Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32011R1310

Rialachán (AE) Uimh. 1310/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle maidir le cúnamh inaisíoctha, innealtóireacht airgeadais agus forálacha áirithe a bhaineann leis an ráiteas caiteachais

IO L 337, 20.12.2011, pp. 1–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2013; Arna aisghairm le 32013R1303

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1310/oj

20.12.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1310/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Nollaig 2011

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle maidir le cúnamh inaisíoctha, innealtóireacht airgeadais agus forálacha áirithe a bhaineann leis an ráiteas caiteachais

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 177 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Eispéiris dhearfacha a bhí ag Ballstáit le scéimeanna cúnaimh inaisíoctha ar leibhéal na n-oibríochtaí le linn na tréimhse cláraithe 2000-2006 agus dá bhrí sin lean siad le scéimeanna den sórt sin nó thosaigh siad ag cur scéimeanna cúnaimh inaisíoctha chun feidhme sa tréimhse chláraithe reatha 2007-2013. Ina theannta sin, chuir roinnt Ballstát tuairiscí ar na scéimeanna sin ar áireamh ina ndoiciméid chláraithe, ar doiciméid iad a d'fhormheas an Coimisiún.

(2)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle an 11 Iúil 2006 lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe (3), leagtar amach ionstraimí innealtóireachta airgeadais lena mbaineann réimsí beachta idirghabhála agus raon beacht idirghabhála. Maidir leis na scéimeanna cúnaimh inaisíoctha a chuireann Ballstáit chun feidhme i bhfoirm deontas inaisíoctha agus línte creidmheasa arna mbainistiú ag údaráis bhainistíochta trí chomhlachtaí idirmheánacha, áfach, ní dhéanann na forálacha maidir le hionstraimí innealtóireachta airgeadais, ná forálacha eile de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006, iad a chumhdach go hiomchuí. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa (4), lena bhforáiltear cheana go bhféadtar cúnamh a thabhairt i bhfoirm deontas inaisíoctha, is gá Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 a leasú chun a fhoráil go bhféadtar cúnamh inaisíoctha a chómhaoiniú as na Cistí Struchtúracha. Ba cheart go gcumhdófaí leis an leasú sin deontais inaisíoctha agus línte creidmheasa arna mbainistiú ag údaráis bhainistíochta trí chomhlachtaí idirmheánacha ar institiúidí airgeadais iad.

(3)

Ós rud é go ndéanann na tairbhithe na hacmhainní airgeadais a úsáidtear trí chúnamh inaisíoctha, a aisíoc go hiomlán nó go páirteach is gá forálacha iomchuí a thabhairt isteach chun go ndéanfar cúnamh inaisíoctha arna aisíoc a athúsáid chun na críche céanna nó i gcomhréir le cuspóirí an chláir oibríochta i dtrácht, d’fhonn a áirithiú go ndéantar na cistí a aisíoctar a infheistiú go cuí agus go n-úsáidtear an tacaíocht a sholáthraíonn an tAontas ar bhealach atá chomh héifeachtach agus is féidir.

(4)

I ndáil leis na forálacha maidir le mórthionscadail, tionscadail ghinte ioncaim agus marthanacht oibríochtaí, is gá a shoiléiriú nár cheart go mbeadh siad infheidhme, ar bhonn prionsabail, ar ionstraimí innealtóireachta airgeadais, ós rud é gur ceapadh na forálacha sin i gcomhair oibríochtaí de chineálacha eile.

(5)

Maidir leis an ngá atá le trédhearcacht an phróisis cur chun feidhme a fheabhsú agus lena áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit chomh maith leis an gCoimisiún faireachán iomchuí ar chur chun feidhme ionstraimí innealtóireachta airgeadais, inter alia, ionas gur féidir leis na Ballstáit faisnéis iomchuí a thabhairt don Choimisiún i dtaobh chineál na n-ionstraimí arna gcur i bhfeidhm agus i dtaobh na ngníomhaíochtaí ábhartha a dhéantar leis na hionstraimí sin ar an láthair. Is gá, dá bhrí sin, foráil a thabhairt isteach maidir le tuairisciú ar ionstraimí innealtóireachta airgeadais. Chuirfeadh tuairisciú den sórt sin ar chumas an Choimisiúin, ina theannta sin, measúnú níos fearr a dhéanamh ar fheidhmíocht fhoriomlán ionstraimí innealtóireachta airgeadais agus achoimre ar an dul chun cinn ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát a sholáthar.

(6)

Chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagal 61(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (5), ba cheart go soláthrófaí sa ráiteas caiteachais a thíolactar don Choimisiún an fhaisnéis ar fad is gá chun go ndéanfadh an Coimisiún cuntais thrédhearcacha a sholáthar a léireoidh go fírinneach sócmhainní an Aontais agus cur chun feidhme an bhuiséid. Chuige sin, ba cheart go n-áiritheofaí i gceangaltán le gach ráiteas caiteachais faisnéis maidir leis an méid iomlán caiteachais arna íoc le linn ionstraimí innealtóireachta airgeadais a bhunú, nó le linn ranníoc a dhéanamh leo, agus maidir leis na hairleacain arna n-íoc leis na tairbhithe i gcomhthéacs Státchabhrach. Ba cheart go ndéanfaí formáid an cheangaltáin a shainmhiniú in Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 chun críche cinnteachta dlithiúla agus comhsheasmhachta. Is ar an leibhéal náisiúnta, áfach, ba cheart an cur chun feidhme praiticiúil maidir le bailiú na sonraí is gá don cheangaltán a dhéanamh, agus níor cheart, a mhéid a cheadaítear leis an gcreat dlíthiúil is infheidhme, go mbeadh athruithe ar na córais ríomhairí náisiúnta dá thoradh.

(7)

Maidir leis na leasuithe a bhaineann le foirmeacha an chúnaimh inaisíoctha, mar aon le hathúsáid an chúnaimh sin, chomh maith leis na leasuithe a bhaineann le heisiamh ón gcur i bhfeidhm, i gcás na bhforálacha i ndáil le mórthionscadail, tionscadail ghinte ioncaim agus marthanacht oibríochtaí, ar oibríochtaí iad a thagann faoi Airteagal 44 (ionstraimí innealtóireachta airgeadais), tá sé d’aidhm acu foráil do bhreis cinnteachta dlíthiúla agus do shoiléireacht maidir le cleachtas atá ann cheana a chur i bhfeidhm sna réimsí sin le héifeacht ó thús na tréimhse incháilitheachta mar a leagtar amach le Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 é. Ba cheart, dá bhrí sin go mbeadh éifeacht chúlghabhálach ag na leasuithe sin ó thús na tréimhse cláraithe reatha 2007 go 2013.

(8)

Ba cheart dá bhrí sin Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 leis seo mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear na pointí seo a leanas leis:

“(8)

‘deontas inaisíoctha’: ranníoc airgeadais díreach trí bhíthin dámhachtana ar féidir leis a bheith inaisíoctha, go hiomlán nó go páirteach, gan ús.

(9)

‘líne chreidmheasa’ saoráid airgeadais lena gceadaítear don tairbhí an ranníoc airgeadais a tharraingt anuas, ar ranníoc é is féidir a bheith inaisíoctha go hiomlán nó go páirteach, i ndáil leis an gcaiteachas a d' íoc an tairbhí agus atá á thacú ag sonraisc admhaithe nó ag doiciméid chuntasaíochta a bhfuil luach cruthúnais comhionann leo.”;

(2)

i dTeideal III, Caibidil II, cuirtear isteach an roinn seo a leanas:

ROINN 3A

Cúnamh inaisíoctha

Airteagal 43a

Cineálacha cúnaimh inaisíoctha

1.   Mar chuid de chlár oibríochta, féadfar cómhaoiniú ó na Cistí Struchtúracha a thabhairt le haghaidh cúnaimh inaisíochta:

(a)

i bhfoirm deontas inaisíoctha; nó

(b)

i bhfoirm línte creidmheasa arna mbainistiú ag an údarás bhainistíochta trí chomhlachtaí idirmheánacha ar institiúidí airgeadais iad.

2.   Déanfar an ráiteas caiteachais maidir le cúnamh inaisíoctha a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 78(1) go (5).

Airteagal 43b

Cúnamh inaisíoctha a athúsáid

Déanfar cúnamh inaisíoctha, arna aisíoc leis an gcomhlacht a thug an cúnamh nó le húdarás inniúil eile de chuid an Bhallstáit, a athúsáid chun na críche céanna nó i gcomhréir le cuspóirí an chláir oibríochta ábhartha. Déanfaidh Ballstáit a áirithiú go ndéanfar taifead leordhóthanach ar an gcúnamh airgeadais arna aisíoc a thaispeáint i gcóras cuntasaíochta an chomhlachta iomchuí nó an údaráis iomchuí.”;

(3)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 44a

Gan feidhm a bheith ag forálacha áirithe

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 39, Airteagal 55 ná Airteagal 57 maidir leis na hoibríochtaí a thagann faoi Airteagal 44.”;

(4)

leasaítear Airteagal 67 mar a leanas:

(a)

sa chéad fhomhír de mhír 2, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(j)

an dul chun cinn a rinneadh le linn na hionstraimi innealtóireachta airgeadais, mar a shainítear in Airteagal 44 iad, a mhaoiniú agus a chur chun feidhme, eadhon:

(i)

tuairisc ar an ionstraim innealtóireachta airgeadais agus ar na socruithe cur chun feidhme;

(ii)

na heintitis a chuireann an ionstraim innealtóireachta airgeadais chun feidhme a shainaithint, lena n-áirítear iad siúd a ghníomhaíonn trí chistí sealbhaíochta;

(iii)

méideanna cúnaimh ó na Cistí Struchtúracha agus ó chómhaoiniú náisiúnta arna n-íoc leis an ionstraim innealtóireachta airgeadais;

(iv)

méideanna cúnaimh ó na Cistí Struchtúracha agus ó chómhaoiniú náisiúnta arna n-íoc ag an ionstraim innealtóireachta airgeadais;”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“5.   Gach bliain, faoin 1 Deireadh Fómhair, soláthróidh an Coimisiún achoimre ar na sonraí i ndáil leis an dul chun cinn a rinneadh le linn na hionstraimí innealtóireachta airgeadais a mhaoiniú agus a chur chun feidhme, ar sonraí iad a sheol na hudaráis bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 67(2)(j).”;

(5)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

“Airteagal 78a

Ceanglas maidir le faisnéis bhreise a sholáthar sa ráiteas caiteachais maidir le hionstraimí innealtóireachta airgeadais agus maidir le hairleacain arna n-íoc leis na tairbhithe i gcomhthéacs na Státchabhrach

Maidir le ceangaltán a ghabhann le gach ráiteas caiteachais atá le tíolacadh don Choimisiún, san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn V, léireofar ann an fhaisnéis seo a leanas i ndáil le hiomlán an chaiteachais a áirítear sa ráiteas caiteachais:

(a)

maidir le hionstraimí innealtóireachta airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 44 iad, agus de réir mar a leagtar amach in Airteagal 78(6) iad, iomlán an chaiteachais arna íoc le linn cistí den sórt sin nó cistí sealbhaíochta a bhunú, nó arna íoc le linn ranníoc a dhéanamh leo, mar aon leis an ranníoc poiblí comhfhreagrach;

(b)

maidir le hairleacain arna íoc i gcomhthéacs Státchabhrach i gcomhréir le hAirteagal 78(2), iomlán an chaiteachais arna íoc mar airleacan do na tairbhithe ag an gcomhlacht a dheonaíonn an chabhair, mar aon leis an ranníoc poiblí comhfhreagrach.”;

(6)

cuirtear an téacs atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo le Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 mar Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm chúlghabhálach ag pointe (1), pointe (2) agus pointe (3) d'Airteagal 1 ón 1 Eanáir 2007.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 13 Nollaig 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. SZPUNAR


(1)  Tuairim an 27 Deireadh Fómhair 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Nollaig 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúl) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Nollaig 2011.

(3)   IO L 210, 31.7.2006, lch. 25.

(4)   IO L 210, 31.7.2006, lch. 12.

(5)   IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN V

Ceangaltán a ghabhann leis an ráiteas caiteachais dá dtagraítear in Airteagal 78a

Tagairt don chlár oibríochta (Uimhir CCI): …

Ainm an chláir oibríochta: …

An dáta a dhúnfar na cuntais go sealadach: …

An dáta a gcuirfear é faoi bhráid an Choimisiúin: …

Ionstraimí innealtóireachta airgeadais (Airteagal 78(6)) (méideanna carnacha):

An Ais Tosaíochta

An bonn ar a ríomhtar ranníoc (poiblí nó iomlán) an Chomhphobail

2007-2015

Méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna dhearbhú i gcomhréir le hAirteagal 78(6)

An ranníoc poiblí comhfhreagrach

Ais Tosaíochta 1

 

 

 

Ais Tosaíochta 2

 

 

 

Ais Tosaíochta 3

 

 

 

An tIomlán

 

 

 

Airleacain arna n-íoc i gcomhthéacs na Státchabhrach (Airteagal 78(2)) (méideanna carnacha):

An Ais Tosaíochta

An bonn ar a ríomhtar ranníoc (poiblí nó iomlán) an Chomhphobail

2007-2015

Méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna dhearbhú i gcomhréir le hAirteagal 78(2)

An ranníoc poiblí comhfhreagrach

Ais Tosaíochta 1

 

 

 

Ais Tosaíochta 2

 

 

 

Ais Tosaíochta 3

 

 

 

An tIomlán

 

 

 

NB: Má tá clár oibríochta ilchuspóireach nó ilChisteach, léireofar san ais tosaíochta an cuspóir/na cuspóirí agus an Ciste/na Cistí lena mbaineann.”.


Top