaidh sin, thug sé mionn d'fhórsaí armtha na Crimé, agus ar an gcaoi sin, chuaigh sé siar ar a mhionn do Chabhlach na hÚcráine.
Bhí sé ina Leas-Cheannasaí ar Chabhlach na Mara Duibhe de chuid Cónaidhm na Rúise go dtí Deireadh Fómhair 2015.
Leas-Cheannasaí Chabhlach an Aigéin Chiúin agus Leas‐Aimireál, Cónaidhm na Rúise, faoi láthair.
|
17.3.2014
|
19.
|
Aleksandr Viktorovich VITKO
(Александр Викторович ВИТКО)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 13.9.1961
Áit bhreithe: Vitebsk (Belarusian SSR), ar a dtugtar ‘Belarus’ anois
|
Iar-Cheannasaí ar Chabhlach na Mara Duibhe, Aimiréal.
Freagrach as ceannas fhórsaí Rúiseacha a bhfuil críoch cheannasach na hÚcráine forghafa acu.
Ceann Foirne agus Leas‐Ardcheannasaí ar Chabhlach na Rúise.
|
17.3.2014
|
29.
|
Vladislav Yurievich SURKOV
(Владислав Юрьевич СУРКОВ)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 21.9.1964
Áit bhreithe: Solntsevo, Lipetsk region, Russian Federation
|
Iar-Shainchabhróir ag Uachtarán Chónaidhm na Rúise. Ba é a d'eagraigh an próiseas sa Chrimé lenar slógadh pobail áitiúla Crimé chun deireadh a chur le gníomhaíochtaí a bhain an bonn d'údaráis na hÚcráine sa Chrimé.
Tá sé fós gníomhach maidir le tacú le gníomhaíochtaí nó beartais scarúnaíocha.
|
21.3.2014
|
34.
|
Dmitry Nikolayevich KOZAK
(Дмитрий Николаевич КОЗАК)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 7.11.1958
Áit bhreithe: Bandurovo, Kirovograd region, Ukrainian SSR, ar a dtugtar ‘Ukraine’ anois
Náisiúntacht: Rúiseach
|
Iar-Leas-Phríomh-Aire. Freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar ‘Poblacht na Crimé’ Fhéinrialaitheach, a ionghabhadh go neamhdhleathach, i gCónaidhm na Rúise. Leas‐Cheann Foirne ar Riarachán Uachtaránachta Chónaidhm na Rúise.
|
29.4.2014
|
40.
|
Sergei Ivanovich NEVEROV
(Сергей Иванович НЕВЕРОВ)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 21.12.1961
Áit bhreithe: Tashtagol, USSR (ar a dtugtar ‘Russian Federation’ anois)
|
Iar‐Leas‐Chathaoirleach Dhúma an Stáit. É freagrach as ‘Poblacht na Crimé’ Fhéinrialaitheach, a ionghabhadh go neamhdhleathach, a lánpháirtiú i gCónaidhm na Rúise. Comhalta den Dúma, ceannaire ar an ngrúpa an Rúis Aontaithe.
|
29.4.2014
|
43.
|
German PROKOPIV
(Герман ПРОКОПИВ)
Herman PROKOPIV
(Герман ПРОКОПIВ)
(dá ngairtear Li Van Chol, Ли Ван Чоль freisin)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 6.7.1993 nó 6.7.1991
Áit bhreithe: Prague, Czech Republic
|
Comhalta gníomhach den ‘Luhansk Guard’. Bhí páirt aige in urghabháil Oifig Réigiúnach Luhansk de chuid na Seirbhíse Slándála.
Fós ina throdaí míleata gníomhach le LNR.
|
29.4.2014
|
47.
|
Sergey Gennadevich TSYPLAKOV
(Сергей Геннадьевич ЦЫПЛАКОВ)
Serhiy Hennadiyovych TSYPLAKOV
(Сергiй Геннадiйович ЦИПЛАКОВ)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 1.5.1983
Áit bhreithe: Khartsyzsk, Donetsk region, Ukraine
|
Duine de cheannairí na heagraíochta ‘Daon-Mhílíste Donbas’, eagraíocht le hidé‐eolaíocht radacach. Ghlac sé páirt ghníomhach in urghabháil roinnt foirgneamh de chuid an Stáit i réigiún Donetsk.
Iar-Chomhalta de ‘Daon‐Chomhairle Dhaon‐Phoblacht Donetsk’, agus dá Coiste um Beartas Eachtrach, um Chaidreamh Seachtrach, um Beartas Faisnéise agus um Theicneolaíocht Faisnéise.
|
29.4.2014
|
55.
|
Igor Nikolaevich BEZLER (dá ngairtear Bes (devil) freisin)
(Игорь Николаевич БЕЗЛЕР)
Ihor Mykolayovych BEZLER
(Iгор Миколайович БЕЗЛЕР)
dá ngairtear Igor Nikolaevich BEREGOVOY freisin
(Игорь Николаевич БЕРЕГОВОЙ)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 30.12.1965
Áit bhreithe: Simferopol, Crimea, Ukraine
|
Ar dhuine d'iarcheannairí mílíste (féinfhógartha) Horlivka. Ghlac sé ceannas ar Sheirbhís Slándála oifig na hÚcráine i réigiún Donetsk agus, ina dhiaidh sin, d'urghabh sé stáisiún ceantair na hAireachta Gnóthaí Baile i mbaile Horlivka. Tá naisc aige le Igor Strelkov/Girkin, ar faoina cheannas a bhí lámh aige i ndúnmharú Volodymyr Rybak, Feisire de chuid na nDaoine ar Chomhairle Bhardasach Horlivka.
Tá sé fós gníomhach maidir le tacú le gníomhaíochtaí nó beartais scarúnaíocha.
|
12.5.2014
|
76.
|
Rashid Gumarovich NURGALIEV
(Рашид Гумарович НУРГАЛИЕВ)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 8.10.1956
Áit bhreithe: Zhetikara, Kazakh Soviet Socialist Republic (ar a dtugtar 'Kazakhstan' anois)
|
Comhalta agus Leas-Rúnaí Chomhairle Slándála Chónaidhm na Rúise. Mar chomhalta den Chomhairle Slándála, a chuireann comhairle ar fáil maidir le gnóthaí slándála náisiúnta agus a chomhordaíonn na gnóthaí sin, bhí baint aige le beartas Rialtas na Rúise a mhúnlú, ar bagairt é ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine.
|
25.7.2014
|
86.
|
Serhii Anatoliyovych ZDRILIUK (dá ngairtear Abwehr freisin)
(Сергей Анатольевич ЗДРИЛЮК)
(Сергiй Анатолiйович ЗДРИЛЮК)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 23.6.1972 (nó 23.7.1972)
Áit bhreithe: Frontovka village,Vinnytsia region, Ukraine
|
Sainchabhróir sinsearach le Igor Strelkov/Girkin, atá freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó atá ina mbagairt orthu sin. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, thug Zdriliuk tacaíocht do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.
Tá sé fós gníomhach maidir le tacú le gníomhaíochtaí nó beartais scarúnaíocha.
|
25.7.2014
|
87.
|
Vladimir ANTYUFEYEV (dá ngairtear freisin: Vladimir SHEVTSOV, Vladimir Iurievici ANTIUFEEV, Vladimir Gheorghievici ALEXANDROV, Vadim Gheorghievici SHEVTSOV)
(Владимир АНТЮФЕЕВ)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 19.2.1951
Áit bhreithe: Novosibirsk, Russian Federation
|
Iar-‘Aire Slándála Stáit’ i réigiún scarúnaíoch an Tras‐dnístria. Iar‐leas‐phríomhaire de ‘Daon‐Phoblacht Donetsk’, agus é freagrach as slándáil agus as forfheidhmiú an dlí. Ina cháil sin, bhí sé freagrach as gníomhaíochtaí ‘rialtasacha’ bolscaireachta scarúnaíocha ‘rialtas Dhaon-Phoblacht Donetsk’ mar a ghairtear de.
Comhalta boird agus Leas‐Ard-Stiúrthóir ‘United Engine Corporation’, ar leis an Stát é, comhalta boird de chuid JSC Research and Production Enterprise ‘Temp’ ar leis an Stát é agus ainmnithe as F.Korotkov.
Tá sé fós gníomhach maidir le tacú le gníomhaíochtaí nó beartais scarúnaíocha.
|
25.7.2014
|
92.
|
Arkady Romanovich ROTENBERG
Arkadii Romanovich ROTENBERG
(Аркадий Романович РОТЕНБЕРГ)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 15.12.1951
Áit bhreithe: Leningrad, USSR (St. Petersburg, Russian Federation)
|
Is fear gnó Rúiseach iomráiteach é Arkady Rotenberg a bhfuil dlúthcheangal pearsanta aige leis an Uachtarán Putin. Ó mhí an Mhárta 2014 i leith, tá conarthaí Stáit de luach os cionn USD 7 mbilliún faighte ag Rotenberg, nó ag a chuideachtaí. In 2015, bhí Rotenberg ar bharr liosta iad siúd a fuair conarthaí rialtais ó thaobh luacha de, agus conarthaí arbh fhiú RUB 555 bhilliún iad faighte aige ó Rialtas na Rúise. An-chuid de na conarthaí sin, bronnadh gan aon phróiseas foirmiúil iomaíochta. An 30 Eanáir 2015, shínigh an Príomh-Aire, Dmitry Medvedev, foraithne lenar bronnadh conradh stáit ar Stroygazmontazh, cuideachta Rotenberg, chun droichead Kerch a thógáil ón Rúis chuig Poblacht Fhéinrialaitheach na Crimé, a raibh ionghabháil neamhdhleathach déanta uirthi.
|
30.7.2014
|
|
|
|
Trí na conarthaí sin, fuair sé tairbhe airgeadais ó chinnteoirí na Rúise, an dream céanna a bhí freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú oirthear na hÚcráine.
Iar-úinéir na cuideachta Stroygazmontazh é, ar bronnadh conradh Stáit uirthi chun droichead Kerch a thógáil ón Rúis chuig Poblacht Fhéinrialaitheach na Crimé, a raibh ionghabháil neamhdhleathach déanta uirthi, rud a dhaingnigh a lánpháirtiú i gCónaidhm na Rúise agus a chuir le baint an bhoinn d'iomláine chríochach na hÚcráine. Ar an gcaoi chéanna, in Eanáir 2017, bronnadh conradh stáit ar Stroygazmontazh arbh fhiú RUB 17 mbilliún é chun líne iarnróid a thógáil ar dhroichead Kerch, rud a chuir le baint an bhoinn d'iomláine chríochach na hÚcráine.
|
|
|
|
|
Úinéir dhá chuideachta, Mostotrest agus Stroygazmontazazh-Most, atá ainmnithe mar gheall ar a ngníomhaíochtaí a bhaineann an bonn den cheannasacht na hÚcráine (eintitis Uimh. 43 agus 46 san Iarscríbhinn seo).
Mar gheall ar a rannpháirtíocht i dtógáil Dhroichead Kerch bronnadh ordú Stáit na Rúise ‘Hero of Labour of the Russian Federation’ i mí an Mhárta 2020.
Tá sé ina chathaoirleach ar bhord stiúrthóirí an chomhlachta foilsitheoireachta Prosvescheniye, a sheol an tionscadal ‘Do Leanaí na Rúise: Seoladh – An Chrimé’, arb é a bhí ann feachtas caidrimh phoiblí a ceapadh lena chur ina luí ar leanaí na Crimé gur saoránaigh de chuid na Rúise iad a raibh cónaí orthu sa Rúis agus, ar an gcaoi sin, tacú le beartas Rialtas na Rúise an Chrimé a lánpháirtiú sa Rúis.
|
|
97.
|
Vladimir Petrovich KONONOV (dá ngairtear ‘Tsar’ freisin)
(Владимир Петровнч КОНОНОВ)
Volodymyr Petrovych KONONOV
(Володимир Петрович КОНОНОВ)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 14.10.1974
Áit bhreithe: Gorskoe, Luhansk oblast, Ukraine
|
Amhail ón 14 Lúnasa 2014, tháinig sé in ionad Igor Strelkov/Girkin, mar ‘Aire Cosanta’, mar a ghairtear de, de chuid ‘Daon-Phoblacht Donetsk’. Tuairiscítear go raibh sé i gceannas ar rannán trodaithe scarúnaíocha in Donetsk ó mhí Aibreáin 2014 agus gheall sé go réiteodh sé an cúram straitéiseach maidir le hionsaí míleata na hÚcráine a ruaigeadh. Dá bhrí sin, thacaigh Kononov le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.
Briseadh as a phost é mar 'Aire Cosanta', mar a ghairtear de, i mí Mheán Fómhair 2018.
Tá sé ina cheann ar an Stiúrthóireacht um Chúnamh Sóisialta do Phearsanra Míleata Ar Scor agus Oideachas Tírghrách, faoi ‘Ceann Dhaon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear de.
|
12.9.2014
|
100.
|
Andrey Yurevich PINCHUK
(Андрей Юрьевич ПИНЧУК)
Andriy Yuriyovych PINCHUK
(Андрiй Юрiйович ПIНЧУК)
|
Inscne: fireann;
Dáta breithe féideartha: 27.12.1977
Áit bhreithe: Tiraspol, Republic of Moldova
|
An tIar‐‘Aire Slándála Stáit’ in ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di. Tá baint aige le Vladimir Antyufeyev, fear a bhí freagrach as gníomhaíochtaí bolscaireachta scarúnaíocha rialtais de chuid ‘Rialtas Dhaon‐Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear de. Dá bhrí sin, thacaigh sé le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. Tá sé fós gníomhach maidir le tacú le gníomhaíochtaí nó beartais scarúnaíocha. Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus cathaoirleach Chomhairle Ceannasaithe ‘Aontas shaorálaithe Donbas’.
|
12.9.2014
|
101.
|
Oleg Vladimirovich BEREZA
(Олег Владимирович Берëза)
|
Inscne: fireann;
Dáta breithe: 1.3.1977
Áit bhreithe: Frunze, Slobodzia district, Republic of Moldova
|
Iar-‘Aire gnóthaí baile’, mar a ghairtear de, ‘Daon-Phoblacht Donetsk’. Tá baint aige le Vladimir Antyufeyev, fear a bhí freagrach as gníomhaíochtaí bolscaireachta scarúnaíocha rialtais de chuid ‘Rialtas Dhaon‐Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear de. Dá bhrí sin, thacaigh sé le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.
|
12.9.2014
|
109.
|
Viktor Petrovich VODOLATSKY
(Виктор Петрович ВОДОЛАЦКИЙ)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 19.8.1957
Áit bhreithe: Stefanidin Dar, Rostov region, Russian Federation
|
Iarchathaoirleach (‘ataman’) ar Aontas Fhórsaí Cosacacha na Rúise agus na bhFórsaí Cosacacha Eachtracha. Comhalta de Dhúma an Stáit. Céad-Leas‐Chathaoirleach ar Choiste an Dúma um Ghnóthaí Chomhlathas na Stát Neamhspleách, um Lánpháirtiú Eoráiseach agus um Chaidreamh le Comhthírigh.
Thacaigh sé le hionghabháil na Crimé agus d'admhaigh sé go raibh Cosacaigh Rúiseacha rannpháirteach go gníomhach sa choinbhleacht Úcránach ar thaobh na scarúnaithe a dtacaíonn Moscó leo. An 20 Márta 2014, vótáil sé i bhfabhar dréacht-Dlí Bunreachtúil Cónaidhme ‘Maidir le “Poblacht na Crimé” a ghlacadh isteach i gCónaidhm na Rúise agus foirmiú, laistigh de Chónaidhm na Rúise, eintiteas nua cónaidhme —“Poblacht na Crimé” agus Cathair Stádais Cónaidhme Sevastopol’.
|
12.9.2014
|
122.
|
Larisa Leonidovna AIRAPETYAN (dá ngairtear Larysa AYRAPETYAN, Larisa AIRAPETYAN nó Larysa AIRAPETYAN freisin)
(née ZHILKO)
(Лариса Леонидовна АЙРАПЕТЯН) (née ЖИЛКО)
(Лариса Леонiдiвна АЙРАПЕТЯН)
|
Inscne: baineann
Dáta breithe: 21.2.1970
Ait bhreithe: b'fhéidir in Antratsit, Luhansk oblast, Ukraine
|
Iar-‘Aire Sláinte’, mar a ghairtear de, de chuid ‘Daon‐Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di. Sheas sí mar iarrthóir sna ‘toghcháin’, mar a ghairtear díobh, an 2 Samhain 2014, don phost mar ‘Ceann’ ar ‘Daon‐Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di.
Bhí na ‘toghcháin’ sin ina sárú ar dhlí na hÚcráine agus neamhdhleathach dá réir.
Agus í ag glacadh na cáile sin chuici agus ag gníomhú di sa cháil sin, agus í ag glacadh páirte go foirmiúil mar iarrthóir sna ‘toghcháin’ neamhdhleathacha, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aici, dá bhrí sin, do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh.
Tá sí fós gníomhach maidir le tacú le gníomhaíochtaí nó beartais scarúnaíocha.
|
29.11.2014
|
131.
|
Yevgeniy Vyacheslavovich ORLOV (dá ngairtear Yevhen Vyacheslavovych ORLOV freisin)
(Евгений Вячеславович ОРЛОВ)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 10.5.1980 nó 21.10.1983
Áit bhreithe: Snezhnoye, Donetsk oblast, Ukraine
г. Снежное, Донецкой области, Украина
|
Iar-Chomhalta de ‘Comhairle Náisiúnta Dhaon‐Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di. Iarchathaoirleach ar an ngluaiseacht phoiblí dar teideal ‘Gluaiseacht Saoirse Donbass’.
Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó sa cháil sin, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige, dá bhrí sin, do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh.
|
29.11.2014
|
132.
|
Vladyslav Mykolayovych DEYNEGO (dá ngairtear Vladislav Nikolayevich DEYNEGO freisin)
(Владислав Миколайович ДЕЙНЕГО)
(Владислав Николаевич ДЕЙНЕГО)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 12.3.1964
Áit bhreithe: Romny, Sumy oblast, Ukraine
Ромны, Сумская область, Україна
nó b'fhéidir in Gornyatskiy village, Perevalsk district, Luhansk oblast, Ukraine.
|
Iar-‘Leas-Chathaoirleach’ ar ‘Daon-Chomhairle Dhaon‐Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di.
Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó sa cháil sin, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige, dá bhrí sin, do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh.
‘Aire Gnóthaí Eachtracha’, mar a ghairtear de, faoi láthair de chuid ‘Daon‐Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di.
|
29.11.2014
|
141.
|
Ekaterina Vladimirovna GOGIASHVILI (née FILIPPOVA)
(Екатерина Владимировна ГОГИАШВИЛИ - née ФИЛИППОВА)
Kateryna Volodymyrivna GOGIASHVILI (née FILIPPOVA)
(Катерина Володимирiвна ГОГIАШВIЛI - née ФIЛIППОВА)
|
Inscne: baineann
Dáta breithe: 20.1.1988
Áit bhreithe: Krasnoarmeysk (ar a dtugtar ‘Pokrovsk’ anois), Donetskaya oblast, Ukraine
|
Iar-‘Aire Ceartais’, mar a ghairtear de, de chuid ‘Daon‐Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di.
Agus í ag glacadh na cáile sin chuici agus ag gníomhú di sa cháil sin, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aici, dá bhrí sin, do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh.
Iar-Stiúrthóir ar an Roinn a eagraíonn obair ‘Comhairle na nAirí de chuid Dhaon‐Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di. Leas‐Cheann oifige ‘Ombudsman Dhaon‐Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear de.
|
16.2.2015
|
146.
|
Zaur Raufovich ISMAILOV
(Заур Рауфович ИСМАИЛОВ)
Zaur Raufovych ISMAYILOV
(Заур Рауфович IСМАЇЛОВ)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 25.7.1978 (nó 23.3.1975)
Áit bhreithe: Krasny Luch, Voroshilovgrad, Luhansk region, Ukraine
|
Iar-‘Phríomh-Ionchúisitheoir’, mar a ghairtear de, ‘Dhaon‐Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di (go dtí mí Dheireadh Fómhair 2017). ‘Aire Ceartais’, mar a ghairtear de, faoi láthair de chuid ‘Daon‐Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di.
Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó sa cháil sin, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige, dá bhrí sin, do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh.
|
16.2.2015
|
153.
|
Konstantin Mikhailovich BAKHAREV
(Константин Михайлович БАХАРЕВ)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 20.10.1972
Áit bhreithe: Simferopol, Ukrainian SSR (ar a dtugtar ‘Ukraine’ anois)
|
Comhalta de Dhúma an Stáit, tofa ó ‘Poblacht na Crimé’ Fhéinrialaitheach, a ionghabhadh go neamhdhleathach.
Comhalta de Choiste an Dúma um Margaí Airgeadais.
I mí an Mhárta 2014, ceapadh Bakharev ina Leas‐Chathaoirleach ar Chomhairle Stáit ‘Phoblacht na Crimé’, mar a ghairtear di, agus i mí Lúnasa 2014 ceapadh é ina Chéad Leas‐Chathaoirleach ar an gcomhlacht sin. D'admhaigh sé go raibh sé féin rannpháirteach in imeachtaí 2014 as ar eascair ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol, rud ar thacaigh sé leis go poiblí, lena n-áirítear in agallamh a foilsíodh ar shuíomh gréasáin gazetakrimea.ru an 22 Márta 2016 agus ar shuíomh gréasáin c-pravda.ru an 23 Lúnasa 2016. Bhronn 'údaráis Phoblacht na Crimé' an t-ordú ‘For loyalty to duty’ air.
|
9.11.2016
|
154.
|
Dmitry Anatolievich BELIK
(Дмитрий Анатольевич БЕЛИК)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 17.10.1969
Áit bhreithe: Kula r. Ust‐Yansky district, Yakut Autonomous SSR (ar a dtugtar ‘Russian Federation’ anois)
|
Comhalta de Dhúma an Stáit, tofa ó chathair Sevastopol, a ionghabhadh go neamhdhleathach.
Comhalta de Choiste an Dúma um Rialú agus um Rialáil agus Cathaoirleach Choiste na Saineolaithe chun reachtaíocht maidir leis an gCrimé agus Sevastopol a fhorbairt.
Mar chomhalta d'údarás bardasach Sevastopol ó mhí Feabhra go mí an Mhárta 2014, thacaigh sé le gníomhaíochtaí ‘Méara na nDaoine’, mar a ghairtear de, Alexei Chaliy. D'admhaigh sé go poiblí go raibh sé rannpháirteach in imeachtaí 2014 as ar eascair ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol, rud ar chosain sé go poiblí, lena n‐áirítear ar a shuíomh gréasáin pearsanta agus in agallamh a foilsíodh an 21 Feabhra 2016 ar shuíomh gréasáin nation-news.ru.
Mar thoradh ar a rannpháirtíocht i bpróiseas na hionghabhála bronnadh ordú Stáit na Rúise ‘For Merit to the Fatherland – second degree’ air.
|
9.11.2016
|
158.
|
Andrey Vladimirovich CHEREZOV (TSCHERESOW)
(Андрей Владимирович ЧЕРЕЗОВ)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 12.10.1967
Áit bhreithe: Salair, Kemerovskaya oblast, Russian Federation
|
Leas-Aire Fuinnimh i gCónaidhm na Rúise.
Tá cuid den fhreagracht air as an gcinneadh chun tuirbíní gáis, a sheachaid Siemens Gas Turbine Technologies OOO chuig OAO VO Technopromexport, a aistriú lena suiteáil sa Chrimé. Leis an gcinneadh sin cuidítear le soláthar cumhachta neamhspleách a bhunú don Chrimé agus Sevastopol chun tacú lena scaradh ón Úcráin, agus baintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.
|
4.8.2017
|
159.
|
Evgeniy Petrovich GRABCHAK
(Евгений Петрович ГРАБЧАК)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 18.7.1981
Áit bhreithe: Ust-Labinsk, Krasnodar region, Russian Federation
|
Iar-Cheann Roinne in Aireacht Fuinnimh Chónaidhm na Rúise agus freagrach in Aireacht Fuinnimh Chónaidhm na Rúise as tionscnaimh leictrea-fhuinnimh a fhorbairt sa Chrimé. Leis na tionscadail sin cuidítear le soláthar cumhachta neamhspleách a bhunú don Chrimé agus Sevastopol chun tacú lena scaradh ón Úcráin, agus baintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.
Leas-Aire Fuinnimh i gCónaidhm na Rúise.
|
4.8.2017
|
164.
|
Aleksandr Yurevich PETUKHOV
Aleksandr Yurievich PETUKHOV
(Александр Юрьевич ПЕТУХОВ)
Oleksandr Yuriyovych PIETUKHOV
(Олександр Юрiйович ПЄТУХОВ)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 17.7.1970
Áit bhreithe: Ryazan, Russian Federation
|
Iar-Chathaoirleach Choimisiún Toghcháin Sevastopol. Sa cháil sin, ghlac sé páirt in eagrú thoghcháin uachtaránachta na Rúise an 18 Márta 2018 in Sevastopol a ionghabhadh go neamhdhleathach, agus ar an gcaoi sin, thacaigh sé go gníomhach le beartais a bhaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus chuir sé na beartais sin chun feidhme.
Príomh-Chigire Cónaidhme réigiún Mhoscó.
|
14.5.2018
|
165.
|
Miroslav Aleksandrovich POGORELOV
(Мирослав Александрович ПОГОРЕЛОВ)
Myroslav Oleksandrovych POHORIELOV
(Мирослав Олександрович ПОГОРЄЛОВ)
|
Inscne: fireann;
Dáta breithe: 7.6.1968
Áit bhreithe: Novorossiysk, Russian Federation
|
Iar-Leas-Chathaoirleach Choimisiún Toghcháin Sevastopol (go dtí mí na Bealtaine 2019). Sa cháil sin, ghlac sé páirt in eagrú thoghcháin uachtaránachta na Rúise an 18 Márta 2018 in Sevastopol a ionghabhadh go neamhdhleathach, agus ar an gcaoi sin, thacaigh sé go gníomhach le beartais a bhaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus chuir sé na beartais sin chun feidhme.
|
14.5.2018
|
173.
|
Vladimir Yurievich VYSOTSKIY
(Владимир Юрьевич ВЫСОЦКИЙ)
Volodymyr Yuriyovych VYSOTSKYI
(Володимир Юрiйович ВИСОЦЬКИЙ)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 7.4.1985
Áit bhreithe: Lekarstvennoe village, Autonomous ‘Republic of Crimea’, Ukraine
|
Iar-‘Rúnaí’ ar ‘Coimisiún Lárnach Toghchán Dhaon‐Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di. Sa cháil sin, ghlac sé páirt in eagrú ‘thoghcháin’, mar a ghairtear díobh, an 11 Samhain 2018 i ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di, agus leis sin tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige, do bheartais a bhaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh agus chuir sé na beartais sin chun feidhme.
Ceann gníomhach ‘Choimisiún Lárnach Toghchán Dhaon‐Phoblacht Donetsk’, mar a ghairtear di.
|
10.12.2018
|
174.
|
Maksim Aleksandrovich SVIDCHENKO
(Максим Александрович СВИДЧЕНКО)
Maksym Oleksandrovych SVIDCHENKO
(Максим Олександрович СВIДЧЕНКО)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 6.4.1978
Áit bhreithe: Luhansk, Ukraine
|
‘Leas-Chathaoirleach’ ar ‘Coimisiún Lárnach Toghchán Dhaon‐Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di. Sa cháil sin, ghlac sé páirt in eagrú ‘thoghcháin’, mar a ghairtear díobh, an 11 Samhain 2018 i ‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di, agus ar an gcaoi sin, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige do bheartais a bhaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh agus chuir sé na beartais sin chun feidhme.
|
10.12.2018
|
175.
|
Ekaterina Vasilyevna TERESHCHENKO Ekaterina Vasilievna TERESHCHENKO
(Екатерина Васильевна ТЕРЕЩЕНКО)
Kateryna Vasylivna TERESHCHENKO
(Катерина Василiвна ТЕРЕЩЕНКО)
|
Inscne: baineann
Dáta breithe: 31.5.1986
Áit bhreithe: Luhansk, an Úcráin
|
‘Rúnaí’ ar ‘Coimisiún Lárnach Toghchán Dhaon-Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di. Sa cháil sin, ghlac sí páirt in eagrú ‘thoghcháin’, mar a ghairtear díobh, an 11 Samhain 2018 i ‘Daon‐Phoblacht Luhansk’, mar a ghairtear di, agus ar an gcaoi sin, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aici do bheartais a bhaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh agus chuir sí na beartais sin chun feidhme.
|
10.12.2018
|
178.
|
Aleksey Mikhailovich SALYAEV
Aleksey Mikhailovich SALYAYEV
(Алексей Михайлович САЛЯЕВ)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 22.8.1978 nó 4.12.1975
|
Oifigeach ceannais bhád patróil teorann ‘Don’ (marcálacha taoibhe 353) Sheirbhís an Gharda Teorann de chuid Sheirbhís Chónaidhme Slándála Chónaidhm na Rúise. Bhí sé i gceannas ar an soitheach a ghlac páirt ghníomhach i ngníomhaíochtaí Chónaidhm na Rúise i gcoinne shoithí na hÚcráine gona bhfoirne an 25 Samhain 2018, agus a rinne pulcadh ar an tuga inbhir, ‘Yany Kapu’, de chuid Chabhlach na hÚcráine. I ngeall ar na gníomhaíochtaí sin, níor fhéad soithí na hÚcráine dul a fhad lena gcósta féin ar Mhuir Mheoid, rud a bhain an bonn d'iomláine chríochach agus de cheannasacht na hÚcráine agus a bhain an bonn de shlándáil na hÚcráine trí chur as do ghluaiseachtaí agus inoibritheacht shoithí cabhlaigh na hÚcráine.
Ina theannta sin, thacaigh na gníomhartha sin le hionghabháil neamhdhleathach a dhéanamh ar leithinis na Crimé isteach i gCónaidhm na Rúise.
|
15.3.2019
|
179.
|
Andrei Olegovich SHIPITSIN
(Андрей Олегович ШИПИЦИН)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 25.12.1969
Áit bhreithe: Astrakhan, Russian Federation
|
Oifigeach ceannais bhád patróil teorann
‘Izumrud’ Sheirbhís an Gharda Teorann de chuid Sheirbhís Chónaidhme Slándála Chónaidhm na Rúise. Bhí sé i gceannas ar an soitheach a ghlac páirt ghníomhach i ngníomhaíochtaí Chónaidhm na Rúise i gcoinne shoithí na hÚcráine gona bhfoirne an 25 Samhain 2018, rud a d'fhág nár fhéad soithí na hÚcráine dul a fhad lena gcósta féin ar Mhuir Mheoid, rud a bhain an bonn d'iomláine chríochach agus de cheannasacht na hÚcráine agus a bhain an bonn de shlándáil na hÚcráine trí chur as do ghluaiseachtaí agus inoibritheacht shoithí cabhlaigh na hÚcráine.
Ina theannta sin, thacaigh na gníomhartha sin le hionghabháil neamhdhleathach a dhéanamh ar leithinis na Crimé isteach i gCónaidhm na Rúise.
|
15.3.2019
|
180.
|
Aleksey Vladimirovich SHATOKHIN
(Алексей Владимирович ШАТОХИН)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 26.1.1971
|
Ceann Seirbhíse Phointe Rialaithe Kerch i ‘Poblacht na Crimé agus Chathair Sevastopol’ de chuid Sheirbhís Slándála Chónaidhm na Rúise. Ghlac sé páirt in oibríochtaí i gcoinne shoithí na hÚcráine le linn gníomhaíochtaí Chónaidhm na Rúise i gcoinne shoithí na hÚcráine gona bhfoirne an 25 Samhain 2018, rud a d'fhág nár fhéad soithí na hÚcráine dul a fhad lena gcósta féin ar Mhuir Mheoid, rud a bhain an bonn d'iomláine chríochach agus de cheannasacht na hÚcráine agus a bhain an bonn de shlándáil na hÚcráine trí chur as do ghluaiseachtaí agus inoibritheacht shoithí cabhlaigh na hÚcráine.
Ina theannta sin, thacaigh na gníomhartha sin le hionghabháil neamhdhleathach a dhéanamh ar leithinis na Crimé isteach i gCónaidhm na Rúise.
|
15.3.2019
|
182.
|
Sergey Alekseevich SHCHERBAKOV
(Сергей Алексеевич ЩЕРБАКОВ)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 2.11.1986
|
Is é a bhí i gceannas ar an long fhrith-fhomhuirí ‘Suzdalets’ de chuid chabhlach Mara Duibhe Chónaidhm na Rúise, a ghlac páirt i ngníomhaíochtaí Chónaidhm na Rúise i gcoinne loingeas na hÚcráine gona gcriúnna an 25 Samhain 2018, agus páirt ghníomhach ar an mbac a cuireadh ar an tuga ‘Yani Kapu’, agus i ngabháil an bháid armtha gunna ‘Nikopol’. I ngeall ar na gníomhaíochtaí sin, níor fhéad soithí na hÚcráine dul a fhad lena gcósta féin ar Mhuir Mheoid, rud a bhain an bonn d'iomláine chríochach agus de cheannasacht na hÚcráine agus a bhain an bonn de shlándáil na hÚcráine trí chur as do ghluaiseachtaí agus inoibritheacht shoithí cabhlaigh na hÚcráine.
Ina theannta sin, thacaigh na gníomhartha sin le hionghabháil neamhdhleathach a dhéanamh ar leithinis na Crimé isteach i gCónaidhm na Rúise.
|
15.3.2019
|
184.
|
Sergei Andreevich DANILENKO (Сергей Андреевич ДАНИЛЕНКО)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 14.3.1960
Áit bhreithe: Krasnodar, USSR (ar a dtugtar ‘Russian Federation’ anois)
|
Ceann Choimisiún Toghcháin Sevastopol. Sa cháil sin, ghlac sé páirt i reáchtáil na dtoghchán áitiúil an 8 Meán Fómhair 2019 i gcathair Sevastopol, a ndearnadh ionghabháil neamhdhleathach uirthi, agus ar an gcaoi sin thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.
|
28.1.2020
|
185.
|
Lidia Aleksandrovna BASOVA (Лидия Александровна БАСОВА) Lidiya Oleksandrivna BASOVA (Лiдiя Олександрiвна БАСОВА)
|
Inscne: baineann
Dáta breithe: 1972
|
Leas-Cheann Choimisiún Toghcháin Sevastopol. Sa cháil sin, ghlac sí páirt i reáchtáil na dtoghchán áitiúil an 8 Meán Fómhair 2019 i gcathair Sevastopol, a ndearnadh ionghabháil neamhdhleathach uirthi, agus ar an gcaoi sin thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sí beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.
|
28.1.2020
|
186.
|
Ekaterina Eduardovna PYRKOVA (Екатерина Эдуардовна ПЫРКОВА)
Kateryna Eduardivna PYRKOVA (Катерина Едуардiвна ПИРКОВА)
|
Inscne: baineann
Dáta breithe: 22.8.1967
Áit bhreithe: Sevastopol, USSR (ar a dtugtar ‘Ukraine’ anois)
|
Rúnaí Choimisiún Toghcháin Sevastopol. Sa cháil sin, ghlac sí páirt i reáchtáil na dtoghchán áitiúil an 8 Meán Fómhair 2019 i gcathair Sevastopol, a ndearnadh ionghabháil neamhdhleathach uirthi, agus ar an gcaoi sin thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sí beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.
|
28.1.2020
|
187.
|
Ekaterina Borisovna ALTABAEVA (Екатерина Борисовна АЛТАБАЕВА)
Kateryna Borysivna ALTABAEVA (Катерина Борисiвна АЛТАБАЄВА)
|
Inscne: baineann
Dáta breithe: 27.5.1956
Áit bhreithe: Uglich, USSR (ar a dtugtar ‘Russian Federation’ anois)
|
Comhalta de Chomhairle Cónaidhme Chónaidhm na Rúise do chathair Sevastopol, a ndearnadh ionghabháil neamhdhleathach uirthi. Ag gníomhú di sa cháil sin a ghlac sí uirthi féin, d'oibrigh sí chun cathair Sevastopol, a ndearnadh ionghabháil neamhdhleathach uirthi, a lánpháirtiú a thuilleadh i gCónaidhm na Rúise agus ar an gcaoi sin thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sí beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.
|
28.1.2020
|
188.
|
Yuriy Mikhailovich GOTSANYUK Yuriy Mikhailovich GOTSANIUK (Юрий Михайлович ГОЦАНЮК)
Iurii Mykhailovych HOTSANIUK (Юрiй Михайлович ГОЦАНЮК)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 18.7.1966
Áit bhreithe: Novaya Derevnya / Nove Selo, USSR (ar a dtugtar ‘Russian Federation’ anois)
|
Príomh-Aire ‘Phoblacht na Crimé’, mar a ghairteardi. Ag gníomhú dó sa cháil sin a ghlac sé air féin, d'oibrigh sé chun Poblacht na Crimé, mar a ghairtear di, a lánpháirtiú a thuilleadh i gCónaidhm na Rúise agus ar an gcaoi sin thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.
|
28.1.2020
|
189.
|
Vladimir Vladimirovich NEMTSEV (Владимир Владимирович НЕМЦЕВ) Volodymyr Volodymyrovych NEMTSEV (Володимир Володимирович НЄМЦЕВ)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 15.11.1971
Áit bhreithe: Sevastopol, USSR (ar a dtugtar ‘Ukraine’ anois)
|
Cathaoirleach ar ‘Thionól Reachtach’, mar a ghairtear de, chathair Sevastopol, a ndearnadh ionghabháil neamhdhleathach uirthi. Ag gníomhú dó sa cháil sin a ghlac sé air féin, d'oibrigh sé chun cathair Sevastopol, a ndearnadh ionghabháil neamhdhleathach uirthi, a lánpháirtiú a thuilleadh i gCónaidhm na Rúise agus ar an gcaoi sin thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.
|
28.1.2020
|
190.
|
Mikhail Vladimirovich RAZVOZHAEV (Михаил Владимирович РАЗВОЖАЕВ)
Mykhailo Volodymyrovich RAZVOZHAEV (Михайло Володимирович РАЗВОЖАЄВ)
|
Inscne: fireann
Dáta breithe: 30.12.1980
Áit bhreithe: Krasnoyarsk, USSR (ar a dtugtar ‘Russian Federation’ anois)
|
‘Gobharnóir gníomhach’, mar a ghairtear de, chathair Sevastopol, a ndearnadh ionghabháil neamhdhleathach uirthi. Ag gníomhú dó sa cháil sin a ghlac sé air féin, d'oibrigh sé chun cathair Sevastopol, a ndearnadh ionghabháil neamhdhleathach uirthi, a lánpháirtiú a thuilleadh i gCónaidhm na Rúise agus ar an gcaoi sin thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.
|
28.1.2020”
|