Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D0608

    Cinneadh (AE) 2020/608 ón gComhairle an 24 Aibreán 2020 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí

    ST/15079/2019/INIT

    IO L 142, 5.5.2020, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/608/oj

    Related international agreement

    5.5.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 142/1


    CINNEADH (AE) 2020/608 ÓN gCOMHAIRLE

    an 24 Aibreán 2020

    maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Ar an 5 Meitheamh 2003 thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le tríú tíortha maidir le comhaontú ar leibhéal an Aontais a chur in ionad forálacha áirithe i gcomhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana.

    (2)

    Rinne an Coimisiún, thar ceann an Aontais, Comhaontú a chaibidil idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí (an “Comhaontú”). Tugadh an chaibidlíocht i gcrích go rathúil trí inisealú an Chomhaontaithe ar an 12 Samhain 2008.

    (3)

    Ar an 31 Márta 2009 ghlac an Chomhairle cinneadh maidir le síniú an Chomhaontaithe (“cinneadh 2009”). Toisc drogall a bheith ar Phoblacht na Cóiré, áfach, níor síníodh an Comhaontú.

    (4)

    In 2018 chuir Poblacht na Cóiré in iúl an athuair go raibh suim aici an Comhaontú a shíniú agus a thabhairt i gcrích. Ós rud é go ndearnadh roinnt comhaontuithe déthaobhacha nua maidir le haersheirbhísí idir Ballstáit agus Poblacht na Cóiré a inisealú nó a shíniú ón tráth a glacadh cinneadh 2009, rinneadh an Comhaontú a nuashonrú. Tá gá, dá bhrí sin, le cinneadh nua ón gComhairle maidir le síniú an Chomhaontaithe.

    (5)

    Is é is cuspóir leis an gComhaontú comhaontuithe déthaobhacha maidir le haersheirbhísí idir 22 Bhallstát agus Poblacht na Cóiré a chur i gcomhréir le dlí an Aontais.

    (6)

    Ba cheart an Comhaontú a shíniú,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, déantar síniú an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais, idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí a fhormheas, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin (1) .

    Airteagal 2

    Leis seo, tugtar údarú d’Uachtarán na Comhairle an duine/na daoine a dtabharfar an chumhacht dó/dóibh an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais a ainmniú.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Aibreán 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    G. GRLIĆ RADMAN


    (1)  Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.


    Top