Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R0423

    Rialachán (AE) Uimh. 423/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena ndéantar luach saothair agus pinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh chomh maith leis na comhéifeachtaí ceartúcháin a chuirtear i bhfeidhm maidir leo a choigeartú le héifeacht ón 1 Iúil 2012

    IO L 129, 30.4.2014, p. 12–18 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/423/oj

    30.4.2014   

    GA

    Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

    L 129/12


    RIALACHÁN (AE) Uimh. 423/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 16 Aibreán 2014

    lena ndéantar luach saothair agus pinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh chomh maith leis na comhéifeachtaí ceartúcháin a chuirtear i bhfeidhm maidir leo a choigeartú le héifeacht ón 1 Iúil 2012

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint don Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus go háirithe d'Airteagal 12 de,

    Ag féachaint do Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“na Rialacháin Foirne”) agus do Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (“Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhíseach Eile”), a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (1), agus go háirithe d'Airteagal 10 d'Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Bhreithiúnais (2),

    Ag féachaint don tuairim ó Chúirt na nIniúchóirí (3),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (4),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Ina breithiúnas sa Chás C-63/12, an Coimisiún v an Chomhairle shoiléirigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“an Chúirt Bhreithiúnais”) go mbíonn sé d'oibleagáid ar na hinstitiúidí cinneadh a dhéanamh gach bliain maidir leis an gcoigeartú ar luach saothair, trí choigeartú “matamaiticiúil” a dhéanamh i gcomhréir leis an modh a leagtar síos in Airteagal 3 d'Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, nó tríd an ríomh “matamaiticiúil” sin a chur i leataobh i gcomhréir le hAirteagal 10 de.

    (2)

    Is é an sprioc atá le hAirteagal 19 d'Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) cur ar chumas na n-institiúidí na bearta is gá a ghlacadh chun a ndíospóidí i ndáil le coigeartuithe luach saothair agus pinsean sa bhliain 2011 agus sa bhliain 2012 a shocrú ag cloí le breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais, agus ionchais dhlisteanacha na foirne á gcur san áireamh go bhfuil na hinstitiúidí le cinneadh a dhéanamh gach bliain maidir lena luach saothair agus lena bpinsin a choigeartú.

    (3)

    Chun breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gCás C-63/12 a chomhlíonadh, tá an Coimisiún le togra a thíolacadh faoin nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 336 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) le go mbeidh Parlaimint na hEorpa bainteach leis an bpróiseas reachtaíochta i gcás ina gcinnfidh an Chomhairle go bhfuil meathlú tromchúiseach agus tobann ar an staid eacnamaíoch agus shóisialta laistigh den Aontas. An 25 Deireadh Fómhair 2012, chuir an Chomhairle in iúl nach ndearnadh i measúnú an Choimisiúin, mar a chuirtear i láthair é ina thuarascáil maidir leis an bhforáil eisceachta, an meathlú tromchúiseach agus tobann ar an staid eacnamaíoch agus shóisialta laistigh den Aontas a léiriú, faoi mar a mhol na sonraí eacnamaíocha oibiachtúla atá ar fáil go poiblí. D'iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, togra iomchuí le haghaidh choigeartú ar thuarastail na bliana 2012 a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 d'Iarscríbhinn XI de na Rialacháin Foirne. D'iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, togra iomchuí le haghaidh choigeartú ar thuarastail na bliana 2012, a thíolacadh, i gcomhréir le hAirteagal 10 d'Iarscríbhinn XI de na Rialacháin Foirne.

    (4)

    Dhearbhaigh an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil corrlach lánroghnach ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle maidir leis an gcoigeartú ar luach saothair agus ar phinsin faoin bhforáil eisceachta. I bhfianaise sonraí eacnamaíocha agus sóisialta don tréimhse ón 1 Iúil 2011 go dtí an 31 Nollaig 2012, amhail iarmhairt an ghéarchoir chun donais san Fhómhar in 2011 agus a raibh cúlú eacnamaíochta san Aontas mar thoradh air mar aon le meathlú ar an staid eacnamaíoch agus ardleibhéil leantacha na dífhostaíochta agus an easnaimh agus fiachais phoiblí san Aontas, is iomchuí an coigeartú ar luach saothair agus ar phinsin sa Bheilg agus i Lucsamburg a shocrú ag 0,8 % do 2012. Is cuid de chur chuige foriomlan é an coigeartú sin chun na díospóidí maidir le coigeartú luach saothair agus pinsean sa bhliain 2011 agus sa bhliain 2012 a shocrú, lena mbaineann coigeartú 0 % do 2011 freisin.

    (5)

    Dá bhrí sin, le linn tréimhse cúig bliana (2010-2014) is é seo a leanas coigeartú luach saothair agus pinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh: In 2010, rinneadh coigeartú 0,1 % thoradh ar an modh a leagtar síos in Airteagal 3 d'Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne a chur i bhfeidhm. Tagann coigeartú 0 % agus 0,8 % do 2011 agus 2012 as toradh an chur chuige fhoriomláin chun díospóidí i ndáil le coigeartuithe 2011 agus 2012 ar luach saothair agus pinsin a réiteach. Thairis sin, mar chuid den chomhghéilleadh polaitiúil maidir le hathchóiriú ar na Rialacháin Foirne agus ar Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhíseach Eile, rinneadh cinneadh luach saothair agus pinsin a reo do na blianta 2013 agus 2014,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, cuirfear “1 Iúil 2012” in ionad an dáta “1 Iúil 2011” sa dara mír d'Airteagal 63 de na Rialacháin Foirne.

    Airteagal 2

    Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, cuirfear an méid seo a leanas in ionad thábla na mbuntuarastal míosúil in Airteagal 66 de na Rialacháin Foirne is infheidhme chun críoch luach saothair agus pinsin a ríomh:

    1/7/2012

    CÉIM

    GRÁD

    1

    2

    3

    4

    5

    16

    17 054,40

    17 771,05

    18 517,81

     

     

    15

    15 073,24

    15 706,64

    16 366,65

    16 822,00

    17 054,40

    14

    13 322,22

    13 882,04

    14 465,38

    14 867,83

    15 073,24

    13

    11 774,62

    12 269,40

    12 784,98

    13 140,68

    13 322,22

    12

    10 406,80

    10 844,10

    11 299,79

    11 614,16

    11 774,62

    11

    9 197,87

    9 584,37

    9 987,12

    10 264,98

    10 406,80

    10

    8 129,38

    8 470,99

    8 826,95

    9 072,53

    9 197,87

    9

    7 185,01

    7 486,94

    7 801,55

    8 018,60

    8 129,38

    8

    6 350,35

    6 617,20

    6 895,26

    7 087,10

    7 185,01

    7

    5 612,65

    5 848,50

    6 094,26

    6 263,81

    6 350,35

    6

    4 960,64

    5 169,10

    5 386,31

    5 536,16

    5 612,65

    5

    4 384,38

    4 568,62

    4 760,60

    4 893,04

    4 960,64

    4

    3 875,06

    4 037,89

    4 207,57

    4 324,63

    4 384,38

    3

    3 424,90

    3 568,82

    3 718,79

    3 822,25

    3 875,06

    2

    3 027,04

    3 154,24

    3 286,79

    3 378,23

    3 424,90

    1

    2 675,40

    2 787,82

    2 904,97

    2 985,79

    3 027,04

    Airteagal 3

    Le héifeacht ón 1 Iúil 2011 na comhéifeachtaí ceartúcháin is infheidhme maidir le luach saothair oifigeach agus sheirbhíseach eile faoi Airteagal 64 de na Rialacháin Foirne, cuirfear in iúl iad mar atá i gcolún 2 sa tábla a leanas.

    Le héifeacht ón 1 Eanáir 2013, na comhéifeachtaí ceartúcháin is infheidhme maidir le haistriú oifigeach agus sheirbhíseach eile faoi Airteagal 17(3) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, cuirfear in iúl iad mar atá i gcolún 3 sa tábla a leanas.

    Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, na comhéifeachtaí ceartúcháin is infheidhme maidir le pinsin faoi Airteagal 20(1) d'Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, cuirfear in iúl iad mar atá i gcolún 4 sa tábla a leanas.

    Le héifeacht ón 16 Bealtaine 2012, na comhéifeachtaí ceartúcháin is infheidhme maidir le pinsin faoi Airteagal 20(1) d'Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, cuirfear in iúl iad mar atá i gcolún 5 sa tábla a leanas. An 16 Bealtaine 2012 a bheidh mar dháta éifeachta le haghaidh an choigeartaithe bhliantúil do na Ballstáit sin.

    1

    2

    3

    4

    5

    Tír/Ionad

    Luach Saothair

    Aistriú

    Pinsean

    Pinsean

    1.7.2012

    1.1.2013

    1.7.2012

    16.5.2012

    An Bhulgáir

    58,4

    57,4

    100,0

     

    Poblacht na Seice

    80,6

    74,6

    100,0

    An Danmhairg

    135,3

    127,3

    127,3

    An Ghearmáin

    95,8

    96,6

    100,0

    Bonn

    94,1

     

     

    Karlsruhe

    93,8

     

     

    München

    106,4

     

     

    An Eastóin

    77,6

    78,0

    100,0

    An Ghréig

    90,5

    89,0

    100,0

    An Spáinn

    97,1

    90,9

    100,0

    An Fhrainc

    117,7

    109,2

    109,2

    Éire

    110,6

    104,5

    104,5

    An Iodáil

    104,2

    97,4

    100,0

    Varese

    93,4

     

     

    An Chipir

    84,1

    87,4

    100,0

    An Laitvia

    77,6

    74,9

    100,0

    An Liotuáin

    71,5

    69,5

    100,0

    An Ungáir

    78,3

    68,7

    100,0

    Málta

    83,3

    83,7

    100,0

    An Ísiltír

    105,3

    100,9

     

    100,9

    An Ostair

    106,4

    103,2

    103,2

     

    An Pholainn

    74,2

    66,4

    100,0

    An Phortaingéil

    83,5

    82,8

    100,0

    An Rómáin

    68,8

    60,0

    100,0

    An tSlóivéin

    85,3

    81,2

    100,0

    An tSlóvaic

    79,7

    73,5

    100,0

    An Fhionlainn

    122,1

    113,8

    113,8

    An tSualainn

    131,9

    123,8

    123,8

    An Ríocht Aontaithe

    147,8

    119,0

    119,0

    Culham

    112,5

     

     

    Airteagal 4

    Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, EUR 919,02 méid an liúntais um shaoire tuismitheoirí dá dtagraítear sa dara mír agus sa triú mír d'Airteagal 42a de na Rialacháin Foirne, agus EUR 1 225,36 an méid le haghaidh tuismitheoirí aonair.

    Airteagal 5

    Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, is EUR 171,88 a bheidh i méid bunúsach an liúntais teaghlaigh dá dtagraítear in Airteagal 1(1) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.

    Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, is EUR 375,59 a bheidh i méid an liúntais linbh chleithiúnaigh dá dtagraítear in Airteagal 2(1) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.

    Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, is EUR 254,83 a bheidh i méid an liúntais oideachais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.

    Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, is EUR 91,75 a bheidh i méid an liúntais oideachais dá dtagraítear in Airteagal 3(2) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.

    Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, is EUR 509,43 a bheidh in íosmhéid an liúntais easaoránachta dá dtagraítear in Airteagal 69 de na Rialacháin Foirne agus sa dara fomhír d'Airteagal 4(1) d'Iarscríbhinn VII lena ngabhann.

    Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, is EUR 366,22 a bheidh san liúntas easaoránachta dá dtagraítear in Airteagal 134 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhíseach Eile.

    Airteagal 6

    Le héifeacht ón 1 Eanáir 2013, déanfar an liúntas de réir ciliméadair dá dtagraítear in Airteagal 8(2) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne a choigeartú mar a leanas:

    EUR 0 do gach ciliméadar ó

    0 go dtí 200 km

    EUR 0,3820 do gach ciliméadar ó

    201 go dtí 1 000 km

    EUR 0,6367 do gach ciliméadar ó

    1 001 go dtí 2 000 km

    EUR 0,3820 do gach ciliméadar ó

    2 001 go dtí 3 000 km

    EUR 0,1272 do gach ciliméadar ó

    3 001 go dtí 4 000 km

    EUR 0,0614 do gach ciliméadar ó

    4 001 go dtí 10 000 km

    EUR 0 do gach ciliméadar os cionn

    10 000 km.

    Cuirfear forlíonadh ar chothromráta leis an liúntas in aghaidh an chiliméadair thuas arb ionann é agus:

    EUR 191,00 má tá an fad d'iarnród idir ionad na fostaíochta agus an t-ionad tionscnaimh idir 725 km agus 1 450 km;

    EUR 381,96 má tá an fad d'iarnród idir ionad na fostaíochta agus an t-ionad tionscnaimh níos mó ná 1 450 km.

    Airteagal 7

    Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, is é seo a leanas an liúntas cothaithe laethúil dá dtagraítear in Airteagal 10(1) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne:

    EUR 39,48 i gcás oifigigh atá i dteideal an liúntais teaghlaigh;

    EUR 31,83 i gcás oifigigh nach bhfuil i dteideal an liúntais teaghlaigh.

    Airteagal 8

    Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, is é seo a leanas an íosteorainn le haghaidh an liúntais suiteála, dá dtagraítear in Airteagal 24(3) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhíseach Eile:

    EUR 1 123,91 i gcás seirbhísigh atá i dteideal an liúntais teaghlaigh;

    EUR 668,27 i gcás seirbhísigh nach bhfuil i dteideal an liúntais teaghlaigh.

    Airteagal 9

    Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, maidir leis an liúntas dífhostaíochta dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 28a(3) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais, is EUR 1 347,89 a bheidh san íosteorainn agus EUR 2 695,79 a bheidh san uasteorainn.

    Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, is EUR 1 225,36 a bheidh sa liúntas caighdeánach dá dtagraítear in Airteagal 28a(7) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhíseach Eile.

    Airteagal 10

    Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, cuirfear an méid seo a leanas in ionad thábla na mbuntuarastal míosúil in Airteagal 93 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhíseach Eile:

    FEIDHM GRÚPA

    1/7/2012

    CÉIM

    GRÁD

    1

    2

    3

    4

    5

    6

    7

    IV

    18

    5 879,08

    6 001,34

    6 126,14

    6 253,54

    6 383,59

    6 516,34

    6 651,85

    17

    5 196,08

    5 304,14

    5 414,44

    5 527,04

    5 641,98

    5 759,31

    5 879,08

    16

    4 592,43

    4 687,93

    4 785,42

    4 884,94

    4 986,53

    5 090,23

    5 196,08

    15

    4 058,91

    4 143,32

    4 229,48

    4 317,44

    4 407,22

    4 498,87

    4 592,43

    14

    3 587,37

    3 661,97

    3 738,13

    3 815,86

    3 895,22

    3 976,22

    4 058,91

    13

    3 170,61

    3 236,55

    3 303,85

    3 372,56

    3 442,69

    3 514,29

    3 587,37

    III

    12

    4 058,85

    4 143,25

    4 229,41

    4 317,36

    4 407,13

    4 498,78

    4 592,33

    11

    3 587,34

    3 661,93

    3 738,08

    3 815,81

    3 895,16

    3 976,16

    4 058,85

    10

    3 170,60

    3 236,53

    3 303,83

    3 372,54

    3 442,67

    3 514,26

    3 587,34

    9

    2 802,28

    2 860,55

    2 920,03

    2 980,75

    3 042,74

    3 106,01

    3 170,60

    8

    2 476,74

    2 528,24

    2 580,82

    2 634,48

    2 689,27

    2 745,19

    2 802,28

    II

    7

    2 802,21

    2 860,50

    2 919,99

    2 980,72

    3 042,72

    3 106,01

    3 170,61

    6

    2 476,62

    2 528,13

    2 580,71

    2 634,39

    2 689,18

    2 745,12

    2 802,21

    5

    2 188,86

    2 234,38

    2 280,86

    2 328,30

    2 376,72

    2 426,16

    2 476,62

    4

    1 934,53

    1 974,77

    2 015,84

    2 057,77

    2 100,57

    2 144,26

    2 188,86

    I

    3

    2 383,19

    2 432,65

    2 483,14

    2 534,68

    2 587,28

    2 640,98

    2 695,79

    2

    2 106,84

    2 150,57

    2 195,20

    2 240,76

    2 287,27

    2 334,74

    2 383,19

    1

    1 862,54

    1 901,20

    1 940,65

    1 980,93

    2 022,04

    2 064,01

    2 106,84

    Airteagal 11

    Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, is é seo a leanas an íosteorainn le haghaidh an liúntais suiteála, dá dtagraítear in Airteagal 94 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhíseach Eile:

    EUR 845,37 i gcás seirbhísigh atá i dteideal an liúntais teaghlaigh;

    EUR 501,20 i gcás seirbhísigh nach bhfuil i dteideal an liúntais teaghlaigh.

    Airteagal 12

    Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, maidir leis an liúntas dífhostaíochta dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 96(3) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, is é EUR 1 010,92 a bheidh san íosteorainn agus EUR 2 021,83 a bheidh san uasteorainn.

    Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, is EUR 919,02 a bheidh sa liúntas caighdeánach dá dtagraítear in Airteagal 96(7) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhíseach Eile.

    Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, maidir leis an liúntas dífhostaíochta dá dtagraítear in Airteagal 136 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhíseach Eile, is EUR 889,39 a bheidh san íosteorainn agus EUR 2 092,68 a bheidh san uasteorainn.

    Airteagal 13

    Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, is EUR 385,23, EUR 581,45, EUR 635,74 agus EUR 866,72 a bheidh sna liúntais le haghaidh sealoibre a leagtar síos sa chéad fhomhír d'Airteagal 1(1) de Rialachán (CEGC, CEE, Euratom) Uimh. 300/76 ón gComhairle (6).

    Airteagal 14

    Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, beidh na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 260/68 (7) ón gComhairle faoi réir comhéifeacht 5,5609.

    Airteagal 15

    Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, cuirfear an méid a leanas in ionad an tábla in Airteagal 8(2) d'Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne:

    1/7/2012

    CÉIM

    GRÁD

    1

    2

    3

    4

    5

    6

    7

    8

    16

    17 054,40

    17 771,05

    18 517,81

    18 517,81

    18 517,81

    18 517,81

     

     

    15

    15 073,24

    15 706,64

    16 366,65

    16 822,00

    17 054,40

    17 771,05

     

     

    14

    13 322,22

    13 882,04

    14 465,38

    14 867,83

    15 073,24

    15 706,64

    16 366,65

    17 054,40

    13

    11 774,62

    12 269,40

    12 784,98

    13 140,68

    13 322,22

     

     

     

    12

    10 406,80

    10 844,10

    11 299,79

    11 614,16

    11 774,62

    12 269,40

    12 784,98

    13 322,22

    11

    9 197,87

    9 584,37

    9 987,12

    10 264,98

    10 406,80

    10 844,10

    11 299,79

    11 774,62

    10

    8 129,38

    8 470,99

    8 826,95

    9 072,53

    9 197,87

    9 584,37

    9 987,12

    10 406,80

    9

    7 185,01

    7 486,94

    7 801,55

    8 018,60

    8 129,38

     

     

     

    8

    6 350,35

    6 617,20

    6 895,26

    7 087,10

    7 185,01

    7 486,94

    7 801,55

    8 129,38

    7

    5 612,65

    5 848,50

    6 094,26

    6 263,81

    6 350,35

    6 617,20

    6 895,26

    7 185,01

    6

    4 960,64

    5 169,10

    5 386,31

    5 536,16

    5 612,65

    5 848,50

    6 094,26

    6 350,35

    5

    4 384,38

    4 568,62

    4 760,60

    4 893,04

    4 960,64

    5 169,10

    5 386,31

    5 612,65

    4

    3 875,06

    4 037,89

    4 207,57

    4 324,63

    4 384,38

    4 568,62

    4 760,60

    4 960,64

    3

    3 424,90

    3 568,82

    3 718,79

    3 822,25

    3 875,06

    4 037,89

    4 207,57

    4 384,38

    2

    3 027,04

    3 154,24

    3 286,79

    3 378,23

    3 424,90

    3 568,82

    3 718,79

    3 875,06

    1

    2 675,40

    2 787,82

    2 904,97

    2 985,79

    3 027,04

     

     

     

    Airteagal 16

    Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, le haghaidh chur i bhfeidhm Airteagal 18(1) d'Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, is é seo a leanas méid an liúntais sheasta dá dtagraítear in iar-Airteagal 4a d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne a bhí i bhfeidhm roimh an 1 Bealtaine 2004:

    EUR 132,89 sa mhí d'oifigigh de Ghrád C4 nó C5;

    EUR 203,76 sa mhí d'oifigigh de Ghrád C1, C2 nó C3.

    Airteagal 17

    Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, cuirfear an méid seo a leanas in ionad an scála le haghaidh na mbuntuarastal míosúil in Airteagal 133 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhíseach Eile:

    Grád

    1

    2

    3

    4

    5

    6

    7

    Buntuarastal lán-aimseartha

    1 694,21

    1 973,74

    2 139,95

    2 320,16

    2 515,54

    2 727,38

    2 957,06

    Grád

    8

    9

    10

    11

    12

    13

    14

    Buntuarastal lán-aimseartha

    3 206,08

    3 476,07

    3 768,79

    4 086,15

    4 430,25

    4 803,32

    5 207,82

    Grád

    15

    16

    17

    18

    19

     

     

    Buntuarastal lán-aimseartha

    5 646,37

    6 121,87

    6 637,39

    7 196,32

    7 802,33

     

     

    Airteagal 18

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, 16 Aibreán 2014.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    M. SCHULZ

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    D. KOURKOULAS


    (1)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach, agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).

    (2)  Tuairim an 4 Márta 2014 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

    (3)  Tuairim an 3 Márta 2014 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

    (4)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2014 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Aibreán 2014.

    (5)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).

    (6)  Rialachán (CEGC, CEE, Euratom) Uimh. 300/76 ón gComhairle an 9 Feabhra 1976 lena gcinntear na catagóirí oifigeach atá i dteideal liúntas i leith sealoibre, agus na rátaí agus coinníollacha lena mbaineann (IO L 38, 13.2.1976, lch. 1). Rialachán mar a fhorlíontar le Rialachán (Euratom, CEGC, CEE) Uimh. 1307/87 (IO L 124, 13.5.1987, lch. 6).

    (7)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 260/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos na coinníollacha agus an nós imeachta maidir le cur i bhfeidhm na cánach chun sochar na gComhphobal Eorpach (IO L 56, 4.3.1968, lch. 8).


    Top