EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019L1158

Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle

PE/20/2019/REV/1

IO L 188, 12.7.2019, p. 79–93 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1158/oj

12.7.2019   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

79


TREOIR (AE) 2019/1158 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meitheamh 2019

maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (b) d'Airteagal 153(2), i gcomhar le pointe (i) d'Airteagal 153(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le pointe (i) d'Airteagal 153(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), foráiltear go bhfuil an tAontas le tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí na mBallstát, i réimse an chomhionannais idir fir agus mná maidir le deiseanna sa mhargadh saothair agus cóir chomhionann ag an obair, agus na gníomhaíochtaí sin a chomhlánú.

(2)

Is prionsabal bunúsach de chuid an Aontais é an comhionannas idir fir agus mná. Leis an dara fomhír d'Airteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), foráiltear go bhfuil an tAontas le comhionannas idir mná agus fir a chur chun cinn. Ar an gcaoi chéanna, le hAirteagal 23 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt), ceanglaítear go ndéanfar comhionannas idir fir agus mná a áirithiú i ngach réimse, lena n-áirítear fostaíocht, obair agus pá.

(3)

Le hAirteagal 33 den Chairt, foráiltear don cheart cosaint a fháil ar dhífhostú ar chúis atá bainteach le máithreachas agus an ceart chun saoire mháithreachais le pá agus chun saoire do thuismitheoir tar éis breithe nó uchtála linbh, chun comhréiteach a fháil idir saol an teaghlaigh agus an saol gairmiúil.

(4)

Tá Coinbhinsiún 2006 na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas daingnithe ag an Aontas. Dá bhrí sin, is dlúthchuid de dhlíchóras an Aontais é an Coinbhinsiún sin, agus ní mór gníomhartha an Aontais a léiriú, a mhéid is féidir, ar bhealach atá comhsheasmhach leis an gCoinbhinsiún. Foráiltear sa Choinbhinsiún, go háirithe in Airteagal 7(1), go bhfuil na páirtithe ann le gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh leanaí atá faoi mhíchumas in ann leas iomlán a bhaint as cearta uile an duine agus as na saoirsí bunúsacha uile ar bhonn cothrom le leanaí eile.

(5)

Tá Coinbhinsiún 1989 na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh daingnithe ag na Ballstáit. Foráiltear le hAirteagal 18(1) den Choinbhinsiún go bhfuil comhfhreagrachtaí ag an mbeirt tuismitheoir maidir le tógáil agus forbairt an linbh agus gur cheart gurb é leas an linbh bunchúram na dtuismitheoirí.

(6)

Ba cheart go rannchuideodh beartais maidir le cothromaíocht oibre is saoil le comhionannas inscne a bhaint amach trí rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair a chur chun cinn, trí chomhroinnt chothrom freagrachtaí cúraim idir fir agus mná agus trí bhearnaí idir na hinscní maidir le tuilleamh agus pá a dhúnadh. Leis na beartais sin, ba cheart go ndéanfaí athruithe déimeagrafacha a chur san áireamh, lena n-áirítear na héifeachtaí a bhíonn ag daonra atá ag dul in aois.

(7)

I bhfianaise na ndúshlán a thagann as athrú déimeagrafach, mar aon leis an mbrú a bhíonn ar chaiteachas poiblí i roinnt Ballstát mar thoradh air sin, táthar ag súil go dtiocfaidh méadú ar an ngá atá le cúram neamhfhoirmiúil.

(8)

Ar leibhéal an Aontais, i roinnt Treoracha i réimsí an chomhionannais inscne agus na ndálaí oibre, tá aghaidh á tabhairt cheana ar shaincheisteanna áirithe atá ábhartha maidir le cothromaíocht oibre is saoil, go háirithe Treoracha 2006/54/CE (4) agus 2010/41/AE (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 92/85/CEE (6), 97/81/CE (7) agus 2010/18/AE ón gComhairle (8).

(9)

Déantar prionsabail an chomhionannais inscne agus na cothromaíochta oibre is saoil a athdhearbhú i Prionsabail 2 agus 9 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, a d'fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an 17 Samhain 2017.

(10)

Is dúshlán suntasach í fós an chothromaíocht oibre is saoil, áfach, do mhórán tuismitheoirí agus oibrithe a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu, go háirithe mar gheall ar shealanna oibre níos faide a bheith ag éirí níos coitianta agus sceidealaithe oibre a bheith ag athrú, ar nithe iad a bhfuil drochthionchar acu ar fhostú na mban. Is toisc mhór a chuireann le heaspa ionadaíochta na mban sa mhargadh saothair í an deacracht a bhaineann le hoibleagáidí oibre agus oibleagáidí teaghlaigh a chothromú. Nuair a bhíonn leanaí acu, tá seans níos mó ann go mbíonn líon níos lú uaireanta an chloig á chaitheamh ag mná ag obair i bhfostaíocht íoctha agus níos mó ama á chaitheamh acu chun freagrachtaí cúraim neamhíoctha a chomhlíonadh. Léiríodh freisin go n-imrítear drochthionchar ar fhostaíocht na mban, agus uaidh sin go bhfágann roinnt ban an margadh saothar ar fad i gcásanna áirithe, nuair a bhíonn gaol atá breoite nó gaol cleithiúnach acu.

(11)

Le creat dlíthiúil reatha an Aontais cuirtear dreasachtaí teoranta ar fáil d'fhir chun sciar cothrom d'fhreagrachtaí cúraim a ghlacadh chucu féin. Toisc nach ann do shaoire atharthachta íoctha agus do shaoire íoctha do thuismitheoirí i roinnt Ballstát, cuirtear leis an líon íseal aithreacha a ghlacann saoire. Treisíonn an mhíchothromaíocht i gceapadh na mbeartas maidir le cothromaíocht oibre is saoil idir mná agus fir steiréitíopaí inscne agus na héagsúlachtaí idir na hinscní ó thaobh oibre agus cúraim de. Ar cheann de na cuspóirí ba cheart a bheith ann i mbeartais maidir le cóir chomhionann, tá aghaidh a thabhairt ar shaincheist na steiréitíopaí maidir leis na slite beatha agus na róil a bhíonn ag fir agus ag mná araon agus spreagtar na comhpháirtithe sóisialta chun gníomhú i dtaca leis an ról ríthábhachtach atá acu a chomhlíonadh i ndáil le hoibrithe agus fostóirí araon a chur ar an eolas faoin tsaincheist agus a bhfeasacht a ardú maidir le dul i ngleic leis an idirdhealú. Ina theannta sin, tá sé léirithe go mbíonn dea-thionchar ag an úsáid a bhaineann aithreacha as socruithe maidir le cothromaíocht oibre is saoil, amhail saoire nó socruithe solúbtha oibre, maidir le laghdú a dhéanamh ar an méid coibhneasta d'obair theaghlaigh gan phá a dhéanann mná agus fágann sé níos mó ama dóibh d'fhostaíocht le pá.

(12)

Agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu, ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh, maidir le glacadh comhionann idir fir agus mná le saoire a bhaineann leis an teaghlach, go mbraitheann sé ar bhearta iomchuí eile freisin, amhail soláthar seirbhísí cúraim leanaí agus cúraim fhadtéarmaigh atá inrochtana agus inacmhainne, ar seirbhísí iad atá ríthábhachtach le gur féidir le tuismitheoirí, agus daoine eile a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu dul isteach sa mhargadh saothar, fanacht ann nó filleadh air. Trí dheireadh a chur le dídhreasuithe eacnamaíocha, is féidir dara saothraithe, ar mná iad a dtromlach, a spreagadh le bheith rannpháirteach go hiomlán sa mhargadh saothair.

(13)

Chun tionchar na Treorach seo a mheasúnú, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit leanúint de bheith ag obair i gcomhar le chéile chun staitisticí inchomparáide a bheadh imdhealaithe ó thaobh inscne de a fhorbairt.

(14)

Tá an Coimisiún tar éis dul i gcomhairle leis an mbainistíocht agus leis an lucht saothair i bpróiseas dhá chéim maidir le dúshláin a bhaineann le cothromaíocht oibre is saoil, i gcomhréir le hAirteagal 154 CFAE. Ní raibh aon chomhaontú ann i measc na gcomhpháirtithe sóisialta i dtaobh dul i mbun caibidlíochta maidir leis na hábhair sin, lena n-áirítear maidir le saoire do thuismitheoirí. Tá sé tábhachtach, áfach, go ndéanfaí bearta sa réimse sin tríd an gcreat dlíthiúil reatha a nuachóiriú agus a oiriúnú, agus torthaí na gcomhairliúchán sin á gcur san áireamh, mar aon le torthaí an chomhairliúcháin phoiblí a rinneadh chun tuairimí na ngeallsealbhóirí agus na saoránach a lorg.

(15)

Le Treoir 2010/18/AE, rialaítear saoire do thuismitheoirí trí chomhaontú réime arna thabhairt i gcrích ag na comhpháirtithe sóisialta a chur i bhfeidhm. Leis an Treoir seo, cuirtear leis na rialacha a leagtar síos i dTreoir 2010/18/AE agus comhlánaítear iad trí na cearta atá ann cheana a neartú agus trí chearta nua a thabhairt isteach. Ba cheart Treoir 2010/18/AE a aisghairm agus an Treoir seo a chur ina hionad.

(16)

Leis an Treoir seo, leagtar síos na híoscheanglais a bhaineann le saoire atharthachta, saoire do thuismitheoirí, saoire cúramóirí agus socruithe solúbtha oibre d'oibrithe ar tuismitheoirí nó cúramóirí iad. Trí chomhréiteach idir saol na hoibre agus saol an teaghlaigh do na tuismitheoirí agus do na cúramóirí a éascú, ba cheart go rannchuideodh an Treoir seo le baint amach na spriocanna atá bunaithe sna Conarthaí maidir le comhionannas idir fir agus mná maidir le deiseanna sa mhargadh saothair, cóir chomhionann ag an obair agus ardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn san Aontas.

(17)

Tá feidhm ag an Treoir seo maidir leis na hoibrithe ar fad a bhfuil conarthaí fostaíochta nó caidreamh fostaíochta eile acu, lena n-áirítear conarthaí a bhaineann leis an bhfostaíocht nó leis an gcaidreamh fostaíochta atá ag oibrithe páirtaimseartha, ag oibrithe ar chonarthaí ar théarma seasta nó ag daoine a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu le gníomhaireacht oibrithe sealadacha, faoi mar a foráladh roimhe seo le Treoir 2010/18/AE. Agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Chúirt Bhreithiúnais) á chur san áireamh maidir leis na critéir chun stádas oibrí a chinneadh, is faoi na Ballstáit atá sé conarthaí fostaíochta agus caidreamh fostaíochta a shainiú.

(18)

Tá an inniúlacht ag na Ballstáit stádas pósta agus teaghlaigh a chinneadh, mar aon lena chinneadh cé hiad na daoine a bhfuiltear lena meas a bheith ina dtuismitheoir, ina máthair nó ina n-athair.

(19)

Chun comhroinnt níos cothromaí maidir le freagrachtaí cúraim a spreagadh idir mná agus fir, agus chun go bhféadfaí dáimh a chruthú go luath idir aithreacha agus leanaí, ba cheart go dtabharfaí isteach ceart chun saoire atharthachta d'aithreacha nó, i gcás ina n-aithnítear é sin faoin dlí náisiúnta agus a mhéid a aithnítear é, do dhara tuismitheoirí coibhéiseacha. Ba cheart an tsaoire atharthachta sin a thógáil thart ar thráth bhreith an linbh agus ba cheart go mbeadh sí nasctha go soiléir leis an mbreith chun críocha cúram a sholáthar. Tá na Ballstáit in ann saoire atharthachta a dheonú freisin i gcás marbh-bhreithe. Is faoi na Ballstáit atá sé cinneadh a dhéanamh an gceadóidh siad cuid den tsaoire atharthachta a thógáil roimh bhreith an linbh nó an gceanglóidh siad í a thógáil ina hiomláine ina dhiaidh sin, an creat ama ina mbeidh an tsaoire atharthachta le tógáil, agus an gceadóidh siad saoire atharthachta a thógáil ar bhonn páirtaimseartha, i dtréimhsí sealaíochta saoire agus oibre, amhail ar feadh roinnt laethanta as a chéile arna n-idirscaradh le tréimhsí oibre, nó ar bhealaí solúbtha eile, agus cad iad na coinníollacha faoina gceadóidís é sin. Tá na Ballstáit in ann shonrú an i laethanta oibre, i seachtainí nó in aonaid ama eile a shloinnfear saoire atharthachta, agus á chur san áireamh go bhfreagraíonn 10 lá oibre do 2 sheachtain féilire. Chun na difríochtaí idir na Ballstáit a chur san áireamh, ba cheart an ceart chun saoire atharthachta a dheonú gan beann ar stádas pósta ná teaghlaigh, mar a shainítear leis an dlí náisiúnta.

(20)

Ós rud é nach mbaineann formhór na n-aithreacha leas as a gceart chun saoire do thuismitheoirí nó go n-aistríonn siad sciar suntasach dá dteidlíocht saoire chuig máithreacha, chun aithreacha a spreagadh le saoire do thuismitheoirí a thógáil, méadaítear leis an Treoir seo, ó mhí amháin go dhá mhí, íostréimhse na saoire do thuismitheoirí nach féidir a aistriú ó thuismitheoir amháin chuig an tuismitheoir eile, fad a choinnítear ar bun ceart gach tuismitheora 4 mhí ar a laghad de shaoire do thuismitheoirí a thógáil, dá bhforáiltear i dTreoir 2010/18/AE. Is é is cuspóir atá lena áirithiú go mbeidh ar a laghad dhá mhí de shaoire do thuismitheoirí ar fáil go heisiach do gach tuismitheoir agus nach féidir í a aistriú chuig an tuismitheoir eile, ná aithreacha a spreagadh le leas a bhaint as a gceart chun na saoire sin. Déantar leis sin freisin, athimeascadh máithreacha sa mhargadh saothair a chur chun cinn agus a éascú tar éis dóibh tréimhse mháithreachais agus saoire do thuismitheoirí a thógáil.

(21)

Ráthaítear íostréimhse 4 mhí de shaoire do thuismitheoirí faoin Treoir seo d' oibrithe ar tuismitheoirí iad. Spreagtar na Ballstáit an ceart chun saoire do thuismitheoirí a dheonú, do gach oibrí a fheidhmíonn freagrachtaí tuismitheora i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(22)

Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann fad tréimhse an fhógra a shonrú, atá le tabhairt ag an oibrí don fhostóir nuair atá sé ag cur isteach ar shaoire do thuismitheoirí, agus a bheith in ann a chinneadh an bhfuil an ceart chun saoire do thuismitheoirí faoi réir tréimhse seirbhíse áirithe. I bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar éagsúlacht na socruithe conarthacha, ba cheart suim na gconarthaí i ndiaidh a chéile ar théarma seasta leis an bhfostóir céanna a chur san áireamh chun an tréimhse seirbhíse sin a ríomh. Chun riachtanais na n-oibrithe agus na bhfostóirí a chothromú, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a chinneadh freisin an ndéanfaidh siad a cheadú d'fhostóirí deonú na saoire do thuismitheoirí a chur siar faoi imthosca áirithe, faoi réir an cheanglais gur cheart do na fostóirí cúiseanna i scríbhinn a thabhairt maidir le cur siar den sórt sin.

(23)

Ós rud é go bhfuil seans níos fearr ann, de bharr na solúbthachta, go nglacfaidh gach tuismitheoir, go háirithe aithreacha, a dteidlíocht ar shaoire do thuismitheoirí, ba cheart oibrithe a bheith in ann a iarraidh go ndeonófaí saoire do thuismitheoirí ar bhonn lánaimseartha nó páirtaimseartha, i dtréimhsí sealaíochta saoire agus oibre, amhail ar feadh roinnt seachtainí as a chéile arna n-idirscaradh le tréimhsí oibre, nó ar bhealaí solúbtha eile. Ba cheart go mbeadh an fostóir in ann glacadh le hiarraidh den sórt sin ar shaoire do thuismitheoirí ar bhealaí nach saoire lánaimseartha iad, nó diúltú di. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a mheasúnú ar cheart na coinníollacha rochtana agus na socruithe mionsonraithe le haghaidh saoire do thuismitheoirí a oiriúnú do riachtanais shonracha na dtuismitheoirí atá i ndálaí atá thar a bheith míbhuntáisteach.

(24)

Ba cheart an tréimhse ar cheart d'oibrithe a bheith i dteideal saoire do thuismitheoirí a thógáil lena linn a nascadh le haois an linbh. Ba cheart an aois sin a shocrú sa chaoi go mbeidh an bheirt tuismitheoir in ann a dteidlíocht iomlán saoire do thuismitheoirí faoin Treoir seo a thógáil.

(25)

Chun filleadh ar an obair tar éis tréimhse saoire do thuismitheoirí a éascú, spreagtar oibrithe agus fostóirí chun teagmháil dheonach a choinneáil ar bun le chéile le linn na tréimhse saoire agus is féidir leo socruithe a dhéanamh le haghaidh aon bheart iomchuí chun athimeascadh san ionad oibre a éascú. Tá an teagmháil agus na socruithe sin le cinneadh idir na comhpháirtithe lena mbaineann, agus an dlí náisiúnta, comhaontuithe comhchoiteanna náisiúnta nó an cleachtas náisiúnta á gcur san áireamh. Ba cheart go gcuirfí oibrithe ar an eolas faoi phróisis ardaithe céime agus faoi fholúntais inmheánacha agus ba cheart go mbeidís in ann a bheith rannpháirteach sna próisis sin agus cur isteach ar na folúntais sin.

(26)

Léirítear i staidéir gur mó líon na n-aithreacha a ghlacann saoire do thuismitheoirí agus go mbíonn treocht dhearfach ann ó thaobh ráta fostaíochta na máithreacha de i mBallstáit a chuireann sciar suntasach den tsaoire do thuismitheoirí ar fáil d'aithreacha agus a íocann liúntas nó íocaíocht ar ráta athsholáthair measartha ard. Is iomchuí, dá bhrí sin, ligean do na córais sin leanúint den chleachtas sin ar choinníoll go gcomhlíonann siad critéir íosta áirithe, in ionad an íocaíocht nó an liúntas le haghaidh saoire atharthachta dá bhforáiltear sa Treoir seo a sholáthar.

(27)

Chun deiseanna níos fearr a thabhairt ar mhaithe le fanacht mar chuid den lucht saothair d'fhir agus mná, ba cheart an ceart chun 5 lá saoire cúramóirí in aghaidh na bliana a bheith ag gach oibrí. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gur féidir an tsaoire sin a ghlacadh i dtréimhsí aon lae oibre nó níos mó in aghaidh an cháis. Chun córais náisiúnta éagsúla a chur san áireamh, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann saoire cúramóirí a leithdháileadh trí ar bhonn tréimhse seachas bliain, trí thagairt don duine a bhfuil cúram nó tacaíocht de dhíth airnó uirthi, nó in aghaidh an cháis. Táthar ag tuar go dtiocfaidh méadú leanúnach ar na riachtanais chúraim, mar gheall ar phobal atá ag dul in aois agus, dá bhrí sin, mar gheall ar an méadú gaolmhar ar a fhorleithne atá na laguithe a bhaineann le haois. Ba cheart do na Ballstáit an méadú ar riachtanais chúraim a chur san áireamh agus a gcuid beartas á bhforbairt acu, lena n-áirítear maidir le saoire cúramóirí. Spreagtar na Ballstáit chun leanúint den cheart chun saoire cúramóirí a chur ar fáil i dtaca le gaolta breise, amhail seantuismitheoirí agus siblíní. Is féidir leis na Ballstáit réamhdheimhniú liachta ar an ngá atá le cúram nó tacaíocht shuntasach de bharr cúis liachta thromchúiseach a éileamh.

(28)

Sa bhreis ar an gceart chun saoire cúramóirí dá bhforáiltear sa Treoir seo, ba cheart go gcoinneodh gach oibrí a cheart am saor a thógáil ón obair gan cearta fostaíochta atá faighte nó atá á bhfáil aige nó aici a chailleadh, ar bhonn force majeure i gcomhair cúiseanna teaghlaigh práinneacha agus gan choinne, amhail dá bhforáiltear i dTreoir 2010/18/AE, i gcomhréir leis na coinníollacha arna mbunú sna Ballstáit.

(29)

Chun dreasachtaí d'oibrithe ar tuismitheoirí iad, agus d'fhir go háirithe, a mhéadú, chun na tréimhsí saoire dá bhforáiltear sa Treoir seo a ghlacadh, ba cheart an ceart a bheith ag oibrithe liúntas leordhóthanach a bheith acu agus iad ar saoire.

(30)

Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit leibhéal a shocrú le haghaidh na híocaíochta nó an liúntais maidir le híostréimhse na saoire atharthachta ar leibhéal atá coibhéiseach ar a laghad le leibhéal an phá breoiteachta náisiúnta. Ós rud é go mbíonn cuspóirí comhchosúla á saothrú le cearta chun saoire atharthachta a dheonú agus le cearta chun saoire mháithreachais a dheonú, eadhon dáimh a chruthú idir an tuismitheoir agus an leanbh, spreagtar na Ballstáit chun foráil a dhéanamh maidir le híocaíocht nó liúntas le haghaidh saoire atharthachta arb ionann í nó é agus an íocaíocht nó an liúntas do shaoire mháithreachais dá bhforáiltear ar an leibhéal náisiúnta.

(31)

Ba cheart do na Ballstáit an íocaíocht nó an liúntas don íostréimhse neamh-inaistrithe de shaoire do thuismitheoirí a ráthaítear faoin Treoir seo a shocrú ar leibhéal leormhaith. Agus leibhéal na híocaíochta nó an liúntais dá bhforáiltear don íostréimhse neamh-inaistrithe de shaoire do thuismitheoirí á shocrú acu, ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh gur minic a bhíonn caillteanas ioncaim don teaghlach mar thoradh ar shaoire do thuismitheoirí a ghlacadh agus nach mbíonn céadsaothraithe i dteaghlach in ann leas a bhaint as a gceart chun saoire do thuismitheoirí ach amháin má fhaigheann siad luach saothair leordhóthanach ina leith, d'fhonn caighdeán sásúil maireachtála a bheith acu.

(32)

Cé go bhfuil an tsaoirse ag na Ballstáit a chinneadh an gcuirfidh siad íocaíocht nó liúntas do shaoirse cúramóirí ar fáil, spreagtar iad chun íocaíocht nó liúntas den sórt sin a thabhairt isteach chun glacadh éifeachtach an chirt ag cúramóirí a ráthú, go háirithe glacadh ag fir.

(33)

Ní dochar an Treoir seo do chomhordú na gcóras slándála sóisialta faoi Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004 (9) agus (AE) Uimh. 1231/2010 (10) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 859/2003 ón gComhairle (11). Is leis na Rialacháin sin a chinntear an Ballstát is inniúil maidir le slándáil shóisialta oibrí.

(34)

Chun oibrithe atá ina dtuismitheoirí, agus ina gcúramóirí, a spreagadh le fanacht mar chuid den lucht saothair, ba cheart na hoibrithe sin a bheith in ann a sceidil oibre a chur in oiriúint dá riachtanais phearsanta agus dá roghanna pearsanta. Chuige sin, agus aird á díriú ar riachtanais oibrithe, tá an ceart acu socruithe solúbtha oibre a iarraidh chun a bpatrúin oibre a athrú, lena n-áirítear, i gcás inar féidir, trí úsáid a bhaint as socruithe maidir le hobair go cianda, sceidil sholúbtha oibre, nó laghdú ar uaireanta oibre, chun críocha cúram a sholáthar.

(35)

Chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na n-oibrithe agus na bhfostóirí araon, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann teorainn a chur le fad na socruithe solúbtha oibre, lena n-áirítear aon laghdú ar líon na n-uaireanta oibre nó aon socruithe maidir le hobair go cianda. Cé gur léiríodh go bhfuil obair pháirtaimseartha úsáideach chun gur féidir le roinnt ban fanacht sa mhargadh saothair tar éis dóibh leanaí a bheith acu nó ar mhaithe le haire a thabhairt do ghaolta a bhfuil riachtanais chúraim nó tacaíochta acu, is féidir ranníocaíochtaí slándála sóisialta níos ísle a bheith mar thoradh ar thréimhsí fada uaireanta oibre laghdaithe agus, dá bhrí sin, teidlíochtaí pinsin atá laghdaithe nó nach ann dóibh ar chor ar bith.

(36)

Agus iarrataí ar shocruithe solúbtha oibre á mbreithniú acu, ba cheart d'fhostóirí a chur san áireamh, inter alia, fad na socruithe solúbtha oibre arna n-iarraidh mar aon le hacmhainní na bhfostóirí agus a n-acmhainneacht oibríochtúil le haghaidh na socruithe sin a chur ar fáil. Ba cheart go mbeadh an fostóir in ann a chinneadh cé acu glacadh le hiarraidh ar shocruithe solúbtha ó oibrí nó diúltú di. Is féidir athrú teacht ar imthosca sonracha lena leagtar béim ar an ngá atá le socruithe oibre solúbtha. Dá bhrí sin, ba cheart an ceart a bheith ag oibrithe, ní hamháin filleadh ar a mbunphatrúin oibre ag deireadh tréimhse a dhéanfaí a chomhaontú go frithpháirteach, ach freisin, ba cheart go mbeidís in ann a iarraidh déanamh amhlaidh roimhe sin i gcás inar gá ar bhonn athrú ar na bun-imthosca.

(37)

In ainneoin an cheanglais maidir lena mheasúnú ar cheart na coinníollacha le haghaidh rochtain a fháil ar shaoire do thuismitheoirí agus na socruithe mionsonraithe ina leith a oiriúnú do na riachtanais shonracha a bhíonn ag tuismitheoirí i gcásanna lena mbaineann míbhuntáiste ar leith, maidir le coinníollacha le haghaidh rochtain a fháil ar an gceart chun saoire atharthachta, saoire cúramóirí agus socruithe solúbtha oibre, agus na socruithe mionsonraithe le haghaidh an ceart sin a fheidhmiú, spreagtar na Ballstáit a mheasúnú ar cheart iad a oiriúnú do riachtanais ar leith, amhail na riachtanais a bhíonn ag tuismitheoirí aonair, tuismitheoirí uchtála, tuismitheoirí atá faoi mhíchumas, tuismitheoirí leanaí atá faoi mhíchumas nó a bhfuil tinneas fadtéarmach orthu, nó tuismitheoirí atá in imthosca áirithe, amhail na himthosca sin a bhaineann le hilbhreitheanna agus breitheanna roimh am.

(38)

Tá sé mar aidhm ag socruithe saoire tacú le hoibrithe atá ina dtuismitheoirí, agus ina gcúramóirí le linn tréimhse áirithe ama, agus nasc leanúnach na n-oibrithe leis an margadh saothair a choinneáil ar bun agus a chur chun cinn. Dá bhrí sin, is iomchuí go ndéanfaí foráil shainráite do chearta fostaíochta na n-oibrithe atá ag tógáil na cineálacha saoire a chumhdaítear leis an Treoir seo a chosaint. Go háirithe, tugtar cosaint leis an Treoir seo don cheart atá ag oibrithe filleadh ar an bpost céanna nó ar phost coibhéiseach tar éis dóibh an tsaoire sin a thógáil agus an ceart gan a bheith faoi réir aon aimhleasa i dtéarmaí agus coinníollacha a gconartha fostaíochta ná a gcaidrimh fostaíochta mar thoradh ar an tsaoire sin a thógáil. Ba cheart go gcoinneodh oibrithe a dteidlíocht i leith cearta ábhartha atá faighte acu cheana, nó atá á bhfáil acu faoi láthair, go dtí go mbeidh an tsaoire sin thart.

(39)

Amhail dá bhforáiltear i dTreoir 2010/18/AE, tá sé de cheangal ar na Ballstáit an stádas atá ag conradh fostaíochta nó ag caidreamh fostaíochta a shainiú do thréimhse na saoire do thuismitheoirí. De réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais, coinnítear an caidreamh fostaíochta idir an t-oibrí agus an fostóir ar bun le linn na tréimhse saoire agus, mar thoradh air sin, chun críocha dhlí an Aontais, le linn na tréimhse sin, is oibrí é tairbhí na saoire sin fós. Agus an stádas atá ag an gconradh fostaíochta nó ag caidreamh fostaíochta á shainiú le linn thréimhse na gcineálacha saoire a chumhdaítear leis an Treoir seo, lena n-áirítear maidir le teidlíocht i leith slándáil shóisialta, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, dá bhrí sin, go gcoinnítear an caidreamh fostaíochta ar bun.

(40)

Ba cheart oibrithe a fheidhmíonn a gceart chun saoire a thógáil nó socruithe solúbtha oibre amhail dá bhforáiltear sa Treoir seo a iarraidh a chosaint ar idirdhealú nó ar aon chóir is lú fabhar ar an bhforas sin.

(41)

Ba cheart oibrithe a fheidhmíonn a gcearta saoire a thógáil nó socruithe solúbtha oibre a iarraidh amhail dá bhforáiltear sa Treoir seo a chosaint ar dhífhostú agus ar aon réamhbhearta maidir le dífhostú féideartha ar an bhforas go bhfuil iarraidh ar shaoire déanta acu, nó go bhfuil an tsaoire sin tógtha acu nó go bhfuil a gceart socruithe solúbtha oibre den chineál sin a iarraidh feidhmithe acu i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, lena n-áirítear a breithiúnas i gCás C-460/06 (12). Oibrithe a mheasann gur dífhostaíodh iad ar bonn na cearta sin a bheith feidhmithe acu, ba cheart iad a bheith in ann a iarraidh ar an bhfostóir foras cuí-réasúnaithe an dífhostaithe a sholáthar. I gcás ina bhfuil iarratas ar shaoire atharthachta, ar shaoire do thuismitheoirí nó ar shaoire cúramóirí déanta ag oibrí nó go bhfuil sí tógtha aige nó aici, amhail dá dtagraítear sa Treoir seo, ba cheart don fhostóir foras an dífhostaithe a sholáthar i scríbhinn.

(42)

An dualgas a chruthú nach ndearnadh aon dífhostú ar na forais go raibh iarratas ar shaoire atharthachta, ar shaoire do thuismitheoirí nó ar shaoire cúramóirí déanta ag oibrithe nó go raibh sí tógtha acu, amhail dá dtagraítear sa Treoir seo, ba cheart gur ar an bhfostóir a thitfeadh sé i gcás ina bhfuil fíricí ónar féidir toimhde a dhéanamh de go ndearnadh iad a dhífhostú ar fhorais den sórt sin suite ag oibrí os comhair cúirte nó údaráis inniúil eile.

(43)

Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha i gcás ina sáraítear na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo nó na forálacha náisiúnta atá i bhfeidhm cheana ar dháta teacht i bhfeidhm na Teorach seo agus a bhaineann leis na cearta atá laistigh dá raon feidhme. Is féidir a áireamh sna pionóis sin pionóis riaracháin agus airgeadais, amhail fíneálacha nó cúiteamh a íoc, mar aon le cineálacha eile pionós.

(44)

Éilítear le cur chun feidhme éifeachtach phrionsabail na córa comhionainne agus an chomhionannais deiseanna go mbeadh cosaint bhreithiúnach leormhaith ag oibrithe ar chóir dhíobhálach nó ar iarmhairtí díobhálacha a eascraíonn as gearán nó as imeachtaí a bhaineann leis na cearta faoin Treoir seo. D'fhéadfadh sé go dtabharfaí ar íospartaigh gan a gcearta a fheidhmiú mar gheall ar riosca frithbheartaíochta agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a chosaint ar aon chóir dhíobhálach nuair a fheidhmíonn siad a gcearta dá bhforáiltear sa Treoir seo. Tá cosaint den sórt sin ábhartha go háirithe maidir le hionadaithe na n-oibrithe atá i mbun fheidhmiú a bhfeidhmeanna.

(45)

D'fhonn leibhéal cosanta na gceart dá bhforáiltear sa Treoir seo a fheabhsú tuilleadh, ba cheart go mbeadh comhlachtaí comhionannais náisiúnta inniúil maidir le saincheisteanna a bhaineann le hidirdhealú agus a thagann laistigh de raon feidhme na Treorach seo, lena n-áirítear an cúram maidir le cúnamh neamhspleách a chur ar fáil d'íospartaigh an idirdhealaithe agus a ngearáin á ndéanamh acu.

(46)

Leis an Treoir seo, leagtar síos íoscheanglais, sa chaoi go dtugtar an rogha do na Ballstáit forálacha atá níos fabhraí d'oibrithe a thabhairt isteach nó a choinneáil ar bun. Ní hionann ligean do thuismitheoir níos mó ná 2 mhí as na 4 mhí de shaoire do thuismitheoirí dá bhforáiltear sa Treoir seo a aistriú chuig an tuismitheoir eile agus foráil atá níos fabhraí don oibrí ná na forálacha íosta a leagtar síos sa Treoir seo. Ba cheart go leanfadh na cearta atá faighte cheana féin ar dháta teacht i bhfeidhm na Treorach seo d'fheidhm a bheith acu mura ndéantar foráil d'fhorálacha níos fabhraí leis an Treoir seo. Níor cheart cur chun feidhme na Treorach seo a úsáid chun na cearta atá i ndlí an Aontais cheana féin a laghdú ná níor cheart é a bheith mar fhoras bailí chun leibhéal ginearálta na cosanta a thugtar d'oibrithe sna réimsí a chumhdaítear sa Treoir seo a laghdú.

(47)

Go háirithe, níor cheart aon ní sa Treoir seo a léiriú mar laghdú ar na cearta dá bhforáiltear i dTreoracha 2010/18/AE, 92/85/CEE agus 2006/54/CE, lena n-áirítear Airteagal 19 de Threoir 2006/54/CE.

(48)

D'fhéadfadh acmhainní teoranta airgeadais, teicniúla agus daonna a bheith ag micrifhiontair agus ag fiontair bheaga agus mheánmhéide (FMBanna) mar a shainítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (13), fiontair arb ionann iad agus tromlach mór na bhfiontar san Aontas. Agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu, ba cheart do na Ballstáit gach iarracht a dhéanamh gan srianta riaracháin, airgeadais agus dlíthiúla a fhorchur ar bhealach a bheadh ina dhídhreasacht maidir le cruthú agus forbairt FMBanna nó a bheadh ina ualach iomarcach ar fhostóirí. Dá bhrí sin, tugtar cuireadh do na Ballstáit measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar an tionchar atá ag a mbearta cur chun feidhme chun a áirithiú go mbeidh cóir chomhionann ann do gach oibrí, nach mbeidh éifeacht dhíréireach ag na bearta ar FBManna, agus aird ar leith á díriú ar mhicrifhiontair, agus go ndeanfar aon ualach riaracháin gan ghá a sheachaint. Spreagtar na Ballstáit chun dreasachtaí, treoir agus comhairle a chur ar fáil do FMBanna chun cabhrú leo a n-oibleagáidí de bhun na Treorach seo a chomhlíonadh.

(49)

Ba cheart aon chineál ama a thógtar saor ón obair agus a bhaineann leis an teaghlach, go háirithe saoire mháithreachais, saoire atharthachta, saoire do thuismitheoirí agus saoire cúramóirí, atá ar fáil faoin dlí náisiúnta nó faoi chomhaontuithe comhchoiteanna náisiúnta a bheith san áireamh maidir le ceanglais de chineál amháin nó níos mó de na cineálacha saoire dá bhforáiltear sa Treoir seo agus i dTreoir 92/85/CEE a chomhlíonadh, ar choinníoll go gcomhlíonfar ceanglais na dtreoracha sin agus nach ndéanfar an leibhéal ginearálta cosanta a thugtar d'oibrithe sna réimsí a chumhdaítear leo a laghdú. Agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu, níl sé de cheangal ar na Ballstáit athainmniú ná athrú de shórt eile a dhéanamh ar na cineálacha éagsúla saoire a bhaineann leis an teaghlach dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta nó faoi chomhaontuithe comhchoiteanna náisiúnta agus a áirítear maidir le comhlíonadh na Treorach seo.

(50)

Spreagtar na Ballstáit, i gcomhréir leis an gcleachtas náisiúnta, chun idirphlé sóisialta leis na comhpháirtithe sóisialta a chur chun cinn d'fhonn réiteach a chothú idir an saol oibre agus an saol príobháideach, lena n-áirítear trí bhearta a chur chun cinn san áit oibre maidir le cothromaíocht oibre is saoil, córais deimhniúcháin dheonacha a bhunú, gairmoiliúint a sholáthar, feasacht a ardú, agus feachtais faisnéise a chur i gcrích. Sa bhreis air sin, spreagtar na Ballstáit chun leanúint d'idirphlé a dhéanamh le páirtithe leasmhara ábhartha, amhail eagraíochtaí neamhrialtasacha, údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus soláthraithe seirbhísí, chun beartais maidir le cothromaíocht oibre is saoil a chun cinn i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.

(51)

Ba cheart na comhpháirtithe sóisialta a spreagadh chun córais deimhniúcháin dheonacha a chur chun cinn, ar córais iad lena ndéanfaí measúnú ar an gcothromaíocht oibre is saoil san áit oibre.

(52)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais idir fir agus mná maidir le deiseanna sa mhargadh saothair agus maidir le cóir chomhionann ag an obair a áirithiú ar fud an Aontais, a ghnóthú go leordhóthanach, agus, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Treoir seo, leagtar síos na híoscheanglais atá ceaptha comhionannas a bhaint amach idir fir agus mná maidir le deiseanna sa mhargadh saothair agus maidir le cóir chomhionann ag an obair trí chomhréiteach idir saol na hoibre agus saol an teaghlaigh d'oibrithe ar tuismitheoirí, nó cúramóirí, iad, a éascú.

Chuige sin, déantar foráil leis an Treoir seo do chearta aonair a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)

saoire atharthachta, saoire do thuismitheoirí agus saoire cúramóirí;

(b)

socruithe oibre solúbtha d'oibrithe ar tuismitheoirí, nó cúramóirí, iad;

Airteagal 2

Raon feidhme

Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le gach oibrí, fir agus mná, a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu, mar a shainítear leis an dlí, le chomhaontuithe comhchoiteanna nó leis an gcleachtas atá i bhfeidhm i ngach Ballstát, agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “saoire atharthachta” saoire ón obair d'aithreacha nó, i gcás ina n-aithnítear í faoin dlí náisiúnta agus a mhéid a aithnítear í, saoire do dhara tuismitheoirí coibhéiseacha, tráth bhreith linbh, chun críocha cúram a sholáthar;

(b)

ciallaíonn “saoire do thuismitheoirí” saoire ón obair do thuismitheoirí ar na forais gur saolaíodh nó gur uchtaíodh leanbh chun aire a thabhairt don leanbh sin;

(c)

ciallaíonn “saoire cúramóirí” saoire ón obair d'oibrithe chun aire nó tacaíocht phearsanta a thabhairt do ghaol, nó do dhuine a bhfuil cónaí air nó uirthi sa teaghlach céanna leis an oibrí, agus a bhfuil cúram nó tacaíocht shuntasach de dhíth air nó uirthi mar gheall ar chúis thromchúiseach liachta, mar a shainíonn gach Ballstát é;

(d)

ciallaíonn “cúramóir”oibrí a thugann cúram nó tacaíocht phearsanta do ghaol, nó do dhuine a bhfuil cónaí air nó uirthi sa teaghlach céanna leis an oibrí, agus a bhfuil cúram nó tacaíocht shuntasach de dhíth air nó uirthi mar gheall ar chúis thromchúiseach liachta, mar a shainíonn gach Ballstát é;

(e)

ciallaíonn “gaol” mac, iníon, máthair, athair nó céile oibrí nó, i gcás ina n-aithnítear comhpháirtíochtaí den sórt sin faoin dlí náisiúnta, páirtí, oibrí i bpáirtnéireacht shibhialta;

(f)

ciallaíonn “socruithe solúbtha oibre” an fhéidearthacht a bheith ag oibrithe a bpatrúin oibre a athrú, lena n-áirítear trí úsáid socruithe maidir le hobair go cianda, sceidil sholúbtha oibre, nó uaireanta oibre laghdaithe.

2.   An tagairt do na laethanta oibre in Airteagail 4 agus 6, tuigfear go dtagraíonn sé don phatrún oibre lánaimseartha, mar a shainítear é sa Bhallstát atá i gceist.

Féadfar teidlíocht oibrí i leith saoire a ríomh go comhréireach le ham oibre an oibrí, i gcomhréir leis an bpatrún oibre atá sonraithe i gconradh fostaíochta an oibrí nó i gcaidreamh fostaíochta an oibrí.

Airteagal 4

Saoire atharthachta

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhfuil an ceart ag athaireacha nó, i gcás ina n-aithnítear iad faoin dlí náisiúnta agus a mhéid a aithnítear iad, ag dara tuismitheoirí coibhéiseacha, chun saoire atharthachta 10 lá oibre atá le tógáíl tráth a shaolófar leanbh an oibrí. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh cé acu an gceadóidh siad saoire atharthachta a thógáil go páirteach roimh bhreith an linbh nó nach gceadóidh siad é sin ach i ndiaidh na breithe, agus an gceadóidh siad an tsaoire sin a thógáil ar bhealaí solúbtha.

2.   Ní dhéanfar an ceart chun saoire atharthachta a chur faoi réir ceanglas cáiliúcháin maidir le tréimshí oibre ná faoi réir ceanglas cáiliúcháin maidir le fad seirbhíse.

3.   Deonófar an ceart chun saoire atharthachta gan beann ar stádas pósta nó teaghlaigh an oibrí, mar a shainítear é leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 5

Saoire do thuismitheoirí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh ceart aonair ag gach oibrí chun saoire do thuismitheoirí 4 mhí ar a laghad, a bheidh le tógáil sula mbainfidh an leanbh aois sonraithe amach, suas le 8 mbliana d'aois, ar aois atá le sonrú ag gach Ballstát nó le comhaontú comhchoiteann. Cinnfear an aois sin d'fhonn a áirithiú go mbeidh gach tuismitheoir in ann a cheart nó a ceart chun saoire do thuismitheoirí a fheidhmiú go héifeachtach agus ar bhonn comhionann.

2.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú nach féidir 2 mhí de shaoire do thuismitheoirí a aistriú.

3.   Bunóidh na Ballstáit tréimhse réasúnta fógra a bheidh le tabhairt ag oibrithe d'fhostóirí i gcás ina ndéanfaidh siad a gceart chun saoire do thuismitheoirí á fheidhmiú. Agus an méid sin á dhéanamh acu, cuirfidh na Ballstáit riachtanais na bhfostóirí agus na n-oibrithe araon san áireamh.

Áiritheoidh na Ballstáit go sonrófar tús agus deireadh beartaithe na tréimhse saoire in iarraidh an oibrí ar shaoire do thuismitheoirí.

4.   Féadfaidh na Ballstáit an ceart chun saoire do thuismitheoirí a chur faoi réir tréimhsí cáiliúchán oibre nó faoi réir ceanglas cáiliúchán fad seirbhíse, nach faide ná bliain amháin. I gcás conarthaí ar théarma seasta i ndiaidh a chéile, de réir bhrí Threoir 1999/70/CE ón gComhairle (14), leis an bhfostóir céanna, cuirfear suim na gconarthaí sin san áireamh chun an tréimhse cháiliúcháin a ríomh.

5.   Féadfaidh na Ballstáit na himthosca a bhunú inar féidir le fostóir, tar éis dó comhairliúchán a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le comhaontuithe comhchoiteanna náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta, deonú saoire do thuismitheoirí a chur siar go ceann tréimhse réasúnach ama ar an fhorais go gcuirfeadh sé as go mór d'fheidhmiú cuí an fhostóra dá dtógfaí an tsaoire do thuismitheoirí ag an am a iarradh. Tabharfaidh fostóirí cúiseanna i scríbhinn le saoire do thuismitheoirí a chur siar.

6.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an ceart ag oibrithe a iarraidh go nglacfaidh siad saoire do thuismitheoirí ar bhealaí solúbtha. Féadfaidh na Ballstáit na modúlachtaí dá chur i bhfeidhm a shonrú maidir leis an méid sin. Breithneoidh an fostóir na hiarrataí sin agus tabharfaidh sé nó sí freagra orthu, agus riachtanais an fhostóra agus an oibrí araon á gcur san áireamh aige nó aici. Tabharfaidh an fostóir cúiseanna i scríbhinn le haon diúltú géilleadh d'iarraidh den chineál sin, laistigh de thréimhse réasúnach ama tar éis na hiarrata.

7.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, agus iarrataí ar shaoire tuismitheoirí lánaimseartha á mbreithniú acu, go ndéanfaidh fostóirí, sula ndéanfar aon chur siar i gcomhréir le mír 5, bealaí solúbtha chun saoire do thuismitheoirí a thógáil de bhun mhír 6 a thairiscint, a mhéid is féidir.

8.   Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an ngá atá le coinníollacha rochtana ar shaoire do thuismitheoirí agus leis na socruithe mionsonraithe le saoire do thuismitheoirí a chur i bhfeidhm a oiriúnú do na riachtanais atá ag tuismitheoirí uchtála, tuismitheoirí atá faoi mhíchumas agus tuismitheoirí a bhfuil leanaí atá faoi mhíchumas acu nó a bhfuil breoiteacht fhadtréimhseach orthu.

Airteagal 6

Saoire cúramóirí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an ceart ag gach oibrí saoire cúramóirí 5 lá oibre a thógáil in aghaidh na bliana. Féadfaidh na Ballstáit mionsonraí breise a chinneadh maidir le raon feidhme agus coinníollacha na saoire cúramóirí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta. D'fhéadfadh sé go mbeadh úsáid an chirt sin faoi réir bunús cuí a thabhairt, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta.

2.   Féadfaidh na Ballstáit saoire cúramóirí a leithdháileadh ar bhonn tréimhse thagartha nach bliain í, in aghaidh an duine a bhfuil cúram de dhíth air nó uirthi, nó in aghaidh an cháis.

Airteagal 7

Am saor ón obair ar fhorais force majeure

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhfuil an ceart ag gach oibrí am saor a thógáil ón obair ar fhorais force majeure i gcomhair cúiseanna práinneacha teaghlaigh i gcás breoiteachta nó tionóisce lena ndéantar freastal láithreach an oibrí bunriachtanach. Féadfaidh na Ballstáit teorainn tréimhse áirithe ama in aghaidh na bliana nó in aghaidh an cháis, nó iad araon, a chur leis an gceart atá ag gach oibrí am a thógáil saor ón obair ar fhorais force majeure.

Airteagal 8

Íocaíocht nó liúntas

1.   I gcomhréir leis na himthosca náisiúnta, amhail an dlí náisiúnta, comhaontuithe comhchoiteanna náisiúnta nó an cleachtas náisiúnta, agus na cumhachtaí arna dtarmligean chuig na comhpháirtithe sóisialta á gcur san áireamh, áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh oibrithe a fheidhmíonn a gceart chun saoire dá bhforáiltear in Airteagal 4(1) nó in Airteagal 5(2) íocaíocht nó liúntas i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo.

2.   Maidir le saoire atharthachta amhail dá dtagraítear in Airteagal 4(1), ráthófar leis an íocaíocht nó an liúntas sin ioncam atá coibhéiseach ar a laghad leis an ioncam a gheobhadh an t-oibrí i dtrácht i gcás ina mbeadh briseadh i ngníomhaíochtaí an oibrí ar fhorais a bhaineann le staid sláinte an oibrí, faoi réir aon uasteorainn a leagtar síos sa dlí náisiúnta. Féadfaidh na Ballstáit an ceart chun íocaíochta nó liúntais a thabhairt faoi réir tréimhsí fostaíochta roimhe sin, ar tréimhsí iad nach faide ná 6 mhí díreach roimh dáta a bhfuiltear ag súil le breith an linbh.

3.   Maidir le saoire do thuismitheoirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 5(2), is é an Ballstát nó na comhpháirtithe sóisialta a shaineoidh an íocaíocht nó an liúntas sin agus socrófar iad sa chaoi go ndéanfar tógáil na saoire do thuismitheoirí ag an mbeirt tuismitheoir a éascú.

Airteagal 9

Socruithe solúbtha oibre

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an ceart socruithe solúbtha oibre chun críocha cúraim a iarraidh ag oibrithe, ag a bhfuil leanaí suas go dtí aois shonraithe, arb é 8 mbliana ar a laghad an aois sin, agus ag cúramóirí. Féadfar fad na socruithe solúbtha oibre sin a chur faoi réir teorainn réasúnta.

2.   Breithneoidh fostóirí iarrataí maidir le socruithe solúbtha oibre amhail dá dtagraítear i mír 1, agus tabharfaidh siad freagra orthu, laistigh de thréimhse réasúnta ama, agus riachtanais an fhostóra agus an-oibrí ar aon á gcur san áireamh acu. Tabharfaidh fostóirí cúiseanna le haon diúltú ar iarraidh den sórt sin nó le cur siar aon socruithe den sórt sin.

3.   Nuair atá teorainn le fad na socruithe solúbtha oibre amhail dá dtagraítear i mír 1, beidh an ceart ag an oibrí filleadh ar an mbunphatrún oibre ag deireadh na tréimhse comhaontaithe. Beidh an ceart ag an oibrí freisin a iarraidh go bhfillfeadh sé nó sí ar an mbunphatrún oibre roimh dheireadh na tréimhse comhaontaithe i gcás ina bhfuil bonn cirt leis an méid sin mar thoradh ar athrú ar imthosca. Breithneoidh an fostóir iarraidh maidir le filleadh luath ar an mbunphatrún oibre agus tabharfaidh sé nó sí freagra air nó uirthi, agus riachtanais an fhostóra agus an oibrí araon á gcur san áireamh aige nó aici.

4.   Féadfaidh na Ballstáit an ceart chun socruithe solúbtha oibre a chur faoi réir tréimhse cáiliúchán oibre nó faoi réir cáiliúchán faid seirbhíse, nach faide ná 6 mhí. I gcás conarthaí ar théarma seasta i ndiaidh a chéile de réir bhrí Threoir 1999/70/CE leis an bhfostóir céanna, cuirfear suim na gconarthaí sin san áireamh chun an tréimhse cháilithe a ríomh.

Airteagal 10

Cearta fostaíochta

1.   Coinneofar ar bun cearta atá faighte ag oibrithe, nó atá á bhfáil acu ar an dáta a thosóidh an tsaoire dá bhforáiltear in Airteagail 4, 5 agus 6 nó am saor ón obair dá bhforáiltear in Airteagal 7 go dtí deireadh na saoire sin nó go dtí deireadh an ama shaoir sin ón obair. Ag deireadh na saoire sin nó an ama shaoir sin ón obair, beidh feidhm ag na cearta sin, lena n-áirítear aon athruithe a eascraíonn ón dlí náisiúnta, ó chomhaontuithe comhchoiteanna náisiúnta nó ón gcleachtas náisiúnta.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh oibrithe i dteideal, ag deireadh na saoire dá bhforáiltear in Airteagail 4, 5 agus 6, filleadh ar a bpoist nó ar phoist choibhéiseacha lena mbaineann téarmaí agus coinníollacha nach lú fabhar iad dóibh, agus go mbeidh siad i dteideal tairbhe a bhaint as aon fheabhas ar choinníollacha oibre a mbeidís ina dteideal mura mbeadh an tsaoire glactha acu.

3.   Saineoidh na Ballstáit an stádas atá ag an gconradh fostaíochta nó ag an gcaidreamh fostaíochta don tréimhse saoire dá bhforáiltear in Airteagail 4, 5 agus 6, nó don am saor ón obair dá bhforáiltear in Airteagal 7, lena n-áirítear maidir le teidlíochtaí i leith na slándála sóisialta, lena n-áirítear ranníocaíochtaí pinsin, agus iad ag áirithiú go gcoinnítear an caidreamh fostaíochta ar bun le linn na tréimhse sin.

Airteagal 11

Idirdhealú

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cosc a chur ar chóir is lú fabhar d'oibrithe ar an bhforas go ndearna siad iarraidh ar shaoire, nó gur thóg siad saoire, dá bhforáiltear in Airteagail 4, 5 agus 6 nó go ndearna siad iarraidh ar am saor ón obair, nó gur ghlac siad am saor ón obair dá bhforáiltear in Airteagal 7, nó ar an bhforas gur fheidhmigh siad na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 9.

Airteagal 12

Cosaint ar dhífhostú agus dualgas cruthúnais

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cosc a chur ar dhífhostú oibrithe agus gach ullmhú chun oibrithe a dhífhostú, ar an bhforas go ndearna siad iarraidh ar shaoire, nó gur thóg siad saoire, amhail dá bhforáiltear in Airteagail 4, 5 agus 6, nó gur fheidhmigh siad an ceart socruithe solúbtha oibre a iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 9.

2.   Oibrithe a mheasfaidh gur dífhostaíodh iad ar an bhforas go ndearna siad iarraidh ar shaoire, nó gur thóg siad, saoire dá bhforáiltear in Airteagail 4, 5 agus 6, nó gur fheidhmigh siad an ceart socruithe solúbtha oibre a iarraidh dá bhforáiltear in Airteagal 9, féadfaidh siad iarraidh ar an bhfostóir cúiseanna cuí-réasúnaithe dá ndífhostú a sholáthar. Maidir le dífhostú oibrí a bhfuil iarraidh ar shaoire dá bhforáiltear in Airteagail 5, 6 nó 7 déanta aige nó aici nó a bhfuil saoire den sort sin tógtha aige nó aici, déanfaidh an fostóir cúiseanna leis an dífhostú a sholáthar i scríbhinn.

3.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i gcás ina ndéanfaidh oibrithe a mheasfaidh gur dífhostaíodh iad ar na forais go bhfuil iarraidh ar shaoire dá bhforáiltear in Airteagail 4, 5 nó 6 déanta acu, nó a bhfuil saoire den sort sin tógtha acu, a shuí os comhair cúirte nó údarás inniúil eile, fíorais as ar féidir a thoimhdiú go bhfuil siad dífhostaithe ar fhorais den sórt sin, gur ar an bhfostóir a bheidh sé a chruthú go raibh an dífhostú bunaithe ar fhorais eile.

4.   Ní chuirfidh mír 3 cosc ar na Ballstáit rialacha fianaise a thabhairt isteach atá níos fabhraí d'oibrithe.

5.   Ní bheidh ceanglas ar na Ballstáit mír 3 a chur i bhfeidhm maidir le himeachtaí ina bhfuil sé faoin gcúirt nó faoin gcomhlacht inniúil fíorais an cháis a imscrúdú.

6.   Ní bheidh feidhm ag mír 3 maidir le himeachtaí coiriúla, mura bhforáiltear a mhalairt sna Ballstáit.

Airteagal 13

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo, nó na forálacha ábhartha atá i bhfeidhm cheana maidir leis na cearta atá laistigh de raon feidhme na Treorach seo, agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go ndéanfar iad a chur chun feidhme. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 14

Cosaint ar chóir dhíobhálach nó ar iarmhairtí díobhálacha

Tabharfaidh na Ballstáit na bearta is gá isteach chun oibrithe a chosaint, lena n-áirítear oibrithe ar ionadaithe fostaithe iad, ar aon chóir dhíobhálach a dhéanann fostóir nó ar iarmhairtí díobhálacha mar thoradh ar ghearán a taisceadh laistigh den ghnóthas nó ar aon imeachtaí dlíthiúla chun críche comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Treoir seo a fhorfheidhmiú.

Airteagal 15

Comhlachtaí comhionannais

Gan dochar d'inniúlacht cigireachtaí saothair nó comhlachtaí eile a dhéanann cearta na n-oibrithe a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, áiritheoidh na Ballstáit, maidir leis an gcomhlacht nó na comhlachtaí arna ainmniú nó arna n-ainmniú de bhun Airteagal 20 de Threoir 2006/54/CE chun cóir chomhionann do gach duine a chur chun cinn, chun anailís agus faireachán a dhéanamh uirthi agus chun tacú léi, gan idirdhealú ar bhonn inscne, go mbeidh an chomhlacht nó na comhlachtaí sin inniúil i dtaca leis na saincheisteanna a bhaineann leis an idirdhealú agus a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.

Airteagal 16

Leibhéal na cosanta

1.   Féadfaidh na Ballstáit forálacha a thabhairt isteach nó a choinneáil ar bun atá níos fabhraí ó thaobh na n-oibrithe de ná na forálacha a leagtar síos sa Treoir seo.

2.   Ní bheidh cur chun feidhme na Treorach seo ina fhorais chun údar cuí a thabhairt le laghdú a dhéanamh ar leibhéal ginearálta cosanta na n-oibrithe sna réimsí a chumhdaítear leis an Treoir seo. An toirmeasc ar laghdú den sórt sin ar leibhéal na cosanta, ní dochar é do cheart na mBallstát agus na gcomhpháirtithe sóisialta a leagan síos, i bhfianaise imthosca atá ag athrú, socruithe reachtacha, rialála nó conarthacha seachas iad sin a bheidh i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2019, ar choinníoll go gcomhlíonfar na híoscheanglais a leagtar síos sa Treoir seo.

Airteagal 17

Faisnéis a leathadh

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na bearta náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo, mar aon leis na forálacha ábhartha atá i bhfeidhm cheana agus a bhaineann leis an ábhar amhail a leagtar amach iad in Airteagal 1, a thabhairt ar aird d'oibrithe agus d'fhostóirí, lena n-áirítear fostóirí ar FBManna iad, ar gach bealach iomchuí ar fud a gcríche.

Airteagal 18

Tuairisciú agus athbhreithniú

1.   Faoin 2 Lúnasa 2027, déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis ar fad a bhaineann le cur chun feidhme na Treorach seo a chur in iúl don Choimisiún, ar faisnéis í atá riachtanach don Choimisiún chun tuarascáil a tharraingt suas. Áireofar san fhaisnéis sin na sonraí comhiomlánaithe a bheidh ar fáil maidir le tógáil cineálacha éagsúla saoire agus socruithe oibre solúbtha, ag fir agus mná de bhun na Treorach seo, chun go mbeifear in ann faireachán agus measúnú ceart a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach seo, go háirithe maidir le comhionannas inscne.

2.   Déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil, más iomchuí.

Beidh na nithe seo a leanas ag gabháil leis an tuarascáil freisin:

(a)

staidéar ar an idirghníomhaíocht idir na cineálacha éagsúla saoire dá bhforáiltear sa Treoir seo chomh maith le cineálacha eile saoire a bhaineann leis an teaghlach, amhail saoire uchtála; agus

(b)

staidéar ar na cearta chun saoire a bhaineann le teaghlach a dheonaítear do dhaoine féinfhostaithe.

Airteagal 19

Aisghairm

1.   Aisghairtear Treoir 2010/18/AE le héifeacht ón 2 Lúnasa 2022. Is mar thagairtí don Treoir seo a dhéanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach san Iarscríbhinn.

2.   In ainneoin aisghairm Threoir 2010/18/AE de bhun mhir 1 den Airteagal seo, féadfar aon tréimhse nó aon tréimhsí carnacha ar leithligh saoire do thuismitheoirí arna dtógáil nó arna n-aistriú ag oibrí de bhun na Treorach sin roimh an 2 Lúnasa 2022 a aisbhaint de theidlíocht an oibrí sin i leith saoire do thuismitheoirí faoi Airteagal 5 den Treoir seo.

Airteagal 20

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 2 Lúnasa 2022. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

2.   In ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, i gcás na híocaíochta nó an liúntais a chomhfhreagraíonn don 2 sheachtain dheireanacha de shaoire do thuismitheoirí amhail dá bhforáiltear in Airteagal 8(3), déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 2 Lúnasa 2024. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

3.   Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos na modhanna ina ndéanfar tagairtí den sórt sin.

4.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sna réimsí a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

5.   Déanfar na rialacha agus na modúlachtaí mionsonraithe le haghaidh an Treoir seo a chur i bhfeidhm a bhunú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le comhaontuithe comhchoiteanna náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta, fad a dhéantar íoscheanglais agus cuspóirí na Treorach seo a urramú.

6.   Chun críocha Airteagail 4, 5, 6 agus 8 den Treoir seo agus Treoir 92/85/CEE a chomhlíonadh, féadfaidh na Ballstáit a chur san áireamh freisin aon tréimhse liúntais, agus aon íocaíocht liúntais maidir le ham saor ón obair a bhaineann leis an teaghlach, go háirithe saoire mháithreachais, saoire atharthachta, saoire do thuismitheoirí agus saoire cúramóirí, atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus atá os cionn na n-íoschaighdeán dá bhforáiltear sa Treoir seo nó i dTreoir 92/85/CEE, ar choinníoll go gcomhlíonfar na híoscheanglais do shaoire den sórt sin agus nach ndéanfar an leibhéal ginearálta cosanta a thugtar d'oibrithe sna réimsí a chumhdaítear leis na Treoracha sin a laghdú.

7.   I gcás ina ndéanfaidh na Ballstáit íocaíocht nó liúntas is ionann agus 65 % ar a laghad de ghlanphá an oibrí, a d'fhéadfadh a bheith faoi réir uasteorann, a áirithiú, ar feadh 6 mhí ar a laghad de shaoire do thuismitheoirí do gach tuismitheoir, féadfaidh siad a chinneadh an córas sin a choinneáil ar bun seachas foráil a dhéanamh don íocaíocht nó don liúntas dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

8.   Féadfaidh na Ballstáit cur chun feidhme na Treorach seo a chur ar iontaoibh na gcomhpháirtithe sóisialta, i gcás ina ndéanfaidh na comhpháirtithe sóisialta a iarraidh go comhpháirteach go ndéanfar amhlaidh, ar choinníoll go ndéanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go ndéanfar na torthaí arna lorg faoin Treoir seo a ráthú i gcónaí.

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 22

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh sa Bhruiséil, an 20 Meitheamh 2019.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. CIAMBA


(1)  IO C 129, 11.4.2018, lch. 44.

(2)  IO C 164, 8.5.2018, lch. 62.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Meitheamh 2019.

(4)  Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal na gcomhdheiseanna agus an chaithimh chomhionainn le fir agus le mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (athmhúnlú) (IO L 204, 26.7.2006, lch. 23).

(5)  Treoir 2010/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná atá rannpháirteach i ngníomhaíocht ar bhonn féinfhostaithe a chur i bhfeidhm agus lena n-aisghairtear Treoir 86/613/CEE (IO L 180, 15.7.2010, lch. 1).

(6)  Treoir 92/85/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe a spreagadh ag an obair i dtaca le sábháilteacht agus sláinte oibrithe torracha agus oibrithe atá tar éis leanbh a shaolú nó atá i mbun beathú cíche (an deichiú Treoir aonair de réir bhrí Airteagal 16 (1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 348, 28.11.1992, lch. 1).

(7)  Treoir 97/81/CE ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir leis an gComhaontú Réime maidir le hobair pháirtaimseartha a thug UNICE, CEEP agus an ETUC chun (IO L 14, 20.1.1998, lch. 9).

(8)  Treoir 2010/18/AE ón gComhairle an 8 Márta 2010 lena ndéantar an Comhaontú Réime athbhreithnithe um shaoire do thuismitheoirí a thug BUSINESSEUROPE, UEAPME, CEEP agus CEC chun críche a chur chun feidhme agus lena n-aisghairtear Treoir 96/34/CE (IO L 68, 18.3.2010, lch. 13).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 1231/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena leathnaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 chuig náisiúnaigh tríú tíortha nach gcumhdaítear cheana leis na Rialacháin sin ar fhoras a náisiúntachta amháin (IO L 344, 29.12.2010, lch. 1).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 859/2003 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2003 lena leathnaítear forálacha Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 do náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil cumhdaithe cheana leis na forálacha sin ar fhorais a náisiúntachta amháin (IO L 124, 20.5.2003, lch. 1).

(12)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 11 Deireadh Fómhair 2007, Nadine Paquay v Société d'architectes Hoet + Minne SPRL, C-460/06, ECLI:EU:C:2007:601.

(13)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(14)  Treoir 1999/70/CE ón gComhairle, an 28 Meitheamh 1999 i dtaca leis an gcomhaontú réime maidir le hobair théarma shocraithe a thug ETUC, UNICE agus CEEP i gcrích (IO L 175, 10.7.1999, lch. 43).


IARSCRÍBHINN

TÁBLA COMHGHAOIL

Treoir 2010/18/AE

An Treoir seo

Clásal 1(1)

Airteagal 1

Clásal 1(2)

Airteagal 2

Clásal 1(3)

Airteagal 2

Clásal 2(1)

Airteagal 5(1)

Clásal 2(2)

Airteagal 5(1) agus (2)

Clásal 3(1)(a)

Airteagal 5(6)

Clásal 3(1)(b)

Airteagal 5(4)

Clásal 3(1)(c)

Airteagal 5(5)

Clásal 3(1)(d)

Clásal 3(2)

Airteagal 5(3)

Clásal 3(3)

Airteagal 5(8)

Clásal 4(1)

Airteagal 5(8)

Clásal 5(1)

Airteagal 10(2)

Clásal 5(2)

Airteagal 10(1)

Clásal 5(3)

Airteagal 10(3)

Clásal 5(4)

Airteagal 11

Clásal 5(5) an chéad fhomhír

Airteagal 10(3)

Clásal 5(5) an dara fomhír

Airteagal 8(3)

Clásal 6(1)

Airteagal 9

Clásal 6(2)

Aithris 25

Clásal 7(1)

Airteagal 7

Clásal 7(2)

Airteagal 7

Clásal 8(1)

Airteagal 16(1)

Clásal 8(2)

Airteagal 16(2)

Clásal 8(3)

Clásal 8(4)

Clásal 8(5)

Clásal 8(6)

Clásal 8(7)


Top