EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02018L1972-20181217

Consolidated text: Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/1972/2018-12-17

02018L1972 — GA — 17.12.2018 — 000.005


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

TREOIR (AE) 2018/1972 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2018

lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach

(Athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 321 17.12.2018, lch. 36)


Arna ceartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 334, 27.12.2019, lch.  164 (2018/1972)

►C2

Ceartúchán, IO L 419, 11.12.2020, lch.  36 (2018/1972)




▼B

TREOIR (AE) 2018/1972 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2018

lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach

(Athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



CUID I

CREAT (RIALACHA GINEARÁLTA EAGRÚCHÁIN NA hEARNÁLA)



TEIDEAL I

RAON FEIDHME, AIDHM AGUS CUSPÓIRÍ, SAINMHÍNITHE



CAIBIDIL I

Ábhar, aidhm agus sainmhínithe

Airteagal 1

Ábhar, raon feidhme agus aidhmeanna

1.  
Leis an Treoir seo, bunaítear creat comhchuibhithe le haghaidh rialáil líonraí cumarsáide leictreonraí, seirbhísí cumarsáide leictreonaí, saoráidí gaolmhara agus seirbhísí gaolmhara, agus gnéithe áirithe den trealamh teirminéil. Leagtar síos inti cúraimí údaráis rialála náisiúnta agus, más infheidhme, cúraimí údaráis inniúla eile agus bunaíonn sí sraith nósanna imeachta chun a áirithiú go ndéanfar an creat rialála a chur i bhfeidhm go comhchuibhithe ar fud an Aontais.
2.  

Is iad seo a leanas aidhmeanna na Treorach seo:

(a) 

líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí do mhargadh inmheánach a chur chun feidhme, ar líonraí agus seirbhísí iad as a n-eascróidh leathadh amach agus úsáid líonraí fíor-ardacmhainne, iomaíocht inbhuanaithe, idir-inoibritheacht seirbhísí cumarsáide leictreonaí, inrochtaineacht, slándáil líonraí agus seirbhísí agus tairbhe don úsáideoir deiridh; agus

(b) 

a áirithiú go soláthrófar, ar fud an Aontais, seirbhísí ardcháilíochta, inacmhainne, agus atá ar fáil go poiblí trí iomaíocht éifeachtach agus rogha a sholáthar, chun déileáil le himthosca ina dtarlaíonn nach bhfuil an margadh ag freastal go sásúil ar riachtanais úsáideoirí deiridh, lena n-áirítear dóibh siúd faoi mhíchumas ionas go mbeadh an rochtain chéanna acu ar sheirbhísí is atá ag úsáideoirí eile, agus chun na cearta riachtanacha a leagan síos don úsáideoir deiridh.

3.  

Ní dochar an Treoir seo do na nithe seo a leanas:

(a) 

oibleagáidí arna bhforchur faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais nó ag dlí an Aontais i leith na seirbhísí a sholáthraítear ag úsáid seirbhísí agus líonraí cumarsáide leictreonaí;

(b) 

bearta arna nglacadh ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun cuspóirí leasa ghinearálta a shaothrú, a bhaineann go háirithe le cosaint sonraí pearsanta agus leis an bpríobháideacht, le rialáil inneachair agus beartas closamhairc;

(c) 

bearta arna nglacadh ag na Ballstáit ar mhaithe leis an ord poiblí agus an tslándáil phoiblí agus ar mhaithe leis an gcosaint;

(d) 

Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 agus Rialachán (AE) 2015/2120 agus Treoir 2014/53/AE.

4.  
Áiritheoidh an Coimisiún, Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (“BEREC”) agus na húdaráis lena mbaineann go ndéanfar na sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn 'líonra cumarsáide leictreonaí' córais tarchuir, bídís bunaithe ar bhonneagar buan nó ar acmhainn riaracháin láraithe nó ná bíodh, agus, i gcás inarb infheidhme, trealamh lasctha nó ródúcháin agus acmhainní eile, lena n-áirítear eilimintí neamhghníomhacha líonra, a cheadaíonn iompar comharthaí ar shreang, ar raidió, ar mhodh optach nó ar mhodh leictreamaighnéadach eile, lena n-áirítear líonraí satailíte, líonraí fosaithe (ciorcadlasctha agus paicéadlasctha, an t-idirlíon san áireamh) agus líonraí móibíleacha, córais de cháblaí leictreacha, a mhéid a úsáidtear iad chun comharthaí a tharchur, líonraí a úsáidtear le haghaidh craolachán raidió agus teilifíse, agus líonraí teilifíse cábla, beag beann ar chineál na faisnéise arna hiompar;

(2) 

ciallaíonn 'líonra fíor-ardacmhainne' líonra cumarsáide leictreonaí atá comhdhéanta d'eilimintí snáthoptaice go huile ar a laghad suas go dtí an pointe dáilte ag an láthair freastail, nó líonra cumarsáide leictreonaí a bhfuil de chumas aige feidhmíocht líonra chomhchosúil a sholáthar, faoi ghnáthdhálaí buaic-ama, i dtéarmaí an bhandaleithid uasnaisc agus íosnaisc atá ar fáil, athléimneacht, paraiméadair earráidghaolmhara agus aga folaigh agus athruithe san aga sin. Is féidir a mheas gur comhchosúil feidhmíocht líonra is cuma cibé acu a athraíonn nó nach n-athraíonn eispéireas an úsáideora deiridh mar thoradh ar shaintréithe atá éagsúil iontu féin sa mheán trína nascann an líonra ar deireadh thiar le críochphointe an líonra;

(3) 

ciallaíonn 'margaí trasnáisiúnta' margaí atá sainaitheanta i gcomhréir le hAirteagal 65, ina gcumhdaítear an tAontas, nó cuid shubstainteach den Aontas, atá lonnaithe i níos mó ná Ballstát amháin;

(4) 

ciallaíonn 'seirbhís cumarsáide leictreonaí' seirbhís a chuirtear ar fáil de ghnáth i gcomhair luach saothair trí líonraí cumarsáide leictreonaí, lena gcuimsítear, cé is moite de seirbhísí a sholáthraíonn inneachar a tharchuirtear ag úsáid líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí nó a bhfuil smacht eagarthóireachta acu air, na cinealacha seirbhísí a leanas:

(a) 

'seirbhís rochtana idirlín' de réir mar a shainmhínítear i bpointe (2) den dara mír d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2015/2120;

(b) 

seirbhís cumarsáide idirphearsanta; agus

(c) 

seirbhísí atá comhdhéanta go hiomlán nó go príomha d'iompar comharthaí amhail seirbhísí tarchuir arna n-úsáid le haghaidh soláthar seirbhísí idir meaisíní agus le haghaidh craolacháin;

(5) 

ciallaíonn 'seirbhís cumarsáide idirphearsanta' seirbhís arna soláthar de ghnáth i gcomhair luach saothair, ar seirbhís í a chumasaíonn malartú díreach idirphearsanta agus idirghníomhach faisnéise trí líonraí cumarsáide leictreonaí idir líon finideach daoine, sa chaoi is gurb é an té a chuireann tús leis an gcumarsáid nó a ghlacann páirt sa chumarsáid a chinneann an faighteoir/na faighteoirí; agus ní chuireann sé san áireamh seirbhísí a chumasaíonn cumarsáid idirphearsanta agus idirghníomhach díreach ar mhaithe le mionfheidhm choimhdeach a sholáthar a bhfuil dlúthnasc aici le seirbhís eile;

(6) 

ciallaíonn 'seirbhís cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe' seirbhís cumarsáide idirphearsanta a nascann le hacmhainní uimhrithe a shanntar go poiblí, eadhon uimhir nó uimhreacha i bpleananna uimhrithe náisiúnta nó idirnáisiúnta, nó trí chumasú a dhéanamh ar chumarsáid le huimhir nó le huimhreacha i bpleananna uimhrithe náisiúnta nó idirnáisiúnta;

(7) 

ciallaíonn 'seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir' seirbhís cumarsáide idirphearsanta nach nascann le hacmhainní uimhrithe a shanntar go poiblí, eadhon uimhir nó uimhreacha i bpleananna uimhrithe náisiúnta nó idirnáisiúnta, nó seirbhís nach chumasaíonn cumarsáid le huimhir nó le huimhreacha i bpleananna uimhrithe náisiúnta nó idirnáisiúnta;

(8) 

ciallaíonn 'líonra cumarsáide leictreonaí poiblí' líonra cumarsáide leictreonaí a úsáidtear go hiomlán nó go príomha chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chur ar fáil go poiblí, ar seirbhísí iad a thacaíonn le haistriú faisnéise idir críochphointí an líonra;

(9) 

ciallaíonn 'críochphointe an líonra' pointe fisiceach ag a gcuirtear rochtain ar an líonra cumarsáide leictreonaí poiblí ar fáil don úsáideoir deiridh, agus i gcás líonraí a bhfuil lascadh nó ródú ar siúl acu, déantar an NTP a shainaithint le seoladh líonra sonrach, a d'fhéadfadh a bheith nasctha le huimhir nó ainm an úsáideora deiridh;

(10) 

ciallaíonn 'saoráidí gaolmhara' seirbhísí gaolmhara, bonneagair fhisiceacha agus saoráidí nó eilimintí eile atá gaolmhar leis an líonra cumarsáide leictreonaí nó leis an tseirbhís cumarsáide leictreonaí a chumasaíonn nó a thacaíonn le soláthar seirbhísí tríd an líonra sin nó seirbhís a bhfuil an poitéinseal aige é sin a dhéanamh, agus a áiríonn, foirgnimh nó bealaí isteach foirgneamh, sreangú foirgnimh, aeróga, túir agus déantúis tacaíochta eile, duchtanna, seolphíobáin, crainn, dúnphoill, agus caibinéid;

(11) 

ciallaíonn 'seirbhís ghaolmhar' seirbhís atá gaolmhar le líonra cumarsáide leictreonaí nó le seirbhís cumarsáide leictreonaí a chumasaíonn nó a thacaíonn le soláthar, féinsoláthar nó soláthar uathoibrithe seirbhísí trí líonra nó trí sheirbhís a bhfuil an poitéinseal acu é sin a dhéanamh agus a áiríonn, aistriú uimhreacha nó córais a chuireann feidhmiúlacht choibhéiseach ar fáil, córais rochtana coinníollaí agus treoracha leictreonacha maidir le cláir (EPGanna), chomh maith le seirbhísí eile amhail seirbhísí sainaitheantais, suímh agus láithreachta;

(12) 

ciallaíonn 'córas rochtana coinníollaí' aon bheart teicniúil, aon chórais fíordheimhnithe agus/nó aon socrú trína mbronntar rochtain ar sheirbhís chosanta craolacháin raidió nó teilifíse i bhformáid intuigthe a chuirtear ar fáil ar choinníoll go bhfuiltear tar éis síntiús a íoc nó údarú indibhidiúil eile a fháil roimh ré;

(13) 

ciallaíonn 'úsáideoir' duine nádúrtha nó duine dlítheanach atá ag úsáid seirbhís cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí nó ag iarraidh í a úsáid;

(14) 

ciallaíonn 'úsáideoir deiridh' úsáideoir nach gcuireann líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar fáil go poiblí;

(15) 

ciallaíonn 'tomhaltóir' aon duine nádúrtha a úsáideann seirbhís cumarsáide leictreonaí, nó atá ag iarraidh an tseirbhís sin a úsáid, chun críocha atá lasmuigh dá thrádáil, dá ghnó, dá cheird nó dá ghairm;

(16) 

ciallaíonn 'soláthar líonra cumarsáide leictreonaí' bunú, oibriú, rialú, nó soláthar líonra den sórt sin;

(17) 

ciallaíonn 'trealamh teilifíse digití breisithe' boscaí ar bharr teilifíseán a bhfuil mar aidhm leo ceangal le teilifíseáin nó le teilifíseáin dhigitechta chomhtháite, atá in ann seirbhísí digiteacha idirghníomhacha teilifíse a fháil;

(18) 

ciallaíonn 'comhéadan feidhmchláir' nó 'API' comhéadan bhogearraí idir feidhmchláir, arna gcur ar fáil ag craoltóirí nó ag soláthraithe seirbhíse, agus na hacmhainní sa trealamh teilifíse digití breisithe le haghaidh seirbhísí raidió agus teilifíse digití;

(19) 

ciallaíonn 'leithdháileadh speictrim raidió' banda speictrim raidió a shonrú le húsáid ag cineál amháin nó níos mó de sheirbhísí cumarsáide raidió, i gcás inarb iomchuí, faoi choinníollacha sonraithe;

(20) 

ciallaíonn 'trasnaíocht dhíobhálach' trasnaíocht a chuireann feidhmiú na seirbhíse loingseoireachta raidió nó seirbhísí sábháilteachta i mbaol nó a dhéanann díghrádú ar bhealach eile, nó a chuireann bac, nó a chuireann isteach go hathfhillteach ar sheirbhís cumarsáide raidió atá ag feidhmiú i gcomhréir leis na rialacháin is infheidhme go hidirnáisiúnta, san Aontas nó ar bhonn náisiúnta;

(21) 

ciallaíonn 'slándáil líonraí agus seirbhísí' cumas na líonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí friotú aon bhirt, ar leibhéal muiníne ar leith, ar beart é a chuireann i mbaol infhaighteacht, barántúlacht, sláine nó rúndacht na líonraí agus na seirbhísí sin, na sonraí stóráilte, na sonraí tarchurtha nó na sonraí próiseáilte, nó na seirbhísí gaolmhara arna dtairiscint ag na líonraí nó na seirbhísí cumarsáide leictreonaí sin, nó atá inrochtana tríothu;

(22) 

ciallaíonn 'údarú ginearálta' creat dlíthiúil arna bhunú ag Ballstát a áirithíonn cearta chun líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar agus oibleagáidí earnáilsonracha a leagan síos, ar oibleagáidí iad a mbeidh feidhm acu maidir le gach cineál nó le cineálacha sonracha líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí, i gcomhréir leis an Treoir seo;

(23) 

ciallaíonn 'pointe rochtana gan sreang a bhfuil raon beag aige', trealamh ísealchumhachta beag chun rochtain a fháil ar líonra gan sreang a oibríonn thar raon beag, ina n-úsáidtear speictream le ceadúnas nó speictream atá díolmhaithe ó cheadúnas nó meascán díobhsan, agus a fhéadfaidh úsáid a bhaint as mar chuid de líonra cumarsáide leictreonaí poiblí agus a fhéadfaidh a bheith feistithe le haeróg amháin nó níos mó gan mórán tionchair amhairc agus a thugann rochtain gan sreang don phobal ar líonraí cumarsáide leictreonaí, gan beann ar an mbuntoipeolaíocht líonra, bíodh sin móibíleach nó fosaithe;

(24) 

ciallaíonn 'líonra achair logánta raidió' nó 'RLAN' córas ísealchumhachta rochtana gan sreang, a oibríonn thar raon beag, agus a mbaineann riosca íseal leis ó thaobh cur isteach ar chórais eile den sórt sin a bhíonn in úsáid an-ghar dó ag úsáideoirí eile, agus ina n-úsáidtear, ar bhonn neamheisiach, speictream raidió comhchuibhithe;

(25) 

ciallaíonn 'speictream raidió comhchuibhithe' speictream raidió dár bunaíodh coinníollacha comhchuibhithe le haghaidh a infhaighteachta agus a úsáide éifeachtaí trí bhearta cur chun feidhme teicniúil i gcomhréir le hAirteagal 4 de Chinneadh Uimh. 676/2002/CE;

(26) 

ciallaíonn 'úsáid chomhroinnte an speictrim raidió' rochtain a bheith ag beirt úsáideoirí nó níos mó ar na bandaí speictrim raidió céanna faoi shocrú comhroinnte sainithe, arna údarú ar bhonn údarú ginearálta, cearta indibhidiúla úsáide le haghaidh speictrim raidió nó meascán díobh, lena n-áirítear cur chuige rialála amhail rochtain chomhroinnte cheadúnaithe a bhfuil mar aidhm leis éascú a dhéanamh ar chomhaontú ceangailteach na bpáirtithe go léir lena mbaineann, i gcomhréir le rialacha comhroinnte mar atá ar áireamh ina gcearta úsáide le haghaidh speictrim raidió chun go ráthófar socruithe intuartha iontaofa do gach úsáideoir, agus gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí na hiomaíochta;

(27) 

ciallaíonn 'rochtain' saoráidí nó seirbhísí a chur ar fáil do ghnóthas eile, faoi choinníollacha sainithe, ar bhonn eisiach nó neamheisiach, chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar, lena n-áirítear i gcás ina n-úsáidfear iad chun seirbhísí na sochaí faisnéise nó seirbhísí craolacháin inneachair. cuimsítear leis, inter alia: rochtain ar eilimintí líonra agus ar shaoráidí gaolmhara, lena bhféadfaidh ceangal trealaimh a bheith i gceist, trí mhodhanna fosaithe nó neamhfhosaithe (áirítear anseo go háirithe rochtain ar an lúb logánta agus ar shaoráidí agus ar sheirbhísí atá riachtanach chun seirbhísí a sholáthar thar an lúb logánta); rochtain ar an mbonneagar fisiceach lena n-áirítear foirgnimh, duchtanna agus crainn; rochtain ar chórais bogearraí ábhartha lena n-áirítear córais tacaíochta oibriúcháin; rochtain ar chórais faisnéise nó ar bhunachair sonraí maidir le réamhordú, soláthar, ordú, cothabháil agus iarrataí deisiúcháin, agus billeáil; rochtain ar aistriú uimhreach nó ar chórais lena dtairgtear feidhmiúlacht choibhéiseach; rochtain ar líonraí fosaithe agus móibíleacha, go háirithe le haghaidh fánaíochta; rochtain ar chórais rochtana coinníollaí le haghaidh seirbhísí teilifíse digití agus rochtain ar sheirbhísí líonra fhíorúil;

(28) 

ciallaíonn 'idirnascadh' cineál ar leith rochtana é an t-idirnascadh arna chur chun feidhme idir oibreoirí líonra phoiblí trí bhíthin nascadh fisiceach agus loighciúil ar líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí arna n-úsáid ag an ngnóthas céanna nó ag gnóthas éagsúil chun gur féidir le húsáideoirí gnóthais amháin cumarsáid a dhéanamh le húsáideoirí an ghnóthais chéanna nó gnóthais eile, nó rochtain a fháil ar sheirbhísí arna soláthar ag gnóthas eile i gcás ina bhféadfaidh na páirtithe bainteacha na seirbhísí a sholáthar nó féadfaidh páirtithe eile iad a sholáthar a bhfuil rochtain acu ar an líonra;

(29) 

ciallaíonn 'oibreoir' gnóthas a sholáthraíonn nó atá údaraithe líonra cumarsáide leictreonaí poiblí nó saoráid ghaolmhar a sholáthar;

(30) 

ciallaíonn 'lúb logánta' conair fhisiceach arna húsáid ag comharthaí cumarsáide leictreonaí lena gceanglaítear chríochphointe an líonra le fráma dáileacháin nó le saoráid choibhéiseach i líonra cumarsáide leictreonaí poiblí fosaithe;

(31) 

ciallaíonn 'glao' ceangal arna bhunú trí mheán seirbhíse cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí lenar féidir cumarsáid gutha déthreo;

(32) 

ciallaíonn 'seirbhís cumarsáide gutha' seirbhís cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, chun glaonna náisiúnta nó náisiúnta agus idirnáisiúnta a dhéanamh agus a fháil, bíodh sin go díreach nó go hindíreach, trí uimhir nó uimhreacha i bplean uimhrithe idirnáisiúnta;

(33) 

ciallaíonn 'uimhir gheografach' uimhir ón bplean uimhrithe náisiúnta a mbaineann suntas geografach lena struchtúr digiteach — a úsáidtear chun glaonna a ródú chuig suíomh fisiceach chríochphointe an líonra;

(34) 

ciallaíonn 'uimhir neamhgheografach' uimhir ón bplean uimhrithe náisiúnta nach uimhir gheografach í, dála uimhreacha móibíleacha, uimhreacha saorghlao agus uimhreacha ardráta;

(35) 

ciallaíonn 'seirbhís comhrá iomláin' seirbhís ilmheáin le haghaidh comhrá fíor-ama lena n-aistrítear físeán, téacs fíor-ama agus guth fíor-ama go siméadrach déthreoch idir úsáideoirí in dhá shuíomh nó níos mó i bhfíor-am;

(36) 

ciallaíonn 'pointe freagartha glaonna éigeandála' nó 'PFGE' an láthair fhisiciúil ina bhfaightear na glaonna éigeandála ar dtús, faoi fhreagracht údaráis phoiblí nó eagraíochta poiblí a n-aithníonn an Ballstát iad;

(37) 

ciallaíonn 'PFGE is iomchuí' PFGE a bhunaigh na húdaráis inniúla le glaonna éigeandála ó réimse áirithe nó glaonna éigeandála de chineál áirithe a chumhdach;

(38) 

ciallaíonn 'cumarsáid éigeandála' cumarsáid trí sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta idir an t-úsáideoir deiridh agus an PFGE a bhfuil mar aidhm léi fóirithint éigeandála a lorg ó na seirbhísí éigeandála;

(39) 

ciallaíonn 'seirbhís éigeandála' seirbhís, arna haithint amhlaidh sa Bhallstát, a chuireann cúnamh mear láithreach ar fáil i suíomhanna ina bhfuil baol díreach ann, go háirithe, do bheatha nó do cholainn an duine, nó ina bhfuil baol díreach ann ó thaobh shláinte agus shábháilteacht an phobail, nó do mhaoin phríobháideach nó phoiblí, nó don chomhshaol, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(40) 

i gcás líonra móibíleach poiblí, ciallaíonn 'faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora' sonraí ó bhonneagar líonra nó ó shás láimhe a phróiseáiltear agus a léiríonn suíomh geografach trealamh teirminéal soghluaiste úsáideora deiridh, agus i gcás líonra fosaithe poiblí, ciallaíonn sé sonraí faoi sheoladh fisiciúil an chríochphointe líonra.

(41) 

ciallaíonn 'trealamh teirminéil' trealamh teirminéil mar a shainmhínítear é i bpointe (1) d'Airteagal 1 de Threoir 2008/63/CE ón gCoimisiún ( 1 );

(42) 

ciallaíonn 'teagmhas slándála' teagmhas ar bith is cúis le héifeacht dhochrach ar shlándáil líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreaonaí.



CAIBIDIL II

Cuspóirí

Airteagal 3

Cuspóirí ginearálta

1.  

Le linn chomhlíonadh na gcúraimí rialála a shonraítear sa Treoir seo, áiritheoidh na Ballstáit go nglacfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile na bearta réasúnta go léir atá riachtanach agus comhréireach do ghnóthú na gcuspóirí a leagtar amach i mír 2. Rannchuideoidh na Ballstáit, an Coimisiún, an Grúpa um Beartas Speictream Raidió ('RSPG'), agus BEREC le gnóthú na gcuspóirí sin freisin.

Rannchuideoidh údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile, laistigh dá n-inniúlacht féin, lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme beartais a bhfuil mar aidhm leo an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, éagsúlacht chultúrtha agus theangeolaíoch a chur chun cinn, chomh maith le hiolrachas meán.

2.  

I gcomhthéacs na Treorach seo, saothróidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile mar aon le BEREC, leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit gach ceann de na cuspóirí ginearálta seo a leanas, nach liostaítear in ord tosaíochta:

(a) 

an nascacht agus an rochtain atá ag gach saoránach agus gnó de chuid an Aontais ar líonraí fíor-ardacmhainne, lena n-áirítear líonraí fosaithe, líonraí móibíleacha agus líonraí gan sreang a chur chun cinn;

(b) 

iomaíocht a chur chun cinn i soláthar líonra cumarsáide leictreonaí agus saoráidí gaolmhara, lena n-áirítear iomaíocht éifeachtach atá bunaithe ar bhonneagar, agus i soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus seirbhísí gaolmhara;

(c) 

rannchuidiú le forbairt an mhargaidh inmheánaigh ach na bacainní atá fanta a bhaint, ar bacainní iad ar infheistiú agus soláthar líonraí cumarsáide leictreonaí, seirbhísí cumarsáide leictreonaí, saoráidí agus seirbhísí gaolmhara ar fud an Aontais agus éascú a dhéanamh ar dhálaí coinbhéirseacha chuige sin, trí rialacha coiteanna agus cur chuige rialála intuartha a fhorbairt, tús áite a thabhairt d'úsáid chomhordaithe éifeachtach éifeachtúil an speictrim raidió, nuálaíocht oscailte, bunú agus forbairt líonraí tras-Eorpacha, soláthar, infhaighteacht agus idir-inoibritheacht na seirbhísí pan-Eorpacha, agus nascacht inn go hinn;

(d) 

leasanna shaoránaigh an Aontais a chur chun cinn, trí nascacht agus infhaighteacht fhorleathan agus úsáid fhorleathan líonraí fíor-ardacmhainne a áirithiú, idir líonraí fosaithe, líonraí móibíleacha agus líonraí gan sreang, chomh maith le nascacht agus infhaighteacht fhorleathan agus úsáid fhorleathan seirbhísí cumarsáide leictreonaí, trí thairbhí uasta a chumasú i dtéarmaí rogha, praghais agus cáilíochta ar bhonn iomaíocht éifeachtach, trí sheirbhísí agus líonraí slándála a chothabháil, trína áirithiú go bhfuil leibhéal comónta ardchosanta ann d'úsáideoirí deiridh trí rialacha earnáilsonracha riachtanacha agus trí dhul i ngleic leis na riachtanais, amhail praghsanna réasúnta, grúpaí sóisialta ar leith, go háirithe úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, úsáideoirí deiridh scothaosta agus úsáideoirí deiridh a bhfuil riachtanais shóisialta speisialta acu, agus trí rogha agus rochtain choibhéiseach a áirithiú d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas.

3.  
I gcás ina socraíonn an Coimisiún tagarmharcanna agus tuarascálacha ar éifeachtacht bhearta na mBallstát i dtaobh na cuspóirí dá dtagraítear i mír 2 a bhaint amach, cuideoidh na Ballstáit, na húdaráis rialála náisiúnta, BEREC agus RSPG leis an gCoimisiún, i gcás inar gá sin.
4.  

Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile, agus na cuspóirí beartais dá dtagraítear i mír 2 á saothrú acu, agus a shonraítear sa mhír seo inter alia:

(a) 

intuarthacht rialála a chur chun cinn trína áirithiú go mbíonn cur chuige rialála comhréireach ann i gcaitheamh tréimhsí iomchuí athbhreithniúcháin agus trí mheán an chomhair le chéile, le BEREC, le RSPG agus leis an gCoimisiún;

(b) 

a áirithiú nach mbeidh aon idirdhealú á dhéanamh sa bhealach ina gcaitear le soláthraithe líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, in imthosca cosúla;

(c) 

dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de a mhéid atá sé i gcomhréir le baint amach chuspóirí mhír 2;

(d) 

infheistíocht agus nuálaíocht éifeachtach a chur chun cinn i mbonneagair nua agus i mbonneagair bhreisithe, lena n-áirítear trína áirithiú go gcuirfear san áireamh go hiomchuí in aon oibleagáidí rochtana an riosca a thabhaíonn gnóthais infheistíochta agus trí chead a thabhairt go mbeadh socruithe comhoibritheacha éagsúla ann idir infheisteoirí agus páirtithe atá ag cuardach rochtana chun riosca na hinfheistíochta a éagsúlú, fad is a áirithítear go gcaomhnaítear iomaíocht sa mhargadh agus prionsabal na neamh-idirdhealaitheachta;

(e) 

aird chuí a thabhairt ar éagsúlacht na gcoinníollacha a bhaineann le bonneagar, le hiomaíocht, le cúinsí na n-úsáideoirí deiridh agus, go háirithe, na dtomhaltóirí sna limistéir gheografacha éagsúla laistigh de Bhallstát, lena n-áirítear bonneagar áitiúil á bhainistiú ag daoine nádúrtha ar bhonn gan beann ar bhrabús;

(f) 

gan oibleagáidí rialála ex ante a fhorchur ach amháin a mhéid is gá chun iomaíocht éifeachtach inbhuanaithe a áirithiú chun leas na n-úsáideoirí deiridh agus na hoibleagáidí sin a mhaolú nó a bhaint a luaithe a chomhlíonfar an coinníoll sin.

Áiritheoidh na Ballstáit go ngníomhóidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile go neamhchlaonta, go hoibiachtúil, go trédhearcach agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach.

Airteagal 4

Pleanáil straitéiseach agus comhordú beartais an speictrim raidió

1.  
Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile agus leis an gCoimisiún sa phleanáil straitéiseach, sa chomhordú agus sa chomhchuibhiú ar úsáid an speictrim raidió san Aontas i gcomhréir le beartais an Aontais maidir leis an margadh inmheánach sa chumarsáid leictreonach a bhunú agus a fheidhmiú. Chuige sin, cuirfidh siad san áireamh, inter alia, gnéithe eacnamaíochta, sábháilteachta, sláinte, leasa phoiblí, saoirse cainte, gnéithe cultúrtha, eolaíocha, sóisialta agus teicniúla de bheartais an Aontais chomh maith le leasanna éagsúla na bpobal úsáideoirí speictrim raidió, agus é mar aidhm acu úsáid an speictrim raidió a bharrfheabhsú agus trasnaíocht dhíobhálach a sheachaint.
2.  
Trí obair i gcomhar le chéile agus leis an gCoimisiún, déanfaidh na Ballstáit comhordú na gcur chuige beartais maidir leis an speictream raidió a chur chun cinn san Aontas agus, i gcás inarb iomchuí, coinníollacha comhchuibhithe maidir le hinfhaighteacht agus éifeachtacht úsáid an speictrim raidió is gá chun margadh inmheánach sa chumarsáid leictreonach a bhunú agus a fheidhmiú.
3.  

Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile agus leis an gCoimisiún, i gcomhréir le mír 1, trí bhíthin RSPG, agus ar iarraidh uathu, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle, chun tacú leis an bpleanáil agus leis an gcomhordú straitéiseach ar chur chuige beartais san Aontas maidir leis an speictream raidió, tríd an méid seo a leanas:

(a) 

dea-chleachtais a fhorbairt maidir le cúrsaí a bhaineann le speictream raidió d'fhonn an Treoir seo a chur chun feidhme;

(b) 

an comhordú idir na Ballstáit a éascú d'fhonn an Treoir seo agus dlí eile de chuid an Aontais a chur chun feidhme agus chun rannchuidiú le forbairt an mhargaidh inmheánaigh;

(c) 

a gcur chuige a chomhordú i dtaca le húsáid an speictrim raidió a shannadh agus a údarú agus tuarascálacha nó tuairimí a fhoilsiú maidir le cúrsaí a bhaineann le speictream raidió.

Beidh BEREC rannpháirteach sna saincheisteanna i dtaca lena inniúlachtaí maidir le rialáil mhargaidh agus leis an iomaíocht a bhaineann le speictream raidió.

4.  
Féadfaidh an Coimisiún, agus lánaird á tabhairt aige ar thuairim RSPG, tograí reachtacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun críche clár beartas ilbhliantúla an speictrim raidió a bhunú, lena leagtar amach na treonna agus na cuspóirí beartais le haghaidh phleanáil straitéiseach agus chomhchuibhiú úsáid an speictrim raidió i gcomhréir leis an Treoir seo, agus chun críche an speictrim raidió comhchuibhithe maidir le húsáid chomhroinnte nó maidir le húsáid nach bhfuil faoi réir cearta aonair a scaoileadh.



TEIDEAL II

LEAGAN AMACH INSTITIÚIDEACH AGUS RIALACHAS



CAIBIDIL I

Údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile

Airteagal 5

Údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile

1.  

Áiritheoidh na Ballstáit gur údarás inniúil a dhéanfaidh gach ceann de na cúraimí a leagtar síos sa Treoir seo a ghabháil de láimh.

Laistigh de raon feidhme na Treorach seo, beidh na húdaráis rialála náisiúnta freagrach as na cúraimí seo a leanas ar a laghad:

(a) 

rialáil margaidh ex ante a chur chun feidhme, lena n-áirítear ceanglais rochtana agus idirnaisc a fhorchur;

(b) 

a áirithiú go réiteofar díospóidí idir gnóthais;

(c) 

bainistiú speictrim raidió agus cinntí a dhéanamh, nó i gcás inar údarás inniúil éigin eile a dhéanann an bainistiú speictrim sin, comhairle a sholáthar i dtaobh mhúnlú an mhargaidh agus eilimintí iomaíochais de na próisis a bhaineann le cearta úsáide speictrim raidió le haghaidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí;

(d) 

rannchuidiú le cearta úsáideoirí deiridh a chosaint in earnáil na cumarsáide leictreonaí, i gcomhordú le húdaráis inniúla eile nuair is ábhartha;

(e) 

measúnú agus dlúthfhaireachán a dhéanamh ar shaincheisteanna i dtaobh mhúnlú an mhargaidh agus i dtaobh an iomaíochais, a mhéid a bhaineann le rochtain oscailte ar an idirlíon;

(f) 

measúnú a dhéanamh ar an ualach éagothrom agus an glanchostas a bhaineann le soláthar seirbhíse uilíche a ríomh;

(g) 

inaistritheacht uimhreacha idir soláthraithe a áirithiú;

(h) 

aon chúram eile a dhéanamh a shanntar do na húdaráis rialála náisiúnta leis an Treoir seo.

Féadfaidh na Ballstáit cúraimí eile dá bhforáiltear sa Treoir seo agus i ndlíthe eile de chuid an Aontais a shannadh do na húdaráis rialála náisiúnta, go háirithe na cúraimí sin a bhaineann le hiomaíochas margaidh nó le dul isteach sa mhargadh amhail údarú ginearálta, agus iad sin a bhaineann le cúram ar bith a leagtar ar BEREC. I gcásanna ina sanntar na cúraimí a bhaineann le hiomaíochas margaidh nó le dul isteach sa mhargadh ar údaráis inniúla eile, rachaidhsiad i gcomhairle leis an údarás rialála náisiúnta sula ndéanfar cinneadh. Ar mhaithe le cuidiú le BEREC leis na cúraimí atá air, beidh na húdaráis rialála náisiúnta i dteideal na sonraí is gá agus faisnéis eile a bhailiú ó rannpháirtithe an mhargaidh.

Féadfaidh na Ballstáit cúraimí eile a shannadh do na húdaráis rialála náisiúnta ar bhonn an dlí náisiúnta, lena n-áirítear dlí náisiúnta lena gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme.

Áiritheoidh na Ballstáit cobhsaíocht inniúlachtaí na n-údarás rialála náisiúnta agus an Treoir seo á trasuí acu a mhéid a bhaineann le sannadh na gcúraimí a eascraíonn as an gcreat rialála an Aontais maidir le cumarsáid leictreonach, arna leasú in 2009.

2.  
Rachaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla ón mBallstát céanna nó ó Bhallstáit éagsúla, nuair is gá, i mbun socruithe comhair le chéile chun comhar rialála a chothú.
3.  
Foilseoidh na Ballstáit na cúraimí atá le gabháil de láimh ag na húdaráis rialála náisiúnta agus ag údaráis inniúla eile i bhfoirm inrochtana, go háirithe i gcás ina sannfar na cúraimí sin do níos mó ná comhlacht amháin. I gcás inarb iomchuí, áiritheoidh na Ballstáit comhairliúcháin agus comhar maidir le cúrsaí leasa choitinn idir na húdaráis sin, agus idir na húdaráis sin agus na húdaráis náisiúnta a gcuirtear de chúram orthu dlí na hiomaíochta a chur chun feidhme nó dlí tomhaltais a chur chun feidhme. I gcás ina bhfuil an inniúlacht ag níos mó ná údarás amháin aghaidh a thabhairt ar na hábhair sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseofar cúraimí gach údaráis faoi seach i bhfoirm inrochtana.
4.  
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, do na húdaráis rialála náisiúnta uile agus d'údaráis inniúla eile a sanntar cúraimí dóibh faoin Treoir seo, chomh maith le freagrachtaí na n-údarás sin faoi seach, agus aon athrú a dhéanfaí orthu.

Airteagal 6

Neamhspleáchas údarás rialála náisiúnta agus údarás inniúil eile

1.  
Rathóidh na Ballstáit neamhspleáchas údarás rialála náisiúnta agus údarás inniúil eile trína áirithiú go bhfuil siad leithleach go dlíthiúil ar aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach a sholáthraíonn líonraí, trealamh nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus go bhfuil siad neamhspleách go feidhmiúil ar na daoine sin. Na Ballstáit a choimeádann úinéireacht nó ceannas ar ghnóthais a sholáthraíonn líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí, áiritheoidh siad deighilt struchtúrach idir an fheidhm rialála agus na gníomhaíochtaí a bhaineann le húinéireacht nó le ceannas.
2.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfeidhmeoidh na húdaráis náisiúnta rialála a gcuid cumhachtaí ar bhealach neamhchlaonta, trédhearcach agus tráthúil. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh acmhainní teicniúla, airgeadais agus daonna leormhaithe acu chun na cúraimí a shanntar dóibh a chur i gcrích.

Airteagal 7

Comhaltaí de chuid na n-údarás rialála náisiúnta a cheapadh nó a bhriseadh as a bpost

1.  
Maidir le ceannaire údaráis rialála náisiúnta, nó, i gcás inarb infheidhme, comhaltaí den chomhlacht coláisteach a chomhlíonann an fheidhm sin laistigh d'údarás rialála náisiúnta nó a n-ionadaithe, ceapfar iad do thréimhse oifige trí bliana ar a laghad as measc grúpa daoine a bhfuil seasamh aitheanta agus taithí phroifisiúnta acu, agus déanfar an ceapachán sin ar bhonn tuillteanais, scileanna, eolais agus taithí agus i ndiaidh nós imeachta roghnúcháin oscailte trédhearcach. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh leanúnachas ann maidir le cinntí a ghlacadh.
2.  
Áiritheoidh Ballstáit nach bhféadfar ceannaire ar údarás rialála náisiúnta, nó, nuair is infheidhme, comhaltaí den chomhlacht coláisteach a chomhlíonann an fheidhm sin laistigh d'údarás rialála náisiúnta, nó, a n-ionadaithe, a bhriseadh as a bpost ach amháin i gcás nach gcomhlíonann siad a thuilleadh na coinníollacha sin atá riachtanach chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh, ar dualgais iad a leagtar síos sa dlí náisiúnta sula gceapfar iad.
3.  
I gcás ina ndéanfar cinneadh ceannaire údaráis rialála náisiúnta, nó, i gcás inarb infheidhme, comhaltaí den chomhlacht coláisteach a chomhlíonann an fheidhm sin, a bhriseadh as a bpost, poibleofar an cinneadh sin tráth a mbristear iad as a bpost. An ceannaire údaráis rialála náisiúnta sin, nó, i gcás inarb infheidhme, comhaltaí den chomhlacht coláisteach a chomhlíonann an fheidhm sin, ar briseadh é nó iad as a bpost, gheobhaidh siad ráiteas ar na cúiseanna. I gcás nach bhfoilseofar an ráiteas ar na cúiseanna, foilseofar é, arna iarraidh don duine sin. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an cinneadh sin faoi réir athbhreithniú ag cúirt, ar phoncanna fíricí chomh maith le poncanna dlí.

Airteagal 8

Neamhspleáchas polaitiúil agus cuntasacht na n-údarás rialála náisiúnta

1.  
Gan dochar d'Airteagal 10, gníomhóidh na húdaráis rialála náisiúnta go neamhspleách agus go hoibiachtúil, lena n-áirítear agus nósanna imeachta inmheánacha á bhforbairt agus an fhoireann á heagrú, agus gníomhóidh siad go trédhearcach agus go cuntasach i gcomhréir le dlí an Aontais, agus ní dhéanfaidh siad treoracha a lorg nó a ghlacadh ó aon chomhlacht eile maidir le feidhmiú na gcúraimí a shanntar dóibh faoin dlí náisiúnta lena gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme. Ní chuirfear cosc leis sin ar mhaoirseacht i gcomhréir leis an dlí bunreachtúil náisiúnta. Is ag comhlachtaí achomhairc arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 31 a bheidh an chumhacht cinntí ó na húdaráis rialála náisiúnta a fhionraí nó a aisiompú, agus ag na comhlachtaí sin amháin.
2.  
Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta tuarascáil bhliantúil inter alia faoi staid an mhargaidh cumarsáide leictreonaí, faoi na cinntí a eisíonn siad, faoina n-acmhainní daonna agus airgeadais agus faoin leithdháileadh orthu sin, agus faoi phleananna amach anseo. Cuirfear a dtuarascálacha ar fáil go poiblí.

Airteagal 9

Inniúlacht rialála na n-údarás rialála náisiúnta

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil buiséid bhliantúla ar leithligh ag na húdaráis rialála náisiúnta agus go bhfuil neamhspleáchas acu maidir leis an mbuiséad arna leithdháileadh a chur chun feidhme. Cuirfear na buiséid sin in iúl don phobal.
2.  
Gan dochar don oibleagáid chun a áirithiú go bhfuil acmhainní airgeadais agus daonna leordhóthanacha ag na húdaráis rialála náisiúnta leis na cúraimí a shanntar dóibh a chur i gcrích, ní chuirfear cosc ar mhaoirseoireacht ná ar rialú leis an neamhspleáchas airgeadais i gcomhréir leis an dlí bunreachtúil náisiúnta. Aon rialú ar bhuiséad na n-údarás rialála náisiúnta, feidhmeofar i mbealach trédhearcach é agus cuirfear in iúl don phobal é.
3.  
Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbeidh acmhainní airgeadais agus acmhainní daonna leormhaithe ag na húdaráis rialála náisiúnta chun páirt ghníomhach a ghlacadh in BEREC agus chun rannchuidiú leis.

Airteagal 10

Rannpháirtíocht na n-údarás rialála náisiúnta in BEREC

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta faoi seach tacaíocht ghníomhach d'aidhmeanna BEREC maidir le comhordú agus comhsheasmhach níos fearr ó thaobh na rialála de a chur chun cinn.
2.  
Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta lánaird ar na treoirlínte, ar na tuairimí, ar na moltaí, ar na comhsheasaimh, ar na dea-chleachtais agus ar na modheolaíochtaí arna nglacadh ag BEREC nuair a bheidh a gcinntí féin maidir lena margaí náisiúnta féin á nglacadh acu.

Airteagal 11

Comhar leis na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha

Maidir leis an bhfaisnéis is gá chun an Treoir seo a chur i bhfeidhm, déanfaidh údaráis rialála náisiúnta, údaráis inniúla eile faoin Treoir seo, agus údaráis iomaíochta náisiúnta í a sholáthar dá chéile. Beidh feidhm le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí i leith na faisnéise a mhalartaítear, agus áiritheoidh an t-údarás faighteora an leibhéal céanna rúndachta agus a bhí ag an údarás tionscnaimh.



CAIBIDIL II

Oibleagáidí ginearálta



Roinn 1

An chuid ghinearálta

Airteagal 12

Údarú ginearálta líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit an tsaoirse chun líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa Treoir seo. Chun na críche sin, ní chuirfidh Ballstát bac le gnóthas líonraí ná seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar, ach amháin i gcás ina bhfuil gá leis sin mar gheall ar na cúiseanna a leagtar amach in Airteagal 52(1) CFAE. Beidh réasúnú cuí ag gabháil le haon srian leis an tsaoirse chun líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar agus tabharfar fógra faoi don Choimisiún.
2.  
Gan dochar do na hoibleagáidí sainiúla dá dtagraítear in Airteagal 13(2) ná do na cearta úsáide dá dtagraítear in Airteagal 46 agus in Airteagal 94, féadfaidh údarú ginearálta a bheith faoi réir soláthar líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí seachas seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir, agus faoina réir sin amháin.
3.  

I gcás ina measann Ballstát go bhfuil údar maith le ceanglas maidir le fógra a thabhairt i gcás gnóthas atá faoi réir údarú ginearálta, féadfaidh an Ballstát sin ceangal a chur ar na gnóthais sin fógra a chur faoi bhráid an údaráis inniúil nó an údaráis inniúil eile. Ní éileoidh an Ballstát ceangal a chur ar ghnóthais den sórt sin cinneadh sainráite a fháil ná aon ghníomh riaracháin eile de chuid údaráis den sórt sin ná údarás ar bith eile sula ndéanfaidh sé na cearta a eascraíonn as an údarú ginearálta a fheidhmiú.

Nuair a thugtar fógra, nuair a éilítear sin, féadfaidh gnóthas tús a chur le gníomhaíocht, nuair is gá faoi réir na bhforálacha maidir le cearta úsáide faoin Treoir seo.

4.  

Ní bheidh san fhógra dá dtagraítear i mír 3 ach dearbhú don údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile ó dhuine nádúrtha nó ó dhuine dlítheanach maidir leis an rún chun tús a chur le soláthar líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus tarchur na faisnéise íosta is gá le cur ar chumas BEREC agus an údaráis sin clár nó liosta de sholáthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a choinneáil. Beidh an fhaisnéis sin teoranta don mhéid seo a leanas:

(a) 

ainm an tsoláthróra;

(b) 

stádas dlíthiúil, foirm dhlíthiúil agus uimhir chláraithe an tsoláthróra, nuair atá an soláthraí cláraithe ar chlár trádála nó ar chlár cosúil poiblí eile san Aontas;

(c) 

seoladh geografach phríomhbhunaíocht an tsoláthróra san Aontas, i gcás inarb infheidhme, agus seoladh geografach aon bhrainse thánaistigh i mBallstát, i gcás inarb ann dó;

(d) 

suíomh gréasáin an tsoláthróra, i gcás inarb infheidhme, a bhaineann le soláthar líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí;

(e) 

teagmhálaí agus sonraí teagmhála;

(f) 

tuairisc ghearr ar na líonraí nó ar na seirbhísí a bhfuil sé beartaithe iad a chur ar fáil;

(g) 

na Ballstáit lena mbaineann; agus

(h) 

dáta measta le tús a chur leis an ngníomhaíocht.

Ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon cheanglais fógra bhreise ná leithleacha.

D'fhonn comhchuibhiú ar na ceanglais maidir le fógra a thabhairt a chur chun cinn, foilseoidh BEREC treoirlínte maidir leis an teimpléad d'fhógraí, agus coinneoidh sé ar bun bunachar sonraí de chuid an Aontais ina gcuirfear fógraí arna dtarchur chuig na húdaráis inniúla. Chuige sin, seolfaidh na húdaráis go BEREC, go leictreonach agus gan aon rómhoill, gach fógra a gheofar. I dtaca le fógraí a thabharfar do na húdaráis inniúla faoin 21 Nollaig 2020 seolfar ar aghaidh iad chuig BEREC go dtí 21 Nollaig 2021.

Airteagal 13

Coinníollacha a bhaineann leis an údarú ginearálta agus leis na cearta úsáide do speictream raidió agus d'acmhainní uimhrithe, agus oibleagáidí sainiúla

1.  
Maidir leis an údarú ginearálta chun líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí, cearta úsáide do speictream raidió agus cearta úsáide d'achmhainní uimhrithe a sholáthar, féadfaidh sé a bheith faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, agus fúthu sin amháin. Beidh na coinníollacha sin neamh-idirdhealaitheach, comhréireach agus trédhearcach. I gcás na gceart úsáide do speictream raidió, áiritheoidh coinníollacha den sórt sin go mbainfear leas éifeachtach éifeachtúil as an speictream raidió agus beidh siad i gcomhréir le hAirteagal 45 agus le hAirteagal 51, agus i gcás na gceart úsáide d'achmhainní uimhrithe, beidh siad i gcomhréir le hAirteagal 94.
2.  
Maidir le hoibleagáidí sainiúla a fhéadfar a fhorchur ar ghnóthais a sholáthraíonn líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí faoi Airteagal 61(1) agus (5), agus Airteagail 62, 68 agus 83 nó a fhéadfar a chur orthu siúd a ainmnítear chun seirbhís uilíoch a sholáthar faoin Treoir seo, beidh na hoibleagáidí sin scartha go dlíthiúil ó na cearta agus na hoibleagáidí faoin údarú ginearálta. Chun trédhearcacht a bhaint amach, déanfar tagairt san údarú ginearálta do na critéir agus do na nósanna imeachta chun na hoibleagáidí sainiúla sin a fhorchur ar ghnóthais aonair.
3.  
Ní bheidh san údarú ginearálta ach coinníollacha ar coinníollacha sainiúla iad don earnáil sin agus a leagtar amach i gCuid A, i gCuid B agus i gCuid C d'Iarscríbhinn I agus nach dúbláil iad ar choinníollacha is infheidhme ar ghnóthais de bharr dlí náisiúnta eile.
4.  
Ní dhéanfaidh na Ballstáit dúbláil ar choinníollacha an údaraithe ghinearálta i gcás ina ndeonóidh siad ceart úsáide do speictream raidió nó d'achmhainní uimhrithe.

Airteagal 14

Dearbhuithe lena n-éascaítear feidhmiú na gceart chun saoráidí a shuiteáil agus feidhmiú na gceart idirnaisc

Déanfaidh na húdaráis inniúla, laistigh de sheachtain amháin arna iarraidh sin ag gnóthas, dearbhuithe caighdeánaithe a eisiúint ina ndeimhnítear, i gcás inarb iomchuí, go bhfuil fógra tarchurtha ag an ngnóthas faoi Airteagal 12(3). Sna dearbhuithe sin tugfar sonraí maidir leis na tosca faoina bhfuil an ceart ag aon ghnóthas a sholáthraíonn líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí faoin údarú ginearálta chun iarratas a dhéanamh ar chearta chun saoráidí a shuiteáil, chun caibidlíocht a dhéanamh faoi idirnascadh, agus chun rochtain nó idirnascadh a fháil d'fhonn feidhmiú na gceart sin a éascú mar shampla ar leibhéil eile rialtais nó i ndáil le gnóthais eile. I gcás inarb iomchuí, féadfar na dearbhuithe sin a eisiamh mar fhreagra uathoibríoch tar éis an fógra dá dtagraítear in Airteagal 12(3) a thabhairt.



Roinn 2

Cearta agus oibleagáidí a bhaineann leis an údarú ginearálta

Airteagal 15

Liosta de na cearta íosta ón údarú ginearálta

1.  

Beidh na cearta seo a leanas ag gnóthais faoi réir údarú ginearálta de bhun Airteagal 12:

(a) 

líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar;

(b) 

gur i gcomhréir le hAirteagal 43 a mheasfar a n-iarratas ar na cearta is gá chun saoráidí a shuiteáil;

(c) 

speictrim raidió a úsáid maidir le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí faoi réir Airteagal 13, Airteagal 46 agus Airteagal 55;

(d) 

gur i gcomhréir le hAirteagal 94 a mheasfar a n-iarratas ar na cearta úsáide is gá d'acmhainní uimhrithe.

2.  

I gcás ina soláthraíonn na gnóthais sin líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí don phobal, tabharfar leis an údarú ginearálta an ceart dóibh:

(a) 

caibidlíocht a dhéanamh faoi idirnascadh le soláthraithe eile líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí poiblí a chumhdaítear le húdarú ginearálta san Aontas agus, i gcás inarb infheidhme, idirnascadh a fháil uathu, i gcomhréir leis an Treoir seo;

(b) 

go dtabharfar deis dóibh go n-ainmneofar iad chun gnéithe éagsúla den seirbhís uilíoch a sholáthar nó codanna éagsúla den chríoch náisiúnta a chumhdach i gcomhréir le hAirteagal 86 nó le hAirteagal 87.

Airteagal 16

Muirir riaracháin

1.  

Maidir le haon mhuirir riaracháin a fhorchuirtear arghnóthais a sholáthraíonn líonra nó seirbhís cumarsáide leictreonaí faoin údarú ginearálta nó ar ghnóthais ar deonaíodh ceart úsáide dóibh:

(a) 

san iomlán, ní chumhdófar leis na muirir sin ach na costais riaracháin a thabhaítear i mbainistiú, i rialú agus i bhfeidhmiú an chórais um an údarú ginearálta agus i bhfeidhmiú na gceart úsáide agus na n-oibleagáidí sainiúla dá dtagraítear in Airteagal 13(2), a bhféadfar a bheith ar áireamh ann costais do chomhar idirnáisiúnta, comhchuibhiú agus caighdeánú, anailís sa mhargadh, faireachán ar chomhlíonadh agus rialú eile sa mhargadh, chomh maith le hobair rialála lena ngabhann reachtaíocht thánaisteach agus cinntí riaracháin a ullmhú agus a fhorfheidhmiú, amhail cinntí ar rochtain agus ar idirnascadh; agus

(b) 

déanfar iad a fhorchur ar ghnóthais aonair ar bhealach oibiachtúil, trédhearcach agus comhréireach ina n-íoslaghdófar costais bhreise riaracháin agus muirir ghaolmhara.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan muirir riaracháin a chur i bhfeidhm ar ghnóthais a bhfuil a láimhdeachas faoi bhun tairseach áirithe nó nach sroicheann a gcuid gníomhaíochtaí íos-staid sa mhargadh, nó a bhfuil raon feidhme críochach an-teoranta acu.

2.  
I gcás ina ndéanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile muirir riaracháin a fhorchur, foilseoidh siad forléargas bliantúil ar a gcuid costas riaracháin agus ar shuim iomlán na muirear a bailíodh. Déanfar coigeartuithe iomchuí i gcás ina mbeidh difríocht idir suim iomlán na muirear agus suim iomlán na gcostas riaracháin.

Airteagal 17

Deighilt cuntasaíochta agus tuarascálacha airgeadais

1.  

Maidir le gnóthais a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí agus ar gnóthais iad a bhfuil cearta speisialta nó eisiacha acu chun seirbhísí a sholáthar in earnálacha eile sa Bhallstát céanna nó i mBallstát eile, cuirfidh na Ballstáit ceangal orthu an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

cuntais ar leithligh a choimeád ar na gníomhaíochtaí a bhaineann le soláthar líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí, oiread ba ghá dá mba eintitis atá neamhspleách go dlíthiúil a chuirfeadh na gníomhaíochtaí sin i gcrích, chun na gnéithe uile den chostas agus den ioncam a shainaithint, chomh maith leis an mbonn a bhí lena ríomh agus leis na modhanna leathdháiliúcháin a úsáideadh, a bhaineann legníomhaíochtaí den sórt sin lena n-áirítear miondealú mionsonraithe ar chostais sócmhainní dochta agus ar chostais struchtúracha; nó

(b) 

deighilt struchtúrtach a bheith acu do na gníomhaíochtaí a bhaineann le soláthar líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí.

Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan na ceanglais dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm ar ghnóthais ar lú ná EUR 50 milliún a láimhdeachas bliantúil i ngníomhaíochtaí a bhaineann le líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí san Aontas.

2.  

Maidir le gnóthais a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, i gcás nach bhfuil siad faoi réir cheanglais dhlí na gcuideachtaí agus nach gcomhlíonann siad critéir na bhfiontar beag agus meánmhéide sna rialacha cuntasaíochta i ndlí an Aontais, déanfar a dtuarascálacha a ullmhú, a chur faoi iniúchadh neamhspleách agus a fhoilsiú. Cuirfear an t-iniúchadh i gcrích i gcomhréir leis na rialacha ábhartha Aontais agus náisiúnta.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo freisin maidir leis na cuntais ar leithligh a cheanglaítear faoi phointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1.



Roinn 3

Leasú agus tarraingt siar

Airteagal 18

Cearta agus oibleagáidí a leasú

1.  
Maidir leis na cearta, na coinníollacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le húdaruithe ginearálta agus cearta úsáide do speictream raidió nó d'acmhainní uimhrithe nó cearta chun saoráidí a shuiteáil, áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfar iad a leasú ach amháin i gcásanna a bhfuil bonn cirt oibiachtúil leo agus ina ndéanfar an leasú ar bhealach comhréireach, agus na coinníollacha sainiúla is infheidhme do chearta úsáide inaistrithe do speictream raidió nó d'acmhainní uimhrithe á gcur san áireamh, i gcás inarb iomchuí.
2.  

Ach amháin i gcás inar mionleasuithe iad na leasuithe atá á mbeartú, agus inar aontaíodh iad le sealbhóir na gceart nó sealbhóir an údaraithe ghinearálta, tabharfar fógra ar bhealach iomchuí faoin rún chun na leasuithe sin a dhéanamh.Tabharfar tréimhse ama leordhóthanach do pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear úsáideoirí agus tomhaltóirí, chun a dtuairimí a chur in iúl maidir leis na leasuithe atá á mbeartú. Ní bheidh an tréimhse sin níos gairide ná ceithre seachtaine ach amháin i gcásanna eisceachtúla.

Foilseofar leasuithe mar aon leis na cúiseanna atá leis.

Airteagal 19

Cearta a shrianadh nó a tharraingt siar

1.  
Gan dochar d'Airteagal 30(5) agus (6), ní dhéanfaidh na Ballstáit cearta chun saoráidí a shuiteáil ná cearta úsáide do speictream raidió nó d'acmhainní uimhrithe a ullmhú ná a shrianadh roimh dhul in éag na tréimhse ar deonaíodh iad lena n-aghaidh ach amháin i gcás ina bhfuil údar maith leis i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo agus i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hIarscríbhinn I agus leis na forálacha náisiúnta maidir le cúiteamh ar tharraingt siar na gceart.
2.  
I gcomhréir leis an ngá le húsáid éifeachtach agus éifeachtúil do speictream raidió a áirithiú nó le cur chun feidhme na mbeart cur chun feidhme teicniúil arna nglacadh faoi Airteagal 4 de Chinneadh Uimh. 676/2002/CE a áirithiú, féadfaidh na Ballstáit a cheadú go gcuirfear srian le cearta úsáide do speictream raidió nó go dtarraingeofar siar iad, lena n-áirítear na cearta dá dtagraítear in Airteagal 49 den Treoir seo, bunaithe ar nósanna imeachta réamhbhunaithe agus sainithe go soiléir, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus le prionsabal an neamh-idirdhealaithe. I gcásanna den sort sin, féadfar sealbhóirí na gceart sin, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis na forálacha ábhartha náisiúnta, a chúiteamh mar is iomchuí.
3.  
Maidir le modhnú ar úsáid speictrim raidió mar gheall ar chur i bhfeidhm Airteagal 45(4) nó (5), ní údar maith a bheidh ann chun an ceart úsáide do speictream raidió a tharraingt siar.
4.  
Beidh aon rún chun cearta faoin údarú ginearálta nó cearta úsáide aonair do speictream raidió nó d'acmhainní uimhrithe a shrianadh nó a tharraingt siar gan toiliú ó shealbhóir na gceart faoi réir comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 23.



CAIBIDIL III

Faisnéis, suirbhéanna agus an sásra comhairliúcháin a sholáthar

Airteagal 20

Iarraidh ar fhaisnéis chuig gnóthais

1.  

Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh gnóthais a sholáthraíonn líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, saoráidí gaolmhara, nó seirbhísí gaolmhara, gach faisnéis, lena n-áirítear faisnéis airgeadais, atá de dhíth ó na húdaráis rialála náisiúnta nó ó údaráis inniúla eile agus ó BEREC chun comhréireacht le forálacha na Treorach seo, nó le cinntí, nó le tuairimí a glactar i gcomhréir leis an Treoir seo agus le Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ), a áirithiú. Go háirithe, beidh an chumhacht ag na húdaráis rialála náisiúnta agus, más gá chun na cúraimí atá orthu a chomhlíonadh, beidh an chumhacht freisin ag údaráis inniúla eile chun a cheangal ar na gnóthais sin go gcuirfí isteach an fhaisnéis a bhaineann le forbairtí líonraí nó seirbhísí amach anseo a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar na seirbhísí mórdhíola a chuireann siad ar fáil d'iomaitheoirí, agus beidh an chumhacht acu an ceangal céanna a chur ar fhaisnéis faoi líonraí cumarsáide leictreonaí agus saoráidí gaolmhara arna n-imdhealú ar an leibhéal áitiúil, ar faisnéis í a bhfuil dóthain sonraí inti chun go bhféadfaí an suirbhé geografach a dhéanamh agus limistéir a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 22.

I gcás nach leor an fhaisnéis a bhailítear i gcomhréir leis an gcéad fhomhír le go bhféadfadh na húdaráis rialála náisiúnta, údaráis inniúla eile agus BEREC na cúraimí rialála atá orthu faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, féadfaidh gnóthais ábhartha eile an fhaisnéis sin a iarraidh, ar gnóthais iad atá gníomhach in earnáil na cumarsáide leictreonaí nó in earnálacha eile a bhfuil dlúthbhaint acu léi.

Féadfar a cheangal ar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach margaidh acu ar mhargaí mórdhíola sonraí cuntasaíochta a sholáthar freisin maidir leis na margaí miondíola a bhaineann leis na margaí mórdhíola sin.

Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile faisnéis a iarraidh ó na pointí aonair faisnéise arna mbunú i gcomhréir le Treoir 2014/61/AE.

Beidh aon iarraidh ar fhaisnéis comhréireach le feidhmiú an chúraim agus beidh sé réasúnaithe

Soláthróidh gnóthais an fhaisnéis sin arna iarraidh gan mhoill agus cloífidh siad leis na hamscálaí agus leis an leibhéal sonraí atá de dhíth.

2.  

Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile, tar éis iarraidh réasúnaithe a fháil, an fhaisnéis ar fad don Choimisiún atá de dhíth uaidh chun a chuid cúraimí a chur i gcrích faoin CFAE. Beidh an fhaisnéis arna hiarraidh ag an gCoimisiún i gcomhréir le feidhmiú na gcúraimí sin. I gcás ina dtagróidh an fhaisnéis d'fhaisnéis arna soláthar ag na gnóthais cheana féin, ar iarraidh ón údarás, cuirfear na gnóthais sin ar an eolas ina thaobh sin. A mhéid is gá, agus mura bhfuil iarraidh soiléir agus réasúnaithe ina choinne curtha isteach ag an údarás a sholáthraíonn an fhaisnéis, cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis arna soláthar ar fáil d'údarás eile den sórt sin i mBallstát eile.

Faoi réir cheanglais mhír 3, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir an fhaisnéis arna tarchur chuig údarás amháin a chur ar fáil d'údarás eile den sórt sin sa Bhallstát céanna nó i mBallstát eile agus do BEREC, tar éis iarraidh réasúnaithe, i gcás ina bhfuil gá leis chun a cheadú do BEREC nó don údarás a chuid dualgas a chomhlíonadh faoi dhlí an Aontais.

3.  
I gcás ina measfaidh údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile gur faisnéis rúnda atá i gceist le faisnéis arna bailiú de bhun mhír 1 i gcomhréir le rialacha an Aontais agus le rialacha náisiúnta maidir le rúndacht gnó, lena n-áirítear faisnéis a bailíodh i gcomhthéacs suirbhé geografaigh, déanfaidh an Coimisiún, BEREC agus aon údarás inniúil eile lena mbaineann an rúndacht sin a áirithiú. Ní chuirfidh rúndacht gnó den sórt sin cosc ar chomhroinnt faisnéise idir an t-údarás inniúil náisiúnta, an Coimisiún, BEREC agus aon údarás inniúil eile lena mbaineann ar mhodh tráthúil chun athbhreithniú, faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
4.  
Áiritheoidh na Ballstáit, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta maidir le rochtain ar fhaisnéis agus faoi réir dhlí an Aontais agus faoi réir na rialacha náisiúnta maidir le rúndacht gnó agus cosaint sonraí pearsanta, go ndéanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus udaráis inniúla eile faisnéis a fhoilsiú a rannchuideodh le margadh oscailte agus iomaíoch.
5.  
Foilseoidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile na téarmaí a bhaineann le rochtain phoiblí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4, lena n-áirítear na nósanna imeachta maidir leis an rochtain sin a fháil.

Airteagal 21

Faisnéis a cheanglaítear maidir leis an údarú ginearálta, cearta úsáide agus oibleagáidí sainiúla

1.  

Gan dochar d'fhaisnéis ar bith a iarrtar de bhun Airteagal 20 ná do na hoibleagáidí faisnéise agus tuairiscithe faoin dlí náisiúnta seachas an t-údarú ginearálta, féadfaidh údaráis rialála agus údaráis inniúla eile a cheangal ar ghnóthais faisnéis a sholáthar maidir leis an údarú ginearálta, na cearta úsáide nó oibleagáidí sainiúla dá dtagraítear in Airteagal 13(2), ar faisnéis í atá comhréireach agus a bhfuil údar léi chun na gcríoch seo a leanas go háirithe:

(a) 

fíorú córasach nó fíorú ar bhonn cás ar chás go gcomhlíontar coinníoll 1 de Chuid A, coinníoll 2 agus coinníoll 6 de Chuid D agus coinníoll 2 agus coinníoll 7 de Chuid E d'Iarscríbhinn I agus fíorú go gcomhlíontar na n-oibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 13(2);

(b) 

fíorú ar bhonn cás ar chás go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I i gcás ina bhfuarthas gearán nó i gcás ina bhfuil cúiseanna eile ag an údarás inniúil lena chreidiúint nach bhfuil an coinníoll á chomhlíonadh nó i gcás imscrúdú ag an údarás inniúil ar a thionscnamh féin;

(c) 

nósanna imeachta a chur i gcrích chun iarrataí ar chearta úsáide a dheonú, agus chun na hiarrataí sin a mheasúnú;

(d) 

forléargais chomparáideacha ar chaighdeán agus ar chostas seirbhísí a fhoilsiú chun leasa tomhaltóirí;

(e) 

staidrimh, tuarascálacha nó staidéar, arna sainiú go soiléir a chomhthiomsú;

(f) 

anailís ar an margadh a chur i gcrích chun críocha na Treorach seo, lena n-áirítear sonraí faoi na margaí iartheachtacha nó na margaí miondíola atá gaolmhar nó bainteach leis na margaí atá faoi réir na hanailíse ar an margadh;

(g) 

úsáid éifeachtúil a chaomhnú agus bainistiú éifeachtach a áirithiú maidir le speictream raidió agus acmhainní uimhriúcháin;

(h) 

measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí líonraí nó seirbhísí amach anseo a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar sheirbhísí mórdhíola a chuirtear ar fáil d'iomaitheoirí, ar an gcumhdach críochach, ar an idirnascadh a bheidh ar fáil d'úsáideoirí deiridh nó ar limistéir a ainmniú de bhun Airteagal 22;

(i) 

suirbhéanna geografacha a dhéanamh;

(j) 

freagra a thabhairt ar iarrataí réasúnaithe ar fhaisnéis ó BEREC.

Ní theastóidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) agus (d) go (j) den chéad fhomhír, sula bhfaightear rochtain ar an margadh ná mar réamhchoinníoll leis an rochtain sin.

Féadfaidh BEREC teimpléad a fhorbairt le haghaidh iarrataí ar fhaisnéis i gcás inar gá sin ionas gur féidir an fhaisnéis a fhaightear a chur i láthair ar bhealach comhdhlúite agus ionas gur féidir anailís a dhéanamh uirthi ar bhealach comhdhlúite freisin.

2.  
Maidir leis na cearta úsáide do speictream raidió, déanfar tagairt san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 go háirithe d'úsáid éifeachtach agus éifeachtúil speictrim raidió chomh maith leis na hoibleagáidí maidir le h aon chumhdach agus le h aon chaighdeán seirbhíse a ghabhann le cearta úsáide do speictream raidió agus le fíorú na gceart sin a bheith á gcomhlíonadh.
3.  
I gcás ina gceanglóidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile ar ghnóthais faisnéis a sholáthar dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh na húdaráis sin na gnóthais ar an eolas maidir leis an gcuspóir sonrach a n-úsáidfear an fhaisnéis sin lena aghaidh.
4.  
Ní dhéanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ná údaráis inniúla eile dúbláil ar iarratais faisnéise arna ndéanamh cheana ag BEREC de bhun Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2018/1971 i gcás ina gcuireann BEREC an fhaisnéis a fuarthas ar fáil do na húdaráis sin.

Airteagal 22

Suirbhéanna geografacha ar chur in úsáid líonraí

1.  

Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus/nó údaráis inniúla eile suirbhé geografach ar raon na líonraí cumarsáide leictreonaí a bhfuil an cumas acu leathanbhanda ('líonraí leathanbhanda') a sholáthar, faoin 21 Nollaig 2023 agus déanfar í a nuashonrú gach trí bliana ina dhiaidh sin ar a laghad.

Áiritheofar sa suirbhé geografach suirbhé ar raon reatha geografach na líonraí leathanbhanda laistigh dá gcríoch, mar is gá do chúraimí údaráis rialála náisiúnta agus/nó údaráis inniúla eile faoin Treoir seo agus do na suirbhéanna is gá chun rialacha maidir le cúnamh stáit a chur i bhfeidhm.

Is ceadmhach a áireamh ar an suirbhé geografach réamhaisnéis le haghaidh tréimhse a chinnfidh an t-údarás ábhartha maidir le raon na líonraí leathanbhanda, lena n-áirítear líonraí fíor-ardacmhainne laistigh dá gcríoch.

Beidh sa réamhaisnéis sin an fhaisnéis uile is ábhartha, lena n-áirítear faisnéis maidir le himscarthaí ata á mbeartú ag aon ghnóthas nó ag aon údarás poiblí, líonraí fíor-ardacmhainne nó uasghráduithe suntasacha ar líonraí leathanbhanda oidhreachta, nó síntí ar na líonraí sin go dtí luas íoslódála 100 Mbps ar a laghad. Chuige sin, iarrfaidh na húdaráis rialála agus/nó údaráis inniúla eile ar ghnóthais agus ar údaráis phoiblí faisnéis den sórt sin a sholáthar a mhéid is in-fhála sin agus is féidir a chur ar fáil ar bheagán dua.

Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta cinneadh, i dtaca leis na cúraimí a shanntar dó go sonrach faoin Treoir seo, maidir lena mhéid is iomchuí brath ar iomlán na faisnéise sin nó ar chuid di — arna bailiú mar chuid den réamhaisnéis sin.

I gcás nach é an t-údarás rialála náisiúnta a dhéanfaidh an suirbhé geografach, déanfar é i ndlúthchomhar leis an údarás sin a mhéid is ábhartha chun na cúraimí atá air a chomhlíonadh.

Beidh leibhéal iomchuí sonraí áitiúla san fhaisnéis a bhailítear sa suirbhé geografach agus beidh faisnéis leordhóthanach ann ar chaighdeán na seirbhísí agus na paraiméadair a bhaineann leo agus caithfear léi i gcomhréir le hAirteagal 20(3).

2.  
Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus/nó údaráis inniúla eile limistéar a bhfuil teorannacha soiléire críche aige a ainmniú, i gcás ina gcinntear, de bhonn na faisnéise arna bailiú agus réamhaisnéis ar bith arna hullmhú de bhun mhír 1, nach ndearna aon ghnóthas nó aon údarás poiblí le linn na tréimhse réamhaisnéise ábhartha líonra fíor-ardacmhainne a imscaradh ná nach raibh sé beartaithe acu sin a dhéanamh, ná nach ndearna siad uasghrádú suntasach ar a líonra ná nár chuir siad síneadh suntasach air go dtí feidhmíocht luas íoslódála 100 Mbps ar a laghad. Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus/nó údaráis inniúla eile na limistéir ainmnithe a fhoilsiú.
3.  
Laistigh de limistéar ainmnithe, féadfaidh na húdaráis ábhartha cuireadh a thabhairt do ghnóthais agus d'údaráis phoiblí a rún a nochtadh maidir le líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh le linn thréimhse na réamhaisnéise ábhartha. I gcás inarb é is iardraí don chuireadh sin go ndearbhaíonn an gnóthas nó an t-údarás poiblí go bhfuil rún aige déanamh amhlaidh, féadfaidh an t-údarás ábhartha a iarraidh ar ghnóthais eile agus ar údaráis phoiblí eile a nochtadh má tá rún acu líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh nó uasghrádú suntasach a dhéanamh ar a líonra nó síneadh suntasach a chur leis go dtí feidhmíocht luas íoslódála 100 Mbps ar a laghad sa limistéar sin. Saineoidh an t-údarás ábhartha an fhaisnéis a bheidh le cur sna haighneachtaí sin, chun leibhéal sonraí a áirithiú atá ar a laghad cosúil leis an leibhéal sonraí arna chur san áireamh i réamhaisnéis ar bith de bhun mhír 1. Cuirfidh sé in iúl freisin d'aon ghnóthas nó d'aon údarás poiblí a léiríonn suim ann cibé acu a chumhdaítear nó nach gcumhdaítear an limistéar ainmnithe le líonra rochtana don chéad ghlúin eile, ar líonra é a sholáthraíonn luasanna íoslódála faoi 100 Mbps, nó an dócha go ndéanfar sin, ar bhonn na faisnéise arna bailiú de bhun mhír 1.
4.  
Bearta a dhéanfar i gcomhréir le mír 3, is de réir nós imeachta éifeachtúil, oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach, a fhágann nach n-eisiatar aon ghnóthas a priori, a dhéanfar iad.
5.  

Maidir leis na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile, agus idir áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta, a bhíonn freagrach as dáileadh cistí poiblí chun líonraí cumarsáide leictreonaí a imscaradh, as dearadh pleananna leathanbhanda náisiúnta, as sainiú oibleagáidí maidir le cumhdach a ghabhann leis na cearta úsáide do speictream raidió agus as fíorú inrochtaineachta seirbhísí a thagann faoi raon na hoibleagáide seirbhíse uilíche ina gcríocha, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na húdaráis sin torthaí na suirbhéanna geografacha agus na limistéar ainmnithe arna ndéanamh de bhun mhír 1, mhír 2 agus mhír 3 san áireamh.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis atá i mbun na suirbhéanna geografacha na torthaí sin a sholáthar faoi réir an leibhéal céanna rúndachta gnó agus a fhaigheann an t-údarás tionscnaimh a bheith á áirithiú ag an údarás is faighteoir, agus na páirtithe a thug an fhaisnéis a chur ar an eolas. Cuirfear na torthaí sin ar fáil do BEREC agus don Choimisiún arna iarraidh sin acu agus faoi na coinníollacha céanna.

6.  
Más amhlaidh nach mbíonn an fhaisnéis ábhartha le fáil ar an margadh, déanfaidh na húdaráis inniúla faisnéis ó na suirbhéanna geografacha, nach infheidhme rúndacht gnó ina leith, a chur ar fáil go díreach i gcomhréir le Treoir 2003/98/CE, ionas gur féidir í a athúsáid. Ina theannta sin, i gcás nach mbíonn a leithéidí le fáil ar an margadh, cuirfidh siad ar fáil uirlisí faisnéise ionas gur féidir le húsáideoirí deiridh infhaighteacht nascachta a chinneadh i limistéir éagsúla, le dóthain mionsonraí a chuideoidh leo cinneadh a dhéanamh maidir le hoibreoir nó soláthraí seirbhíse.
7.  
Faoin 21 Meitheamh 2020, chun cabhrú le feidhmiú suirbhéanna geografacha agus réamhaisnéisí ar bhealach comhleanúnach, déanfaidh BEREC, tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus leis na húdaráis náisiúnta ábhartha, treoirlínte a eisiúint chun cabhrú leis na húdaráis rialála náisiúnta agus/nó le húdaráis inniúla eile a n-oibleagáidí faoin Airteagal seo a chur chun feidhme ar bhealach comhleanúnach.

Airteagal 23

Sásra comhairliúcháin agus trédhearcachta

1.  
Seachas cásanna a thagann faoi raon Airteagal 26 nó Airteagal 27 nó Airteagal 32(10), déanfaidh na Ballstáit a áirithiú, i gcás ina bhfuil rún ag údaráis rialála náisiúnta nó ag údaráis inniúla eile bearta a dhéanamh i gcomhréir leis an Treoir seo, nó ina bhfuil rún acu foráil a dhéanamh maidir le srianta i gcomhréir le hAirteagal 45(4) agus (5), a mbeadh tionchar suntasach acu ar an margadh ábhartha, go dtabharfaidh siad an deis do pháirtithe leasmhara barúil a thabhairt faoin dréachtbheart laistigh de thréimhse réasúnta, ag féachaint do chastacht an ábhair, agus ní bheidh an tréimhse sin níos giorra, ar aon chaoi, ná 30 lá, ach amháin i gcásanna eisceachtúla.
2.  
Chun críocha Airteagal 35, cuirfidh na húdaráis inniúla RSPG ar an eolas tráth an fhoilsithe faoi aon dréachtbhearta a thagann faoi raon feidhme an nós imeachta roghnúcháin comparáideach nó iomaíoch de bhun Airteagal 55(2) agus a bhaineann le húsáid speictrim raidió ar ina leith a dhéantar coinníollacha comhchuibhithe teicniúla a bhunú i mbearta cur chun feidhme teicniúla i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 676/2002/CE, ionas gur féidir úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí gan sreang atá in ann leathanbhanda a sheachadadh ('líonraí leathanbhanda gan sreang agus seirbhísí') a éascú.
3.  

Foilseoidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile a nósanna imeachta comhairliúcháin náisiúnta.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar pointe aonair faisnéise trínar féidir rochtain a fháil ar na comhairliúcháin reatha ar fad.

4.  
Cuirfear torthaí an phróisis comhairliúcháin ar fáil go poiblí, seachas i gcás faisnéis rúnda i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta maidir le rúndacht gnó.

Airteagal 24

Comhairliúchán le páirtithe leasmhara

1.  

Áiritheoidh na Ballstáit, de réir mar is iomchuí, go ndéanfaidh na húdaráis inniúla, i ndlúthchomhar, nuair is ábhartha, leis na húdaráis rialála náisiúnta, tuairimí na n-úsáideoirí deiridh, go háirithe tomhaltóirí, agus úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, na monaróirí, agus na ngnóthas a sholáthraíonn líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí i dtaca le saincheisteanna a bhaineann le cearta na n-úsáideoirí deiridh agus na dtomhaltóirí, lena n-áirítear an rochtain agus an rogha chomhionann d'úsáideoirí deiridh atá faoi mhíchumas, maidir le seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, go háirithe i gcás ina mbeadh tionchar suntasach acu ar an margadh.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh na húdaráis inniúla, i ndlúthchomhar, nuair is ábhartha, leis na húdaráis rialála náisiúnta, sásra comhairliúcháin, a bheidh in-rochtana ag úsáideoirí deiridh atá faoi mhíchumas, chun a áirithiú go dtabharfar aird chuí ar leasanna tomhaltóirí sa chumarsáid leictreonach ina gcinntí a bhaineann le cearta tomhaltóirí agus le cearta úsáideoirí deiridh maidir le seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí.

2.  
Féadfaidh páirtithe leasmhara sásraí a fhorbairt, le treoir ó na húdaráis inniúla, i ndlúthchomhar, nuair is ábhartha, leis na húdaráis rialála náisiúnta, ar sásraí iad a bhaineann le tomhaltóirí, grúpaí úsáideoirí agus soláthraithe seirbhíse, chun caighdeán ginearálta an tsoláthair seirbhíse a fheabhsú trí, inter alia, cód iompair agus caighdeáin oibríochta a fhorbairt agus faireachán a dhéanamh orthu.
3.  
Gan dochar do rialacha náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais lena gcuirtear cuspóirí maidir le beartais chultúrtha agus beartais meán chun cinn, amhail éagsúlacht chultúrtha, éagsúlacht teanga, agus iolrachas na meán, féadfaidh na húdaráis inniúla, i ndlúthchomhar, nuair is ábhartha, leis na húdaráis rialála náisiúnta, comhar a chur chun cinn idir gnóthais líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a bhfuil suim acu inneachar dlíthiúil a chur chun cinn i seirbhísí agus i líonraí cumarsáide leictreonaí. Féadfar go mbeidh comhordú na faisnéise leasa phoiblí atá le soláthar de bhun Airteagal 103(4) san áireamh sa chomhar sin.

Airteagal 25

Réiteach díospóide lasmuigh den chúirt

1.  
Cinnteoidh na Ballstáit go liostaítear an t-údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile atá freagrach as cur i bhfeidhm Airteagail 102 go 107 agus Airteagal 115 den Treoir seo, nó comhlacht neamhspleách amháin ar a laghad ag a bhfuil saineolas cruthaithe i gcur i bhfeidhm na nAirteagal sin, go liostaítear iad mar eintiteas um réiteach malartach díospóide i gcomhréir le hAirteagal 20(2) de Threoir 2013/11/AE le go réiteoidh sé díospóidí idir soláthraithe agus tomhaltóirí a thagann chun cinn faoin Treoir seo agus a bhaineann le feidhmíocht conarthaí. Féadfaidh na Ballstáit síneadh a chur leis an rochtain ar nósanna imeachta um réiteach malartach díospóide arna cur ar fáil ag an údarás nó ag an gcomhlacht sin le go gcumhdófaí freisin úsáideoirí eile deiridh seachas díreach tomhaltóirí, go háirithe micrifhiontair agus fiontair bheaga.
2.  
Gan dochar do Threoir 2013/11/AE, i gcás ina mbainfidh na díospóidí sin le páirtithe i mBallstáit éagsúla, déanfaidh na Ballstáit a gcuid iarrachtaí a chomhordú d'fhonn an díospóid a réiteach.

Airteagal 26

Réiteach díospóide idir gnóthais

1.  
I gcás ina dtarlaíonn díospóid maidir le hoibleagáidí atá ann cheana faoin Treoir seo idir soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí i mBallstát, nó idir na gnóthais sin agus gnóthais eile sa Bhallstát a bhaineann leas as oibleagáidí rochtana nó idirnaisc, nó idir soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí i mBallstát agus soláthraithe saoráidí gaolmhara, eiseoidh an t-údarás rialála náisiúnta lena mbaineann, arna iarraidh sin ag ceachtar páirtí, agus gan dochar do mhír 2, cinneadh ceangailteach chun an díospóid a réiteach sa tréimhse ama is giorra is féidir, ar bhonn nósanna imeachta atá soiléir éifeachtúil, laistigh de cheithre mhí in aon chás, ach amháin i gcásanna eisceachtúla. Ceanglóidh an Ballstát lena mbaineann ar na páirtithe ar fad oibriú i gcomhar go hiomlán leis an údarás rialála náisiúnta.
2.  
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh chun gur féidir leis na húdaráis rialála náisiúnta diúltú díospóid a réiteach i gcás inarb ann do shásraí eile, lena n-áirítear idirghabháil, ar sásraí iad a rannchuideodh níos fearr le réiteach na díospóide ar bhealach tráthúil i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3. Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta na páirtithe a chur ar an eolas gan mhoill. Más rud é nár réitíodh an díospóid tar éis ceithre mhí, agus murar chuir an páirtí atá ag lorg sásaimh an díospóid os comhair na gcúirteanna, eiseoidh an t-údarás rialála náisiúnta cinneadh ceangailteach, arna iarraidh sin ag ceachtar páirtí, chun an díospóid a réiteach san achar ama is lú is féidir agus in aon chás laistigh de cheithre mhí.
3.  
Agus díospóid á réiteach, glacfaidh an t-údarás rialála náisiúnta cinntí arb é is aidhm leo na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach. Maidir le haon oibleagáidí a fhorchuireann an t-údarás rialála náisiúnta ar ghnóthas díospóid á réiteach, comhlíonfaidh na hoibleagáidí sin an Treoir seo.
4.  
Cuirfear cinneadh an údaráis rialála náisiúnta ar fáil don phobal, agus aird á tabhairt ar na ceanglais do rúndacht gnó. Tabharfaidh an t-údarás rialála náisiúnta ráiteas iomlán do na páirtithe leasmhara maidir leis na cúiseanna ar ar bunaíodh an cinneadh.
5.  
Ní chuirfear bac ar cheachtar páirtí leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1, i mír 3 agus i mír 4 cás a thabhairt os comhair na gcúirteanna.

Airteagal 27

Díospóidí trasteorann a réiteach

1.  
I gcás ina dtagann díospóid chun cinn faoin Treoir seo idir gnóthais i mBallstáit éagsúla, beidh feidhm ag mír 2, mír 3 agus mír 4 den Airteagal seo. Ní bheidh feidhm ag na forálacha sin maidir le díospóidí a bhaineann le comhordú speictrim raidió a chumhdaítear le hAirteagal 28.
2.  
Féadfaidh aon pháirtí an díospóid a chur faoi bhráid an údaráis rialála náisiúnta nó na n-údarás lena mbaineann. I gcás ina ndéanann an díospóid difear don trádáil idir na Ballstáit, déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta nó na húdaráis rialála náisiúnta fógra a chur chuig BEREC chun go ndéanfar an díospóid a réiteach go comhsheasmhach, i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.
3.  
I gcás inar tugadh fógra den cineál sin, eiseoidh BEREC tuairim ina n-iarrfar ar an údarás rialála náisiúnta nó na húdaráis lena mbaineann gníomh ar leith a dhéanamh chun an díospóid a réiteach, nó ina molfar gan gníomh a ghlacadh, agus eiseofar an tuairim sin laistigh den achar ama is lú is féidir agus laistigh de cheithre mhí in aon chás, ach amháin i gcásanna eisceachtúla.
4.  
Fanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta nó na húdaráis rialála náisiúnta le tuairim BEREC sula nglacfaidh siad aon ghníomh chun an díospóid a réiteach. I gcásanna eisceachtúla ina bhfuil géarghá le dul i mbun gnímh chun iomaíocht a chaomhnú nó chun cearta na n-úsáideoirí deiridh a chosaint, féadfaidh ceachtar de na húdaráis rialála náisiúnta inniúla, arna iarraidh sin ag na páirtithe nó ar a thionscnamh féin, bearta idirthréimhseacha a ghlacadh.
5.  
Maidir le haon oibleagáidí a fhorchuireann an t-údarás rialála náisiúnta ar ghnóthas mar chuid de réiteach na díospóide, comhlíonfaidh na hoibleagáidí sin an Treoir seo, tabharfar lánaird leo ar an tuairim arna glacadh ag BEREC agus glacfar iad laistigh de mhí amháin ón tuairim sin a fháil.
6.  
Ní chuirfear bac ar cheachtar páirtí leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 3 gníomh a thabhairt os comhair na gcúirteanna.

Airteagal 28

Comhordú Speictrim Raidió idir Ballstáit

1.  

Áiritheoidh na Ballstáit gona n-údaráis inniúla go n-eagrófar úsáid an speictrim raidió ina gcríocha ar bhealach nach gcuirfidh cosc le haon Bhallstát eile úsáid speictrim raidió chomhchuibhithe a cheadú ina gcríocha i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe de bharr trasnaíocht dhíobhálach trasteorann idir na Ballstáit.

Glacfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun na críche sin gan dochar dá n-oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta agus faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha amhail Rialacháin Raidió ITU agus Comhaontuithe Réigiúnacha Raidió ITU.

2.  

Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile, agus, de réir mar is iomchuí, trí RSPG le linn comhordú trasteorann d'úsáid speictrim raidió chun:

(a) 

a áirithiú go gcomhlíonfar mír 1;

(b) 

aon fhadhb nó aon díospóid a bhaineann le comhordú trasteorann nó le trasnaíocht dhíobhálach trasteorann a réiteach idir na Ballstáit mar aon le tríú tíortha lena gcuirtear cosc ar na Ballstáit úsáid a bhaint as an speictream raidió comhchuibhithe ina gcríoch.

3.  
Ionas gur féidir a áirithiú go gcomhlíonfar mír 1, féadfaidh aon Bhallstát dá ndéantar difear a iarraidh ar RSPG an dea-mhéin atá aige a úsáid chun dul i ngleic le haon fhadhb nó le haon díospóid a bhaineann le comhordú trasteorann nó le trasnaíocht dhíobhálach trasteorann. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh RSPG leigheas comhordaithe a mholadh, i bhfoirm barúla, maidir le fadhb nó le díospóid den sórt sin.
4.  

I gcás nár éirigh le gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 nó mír 3 an fhadhb ná an díospóid a réiteach, agus arna iarraidh sin d'aon Bhallstát dá ndéantar difear, féadfaidh an Coimisiún, agus lánaird á tabhairt aige ar aon tuairim ó RSPG ina moltar leigheas comhordaithe de bhun mhír 3, cinntí a ghlacadh agus díreofar iad chuig na Ballstáit lena mbaineann an ceist thrasnaíocht dhíobhálach atá gan réiteach trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, chun trasnaíochtaí díobhálacha trasteorann a réiteach idir dhá Bhallstát nó níos mó ná sin, ar trasnaíochtaí iad lena gcuirtear bac ar na Ballstáit speictream raidió comhchuibhithe a úsáid ar a gcríoch.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(4).

5.  
Déanfaidh an tAontas, ar iarraidh aon Bhallstát dá ndéantar difear, tacaíocht dhlíthiúil, pholaitiúil agus theicniúil a chur ar fáil chun saincheisteanna i dtaobh comhordú raidió speictrim le tíortha ar comharsana iad leis an Aontas a réiteach, lena n-áirítear stáit aontacha agus tíortha is iarrthóirí, ionas gur féidir leis na Ballstáit lena mbaineann a gcuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh. Agus cúnamh den sórt sin á chur ar fáil, déanfaidh an tAontas cur chun feidhme bheartais an Aontais a chur chun cinn.



TEIDEAL II

CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 29

Pionóis

1.  
Déanfaidh na Ballstáit pionóis, lena n-áirítear, i gcás inar gá, fíneálacha agus pionóis thréimhsiúla a leagan síos maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo nó maidir le haon chinneadh ceangailteach a ghlacfaidh an Coimisiún, na húdarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile de bhun na Treorach seo, agus glacfaidh na Ballstáit na bearta ar fad is gá lena áirithiú go gcuirfear na pionóis agus na fíneálacha sin chun feidhme. Laistigh de theorannacha an dlí náisiúnta, beidh an chumhacht ag na húdaráis rialála náisiúnta agus ag údaráis inniúla eile na pionóis sin a fhorchur. Beidh na pionóis dá bhforáiltear iomchuí, éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
2.  

Ní dhéanfaidh na Ballstáit foráil do phionóis i gcomhthéacs an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 22(3) ach amháin i gcás ina gcuireann gnóthas nó údarás poiblí faisnéis mhíthreorach, earráideach nó neamhiomlán ar fáil go feasach nó de thoradh mórfhaillí.

Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na bhfíneálacha nó na bpionós tréimhsiúil a bheidh le forchur ar ghnóthas nó ar údarás poiblí as ucht faisnéis mhíthreorach, earráideach nó neamhiomlán a chur ar fáil go feasach nó de thoradh mórfhaillí i gcomhthéacs an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 22(3), tabharfaidh údaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile ar aird, inter alia cibé acu a d'imir nó nár imir iompraíocht an ghnóthais nó an údaráis phoiblí tionchar diúltach ar an iomaíocht agus, go háirithe, cibé acu a rinne nó nach ndearna siad líonra a imscaradh, a uasghrádú nó síneadh a chur air, nó cibé nach ndearna siad líonra a imscaradh, ainneoin gurb é a mhalairt a luaigh siad san fhaisnéis a thug siad i dtús aimsire nó in aon uasdátú ar an bhfaisnéis sin, agus gur mhainnigh siad dlisteanú oibiachtúil a thabhairt maidir leis an athrú sin ar an méid a bhí beartaithe.

Airteagal 30

Coinníollacha an údaraithe ghinearálta nó na gceart úsáide do speictream raidió agus d'acmhainní uimhrithe agus na n-oibleagáidí sainiúla a bheith á gcomhlíonadh

1.  

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a n-údaráis inniúla ábhartha faireachán agus maoirseacht ar choinníollacha an údaraithe ghinearálta nó na gceart úsáide do speictream raidió agus d'acmhainní uimhrithe, ar na hoibleagáidí sainiúla dá dtagraítear in Airteagal 13(2), agus ar an oibleagáid maidir le speictream raidió a úsáid go héifeachtach agus go héifeachtúil, a bheith á gcomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 4, Airteagal 45(1) agus Airteagal 47.

Beidh an chumhacht ag na húdaráis inniúla a cheangal ar ghnóthais a thagann faoi réir an údaraithe ghinearálta nó a bhaineann tairbhe as cearta úsáide do speictream raidió nó d'acmhainní uimhrithe an fhaisnéis ar fad is gá chun a fhíorú go gcomhlíontar coinníollacha an údaraithe ghinearálta nó na gceart úsáide do speictream raidió nó d'acmhainní uimhrithe, nó na n-oibleagáidí sainiúla dá dtagraítear in Airteagal 13(2) nó Airteagal 47, i gcomhréir le hAirteagal 21.

2.  
I gcás ina gcinnfidh údarás inniúil nach gcomhlíonann gnóthas ceann amháin nó níos mó de choinníollacha an údaraithe ghinearálta nó na gceart úsáide do speictream raidió agus d'acmhainní uimhrithe, nó na hoibleagáidí sainiúla dá dtagraítear in Airteagal 13(2), tabharfaidh an t-údarás sin fógra don ghnóthas faoin méid sin agus tabharfaidh sé deis don ghnóthas a dhearcadh a chur in iúl, laistigh de theorainn ama réasúnta.
3.  

Beidh an chumhacht ag an údarás inniúil a cheangal go gcuirfear stop leis an sárú dá dtagraítear i mír 2 láithreach nó laistigh de theorainn ama réasúnta agus déanfaidh an t-údarás ábhartha sin bearta iomchuí agus comhréireacha a mbeidh sé mar aidhm leo comhlíonadh a áirithiú.

Maidir leis sin, tabharfaidh na Ballstáit an chumhacht do na húdaráis inniúla an méid seo a leanas a fhorchur:

(a) 

i gcás inarb iomchuí, pionóis airgeadais athchomhairleacha a bhféadfadh a bheith ar áireamh iontu pionóis thréimhsiúla a bhfuil tionchar cúlghabhálach acu; agus

(b) 

orduithe chun soláthar seirbhíse nó soláthar birt seirbhísí a stopadh nó a mhoilliú, más soláthar é a dhéanfadh dochar suntasach don iomaíocht dá leanfaí leis, go dtí go gcomhlíonfar na hoibleagáidí rochtana arna bhforchur tar éis anailís sa mhargadh arna déanamh i gcomhréir le hAirteagal 67.

Cuirfidh na húdaráis inniúla na bearta agus na cúiseanna atá mar bhunús leo in iúl don ghnóthas ábhartha gan mhoill agus tabharfar tréimhse réasúnta don ghnóthas chun na bearta a chomhlíonadh.

4.  
D'ainneoin mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal seo, tabharfaidh na Ballstáit an chumhacht don údarás inniúil pionóis airgeadais a fhorchur i gcás inarb iomchuí ar ghnóthais as mainneachtain faisnéis a sholáthar i gcomhréir leis na hoibleagáidí a fhorchuirtear faoi phointe (a) nó (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 21(1) agus faoi Airteagal 69 laistigh de thréimhse réasúnta arna leagan síos ag an údarás inniúil.
5.  
I gcás ina bhfuil sárú tromchúiseach nó sáruithe leanúnacha á ndéanamh ar choinníollacha an údaraithe ghinearálta nó na gceart úsáide do speictream raidió nó d'acmhainní uimhrithe, nó na n-oibleagáidí sainiúla dá dtagraítear in Airteagal 13(2) nó in Airteagal 47(1) nó (2), i gcás inar theip ar bhearta arb é is aidhm dóibh comhlíonadh a áirithiú dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, tabharfaidh na Ballstáit an chumhacht do na húdaráis inniúla cosc a chur ar ghnóthas leanúint le líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar nó na cearta úsáide sin a chur ar fionraí nó a tharraingt siar. Tabharfaidh na Ballstáit an chumhacht don údarás inniúil pionóis a fhorchur atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Féadfar na pionóis sin a chur i bhfeidhm chun tréimhse aon sáraithe a chumhdach, fiú má chuirtear an sárú ina cheart ina dhiaidh sin.
6.  
D'ainneoin mhír 2, mír 3 agus mír 5 den Airteagal seo, féadfaidh an t-údarás bearta idirthréimhseacha práinneacha a dhéanamh chun an cor a leigheas sula dtagann sé ar chinneadh críochnaitheach, i gcás ina bhfuil fianaise aige ar shárú choinníollacha an údaraithe ghinearálta nó na gceart úsáide do speictream raidió agus d'acmhainní uimhrithe nó na n-oibleagáidí sainiúla dá dtagraítear in Airteagal 13(2) nó Airteagal 47(1) nó (2), ar sárú é ar bagairt láithreach agus thromchúiseach é ar shábháilteacht phoiblí, ar shlándáil phoiblí nó ar shláinte phoiblí nó lena gcruthófar fadhbanna tromchúiseacha eacnamaíochta nó oibríochta do sholáthraithe eile nó úsáideoirí líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí nó d'úsáideoirí an speictrim raidió. Tabharfaidh an t-údarás inniúla deis réasúnach don ghnóthas ábhartha ina dhiaidh sin chun a dhearcadh a léiriú agus chun aon leigheas a mholadh. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an t-údarás inniúil na bearta idirthréimhseacha a dheimhniú, a mbeidh feidhm leo ar feadh uastréimhse 3 mhí, ach a bhféadfar síneadh a chur leo ar feadh tréimhse bhreise suas go dtí trí mhí i gcás nár críochnaíodh na nósanna imeachta um fhorghníomhú.
7.  
Beidh an ceart ag gnóthais achomharc a dhéanamh i gcoinne na mbeart a ghlactar faoin Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 31.

Airteagal 31

Ceart achomhairc

1.  

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sásraí éifeachtacha ann ar an leibhéal náisiúnta faoina bhfuil ceart achomhairc ag aon úsáideoir nó aon ghnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí nó seirbhísí nó saoráidí gaolmhara agus a bhfuil tionchar ag an gcinneadh ón údarás inniúil orthu, ar achomharc é in aghaidh an chinnidh sin chuig comhlacht achomhairc atá neamhspleách go hiomlán ar na páirtithe lena mbaineann agus ar aon idirghabháil sheachtrach nó ar bhrú polaitiúil a bhféadfadh a measúnú neamhspleách ar na ceisteanna a chuirfear os a chomhair a chur i mbaol. Beidh an saineolas iomchuí ag an gcomhlacht sin, a bhféadfaidh cúirt a bheith i gceist leis, chun a chur ar a chumas a fheidhmeanna a chur i gcrích go héifeachtach. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear tuillteanais an cháis san áireamh go hiomchuí.

Go dtí go mbeidh toradh ar an achomharc, seasfaidh an cinneadh ón údarás inniúil, ach amháin má cheadaítear bearta idirthréimhseacha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

2.  

I gcás nach de chineál breithiúnach é an comhlacht achomhairc dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh sé réasúnuithe i scríbhinn dá gcinntí i gcónaí. Thairis sin, i gcás den sórt sin, beidh a chinneadh faoi réir athbhreithnithe ag cúirt nó ag binse de réir bhrí Airteagal 267 CFAE.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an sásra achomhairc éifeachtach.

3.  
Baileoidh na Ballstáit faisnéis ar ábhar ginearálta na n-achomharc, ar líon na n-iarratas ar achomharc, ar fhad na n-imeachtaí achomhairc agus ar líon na gcinntí chun bearta idirthréimhseacha a dheonú. Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis sin, chomh maith leis na cinntí nó na breithiúnais, a sholáthar don Choimisiún agus do BEREC arna iarraidh réasúnta a fháil uathu.



TEIDEAL IV

NÓSANNA IMEACHTA DON MHARGADH INMHEÁNACH



CAIBIDIL I

Airteagal 32

Margadh inmheánach na cumarsáide leictreonaí a chomhdhlúthú

1.  
Agus a gcúraimí faoin Treoir seo á ndéanamh acu, tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta lánaird ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3.
2.  
Rannchuideoidh na húdaráis rialála náisiúnta le forbairt an mhargaidh inmheánaigh trí oibriú le chéile agus leis an gCoimisiún agus le BEREC ar bhealach trédhearcach lena áirithiú go gcuirfear an Treoir seo i bhfeidhm go comhsheasmhach i ngach Ballstát. Chun na críche sin, oibreoidh siad go háirithe leis an gCoimisiún agus le BEREC chun na cineálacha ionstraimí agus réiteach is oiriúnaí a shainiú chun aghaidh a thabhairt ar chineálacha áirithe staideanna sa mhargadh.
3.  

Ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt i moltaí nó i dtreoirlínte a ghlactar de bhun Airteagal 34 ar chríochnú an chomhairliúcháin phoiblí, más riachtanach faoi Airteagal 23, i gcás ina bhfuil rún ag údarás rialála náisiúnta beart a dhéanamh ar beart é:

(a) 

a thagann faoi réir raon feidhme Airteagail 61, 64 67, 68 nó 83; agus

(b) 

a mbeadh tionchar aige ar thrádáil idir na Ballstáit,

foilseoidh sé an dréachtbheart agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin é, faoi bhráid BEREC agus faoi bhráid na n-údarás rialála náisiúnta i mBallstáit eile, an tráth céanna, luafar na cúiseanna leis an mbeart a thabhairt, i gcomhréir le hAirteagal 20(3). Ní fhéadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta, BEREC agus an Coimisiún barúlacha a thabhairt ar an dréachtbheart laistigh d'aon mhí amháin. Ní chuirfear síneadh leis an tréimhse míosa.

4.  

Ní ghlacfar an dréachtbheart dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo go ceann dhá mhí eile i gcás ina bhfuil an méid seo a leanas mar aidhm ag an mbeart sin:

(a) 

margadh ábhartha a shainiú atá éagsúil ó na margaí a shainítear sa mholadh dá dtagraítear in Airteagal 64(1); nó

▼C1

(b) 

a chinneadh gnóthas a ainmniú nó gan a ainmniú, go leithleach nó i gcomhpháirt le gnóthais eile, mar ghnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige, faoi Airteagal 67(3) nó (4);

▼B

agus an ndéanfadh sé difear do thrádáil idir Ballstáit, agus chuir an Coimisiún in iúl don údarás rialála náisiúnta go measann sé go gcruthófaí bac don mhargadh inmheánach leis an dréachtbheart sin nó má tá amhras dáiríre air maidir lena chomhoiriúnacht le dlí an Aontais agus go háirithe leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3. Ní fhéadfar síneadh a chur leis an tréimhse dhá mhí sin. Sa chás sin, cuirfidh an Coimisiún BEREC agus na húdaráis rialála náisiúnta ar an eolas faoina fhorchoimeádais agus cuirfidh siad na forchoimeádais ar fáil don phobal an tráth céanna.

5.  
Foilseoidh BEREC tuairim maidir le forchoimeádais an Choimisiúin dá dtagraítear i mír 4, ina gcuirfear in iúl an measann sé ar cheart an dréachtbheart a choinneáil, é a leasú nó a tharraingt siar agus, i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh sé moltaí ar leith chun na críche sin.
6.  

Le linn na tréimhse dhá mhí dá dtagraítear i mír 4, féadfaidh an Coimisiún:

(a) 

cinneadh a ghlacadh lena gceanglófar ar an údarás rialála náisiúnta lena mbaineann an dréachtbheart a tharraingt siar; nó

(b) 

cinneadh a ghlacadh a fhorchoimeádais a tharraingt siar dá dtagraítear i mír 4.

Tabharfaidh an Coimisiún lánaird ar thuairim BEREC sula nglacfaidh sé an cinneadh.

Beidh anailís mhionsonraithe agus oibiachtúil ar na cúiseanna dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír a bhfuil an Coimisiún den tuairim nach bhfuiltear chun an dréachtbheart a ghlacadh ag gabháil leis an gcinneadh, maille le tograí sonracha chun é a leasú.

7.  
I gcás ina bhfuil cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír de mhír 6 den Airteagal seo, ar cinneadh é lena gceanglaítear ar an údarás rialála náisiúnta dréachtbheart a tharraingt siar, déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta an dréachtbheart a leasú nó a tharraingt siar laistigh de sé mhí ó dháta chinneadh an Choimisiúin. I gcás ina bhfuil an dréachtbheart leasaithe, rachaidh an t-údarás rialála náisiúnta i mbun comhairliúchán poiblí i gcomhréir lehAirteagal 23, agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoin dréachtbheart leasaithe i gcomhréir leis an Airteagal seo.
8.  
Tabharfaidh an t-údarás rialála náisiúnta lena mbaineann lánaird ar bharúlacha ó údaráis rialála náisiúnta eile, ó BEREC agus ón gCoimisiúin agus féadfaidh sé, ach amháin i gcásanna a chumhdaítear le mír 4 agus le pointe (a) de mhír 6, an dréachtbheart a thig as sin a ghlacadh, agus sa chás ina ndéanfaidh sé amhlaidh, cuirfidh sé fógra ina thaobh chuig an gCoimisiún.
9.  
Maidir leis na bearta críochnaitheacha ar fad arna nglacadh a thagann faoi phointe (a) agus faoi phointe (b) de mhír 3, cuirfidh an t-údarás rialála náisiúnta na bearta sin in iúl don Choimisiún.
10.  
I gcásanna eisceachtúla ina measann údarás rialála náisiúnta go bhfuil géarghá le dul i mbun gnímh chun iomaíocht a chaomhnú nó chun cearta na n-úsáideoirí deiridh a chosaint, féadfaidh sé bearta comhréireacha agus sealadacha a ghlacadh láithreach, de mhaolú ar na nósanna imeachta a leagtar amach i mír 3 agus i mír 4. Cuirfidh sé na bearta sin in iúl don Choimisiún, do na húdaráis rialála náisiúnta eile agus do BEREC gan mhoill, agus beidh na cúiseanna iomlána ag gabháil leis na bearta sin. Aon chinneadh ón údarás rialála náisiúnta na bearta sin a bhuanú nó síneadh a chur leis an tréimhse faoina mbeidh siad infheidhme, beidh an cinneadh sin faoi réir mhír 3 agus mhír 4.
11.  
Is ceadmhach d'údarás rialála náisiúnta dréachtbheart a tharraingt siar tráth ar bith.

Airteagal 33

Nós imeachta maidir le leigheasanna a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach

1.  

I gcás inarb aidhm le beart beartaithe a chumhdaítear le hAirteagal 32(3) oibleagáid ar ghnóthas a fhorchur, a leasú nó a tharraingt siar agus Airteagal 61 á chur i bhfeidhm, nó Airteagal 67 á chur i bhfeidhm i gcomhar le hAirteagal 69 go hAirteagal 76 agus Airteagal 83, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de thréimhse aon mhíosa dá dtagraítear in Airteagal 32(3), fógra a thabhairt don údarás náisiúnta lena mbaineann agus do BEREC faoina chúiseanna lena mheas go gcruthódh an dréachtbheart bac don mhargadh inmheánach nó a amhras tromchúiseach maidir lena chomhoiriúnacht le dlí an Aontais. I gcás den sórt sin, ní ghlacfar an dréachtbheart go ceann trí mhí eile tar éis fhógra an Choimisiúin.

D'uireasa fógra den sórt sin, féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta lena mbaineann an dréachtbheart a ghlacadh, agus lánaird á tabhairt aige ar aon bharúil ón gCoimisiún, ó BEREC nó ó aon údarás rialála náisiúnta eile.

2.  
Laistigh den tréimhse trí mhí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, oibreoidh an Coimisiún, BEREC agus an t-údarás rialála náisiúnta lena mbaineann i gcomhar go dlúth le chéile chun an beart is iomchuí agus is éifeachtaí a shainaithint i bhfianaise na gcuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3, agus lánaird á tabhairt acu ar dhearcadh na rannpháirtithe sa mhargadh agus ar an ngá atá leis an bhforbairt ar chleachtas comhsheasmhach rialála a áirithiú.
3.  
Laistigh de shé seachtaine ó thús na tréimhse trí mhí dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh BEREC tuairim a eisiúint maidir le fógra an Choimisiúin dá dtagraítear i mír 1, ina gcuirfear in iúl an measann sé ar cheart an dréachtbheart a leasú nó a tharraingt siar agus, i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh sé moltaí ar leith chun na críche sin. Luafaidh an tuairim sin cúiseanna agus cuirfear í ar fáil don phobal.
4.  

Más rud é, ina thuairim, go bhfuil an t-amhras tromchúiseach céanna ar BEREC agus atá ar an gCoimisiún, oibreoidh BEREC i gcomhar leis an údarás rialála náisiúnta lena mbaineann chun an beart is iomchuí agus is éifeachtaí a aithint. Roimh dheireadh na tréimhse trí mhí dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta:

(a) 

a dhréachtbheart a leasú nó a tharraingt siar agus lánaird á tabhairt aige ar fhógra an Choimisiúin dá dtagraítear i mír 1 agus ar bharúil BEREC; nó

(b) 

a dhréachtbheart a choimeád.

5.  

Laistigh de mhí amháin tar éis dheireadh na tréimhse trí mhí dá dtagraítear i mír 1, agus lánaird á tabhairt aige ar thuairim BEREC más ann don tuairim sin, féadfaidh an Coimisiún:

(a) 

moladh a eisiúint lena gceanglaítear ar an údarás náisiúnta lena mbaineann an dréachtbheart a leasú nó a tharraingt siar, ar moladh é ina bhfuil tograí ar leith chun na críche sin agus mínithe lena dtugtar údar dá mholadh, go háirithe i gcás nach bhfuil an t-amhras tromchúiseach céanna ar BEREC agus atá ar an gCoimisiún.

(b) 

cinneadh a ghlacadh a fhorchoimeádais a tharraingt siar i gcomhréir le mír 1; nó

(c) 

i gcás dréachtbhearta a thagann faoin dara fomhír d'Airteagal 61(3) nó faoi Airteagal 76(2), cinneadh a ghlacadh lena gceanglófar ar an údarás rialála náisiúnta lena mbaineann an dréachtbheart a tharraingt siar, i gcás ina bhfuil an t-amhras tromchúiseach céanna ar BEREC agus atá ar an gCoimisiún, ag gabháil le hanailís mhionsonraithe agus oibiachtúil ar na cúiseanna a bhfuil an Coimisiún den tuairim nár cheart an dréachtbheart a ghlacadh, maille le tograí sonracha chun an dréachtbheart a leasú, faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 32(7) mutatis mutandis.

6.  

Laistigh de mhí amháin tar éis don Choimisiún an moladh a eisiúint i gcomhréir le pointe (a) de mhír 5 nó a fhorchoimeádais a tharraingt siar i gcomhréir le pointe (b) de mhír 5, déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta an beart críochnaitheach arna ghlacadh a chur in iúl don Choimisiún agus do BEREC.

Féadfar síneadh a chur leis an tréimhse sin chun a chur ar a chumas don údarás rialála náisiúnta dul i mbun comhairliúchán poiblí i gcomhréir le hAirteagal 23.

7.  
I gcás ina gcinnfidh an t-údarás rialála náisiúnta gan an dréachtbheart a leasú nó a tharraingt siar de bhun moladh arna eisiúint faoi phointe (a) de mhír 5, tabharfaidh sé cúiseanna ina leith sin.
8.  
Féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta an dréachtbheart molta a tharraingt siar ag aon chéim den nós imeachta.

Airteagal 34

Bearta cur chun feidhme

Tar éis comhairliúchán poiblí agus tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis rialála náisiúnta, agus lánaird á tabhairt aige ar thuairim BEREC, féadfaidh an Coimisiún moltaí nó treoirlínte a ghlacadh maidir le hAirteagal 32 ina leagtar síos foirm, ábhar agus leibhéal sonraí na bhfógraí a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 32(3), agus lena sainítear na himthosca nach mbeadh gá le fógraí, agus ríomh na dtairseach ama.



CAIBIDIL II

Sannadh comhsheasmhach speictrim raidió

Airteagal 35

Próiseas an athbhreithnithe piaraí

1.  

I gcás ina mbíonn sé ar intinn ag an údarás rialála náisiúnta nó ag údarás inniúil eile dul i mbun nós imeachta roghnúcháin i gcomhréir le hAirteagal 55(2) i dtaca le speictrim raidió ar ina leith a dhéantar na coinníollacha comhchuibhithe teicniúla a bhunú i mbearta cur chun feidhme teicniúla i gocmhréir le Cinneadh Uimh. 676/2002/CE ionas gur féidir a úsáid le haghaidh líonraí agus seirbhísí leathanbhanda gan sreang a éascú ina leith, tabharfaidh sé fógra, de bhun Airteagal 23, do RSPG faoi dhréachtbheart ar bith a thagann faoi raon feidhme an nós imeachta roghnúcháin comparáideach nó iomaíoch de bhun Airteagal 55(2) agus sonróidh sé cibé acu atá nó nach bhfuil sé ag iarraidh ar RSPG Fóram Athbhreithnithe Piaraí a chomóradh agus, má tá, cén uair.

Arna iarraidh sin dó, eagróidh RSPG Fóram Athbhreithnithe Piaraí chun na dréachtbhearta a phlé agus chun tuairimí ina leith a chomhroinnt agus éascóidh sé an malartú dea-chleachtais agus an malartú taithí maidir leis na dréachtbhearta sin.

Is iad a bheidh ar an bhFóram Athbhreithnithe Piaraí comhaltaí de RSPG, agus is ionadaí de chuid RSPG a eagróidh an fóram agus a dhéanfaidh cathaoirleacht air.

2.  
I gcás eisceachtúil agus ar a dhéanaí le linn an chomhairliúcháin phoiblí a dhéanfar de bhun Airteagal 23, féadfaidh RSPG fóram Athbhreithnithe Piaraí a thionól i gcomhréir leis na rialacha nós imeachtaí i dtaca lena eagrú, chun taithí agus dea-chleachtas maidir leis na dréachtbhearta a chomhroinnt a mhéid a bhaineann le nós imeachta roghnúcháin má mheastar dó go ndéanfadh an dréachtbheart an-dochar do chumas an údaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúil eile na cuspóirí a leagtar amach in Airteagail 3, 45, 46 agus 47 a bhaint amach.
3.  
Saineoidh RSPG roimh ré na critéir oibiachtúla maidir le fóram athbhreithnithe piaraí a thionól ar bhonn eisceachtúil agus cuirfidh sé na critéir sin ar fáil go poiblí.
4.  

Le linn an fhóraim Athbhreithnithe Piaraí, tabharfaidh an t-údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile míniú maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

an chaoi a gcuirfidh an dréachtbheart forbairt an mhargaidh inmheánaigh chun cinn, an chaoi a gcuirfidh sé soláthar seirbhísí trasteorann chun cinn, an chaoi a gcuirfidh sé an t-iomaíochas chun cinn agus an chaoi a mbeidh an tairbhe is mó is féidir le baint ag tomhaltóirí dá bharr, agus an chaoi a mbainfidh sé amach, i gcoitinne, na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3, in Airteagail 45, 46 agus 47 den Treoir seo, agus chomh maith céanna i gCinntí Uimh. 676/2002/CE agus 243/2012/AE;

(b) 

an chaoi a n-áiritheoidh sé go mbainfear úsáid éifeachtach agus éifeachtúil as speictream raidió; agus

(c) 

an chaoi a n-áiritheoidh sé coinníollacha seasmhacha agus intuartha d'úsáideoirí speictrim raidió atá anois ann agus d'úsáideoirí ionchasacha agus líonraí á n-imscaradh acu chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar a bhíonn ag brath ar speictream raidió.

5.  
Féadfaidh saineolaithe ó údaráis inniúla eile agus ó BEREC a bheith rannpháirteach sa bhFóram Athbhreithnithe Piaraí ar bhonn deonach.
6.  
Ní thionólfar an Fóram Athbhreithnithe Piaraí ach an t-aon uair amháin le linn an phróisis ullmhúcháin náisiúnta i gcoitinne agus le linn an phróisis comhairliúcháin i gcás nós imeachta roghnúcháin aonair maidir le banda amháin nó níos mó de na bandaí speictrim raidió, mura rud é go n-iarrann an t-údarás rialála náisiúnta nó an t-údarás inniúil go ndéanfaí an fóram a thionól athuair.
7.  
Arna iarraidh sin don údarás rialála náisiúnta nó d'údarás inniúil eile a d'iarr an cruinniú, féadfaidh RSPG tuarascáil a ghlacadh maidir leis an gcaoi a mbaineann an dréachtbheart amach na cuspóirí dá bhforáiltear i mír 4, agus na tuairimí a roinneadh i dtionól an fhóraim Athbhreithnithe Piaraí á léiriú ann.
8.  
Foilseoidh RSPG tuarascáil gach bliain i mí Feabhra maidir leis na dréachtbhearta a pléadh de bhun mhír 1 agus mhír 2. Léireofar sa tuarascáil an taithí agus an dea-chleachtas a tugadh ar aird.
9.  
Tar éis an Fóram Athbhreithnithe Piaraí, arna iarraidh sin don údarás rialála náisiúnta nó d'údarás inniúil eile a d'iarr an cruinniú, féadfaidh RSPG tuairim a ghlacadh maidir leis an dréachtbheart.

Airteagal 36

Sannadh comhchuibhithe speictrim raidió

I gcás inar comhchuibhíodh úsáid an speictrim raidió, inar aontaíodh coinníollacha agus nósanna imeachta maidir le rochtain, agus inar roghnaíodh na gnóthais a sannfar an speictream raidió dóibh i gcomhréir le comhaontuithe idirnáisiúnta agus le dlíthe an Aontais, déanfaidh na Ballstáit na cearta úsáide don speictream raidió sin a dheonú i gcomhréir leis sin. Ar choinníoll gur comhlíonadh na coinníollacha náisiúnta ar fad a bhaineann le ceart úsáide an speictrim raidió lena mbaineann i gcás nós imeachta roghnúcháin coiteann, ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon choinníollacha breise ná aon chritéir ná nósanna imeachta breise lena ndéanfaí cur chun feidhme ceart an chomhshannaithe don speictream raidió sin a shrianadh, a athrú nó moill a chur air.

Airteagal 37

Próiseas údaraithe chomhpháirtigh chun cearta úsáide aonair do speictream raidió a dheonú

Féadfaidh dhá Bhallstát, nó roinnt Ballstát, oibriú i gcomhar le chéile agus le RSPG agus aon spéis a léirigh na rannpháirtithe margaidh a chur san áireamh, trí na gnéithe coiteanna de phróiseas údaraithe a bhunú go comhpháirteach agus, i gcás inarb iomchuí, tríd an bpróiseas roghnúcháin a chur i gcrích go comhpháirteach chun cearta úsáide aonair a dheonú do speictream raidió.

Agus an próiseas údaraithe chomhpháirtigh á cheapadh, féadfaidh na Ballstáit na critéir seo a leanas a chur san áireamh:

(a) 

cuirfidh na húdaráis inniúla tús leis na próisis údaraithe náisiúnta aonair agus cuirfidh siad na próisis sin chun feidhme i gcomhréir le sceideal arna chomhaontú go comhpháirteach;

(b) 

déanfar foráil ann, i gcás inarb iomchuí, maidir le coinníollacha comhchoiteanna agus le nósanna imeachta comhchoiteanna chun cearta úsáide aonair do speictream raidió a roghnú agus a dheonú i measc na mBallstát lena mbaineann;

(c) 

déanfar foráil ann, i gcás inarb iomchuí, maidir le coinníollacha comhchoiteanna nó inchomparáide a cheangal leis na cearta úsáide aonair do speictream raidió idir na Ballstáit lena mbaineann, inter alia lena gceadaítear bloic speictrim raidió chomhchosúla a shannadh d'úsáideoirí;

(d) 

beidh sé ar oscailt do na Ballstáit eile, gach tráth, go dtí go mbeidh an comhphróiseas údaraithe curtha i gcrích.

I gcás, in ainneoin na spéise a léirigh na rannpháirtithe margaidh, nach ngníomhaíonn na Ballstáit go comhpháirteach, cuirfidh siad na rannpháirtithe margaidh sin ar an eolas faoi na cúiseanna atá lena gcinneadh.



CAIBIDIL III

Nósanna imeachta um chomhchuibhiú

Airteagal 38

Nósanna imeachta um chomhchuibhiú

1.  
I gcás ina gcinneann an Coimisiún go bhféadfadh sé go gcruthódh éagsúlachtaí i gcur chun feidhme na gcúraimí rialála ag na húdaráis rialála náisiúnta nó ag údaráis inniúla eile na gcúraimí rialála a shonraítear sa Treoir seo bac don mhargadh inmheánach, féadfaidh an Coimisiún, agus lánaird á tabhairt aige ar thuairim BEREC, nó tuairim RSPG más iomchuí, moltaí nó, de bhun mhír 3 den Airteagal seo, cinntí a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme chun cur i bhfeidhm comhchuibhithe na Treorach seo a áirithiú, chun cur leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach.
2.  
Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus na húdaráis inniúla eile lánaird ar na moltaí dá dtagraítear i mír 1 agus a gcúraimí á gcur i gcrích acu. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile gan moladh a leanúint, cuirfidh sé é sin in iúl don Choimisiún agus tabharfaidh sé na cúiseanna lena sheasamh.
3.  

Ní chuirfear ach sainaithint cur chuige comhchuibhithe nó comhordaithe san áireamh sna cinntí arna nglacadh de bhun mhír 1 chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna seo a leanas:

(a) 

cur chun feidhme neamhréireach na gcur chuige rialála ginearálta ag na húdaráis rialála náisiúnta maidir le rialáil margaí cumarsáide leictreonaí i gcur i bhfeidhm Airteagal 64 agus Airteagal 67, i gcás ina gcruthaíonn an cur chun feidhme neamhréireach sin bac don mhargadh inmheánach. Ní dhéanfar tagairt sna cinntí sin d'fhógraí ar leith arna n-eisiúint ag na húdaráis rialála náisiúnta de bhun Airteagal 32, i gcás den sórt sin, ní mholfaidh an Coimisiún dréachtchinnedh ach amháin:

(i) 

tar éis dhá bhliain ar a laghad ó ghlacadh cinneadh ón gCoimisiún maidir leis an gceist chéanna, agus

(ii) 

agus lánaird á tabhairt ar aon tuairim ó BEREC faoin gcás maidir le cinneadh den sórt sin a ghlacadh, tuairim a chuirfidh BEREC ar fáil laistigh de thrí mhí ón iarraidh a fháil ón gCoimisiún;

(b) 

uimhriú, lena n-airítear raonta uimhreacha, inaistritheacht uimhreacha agus aitheantóirí, córais aistrithe uimhreacha agus seoltaí, agus rochtain ar sheirbhísí éigeandála trí uimhir aonair éigeandála Eorpach “112”.

4.  
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(4).
5.  
Féadfaidh BEREC, ar a thionscnamh féin, comhairle a chur ar an gCoimisiún i dtaobh ar cheart nó nár cheart beart a ghlacadh de bhun mhír 1.
6.  

Mura mbeidh moladh nó cinneadh glactha ag an gCoimisiún laistigh d'aon bhliain amháin ón dáta a nglacfaidh BEREC tuairim ina léirítear éagsúlachtaí i gcur chun feidhme na gcúraimí rialála a shonraítear sa Treoir seo ag na húdaráis rialála náisiúnta nó ag na húdaráis inniúla, a chruthódh bac don mhargadh inmheánach, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi na cúiseanna nach ndearna sé amhlaidh, agus fógróidh sé na cúiseanna sin go poiblí.

I gcás ina nglacann an Coimisiún moladh i gcomhréir le mír 1 ach go leanann an cur chun feidhme díréireach, a chruthaíonn bac don margadh inmheánach, go ceann dhá bhliain eile ina dhiaidh sin, glacfaidh an Coimisiún cinneadh i gcomhréir le mír 3, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun mhír 4.

Mura mbeidh cinneadh glactha ag an gCoimisiún bliain eile tar éis aon mholta a ghlactar de bhun an dara fomhír, tabharfaidh sé fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi na cúiseanna nach ndearna sé amhlaidh, agus fógróidh sé na cúiseanna sin go poiblí.

Airteagal 39

Caighdeánú

1.  
Déanfaidh an Coimisiún liosta de chaighdeáin nó sonraíochtaí neamhéigeantacha a ullmhú agus a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh mar bhonn chun soláthar comhchuibhithe a spreagadh do líonraí cumarsáide leictreonaí, do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí agus do shaoráidí gaolmhara agus do sheirbhísí gaolmhara. I gcás inar gá, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le Treoir (AE) 2015/1535, a iarraidh gurb iad na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú (an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEE), Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec), agus Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI)) a ullmhóidh na caighdeáin.
2.  

Spreagfaidh na Ballstáit úsáid na gcaighdeán nó na sonraíochtaí dá dtagraítear i mír 1 chun seirbhísí, comhéadain theicniúla nó feidhmeanna líonra a sholáthar, a mhéid a bhfuil géarghá leis chun idir-inoibritheacht seirbhísí, nascacht inn go hinn agus éascú malartaithe soláthraí agusinaistritheachta uimhreacha agus aitheantóirí a áirithiú, agus saoirse rogha a fheabhsú do thomhaltóirí.

Fad is nár foilsíodh na caighdeáin nó na sonraíochtaí i gcomhréir le mír 1, spreagfaidh na Ballstáit cur chun feidhme na gcaighdeán nó na sonraíochtaí arna nglacadh ag na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú.

In éagmais na gcaighdeán nó na sonraíochtaí sin, spreagfaidh na Ballstáit cur chun feidhme caighdeán idirnáisiúnta nó moltaí arna nglacadh ag an Aontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáide (AIT), ag Comhdháil Eorpach na Riarachán Poist agus Teileachumarsáide (CEPT), ag Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán (ISO) agus ag an gCoimisiún Idirnáisiúnta Leictriteicniúil (IEC).

I gcás inarb ann do chaighdeáin idirnáisiúnta, tabharfaidh na Ballstáit spreagadh do na heagraíochta Eorpacha um chaighdeánú iad a úsáid, nó codanna úsáideacha díobh a úsáid, mar bhonn do na caighdeáin a fhorbraíonn siad, ach amháin i gcás ina mbeadh na caighdeáin idirnáisiúnta sin, nó na codanna ábhartha díobh, neamhéifeachtach.

Caighdeán nó sonraíochtaí ar bith dá dtagraítear i mír 1 nó dá dtagraítear sa mhír seo, ní choiscfidh sé rochtain de réir mar a éileofaí faoin Treoir seo, nuair is indéanta sin.

3.  
Más rud é nár cuireadh na caighdeáin nó na sonraíochtaí dá dtagraítear i mír 1 chun feidhme go hiomchuí ionas nach féidir inoibritheacht seirbhísí i mBallstát amháin nó níos mó ná sin a áirithiú, féadfar cur chun feidhme na gcaighdeán nó na sonraíochtaí sin a dhéanamh éigeantach faoin nós imeachta a leagtar amach i mír 4, a mhéid atá sé fíor-riachtanach chun an idir-inoibritheacht sin a áirithiú agus chun saoirse rogha do thomhaltóirí a fheabhsú.
4.  
I gcás ina bhfuil rún ag an gCoimisiún cur chun feidhme caighdeán nó sonraíochtaí áirithe a dhéanamh éigeantach, foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus fáilteoidh sé roimh bharúlacha poiblí ó na páirtithe uile lena mbaineann. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cur chun feidhme na gcaighdeán ábhartha éigeantach trí thagairt a dhéanamh dóibh mar chaighdeáin éigeantacha i liosta na gcaighdeán nó na sonraíochtaí arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
5.  
I gcás ina measann an Coimisiún nach rannchuidíonn na caighdeáin nó na sonraíochtaí dá dtagraítear i mír 1 le soláthar comhchuibhithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí a thuilleadh, nach bhfuil siad oiriúnach a thuilleadh do riachtanais na dtomhaltóirí, nó go gcuireann siad bac ar fhorbairtí teicneolaíochta, déanfaidh an Coimisiún na caighdeáin nó na sonraíochtaí sin a bhaint de liosta na gcaighdeán nó na sonraíochtaí dá dtagraítear i mír 1.
6.  
I gcás ina measann an Coimisiún nach rannchuidíonn na caighdeáin nó na sonraíochtaí dá dtagraítear i mír 4 le soláthar comhchuibhithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí a thuilleadh, nach bhfuil siad oiriúnach a thuilleadh do riachtanais na dtomhaltóirí, nó go gcuireann siad bac ar fhorbairtí teicneolaíochta, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na caighdeáin nó na sonraíochtaí sin a bhaint de liosta na gcaighdeán nó na sonraíochtaí dá dtagraítear i mír 1.
7.  
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 6 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(4).
8.  
Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le haon cheann de na ceanglais fhíor-riachtanacha, na sonraíochtaí comhéadain ná na caighdeáin chomhchuibhithe a bhfuil feidhm ag Treoir 2014/53/AE ina leith.



TEIDEAL V

SLÁNDÁIL

Airteagal 40

Slándáil líonraí agus seirbhísí

1.  

Maidir le soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na gnóthais sin bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí agus comhréireacha chun na rioscaí do shlándáil líonraí agus do shlándáil seirbhísí a bhainistiú go hiomchuí. Ag féachaint do staid na teicneolaíochta, áireofar leis na bearta sin go mbeidh an leibhéal slándála oiriúnach do mhéid an bhaoil atá ann. Go háirithe, glacfar bearta, lena n-áirítear criptiú nuair is iomchuí, chun teagmhais slándála a chosc agus chun a dtionchar ar úsáideoirí agus ar líonraí agus seirbhísí eile a íoslaghdú.

Éascóidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise ('ENISA') an comhordú idir na Ballstáit, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 ó Phairlimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ), chun éagsúlacht idir na ceanglais náisiúnta a sheachaint a chruthódh rioscaí slándála agus bacainní don mhargadh inmheánach.

2.  

Maidir le soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí is inrochtana go poiblí, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na gnóthais sin fógra chuig an údarás inniúil gan moill mhíchuí faoi aon teagmhas slándála a raibh tionchar suntasach aige ar oibriú líonraí nó seirbhísí.

Chun tionchar teagmhais slándála a chinneadh, tabharfar na paraiméadair seo a leanas, go háirithe, san áireamh, ach fáil a bheith orthu:

(a) 

líon na n-úsáideoirí a raibh tionchar ag an teagmhas slándála orthu;

(b) 

an t-achar a mhair an teagmhas slándála;

(c) 

raon geografach an limistéir a raibh tionchar ag an teagmhas slándála air;

(d) 

a mhéid a dhéantar difear d'oibriú an líonra nó na seirbhíse;

(e) 

méid an tionchair ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta.

I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann, na húdaráis inniúla sna Ballstáit eile, agus ENISA, a chur ar an eolas. Féadfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann an pobal a chur ar an eolas nó ceangal a chur ar na soláthraithe é sin a dhéanamh, i gcás ina measann sé gur chun leasa an phobail é an teagmhas slándála a nochtadh.

Uair sa bhliain, déanfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann tuarascáil achomair a thíolacadh don Choimisiún agus do ENISA maidir leis na fógraí a bheidh faighte aige agus maidir leis an ngníomhaíocht arna glacadh i gcomhréir leis an mír seo.

3.  
I gcás ina mbíonn an baol ann go dtarlóidh bagairt shuaithinseach áirithe slándála i dtaca le líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó seirbhísí cumarsáide a bhíonn ar fáil don phobal, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh soláthraithe na líonraí nó na seirbhísí sin gach úsáideoir a d'fhéadfadh a bheith thíos leis an mbagairt sin a chur ar an eolas i dtaobh aon bhearta cosanta nó réitigh ar féidir leis na húsáideoirí iad a ghlacadh. I gcás inarb iomchuí, cuirfidh na soláthraithe a gcuid úsáideoirí ar an eolas freisin faoin mbagairt.
4.  
Ní dochar an tAirteagal seo do Rialachán (AE) 2016/679 ná do Threoir 2002/58/CE.
5.  

Féadfaidh an Coimisiún, agus lánaird á tabhairt aige ar thuairim ENISA, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina mionsonrófar na bearta teicniúla agus eagraíochtúla dá dtagraítear i mír 1, agus na dálaí, an fhormáid, agus na nósanna imeachta is infheidhme i leith ceanglais fógra de bhun mhír 2. Beidh siad bunaithe ar chaighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta, a mhéid is mó is féidir, agus ní choiscfidh na gníomhartha sin na Ballstáit ó cheanglais bhreise a ghlacadh d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a shaothrú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(4).

Airteagal 41

Cur chun feidhme agus forfheidhmiú

1.  
Chun go gcuirfear Airteagal 40 i bhfeidhm, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag na húdaráis inniúla treoracha ceangailteacha a eisiúint, lena n-áirítear na treoracha sin maidir leis na bearta is gá chun teagmhas slándála a leigheas nó chun a áirithiú nach dtarlaíonn teagmhas den chineál sin ach a sainaithnítear bagairt thromchúiseach agus le teorainneacha ama don chur chun feidhme, do sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí.
2.  

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag údaráis inniúla a cheangal ar sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí:

(a) 

an fhaisnéis is gá a sholáthar le measúnú a dhéanamh ar shlándáil a líonraí agus a seirbhísí, lena n-áirítear beartais slándála dhoiciméadaithe; agus

(b) 

dul faoi iniúchadh slándála arna dhéanamh ag comhlacht neamhspleách cáilithe nó ag údarás inniúil, agus torthaí an iniúchta sin a chur ar fáil don údarás inniúil; is é an soláthraí a íocfaidh costas an iniúchta.

3.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí ar fad is gá ag na húdaráis inniúla chun cásanna de neamhchomhlíonadh agus a n-éifeachtaí ar shlándáil na líonraí agus na seirbhísí a fhiosrú.
4.  
Chun go gcuirfear Airteagal 40 i bhfeidhm, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag na húdaráis inniúla cabhair a fháil ó Fhoireann Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí ('CSIRT') arna hainmniú de bhun Airteagal 9 de Threoir (AE) 2016/1148 maidir le saincheisteanna a thagann faoi chúraimí na CSIRTanna de bhun phointe 2 d'Iarscríbhinn I den Treoir sin.
5.  
Rachaidh na húdaráis inniúla i mbun comhairliúcháin leis na húdaráis náisiúnta um fhorfheidhmiú an dlí, leis na húdaráis inniúla de réir bhrí Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2016/1148 agus leis na húdaráis náisiúnta cosanta sonraí, agus oibreoidh siad i gcomhar leis na húdaráis sin, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.



CUID II

LÍONRAÍ



TEIDEAL I

IONTRÁIL SA MHARGADH AGUS IMSCARADH



CAIBIDIL I

Táillí

Airteagal 42

Táillí le haghaidh cearta úsáide do speictream raidió agus cearta chun saoráidí a shuiteáil

1.  
Féadfaidh na Ballstáit a chur ar a chumas don údarás inniúil táillí a fhorchur le haghaidh cearta úsáide do speictream raidió nó le haghaidh cearta chun saoráidí a shuiteáil ar mhaoin phoiblí nó phríobháideach, nó faoi bhun na maoine sin, ar maoin í a úsáidtear chun líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus saoráidí gaolmhara a sholáthar lena n-áirithítear an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na hacmhainní sin. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh bonn cirt oibiachtúil leis na táillí sin, agus go mbeidh siad trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, agus comhréireach ó thaobh na haidhme atá leo agus go gcuirfear san áireamh leo cuspóirí ginearálta na Treorach seo.
2.  

Maidir le cearta úsáide do speictream raidió, féachfaidh na Ballstáit lena áirithiú go socraítear na táillí iarratais ar leibhéal lena n-áirithítear sannadh éifeachtach agus úsáid éifeachtach speictrim raidió, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas:

(a) 

praghsanna forchoimeádta a shocrú mar bhuntáillí le haghaidh cearta úsáide do speictream raidió ag féachaint do luach na gceart sin ó thaobh na n-úsáidí malartacha a d'fhéadfadh a bheith acu;

(b) 

ag cur san áireamh na costais a tharraingítear de bharr na gcoinníollacha a ghabhann leis na cearta; agus

(c) 

ag cur i bhfeidhm a mhéid is féidir socruithe íoctha a bhaineann le hinrochtaineacht iarbhír chun an speictream raidió a úsáid.



CAIBIDIL II

Rochtain ar thalamh

Airteagal 43

Cearta slí

1.  

Áirtheoidh na Ballstáit i gcás ina ndéanfaidh údarás inniúil iarratas ar dheonú ceart úsáide a mheas:

— 
saoráidí a shuiteáil ar mhaoin phríobháideach nó phoiblí, os cionn maoin phríobháideach nó phoiblí nó faoina bun do ghnóthas údaraithe chun líonraí cumarsáide lecitreonaí poiblí a sholáthar, nó
— 
saoráidí a shuiteáil ar mhaoin phríobháideach nó phoiblí os cionn maoin phríobháideach nó phoiblí nó faoina bun do ghnóthas údaraithe chun líonraí cumarsáide a sholáthar nach líonraí don phobal iad,

áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t-údarás inniúil sin:

(a) 

gníomhú ar bhonn nósanna imeachta simplí, éifeachtúla, trédhearcacha agus a bhfuil fáil poiblí orthu, arna gcur i bhfeidhm gan idirdhealú agus gan mhoill, agus ar aon chaoi, a chinneadh a dhéanamh laistigh de shé mhí ón iarratas a fháil, ach amháin i gcás díshealbhaithe, agus

(b) 

prionsabail na trédhearcachta agus an neamh-idirdhealaithe a leanúint agus coinníollacha á gceangal acu leis na cearta sin.

Féadann na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) a bheith éagsúil ag brath ar an bhfuil líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí á soláthar ag an iarratasóir nó nach bhfuil.

2.  
I gcás ina gcoimeádann údaráis phoiblí nó áitiúla úinéireacht nó rialú gnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh deighilt struchtúrach idir an fheidhm atá freagrach as na cearta dá dtagraítear i mír 1 a dheonú agus na gníomhaíochtaí a bhaineann le húinéireacht nó le rialú.

Airteagal 44

Comhshuí agus comhroinnt eilimintí líonra agus saoráidí gaolmhara do sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí

1.  

I gcás inar fheidhmigh oibreoir an ceart faoin dlí náisiúnta saoráidí a shuiteáil ar mhaoin phoiblí nó phríobháideach os cionn maoin phoiblí nó phríobháideach nó faoi bhun na maoine sin, nó inar bhain sé sochar as nós imeachta chun maoin a dhíshealbhú nó a úsáid, féadfaidh na húdaráis inniúla comhshuíomh agus comhroinnt na n-eilimintí líonra agus saoráidí gaolmhara arna suiteáil ar an mbonn sin a fhorchur, chun an comhshaol, sláinte phoiblí agus slándáil phoiblí a chosaint nó chun cuspóirí pleanála baile agus tuaithe a bhaint amach.

Ní fhéadfar comhshuíomh agus comhroinnt maoine, eilimintí líonra, agus saoráidí gaolmhara arna suiteáil a fhorchur ach amháin tar éis tréimhse iomchuí de chomhairliúchán poiblí, tréimhse ina dtabharfar deis do gach páirtí leasmhar a thuairimí a chur in iúl, agus ach amháin sna limistéir ar leith ina meastar go bhfuil gá leis an gcomhroinnt sin chun na cuspóirí dá bhforáiltear sa chéad fhomhír a bhaint amach. Féadfaidh údaráis inniúla comhroinnt na saoráidí nó na maoine sin a fhorchur, lena n-áirítear talamh, foirgnimh, bealaí isteach chuig foirgnimh, sreangú foirgneamh, crainn, aeróga, túir agus struchtúir tacaíochta eile, duchta, seolphíobáin, dúnphoill agus caibinéid nó bearta a éascaíonn comhordú oibreacha poiblí. I gcás inar gá, féadfaidh Ballstát údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile a ainmniú le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na cúraimí seo a leanas:

(a) 

chun comhordú a dhéanamh ar an bpróiseas dá bhforáiltear san Airteagal seo,

(b) 

chun gníomhú mar phointe faisnéise

(c) 

chun rialacha a leagan síos maidir le cionroinnt na gcostas a bhaineann le comhroinnt saoráide nó maoine nó le comhordú oibreacha sibhialta.

2.  
Maidir leis na bearta a ghlacann údarás inniúil i gcomhréir leis an Airteagal seo, beidh siad oibiachtúil, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach. I gcás inarb ábhartha, cuirfear na bearta sin i gcrích i gcomhordú leis na húdaráis rialála náisiúnta.



CAIBIDIL III

Rochtain ar speictream raidió



Roinn 1

Údaruithe

Airteagal 45

Speictream raidió a bhainistiú

1.  

Agus lánaird á tabhairt acu gur chun leas an phobail é an speictream raidió, a bhfuil luach sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch aige, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar speictream raidió a bhainistiú go héifeachtach do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí ina gcríocha i gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4. Maidir leis an leithdháileadh chun údaruithe ginearálta a eisiúint nó cearta úsáide aonair don speictream raidió do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí a dheonú d'údaráis inniúla, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar sin a bhunú ar chritéir oibiachtúla, thrédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha, agus chomhréireacha atá i bhfabhar na hiomaíochta.

Agus an tAirteagal seo á chur i bhfeidhm, urramóidh na Ballstáit comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear Rialacháin Raidió ITU agus comhaontuithe eile arna nglacadh laistigh de chreatlach ITU, is infheidhme maidir le speictream raidió, amhail an comhaontú ar thángthas air ag Comhdháil Radachumarsáide Réigiúnaí 2006, agus féadfaidh siad breithnithe maidir leis an mbeartas poiblí a chur san áireamh freisin.

2.  

Déanfaidh na Ballstáit úsáid chomhchuibhithe an speictrim raidió ag líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chur chun cinn ar fud an Aontais, i gcomhréir leis an ngá atá le húsáid éifeachtach agus éifeachtúil speictrim raidió a áirithiú, agus chun buntáistí don tomhaltóir a bhaint amach amhail iomaíocht, barainneacht scála agus idir-inoibritheacht líonraí agus seirbhísí. Agus le linn dóibh déanamh amhlaidh, gníomhóidh siad i gcomhréir le hAirteagal 4 den Treoir seo agus le Cinneadh Uimh. 676/2002/CE, inter alia, tríd an méid seo a leanas:

(a) 

cumhdach leathanbhanda gan sreang ar ardcháilíocht agus ar ardluas a shaothrú dá gcríoch náisiúnta agus dá ndaonra, mar aon le cumhdach ar mhórbhealaí iompair náisiúnta agus ar bhealaí iompair an Aontais lena n-áirítear gréasán tras-Eorpach iompair dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 );

(b) 

forbairt mhear ar theicneolaíochtaí nua agus ar fheidhmchláir nua gan sreang san Aontas a éascú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cur chuige trasearnála;

(c) 

intuarthacht agus comhsheasmhacht a áirithiú i ndáil le cearta úsáide do speictream raidió a dheonú, a athnuachan, a leasú, a shrianadh agus a tharraingt siar chun infheistíochtaí fadtéarmacha a chur chun cinn;

(d) 

a áirithiú go gcoiscfear trasnaíocht dhíobhálach trasteorann nó náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 28 agus le hAirteagal 46 faoi seach, agus go nglacfar bearta réamhghabhálacha agus ceartaitheacha iomchuí chun na críche sin;

(e) 

úsáid chomhroinnte speictrim raidió a chur chun cinn idir úsáidí comhchosúla nó difriúla den speictream raidió i gcomhréir le dlí na hiomaíochta;

(f) 

an córas údaraithe is iomchuí agus lena mbaineann an t-ualach is lú agus is féidir a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 46 ar bhealach ina méadaítear ar sholúbthacht, comhroinnt agus éifeachtúlacht maidir le húsáid speictrim raidió;

(g) 

rialacha a chur i bhfeidhm maidir le cearta úsáide do speictream raidió a dheonú, a aistriú, a athnuachan, a mhodhnú agus a tharraingt siar, a leagtar síos go soiléir agus go trédhearcach chun cinnteacht, comhsheasmhacht agus intuarthacht rialála a ráthú;

(h) 

comhsheasmhacht agus intuarthacht a shaothrú ar fud an Aontais maidir leis an mbealach a n-údaraítear úsáid speictrim raidió ó thaobh sláinte phoiblí a chosaint lena gcuirtear san áireamh Moladh 1999/519/CE.

Chun críche na chéad fhomhíre, agus i gcomhthéacs forbartha na mbeart cur chun feidhme teicniúla i gcomhair banda speictrim raidió a fhorbairt faoi Chinneadh Uimh. 676/2002/CE, féadfaidh an Coimisiún a iarradh ar RSPG moladh a éisiúint ina moltar an réimeas/na réimis údaraithe is iomchuí maidir le húsáid speictrim raidió sa bhanda sin nó i gcodanna de. I gcás inarb iomchuí, agus lánaird a thabhairt ar an tuairim sin, féadfaidh an Coimisiún moladh a ghlacadh d'fhonn cur chuige comhsheasmhach a chur chun cinn san Aontas i ndáil leis na réimis údaraithe maidir le húsáid an bhanda sin.

I gcás ina mbeidh a mharana á dhéanamh ag an gCoimisiún maidir le bearta a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 39(1), (4), (5) agus (6), féadfaidh sé a iarraidh ar RSPG tuairim a thabhairt maidir le himpleachtaí aon chaighdeáin nó sonraíochta den sórt sin le haghaidh comhordú, comhchuibhiú agus infhaighteacht speictrim raidió. Tabharfaidh an Coimisiún lánaird ar thuairim RSPG agus aon chéim á glacadh aige ina dhiaidh sin.

3.  

I gcás easpa éilimh náisiúnta nó idirnáisiúnta sa mhargadh chun banda a úsáid sa speictrim raidió comhchuibhithe, féadfaidh na Ballstáit úsáid mhalartach an bhanda ar fad, nó cuid de, a cheadú, lena n-áirítear an úsáid atá ann cheana, i gcomhréir le mír 4 agus le mír 5 den Airteagal seo, ar choinníoll:

(a) 

gur comhairliúchán poiblí i gcomhréir le hAirteagal 23 is bonn le heaspa éilimh chun banda den sórt sin a úsáid a bheith á fáil, lena n-áirítear measúnú réamhbhreathnaitheach ar éileamh an mhargaidh;

(b) 

nach gcuirtear cosc ná bac ar infhaighteacht nó úsáid banda den sórt sin i mBallstáit eile leis an úsáid mhalartach sin; agus

(c) 

go dtugann an Ballstát lena mbaineann lánaird ar infhaighteacht nó úsáid fhadtéarmach banda den sórt sin san Aontas agus ar bharainneacht scála do threalamh mar thoradh ar úsáid an speictrim raidió chomhchuibhithe san Aontas.

Beidh aon chinneadh chun úsáid mhalartach a lamháil ar bhonn eisceachtúil faoi réir athbhreithniú rialta agus, déanfar athbhreithniú go pras air, ar aon chuma, ar iarraidh chuí-réasúnaithe ón úsáideoir ionchais don údarás inniúil chun an banda a úsáid i gcomhréir leis an mbeart cur chun feidhme teicniúil. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoin gcinneadh a glacadh, mar aon leis na cúiseanna atá leis, agus faoi thorthaí aon athbhreithnithe.

4.  

Gan dochar don dara fomhír, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar gach cineál teicneolaíochta a úsáidtear do sholáthar líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a úsáid sa speictream raidió, ar dearbhaíodh é a bheith ar fáil le haghaidh seirbhísí cumarsáide leictreonaí ina bPlean Náisiúnta um Leithdháileadh Minicíochtaí, i gcomhréir le dlí an Aontais.

Féadfaidh na Ballstáit, áfach, foráil a dhéanamh maidir le srianta comhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha ar na cineálacha teicneolaíochta do líonra raidió nó do rochtain gan sreang, ar teicneolaíochta iad a úsáidtear do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí, i gcás ina bhfuil gá leis na srianta sin chun:

(a) 

trasnaíocht dhíobhálach a sheachaint;

(b) 

sláinte phoiblí a chosaint ar réimsí leictreamaighnéadacha, agus lánaird á tabhairt ar Mholadh 1999/519/CE;

(c) 

cáilíocht theicniúil seirbhíse a áirithiú;

(d) 

méadú ar chomhroinnt speictrim raidió a áirithiú;

(e) 

úsáid éifeachtúil speictrim raidió a áirithiú; nó

(f) 

a áirithiú go gcomhlíonfar cuspóir leasa ghinearálta i gcomhréir le mír 5.

5.  

Gan dochar don dara fomhír, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar gach cineál teicneolaíochta a úsáidtear do sheirbhísí nó líonraí cumarsáide leictreonaí a sholáthar sa speictream raidió, ar dearbhaíodh é a bheith ar fáil le haghaidh seirbhísí cumarsáide leictreonaí ina bPlean Náisiúnta um Leithdháileadh Minicíochtaí i gcomhréir le dlí an Aontais. Féadfaidh na Ballstáit, áfach, foráil a dhéanamh maidir le srianta comhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha ar na cineálacha seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá le soláthar, lena n-áirítear, i gcás inar gá, chun ceanglas a chomhlíonadh faoi Rialacháin Raidió ITU.

Beidh bonn cirt le bearta lena gceanglaítear go ndéanfar seirbhís cumarsáide leictreonaí a sholáthar i mbanda ar leith ar banda é atá ar fáil do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí, chun a áirithiú go gcomhlíonfar cuspóir leasa ghinearálta arna leagan síos ag na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear na nithe seo a leanas, agus gan a bheith teoranta dóibh:

(a) 

sábháilteacht beatha;

(b) 

comhtháthú sóisialta, réigiúnach nó críochach a chur chun cinn;

(c) 

úsáid neamhéifeachtúil speictrim raidió a sheachaint; nó

(d) 

éagsúlacht chultúrtha agus teanga agus iolrachas na meán a chur chun cinn, mar shampla seirbhísí craolacháin raidió agus teilifíse a sholáthar.

Ní fhéadfar foráil a dhéanamh maidir le beart lena gcuirtear bac ar aon seirbhís cumarsáide leictreonaí eile i mbanda ar leith ach amháin i gcás ina bhfuil bonn cirt leis chun seirbhísí shábháilteacht bheatha an duine a chosaint. Féadfaidh na Ballstáit, ar bhonn eisceachtúil, an beart sin a leathnú chun cuspóirí leasa ghinearálta eile a chomhlíonadh arna leagan síos ag na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais.

6.  
Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú rialta ar an ngá atá leis na srianta dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5, agus cuirfidh siad torthaí na n-athbhreithnithe sin ar fáil go poiblí.
7.  
Comhlíonfaidh na baic a bunaíodh roimh an 25 Bealtaine 2011 mír 4 agus mír 5 faoin 20 Nollaig 2018

Airteagal 46

Úsáid speictrim raidió a údarú

1.  

Éascóidh na Ballstáit úsáid speictrim raidió, lena n-airítear úsáid chomhroinnte, faoi údaruithe ginearálta agus cuirfidh siad teorainn le deonú ceart úsáide aonair i leith speictream raidió do chúinsí ina bhfuil gá leis na cearta sin chun úsáid éifeachtúil a fheabhsú i bhfianaise an éilimh, agus na critéir a leagtar amach sa dara fomhír á gcur i gcuntas. I ngach cás eile, déanfaidh siad na coinníollacha úsáide do speictream raidió a leagan amach in údarú ginearálta.

Chun na críche sin, déanfaidh na Ballstáit cinneadh maidir leis an gcóras is fearr chun úsáid speictrim raidió a údarú, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a) 

saintréithe sonracha an speictrim raidió lena mbaineann;

(b) 

an gá le cosaint a thabhairt ar thrasnaíocht dhíobhálach;

(c) 

coinníollacha iontaofa a fhorbairt do chomhroinnt speictrim raidió i gcás inarb iomchuí;

(d) 

an gá cáilíocht theicniúil na cumarsáide nó na seirbhíse a áirithiú;

(e) 

cuspóirí leasa ghinearálta, arna leagan síos ag na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais;

(f) 

an gá úsáid éifeachtúil speictrim raidió a áirithiú.

Agus iad ag meas cibé acu is ceart nó nach ceart údaruithe ginearálta a éisiúint nó cearta úsáide aonair do speictream raidió comhchuibhithe a dheonú agus bearta cur chun feidhme teicniúla arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Chinneadh Uimh. 676/2002 á gcur san áireamh, féachfaidh na Ballstáit le fadhbanna maidir le trasnaíocht dhíobhálach a laghdú, lena n-áirítear i gcás úsáid chomhchuibhithe an speictrim raidió ar bhonn teaglaim den údarú ginearálta agus de chearta úsáide aonair.

I gcás inarb iomchuí, measfaidh na Ballstáit an bhféadfaí úsáid speictrim raidió a údarú ar bhonn teaglaim den údarú ginearálta agus de chearta úsáide aonair, agus na tionchair is dócha a bheadh aige sin ar iomaíocht, ar nuálaíocht agus ar iontráil sa mhargadh á gcur san áireamh, ar bhonn teaglamaí difriúla d'údaruithe ginearálta agus de chearta úsáide aonair agus ar bhonn aistrithe céim ar chéim ó chatagóir amháin go catagóir eile.

Féachfaidh na Ballstáit le srianta ar úsáid speictrim raidió a laghdú trí réitigh theicneolaíocha chun trasnaíocht dhíobhálach a bhainistiú a chur san áireamh mar is iomchuí chun go bhforchuirtear an córas údaraithe lena mbaineann an t-ualach is lú is féidir.

2.  
Agus cinneadh á ghlacadh acu de bhun mhír 1 d'fhonn úsáid chomhroinnte an speictrim raidió a éascú, áiritheoidh na húdaráis inniúla go leagfar amach na coinníollacha maidir le húsáid chomhroinnte an speictrim raidió. Éascófar úsáid speictrim raidió éifeachtúil, iomaíocht agus nuálaíocht leis na coinníollacha sin.

Airteagal 47

Na coinníollacha a bhaineann le cearta úsáide aonair do speictream raidió

1.  

Cuirfidh na húdaráis inniúla coinníollacha mar cheangal ar chearta aonair úsáide do speictream raidió i gcomhréir le hAirteagal 13(1) ionas go n-áiritheofar go mbainfear an úsáid is fearr, is éifeachtaí agus is éifeachtúla as speictream raidió. Roimh shannadh nó athnuachan ceart den sórt sin, bunóidh siad go soiléir aon choinníollacha den sórt sin lena n-áirítear an leibhéal úsáide a cheanglaítear, agus an fhéidearthacht an ceanglas sin a chomhlíonadh trí trádáil nó léasú chun cur chun feidhme na gcoinníollacha sin a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 30. Ní bheidh buntáistí míchuí ann do shealbhóirí reatha na gceart sin de bharr na gcoinníollacha arna gceangal le hathnuachan cirt úsáide do speictrim raidió.

Sonrófar na paraiméadair infheidhme i gcoinníollacha mar sin, lena n-áirítear an tréimhse ina mbainfear úsáid as na cearta, agus más rud é nach gcomhlíonfar na paraiméadair sin, bheadh an t-údarás inniúil i dteideal an ceart úsáide a aistarraingt nó bearta eile a fhorchur.

Rachaidh na húdaráis inniúla i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus cuirfidh siad ar an eolas ar bhealach tráthúil agus trédhearcach iad maidir leis na coinníollacha a bhaineann le cearta úsáide aonair sula bhforchuirfear iad. Cinnfidh siad na critéir chun measúnú a dhéanamh ar an méid a chomhlíontar na coinníollacha sin roimh ré agus cuirfidh siad in iúl iad do na páirtithe leasmhara ar bhealach trédhearcach.

2.  

Agus coinníollacha á gceangal acu le cearta úsáide aonair do speictream raidió, féadfaidh na húdaráis inniúla, go háirithe chun úsáid éifeachtach agus éifeachtúil speictrim raidió a áirithiú nó cumhdach a chur chun cinn, na féidearthachtaí seo a leanas a fhoráil:

(a) 

bonneagar éighníomhach nó gníomhach a bhraitheann ar speictream raidió a chomhroinnt, nó speictream raidió a chomhroinnt,

(b) 

comhaontuithe rochtana fánaíochta,

(c) 

nó bonneagar le haghaidh soláthar seirbhísí nó líonraí a bhraitheann ar úsáid speictrim raidió a leathadh amach go comhpháirteach.

Ní chuirfidh na húdaráis inniúla cosc ar chomhroinnt speictrim raidió sna coinníollacha a ghabhann leis na cearta úsáide do speictream raidió. Maidir le coinníollacha a ghabhann leis na cearta úsáide a bheith á gcur chun feidhme ag gnóthais de bhun na míre seo, fanfaidh siad faoi réir dhlí na hiomaíochta.



Roinn 2

Cearta úsáide

Airteagal 48

Cearta úsáide aonair do speictream raidió a dheonú

1.  
I gcás inar gá cearta úsáide aonair do speictream raidió a dheonú, déanfaidh na Ballstáit na cearta sin a dheonú, arna iarraidh sin, d'aon ghnóthas le haghaidh soláthar líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí faoin údarú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 12, faoi réir Airteagal 13, faoi réir phointe (c) d'Airteagal 21(1), agus faoi réir Airteagal 55, agus faoi réir aon rialacha eile lena n-áirithítear úsáid éifeachtúil na n-acmhainní sin i gcomhréir leis an Treoir seo.
2.  
Gan dochar do na critéir agus do na nósanna imeachta sainiúla arna nglacadh ag na Ballstáit chun cearta úsáide aonair do speictream raidió a dheonú do sholáthraithe seirbhísí ábhair craoltóireachta raidió nó teilifíse d'fhonn cuspóirí leasa ghinearálta a shaothrú i gcomhréir le dlí an Aontais, deonófar na cearta úsáide aonair do speictream raidió trí nósanna imeachta oscailte, oibiachtúla, trédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha agus comhréireacha, agus deonófar na cearta sin i gcomhréir le hAirteagal 45.
3.  
Féadfaidh eisceacht a bheith ann do cheanglas na nósanna imeachta oscailte inar gá cearta úsáide do speictream raidió a dheonú do sholáthraithe seirbhísí ábhair craoltóireachta raidió nó teilifíse chun cuspóir leasa ghinearálta a bhaint amach arna leagan síos ag na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais.
4.  
Déanfaidh údaráis inniúla measúnú ar iarratais ar chearta úsáide aonair do speictream raidió i gcomhthéacs na nósanna imeachta roghnúcháin de bhun critéir incháilitheachta atá oibiachtúil, trédhearcach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach arna leagan amach roimh ré agus ar léiriú iad ar na ceanglais a bheidh ag gabháil leis na cearta sin. Beidh na húdaráis inniúla in ann gach faisnéis is gá a iarraidh ar iarrthóirí chun measúnú a dhéanamh, ar bhonn na gcritéar sin, ar chumas na n-iarrthóirí na ceanglais sin a chomhlíonadh. Más rud é go gcinneann an t-údarás inniúil, nach bhfuil an cumas is gá ag iarrthóir, cuirfidh sé cinneadh réasúnaithe ar fáil ina gcuirfear an méid sin in iúl.
5.  
Agus cearta úsáide aonair do speictream raidió á ndeonú acu, sonróidh na Ballstáit an féidir nó nach féidir le sealbhóir na gceart na cearta sin a aistriú nó a léasú, agus sonróidh siad na coinníollacha faoinar féidir é sin a dhéanamh. Beidh feidhm agAirteagal 45 agus Airteagal 51.
6.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil cinntí maidir le cearta úsáide aonair a ghlacadh, a chur in iúl agus a chur ar fáil go poiblí a luaithe is féidir tar éis don údarás inniúil an t-iarratas iomlán a fháil, agus déanfar an méid sin laistigh de shé seachtaine i gcás speictream raidió ar dearbhaíodh é a bheith ar fáil do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí ina bPlean Náisiúnta um Leithdháileadh Minicíochtaí. Beidh an teorainn ama sin gan dochar d'Airteagal 55(7) agus d'aon chomhaontú idirnáisiúnta infheidhme a bhaineann le húsáid speictream raidió nó suíomhanna fithiseacha.

Airteagal 49

Fad na gceart

1.  
I gcás ina n-údaraíonn na Ballstáit speictream raidió a úsáid trí chearta úsáide aonair do thréimhse theoranta, áiritheoidh siad go ndeonaítear an ceart úsáide do thréimhse iomchuí i bhfianaise na gcuspóirí atá á saothrú i gcomhréir le hAirteagal 55(2) agus lánaird á tabhairt ar an ngá leis an iomaíocht a áirithiú agus le húsáid éifeachtach agus éifeachtúil speictrim raidió a áirithiú agus an nuálaíocht agus infheistíochtaí éifeachtúla a chur chun cinn, lena n-áirítear trí thréimhse iomchuí a thabhairt le haghaidh amúchadh infheistíochtaí.
2.  

I gcás ina ndeonaíonn na Ballstáit cearta úsáide aonair do speictream raidió a ndearnadh na coinníollacha comhchuibhithe a bhaineann leo a bhunú le bearta cur chun feidhme teicniúla i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 676/2002/CE chun gur féidir úsáid seirbhísí cumarsáide leictreonaí leathanbhanda gan sreang a éascú ina leith ar feadh tréimhse theoranta, áiritheoidh siad intuarthacht rialála do shealbhóirí na gceart ar feadh tréimhse 20 bliain ar a laghad i dtaca le coinníollacha infheistíochta i gcás bonneagair a bhraitheann ar úsáid an speictrim raidió sin, agus naceanglais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á gcur san áireamh. Tá an tAirteagal seo, i gcás inarb ábhartha, faoi réir aon mhodhnú ar na coinníollacha a ghabhann leis na cearta úsáide sin i gcomhréir le hAirteagal 18.

Chuige sin, áiritheoidh na Ballstát go mbeidh na cearta sin bailí ar feadh tréimhse 15 bliana ar a laghad agus go n-áireofar, nuair is gá chun an chéad fhomhír a chomhlíonadh, síneadh leordhóthanach ar an tréimhse sin, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa mhír seo.

Cuirfidh na Ballstáit na critéir ghinearálta maidir le síneadh a chur le tréimhse na gceart úsáide ar fáil, ar bhealach trédhearcach, do na páirtithe leasmhara go léir sula ndeonóidh siad cearta úsáide, mar chuid de na coinníollacha a leagtar síos faoi Airteagal 55(3) agus (6). Beidh na critéir ghinearálta sin bainteach leis an méid a leanas:

(a) 

an gá atá ann úsáid éifeachtach éifeachtúil an speictrim raidió lena mbaineann a áirithiú, na cuspóirí a shaothraítear i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 45(2), nó an gá atá ann cuspóirí leasa ghinearálta a chomhlíonadh atá bainteach le sábháilteacht an duine a chosaint, nó atá bainteach leis an ord poiblí, leis an tslándáil phoiblí nó leis an gcosaint; agus

(b) 

an gá atá le hiomaíocht neamhshaofa a áirithiú.

Dhá bhliain ar a dhéanaí roimh dhul in éag na tréimhse tosaigh maidir le ceart úsáide aonair, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú oibiachtúil réamhbhreathnaitheach ar na critéir ghinearálta a leagtar síos maidir le síneadh a chur le ré an cheart sin i bhfianaise phointe (c) d'Airteagal 45(2). Ar choinníoll nach mbeidh tús curtha ag an údarás inniúil le gníomhaíocht forfheidhmiúcháin i gcás neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le cearta úsáide de bhun Airteagal 30, deonóidh sé síneadh ar ré an cheart úsáide, mura rud é go bhfionnann sé nach gcomhlíonfadh an síneadh sin na critéir ghinearálta a leagtar síos i gcomhréir le pointe (a) nó (b) den tríú fomhír den mhír seo:

Ar bhonn an mheasúnaithe sin, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do shealbhóir an chirt maidir le cé acu a dheonófar nó nach ndeonófar síneadh ar ré an cheart úsáide.

Más rud é go bhféadfadh sé nach ndeonófaí síneadh den sórt sin ar an gceart úsáide, cuirfidh an t-údarás inniúil Airteagal 48 i bhfeidhm maidir le cearta úsáide a dheonú i leith an bhanda speictrim raidió áirithe sin.

Beart ar bith faoin mír seo, beidh sé comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach agus réasúnaithe.

De mhaolú ar Airteagal 23, beidh deis ag na páirtithe leasmhara tuairim a thabhairt maidir le dréachtbheart ar bith de bhun an tríú agus an ceathrú fomhír den mhír seo ar feadh tréimhse nach gairide ná trí mhí.

Ní dochar an mhír seo do chur i bhfeidhm Airteagal 19 ná Airteagal 30.

Agus na táillí le haghaidh cearta úsáide á suíomh, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an sásra dá bhforáiltear faoin mír seo.

3.  

I gcás ina mbeidh údar cuí leis, féadfaidh na Ballstáit maolú ó mhír 2 den Airteagal seo sna cásanna seo a leanas:

(a) 

i limistéir theoranta gheografacha, áit nach maith nó nach ann in aon chor do rochtain ar líonraí ardacmhainne agus gur gá sin lena áirithiú go mbainfear amach cuspóirí Airteagal 45(2);

(b) 

i gcás tionscadail shonracha ghearrthéarmacha;

(c) 

i gcás úsáid thurgnamhach;

(d) 

i gcás úsáidí speictrim raidió is féidir a bheith ann i gcomhthráth le seirbhísí leathanbhanda gan sreang, i gcomhréir le hAirteagal 45(4) agus (5); nó

(e) 

i gcás úsáid mhalartach ar an speictream raidió i gcomhréir le hAirteagal 45(3).

4.  
Féadfaidh na Ballstáit fad na gceart úsáide a leagtar síos san Airteagal seo a choigeartú lena áirithiú go rachaidh fad na gceart in éag an tráth céanna i mbanda amháin nó i roinnt bandaí.

Airteagal 50

Athnuachan ceart úsáide aonair maidir le speictrim raidió comhchuibhithe

1.  
Glacfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile cinneadh ar athnuachan ceart úsáide aonair do speictream raidió comhchuibhithe go pras roimh dhul in éag fad na gceart sin ach amháin más rud é gur luadh go follasach, tráth an tsannta, nach bhféadfaí iad a athnuachan. Chun na críche sin, breithneoidh na húdaráis, ar a dtionscnamh féin nó arna iarraidh sin ag sealbhóir na gceart, an gá atá leis an athnuachan sin, agus i cás iarraidh ó shealbhóir na gceart, ní dhéanfaidh siad an athnuachan a bhreithniú níos luaithe ná cúig bliana roimh dhul in éag fad na gceart lena mbaineann. Beidh sé sin gan dochar do chlásail um athnuachan is infheidhme maidir le cearta atá ann cheana.
2.  

Agus cinneadh á ghlacadh acu de bhun mhír 1 den Airteagal seo, beidh aird ag údaráis inniúla ar na nithe seo a leanas inter alia:

(a) 

comhlíonadh na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3, in Airteagal 45(2) agus in Airteagal 48(2), agus comhlíonadh cuspóirí an bheartais phoiblí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta;

(b) 

cur chun feidhme beart cur chun feidhme teicniúil arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Chinneadh Uimh. 676/2002/CE;

(c) 

athbhreithniú ar chur chun feidhme iomchuí na gcoinníollacha a ghabhann leis an gceart lena mbaineann;

(d) 

an gá le hiomaíocht a chur chun cinn, nó le haon saobhadh iomaíochta a sheachaint, i gcomhréir le hAirteagal 52;

(e) 

an gá le húsáid speictrim raidió a dhéanamh níos éifeachtúla i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta nó forbairtí sa mhargadh;

(f) 

an gá le cur isteach suntasach ar sheirbhísí a sheachaint;

3.  

Agus athnuachan fhéideartha á breithniú acu maidir le cearta úsáide aonair do speictream raidió comhchuibhithe, agus teorainn ann maidir le líon na gceart úsáide sin de bhun mhír 2 den Airteagal seo, cuirfidh údaráis inniúla nós imeachta oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach ar bun agus déanfaidh siad go háirithe inter alia:

(a) 

deis a thabhairt do gach páirtí leasmhar a dtuairimí a chur in iúl le comhairliúchán poiblí i gcomhréir le hAirteagal 23; agus

(b) 

luafaidh siad go soiléir na cúiseanna le hathnuachan fhéideartha den sórt sin.

Agus cinneadh á dhéanamh cearta úsáide a athnuachan nó nós roghnúcháin nua á eagrú lena ndeonófar cearta úsáide de bhun Airteagal 55, cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile san áireamh aon fhianaise a d'eascair as an gcomhairliúchán a rinneadh de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo maidir le héileamh sa mhargadh ó ghnóthais nach gnóthais iad a bhfuil cearta úsáide acu don speictream raidió sa bhanda lena mbaineann.

4.  
I dtaca le cinneadh athnuachana ar chearta aonair úsáide i leith speictream raidió comhchuibhithe, féadfar athbhreithniú ar na táillí agus ar na téarmaí agus coinníollacha eile a ghabhann leis sin a chur i dteannta an chinnidh sin. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh údaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile na táillí do chearta úsáide a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 42 á gcomhlíonadh.

Airteagal 51

Cearta úsáide aonair do speictream raidió a aistriú nó a léasú

1.  

Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh gnóthais na cearta úsáide aonair do speictream raidió a aistriú do, nó a léasú le, gnóthais eile.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach bhfuil feidhm ag an mír seo i gcás inar deonaíodh cearta úsáide aonair do speictream raidió don gnóthas saor in aisce i dtosach nó i gcás inar sannadh le haghaidh craolacháin é.

2.  
Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar fógra don údarás inniúil, i gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta maidir le rún a bheith ag gnóthas cearta úsáide do speictream raidió a aistriú nó a léasú, lena n-áirítear aistriú iarbhír na gceart sin, agus go bpoibleofar an fógra sin. I gcás speictream raidió comhchuibhithe, comhlíonfaidh an t-aistriú sin an úsáid chomhchuibhithe sin.
3.  

Lamhálfaidh na Ballstáit aistriú nó léasú ceart úsáide do speictream raidió i gcás ina gcoimeádtar na coinníollacha bunaidh a ghabhann leis na cearta úsáide. Gan dochar don ghá go n-áiritheofaí nach mbeidh saobhadh iomaíochta ann, go háirithe i gcomhréir le hAirteagal 52, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a) 

tíolacfaidh siad aistrithe agus léasanna de réir an nós imeachta is lú ualach is féidir;

(b) 

ní dhiúltóidh siad cearta úsáide a léasú do speictream raidió i gcás ina ngabhann an léasóir de láimh leanúint de bheith faoi dhliteanas chun na coinníollacha bunaidh a ghabhann leis na cearta úsáide a chomhlíonadh;

(c) 

ní dhiúltóidh siad aistriú na gceart úsáide do speictream raidió, ach i gcás ina bhfuil baol soiléir ann nach mbeidh an sealbhóir nua in ann na coinníollacha bunaidh do cheart úsáide a chomhlíonadh;

Aon mhuirear riaracháin a fhorchuirtear ar ghnóthais i ndáil le hiarratas a phróiseáil chun ceart úsáide do speictream raidió a aistriú nó a léasú, beidh sé i gcomhréir le hAirteagal 16.

Tá pointe (a), pointe (b) agus pointe (c) den chéad fhomhír gan dochar d'inniúlacht na mBallstát comhlíonadh na gcoinníollacha a ghabhann leis na cearta úsáide a fhorchur aon tráth i gcás an léasóra agus an léasaí araon, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta.

Éascóidh údaráis inniúla aistriú nó léasú cearta úsáide aonair le haghaidh speictream raidió trí mhachnamh tráthúil a dhéanamh ar aon iarratas maidir leis na coinníollacha a ghabhann leis na cearta sin agus trína áirithiú go bhféadfar na cearta sin nó an speictream raidió lena mbaineann a dheighilt nó a imdhealú oiread is féidir.

I bhfiainise aon aistriú nó léasú ceart úsáide le haghaidh speictream raidió, cuirfidh na húdaráis inniúla na sonraí ábhartha a bhaineann le cearta aonair intrádála ar fáil go poiblí i bhformáid chaighdeánaithe leictreonach tráth a gcruthófar na cearta sin, agus coimeádfaidh na húdaráis inniúla na sonraí sin fad a mhairfidh na cearta céanna.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na sonraí ábhartha sin a shonrú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(4).

Airteagal 52

Iomaíocht

1.  
Cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta agus na húdaráis inniúla eile iomaíocht éifeachtach chun cinn agus seachnóidh siad saobhadh iomaíochta sa mhargadh inmheánach agus cinneadh á dhéanamh acu chun cearta úsáide do speictream raidió a dheonú, a leasú nó a athnuachan le haghaidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí i gcomhréir leis an Treoir seo.
2.  

Nuair a dhéanann na Ballstáit cearta úsáide do speictream raidió a dheonú, a leasú nó a athnuachan, féadfaidh a n-údarás rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile ach comhairle a fháil ón údarás rialála náisiúnta, bearta iomchuí a dhéanamh amhail na nithe seo a leanas:

(a) 

teorainn a chur le méid na mbandaí speictrim raidió a ndéantar cearta úsáide a dheonú ina leith d'aon ghnóthas, nó nuair a bhíonn údar maith leis, coinníollacha a cheangal leis na cearta úsáide sin, amhail soláthar rochtana mórdhíola, fánaíocht náisiúnta nó réigiúnach, i mbandaí áirithe nó i ngrúpaí bandaí áirithe a bhfuil saintréithe cosúla acu;

(b) 

cuid ar leith de bhanda speictrim raidió nó de ghrúpa bandaí a fhorchoimeád lena sannadh d'iontrálaithe nua, más iomchuí agus má bhíonn údar maith leis, maidir le cás sonrach sa mhargadh náisiúnta;

(c) 

diúltú cearta úsáide nua do speictream raidió a dheonú nó diúltú úsáidí nua speictrim raidió a cheadú i mbandaí áirithe, nó coinníollacha a cheangal le deonú ceart úsáide nua do speictream raidió nó le húdarú úsáidí nua speictrim raidió, chun saobhadh iomaíochta trí bhíthin aon sannadh, aistriú nó carnadh ceart úsáide a sheachaint;

(d) 

coinníollacha a áireamh lena dtoirmisctear nó lena bhforchuirtear coinníollacha maidir le cearta úsáide do speictream raidió a aistriú, ar cearta iad nach bhfuil faoi réir rialú cumaisc an Aontais nó rialú cumaisc náisiúnta, nuair is dócha go ndéanfar dochar suntasach don iomaíocht de bharr na n-aistrithe sin;

(e) 

na cearta atá ann cheana a leasú i gcomhréir leis an Treoir seo i gcás inar gá sin chun saobhadh iomaíochta trí aon aistriú nó carnadh ceart úsáide do speictream raidió a leigheas ex post.

Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile, agus coinníollacha sa mhargadh agus na tagarmharcanna atá ar fáil á gcur san áireamh, a gcinneadh a bhunú ar mheasúnú oibiachtúil agus réamhbhreathnaitheach arna dhéanamh ar choinníollacha maidir le hiomaíocht sa mhargadh, i dtaobh an bhfuil gá leis na bearta sin chun iomaíocht éifeachtach a chothabháil nó a bhaint amach, agus ar na tionchair is dócha a bheadh ag na bearta sin ar infheistíochtaí atá ann cheana agus ar infheistíochtaí amach anseo arna ndéanamh ag rannpháirtithe margaidh le haghaidh leathadh amach líonraí. Le linn dóibh an méid sin a dhéanamh, cuirfidh siad an cur chuige maidir leis an anailís mhargaidh, a leagtar amach in Airteagal 67(2), san áireamh.

3.  
Agus mír 2 á cur i bhfeidhm acu, gníomhóidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagail 18, 19, 23 agus 35.



Roinn 3

Nósanna imeachta

Airteagal 53

Uainiú comhordaithe do shannuithe

1.  
Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile chun úsáid chomhchuibhithe an speictrim raidió san Aontas a chomhordú le haghaidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, agus aird iomchuí á tabhairt aige ar staideanna éagsúla na margaí náisiúnta. Féadfar a áireamh air sin dáta uasta coiteann, nó más iomchuí roinnt dátaí coiteanna, a shainaithint faoinar gá úsáid speictream raidió chomhchuibhithe a údarú.
2.  
I gcás ina bhfuil coinníollacha comhchuibhithe socraithe ag bearta cur chun feidhme teicniúla i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 676/2002/CE chun úsáid an speictream raidió le haghaidh líonraí agus seirbhísí leathanbhanda gan sreang a chumasú, lamhálfaidh na Ballstáit úsáid an speictrim raidió sin, a luaithe is féidir agus tríocha mí ar a dhéanaí tar éis an dáta ar glacadh an beart, nó a luaithe is féidir ón uair a dhéanfar cinneadh, lena gceadaítear úsáid mhalartach ar bhonn eisceachtúil de bhun Airteagal 45(3) den Treoir seo, a tharraingt siar. Ní dochar an méid sin do Chinneadh (AE) Uimh. 2017/899 ná do cheart tionscnaimh an Choimisiúin gníomhartha reachtacha a thíolacadh.
3.  

Féadfaidh Ballstát an spriocdháta dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo a chur siar i gcás banda sonrach faoi na cúinsí seo a leanas:

(a) 

a mhéid a bhfuil údar leis de bhun srian ar úsáid an bhanda sin ar bhonn chuspóir an leasa ghinearálta dá bhforáiltear i bpointe (a) nó i bpointe (d) d'Airteagal 45(5);

(b) 

i gcás saincheisteanna atá fós gan réiteach i dtaobh comhordú trasteorann arb é a tháinig astu go bhfuil trasnaíocht dhíobhálach ar bun ag tríú tíortha, ar choinníoll gur iarr an Ballstát dá ndéantar difear cúnamh ar an Aontas de bhun Airteagal 28(5), i gcás inarb iomchuí;

(c) 

coimirciú na slándála agus na cosanta náisiúnta; nó

(d) 

force majeure.

Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann an mhoill sin a athbhreithniú gach re bliain ar a laghad.

4.  

Féadfaidh Ballstát an spriocdháta dá bhforáiltear i mír 2 a chur siar i gcás banda sonrach a mhéid is gá agus suas le 30 mí sna cásanna seo a leanas:

(a) 

i gcás saincheisteanna atá fós gan réiteach i dtaobh comhordú trasteorann arb é a tháinig astu go bhfuil trasnaíocht dhíobhálach ar bun ag na Ballstáit, ar choinníoll go nglacann an Ballstát dá ndéantar difear gach beart is gá in am trátha de bhun Airteagal 28(3) agus (4);

(b) 

go gcaithfear ascnamh teicniúil a áirithiú d'úsáideoirí atá ar an mbanda sin cheana agus i gcás gur casta sin a dhéanamh.

5.  
I gcás moille, faoi mhír 3 nó faoi mhír 4, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra do na Ballstáit eile agus don Choimisiún in am trátha, agus luafaidh sé na cúiseanna atá leis an moill sin.

Airteagal 54

Uainiú comhordaithe do shannuithe i gcás bandaí sonracha 5G

1.  

Faoin 31 Nollaig 2020, i gcás córais trastíre a bheadh in ann seirbhísí leathanbhanda gan sreang a chur ar fáil, déanfaidh na Ballstáit, nuair is gá sin chun leathadh 5G a éascú, gach beart iomchuí chun an méid seo a leanas a bhaint amach:

(a) 

chun bloic sách mór den bhanda 3,4 -3,8  GHz a atheagrú agus chun gur féidir iad a úsáid;

(b) 

chun gur féidir 1 GHz ar a laghad den bhanda 24,25 -27,5  GHz a úsáid, ar choinníoll go bhfuil fianaise nithiúil ann ar éileamh sa mhargadh agus ar choinníoll nach bhfuil bacainní móra ann a chuirfeadh as d'ascnamh na n-úsáideoirí atá ann cheana ná do bhanda-ghlanadh.

2.  
Féadfaidh na Ballstáit, áfach, síneadh a chur leis an spriocdháta a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, i gcás ina bhfuil údar cuí leis, i gcomhréir le hAirteagal 45(3) nó le hAirteagal 53(2), (3) nó (4).
3.  
Bearta a ghlacfar de bhun mhír 1 den Airteagal seo, comhlíonfaidh siad na coinníollacha comhchuibhithe a leagtar síos ag bearta cur chun feidhme teicniúla i gcomhréir le hAirteagal 4 de Chinneadh Uimh. 676/2002/CE.

Airteagal 55

Nós imeachta maidir le teorainn a chur le líon na gceart úsáide do speictream raidió atá le deonú

1.  

Gan dochar d'Airteagal 53, i gcás ina gcinnfidh Ballstát nach féidir ceart úsáide do speictream raidió faoi réir údarú ginearálta agus i gcás ina mbreithneoidh sé cé acu a chuirfear nó nach gcuirfear teorainn le líon na gceart úsáide do speictream raidió atá le deonú, déanfaidh sé an méid seo a leanas inter alia:

(a) 

luafaidh sé go soiléir na cúiseanna atá le teorainn a chur le líon na gceart úsáide, go háirithe trí bhéim iomchuí a chur ar an ngá atá ann buntáistí d'úsáideoirí a fheabhsú agus le forbairt na hiomaíochta a chur chun cinn agus le hathbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta de réir mar is iomchuí nó arna iarraidh sin ag gnóthais lena mbaineann ar bhealach réasúnach;

(b) 

tabharfaidh sé deis do gach páirtí leasmhar, lena n-áirítear úsáideoirí agus tomhaltóirí, a dtuairimí maidir le haon teorannú a chur in iúl trí chomhairliúchán poiblí i gcomhréir le hAirteagal 23.

2.  

I gcás ina gcinnfidh Ballstát nach mór teorainn a chur le líon na gceart úsáide, bunóidh sé go soiléir na cuspóirí arna saothrú trí bhíthin an nós imeachta roghnúcháin iomaíoch nó comparáideach faoin Airteagal seo, tabharfaidh sé cúiseanna leis na cuspóirí sin, agus déanfaidh sé iad a chainníochtú, i gcás inar féidir sin, agus béim chuí á cur aige ar an ngá atá ann cuspóirí margaidh náisiúnta agus idirnáisiúnta a chomhlíonadh. De bhreis ar an iomaíocht a chur chun cinn, beidh na cuspóirí a fhéadfaidh na Ballstáit a leagan amach d'fhonn an nós imeachta roghnúcháin a dhearadh teoranta do cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a) 

cumhdach a chur chun cinn;

(b) 

an cháilíocht seirbhíse is gá a áirithiú;

(c) 

úsáid éifeachtúil an speictrim raidió a chur chun cinn, lena n-áirítear trí choinníollacha a ghabhann leis na cearta úsáide agus leibhéal na dtáillí a chur san áireamh;

(d) 

nuálaíocht agus forbairt gnó a chur chun cinn.

Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile roghnú an nós imeachta roghnúcháin, lena n-áirítear aon réamhchéim chun rochtain a fháil ar an nós imeachta roghnúcháin, a shainiú go soiléir agus tabharfaidh sé bonn cirt leis an roghnú sin. Luafaidh sé go soiléir freisin toradh aon mheasúnaithe ghaolmhair ar staid iomaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch an mhargaidh agus cuirfidh sé cúiseanna ar fáil le haghaidh úsáid fhéideartha na mbeart de bhun Airteagal 35 agus le haghaidh roghnú na mbeart sin.

3.  
Foilseoidh na Ballstáit aon chinneadh ar an nós imeachta a roghnaíodh agus ar na rialacha gaolmhara, agus luafaidh siad go soiléir na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin . Foilseoidh sé freisin na coinníollacha atá i gceangal leis na cearta úsáide.
4.  
Tar éis don Bhallstát an nós imeachta roghnúcháin a chinneadh, cuirfidh sé fáilte roimh iarratais ar chearta úsáide.
5.  
I gcás ina gcinnfidh Ballstát gur féidir tuilleadh ceart úsáide do speictream raidió nó teaglaim d'údarú ginearálta agus ceart úsáide aonair a dheonú, foilseoidh sé an chonclúid sin agus cuirfidh sé tús leis an bpróiseas chun na cearta sin a dheonú.
6.  
I gcás inar gá teorainn a chur le deonú ceart úsáide do speictream raidió, deonóidh na Ballstáit na cearta sin ar bhonn critéir roghnúcháin agus nós imeachta roghnúcháin atá oibiachtúil, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach. Cuirfear aird chuí le haon nós imeachta roghnúcháin den sórt sin ar chuspóirí agus ceanglais Airteagail 3, 4, 28 agus 45 a bhaint amach.
7.  

I gcás ina bhfuil nósanna imeachta roghnúcháin iomaíocha nó inchomparáide le húsáid, féadfaidh na Ballstáit síneadh chomh fada is gá a chur leis an uastréimhse sé seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 46 chun a áirithiú go bhfuil na nósanna imeachta sin cothrom, réasúnta, oscailte agus trédhearcach do na páirtithe leasmhara ar fad, ach go ceann tréimhse nach faide ná ocht mí, faoi réir aon amchláir ar leith arna bhunú de bhun Airteagal 53.

Beidh na teorainneacha ama sin gan dochar d'aon chomhaontú idirnáisiúnta infheidhme maidir le húsáid speictrim raidió nó le comhordú satailítí.

8.  
Ní dochar é an tAirteagal seo d'aistriú ceart úsáide do speictream raidió i gcomhréir le hAirteagal 51.



CAIBIDIL IV

Imscaradh agus úsáid trealaimh líonra gan sreang

Airteagal 56

Rochtain ar líonraí achair logánta raidió

1.  

Déanfaidh na húdaráis inniúla soláthar rochtana trí RLANanna ar líonra cumarsáide leictreonaí poiblí agus úsáid an speictrim raidió chomhchuibhithe a cheadú don soláthar sin, faoi réir na gcoinníollacha údaraithe ginearálta is infheidhme a bhaineann le húsáid speictrim raidió da dtagraítear in Airteagal 46(1), agus faoina réir sin amháin.

I gcás nach cuid de ghníomhaíocht eacnamaíoch é an soláthar sin nó gur soláthar é is coimhdeach le gníomhaíocht eacnamaíoch nó le seirbhís phoiblí nach mbraitheann ar iompar comharthaí ar na líonraí sin, ní bheidh aon ghnóthas, údarás poiblí ná úsáideoir deiridh a sholáthraíonn an rochtain sin faoi réir aon údaraithe ghinearálta chun líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar de bhun Airteagal 12, ná faoi réir oibleagáidí a bhaineann le cearta úsáideoirí deiridh de bhun Theideal II de Chuid III, ná faoi réir oibleagáidí chun a líonraí a idirnascadh de bhun Airteagal 61(1).

2.  
Beidh feidhm ag Airteagal 12 de Threoir 2000/31/CE.
3.  
Ní chuirfidh na húdaráis inniúla cosc ar sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí nó ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí rochtain ar a líonraí a cheadú don phobal, trí RLANanna a d'fhéadfadh a bheith ar áitribh úsáideora deiridh, faoi réir chomhlíonadh choinníollacha an údaraithe ghinearálta agus chomhaontú roimh ré an úsáideora deiridh.
4.  

I gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2015/2120 go háirithe, áiritheoidh údaráis inniúla nach ndéanfaidh soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí ná seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí srian a chur go haontaobhach leis an méid seo a leanas nó nach gcoiscfidh siad úsáideoirí deiridh ón méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

rochtain a fháil ar RLANanna dá rogha atá á gcur ar fáil ag tríú páirtithe; nó

(b) 

rochtain ar líonraí na soláthraithe sin a cheadú ar bhonn cómhalartach nó ar bhonn níos ginearálta d'úsáideoirí deiridh eile trí RLANanna, lena n-áirítear ar bhonn tionscnaimh ó thríú páirtithe a dhéanann RLANanna úsáideoirí deiridh éagsúla a chomhiomlánú agus a chur ar fáil don phobal.

5.  
Ní chuirfidh na húdaráis náisiúnta inniúla teorainn ná cosc ar úsáideoirí deiridh rochtain ar a RLANanna a cheadú, d'úsáideoirí deiridh eile, bíodh an rochtain sin cómhalartach nó ar shlí éigin eile, lena n-áirítear ar bhonn tionscnaimh ó thríú páirtithe a dhéanann RLANanna úsáideoirí deiridh éagsúla a chomhiomlánú agus a chur ar fáil don phobal.
6.  

Ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla soláthar rochtana poiblí ar RLANanna a shrianadh go míchuí:

(a) 

do chomhlachtaí san earnáil phoiblí nó i spásanna poiblí atá gar d'áitribh ina bhfuil comhlachtaí san earnáil phoiblí, más seirbhís í atá coimhdeach leis na seirbhísí poiblí a sholáthraítear sna háitribh sin;

(b) 

do thionscnaimh ó eagraíochtaí neamhrialtasacha nó ó chomhlachtaí san earnáil phoiblí chun RLANanna úsáideoirí deiridh éagsúla a chomhiomlánú agus a chur ar fáil don phobal ar bhonn cómhalartach nó ar bhonn níos ginearálta, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na RLANanna a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu i gcomhréir le pointe (a).

Airteagal 57

Úsáid agus oibriú pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu

1.  

Ní chuirfidh na húdaráis inniúla srian míchuí ar oibriú pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu. Féachfaidh na Ballstáit lena áirithiú go mbeidh aon riail lena rialaítear úsáid pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu comhsheasmhach ar bhonn náisiúnta. Foilseofar na rialacha sin roimh theacht i bhfeidhm na rialacha sin.

Go háirithe, ní chuirfidh na húdaráis inniúla úsáid na bpointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu a chomhlíonann na saintréithe a leagtar síos de bhun mhír 2 faoi réir aon chead aonair pleanála baile nó faoi réir réamhcheadanna aonair eile.

De mhaolú ar an dara fomhír den mhír seo, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal go mbeidh gá le ceadanna d'úsáid na bpointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu ar fhoirgnimh nó ar láithreáin a bhfuil luach ailtireachta, stairiúil nó nádúrtha ag gabháil leo, a dtugtar cosaint dóibh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó, i gcás inarb gá, ar mhaithe leis an tsábháilteacht phoiblí. Beidh feidhm ag Airteagal 7 de Threoir 2014/61/AE maidir leis na ceadanna sin a dheonú.

2.  

Sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na saintréithe fisiciúla agus teicniúla amhail uasmhéid, meáchan, agus i gcás inarb iomchuí, cumhacht astaíochta pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(4).

Glacfar an chéad gníomh cur chun feidhme sin faoin 30 Meitheamh 2020.

3.  
Ní dochar é an tAirteagal seo do na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos i dTreoir 2014/53/AE ná don réimeas údaraithe is infheidhme maidir le húsáid an speictrim raidió is ábhartha.
4.  
Áiritheoidh na Ballstáit, agus na nósanna imeachta a glacadh i gcomhréir le Treoir 2014/61/AE á gcur i bhfeidhm acu, nuair is ábhartha, go mbeidh an ceart chun rochtana ag oibreoirí ar aon bhonneagar fisiciúil a ndéanann na húdaráis phoiblí náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla a rialú, atá oiriúnach ó thaobh na teicneolaíochta de chun pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu a óstáil nó atá riachtanach chun pointí rochtana den chineál sin a nascadh le líonra láir, lena n-áirítear troscán sráide amhail cuaillí solais, soilse tráchta, cláir fógraí, stadanna bus agus trambhealaí agus stáisiúin meitreo. Comhlíonfaidh na húdaráis phoiblí na hiarrataí cuí-réasúnaithe uile ar rochtain ar théarmaí agus ar choinníollacha cothroma, réasúnacha, trédhearcach agus neamh-idirdhealaithe, cuirfear ar fail é go poiblí ag pointe aonair faisnéise.
5.  
Gan dochar d'aon chomhaontuithe tráchtála, ní bheidh úsáid pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu faoi réir aon táillí nó aon mhuirir seachas an muirir riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 16.

Airteagal 58

Rialacháin theicniúla maidir le réimsí leictreamaighnéadacha

Beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar síos i dTreoir (AE) 2015/1535 maidir le haon dréachtbheart arna nglacadh ag na Ballstáit lena bhforchuirfí ceanglais éagsúla ar imscaradh pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu maidir le réimsí leictreamaighnéadacha seachas na cinn dá bhforáiltear i Rún 1999/519/CE.



TEIDEAL II

ROCHTAIN



CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta, prionsabail rochtana

Airteagal 59

Creat ginearálta le haghaidh rochtana agus idirnascadh

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh aon srianta ann lena gcuirfear teorainn ar ghnóthais sa Bhallstát céanna nó i mBallstáit éagsúla caibidliú a dhéanamh eatarthu féin faoi chomhaontuithe maidir le socruithe teicniúla agus tráchtála le haghaidh rochtana nó idirnasctha, i gcomhréir le dlí an Aontais. Ní gá don ghnóthas a iarrann rochtain nó idirnascadh a bheith údaraithe le hoibriú sa Bhallstát ina n-iarrtar an rochtain nó an t-idirnascadh más rud é nach soláthraíonn an gnóthas seirbhísí agus nach n-oibríonn sé líonra sa Bhallstát sin.
2.  
Gan dochar d'Airteagal 114, ní chothóidh na Ballstáit bearta dlíthiúla ná bearta riaracháin lena gcuirtear ceangal ar ghnóthais, agus iad ag deonú rochtana nó idirnasctha, téarmaí agus coinníollacha éagsúla a thairiscint do ghnóthais éagsúla le haghaidh seirbhísí coibhéiseacha nó bearta lena bhforchuirtear oibleagáidí nach mbaineann leis na seirbhísí rochtana agus idirnasctha a dhéantar a sholáthar, gan dochar do na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 60

Cearta agus oibleagáidí gnóthas

1.  
Beidh ceart ag oibreoirí líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí, agus, arna iarraidh sin ag gnóthais eile arna n-údarú amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 15, oibleagáid acu le caibidlíocht a dhéanamh eatarthu féin maidir le hidirnascadh chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí a sholáthar, chun soláthar agus idir-inoibritheacht seirbhísí a áirithiú ar fud an Aontais. Déanfaidh oibreoirí rochtain agus idirnascadh a thairiscint do ghnóthais eile faoi théarmaí agus coinníollacha i gcomhréir leis na hoibleagáidí arna bhforchur ag an údarás rialála náisiúnta de bhun Airteagal 61, Airteagal 62 agus Airteagal 68.
2.  
Gan dochar d'Airteagal 21, ceanglóidh na Ballstáit ar ghnóthais a fhaigheann faisnéis ó ghnóthais eile roimh phróiseas caibidlíochta do shocruithe rochtana nó idirnaisc nó lena linn nó ina dhiaidh, go n-úsáidfidh siad an fhaisnéis sin chun na críche ar cuireadh ar fáil í, agus chuige sin amháin agus go dtabharfaidh siad urraim do rúndacht na faisnéise a tarchuireadh nó a coimeádadh. Ní chuirfidh gnóthais den sórt sin an fhaisnéis arna fáil ar aghaidh chuig aon pháirtí eile, go háirithe chuig ranna eile, chuig fochuideachtaí eile nó chuig páirtnéirí eile, a d'fhéadfadh buntáiste iomaíochta a bhaint as an bhfaisnéis sin.
3.  
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le caibidlíocht a dhéanamh trí bhíthin idirghabhálaithe neodracha nuair a éilíonn dálaí iomaíochta a leithéid.



CAIBIDIL II

Rochtain agus idirnascadh

Airteagal 61

Cumhachtaí agus freagrachtaí na n-údarás náisiúnta rialála agus údarás inniúil eile maidir le rochtain agus idirnascacht

▼C1

1.  

Ag gníomhú dóibh ar mhaithe leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach, spreagfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó, i gcás phointe (b) agus phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo, na húdaráis rialála náisiúnta nó na húdaráis inniúla eile agus más iomchuí, áiritheoidh siad, i gcomhréir leis an Treoir seo, rochtain agus idirnascacht leordhóthanach, agus idir-inoibritheacht seirbhísí, agus feidhmeoidh siad a bhfreagracht ar shlí a chuirfidh chun cinn an t-iomaíochas inmharthana, úsáid líonraí fíor-ardacmhainne, infheistíocht agus nuálaíocht éifeachtach, agus a thabharfaidh an sochar is fearr do na húsáideoirí deiridh.

▼B

Tabharfaidh siad treoir agus cuirfidh siad ar fáil go poiblí an nós imeachta is infheidhme maidir le rochtain agus idirnascacht a fháil chun a áirithiú gur féidir le fiontair bheaga agus mheánmhéide agus oibreoirí ag a bhfuil clúdach geografach teoranta sochar a bhaint as na hoibleagáidí a fhorchuirtear.

▼C1

2.  

Go háirithe, gan dochar do bhearta a fhéadfar a ghlacadh maidir le gnóthais a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu i gcomhréir le hAirteagal 68, beidh údaráis rialála náisiúnta nó, i gcás phointe (b) agus phointe (c) den fhomhír seo, na húdaráis rialála náisiúnta nó na húdaráis inniúla eile in ann na nithe seo a leanas a fhorchur:

▼B

(a) 

sa mhéid is gá chun nascacht inn go hinn a áirithiú, oibleagáidí ar na gnóthais atá faoi réir údarú ginearálta a rialaíonn rochtain ar úsáideoirí deiridh, lena n-áirítear i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo an oibleagáid a líonraí a idirnascadh murab amhlaidh an cás cheana féin;

(b) 

i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo agus sa mhéid is gá, oibleagáidí ar na gnóthais sin atá faoi réir údarú ginearálta a rialaíonn rochtain ar úsáideoirí deiridh chun a seirbhísí a dhéanamh idir-inoibritheach;

(c) 

i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo agus a bhfuil rochtain ar sheirbhísí éigeandála nó idirnascacht inn go hinn idir úsáideoirí deiridh i mbaol toisc easnamh idir-inoibritheachta a bheith ann idir seirbhísí cumarsáide idirphearsanta, agus a mhéid is gá le hidirnascacht inn go hinn a áirithiú idir úsáideoirí deiridh, oibleagáidí ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a bhaineann leibhéal suntasach cumhdaigh amach agus a bhfuil líon suntasach úsáideoirí acu, chun a seirbhísí a dhéanamh idir-inoibritheach;

(d) 

sa mhéid is gá chun inrochtaineacht ar raidió digiteach agus ar sheirbhísí craoltóireachta teilifíse agus seirbhísí comhlántacha gaolmhara arna sonrú ag na Ballstáit a áirithiú d'úsáideoirí deiridh, oibleagáidí ar oibreoirí chun rochtain a sholáthar ar na saoráidí eile dá dtagraítear i gCuid II d'Iarscríbhinn II maidir le téarmaí cothroma, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha.

Ní fhorchuirfear na hoibleagáidí dá dtagraítear i bpointe (c) sa chéad fhomhír ach amháin:

(i) 

sa mhéid is gá chun idir-inoibritheacht seirbhísí cumarsáide idirphearsanta a áirithiú; féadfar a áireamh ann oibleagáidí comhréireacha maidir le soláthraithe na seirbhísí sin i dtaobh faisnéis ábhartha a fhoilsiú nó a cheadú do na húdaráis agus do sholáthraithe eile faisnéis ábhartha a úsáid, a mhodhnú agus athdháileadh, nó na caighdeáin nó na sonraíochtaí a liostaítear in Airteagal 39(1) nó aon chaighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta ábhartha eile a úsáid agus a chur chun feidhme,

(ii) 

más rud é, gur fhionn an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC agus tar éis dó lánaird a thabhairt ar thuairim BEREC, gur ann do bhagairt shuntasach do nascacht inn go hinn idir úsáideoirí deiridh ar fud an Aontais nó i dtrí gcinn de Bhallstáit ar a laghad agus gur ghlac sé bearta cur chun feidhme lena sonraítear nádúr agus raon feidhme aon oibleagáidí a fhéadfar a fhorchur.

Glacfar na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (ii) den dara fomhír i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(4).

3.  

Go háirithe, agus gan dochar do mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta arna iarraidh sin go cuí-réasúnta, oibleagáidí a fhorchur maidir le rochtain a dheonú ar shreanga agus ar cháblaí agus ar shaoráidí gaolmhara laistigh d'fhoirgnimh nó chomh fada leis an gcéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin de réir mar a chinnfidh an t-údarás rialála náisiúnta, i gcás inar lasmuigh den fhoirgneamh a bhíonn an pointe sin suite. Is ceadmhach na hoibleagáidí sin a fhorchur ar sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí ach bonn cirt a bheith leis ar an ábhar gur neamhéifeachtach an mhaise, nó neamhphraiticiúil an rud, macasamhlú a dhéanamh ar na heilimintí sin de chuid an líonra nó ar úinéirí na sreang agus na gcáblaí sin, nuair nach iad na gnóthais a sholáthraíonn na líonraí cumarsáide leictreonaí. Féadfar a áireamh sna coinníollacha rochtana a fhorchuirtear rialacha sonracha maidir le rochtain ar eilimintí líonra den chineál sin gona saoráidí agus seirbhísí gaolmhara, trédhearcacht agus neamh-idirdhealú agus chun na costais rochtana a chionroinnt, ar costais iad a mhodhnaítear, nuair is iomchuí, chun fachtóirí rioscaí a chur san áireamh.

I gcás inarb é tátal an údaráis rialála náisiúnta, ag féachaint dó, nuair is infheidhme, do na hoibleagáidí a eascraíonn as anailís ábhartha ar an margadh, nach leor na hoibleagáidí, arna bhforchur i gcomhréir leis an gcéad fhomhír thuas, chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní arda buana fisiciúla nó eacnamaíocha ar an macasamhlú, ar bacainní iad is cúis le fadhb a bheith sa mhargadh — ar ann di cheana nó nach bhfuil ach i mbéal a beirthe — lena gcuirtear teorainn shuntasach le torthaí iomaíochta na n-úsáideoirí deiridh, féadfaidh sé síneadh a chur le forchur na n-oibleagáidí rochtana sin, ar théarmaí agus ar choinníollacha cothroma agus réasúnacha, chuig pointe is faide ná an chéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin, chuig an bpointe is gaire, dar leis, do na húsáideoirí deiridh sin atá in ann óstáil a dhéanamh ar líon leordhóthanach de chuid naisc na n-úsáideoirí deiridh ionas gurb inmharthanach an óstáil sin ó thaobh an mhargaidh de ag cuardaitheoirí rochtana. Agus fad an tsínidh sin chuig pointe is faide ná an chéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin á chinneadh, beidh lánaird ag an údarás rialála náisiúnta ar na treoirlínte ábhartha de chuid BEREC. Más inchosanta ar fhorais teicniúla nó eacnamaíocha, is ceadmhach do na húdaráis rialála náisiúnta oibleagáidí maidir le rochtain iarbhír nó fhíorúil a fhorchur.

Ní fhorchuirfidh údaráis rialála náisiúnta oibleagáidí i gcomhréir leis an dara fomhír ar sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí más rud é go gcinneann siad mar seo a leanas:

(a) 

tá na saintréithe a liostaítear in Airteagal 80(1) ag an soláthraí, agus soláthraíonn sé bealach inmharthana comhchosúil eile chun teagmháil a dheanamh le húsáideoirí deiridh ar líonra fíor-ardacmhainne do ghnóthas ar bith, ar théarmaí agus ar choinníollacha cothroma, neamh-idirdhealaitheacha agus réasúnacha; Is ceadmhach do na húdaráis rialála náisiúnta an díolúine sin a chur i bhfeidhm ar sholáthraithe eile a thairgeann — ar théarmaí agus ar choinníollacha córa, neamh-idirdhealaitheacha agus réasúnacha — rochtain ar líonra fíor-ardacmhainne; nó

(b) 

i dtaca le forchur oibleagáidí, dhéanfadh sin dochar d'inmharthanacht eacnamaíoch nó airgeadais líonra nua arna imscaradh go háirithe i gcás tionscadail bheaga áitiúla.

De mhaolú ar phointe (a) den tríú fomhír, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta oibleagáidí a fhorchur ar sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí a shásaíonn na critéir a leagtar síos sa phointe sin i gcás ina ndéantar maoiniú poiblí ar an líonra sin.

Faoin 21 Nollaig 2020, foilseoidh BEREC treoirlínte lena gcothófar cur chun feidhme comhleanúnach na míre seo, trí chritéir a leagan amach is ábhartha chun an méid seo a leanas a chinneadh:

(a) 

an chéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin;

(b) 

an pointe sin, ar pointe é is faide ná an chéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin, ag a mbeidh líon leordhóthanach de naisc ag úsáideoirí deiridh chun gur féidir le gnóthas éifeachtach na bacainní inmhacasamhlúcháin a sainaithníodh a shárú;

(c) 

cén t-imscaradh líonra is inmheasta mar imscaradh nua;

(d) 

cé na tionscadail is inmheasta mar thionscadail bheaga; agus

(e) 

cé na bacainní eacnamaíocha nó fisiciúla ar mhacasamhlú atá ard agus buan.

4.  

Gan dochar do mhíreanna 1 agus 2, maidir le gnóthais a sholáthraíonn nó atá údaraithe chun líonraí cumarsáide leictreonaí a sholáthar, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla oibleagáidí a fhorchur ar na gnóthais sin i ndáil le comhroinnt bonneagair éighníomhaigh nó oibleagáidí chun comhaontuithe rochtana fánaíochta logánta a thabhairt i gcrích, sa dá chás, más gá go díreach chun na seirbhísí a bhraitheann ar úsáid speictrim raidió a sholáthar ar bhonn áitiúil, i gcomhréir le dlí an Aontais agus ar an gcoinníoll nach mbeidh aon bhealach inmharthana comhchosúil eile rochtana ar úsáideoirí deiridh ar fáil d'aon ghnóthas ar théarmaí agus ar choinníollacha cothroma agus réasúnacha. Is ceadmhach do na húdarás inniúla oibleagáidí den chineál sin a fhorchur ar choinníoll go ndearnadh foráil go soiléir don fhéidearthacht sin tráth a raibh na cearta úsáide do speictream raidió á ndeonú, agus i gcás gurb é ba údar leis na hoibleagáidí, agus sa chás sin amháin, go bhfuil imscaradh an bhonneagair lena soláthraítear líonraí nó seirbhísí sa limistéar atá faoi réir na n-oibleagáidí sin buailte ag baic dhosháraithe eacnamaíocha nó fhisiciúla, rud a fhágann gur fíorbheag rochtain — más ann di ar chor ar bith — atá ag úsáideoirí deiridh ar líonraí nó ar sheirbhísí. Más amhlaidh atá, nuair nach leor rochtain agus comhroinnt an bhonneagair éighníomhaigh féin chun dul i ngleic leis an gcás, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta oibleagáidí a fhorchur maidir le bonneagar gníomhach a chomhroinnt.

Tabharfaidh na húdaráis inniúla aird ar na nithe seo a leanas:

(a) 

an gá nascacht a uasmhéadú ar fud an Aontais, feadh na mórbhealaí iompair agus go háirithe i limistéir chríochacha, agus an fhéidearthacht rogha níos mó agus cáilíocht seirbhíse níos fearr a chur ar fáil d'úsáideoirí deiridh;

(b) 

úsáid éifeachtach speictrim raidió;

(c) 

an fhéidearthacht theicniúil nithe a chomhroinnt agus coinníollacha gaolmhara;

(d) 

staid iomaíochta atá bunaithe ar bhonneagar chomh maith le hiomaíocht atá bunaithe ar sheirbhís;

(e) 

nuálaíocht theicneolaíoch;

(f) 

an gá sárthábhachtach go dtacófaí leis an dreasacht atá ann don óstach feidhmiú céimneach a dhéanamh ar an mbonneagar ar an gcéad dul síos.

I gcás réiteach díospóide, féadfaidh na húdaráis inniúla, inter alia, an oibleagáid speictream raidió a chomhroinnt le hóstach an bhonneagair sa limistéar ábhartha a fhorchur ar thairbhí na hoibleagáide comhroinnte nó rochtana.

5.  
Beidh na hoibleagáidí agus coinníollacha a fhorchuirtear i gcomhréir le mír 1 go mír 4 den Airteagal seo oibiachtúil, trédhearcach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach. Cuirfear i bhfeidhm iad i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23, in Airteagal 32 agus in Airteagal 33. Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus na húdaráis inniúla eile a d'fhorchuir na hoibleagáidí agus na coinníollacha sin measúnú ar thorthaí na n-oibleagáidí agus na gcoinníollacha sin laistigh de chúig bliana ó ghlacadh an bhirt roimhe sin arna ghlacadh i ndáil leis na gnóthais céanna agus a mheas an mbeadh sé oiriúnach iad a tharraingt siar nó iad a leasú i bhfianaise dálaí atá ag athrú. Cuirfidh na húdaráis sin toradh a measúnaithe in iúl i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23, Airteagal 32 agus Airteagal 33.
6.  
Chun críocha mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sé de chumhacht ag an údarás rialála náisiúnta idirghabháil a dhéanamh ar a thionscnamh féin i gcás ina mbeidh sé dlisteanaithe chun cuspóirí beartais Airteagal 3 a bhaint amach, i gcomhréir leis an Treoir seo agus go háirithe leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23 agus in Airteagal 32.
7.  
Faoin 21 Meitheamh 2020, chun rannchuidiú le sainmhíniú seasmhach ar shuíomh pointí foirceanta líonraí ag na húdaráis rialála náisiúnta, déanfaidh BEREC tar éis dul i gcomhairle le geallsealbhóirí agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, treoirlínte a ghlacadh maidir le cineálacha cur chuige coiteanna i leith pointe foirceanta an líonra a shainaithint i dtoipeolaíochtaí líonra éagsúla. Tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta lánaird ar na treoirlínte sin nuair atá suíomh phointí foirceanta líonra á sainmhíniú acu.

Airteagal 62

Córais rochtana coinníollaí agus saoráidí eile

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag na coinníollacha a leagtar síos i gCuid I d'Iarscríbhinn II maidir le rochtain choinníollach ar sheirbhísí digiteacha teilifíse agus raidió a chraoltar chuig lucht féachana agus lucht éisteachta san Aontas, beag beann ar na meáin tarchuir.
2.  

I gcás ina gcinneann údarás rialála náisiúnta a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 67(1), mar thoradh ar an anailís mhargaidh sin, nach bhfuil mórán cumhacht mhargaidh ag gnóthas amháin nó níos mó ná sin ar an margadh ábhartha, féadfaidh sé na coinníollacha a leasú nó a tharraingt siar i gcás na ngnóthais sin, i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23 agus in Airteagal 32, a mhéid a bhaineann leis seo a leanas amháin:

(a) 

ní dhéanfar dochar d'inrochtaineacht úsáideoirí deiridh ar chraoltaí raidió agus teilifíse agus ar chainéil agus ar sheirbhísí craoltóireachta a shonraítear i gcomhréir le hAirteagal 114 le leasú nó tarraingt siar den chineál sin; agus

(b) 

Ni dhéanfaí dochar do na hionchais d'iomaíocht éifeachtach sna margaí seo a leanas de bharr leasú nó tarraingt siar mar seo a leanas:

(i) 

seirbhísí craoltóireachta digiteacha teilifíse agus raidió san earnáil mhiondíola; agus

(ii) 

córais rochtana choinníollacha agus saoráidí gaolmhara eile.

Tabharfar tréimhse fógra cuí do pháirtithe a ndéanfaidh leasú nó tarraingt siar coinníollacha den sórt sin difear dóibh.

3.  
Tá na coinníollacha a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir leis an Airteagal seo gan dochar do chumas na mBallstát oibleagáidí i ndáil leis an ngné láithritheach d'eolairí leictreonach clár agus saoráidí liostála agus nascleanúna comhchosúla a fhorchur.
4.  
D'ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt dá gcuid údarás rialála náisiúnta, a luaithe is féidir tar éis 20 Nollaig 2018 agus go tréimhsiúil ina dhiaidh sin, athbhreithniú a dhéanamh ar na coinníollacha a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir leis an Airteagal seo, trí anailís mhargaidh a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 67(1) chun cinneadh a dhéanamh ar cheart na coinníollacha a chuirtear i bhfeidhm a choinneáil, a leasú nó iad a tharraingt siar.



CAIBIDIL III

Anailís mhargaidh agus cumhacht shuntasach sa mhargadh

Airteagal 63

Gnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu

1.  
I gcás ina gcuireann an Treoir seo ceangal ar údaráis rialála náisiúnta a chinneadh an bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh ag gnóthais i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 67, beidh feidhm ag mír 2 den Airteagal seo.
2.  

Measfar go bhfuil cumhacht shuntasach ag gnóthas sa mhargadh, leis féin nó i gcomhar le gnóthais eile, má tá staid aige atá coibhéiseach le ceannasacht, eadhon staid eacnamaíoch láidir a thugann an chumhacht dó feidhmiú neamhspleách go mór ar a chuid iomaitheoirí, ar a chuid custaiméirí, agus ar deireadh, ar a chuid tomhaltóirí.

Go háirithe, nuair a bheidh údaráis rialála náisiúnta ag measúnú an bhfuil cumhacht cheannasach ag dhá ghnóthas nó níos mó i gcomhpháirt le chéile i margadh, feidhmeoidh na húdaráis i gcomhréir le dlí an Aontais agus tabharfaidh siad lánaird ar na treoirlínte maidir le hanailís mhargaidh agus ar an measúnú ar chumhacht shuntasach sa mhargadh arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 64.

3.  
I gcás ina mbíonn cumhacht sa mhargadh ag gnóthas i dtaca le margadh ar leith, féadfar é a ainmniú freisin ina ghnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach aige i dtaca le margadh eile neasghaolmhar, nuair is naisc iad na naisc atá idir an dá mhargadh lenar féidir cumhacht mhargaidh an mhargaidh ar leith a ghiaráil sa margadh a bhfuil dlúthbhaint aige leis agus cumhacht mhargaidh an ghnóthais a neartú dá réir. Dá réir sin, is ceadmhach leigheasanna lena ndírítear ar ghiaráil den chineál sin a chur i bhfeidhm sa margadh a bhfuil dlúthbhaint aige leis de bhun Airteagal 69, Airteagal 70, Airteagal 71, agus Airteagal 74.

Airteagal 64

Nós imeachta chun margaí a shainaithint agus a shainiú

1.  

Tar éis dul i mbun comhairliúchán poiblí leis na húdaráis rialála náisiúnta san áireamh agus lánaird á tabhairt ar thuairim BEREC, glacfaidh an Coimisiún Moladh maidir leis na Margaí Ábhartha Táirgí agus Seirbhísí ('an Moladh'). Sainaithneofar leis an Moladh na margaí táirgí agus seirbhísí sin laistigh den earnáil chumarsáide leictreonaí a bhféadfadh a saintréithe a bheith de chineál a dhéanfaidh forchur na n-oibleagáidí rialála a leagtar amach sa Treoir seo a dhlisteanú, gan dochar do mhargaí a fhéadfar a shainiú i gcásanna sonracha faoi dhlí na hiomaíochta. Déanfaidh an Coimisiún margaí a shainiú i gcomhréir le prionsabail dhlí na hiomaíochta.

Cuirfidh an Coimisiún margaí táirgí agus seirbhísí san áireamh sa Mholadh más rud é, tar éis dóibh faire a dhéanamh ar threochtaí san Aontas, go bhfionnann sé go bhfuil gach ceann de na trí chritéir a liostaítear in Airteagal 67(1) á gcomhlíonadh.

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Moladh sin faoin 21 Nollaig agus go rialta dá éis sin.

2.  
Tar éis dul i gcomhairle le BEREC, foilseoidh an Coimisiún treoirlínte d'anailís mhargaidh agus don mheasúnú ar chumhacht shuntasach sa mhargadh ('na treoirlínte CMS'), a bheidh i gcomhréir le prionsabail ábhartha dhlí na hiomaíochta. Áireoidh an CMS treoir do na húdaráis rialála náisiúnta maidir le coincheap na cumhachta suntasaí sa mhargadh a fheidhmiú i gcomhthéacs sonrach rialáil ex ante margaí cumarsáide leictreonaí, agus na trí chritéir a liostaítear in Airteagal 67(1) san áireamh.
3.  
Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta, agus lánaird á tabhairt acu ar an Moladh agus ar na treoirlínte CMS, na margaí ábhartha a shainiú is iomchuí do dhálaí náisiúnta, go háirithe margaí geografacha ábhartha laistigh dá gcríoch trí aird a thabhairt inter alia ar oiread na hiomaíochta atá ann ó thaobh an bhonneagair de sna réimsí sin, i gcomhréir le prionsabail dhlí na hiomaíochta. Ina theannta sin, cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta, nuair is ábhartha, torthaí an tsuirbhé gheografaigh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 22(1) san áireamh. Leanfaidh siad na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23 agus in Airteagal 32 sula ndéanfar na margaí atá éagsúil ó na margaí a aithnítear sa Mholadh a shainiú.

Airteagal 65

Nós imeachta chun margaí trasnáisiúnta a shainaithint

1.  
Déanfaidh BEREC anailís ar mhargadh trasnáisiúnta féideartha má chuireann an Coimisiún nó ar a laghad dhá údarás rialála náisiúnta lena mbaineann iarraidh réasúnaithe, ina mbeidh faisnéis thacaíochta, faoina bhráid. Tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí agus lánaird á tabhairt aige ar an anailís a rinne BEREC, féadfaidh an Coimisiún cinntí a ghlacadh lena sainaithneofar margaí trasnáisiúnta i gcomhréir le prionsabail dhlí na hiomaíochta agus lánaird á tabhairt ar an Moladh agus ar threoirlínte CMS arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 64.
2.  

I gcás na margaí trasnáisiúnta arna sainaithint i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh na húdaráis náisiúnta rialála lena mbaineann an anailís mhargaidh go comhpháirteach agus lánaird á tabhairt ar threoirlínte CMS agus, ar bhealach comhbheartaithe, déanfaidh siad cinneadh maidir le haon fhorchur, aon chothabháil, aon leasú nó aon tarraingt siar ar oibleagáidí rialála dá dtagraítear in Airteagal 67(4). Tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta lena mbaineann fógra i gcomhpháirt don Choimisiúin i ndáil lena ndréachtbhearta maidir le hanailís mhargaidh agus aon oibleagáidí rialála de bhun Airteagal 32 agus Airteagal 33.

Féadfaidh dhá údarás rialála náisiúnta nó níos mó fógra a thabhairt go comhpháirteach freisin faoina ndréachtbhearta maidir le hanailís mhargaidh agus aon oibleagáidí rialála in éagmais margaí trasnáisiúnta, i gcás ina measann siad go bhfuil na dálaí sa mhargadh ina ndlínsí faoi seach aonfhoirmeach a ndóthain.

Airteagal 66

Nós imeachta chun éileamh trasnáisiúnta a shainaithint

1.  

Déanfaidh BEREC anailís ar éileamh trasnáisiúnta úsáideoirí deiridh do tháirgí agus do sheirbhísí a sholáthraítear laistigh den Aontas i gceann amháin nó níos mó de na margaí a liostaítear sa Mholadh, má fhaigheann sé iarraidh réasúnaithe ina dtugtar fianaise tacaíochta ón gCoimisiún nó ó dhá údarás rialála náisiúnta lena mbaineann ar a laghad ina léirítear go bhfuil fadhb thromchúiseach ann i dtaca le héileamh ar gá aghaidh a thabhairt uirthi. Féadfaidh BEREC anailís den sórt sin a dhéanamh freisin má fhaigheann sé iarraidh réasúnaithe ó rannpháirtithe sa mhargadh a chuireann dóthain fianaise tacaíochta ar fáil agus má mheasann sé go bhfuil fadhb thromchúiseach ann i dtaca le héileamh ar gá aghaidh a thabhairt uirthi. Tá anailís BEREC gan dochar d'aon torthaí margaí trasnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 65(1) agus d'aon torthaí margaí geografacha náisiúnta nó fo-náisiúnta arna gcur ar fáil ag údaráis rialála náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 64(3).

Féadfar a bheith san áireamh san anailís sin ar éileamh trasnáisiúnta d'úsáideoirí deiridh táirgí agus seirbhísí sholáthraítear laistigh de mhargaí táirgí agus seirbhísí ar sainíodh iad ar bhealaí éagsúla ag údarás rialála náisiúnta amháin nó níos mó agus imthosca náisiúnta á gcur san áireamh, ar choinníoll gur féidir na táirgí agus na seirbhísí sin a chur in ionad na dtáirgí agus na seirbhísí sin a sholáthraítear i gceann amháin de na margaí a liostaítear sa Mholadh.

2.  
Má chinneann BEREC go bhfuil éileamh trasnáisiúnta d'úsáideoirí deiridh ann, go bhfuil sé suntasach agus nach bhfuil soláthar a chuirtear ar fáil ar bhonn tráchtála nó ar bhonn rialáilte ag freastal go leordhóthanach ar an éileamh sin, déanfaidh sé, tar éis dul i gcomhairle le geallsealbhóirí agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, treoirlínte a eisiúint maidir le cineálacha cuir chuige coiteanna d'údaráis rialála náisiúnta chun freastal ar an éileamh trasnáisiúnta arna shainaithint, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, nuair a fhorchuireann siad leigheasanna i gcomhréir le hAirteagal 68. Tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta lánaird ar na treoirlínte sin agus a gcúramaí rialúcháin á gcomhlíonadh acu laistigh dá ndlínse féin. Féadfaidh na treoirlínte sin a bheith ina mbonn don idiroibritheacht i measc táirgí rochtana mórdhíola ar fud an Aontais agus d'fhéadfaí a áireamh orthu treoir maidir le comhchuibhiú a dhéanamh ar shonraíochtaí teicniúla na dtáirgí rochtana mórdhíola sin darb acmhainn freastal ar éileamh trasnáisiúnta den chineál sin.

Airteagal 67

An nós imeachta um anailís mhargaidh

1.  

Cinnfidh na húdaráis rialála náisiúnta an bhfuil margadh ábhartha a sainíodh i gcomhréir le hAirteagal 64(3) ina mhargadh den chineál a thabharfadh bonn cirt leis na hoibleagáidí rialála, a leagtar amach sa Treoir seo, a fhorchur air. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar anailís, nuair is iomchuí, i gcomhar leis na húdaráis iomaíochta náisiúnta. Tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta lánaird ar threoirlínte CMS agus leanfaidh siad na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23 agus in Airteagal 32 nuair a bheidh anailís den sórt sin á déanamh acu.

Féadfar margadh a bheith ina mhargadh den chineál chun bonn cirt a thabhairt le forchur na n-oibleagáidí rialála a leagtar amach sa Treoir seo má chomhlíontar na critéir seo ar fad a leanas:

(a) 

go bhfuil bacainní struchtúracha, dlíthiúla nó rialála ar iontráil ann atá ard agus nach bhfuil neamhbhuan;

(b) 

gur ann do struchtúr margaidh nach gnách dó cur le hiomaíocht éifeachtach laistigh den spriocdháta ábhartha, ag féachaint do chúrsaí iomaíochta atá bunaithe ar an mbonneagar agus ar fhoinsí iomaíochta eile taobh thiar de na bacainní ar iontráil;

(c) 

nach leor dlí na hiomaíochta amháin chun aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar an teip/na teipeanna a sainaithníodh sa mhargadh.

Nuair a dhéanann údarás rialála náisiúnta anailís ar mhargadh atá san áireamh sa Mholadh, breithneoidh sé gur comhlíonadh pointe (a), pointe (b) agus pointe (c) den dara fomhír, mura gcinneann an t-údarás rialála náisiúnta nach gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na critéir sin sna himthosca sonracha náisiúnta.

2.  

I gcás ina ndéanfaidh údarás rialála náisiúnta an anailís a cheanglaítear le mír 1, breithneoidh sé forbairtí ó dhearcadh réamhbhreathnaitheach in éagmais rialachán arna fhorchur ar bhonn an Airteagail seo sa mhargadh ábhartha, agus na nithe seo ar fad a leanas á gcur san áireamh:

(a) 

forbairtí margaidh a dhéanann dochar don dóchúlacht go mbogfaidh an margadh ábhartha i dtreo iomaíocht éifeachtúil;

(b) 

gach srian ábhartha ar iomaíocht, ar leibhéal mhórdhíola agus mhiondíola, beag beann ar cibé acu a mheastar foinsí na srianta sin a bheith ina líonraí cumarsáide leictreonaí, ina seirbhísí cumarsáide leictreonaí, nó ina gcineálacha eile seirbhísí nó feidhmchlár ar féidir iad a chur i gcomórtas le chéile ó dhearcadh an úsáideora deiridh, agus beag beann ar na srianta sin a bheith mar chuid den mhargadh ábhartha nó gan a bheith mar chuid den mhargadh ábhartha;

(c) 

cineálacha eile rialála nó de bhearta arna bhforchur ar an margadh ábhartha nó ar an margadh miondíola gaolmhar nó ar na margaí miondíola gaolmhara agus a dhéanann difear dóibh ar feadh na tréimhse ábhartha, lena n-áirítear, gan teorainn, oibleagáidí a fhorchuirtear i gcomhréir le hAirteagal 44, le hAirteagal 60 agus le hAirteagal 61;

(d) 

rialáil arna fhorchur ar mhargaí ábhartha eile ar bhonn an Airteagail seo.

3.  

I gcás ina bhfionnfaidh údarás rialála náisiúnta nach bhféadfar margadh ábhartha a bheith amhlaidh chun forchur oibleagáidí rialála a dhlisteanú i gcomhréir leis an nós imeachta i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo, nó i gcás nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo á gcomhlíonadh, ní dhéanfaidh sé aon oibleagáidí rialála sonracha a fhorchur ná a chothabháil i gcomhréir le hAirteagal 68. I gcásanna ina bhfuil oibleagáidí rialála earnáilsonracha forchurtha cheana i gcomhréir le hAirteagal 68, tarraingeoidh sé siar na hoibleagáidí sin atá curtha ar ghnóthais sa mhargadh ábhartha sin.

Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a áirithiú go bhfaighidh páirtithe a ndéanann tarraingt siar na n-oibleagáidí sin difear dóibh tréimhse fógra iomchuí, ar tréimhse í a bheidh sainithe trí chothromaíocht bhaint amach idir an gá a riachtanaí atá sé idirthréimhse inbhuanaithe a bheith ann do thairbhithe na n-oibleagáidí sin agus do na húsáideoirí deiridh, roghanna an úsáideora deiridh, agus nach leanfar leis an rialachán sin thar a bhfuil riachtanach. Agus an tréimhse fógra sin á socrú acu, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta coinníollacha sonracha agus tréimhsí fógra sonracha a chinneadh i ndáil le comhaontuithe rochtana atá ann cheana.

4.  
I gcás ina gcinneann údarás rialála náisiúnta go bhfuil údar leis na hoibleagáidí rialála a fhorchur, i margadh ábhartha, i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 den Airteagal seo, déanfaidh sé aon ghnóthais a shainiú a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu ar bhonn aonair nó go comhpháirteach i ndáil leis an margadh ábhartha sin i gcomhréir le hAirteagal 63. Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta oibleagáidí sonracha rialála iomchuí a fhorchur ar na gnóthais sin, i gcomhréir le hAirteagal 68 nó déanfaidh sé oibleagáidí den sórt sin a choimeád nó a leasú i gcás inarb ann dóibh cheana féin, má mheasann sé nach mbeadh an toradh a bheadh ann do na húsáideoirí deiridh iomaíoch ar bhealach éifeachtach d'uireasa na n-oibleagáidí sin.
5.  

Beidh na bearta a dhéantar i gcomhréir le míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo faoi réir na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 23 agus 32. Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta anailís ar an margadh ábhartha agus fógróidh sé an dréachtbheart comhfhreagrach i gcomhréir le hAirteagal 32:

(a) 

laistigh de chúig bliana ón uair a glacadh beart roimhe sin i gcás ina bhfuil an margadh ábhartha sainithe ag an údarás rialála náisiúnta agus cinneadh déanta aige cé na gnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu; féadfar an tréimhse cúig bliana sin a fhadú, ar bhonn eisceachtúil, suas go ceann tréimhse bliana, i gcás inar thug an t-údarás rialála náisiúnta fógra don Choimisiún faoi shíneadh réasúnaithe arna mholadh, tráth nach déanaí ná ceithre mhí roimh dhul in éag na tréimhse cúig bliana, agus nach ndearna an Coimisiún agóid laistigh de mhí amháin tar éis an fógra faoin síneadh a fháil;

(b) 

laistigh de thrí bliana tar éis Moladh athbhreithnithe a ghlacadh maidir le margaí ábhartha, le haghaidh margaí nár seoladh fógra fúthu chuig an gCoimisiún roimhe sin; nó

(c) 

laistigh de thrí bliana óna n-aontachas, do Bhallstáit a tháinig isteach san Aontas le déanaí.

6.  
I gcás ina measann údarás rialála náisiúnta i ndáil le margadh ábhartha a sainaithníodh sa Mholadh, nach bhfuil a anailís críochnaithe nó nach mbeidh sé in ann í a chríochnú laistigh den teorainn ama a leagtar síos i mír 5 den Airteagal seo déanfaidh BEREC, arna iarraidh sin, cúnamh a chur ar fáil don údarás rialála náisiúnta lena mbaineann chun an anailís ar an margadh ábhartha agus ar na hoibleagáidí sonracha atá le forchur a chríochnú. Leis an gcúnamh sin, tabharfaidh an t-údarás rialála náisiúnta lena mbaineann fógra faoin dréachtbheart don Choimisiún laistigh de shé mhí ón teorainn a leagtar síos i mír 5 den Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 32.



CAIBIDIL IV

Leigheasanna rochtana a fhorchuirtear ar ghnóthais le cumhacht shuntasach sa mhargadh

Airteagal 68

Forchur, leasú nó tarraingt siar oibleagáidí

1.  
Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar de chumhacht do na húdaráis rialála náisiúnta oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 69 go 74 agus in Airteagail 76 go 81 a fhorchur.
2.  
Más rud é, mar thoradh ar anailís mhargaidh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 67, go n-ainmnítear gnóthas mar ghnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige i margadh sonrach, déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta aon cheann de na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 69 go 74 agus in Airteagail 76 agus 80 a fhorchur mar is iomchuí. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, roghnóidh údarás rialála náisiúnta an bealach is lú cunórtas chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a sainaithníodh san anailís mhargaidh.
3.  

Ní dhéanfaidh údaráis rialála náisiúnta na hoibleagáidí arna leagan síos in Airteagail 69 go 70 agus in Airteagail 76 agus 80 a fhorchur ach amháin ar ghóthais a ainmníodh mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, gan dochar do na nithe seo a leanas:

(a) 

Airteagal 61 agus Airteagal 62,

(b) 

Airteagal 44 agus Airteagal 17 den Treoir seo, Coinníoll 7 i gCuid D d'Iarscríbhinn I mar a chuirtear i bhfeidhm de bhua Airteagal 13(1) den Treoir seo, Airteagail 97 agus 106 den Treoir seo agus na forálacha ábhartha de Threoir 2002/58/CE ina bhfuil oibleagáidí ar ghnóthais seachas iad sin a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu, nó

(c) 

a riachtanaí atá sé gealltanais idirnáisiúnta a chomhlíonadh,

I gcásanna eisceachtúla, nuair a bheartaíonn údarás rialála náisiúnta oibleagáidí le haghaidh rochtana nó idirnasctha seachas iad sin a leagtar amach in Airteagail 69 go 74 agus in Airteagail 76 agus 80 a fhorchur ar ghnóthais a bhfuil chumhacht shuntasach sa mhargadh acu, seolfaidh sé iarratas chuig an gCoimisiún.

Agus an aird is mó is féidir á tabhairt ar thuairim BEREC, glacfaidh an Coimisiún cinntí trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme lena n-údaraítear údarás rialála náisiúnta nó lena gcoisctear ar údarás rialála náisiúnta bearta den sórt sin a ghlacadh.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 118(3).

4.  

Na hoibleagáidí a fhorchuirtear i gcomhréir leis an Airteagal seo, beidh siad:

(a) 

bunaithe ar chineál na faidhbe arna sainaithint ag údarás rialála náisiúnta ina anailís mhargaidh, agus sainaithint an éilimh thrasnáisiúnta de bhun Airteagal 66 á cur san áireamh nuair is iomchuí;

(b) 

comhréireach, ag féachaint, i gcás inar féidir, do na costais agus na sochair;

(c) 

beidh údar cuí leo i bhfianaise na gcuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3; agus

(d) 

arna bhforchur tar éis comhairliúchán a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 23 agus le hAirteagal 32.

5.  
I ndáil leis an gá atá ann gealltanais idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a chomhlíonadh, tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta fógra don Choimisiún faoi chinntí oibleagáidí a fhorchur ar ghóthais, nó na hoibleagáidí sin a leasú nó iad a tharraingt siar, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 32.
6.  

Breithneoidh na húdaráis rialála náisiúnta an tionchar a bheidh ag forbairtí margaidh nua, amhail i ndáil le comhaontuithe tráchtála, lena n-áirítear comhaontuithe comhinfheistíochta, a bhfuil tionchar acu ar an dinimic iomaíochta.

Mura bhfuil na forbairtí sin tábhachtach a ndóthain gur gá anailís mhargaidh nua i gcomhréir le hAirteagal 67, measúnóidh an t-údarás rialála náisiúnta gan mhoill an bhfuil sé riachtanach athbhreithniú a dhéanamh ar na hoibleagáidí a forchuireadh ar ghnóthais a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu agus aon chinneadh a rinneadh roimhe sin a leasú, lena n-áirítear trí oibleagáidí a aistarraingt nó oibleagáidí nua a fhorchur, chun a áirithiú go leanfaidh na hoibleagáidí sin de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo. Ní fhorchuirfear na leasuithe sin nó go ndéanfar comhairliúchán i gcomhréir le hAirteagail 23 agus 32.

Airteagal 69

Oibleagáidí na trédhearcachta

1.  
Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 68, oibleagáidí do thrédhearcacht i ndáil le hidirnascacht nó le rochtain a fhorchur, arb oibleagáidí iad lena gceanglaítear ar ghnóthais faisnéis shonrach a chur ar fáil go poiblí, amhail faisnéis chuntasaíochta, praghsanna, sonraíochtaí teicniúla, tréithe líonra agus forbairtí a meastar a thiocfaidh orthu, chomh maith le téarmaí agus coinníollacha le haghaidh soláthair agus úsáide, lena n-áirítear aon choinníollacha lena n-athrófaí an rochtain ar sheirbhísí agus ar fheidhmchláir nó a n-úsáid, go háirithe maidir le haistriú ó bhonneagar leagáide, i gcás ina gceadaíonn na Ballstáit na coinníollacha sin i gcomhréir le dlí an Aontais.
2.  
Go háirithe i gcás ina bhfuil oibleagáidí neamh-idirdhealaithe ar ghnóthas, féadfaidh údaráis rialála náisiúnta ceanglas a chur ar an oibreoir sin tairiscint tagartha a fhoilsiú, a bheidh díchuachta go leordhóthanach chun a áirithiú nach bhfuil de cheangal ar ghnóthais íoc as saoráidí nach bhfuil gá leo don tseirbhís arna iarraidh. Cuirfear sa tariscint sin tuairisc ar na tairiscintí ábhartha roinnte ina gcomhpháirteanna de réir riachtanais an mhargaidh, agus na dtéarmaí agus na gcoinníollacha gaolmhara lena n-áirítear praghsanna. Féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta, inter alia, athruithe a fhorchur ar thairiscintí tagartha chun éifeacht a thabhairt d'oibleagáidí a fhorchuirfear faoin Treoir seo.
3.  
Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta an fhaisnéis bheacht atá le cur ar fáil, leibhéal an mhionsonraithe is gá agus an chaoi a bhfoilseofar í a shonrú.
4.  

Faoin 21 Nollaig 2019, d'fhonn rannchuidiú le cur i bhfeidhm comhsheasmhach na n-oibleagáidí trédhearcachta, eiseoidh BEREC, tar éis dó dul i mbun comhairliúcháin le geallsealbhóirí agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, treoirlínte maidir leis na critéir íosta le haghaidh tairiscint tagartha agus déanfar iad a athbhreithniú uair ar bith is gá chun iad a chur in oiriúint d'fhorbairtí teicneolaíochta agus margaidh. Agus critéir íosta mar sin á gcur ar fáil, saothróidh BEREC na cuspóirí atá in Airteagal 3, agus tabharfaidh sé aird ar riachtanais thairbhithe na n-oibleagáidí rochtana agus úsáideoirí deiridh atá gníomhach i níos mó ná Ballstát amháin, agus ar aon treoirlínte BEREC lena ndéantar éileamh trasnáisiúnta a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 66 agus ar aon chinneadh ón gCoimisiún lena mbaineann.

D'ainneoin mhír 3 den Airteagal seo, i gcás ina bhfuil oibleagáidí ar ghnóthais faoi Airteagal 72 nó Airteagal 73 maidir le rochtain ar bhonneagar líonra mórdhíola, áiritheoidh na húdaráis rialála náisiúnta go bhfoilsítear tairiscint tagartha ag tabhairt lánaird ar threoirlínte BEREC maidir leis na critéir íosta le haghaidh tairiscint tagartha, áiritheoidh siad go sonrófar, nuair is ábhartha, na príomhtháscairí feidhmíochta, mar aon le leibhéil chomhfhreagracha na seirbhísí, agus déanfaidh siad faireachán géar orthu agus áiritheoidh siad go ndéanfar iad a chomhlíonadh. Sa bhreis air sin, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta, i gcás inar gá, na pionóis ghaolmhara airgeadais a réamhchinneadh i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 70

Oibleagáidí maidir le neamh-idirdhealú

1.  
Féadfaidh údarás rialála náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 68, oibleagáidí maidir le neamh-idirdhealú a fhorchur, i ndáil le hidirnascacht nó rochtain.
2.  
Déanfaidh oibleagáidí neamh-idirdhealaithe a áirithiú, go háirithe, go gcuireann an gnóthas coinníollacha coibhéiseacha i ndálaí coibhéiseacha i bhfeidhm ar sholáthraithe seirbhísí coibhéiseacha, agus go soláthraíonn sé seirbhísí agus eolas chuig dreamanna eile faoi na coinníollacha céanna agus den cháilíocht chéanna mar a sholáthraíonn sé dá sheirbhísí féin iad, nó dá fhochuideachtaí nó dá chomhpháirtithe féin. Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta oibleagáidí a fhorchur ar anngnóthas sin táirgí agus seirbhísí rochtana a chur ar fáil do gach gnóthas, lena n-áirítear dó féin, faoi na hamscálaí, téarmaí agus coinníollacha céanna, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le leibhéil phraghais agus seirbhíse, agus trí bhíthin na gcóras agus na bpróiseas céanna, chun coibhéis rochtana a áirithiú.

Airteagal 71

Oibleagáid um dheighilt cuntasaíochta

1.  

Féadfaidh údarás rialála náisiúnta, i gcomhréir le forálacha Airteagal 68, oibleagáidí do dheighilt cuntasaíochta a fhorchur i ndáil le gníomhaíochtaí sonraithe maidir le hidirnascacht nó rochtain.

Go háirithe, féadfaidh údarás rialála náisiúnta a éileamh ar chuideachta atá comhtháite go ceartingearach a praghsanna mórdhíola agus a praghsanna aistritheacha inmheánacha inter alia a dhéanamh trédhearcach chun comhlíonadh a áirithiú i gcás ina bhfuil oibleagáid ann le haghaidh neamh-idirdhealú faoi Airteagal 70 nó, i gcás inar gá, chun tras-fhóirdheonú éagothrom a chosc. Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta an fhormáid agus an mhodheolaíocht cuntasaíochta atá le húsáid a shonrú.

2.  
Gan dochar d'Airteagal 20, chun a fhíordheimhniú go bhfuil na hoibleagáidí trédhearcachta agus neamh-idirdhealaithe á gcomhlíonadh, beidh sé de chumhacht ag na húdaráis rialála náisiúnta a cheangal go gcuirfí taifid chuntasaíochta, lena n-áirítear sonraí ar ioncaim arna bhfáil ó thríú páirtithe, ar fáil arna iarraidh sin. Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta pé eolas a rannchuideodh le margadh oscailte agus iomaíoch a fhoilsiú, agus rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta maidir le rúndacht tráchtála á gcomhlíonadh acu.

Airteagal 72

Rochtain ar innealtóireacht shibhialta

1.  
Féadfaidh údarás rialála náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 68, oibleagáidí a fhorchur ar ghnóthais chun go gcomhlíonfaí iarratais réasúnacha chun rochtain a fháil ar innealtóireacht shibhialta agus úsáid a bhaint aisti lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta dó sin, rochtain agus úsáid gan teorainn maidir le foirgnimh nó bealaí isteach i bhfoirgnimh, cáblaí i bhfoirgnimh lena n-áirítear sreangú, aeróga, túir agus struchtúir tacaíochta eile, cuaillí, crainn duchtanna, seolphíobáin, dúnphoill iniúchta, dúnphoill, agus caibinéid, i gcásanna ina gcinneann an t-údarás rialála náisiúnta, tar éis an anailís mhargaidh a mheas, go gcuirfeadh diúltú rochtana nó rochtain a thugtar faoi théarmaí agus coinníollacha míréasúnta a bhfuil éifeacht chomhchosúil aici bac ar mhargadh iomaíoch inbhuanaithe a theacht chun cinn agus nach mbeadh sé chun leasa an úsáideora deiridh.
2.  
Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta oibleagáidí a fhorchur ar ghnóthais chun rochtain a chur ar fáil i gcomhréir leis an Airteagal seo, beag beann ar na sócmhainní a ndéanfadh an oibleagáid sin difear dóibh a bheith ina gcuid den mhargadh ábhartha nó gan a bheith ina gcuid den mhargadh ábhartha i gcomhréir leis an anailís mhargaidh, ar choinníoll go bhfuil gá leis an oibleagáid agus go bhfuil sí comhréireach chun cuspóirí Airteagal 3 a chomhlíonadh.

Airteagal 73

Oibleagáidí rochtana ar eilimintí sonracha líonra agus saoráidí gaolmhara agus a n-úsáid

1.  

Féadfaidh údaráis rialála náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 68, oibleagáidí a fhorchur ar ghnóthas chun go gcomhlíonfaí iarratais réasúnacha chun rochtain a fháil ar eilimintí sonracha líonra agus saoráidí gaolmhara agus úsáid a bhaint astu, i gcásanna ina measann na húdaráis rialála náisiúnta go gcuirfeadh diúltú rochtana nó rochtain a thugtar faoi théarmaí agus coinníollacha míréasúnta a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu bac ar mhargadh iomaíoch inbhuanaithe a theacht chun cinn ar an leibhéal miondíola agus nach mbeadh sé chun leasa an úsáideora deiridh.

Féadfaidh údaráis rialála náisiúnta a cheangal ar oibreoirí inter alia:

(a) 

rochtain, agus cead úsáide a thabhairt don tríú páirtí ar eilimintí fisiciúla sonracha den líonra agus ar shaoráidí gaolmhara a bhaineann leo, mar is iomchuí, lena n-áirítear rochtain dhíchuachta ar an lúb logánta agus ar an bhfo-lúb logánta;

(b) 

rochtain a thabhairt do thríú páirtithe ar eilimintí agus ar sheirbhísí sonracha gníomhacha nó fíorúla an líonra;

(c) 

dul i mbun caibidlíochta de mheon macánta le gnóthais atá ag iarraidh rochtana;

(d) 

gan rochtain ar shaoráidí a deonaíodh cheana a tharraingt siar;

(e) 

seirbhísí sonracha a sholáthar ar bhonn mórdhíola lena n-athdhíol ag tríú páirtithe;

(f) 

rochtain oscailte a thabhairt ar chomhéadain theicniúla, ar phrótacail nó ar theicneolaíochtaí tábhachtacha eile atá bunriachtanach d'idir-inoibritheacht seirbhísí nó seirbhísí líonraí fíorúla;

(g) 

comhshuíomh nó foirmeacha eile de chomhroinnt saoráidí gaolmhara a sholáthar;

(h) 

seirbhísí sonracha a sholáthar, a theastaíonn leis an idiroibritheacht a áirithiú idir seirbhísí inn ar inn agus lucht a n-úsáidte, nó fánaíocht ar líonraí móibíleacha;

(i) 

chun go soláthrófaí rochtain ar chórais tacaíochta oibriúcháin nó ar chórais bogearraí chomhchosúla, is gá chun iomaíocht chothrom a áirithiú i soláthar seirbhísí;

(j) 

chun líonraí nó saoráidí líonraí a idirnascadh;

(k) 

chun rochtain ar sheirbhísí gaolmhara amhail céannacht, suíomh agus seirbhís láithreachta a sholáthar.

Féadfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta na ceanglais sin a chur faoi réir coinníollacha faoina gcuimseofar an chothroime, an réasúntacht agus an phrapúlacht.

2.  

I gcás ina mbeidh na húdaráis rialála náisiúnta ag meas a iomchuí atá aon cheann de na sainoibleagáidí féideartha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go háirithe agus meas á dhéanamh acu, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ar cé acu a bhforchuirfear na hoibleagáidí sin agus ar an gcaoi a ndéanfar sin, déanfaidh siad anailís ar an méid seo — an leor bealaí eile rochtana ar ionchuir mhórdhíola ar an margadh mórdhíola céanna nó ar mhargadh gaolmhar chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb a sainaithníodh agus leas an úsáideora deiridh á saothrú. Áireofar sa mheasúnú sin tairiscintí ar rochtain tráchtála, rochtain rialáilte de bhun Airteagal 61, nó rochtain rialáilte ar ann di cheana féin nó atá á beartú ar ionchuir eile mhórdhíola de bhun an Airteagail seo. Cuirfidh údaráis rialála náisiúnta na fachtóirí seo a leanas san áireamh go háirithe:

(a) 

an inmharthanacht theicniúil agus eacnamaíoch saoráidí atá in iomaíocht le chéile a úsáid nó a shuiteáil, i bhfianaise an ráta ag a bhfuil an margadh ag forbairt, agus nádúr agus an cineál idirnascacht nó rochtain atá ann á gcur san áireamh, lena n-áirítear inmharthanacht táirgí rochtana réamhtheachtacha eile amhail rochtain ar dhuchtanna;

(b) 

an éabhlóid teicneolaíochta ionchasach a dhéanfaidh difear do dhearadh agus do bhainistiú an líonra;

(c) 

a riachtanaí atá sé an neodracht theicneolaíoch a áirithiú lena chur ar chumas na bpáirtithe a líonraí féin a dhearadh agus a bhainistiú;

(d) 

an fhéidearthacht an rochtain atá tairgthe a sholáthar, i ndáil leis an toilleadh atá ar fáil;

(e) 

an infheistíocht bhunaidh a rinne úinéir na saoráide, agus aon infheistíocht phoiblí a rinneadh agus na rioscaí a bhaineann leis an infheistíocht a dhéanamh go háirithe i dtaca le hinfheistíochtaí i líonraí fíor-ardacmhainne agus na leibhéil rioscaí a bhaineann leo á gcur san áireamh;

(f) 

a riachtanaí atá sé an t-iomaíochas a choimirciú go fadtéarmach, go háirithe i dtaca le hiomaíochas bonneagarbhunaithe atá éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de agus múnlaí nuálacha gnó a thacaíonn leis an iomaíochas inbhuanaithe, amhail iad siúd atá bunaithe ar an gcomhinfheistíocht i líonraí;

(g) 

nuair is iomchuí, aon chearta maoine intleachtúla ábhartha;

(h) 

soláthar seirbhísí uile-Eorpacha.

I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag údaráis rialála náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 68, maidir le ceanglais a fhorchur de bhun Airteagal 72 nó de bhun an Airteagail seo, scrúdóidh sé ar chomhréireach an mhaise gan aon oibleagáidí eile a fhorchur ach iad siúd de chuid Airteagal 72 amháin chun an t-iomaíochas agus leas an úsáideora deiridh a chur chun cinn.

3.  
Agus oibleagáidí á bhforchur acu ar ghnóthas maidir le rochtain a thabhairt i gcomhréir leis an Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta coinníollacha teicniúla nó oibríochtúla a leagan síos agus a fhorchur ar an soláthraí nó ar thairbhithe na rochtana sin, nuair is gá sin chun gnáthoibriú an líonra a áirithiú. Na hoibleagáidí chun caighdeáin nó sonraíochtaí teicniúla sonracha a leanúint, comhlíonfaidh siad na caighdeáin agus na sonraíochtaí a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 39.

Airteagal 74

Rialú praghsanna agus oibleagáidí cuntasaíochta costála

1.  

Féadfaidh údarás rialála náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 68, oibleagáidí maidir le haisghnóthú costas agus rialú praghsanna a fhorchur, lena n-áirítear oibleagáidí le haghaidh treoshuíomh costas do phraghsanna agus oibleagáidí a bhaineann le córais chuntasaíochta costála, chun cineálacha sonracha idirnaisc nó rochtain sholáthar, i staideanna ina léiríonn anailís mhargaidh go bhféadfaidh an gnóthas lena mbaineann praghsanna a choimeád ar leibhéal ró-ard, nó go bhféadfadh sé praghsanna a fháisceadh, chun aimhleasa na n-úsáideoirí deiridh, toisc nach ann d'iomaíocht fhónta.

Agus cinneadh á dhéanamh acu an mbeadh na hoibleagáidí ar rialú praghsanna iomchuí, déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a riachtanaí atá sé an iomaíocht a chur chun cinn agus leasanna úsáideoirí deiridh san fhadtéarma a bhaineann le himscaradh agus glacadh líonraí den chéad ghlúin eile, agus go háirithe líonraí fíor-ardacmhainne, a chur san áireamh. Go háirithe, chun an gnóthas a spreagadh infheistíochtaí a dhéanamh, lena n-áirítear i líonraí den chéad ghlúin eile, cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta an infheistíocht a rinne an gnóthas san áireamh. I gcás ina measann na húdaráis rialála náisiúnta go bhfuil oibleagáidí ar rialú praghsanna iomchuí, ceadóidh siad don ghnóthas ráta réasúnach toraidh ar an gcaipitil leormhaith a caitheadh, agus aon rioscaí atá sonrach do thionscadal líonra infheistíochta nua áirithe á gcur san áireamh.

Breithneoidh na húdaráis rialála náisiúnta gan oibleagáidí a fhorchur nó a choimeád de bhun an Airteagail seo, i gcás ina suíonn siad go bhfuil srian inléirithe ar phraghas miondíola ann agus go n-áirithítear go n-áiritheofar rochtain éifeachtach neamh-idirdhealaithe de bharr aon oibleagáidí arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 69 go hAirteagal 73, lena n-áirítear tástáil inmhacasamhlaithe eacnamaíche a fhorchuirtear i gcomhréir le hAirteagal 70.

I gcás ina measann údaráis rialála náisiúnta gurb iomchuí oibleagáidí rialú praghsanna a fhorchur ar rochtain ar na heilimintí líonra atá ann cheana, cuirfidh siad san áireamh freisin na tairbhí a ghabhann le praghsanna intuartha cobhsaí mórdhíola ó thaobh bealach isteach éifeachtach sa mhargadh agus dreasachtaí leordhóthanacha a áirithiú do gach gnóthas chun líonraí nua agus feabhsaithe a imscaradh.

2.  
Áiritheoidh na húdaráis rialála náisiúnta go mbainfear leas as aon sásra costais aisghnóthaithe nó as aon mhodheolaíocht phraghsála a shainordaítear chun imscaradh líonraí nua agus feabhsaithe, éifeachtúlacht agus iomaíocht inbhuanaithe a chur chun cinn agus chun an tairbhe is fearr agus is féidir a bhaint amach don úsáideoir deiridh. Maidir leis sin, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta na praghsanna atá ar fáil i margaí iomaíocha inchomparáide a chur san áireamh freisin.
3.  
I gcás ina bhfuil oibleagáid ar ghnóthas maidir le treoshuíomh costas do phraghsanna, is ar an ngnóthas lena mbaineann a bheidh an dualgas a chruthú gurb as costais, lena n-áirítear ráta réasúnach toraidh ar an infheistíocht, a thagann na muirir. Chun costas soláthar éifeachtúil seirbhísí a ríomh, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta feidhm a bhaint as modhanna cuntasaíocht costála neamhspleách orthu siúd a d'úsáid an gnóthas. Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a cheangal ar ghnóthas dlisteanú iomlán a sholáthar dá phraghsanna, agus féadfaidh sé, nuair is iomchuí, ceangal a éileamh go ndéanfaí praghsanna a mhodhnú.
4.  
Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a áirithiú, i gcás ina bhfuil cur chun feidhme córas cuntasaíochta costála sainordaithe chun tacú le rialú praghsanna, go gcuirfear ar fáil go poiblí tuairisc ar an gcóras cuntasaíochta um chostais, ina dtaispeánfar na príomhchatagóirí faoina n-aicmítear costais agus na rialacha a úsáidtear chun na costais a leithdháileadh ar a laghad. Fíoróidh comhlacht neamhspleách cáilithe comhlíonadh an chórais cuntasaíochta costála agus foilseoidh sé ráiteas maidir le comhlíonadh go bliantúil.

Airteagal 75

Rátaí foirceanta

1.  

Faoin 31 Nollaig 2020, déanfaidh an Coimisiún, agus lánaird á tabhairt aige ar thuairim BEREC, gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 117 lena bhforlíontar an Treoir seo tríuasráta foirceanta aonair uile a leagadh síos-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste agus uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta (dá ngairtear le chéile 'rátaí foirceanta uile-Aontais do ghuththlaonna'), a dhéanfar a fhorchur ar aon sholáthraí atá gníomhach ar fhoirceannadh guthghlaonna soghluaiste nó ar sheirbhísí foirceannadh guthghlaonna seasta, faoi seach, in aon cheann de na Ballstáit.

Chuige sin, cloífidh an Coimisiún:

(a) 

leis na prionsabail, na critéir agus na paraiméadair in Iarscríbhinn III;

(b) 

agus na rátaí foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna á shocrú den chéad uair, cuirfidh an Coimisiún san áireamh meán ualaithe na gcostas éifeachtúil i líonraí seasta agus soghluaiste arna mbunú i gcomhréir leis na prionsabail in Iarscríbhinn III arna gcur i bhfeidhm ar fud an Aontais; na rátaí foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna sa chéad ghníomh tarmligthe, ní bheidh siad níos airde ná an ráta is airde i measc na rátaí a bhí i bhfeidhm sé mhí sul nglacfar an gníomh tarmligthe sin i ngach Ballstát, tar éis aon choigeartú is gá a dhéanamh le haghaidh imthosca eisceachtúla náisiúnta;

(c) 

cuirfidh an Coimisiún líon iomlán na n-úsáideoirí deiridh i ngach Ballstát san áireamh, chun ualú cuí na n-uasrátaí foirceanta a áirithiú, chomh maith le himthosca náisiúnta a mbíonn éagsúlachtaí suntasacha idir Ballstáit mar thoradh orthu nuair a bhíonn na huasrátaí foirceanta san Aontas á gcinneadh;

(d) 

faisnéis maidir leis an margadh a chur san áireamh, arna soláthar ag BEREC, na húdaráis rialála náisiúnta nó, go díreach, ag gnóthais a chuireann líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar fáil; agus

(e) 

machnamh a dhéanamh ar a riachtanaí atá idirthréimhse nach faide ná 12 mhí ionas gur féidir na coigeartuithe a dhéanamh i mBallstáit inar gá sin ar bhonn na rátaí a forchuireadh roimhe sin.

2.  
Agus lánaird aige ar thuairim BEREC, athbhreithneoidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo, gach cúig bliana, agus déanfaidh sé a mheas ar gach ócáid, trí na critéir a liostaítear in Airteagal 67(1) a chur i bhfeidhm, cé acu a leanann nó nach leanann na rátaí foirceanta do ghuthghlaonna ar fud an Aontais de bheith riachtanach. I gcás ina gcinneann an Coimisiún i gcomhréir leis an mír seo gan uasráta foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste nó uasráta foirceanta do ghuthghlaonna seasta a fhorchur, nó gan an dá cheann acu a fhorchur, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta anailís mhargaidh a dhéanamh ar mhargaí na seirbhísí foirceanta do ghuthghlaonna i gcomhréir le hAirteagal 67, lena meas an bhfuil sé riachtanach oibleagáidí rialála a fhorchur nó nach bhfuil. I gcás ina bhforchuireann údarás rialála náisiúnta, mar thoradh na hanailíse sin, rátaí foirceanta costasdírithe a fhorchur i margadh ábhartha, leanfaidh sé na prionsabail, na critéir agus na paraiméadair a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus beidh a dhréachtbheart faoi réir na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23, Airteagal 32 agus Airteagal 33.
3.  
Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta faireachán géar agus áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh soláthraithe seirbhísí foirceanta cur i bhfeidhm anráta fhoirceanta uile-Aontais do ghuthghlaonna. Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a chur de cheangal, ag am ar bith, ar sholáthraí seirbhísí foirceanta do ghuthghlaonna an ráta a ghearrann sé ar ghnóthais eile a leasú más rud é nach gcomhlíonann sé an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 1. Tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta tuairisc bhliantúil don Choimisiún agus do BEREC maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo.

Airteagal 76

Láimhseáil rialála eilimintí nua líonra fíor-ardacmhainne

1.  

I dtaca le gnóthais a ainmníodh mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu i margadh amháin nó i roinnt margaí ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 67, is ceadmhach dóibh, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 79 agus faoi réir an dara fomhír den mhír seo, gealltanais a thabhairt tús a chur le himscaradh líonraí nua fíor-ardacmhainne ina bhfuil eilimintí snáthoptaice a théann chuig áitribh an úsáideora deiridh nó chuig an mbunstáisiún, chun comhinfheistíocht a dhéanamh, mar shampla, trí chomhúinéireacht nó comhroinnt riosca fadtéarmach a thairiscint trí chómhaoiniú nó trí chomhaontuithe ceannacháin as a n-eascraíonn cearta sonracha de chineál struchtúrach de chuid soláthraí eile líonraí nó seirbhísí cumarsáide.

Nuair a dhéanann an t-údarás rialála náisiúnta measúnú ar an ceanglais sin, cinnfidh sé go háirithe an gcomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas chun an tairiscint comhinfheistíochta a dhéanamh:

(a) 

beidh an tairiscint ar fáil tráth ar bith le linn saolré an líonra d'aon soláthraí líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí;

(b) 

leis an tairiscint sin, chuirfí ar chumas na gcomhinfheisteoirí eile ar soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide iad, dul i mbun iomaíochta ar bhealach éifeachtach agus inbhuanaithe san fhadtéarma i margaí iartheachtacha ina bhfuil an gnóthas ainmnithe a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige gníomhach, ar théarmaí lena n-áirítear:

(i) 

téarmaí cothroma, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha lena dtugtar rochtain ar lánacmhainn an líonra a mhéid a bhfuil sé faoi réir comhinfheistíochta;

(ii) 

solúbthacht i dtéarmaí luach agus uainiú rannpháirtíocht gach comhinfheisteora;

(iii) 

an fhéidearthacht an rannpháirtíocht sin a mhéadú sa todhchaí; agus

(iv) 

na cearta cómhalartacha arna mbronnadh ag na comhinfheisteoirí tar éis an bonneagar comhinfheistithe a imscaradh;

(c) 

cuireann an gnóthas ar fáil don phobal é go pras agus, i gcás nach sásaíonn an gnóthas na tréithe a liostaítear in Airteagal 80(1) sé mhí, ar a laghad, sula gcuirtear tús le himscaradh an líonra nua; féadfar síneadh a chur leis an tréimhse sin bunaithe ar na himthosca náisiúnta;

(d) 

féadfaidh cuardaitheoirí rochtana ach nach bhfuil ag glacadh páirt sa chomhinfheistíocht tairbhe a bhaint as an gcáilíocht chéanna, an luas céanna, na coinníollacha céanna agus as an gclúdach céanna d'úsáideoirí deiridh mar a bhí ar fáil sula ndearnadh an t-imscaradh, ag gabháil le sásra a dhéanann oiriúnú le himeacht ama, arna dhearbhú ag an údarás rialála náisiúnta, i bhfianaise na bhforbairtí ar na margaí miondíola gaolmhara, lena gcoimeádtar na dreasachtaí a bheith rannpháirteach sa chomhinfheistíocht; áiritheofar le sásra den chineál sin go mbeidh rochtain ag cuardaitheoirí rochtana ar eilimintí fíor-ardacmhainne den líonra ag am agus ar bhonn téarmaí trédhearcacha agus neamh-idirdhealaithe lena léirítear go hiomchuí an méid riosca a thabhaíonn comhinfheisteoirí faoi seach ag céimeanna difriúla den imscaradh, agus cuirfidh siad san áireamh staid iomaíoch na margaí miondíola;

(e) 

comhlíonann an tairiscint, mar íosmhéid, na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn IV agus déantar í de mheon lánmhaith.

2.  

Má mheasann an t-údarás rialála náisiúnta, agus torthaí na tástála margaidh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 79(2) á gcur san áireamh, go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad mhír den Airteagal seo leis an ngealltanas comhinfheistíochta arna thairiscint, tabharfaidh sé an gealltanas ceangailteach sin de bhun Airteagal 79(3), agus ní fhorchuirfidh sé aon oibleagáidí breise de bhun Airteagal 68 maidir le heilimintí den líonra nua fíor-ardacmhainne atá faoi réir na ngealltanas, i gcás ina mbíonn comhaontú comhinfheistíochta déanta ag comhinfheisteoir ionchasach amháin leis an ngnóthas a ainmníodh mar ghnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige.

Beidh an chéad fhomhír gan dochar do láimhseáil rialála na dtosca nach gcomhlíonann na gcoinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír den Airteagal seo, agus torthaí aon tástáil mhargaidh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 79(2) á gcur san áireamh, ach a bhfuil tionchar acu ar an iomaíocht agus a chuirtear san áireamh chun críocha Airteagail 67 agus 68.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh údarás rialála náisiúnta, i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo, leigheasanna a fhorchur, a choimeád nó a oiriúnú i gcomhréir le hAirteagal 68 go hAirteagal 74 ag féachaint do líonraí nua fíor-ardacmhainne chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna móra iomaíochta maidir le margaí sonracha i gcás ina suíonn an t-údarás rialála náisiúnta nach bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna iomaíochta seachas sin mar gheall ar shaintréithe sonracha na margaí sin.

3.  

Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta faireachán ar bhonn leanúnach lena chinntiú go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír agus féadfaidh siad a cheangal ar an ngnóthas a ainmnítear mar gnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige ráitis bhliantúla maidir le comhlíonadh a chur ar fáil dóibh.

Beidh an tAirteagal sin gan dochar do chumhacht an údaráis rialála náisiúnta cinntí a ghlacadh de bhun Airteagal 26(1) sa chás ina mbeidh díospóid ann idir dhá ghnóthas maidir le comhaontú comhinfheistíochta a measann an t-údarás a bhfuil na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír den Airteagal seo á gcomhlíonadh aige.

4.  
Tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, foilseoidh BEREC treoirlínte chun na húdaráis rialála náisiúnta a spreagadh na coinníollacha a leagtar amach sa chéad mhír agus na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a cur i bhfeidhm ar bhealach chomhsheasmhach.

Airteagal 77

Deighilt fheidhmiúil

1.  

I gcás inarb é tátal an údaráis rialála náisiúnta nár éirigh leis na hoibleagáidí a forchuireadh faoi Airteagal 69 go hAirteagal 74 iomaíocht fhónta a bhaint amach agus go bhfuil fadhbanna tábhachtacha agus leanúnacha nó teipeanna margaidh sainaitheanta i ndáil le soláthar mórdhíola margaí áirithe um rochtain táirgí, féadfaidh sé, ar bhonn eisceachtúil, i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 68(3), oibleagáid a fhorchur ar ghnóthais atá comhtháite go hingearach chun gníomhaíochtaí a bhaineann le soláthar mórdhíola táirgí rochtana ábhartha in eintiteas gnó a oibríonn go neamhspleách.

Cuirfidh an t-eintiteas gnó táirgí agus seirbhísí rochtana ar fáil do gach gnóthas, lena n-áirítear d'eintitis ghnó laistigh den mháthairghnóthas, ar na hamscálaí, téarmaí agus coinníollacha céanna, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le leibhéil praghsanna agus seirbhísí, agus trí bhíthin na gcóras agus na bpróiseas céanna.

2.  

Nuair atá sé de rún ag údarás rialála náisiúnta oibleagáid do dheighilt feidhmeanna a fhorchur, cuirfidh sé iarratas faoi bhráid an Choimisiúin ina mbeidh na nithe seo a leanas:

(a) 

fianaise a thugann bonn cirt do chonclúidí an údaráis rialála náisiúnta dá dtagraítear i mír 1;

(b) 

measúnú réasúnaithe lena chinneadh nach bhfuil aon ionchas nó ar beag an t-ionchas go mbeidh iomaíocht bunaithe ar bhonneagar atá éifeachtach agus inbhuanaithe laistigh de thréimhse ama réasúnach;

(c) 

anailís ar an iarmhairt ionchasach ar an údarás rialála náisiúnta, ar an ngnóthas, go háirithe ar lucht saothair an ghnóthais ar leithligh agus ar an earnáil chumarsáide leictreonaí ina hiomláine, agus ar dhreasachtaí chun infheistiú, go háirithe maidir leis an ngá chun comhtháthú sóisialta agus críochach a áirithiú, agus ar an iarmhairt ionchasach ar gheallsealbhóirí eile lena n-áirítear, go háirithe, an iarmhairt ionchasach ar iomaíocht agus aon éifeachtaí féidearthadá réir sin ar thomhaltóirí;

(d) 

bheadh anailís ar na cúiseanna a thugann bonn cirt don oibleagáid seo ar an gcaoi is éifeachtaí chun leigheasanna arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna iomaíochta nó ar na teipeanna sa mhargadh arna sainaithint a fhorfheidhmiú.

3.  

Áireofar na heilimintí seo a leanas sa dréachtbheart:

(a) 

cineál cruinn agus méid na deighilte, lena sonrófar go háirithe stádas dlíthiúil an eintitis gnó ar leithligh;

(b) 

sainaitheantas shócmhainní an eintitis gnó ar leithligh, agus na dtáirgí nó na seirbhísí atá le soláthar ag an eintiteas sin;

(c) 

na socruithe rialachais chun neamhspleáchas na foirne atá fostaithe ag an eintiteas gnó ar leithligh, agus an struchtúr dreasachta comhfhreagrach a áirithiú;

(d) 

rialacha chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a áirithiú;

(e) 

rialacha chun trédhearcacht nósanna imeachta oibríochtúla a áirithiú, go háirithe i leith geallsealbhóirí eile;

(f) 

clár faireacháin chun comhlíonadh a áirithiú, lena n-áirítear tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú.

Tar éis cinneadh an Choimisiúin maidir leis an dréachtbheart arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 68(3), déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta anailís chomhordaithe ar na margaí éagsúla a bhaineann leis an líonra rochtana i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 67. Ar bhonn na hanailíse sin, déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta oibleagáidí a fhorchur, a chothabháil, a leasú nó a tharraingt siar, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagail 23 agus 32.

4.  
D'fhéadfadh gnóthas ar ar forchuireadh deighilt feidhmeanna a bheith faoi réir aon cheann de na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 69 go hAirteagal 74 in aon mhargadh sonrach i gcás inar ainmníodh mar ghnóthas é a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige i gcomhréir le hAirteagal 67, nó aon oibleagáid eile arna húdarú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 68(3).

Airteagal 78

Deighilt dheonach arna déanamh ag gnóthas atá comhtháite go hingearach

1.  

Gnóthais atá ainmnithe mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu i gceann amháin nó i roinnt margaí ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 67, tabharfaidh siad fógra don údarás rialála náisiúnta trí mhí ar a laghad roimh dóibh aon aistriú a bhfuil sé ar intinn acu a dhéanamh dá gcuid sócmhainní líonra rochtana áitiúla nó cuid suntasach díobh chuig eintiteas dlíthiúil ar leith faoi úinéireacht éagsúil nó eintiteas gnó ar leith a bhunú chun táirgí rochtana atá go hiomlán coibhéiseach a chur ar fáil do gach soláthraí miondíola, lena n-áirítear a rannóga miondíola féin.

Cuirfidh na gnóthais sin an t-údarás rialála náisiúnta ar an eolas freisin faoi aon athrú a thiocfadh ar an intinn sin chomh maith le toradh deiridh an phróisis deighilte.

Féadfaidh na gnóthais sin gealltanais a thairiscint maidir le coinníollacha rochtana a bhfuil feidhm le bheith acu ar a líonra le linn tréimhse cur chun feidhme tar éis an cineál deighilte atá beartaithe a bheith curtha chun feidhme, d'fhonn rochtain éifeachtach agus neamh-idirdhealaitheach do thríú páirtithe a áirithiú. Áireofar sa tairiscint gealltanas dóthain sonraí, lena n-áirítear uainiú agus ré an chur chun feidhme, chun go mbeidh an t-údarás rialála náisiúnta in ann dul i mbun a chúraimí i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. Féadfaidh na gealltanais sin dul thar an tréimhse uasta d'athbhreithnithe margaidh arna leagan amach in Airteagal 67(5).

2.  

Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta measúnú ar éifeacht an idirbhirt atá beartaithe mar aon leis na gealltanais arna thairiscint i gcás inarb infheidhme maidir leis na hoibleagáidí rialála atá ann cheana faoin Treoir seo.

Chun na críche sin, déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta anailís ar na margaí éagsúla a bhfuil baint acu leis an líonra rochtana i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 67.

Cuirfidh an t-údarás rialála náisiúnta aon ghealltanais a thairgeann an gnóthas san áireamh, ag féachaint do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 go háirithe. Agus an méid sin á dhéanamh aige, rachaidh an t-údarás rialála náisiúnta i mbun comhairliúchán le tríú páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 23, agus tabharfaidh sé aghaidh go háirithe, ar na tríú páirtithe sin a ndéanann an t-idirbheart atá beartaithe difear dóibh.

Ar bhonn a chuid anailíse, déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta oibleagáidí a fhorchur, a chothabháil, a leasú nó a tharraingt siar i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach inAirteagal 23 agus le hAirteagal 32, agus cuirfidh sé i bhfeidhm, más iomchuí, Airteagal 80. Agus a chinneadh á dhéanamh aige, féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta na gealltanais a dhéanamh ceangailteach, go hiomlán nó i bpáirt. De mhaolú ar Airteagal 67(5), féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta roinnt de na gealltanais nó iad uile a dhéanamh ceangailteach, go hiomlán nó i bpáirt, don tréimhse iomlán ina dtairgtear iad.

3.  
Gan dochar d'Airteagal 80, féadfaidh an t-eintiteas gnó atá ar leithligh go dlíthiúil nó go hoibríochtúil a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach aige in aon mhargadh sonrach i gcomhréir le hAirteagal 67 a bheith faoi réir aon cheann de na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 69 go hAirteagal 74, nó faoi réir aon oibleagáidí eile arna n-údarú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 68(3) i gcás nach leor aon ghealltanas a tugadh chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a chomhlíonadh.
4.  
Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta faireachán ar chur chun feidhme na ngealltanas a thairg na gnóthais, gealltanais a ndearna sé ceangailteach iad i gcomhréir le mír 2 agus breithneoidh sé ar cheart síneadh a chur leo nuair a bheidh tréimhse ar tairgeadh iad ina leith ar dtús éagtha.

Airteagal 79

Nós imeachta maidir le gealltanais

1.  

Gnóthais a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu, féadfaidh siad gealltanais a thairscint don údarás rialála náisiúnta maidir le coinníollacha rochtana, comhinfheistíochta, nó maidir leis na coinníollacha rochtana agus comhinfheistíochta araon, a mbeidh feidhm acu maidir lena líonraí, inter alia i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a) 

socruithe comhoibritheacha atá ábhartha don mheasúnú ar oibleagáidí iomchuí agus comhréireacha de bhun Airteagal 68;

(b) 

comhinfheistíocht i líonraí fíor-ardacmhainne de bhun Airteagal 76; nó

(c) 

rochtain éifeachtach neamh-idirdhealaithe ag tríú páirtithe de bhun Airteagal 78, le linn tréimhse ina gcuirfidh gnóthas atá comhtháite go hingearach deighilt dheonach chun feidhme agus tar éis don chineál deighilte a mholtar a bheith curtha chun feidhme araon.

Beidh go leor sonraí sa tairscint le haghaidh gealltanas, lena n-áirítear maidir le huainiú agus le raon feidhme an chuir chun feidhme agus ré na ngealltanas, chun go mbeidh an t-údarás rialála náisiúnta in ann a mheasúnú a dhéanamh de bhun mhír 2 den Airteagal seo. Féadfaidh na gealltanais sin dul thar na tréimhsí chun anailís mhargaidh a dhéanamh dá bhforáiltear in Airteagal 67(5).

2.  

D'fhonn aon ghealltanais arna dtairiscint ag gnóthas de bhun mhír 1 den Airteagal seo a mheasúnú, déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta, ach i gcás nach gcomhlíonann gealltanais den chineál sin ceann nó níos mó de na coinníollacha nó critéir ábhartha, tástáil mhargaidh, go háirithe maidir leis an téarmaí a thairgtear, trí dhul i mbun comhairliúchán poiblí le na páirtithe leasmhara go háirithe na tríú páirtithe sin a mbeidh tionchar díreach orthu. Féadfaidh comhinfheisteoirí nó cuardaitheoirí rochtana barúlacha a chur ar fáil maidir leis na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 68, Airteagal 76 nó Airteagal 78 a bheith á gcomhlíonadh leis na gealltanais arna dtairiscint, mar is infheidhme, agus féadfaidh siad athrú a mholadh.

Maidir leis na gealltanais atá á dtairscint faoin Airteagal seo, beidh aird faoi leith á tabhairt ag an údarás rialála náisiúnta, agus na hoibleagáidí de bhun Airteagal 68(4) á measúnú aige;

(a) 

ar fhianaise maidir le cineál cothrom réasúnach na ngealltanas atá á dtairscint;

(b) 

a oscailte atá na gealltanais a thugtar do na rannpháirtithe margaidh uile,

(c) 

infhaighteacht thráthúil rochtana faoi choinníollacha cothroma réasúnacha agus neamh-idirdhealaithe, lena n-áirítear líonraí fíor-ardacmhainne, sula seolfar seirbhísí miondíola gaolmhara; agus

(d) 

leordhóthanacht fhoriomlán na ngealltanas atá á dtairscint iomaíocht inbhuanaithe a chumasú ar mhargaí iartheachtacha agus imscaradh agus cur in úsáid comhoibríoch líonraí fíor-ardacmhainne a éascú ar mhaithe le húsáideoirí deiridh.

Agus na barúlacha ar fad a chuirtear in iúl sa chomhairliúchán á gcur san áireamh, agus a mhéid a gcuirtear seasamh na ngeallsealbhóirí éagsúla in iúl leis na barúlacha sin, cuirfidh an t-údarás rialála náisiúnta a réamhchonclúidí in iúl don ghnóthas a ainmnítear mar ghnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige maidir le cibé acu an gcomhlíontar na cuspóirí, na critéir agus na nósanna imeachta a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagal 68, in Airteagal 76 nó in Airteagal 78 leis na gealltanais sin nó nach gcomhlíontar, mar is infheidhme, agus faoi na coinníollacha a bhféadfaidh sé machnamh a dhéanamh faoi na gealltanais sin a dhéanamh ceangailteach. Féadfaidh an gnóthas a chéadtairisicint a athbhreithniú chun réamhchonclúidí an údaráis rialála náisiúnta a chur san áireamh agus d'fhonn na critéir a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagal 68, in Airteagal 76 nó in Airteagal 78, mar is infheidhme, a chomhlíonadh.

3.  

Gan dochar don chéad fhomhír d'Airteagal 76(2), féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta cinneadh a eisiúint chun na gealltanais a dhéanamh ceangailteach, go hiomlán nó i bpáirt.

De mhaolú ar Airteagal 67(5), féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta roinnt de na gealltanais nó iad uile a dhéanamh ceangailteach ar feadh tréimhse shonrach, b'fhéidir an tréimhse iomlán a dtairgtear iad ina leith, agus i gcás na ngealltanas comhinfheistíochta a dhéantar ceangailteach de bhun Airteagal 76(2), an chéad fhomhír, déanfaidh sé na gealltanais sin ceangailteach ar feadh íostréimhse seacht mbliana.

Faoi réir Airteagal 76, beidh an tAirteagal seo gan dochar d'fheidhmiú an nós imeachta um anailís mhargaidh de bhun Airteagal 67 agus d'fhorchur na n-oibleagáidí de bhun Airteagal 68.

I gcás ina ndéanann an t-údarás rialála náisiúnta gealltanais cheangailteacha de bhun an Airteagail seo, measfaidh sé iarmhairtí an chinnidh sin d'fhorbairt mhargaidh faoi Airteagal 68 agus a iomchuí atá aon oibleagáid atá forchurtha aige nó, d'uireasa aon ghealltanais, a bheadh beartaithe aige a fhorchur seachas sin de bhun an Airteagail sin nó Airteagal 69 go hAirteagal 74. Agus fógra á thabhairt aige faoi dhréachtbheart ábhartha faoi Airteagal 68 i gcomhréir le Airteagal 32, déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta an cinneadh maidir le gealltanais a chur leis an dréachtbheart ar tugadh fógra faoi.

4.  
Áiritheoidh an t-údarás rialála náisiúnta go gcomhlíonfar na gealltanais a ndearna sé ceangailteach iad i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo agus déanfaidh sé faireachán agus maoirseacht ar a gcomhlíonadh, ar an dóigh chéanna a ndéanann sé faireachán agus maoirseacht ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a fhorchuirtear faoi Airteagal 68 agus áiritheoidh sé go ndéanfar sin agus breithneoidh sé ar cheart síneadh a chur leo nuair a bheidh an tréimhse ama inar ndearnadh na gealltanais ceangailteach nuair a théann an tréimhse tosach in éag. Má mheasann an t-údarás rialála náisiúnta nár chomhlíon gnóthas gealltanais cheangailteacha i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, féadfaidh sé pionóis a fhorchur ar na gnóthais sin i gcomhréir le hAirteagal 29. Gan dochar don nós imeachta lena n-áirítear go gcomhlíonfar oibleagáidí sonracha faoi Airteagal 30, féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta athmheasúnú a dhéanamh ar na hoibleagáidí a fhorchuirtear i gcomhréir le hAirteagal 68(6).

Airteagal 80

Gnóthais mhórdhíola amháin

1.  

Déanfaidh údarás rialála náisiúnta a ainmníonn gnóthas mar ghnóthas atá in easnamh ó aon mhargaí miondíola do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí a mheastar go bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige i gceann amháin nó i roinnt margaí mórdhíola i gcomhréir le hAirteagal 67 a mheas an bhfuil na tréithe seo a leanas ag an ngnóthas sin:

(a) 

gach cuideachta agus aonad gnó laistigh den ghnóthas, lena n-áirítear gach cuideachta atá á rialú ag an úinéir deiridh nó an úinéir deiridh céanna ach nach gá go bhfuil siad faoi lánúinéireacht acu, mar aon le scairshealbhóir ar bith dar cumas rialú a dhéanamh ar an ngnóthas, nach bhfuil ach gníomhaíochtaí, cinn reatha agus iad siúd atá beartaithe don todhchaí, acu i margaí mórdhíola do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí agus dá bhrí sin nach bhfuil gníomhaíochtaí acu in aon mhargadh miondíola do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthraítear d'úsáideoirí deiridh san Aontas;

(b) 

níl de cheangal ar an ngnóthas déileáil le gnóthas aonair agus ar leithligh a oibríonn go hiartheachtach agus atá gníomhach in aon mhargadh miondíola do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí arna gcur ar fáil d'úsáideoirí deiridh, i ngeall ar chomhaontú eisiach, nó ar chomhaontú arb ionann é agus comhaontú eisiach de facto.

2.  
Má chinneann an t-údarás rialála náisiúnta gur sásaíodh na coinníollacha a leagadh síos i mír 1 den Airteagal seo, ní fhéadfaidh sé a fhorchur ar an ngnóthas sin ach ceann éigin de na hoibleagáidí de bhun Airteagal 70 agus Airteagal 73 nó i ndáil le praghsáil chóir agus réasúnta más inchosanta ar bhonn anailís mhargaidh lena n-áirítear measúnú fadbhreathnaitheach ar an iompar is dócha a bheidh faoin ngnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige.
3.  
Athbhreithneoidh an t-údarás rialála náisiúnta oibleagáidí arna bhforchur ar an ngnóthas i gcomhréir leis an Airteagal seo aon tráth má chreideann sé nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo á gcomhlíonadh a thuilleadh agus cuirfidh sé Airteagal 67 go hAirteagal 74 i bhfeidhm, mar is iomchuí. Cuirfidh an gnóthas an t-údarás rialála náisiúnta ar eolas gan rómhoill faoi aon athrú dálaí is ábhartha do phointí (a) agus (b) de mhír 1 den Airteagal seo.
4.  
Athbhreithneoidh an t-údarás rialála náisiúnta freisin na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar an ngnóthas i gcomhréir leis an Airteagal seo más rud é ar bhonn fhianaise na dtéarmaí agus na gcoinníollacha atá tairgthe ag an ngnóthas dá chustaiméirí iartheachtacha, go measann an t-údarás gur tháinig fadhbanna iomaíochta chun cinn, nó ar dócha go dtiocfaidh a leithéidí chun cinn, atá chun dochair do na húsáideoirí deiridh a gceanglaítear forchur ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 69, Airteagal 71, Airteagal 72 nó Airteagal 74 ina leith, nó gur gá na hoibleagáidí a fhorchuirtear i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo a leasú.
5.  
Déanfar forchur oibleagáidí agus a n-athbhreithniú i gcomhréir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23, in Airteagal 32 agus in Airteagal 33.

Airteagal 81

Ascnamh ó bhonneagar leagáide

1.  
Cuirfidh gnóthais ar ainmníodh iad mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach acu sa mhargadh i margadh amháin nó i roinnt margaí ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 67 in iúl don údarás rialála náisiúnta roimh ré agus go tráthúil nuair atá sé beartaithe acu codanna den líonra a chur as feidhm nó bonneagar nua a chur ina n-áit, lena n-áirítear bonneagar leagáide is gá chun líonra bunaithe ar chopair a oibriú, atá faoi réir oibleagáidí de bhun Airteagail 68 go 80.
2.  

Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta a áirithiú go n-áireofar sa phróiseas díchoimisiúnaithe nó athionadaithe clár ama agus coinníollacha trédhearcacha, lena n-áirítear tréimhse chuí d'fhógra agus don idirthréimhse, agus go mbunófar leis an bpróiseas sin infhaighteacht táirgí malartacha de cháilíocht atá inchomparáide ar a laghad agus rochtain á tabhairt ar an mbonneagar líonra uasghrádaithe agus eilimintí eile a chur in áit na n-eilimintí athionadaithe más gá chun iomaíocht agus cearta na n-úsáideoirí deiridh a chosaint.

Maidir leis na sócmhainní a mholtar a chur ó mhaith nó a athionadú, féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta na hoibleagáidí a tharraingt siar tar éis dóibh an méid seo a leanas a fhionnadh:

(a) 

gur bhunaigh an soláthraí rochtana go soiléir na coinníollacha iomchuí le haghaidh ascnaimh, lena n-áirítear táirge rochtana malartach de cháilíocht atá ar a laghad inchomparáide a chur ar fáil lena gcumasaítear na húsáideoirí deiridh céanna a shroicheadh, mar a bhí ar fáil nuair a bhí an bonneagar leagáide á úsáid; agus

(b) 

gur chloígh an soláthraí rochtana leis na coinníollacha agus leis an bpróiseas a cuireadh ar fáil don údarás rialála náisiúnta i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Déanfar an tarraingt siar sin a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23, in Airteagal 32 agus in Airteagal 33.

3.  
Beidh an tAirteagal seo gan dochar d'infhaighteacht táirgí rialaithe arna bhforchur ag an údarás rialála náisiúnta ar an mbonneagar líonra uasghrádaithe i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagail 67 agus 68.

Airteagal 82

Treoirlínte BEREC maidir le líonraí fíor-ardacmhainne

Faoin 21 Nollaig 2020, déanfaidh BEREC, ar dhul i gcomhairle le geallsealbhóirí agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, treoirlínte a eisiúint maidir leis na critéir nach mór do líonra a shásamh d'fhonn go measfaí ina líonra fíor-ardacmhainne é, go háirithe i dtéarmaí an bhandaleithid uasnaisc agus íosnaisc, athléimneacht, paraiméadair earráidghaolmhara, agus aga folaigh agus athruithe san aga sin. Tabharfaidh na húdaráis rialála náisiúnta lánaird ar na treoirlínte sin. Tabharfaidh BEREC na treoirlínte cothrom le dáta faoin 31 Nollaig 2025, agus arís go rialta dá éis sin.



CAIBIDIL V

Rialuithe rialála maidir le seirbhísí miondíola

Airteagal 83

Rialú rialála maidir le seirbhísí miondíola

1.  

Féadfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhforchuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta na hoibleagáidí rialála iomchuí ar ghnóthais a shainaithnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu ar mhargadh miondíola faoi leith i gcomhréir le hAirteagal 63 sna cásanna seo a leanas:

(a) 

mar thoradh ar anailís mhargaidh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 67, cinneann údarás rialála náisiúnta nach bhfuil margadh miondíola faoi leith a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 64 iomaíoch ar bhealach éifeachtúil; agus

(b) 

measann an t-údarás rialála náisiúnta nach mbainfí na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 amach leis na hoibleagáidí a fhorchuirtear faoi Airteagal 69 go hAirteagal 74.

2.  
Bunófar na hoibleagáidí a fhorchuirtear faoi mhír 1 den Airteagal seo ar chineál na faidhbe a sainaithníodh agus beidh siad comhréireach agus beidh údar leo i bhfianaise na gcuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3. Féadfar ceanglais a áireamh sna hoibleagáidí a forchuirtear nach ngearrfaidh na gnóthais a shainaithnítear praghsanna iomarcacha, nach gcuirfidh siad cosc ar iontráil sa mhargadh ná nach gcuirfidh siad srian ar iomaíocht trí phraghsanna creiche a shocrú, tosaíocht mhíchuí a thabhairt d'úsáideoirí deiridh sonracha nó seirbhísí a chuachadh go míréasúnach. Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta bearta iomchuí maidir le caidhpeanna ar phraghsanna miondíola, bearta chun taraifí aonair a rialú, nó bearta chun taraifí a threorú i dtreo costais nó praghsanna ar mhargaí inchomparáideacha a chur i bhfeidhm i gcás gnóthas mar sin, chun leasanna an úsáideora deiridh a chosaint agus iomaíocht éifeacht a chur chun cinn ag an am céanna.
3.  
Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a áirithiú, i gcás ina bhfuil gnóthas faoi réir rialáil taraifí miondíola nó faoi réir rialuithe ábhartha miondíola eile, go gcuirfear na córais riachtanacha iomchuí chuntasaíochta costála chun feidhme. Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta an fhormáid agus an mhodheolaíocht cuntasaíochta atá le húsáid a shonrú. Déanfaidh comhlacht neamhspleách cáilithe comhlíonadh an chórais cuntasaíochta costála a fhíordheimhniú. Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a áirithiú go bhfoilseofar ráiteas maidir le comhlíonadh gach bliain.
4.  
Gan dochar d'Airteagal 85 agus d'Airteagal 88, ní chuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta sásraí rialaithe miondíola i bhfeidhm faoi mhír 1 den Airteagal seo i gcás margaí geografacha nó margaí miondíola má tá siad sásta go bhfuil iomaíocht éifeachtach ann.



CUID III

SEIRBHÍSÍ



TEIDEAL I

OIBLEAGÁID SEIRBHÍSE UILÍCHE

Airteagal 84

Seirbhís uilíoch inacmhainne

1.  
Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rochtain ag gach tomhaltóir ina gcríocha féin ag praghas inacmhainne, i bhfianaise coinníollacha náisiúnta sonracha, ar sheirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda infhála agus ar sheirbhísí cumarsáide gutha atá ar fáil de réir na cáilíochta a shonraítear ina gcríocha, lena n-áirítear an nasc foluiteach, ag suíomh fosaithe.
2.  
Chomh maith leis sin, féadfaidh na Ballstáit inacmhainneacht na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 agus nach gcuirtear ar fáil ag suíomh fosaithe a áirithiú freisin, i gcás ina measann siad gur gá sin le rannpháirtíocht iomlán shóisialta agus eacnamaíoch na dtomhaltóirí sa tsochaí a áirithiú.
3.  

Déanfaidh gach Ballstát, i bhfianaise coinníollacha náisiúnta agus an bhandaleithid íosta a mbaineann formhór na dtomhaltóirí tairbhe as laistigh de chríoch an Bhallstáit sin, agus an tuarascáil ó BEREC maidir le dea-chleachtais á cur san áireamh acu, na seirbhísí rochtana idirlín leathanbhanda leordheonacha a shainiú chun críocha mhír 1 d'fhonn an bandaleithead riachtanach a áirithiú do rannpháirtíocht shóisialta agus eacnamaíoch satsochaí. Beidh an tseirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda sin in ann pé bandaleithead a sholáthar is gá chun tacú den chuid is lú leis an íostacar seirbhísí a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

Faoin 21 Meitheamh 2020, déanfaidh BEREC, chun cabhrú le feidhmiú comhsheasmhach an Airteagail seo, tar éis dul i gcomhairle le geallsealbhóirí agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, agus na sonraí atá ar fáil ón gCoimisiún (Eurostat) á gcur san áireamh, tuarascáil a tharraingt suas maidir le dea-chleachtais na mBallstát chun tacú a thabhairt le seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda a shainiú de bhun na chéad fomhíre. Tabharfar an tuarascáil sin chun dáta go rialta leis an dul chun cinn teicniúil agus le hathruithe i bpatrúin úsáide na dtomhaltóirí a léiriú.

4.  
Nuair a iarrann an tomhaltóir amhlaidh, féadfar an nasc dá dtagraítear i mír 1, agus i gcás inarb iomchuí, i mír 2, a theorannú do thacaíocht a thabhairt do chumarsáid ghuthaseirbhísí.
5.  
Féadfaidh na Ballstáit raon feidhme cur i bhfeidhm an Airteagail seo a shíneadh go húsáideoirí deiridh ar micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide agus eagraíochtaí gan beann ar bhrabús iad orthu siúd.

Airteagal 85

Seirbhís uilíoch inacmhainne a sholáthar

1.  
Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta i gcomhordú le húdaráis inniúla náisiúnta eile faireachán ar éabhlóid agus ar leibhéal praghsanna miondíola na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 84(1) a bheith ar fáil sa mhargadh, go háirithe maidir le praghsanna náisiúnta agus ioncam náisiúnta tomhaltóirí deiridh.
2.  

I gcás ina suífidh na Ballstáit, i bhfianaise coinníollacha náisiúnta, nach bhfuil praghsanna miondíola do sheirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 84(1) inacmhainne, toisc go dtoirmisctear ar thomhaltóirí ar ioncam íseal nó le riachtanais shóisialta shainiúla rochtain a fháil ar na seirbhísí sin, déanfaidh siad bearta chun a áirithiú go mbeidh seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda agus seirbhísí cumarsáide gutha inacmhainne do thomhaltóirí mar sin ag suíomh fosaithe ar a laghad.

Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar tacaíocht do na tomhaltóirí sin chun críocha cumarsáide nó a cheangal ar ghnóthais a sholáthraíonn na seirbhísí sin roghanna taraifí nó pacáistí atá éagsúil leo sin a sholáthraítear faoi ghnáthchoinníollacha tráchtála a thairiscint do na tomhaltóirí sin, nó an dá rud. Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar na soláthraithe sin taraifí coiteanna a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear meánú geografach, ar fud na críche.

In imthosca eisceachtúla, go háirithe i gcás ina gcuirfí sin i bhfeidhm ar gach soláthraí ionas go bhfágfaí ró-ualach soiléir riaracháin nó airgeadais ar na soláthraithe nó ar an mBallstát, is ceadmhach don Bhallstát a chinneadh, go heisceachtúil, oibleagáid a fhorchur faoi nach gá na roghanna sonracha taraife nó na pacáistí sonracha taraife sin a thairiscint ach ar ghnóthais ainmnithe. Beidh feidhm ag Airteagal 86 maidir le hainmníochtaí mar sin mutatis mutandis. I gcás ina n-ainmníonn Ballstát gnóthais, áiritheoidh sé go mbeidh gach tomhaltóir ar ioncam íseal nó a bhfuil riachtanais shóisialta speisialta aige in ann leas a bhaint as rogha de ghnóthais a thairgeann roghanna taraife a thugann aghaidh ar a gcuid riachtanas, murab é go bhfuil rogha den chineál sin dodhéanta nó go gcruthódh a leithéid ualach breise iomarcach airgeadais nó eagrúcháin.

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an ceart ag tomhaltóirí atá i dteideal na roghanna taraifí nó pacáistí sin conradh a bheith acu le gnóthas a sholáthraíonn na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 84(1), nó le gnóthais a ainmnítear i gcomhréir leis an mír seo, agus go soláthróidh an gnóthas sin uimhir dóibh ar feadh tréimhse infhaighteachta leordhóthanach, agus go seachnóidh siad dínascadh seirbhíse gan ghá.

3.  
Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcoinneoidh gnóthais a sholáthraíonn roghanna taraifí nó pacáistí do thomhaltóirí ar ioncam íseal nó a bhfuil riachtanais shóisialta shainiúla acu de bhun mhír 2 na húdaráis rialála náisiúnta agus/nó údaráis inniúla eile ar an eolas faoi shonraí na dtairiscintí sin. Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta i gcomhordú le húdaráis inniúla eile a áirithiú go mbíonn na coinníollacha faoina soláthraíonn gnóthais roghanna taraifí nó pacáistí de bhun mhír 2 go hiomlán trédhearcach agus go bhfoilsítear iad agus go gcuirtear i bhfeidhm iad i gcomhréir le prionsabal an neamh-idirdhealaithe. Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta i gcomhordú le húdaráis inniúla eile a éileamh go ndéanfar na roghanna taraife nó pacáistí sin a mhodhnú nó a tharraingt siar.
4.  
Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú, i bhfianaise coinníollacha náisiúnta, go dtugtar tacaíocht mar is iomchuí do thomhaltóirí faoi mhíchumas, agus nuair is iomchuí go nglactar bearta sonracha eile, d'fhonn a áirithiú go mbeidh trealamh teirminéil gaolmhar inrochtana acu siúd atá faoi mhíchumas, agus go mbeidh trealamh sonrach agus seirbhísí sonracha, lena n-áirítear seirbhísí comhrá iomláin nó seirbhísí athsheachadta a chuireann feabhas ar rochtain choibhéiseach, ar fáil agus inacmhainne.
5.  
Nuair a bheidh an tAirteagal seo á chur i bhfeidhm acu, féachfaidh na Ballstáit le saobhadh margaidh a laghdú.
6.  
Féadfaidh na Ballstáit raon feidhme cur i bhfeidhm an Airteagail seo a shíneadh go húsáideoirí deiridh ar micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus eagraíochtaí gan beann ar bhrabús iad orthu siúd.

Airteagal 86

Infhaighteacht seirbhíse uilíoch

1.  
I gcás ina bhfuil sé suite ag Ballstát, agus torthaí, nuair is ann dóibh, an tsuirbhé gheografaigh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 22(1) agus aon fhianaise bhreise i gcás inar gá, á gcur san áireamh, nach féidir a áirithiú go mbeidh seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda mar a shainmhínítear i gcomhréir le hAirteagal 84(3) ná seirbhís cumarsáide gutha ar fáil ag suíomh fosaithe faoi ghnáthchoinníollacha tráchtála ná trí uirlisí beartais phoiblí ionchasacha eile ar a chríoch náisiúnta nó i gcodanna difriúla di, féadfaidh sé oibleagáidí seirbhíse uilíche iomchuí a fhorchur chun freastal ar gach iarratas réasúnta ó na húsáideoirí deiridh chun na seirbhísí sin a rochtain sna codanna ábhartha dá chríoch.
2.  
Cinnfidh na Ballstáit an cur chuige is éifeachtúla agus is iomchuí chun a áirithiú go mbeidh seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda mar a shainmhínítear i gcomhréir le hAirteagal 84(3) agus seirbhís cumarsáide gutha, ar fáil ag suíomh fosaithe, agus prionsabail na hoibiachtúlachta, na trédhearcachta, an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta á n-urramú. Féachfaidh na Ballstait le saobhadh margaidh a íoslaghdú, go háirithe soláthar seirbhísí ag praghsanna a imíonn ó ghnáthchoinníollacha tráchtála nó faoi réir téarmaí agus coinníollacha a imíonn ó ghnáthchoinníollacha tráchtála, agus leas an phobail á choimirciú.
3.  
Go háirithe, i gcás ina gcinnfidh Ballstáit oibleagáidí a fhorchur chun a áirithiú go mbeidh seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda, mar a shainítear i gcomhréir le hAirteagal 84(3) agus seirbhís cumarsáide gutha, ar fáil d'úsáideoirí deiridh ag suíomh fosaithe, féadfaidh siad gnóthas amháin nó níos mó a ainmniú chun a ráthú go mbeidh na seirbhísí sin ar fáil ar fud na críche náisiúnta. Féadfaidh na Ballstáit gnóthais éagsúla nó tacair gnóthas a ainmniú chun seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda agus seirbhísí cumarsáide gutha a sholáthar ag suíomh fosaithe nó codanna éagsúla den chríoch náisiúnta a chumhdach.
4.  
Nuair a ainmníonn Ballstáit gnóthais i gcuid den chríoch náisiúnta nó sa chríoch ar fad chun a áirithiú go mbeidh seirbhísí i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo ar fáil, déanfaidh siad amhlaidh trí fheidhm a bhaint as sásra ainmniúcháin éifeachtúil, oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, ionas nach n-eisiatar a priori aon ghnóthas a bheith ainmnithe. Déanfaidh na modhanna ainmniúcháin sin a áirithiú go soláthraítear seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda agus seirbhís cumarsáide gutha ag suíomh fosaithe ar bhealach cost-éifeachtach agus féadfar iad a úsáid mar bhealach chun glanchostas na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 89.
5.  
Nuair atá sé ar intinn ag gnóthas atá ainmnithe i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo cuid shuntasach dá shócmhainní líonra rochtana áitiúla nó iad ar fad a dhiúscairt chuig eintiteas dlíthiúil ar leithligh faoi úinéireacht éagsúil, cuirfidh sé é in iúl go tráthúil roimh ré don údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile, d'fhonn é a chur ar chumas an údaráis sin éifeacht an idirbhirt bheartaithe maidir le seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda mar a shainmhínítear i gcomhréir le hAirteagal 84(3) agus seirbhísí cumarsáide gutha a sholáthar ag suíomh fosaithe a mheasúnú. Féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile oibleagáidí sonracha a fhorchur, a leasú nó a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 13(2).

Airteagal 87

Stádas na seirbhíse uilíoch atá ann cheana

Féadfaidh na Ballstáit leanúint de bheith ag áirithiú infhaighteacht nó inacmhainneacht seirbhísí eile seachas seirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda mar a shainmhínítear i gcomhréir le hAirteagal 84(3) agus seirbhís cumarsáide gutha ag suíomh fosaithe, ar seirbhísí iad a bhí i bhfeidhm faoin 20 Nollaig 2018, má shuitear gur gá na seirbhísí sin i bhfianaise dálaí náisiúnta. Nuair a ainmníonn Ballstáit gnóthais i gcuid den chríoch náisiúnta nó sa chríoch náisiúnta ar fad chun na seirbhísí sin a sholáthair, beidh feidhm ag Airteagal 86. Comhlíonfar Airteagal 90 le maoiniú na n-oibleagáidí sin.

Déanfaidh na Ballstáit na hoibleagáidí a fhorchuirtear de bhun an Airteagal seo a athbhreithniú faoin 21 Nollaig 2021 agus uair gach trí bliana dá éis sin.

Airteagal 88

Rialú caiteachais

1.  
Déanfaidh Ballstáit a áirithiú nuair a bheidh saoráidí agus seirbhísí sa bhreis orthu siúd dá dtagraítear in Airteagal 84 á soláthar, go mbunóidh soláthraithe seirbhíse leordhóthanaí rochtana idirlín leathanbhanda agus seirbhíse cumarsáide gutha i gcomhréir le hAirteagal 84 go hAirteagal 87 téarmaí agus coinníollacha ar bhealach nach mbeidh ar an úsáideoir deiridh íoc as saoráidí nó seirbhísí nach bhfuil gá leo ná nach n-éilítear don tseirbhís a iarradh.
2.  

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh soláthraithe seirbhíse leordhóthanaí rochtana idirlín leathanbhanda agus na seirbhíse cumarsáide gutha dá dtagraítear in Airteagal 84 a chuireann seirbhísí ar fáil de bhun Airteagal 85 na saoráidí agus na seirbhísí sonracha mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, Cuid A a thairiscint, mar is infheidhme, chun gur féidir le tomhaltóirí faireachán a dhéanamh ar chaiteachas agus é a rialú agus go ndéanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbunóidh soláthraithe den sórt sin córas chun go seachnófaí dínascadh gan údar na seirbhíse cumarsáide gutha nó na seirbhíse leordhóthanaí rochtana idirlín leathanbhanda maidir le tomhaltóirídá dtagraítear in Airteagal 85, lena n-áirítear sásra iomchuí chun suim leanúnach in úsáid na seirbhíse a sheiceáil.

Féadfaidh na Ballstáit raon feidhme cur i bhfeidhm na míre seo a shíneadh go húsáideoirí deiridh ar micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide agus eagraíochtaí gan beann ar bhrabús iad orthu siúd.

3.  
Déanfaidh gach Ballstát a áirithiú go bhfuil an t-údarás inniúil in ann na ceanglais i mír 2 ina gcríoch náisiúnta ar fad nó i gcuid de a tharscaoileadh má tá an t-údarás inniúil sásta go bhfuil an tsaoráid ar fáil go forleathan.

Airteagal 89

Costas oibleagáidí seirbhíse uilíche

1.  

Más rud é go measann na húdaráis rialála náisiúnta go bhfuil soláthar na seirbhíse leordhóthanaí rochtana idirlín leathanbhanda mar a shainmhínítear i gcomhréir le hAirteagal 84(3) agus na seirbhíse cumarsáide gutha; mar a leagtar amach in Airteagal 84, in Airteagal 85 agus in Airteagal 86 nó go bhféadfadh leanúnachas an tseirbhís uilíocha atá ann cheana mar a leagtar amach in Airteagal 87, a bheith ina n-ualach éagórach ar sholáthraithe na seirbhísí sin a bhfuil cúiteamh á iarraidh acu, ríomhfaidh na húdaráis rialála náisiúnta na glanchostais chun iad a sholáthar.

Chun na críche sin, déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta an méid seo a leanas:

(a) 

ríomhfaidh siad glanchostas na hoibleagáidí seirbhíse uilíche, agus aon tairbhe margaidh, a fhabhraíonn chuig soláthraí sheirbhíse leordhóthanaí rochtana idirlín leathanbhanda mar a shainmhínítear i gcomhréir le hAirteagal 84(3) agus seirbhís cumarsáide gutha, á cur san áireamh; mar a leagtar amach in Airteagal 84, in Airteagal 85 agus in Airteagal 86 nó leanúint leis an tseirbhís uilíocha atá ann mar a leagtar amach in Airteagal 87, i gcomhréir le hIarscríbhinn VII; nó

(b) 

bainfidh siad feidhm as na glanchostais chun seirbhís uilíoch a sholáthar mar a shainaithnítear trí shásra ainmniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 86(4).

2.  
Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta nó comhlacht atá neamhspleách ó na páirtithe ábhartha ar fhormheas an t-údarás rialála náisiúnta é na cuntais agus faisnéis eile a fheidhmíonn mar bhonn chun glanchostas na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche faoi phointe (a) den dara fomhír de mhír 1 a ríomh iad a iniúchadh nó a fhíordheimhniú. Cuirfear ar fáil go poiblí torthaí ríomh na gcostas agus conclúidí an iniúchta.

Airteagal 90

Maoiniú oibleagáidí seirbhíse uilíche

1.  

Más rud é, ar bhonn ríomh an ghlanchostais dá dtagraítear in Airteagal 89, go gcinnfidh údaráis rialála náisiúnta go bhfuil soláthraí faoi réir ualach míchothrom, cinnfidh Ballstáit, ar iarraidh ón soláthraí lena mbaineann, ceann amháin nó an dá cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

sásra a thabhairt isteach chun an soláthraí sin a chúiteamh as na glanchostais chinntithe faoi choinníollacha trédhearcacha ó chistí poiblí;

(b) 

chun glanchostas na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche a roinnt idir soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí.

2.  

I gcás ina roinntear an glanchostas i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, bunóidh na Ballstáit sásra um chomhroinnt arna bhainistiú ag an údarás rialála náisiúnta nó ag comhlacht a bheidh neamhspleách ar na tairbhithe faoi mhaoirseacht an údaráis rialála náisiúnta. Maidir leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 84 go hAirteagal 87, ní féidir ach an glanchostas, mar a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 89, a mhaoiniú.

Urramóidh an sásra um chomhroinnt prionsabail na trédhearcachta, an tsaofa margaidh is lú, an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta, i gcomhréir le na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn VII, Cuid B. Beidh sé de cheart ag na Ballstáit a chinneadh nach n-éileofar ranníocaíochtaí ó ghnóthais ar lú ná an teorainn a leagfar síos an láimhdeachas náisiúnta acu.

Aon mhuirir a bhaineann le costas na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche a roinnt, déanfar iad a dhíchuachadh agus a shainaithint ar leithligh i gcás gach gnóthais. Ní dhéanfar aon mhuirir mar sin a fhorchur ar ghnóthais nó a bhailiú ó ghnóthais nach bhfuil seirbhís á soláthar acu ar chríoch an Bhallstáit ina bhfuil an sásra um chomhroinnt.

Airteagal 91

Trédhearcacht

1.  

I gcás ina bhfuil glanchostas na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche le ríomh i gcomhréir le hAirteagal 89, déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a áirithiú go bhfuil na prionsabail chun an glanchostas a ríomh, lena n-áirítear sonraí na modheolaíochta a mbainfear feidhm as, ar fáil go poiblí.

I gcás ina mbunaítear sásra chun glanchostais na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche, dá dtagraítear in Airteagal 90(2), a chomhroinnt, déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a áirithiú go mbíonn na prionsabail maidir le comhroinnt costas agus le cúiteamh an ghlanchostais ar fáil go poiblí.

2.  
Faoi réir rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta maidir le rúndacht tráchtála, foilseoidh na húdaráis rialála náisiúnta tuarascáil bhliantúil a chuireann ar fáil sonraí chostais ríofa na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche, ina sainaithneofar na ranníocaíochtaí a rinne na gnóthais uile lena mbaineann, lena n-áirítear aon sochair mhargaidh a d'fhéadfadh a bheith fabhraithe chun na gnóthais de bhun oibleagáidí seirbhíse uilíche mar a leagtar síos in Airteagail 84 go 87.

Airteagal 92

Seirbhísí éigeantacha breise

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh seirbhísí breise, cé is moite de na seirbhísí atá sna hoibleagáidí seirbhíse uilíche dá dtagraítear in Airteagail 84 go 87, a chur ar fáil go poiblí ar a gcríocha féin, ach, i gcásanna mar sin, ní fhorchuirfear aon sásra cúitimh a mbeidh baint aige le gnóthais shonracha.



TEIDEAL II

ACMHAINNÍ UIMHRITHE

Airteagal 93

Acmhainní uimhrithe

1.  
Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile deonú na gceart úsáide do na hacmhainní uimhrithe náisiúnta go léir agus bainistiú na bpleananna uimhrithe náisiúnta a rialú agus go soláthróidh siad acmhainní uimhrithe leordhóthanacha chun na seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar go poiblí. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbunófar nósanna imeachta atá oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach chun cearta úsáide d'acmhainní uimhrithe náisiúnta a dheonú.
2.  

Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile cearta úsáide d'acmhainní uimhrithe ó na pleananna uimhrithe náisiúnta chun soláthar seirbhísí sonracha a dheonú do ghnóthais eile seachas soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar choinníoll go gcuirtear ar fáil go leor acmhainní uimhrithe chun éileamh reatha agus éileamh sa todhchaí is intuartha a shásamh. Léireoidh na gnóthais sin a gcumas na hacmhainní uimhrithe a bhainistiú agus aon cheanglais ábhartha a leagtar amach de bhun Airteagal 94 a chomhlíonadh. Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile deonú tuilleadh cearta úsáide d'acmhainní uimhrithe do na gnóthais sin a chur ar fionraí má léirítear go bhfuil baol ann go rachaidh acmhainní uimhrithe i ndísc.

Faoin 21 Meitheamh 2020 chun rannchuidiú le cur i bhfeidhm leanúnach na míre seo, tar éis dó dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, glacfaidh BEREC treoirlínte maidir le critéir choiteanna chun measúnú a dhéanamh ar an gcumas acmhainní uimhrithe a bhainistiú agus an baol go rachaidh acmhainní uimhrithe i ndísc.

3.  
Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile a áirithiú go gcuirtear pleananna agus nósanna imeachta uimhrithe náisiúnta i bhfeidhm ar bhealach a thugann cóir chomhionann do gach soláthraí seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí agus do na gnóthais sin is incháilithe i gcomhréir le mír 2. Go háirithe, déanfaidh Ballstáit a áirithiú nach ndéanfaidh gnóthas ar ar deonaíodh an ceart úsáide d'acmhainní uimhrithe idirdhealú ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí eile maidir leis na hacmhainní uimhrithe a úsáidtear chun rochtain a thabhairt ar a seirbhísí.
4.  

Déanfaidh gach Ballstát a áirithiú go gcuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile raon uimhreacha neamh-gheografacha ar fáil a fhéadfar a úsáid chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthair seachas seirbhísí cumarsáide idirphearsanta, ar fud chríoch an Aontais, gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 agus Airteagal 97(2) den Treoir seo. I gcás inar deonaíodh cearta úsáide, i dtaca le hacmhainní uimhrithe i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, do ghnóthais seachas soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí, beidh feidhm ag an mír seo maidir leis na seirbhísí sonracha ar ina leith a deonaíodh na cearta úsáide.

Déanfaidh na Ballstáit nó na húdaráis inniúla eile a áirithiú nach mbeidh na coinníollacha, a liostaítear i gCuid E d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis seo, don cheart úsáide i dtaca le hacmhainní uimhrithe a úsáidtear chun seirbhísí a sholáthar lasmuigh de Bhallstát an chóid tíre, mar aon le forfheidhmiú na gcoinníollacha sin, go mbeidh sin chomh dian céanna leis na coinníollacha gona bhforfheidhmiú is infheidhme do sheirbhísí a chuirtear ar fáil laistigh den Bhallstát an chóid tíre, i gcomhréir leis an Treoir seo. Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile, i gcomhréir le hAirteagal 94(6), a áirithiú freisin go gcomhlíonann soláthraithe atá ag úsáid acmhainní uimhrithe a gcóid tíre i mBallstát eile rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí agus rialacha náisiúnta eile a bhaineann le húsáid acmhainní uimhrithe is infheidhme sna Ballstáit sin in bhfuil na hacmhainní uimhrithe á n-úsáid. Tá an oibleagáid seo gan dochar do chumhachtaí forfheidhmiúcháin údaráis inniúla na mBallstát sin.

Cabhróidh BEREC leis na húdaráis rialála náisiúnta /nó le húdaráis inniúla eile arna iarraidh sin dóibh a gcuid gníomhaíochtaí a chomhordú ar mhaithe leis an mbainistiú éifeachtach acmhainní uimhrithe a áirithiú lena ngabhfaidh ceart úsáide seach-chríochaí laistigh den Aontais.

Chun go bhféadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta /nó údaráis inniúla eile faireachán a dhéanamh ar a mhéad a chomhlíontar ceanglais na míre seo, bunóidh BEREC bunachar sonraí maidir leis na hacmhainní uimhrithe lena ngabhfaidh ceart úsáide seach-chríochaí laistigh den Aontais. Chun na críche sin, cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta nó na húdaráis inniúla eile an fhaisnéis ábhartha chuig BEREC. I gcás nach hé an t-údarás rialála náisiúnta a dheonaíonn acmhainní uimhrithe lena ngabhann ceart úsáide seach-chríochaí laistigh den Aontas, rachaidh an t-údarás inniúil a bheidh freagrach as iad a dheonú i gcomhairle leis an údarás rialála náisiúnta.

5.  

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú gurb é an cód “00” an cód rochtana idirnáisiúnta caighdeánach. Féadfar socruithe speisialta chun an tseirbhís cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe a úsáid idir suíomhanna atá le hais a chéile thar theorainneacha idir Ballstáit a bhunú nó leanúint ar aghaidh leo.

Féadfaidh na Ballstáit comhaontú plean uimhrithe coiteann do na catagóirí uile nó do chatagóirí sonracha uimhreacha a chomhroinnt.

Cuirfear na húsáideoirí deiridh dá ndéanfadh socruithe nó comhaontuithe den sórt sin difear go hiomlán ar an eolas.

6.  
Gan dochar d'Airteagal 106, cuirfidh na Ballstáit soláthar thar an aer chun cinn — i gcás ina bhfuil sin indéanta go teicniúil — chun malartú soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a dhéanfaidh úsáideoirí deiridh seachas tomhaltóirí a éascú, go háirithe soláthraithe agus úsáideoirí deiridh seirbhísí meaisín le meaisín.
7.  
Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfoilsítear na pleananna uimhrithe náisiúnta, agus na breiseanna nó na leasuithe uile a cuireadh leo ina dhiaidh sin, faoi réir na dteorainneacha arna bhforchur ar bhonn slándáil náisiúnta, agus ar an mbonn sin amháin.
8.  

Tacóidh na Ballstáit le comhchuibhiú uimhreacha nó raonta uimhrithe sonracha laistigh den Aontas i gcás ina gcuireann sé chun cinn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus forbairt seirbhísí uile-Eorpacha araon. I gcás inarb iomchuí, chun dul i ngleic le héileamh ar acmhainní uimhrithe ar bhonn uile-Eorpach, ar éileamh é nach bhfuiltear ag freastal air, déanfaidh an Coimisiún, agus lánaird á tabhairt aige ar thuairim BEREC, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcomhchuibhítear uimhreacha sonracha nó raonta uimhrithe.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(4).

Airteagal 94

Nós imeachta maidir le cearta úsáide a dheonú i dtaca le hacmhainní uimhrithe

1.  
I gcás inar gá cearta úsáide d'acmhainní uimhrithe a dheonú, deonóidh na húdaráis inniúla nó údaráis inniúla eile na cearta sin, arna iarraidh sin, d'aon ghnóthas chun líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí arna gcumhdach ag údarú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 12 a sholáthar, faoi réir Airteagal 13 agus faoi réir phointe (c) d'Airteagal 21(1) agus faoi réir aon rialacha eile a áirithíonn úsáid éifeachtach na n-acmhainní uimhrithe sin i gcomhréir leis an Treoir seo.
2.  

Deonófar na cearta úsáide d'acmhainní uimhrithe trí nósanna imeachta oscailte, oibiachtúla, trédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha agus comhréireacha.

Agus cearta úsáide d'acmhainní uimhrithe á ndeonú acu, sonróidh na húdaráis inniúla nó údaráis inniúla eile cibé acu an féidir nó nach féidir le sealbhóir na gceart na cearta sin a aistriú, agus sonróidh siad na coinníollacha faoinar féidir sin a dhéanamh.

I gcás ina ndeonaíonn údaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile cearta úsáide d'acmhainní uimhrithe ar feadh tréimhse ghearr, beidh ré na tréímhse sin iomchuí don tseirbhís lena mbaineann i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú agus aird chuí á tabhairt ar an ngá atá le tréimhse chuí le haghaidh amúchadh infheistíochta.

3.  
Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta nó na húdaráis inniúla eile cinntí maidir le cearta úsáide a dheonú d'acmhainní uimhrithe, cuirfidh sé/siad in iúl iad agus foilseoidh sé/siad iad chomh luath agus is féidir tar éis dóibh an t-iarratas iomlán a fháil, laistigh de thrí seachtaine i gcás acmhainní uimhrithe ar leithdháileadh iad chun críoch sonrach laistigh den phlean uimhrithe náisiúnta. Cuirfear cinntí den sórt sin ar fáil don phobal.
4.  
I gcás inar chinn na húdaráis inniúla nó údaráis inniúla eile, tar éis dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 23, go bhfuil cearta úsáide d'acmhainní uimhrithe a bhfuil luach eacnamaíoch thar na bearta acu le deonú trí nósanna imeachta roghnúcháin iomaíocha nó comparáideacha, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta /nó údaráis inniúla eile an tréimhse trí seachtaine dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a fhadú suas le trí seachtaine breise.
5.  
Ní chuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile teorainn le líon na gceart úsáide aonair atá le deonú seachas i gcás ina bhfuil gá leis sin chun úsáid éifeachtach acmhainní uimhrithe a áirithiú.
6.  

I gcás ina n-áirítear le cearta úsáide d'acmhainní uimhrithe a n-úsáid seach-chríochach laistigh den Aontas i gcomhréir le hAirteagal 93(4), cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile coinníollacha sonracha i gceangal leis an gceart úsáide chun comhlíonadh na rialacha náisiúnta um chosaint tomhaltóirí agus dlí náisiúnta ábhartha ar fad a bhaineann le hacmhainní uimhrithe is infheidhme sna Ballstáit sin ina bhfuil na hacmhainní uimhrithe á n-úsáid a áirithiú.

Arna iarraidh sin d'údarás inniúil nó d'údarás inniúil eile de chuid Ballstáit ina mbaintear úsáid as na hacmhainní uimhrithe, a léiríonn sárú ar rialacha um chosaint tomhaltóirí ábhartha nó dlíthe náisiúnta an Bhallstáit sin a bhaineann le húsáid acmhainní uimhrithe, déanfaidh údarás rialála nó údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh na cearta úsáide d'acmhainní uimhrithe na coinníollacha a ghabhann leis a fhorfheidhmiú faoin gcéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir le hAirteagal 30, lena n-áirítear i gcásanna tromchúiseacha trí na cearta úsáide seach-chríochaí do na hacmhainní uimhrithe a deonaíodh don ghnóthas lena mbaineann a tharraingt siar.

Déanfaidh BEREC an malartú faisnéise idir údaráis inniúla na mBallstát éagsúil lena mbaineann agus áiritheoidh sé go ndéanfar an obair eatarthu a chomhordú mar is iomchuí.

7.  
Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin i gcás ina ndeonaíonn na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile cearta úsáid d'acmhainní uimhrithe do ghnóthais seachas do sholáthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí i gcomhréir le hAirteagal 93(2).

Airteagal 95

Táillí le haghaidh cearta úsáide d'acmhainní uimhrithe

Féadfaidh Ballstáit cead a thabhairt don údarás inniúil nó do na húdaráis inniúla eile táillí le haghaidh na gceart úsáide d'acmhainní uimhrithe a fhorchur a léiríonn an gá atá lena áirithiú go mbaintear an leas is fearr is féidir as na hacmhainní sin. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil bonn cirt oibiachtúil leis na táillí sin agus go mbeidh siad trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, agus comhréireach ó thaobh na haidhme atá leo agus go gcuirfear san áireamh leo na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.

Airteagal 96

Beolínte maidir le leanaí atá ar iarraidh agus agus uimhir chabhrach do leanaí

1.  
Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rochtain saor in aisce ag úsáideoirí deiridh ar sheirbhís a bhfuil beolíne chun leanaí atá ar iarraidh a thuairisciú á hoibriú aici. Beidh an bheolíne ar fáil ag an uimhir “116000”.
2.  
Déanfaidh Ballstáit a áirithiú go mbeidh úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas in ann rochtain a fháil ar sheirbhísí arna gcur ar fáil faoin uimhir “116000” a mhéid is féidir. Beidh bearta a ghlactar chun rochtain úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas ar na seirbhísí sin fad is atá siad ag taisteal i mBallstát eile bunaithe ar chaighdeáin nó ar shonraíochtaí ábhartha a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 39 a bheith á gcomhlíonadh.
3.  
Déanfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí chun a áirithiú go leithdháilfidh an t-údarás nó an gnóthas dár sannadh an uimhir “116000” na hacmhainní riachtanacha chun an bheolíne a oibriú.
4.  
Nuair is iomchuí, áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go dtabharfar go leor faisnéise d'úsáideoirí deiridh faoi na huimhreacha “116000” agus “116111” a bheith ann agus faoi úsáid na seirbhísí a chuirtear ar fáil faoi na huimhreacha sin.

Airteagal 97

Rochtain ar uimhreacha agus ar sheirbhísí

1.  

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú, i gcás ina bhfuil sé indéanta go heacnamaíoch, ach amháin i gcás inar roghnaigh úsáideoir deiridh ar chúiseanna tráchtála rochtain a theorannú trí ghlaoch ar pháirtithe atá lonnaithe i limistéir gheografacha shonracha, go ndéanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó na húdaráis inniúla eile gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh úsáideoirí deiridh in ann:

(a) 

rochtain a fháil ar sheirbhísí a úsáideann uimhreacha neamhgheografacha laistigh den Aontas, agus úsáid na seirbhísí sin; agus

(b) 

rochtain a fháil ar gach uimhir a chuirtear ar fáil san Aontas, beag beann ar an teicneolaíocht agus ar na gléasanna a úsáideann an t-oibreoir, lena n-áirítear iad siúd atá i bpleananna uimhrithe náisiúnta na mBallstát agus Uimhreacha Saorghlaonna Idirnáisiúnta Uilíocha (USIU).

2.  
Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na húdaráis rialála náisiúnta nó na húdaráis inniúla eile in ann a cheangal ar sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí bac a chur, ar bhonn gach cáis faoi leith, ar rochtain ar uimhreacha nó ar sheirbhísí i gcás ina bhfuil bonn cirt sin de dheasca calaoise nó mí-úsáide agus sna cásanna sin chun a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí ioncaim ábhartha ó idirnascadh nó ó sheirbhísí eile a choimeád siar.



TEIDEAL III

CEARTA AN ÚSÁIDEORA DEIRIDH

Airteagal 98

Micrifhiontair áirithe a dhíolmhú

Ní bheidh feidhm ag an Teideal seo, cé is moite d'Airteagal 99 agus Airteagal 100, i dtaca le micrifhiontair a chuireann seirbhísí cumarsáide uimhirbhunaithe idirphearsanta ar fáil ach amháin, má chuireann siad seirbhísí cumarsáide leictreonacha eile ar fáil.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na húsáideoirí deiridh ar an eolas faoin díolúine sin sula gcuirtear conradh i gcrích le micrifhiontar atá ag baint leas as an díolúine sin.

Airteagal 99

Neamh-idirdhealú

Ní chuirfidh soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí aon cheanglais dhifriúla nó coinníollacha ginearálta rochtana i bhfeidhm maidir le húsáid na líonraí nó na seirbhísí sin, ar úsáideoirí deiridh, ar chúiseanna a bhaineann le náisiúntacht an úsáideora deiridh, le háit chónaithe an úsáideora nó leis an áit a bhfuil an t-úsáideoir bunaithe, gan bonn oibiachtúil cirt a bheith leis an láimhseáil dhifriúil sin.

Airteagal 100

Cosaint maidir le cearta bunúsacha

1.  
Le bearta náisiúnta maidir le rochtain na n-úsáideoirí deiridh ar sheirbhísí agus feidhmchláir trí líonraí cumarsáide leictreonaí, nó maidir le húsáid na seirbhísí agus na bhfeidhmchlár sin, déanfar Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais ('an Chairt') agus prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais a urramú.
2.  
Aon bheart maidir le rochtain na n-úsáideoirí deiridh ar sheirbhísí agus feidhmchláir trí líonraí cumarsáide leictreonaí, nó maidir le húsáid na seirbhísí agus na bhfeidhmchlár sin, a bhféadfadh feidhmiú na gceart nó na saoirsí a aithnítear sa Chairt a theorannú, ní fhorchuirfear iad ach amháin sa chás ina bhforáiltear dóibh leis an dlí agus go n-urramaítear leo na cearta nó na saoirsí sin, sa chás ina bhfuil siad comhréireach, inar gá iad agus ina gcomhlíontar go fírinneach cuspóirí an leasa choitinn leo arna aithint ag dlí an Aontais nó an gá atá le cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt agus prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, lena n-áirítear an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa. Dá réir sin, ní dhéanfar na bearta sin ach amháin sa chás ina dtugtar an urraim chuí don phrionsabal maidir le toimhde na neamhchiontachta agus leis an gceart chun príobháideachais. Ráthófar nós imeachta cóir, neamhchlaonta, roimh ré, lena n-áirítear ceart chun éisteachta an duine nó na ndaoine lena mbaineann, faoi réir an ghá atá le coinníollacha agus socruithe nós imeachta iomchuí i gcásanna práinne cuí-réasúnaithe i gcomhréir leis an gCairt.

Airteagal 101

Leibhéal an chomhchuibhithe

1.  
Ní choimeádfaidh na Ballstáit forálacha chun úsáideoirí deiridh a chosaint ina ndlí náisiúnta ná ní thabharfaidh siad forálacha mar sin isteach ina ndlí náisiúnta – forálacha nach bhfuil i gcomhréir le hAirteagal 102 go hAirteagal 115, lena n-áirítear forálacha atá chomh dian céanna, geall leis, chun leibhéal éagsúil cosanta a áirithiú, mura bhforáiltear dá mhalairt sa Teideal seo.
2.  

Go dtí 21 Nollaig 2021, féadfaidh na Ballstáit leanúint d'fhorálacha náisiúnta níos déine um chosaint tomhaltóirí nach bhfuil i gcomhréir leis na cinn a leagtar síos in Airteagal 102 go hAirteagal 115 a fheidhmiú ar choinníoll go raibh na forálacha sin i bhfeidhm an 20 Nollaig 2018 agus go bhfuil aon srianta ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a thagann as an méid sin comhréireach le cuspóir na cosanta tomhaltóra.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 21 Nollaig 2019 i ndáil le haon forálacha náisiúnta a bheidh le cur i bhfeidhm ar bhonn na míre seo.

Airteagal 102

Ceanglais faisnéise maidir le conarthaí

1.  

Sula mbeidh tomhaltóir faoi cheangal conradh nó aon tairiscint chomhfhreagrach, soláthróidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, seachas seirbhísí tarchuir arna n-úsáid chun seirbhísí meaisín le meaisín a sholáthar, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5 agus Airteagal 6 de Threoir 2011/83/AE, mar aon leis an bhfaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Treoir seo, a mhéid a bheidh an fhaisnéis sin bainteach le seirbhís arna soláthar acu.

Cuirfear an fhaisnéis ar fáil ar bhealach soiléir cuimsitheach ar mheán buanfasach mar a shainmhínítear i bpointe (10) d'Airteagal 2 de Threoir 2011/83/AE nó, i gcás nach mbíonn a leithéid indéanta, i ndoiciméad ar furasta é a íoslódáil a chuirfidh an soláthraí ar fáil. Déanfaidh an soláthraí aird an tomhaltóra a tharraingt, go sainráite, ar infhaighteacht an doiciméid sin agus ar a thábhachtaí atá sé é a íoslódáil chun críocha doiciméadúcháin, mar phointe tagartha amach anseo, agus chun go n-atáirgfear gan athrú é.

Déanfar an fhaisnéis a chur ar fáil, arna iarraidh sin, i bhformáid inrochtana d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas i gcomhréir le dlí an Aontais lena gcomhchuibhítear na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme do tháirgí agus seirbhísí.

2.  
An fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, i mír 3 agus i mír 5, soláthrófar í freisin d'úsáideoirí deiridh ar micrifhiontair nó ar fiontair bheaganó eagraíochtaí gan beann ar bhrabús iad, ach amháin más rud é gur aontaigh siad go sainráite na forálacha sin nó codanna díobh a tharscaoileadh,
3.  

Soláthróidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, seachas seirbhísí tarchuir arna n-úsáid chun seirbhísí meaisín le meaisín a sholáthar, achoimre bheacht sholéite den chonradh. Sainaithneoidh an achoimhre sin príomheilimintí na gceanglas faisnéise i gcomhréir le mír 1. Áireofar leis na príomheilimintí sin ar a laghad:

(a) 

ainm, seoladh agus faisnéis teagmhála an tsoláthraí agus, má tá siad difriúil, faisnéis teagmhála le haghaidh gearán;

(b) 

príomhghnéithe gach seirbhís a chuirtear ar fáil;

(c) 

na praghsanna faoi seach le haghaidh na seirbhíse cumarsáide leictreonaí a ghníomhachtú agus maidir le haon mhuirir athfhillteacha nó tomhaltasbhainteacha, i gcás ina gcuirtear an tseirbhís ar fáil ar íocaíocht dhíreach airgeadaíochta;

(d) 

ré an chonartha agus na coinníollacha maidir leis an gconradh a athnuachan agus a fhoirceannadh;

(e) 

a mhéid atá na táirgí agus na seirbhísí ceaptha d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas;

(f) 

maidir le seirbhísí rochtana idirlín, achoimre ar an bhfaisnéis a cheanglaítear de bhun pointí (d) agus (e) d'Airteagal 4(1) de Rialachán 2015/2120.

Faoin 21 Nollaig 2019, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun teimpléad le haghaidh achoimre den chonradh a shonrú a bheidh le húsáid ag soláthraithe chun a n-oibleagáidí faoin mír seo a chomhlíonadh.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 118(4).

Soláthraithe atá faoi réir na n-oibleagáidí i mír 1 go mír 4, déanfaidh siad an fhaisnéis riachtanach a chomhlíonadh go cuí sa teimpléad sin le haghaidh achoimre den chonradh agus soláthróidh siad achoimre den chonradh in aisce do thomhaltóirí, roimh thabhairt i gcrích an chonartha, lena n-áirítear cianchonarthaí. I gcás ina mbeidh sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla oibiachtúla an achoimre ar an gconradh a sholáthar ag an uair sin, cuirfear ar fáil í gan aon mhoill mhíchuí ina dhiaidh sin, agus tiocfaidh an conradh in éifeacht nuair a bheidh sé dearbhaithe ag an tomhaltóir go n-aontaíonn sé nó sí leis an achoimre ar an gconradh tar éis í a fháil.

4.  
Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 ina cuid dhílis den chonradh agus ní dhéanfar í a athrú ach amháin má chomhaontaíonn na páirtithe conarthacha sin go sainráite.
5.  
I gcás ina ndéantar seirbhísí rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí a bhilleáil ar bhonn ama nó toirt an tomhaltais, tairgfidh soláthraithe na seirbhísí sin do thomhaltóirí saoráid lena mbeidh siad in ann faireachán agus rialú a dhéanamh ar úsáid an dá sheirbhís sin. Áireofar sa tsaoráid sin rochtain ar fhaisnéis thráthúil ar leibhéil tomhaltais na seirbhísí atá san áireamh i bplean taraife. Tabharfaidh soláthraithe, go háirithe, fógra chuig tomhaltóirí sula sroichtear aon teorainnúsáide arna bhunú ag údaráis inniúla, nuair is ábhartha, i gcomhordú le húdaráis rialála náisiúnta á gcur san áireamh ina bplean taraife, agus nuair a bheidh aon seirbhís dá n-áirítear ina bplean taraife tomhailte go huile is go hiomlán.
6.  
Féadfaidh na Ballstáit forálacha a choimeád nó a thabhairt isteach ina ndlí náisiúnta lena gceanglaítear ar sholáthraithe faisnéis bhreise a chur ar fáil maidir leis an leibhéal tomhaltais agus chun cosc sealadach a chur ar thuilleadh úsáide den tseirbhís ábhartha de bhreis ar theorainn airgeadais nó toirte arna cinneadh ag an údarás inniúil.
7.  
Beidh sé de shaoirse i gcónaí ag na Ballstáit, ina ndlí náisiúnta, forálacha a choimeád nó a thabhairt isteach i ndáil le gnéithe nach rialáiltear leis an Airteagal seo, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe nua atá ag teacht chun cinn.

Airteagal 103

Trédhearcacht, comparáid idir tairiscintí agus foilsiú faisnéise

1.  
Áiritheoidh na húdaráis inniúla, i gcomhordú, nuair is ábhartha, leis na húdaráis rialála náisiúnta go ndéanfar, i gcás ina gceanglaíonn soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí téarmaí agus coinníollacha le soláthar na seirbhísí sin, go ndéanfaidh gach soláthraí den chineál sin, nó an t-údarás inniúil féin i gcomhordú, nuair is iomchuí, leis an údarás rialála náisiúnta an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn IX a fhoilsiú go soiléir, go cuimsitheach, go meaisín-inléite, agus ar bhealach a bheidh inrochtana ag úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, i gcomhréir leis an gcuid sin de dhlí an Aontais lena gcomhchuibhítear ceanglais rochtana do tháirgí agus seirbhísí. Déanfar an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Féadfaidh na húdaráis inniúla, i gcomhordú, nuair is ábhartha, leis na húdaráis rialála náisiúnta ceanglais bhreise a shonrú maidir leis an bhfoirm ina bhfuil an fhaisnéis sin le foilsiú. Soláthrófar an fhaisnéis sin, arna iarraidh sin, don údarás inniúil agus, nuair is ábhartha, don údarás rialála náisiúnta sula bhfoilsítear í.
2.  

Áiritheoidh na húdaráis inniúla, i gcomhordú, nuair is ábhartha, leis na húdaráis rialála náisiúnta go mbeidh rochtain in aisce ag úsáideoirí deiridh ar uirlis comparáide neamhspleách amháin ar a laghad lena gcuirtear ar a gcumas comparáid agus meastóireacht a dhéanamh idir seirbhísí éagsúla rochtana idirlín agus seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí, agus, i gcás inarb infheidhme, seirbhísí cumarsáide uimhir-neamhspleách atá ar fáil go poiblí, maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

praghsanna agus taraifí seirbhísí arna soláthar ar íocaíochtaí díreacha athfhillteacha airgeadaíochta nó tomhaltasbhunaithe, agus

(b) 

cáilíocht fheidhmíocht na seirbhíse i gcás ina dtairgtear cáilíocht seirbhíse íosta nó ina gceanglaítear ar an ngnóthas an fhaisnéis sin a fhoilsiú de bhun Airteagal 104.

3.  

Beidh an uirlis chomparáide dá dtagraítear i mír 2:

(a) 

neamhspleách ó thaobh na hoibríochtúlachta de ar sholáthraithe seirbhísí den sórt sin, rud a fhágfaidh go n-áiritheofar go gcaitear go cothrom leis na soláthraithe sinsna torthaí cuardaigh;

(b) 

nochtfaidh sí go soiléir úinéirí agus oibreoirí na huirlise comparáide;

(c) 

leagfaidh sí amach critéir shoiléire agus oibiachtúla ar a mbunófar an chomparáid;

(d) 

úsáidfidh sí focail atá soiléir agus gan débhríocht;

(e) 

cuirfidh sí faisnéis bheacht agus atá cothrom le dáta ar fáil agus luafaidh sí an uair a rinneadh an nuashonrú is deireanaí;

(f) 

beidh sí oscailte do gach soláthraí seirbhísí rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí a chuireann an fhaisnéis ábhartha ar fáil, agus áireofar raon leathan tairiscintí léi lena gclúdófar cuid shuntasach den mhargadh agus, i gcás nach dtugann an fhaisnéis a chuirtear i láthair forléargas iomlán ar an margadh, tabharfar ráiteas soiléir á rá sin, sula dtaispeántar na torthaí;

(g) 

cuirfidh sí nós imeachta éifeachtach ar fáil chun faisnéis mhícheart a thuairisciú;

(h) 

áiritheoidh sí go mbeifear in ann comparáid a dhéanamh ó thaobh praghsanna, taraifí agus cáilíocht fheidhmíocht na seirbhíse de idir tairiscintí atá ar fáil do thomhaltóirí agus, má cheanglaíonn na Ballstáit é, idir na tairiscintí sin agus na tairiscintí caighdeánacha sin atá ar fáil go poiblí a chuirtear ar fáil d'úsáideoirí deiridh eile.

Uirlisí comparáide a chomhlíonann na ceanglais i bpointí (a) go (h), deimhneoidh na húdaráis inniúla i gcomhordú leis na húdaráis rialála náisiúnta iad, nuair is ábhartha, arna iarraidh sin do sholáthraí na huirlise.

An fhaisnéis a fhoilseoidh soláthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí, beidh sé de cheart ag tríú páirtithe í a úsáid, in aisce agus i bhformáid sonraí oscailte.

4.  

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí, nó an dá rud, faisnéis ar mhaithe le leas an phobail a dháileadh in aisce d'úsáideoirí deiridh atá ann cheana agus atá nua, nuair is iomchuí, trí na modhanna a úsáideann siad de ghnáth ina gcumarsáid le húsáideoirí deiridh. I gcás mar sin, is iad na húdaráis ábhartha phoiblí a chuirfidh an fhaisnéis ar mhaithe le leas an phobail sin ar fáil, i bhformáid chaighdeánaithe agus clúdófar inter alia an méid a leanas inti:

(a) 

na húsáidí is coitianta a bhaintear as seirbhísí rochtana idirlín agus as seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí chun dul i mbun gníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó chun ábhar díobhálach a scaipeadh, go háirithe i gcás ina bhféadfaí dochar a dhéanamh d'urramú ceart agus saoirse daoine eile, lena n-áirítear sáruithe ar chearta cosanta sonraí, cóipcheart agus cearta gaolmhara, agus na hiarmhairtí dlí a bheadh acu; agus

(b) 

na bealaí chun duine a chosaint ar bhaoil do shlándáil phearsanta, príobháideachas agus sonraí pearsanta nuair atá seirbhísí rochtana idirlín agus seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí á n-úsáid.

Airteagal 104

Cáilíocht seirbhíse maidir le seirbhísí rochtana idirlín agus le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí

1.  

Féadfaidh údaráis rialála náisiúnta i gcomhordú le húdaráis inniúla eile a chur de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí rochtana idirlín agus seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí, faisnéis atá cuimsitheach, inchomparáide, iontaofa, soláimhsithe agus cothrom le dáta a fhoilsiú d'úsáideoirí deiridh maidir le cáilíocht a seirbhísí, a mhéid a rialaíonn siad ar a laghad roinnt eilimintí den líonra, go díreach nó de bhua comhaontú ar leibhéal na seirbhíse chun na críche sin, agus maidir leis na bearta a dhéantar chun coibhéis rochtana a áirithiú d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas. Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta i gcomhordú le húdaráis inniúla eile a chur de cheangal freisin ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí é a chur in iúl do thomhaltóirí más rud é go mbraitheann cáilíocht na seirbhísí a chuireann siad ar fáil ar thosca seachtracha, amhail rialú na gcomharthaí tarchuir nó nascacht na líonraí.

Soláthrófar an fhaisnéis sin, arna iarraidh sin, don údarás rialála náisiúnta agus, nuair is ábhartha, d'údarás inniúla eile sula bhfoilsítear í.

Na bearta chun cáilíocht na seirbhíse a áirithiú, comhlíonfaidh siad Rialachán (AE) 2015/2120.

2.  

Agus lánaird á tabhairt acu ar threoirlínte BEREC, sonróidh na húdaráis rialála náisiúnta i gcomhordú le húdaráis inniúla eile cáilíocht na bparaiméadar seirbhíse atá le tomhas agus na modhanna tomhais is infheidhme, inneachar na faisnéise, a foirm agus an bealach ina bhfoilseofar í, lena n-áirítear sásraí deimhnithe cáilíochta féideartha. Úsáidfear na paraiméadair, sainmhínithe agus modhanna tomhais a leagtar amach in Iarscríbhinn X, nuair is iomchuí.

Faoin 21 meitheamh 2020, d'fhonn rannchuidiú le cur i bhfeidhm comhsheasmhach na míre seo agus Iarscríbhinn X, glacfaidh BEREC, tar éis dó dul i mbun comhairliúcháin le geallsealbhóirí agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, treoirlínte lena mionsonraítear na paraiméadair ábhartha cáilíochta seirbhíse, lena n-áirítear paraiméadair atá ábhartha d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, na modhanna tomhais is infheidhme, ábhar agus formáid fhoilsiú na faisnéise, agus sásraí deimhnithe cáilíochta.

Airteagal 105

Ré agus foirceannadh conartha

1.  

Déanfaidh Ballstáit a áirithiú nach dídhreasú iad na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun conradh a fhoirceannadh i gcoinne soláthraí seirbhíse a athrú agus nach dtugann conarthaí a thugtar i gcrích idir tomhaltóirí agus soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, seachas seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir, mar aon le seirbhísí eile tarchuir a úsáidtear chun seirbhísí meaisín le meaisín a sholáthar, sainordú a thabhairt do thréimhse gealltanais thosaigh níos faide ná 24 mhí. Féadfaidh na Ballstáit forálacha a ghlacadh nó a choinneáil ar bun lena sainordaítear uastréimhsí gealltanais conarthacha níos giorra.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le ré conartha tráthchoda i gcás inar aontaigh an custaiméir i gconradh ar leithligh go ndéanfaí íocaíochtaí tráthchodanna go heisiach chun nasc fisiciúil a dhéanamh go háirithe le líonraí fíor-ardacmhainne. Ní áireofar, i gconradh tráthchoda le haghaidh nasc fisiciúil a dhéanamh, trealamh teirminéil, amhail ródaire nó móideim, agus ní chuirfear cosc ar na tomhaltóirí a gcearta faoin Airteagal seo a fheidhmiú.

2.  
Beidh feidhm freisin ag mír 1 maidir le húsáideoirí deiridh ar micrifhiontair nó fiontair bheaga, agus eagraíochtaí gan beann ar bhrábús iad, mura rud é gur aontaigh siad go sainráite na forálacha sin a tharscaoileadh.
3.  
I gcás ina bhforálfar le conradh nó leis an dlí náisiúnta go ndéanfar conradh a fhadú go huathoibríoch — i gcomhair seirbhísí cumarsáide leictreonaí seachas seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir, mar aon le seirbhísí eile tarchuir a úsáidtear chun seirbhísí meaisín le meaisín a sholáthar — áiritheoidh na Ballstáit gurb amhlaidh, tar éis an fhadaithe sin, go mbeidh úsáideoirí deiridh i dteideal an conradh a fhoirceannadh am ar bith má thugann siad fógra darb uasfhad aon mhí amháin, de réir mar a chinnfidh na Ballstáit, agus gan aon chostais a thabhú seachas na muirir as an tseirbhís a fháil le linn na tréimhse fógra. Sula bhfadaítear an conradh go huathoibríoch, cuirfidh na soláthraithe na húsáideoirí deiridh ar an eolas, ar bhealach tráthúil, feiceálach agus ar mheán buanfasach, faoi dheireadh an ghealltanais chonarthaigh agus faoin modh ar féidir an conradh a fhoirceannadh. Ina theannta sin, agus ag an am céanna. Déanfaidh na soláthraithe comhairle maidir leis an taraif is fearr a thabhairt don úsáideoir deiridh i dtaca lena gcuid seirbhísí. Soláthróidh na soláthraithe sin an fhaisnéis is fearr faoi tharaifí d'úsáideoirí deiridh uair sa bhliain ar a laghad.
4.  

Beidh sé de cheart ag úsáideoirí deiridh a gconradh a fhoirceannadh gan aon chostas breise a tharraingt orthu féin ach a bhfaighe siad fógra faoi aon athrú ar choinníollacha an chonartha arna moladh ag soláthraí seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí seachas seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir, ach amháin i gcás gur chun leas eisiach an úsáideora deiridh na hathruithe sin, gur de chineál riaracháin amháin iad agus nach mbíonn aon drochthionchar acu ar an úsáideoir deiridh nó gurb de bhun dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta a fhorchuirtear iad.

Tabharfaidh na soláthraithe fógra do na húsáideoirí deiridh, mí amháin roimh ré ar a laghad, faoi aon athrú ar na coinníollacha conarthacha, agus cuirfidh siad ar an eolas iad go comhuaineach faoina gceart an conradh a fhoirceannadh gan tuilleadh costas a thabhú mura nglacann siad leis na coinníollacha nua. An ceart chun an conradh a fhoirceannadh, féadfar sin a fheidhmiú laistigh d'aon mhí amháin tar éis fógra a fháil. Féadfaidh na Ballstáit trí mhí bhreise a chur leis an tréimhse sin. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar fógra ar bhealach soiléir sothuigthe agus ar mheán buanfasach.

5.  
Aon neamhréir shuntasach, a leanann ar aghaidh nó a tharlaíonn go minic, idir feidhmíocht iarbhír seirbhíse leictreonacha cumarsáide, seachas seirbhís rochtana idirlín nó seachas seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir, agus an fheidhmíocht a léirítear sa chonradh, measfar mar bhonn sin chun na réitigh atá ar fáil don tomhaltóir i gcomhréir leis an dlí náisiúnta a ghníomhachtú, lena n-áirítear an ceart chun an conradh a fhoirceannadh saor ó chostas.
6.  

I gcás ina mbíonn sé de cheart ag úsáideoir conradh a fhoirceannadh le seirbhís cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí seachas seirbhís cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir roimh dheireadh na tréimhse comhaontaithe conartha de bhun na Treorach seo, nó de bhun fhorálacha eile i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta, ní dhlífear aon chúiteamh ar an úsáideoir deiridh seachas i dtaca le trealamh teirminéil a fuair fóirdheontas agus a coinníodh.

I gcás ina roghnaíonn an t-úsáideoir deiridh trealamh teirminéil a choinneáil, atá cuachta ag an am a dtugtar an conradh i gcrích, ní rachaidh aon chúiteamh a dhlitear thar a luach pro rata temporis mar a comhaontaíodh sin an t-am ar tugadh an conradh i gcrích nó thar luach a bhfuil fanta den táille seirbhíse go dtí deireadh an chonartha, cibé acu sin is lú.

Féadfaidh na Ballstáit modhanna eile a chinneadh maidir leis an ráta cúitimh a ríomh, ar choinníoll nach mó an leibhéal cúitimh ná an cúiteamh a ríomhtar i gcomhréir leis an dara fomhír.

Aon choinníoll maidir le trealamh teirminéil a úsáid ar líonraí eile, cuirfidh an soláthraí deireadh leis, in aisce, tráth a sonróidh na Ballstáit sin agus, ar a dhéanaí, an tráth a n-íocfar an cúiteamh.

7.  
I dtaca le seirbhísí tarchurtha arna n-úsáid i gcomhair seirbhísí meaisín le meaisín, ní bheidh na cearta a luaitear i mír 4 agus i mír 6 chun leasa aon úsáideoir deiridh ach tomhaltóirí, micrifhiontair, fiontair bheaga, nó eagraíochtaí gan beann ar bhrábús.

Airteagal 106

An soláthraí a mhalartú agus inaistritheacht uimhreacha

1.  

I gcás malartú idir soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín, tabharfaidh an soláthraí lena mbaineann eolas leordhóthanach don úsáideoir deiridh sula ndéanfar malartú agus lena linn, agus déanfaidh sé leanúnachas na seirbhíse rochtana idirlín a áirithiú, mura rud é nach mbeidh sé sin indéanta go teicniúil. Áiritheoidh an soláthraí fála go ngníomhachtófar an tseirbhís rochtana idirlín a luaithe is féidir ar an dáta, agus laistigh den achar ama, a chomhaontaítear go sainráite leis an úsáideoir deiridh. Leanfaidh an soláthraí is aistreoir dá seirbhís rochtana idirlín a chur ar fáil ar na téarmaí céanna go dtí go ngníomhachtaítear seirbhísí an tsoláthraithe fála. Ní mhairfidh an easpa seirbhíse le linn phróiseas an aistrithe níos faide ná aon lá oibre amháin.

Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta éifeachtúlacht agus simplíocht an phróisis aistrithe don úsáideoir deiridh a áirithiú.

2.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ceart ag gach úsáideoir deiridh a bhfuil uimhreacha acu ón bplean uimhrithe náisiúnta, arna iarraidh sin, a n-uimhreacha a choinneáil go neamhspleách ar an ngnóthas atá ag soláthar na seirbhíse i gcomhréir le Cuid C d'Iarscríbhinn VI.
3.  
I gcás ina ndéanfaidh an t-úsáideoir deiridh conradh a fhoirceannadh, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an t-úsáideoir deiridh an ceart a choinneáil uimhir a aistriú ón bplean uimhrithe náisiúnta chuig soláthraí eile go ceann tréimhse aon mhí ar a laghad tar éis dháta an fhoirceanta, mura rud é go dtréigfidh an t-úsáideoir deiridh an ceart sin.
4.  
Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a áirithiú go bhfuil praghsáil i measc na soláthraithe a bhaineann le soláthar inaistritheacht uimhreacha dírithe ar chostas, agus nach ngearrfar aon táillí go díreach ar na húsáideoirí deiridh.
5.  
Maidir le haistriú uimhreacha agus a ngníomhachtú ina dhiaidh sin, déanfar sin laistigh den tréimhse is giorra is féidir ar an dáta a chomhaontaítear go sainráite leis an úsáideoir deiridh. I gcás ar bith, maidir le húsáideoirí deiridh a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích acu maidir le huimhir a aistriú go soláthraí nua, déanfar an uimhir sin a ghníomhachtú laistigh d'aon lá oibre amháin tar éis an dáta a chomhaontaítear leis an úsáideoir deiridh. I gcás ina dteipeann ar an bpróiseas aistrithe, déanfaidh an soláthraí aistritheach uimhir agus seirbhísí gaolmhara an úsáideora deiridh a ghníomhachtú an athuair nó go n-éirí leis an aistriú. Leanfaidh an soláthraí aistritheach dá sheirbhísí a chur ar fáil ar na téarmaí agus coinníollacha céanna go dtí go ngníomhachtaítear seirbhísí an tsoláthraí fála. Ní mhairfidh an easpa seirbhíse le linn phróiseas an mhalartaithe agus an aistrithe, i gcás ar bith, níos faide ná aon lá oibre amháin. Áiritheoidh oibreoirí a bhfuil a gcuid líonraí rochtana á n-úsáid ag an soláthraí aistritheach nó ag an soláthraí fála, nó ag an mbeirt, nach gcaillfear an tseirbhís ar bhealach a d'fhágfadh moill ar phróiseas an mhalartaithe agus an aistrithe.
6.  

Is é an soláthraí fála a bheidh i gceannas ar phróisis an mhalartaithe agus an aistrithe a leagtar amach i mír 1 agus i mír 5 agus comhoibreoidh an soláthraí fála agus an soláthraí aistrithe le chéile de mheon macánta. Ní chuirfidh siad moill ar phróiseas an mhalartaithe ná ar phróiseas an aistrithe ná ní mhí-úsáidfidh siad na próisis sin ná ní aistreoidh siad uimhreacha ná ní mhalartóidh siad úsáideoirí deiridh gan toiliú sainráite na n-úsáideoirí deiridh a fháil. Déanfar conarthaí na n-úsáideoirí deiridh leis an soláthraí aistritheach a fhoirceannadh go huathoibríoch nuair a bheidh próiseas an mhalartaithe tugtha i gcrích.

Féadfaidh na húdaráis inniúla na sonraí maidir le malartú agus próiseas an aistrithe a bhunú, agus forálacha náisiúnta i ndáil le conarthaí, an indéantacht theicniúil, agus an gá atá le leanúnachas seirbhíse a chothabháil don úsáideoir deiridh á gcur san áireamh acu. Áireofar ar an méid sin, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, ceanglas go dtabharfar an t-aistriú chun críche trí sholáthar thar an líonra, mura rud é go n-iarrfaidh úsáideoir deiridh a mhalairt. Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta bearta iomchuí freisin lena n-áiritheofar go gcuirtear úsáideoirí deiridh ar an eolas agus go ndéantar iad a chosaint, ar bhonn leordhóthanach, le linn phróisis an mhalartaithe agus an aistrithe agus nach ndéantar iad a mhalartú chuig soláthraí eile in aghaidh a dtola.

Déanfaidh soláthraithe aistritheacha, arna iarraidh sin, aon chreidmheas atá fanta a aisíoc leis na tomhaltóirí trí sheirbhísí réamhíoctha a úsáid. Ní fhéadfaidh an aisíocaíocht a bheith faoi réir táille ach amháin i gcás ina bhforáiltear sin sa chonradh. Beidh aon táille den sórt sin i gcomhréir agus ar cóimhéid leis na costais iarbhír arna dtabhú ag an soláthraí aistritheach tríd an aisíocaíocht a thairiscint.

7.  
Déanfaidh na Ballstáit rialacha do phionóis a leagan síos, i gcás nach gcomhlíonann soláthraí leis na hoibleagáidí a leagtar síos san Airteagal seo, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le moill ar ghnóthais aistriú a dhéanamh nó a mhéid a bhaineann le haistriú a bheith á mhí-úsáid nó thar ceann soláthraí.
8.  
Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le cúiteamh a thabhairt, ar bhealach éasca, tráthúil, ag a soláthraithe d'úsáideoirí deiridh i gcás nach gcomhlíonann an soláthraí leis na hoibleagáidí a leagtar síos san Airteagal seo, mar aon le cás moill ar aistriú nó ar mhalartú nó i gcás mhí-úsáid próiseas an aistrithe agus próiseas an mhalartaithe agus i gcás coinní seirbhíse agus suiteála a chailltear.
9.  
Chomh maith leis an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi Iarscríbhinn VIII, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirtear úsáideoirí deiridh ar an eolas ar bhealach leordhóthanach gurb ann don cheart sin chun cúitimh dá dtagraítear i mír 7 agus i mír 8.

Airteagal 107

Tairiscintí cuachta

1.  
I gcás ina mbíonn i gcuach seirbhísí nó i gcuach seirbhísí móide trealamh teirminéil arna dtairiscint don tomhaltóir ar a laghad seirbhís rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhir-bhunaithe atá ar fáil go poiblí, beidh feidhm ag Airteagal 102(3), Airteagal 103(1), Airteagal 105 agus Airteagal 106(1) i leith na cuaiche lena n-áirítear mutatis mutandis i leith na n-eilimintí sin nach gcuimsítear thairis sin sna forálacha sin.
2.  
I gcás ina bhfuil sé de cheart ag an tomhaltóir, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais, aon eilimint den chuach sin dá dtagraítear i mír 1 a fhoirceannadh, sula dté in éag téarma an chonartha a comhaontaíodh, déanfaidh na Ballstáit foráil ionas go mbeidh de cheart ag an tomhaltóir an conradh a fhoriceannadh i ndáil le gach eilimint den chuach.
3.  
Aon síntiús chuig seirbhísí breise nó chuig trealamh teirminéil a sholáthraíonn nó a dháileann an soláthraí céanna seirbhísí rochtana idirlín, nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil don phobal, ní fhadófar, leis an síntiús sin, ré bunaidh an chonartha a gcuirtear na seirbhísí nó an trealamh teirminéil sin leis, mura rud é go gcomhaontaíonn an tomhaltóir a mhalairt go sainráite nuair a ghlacann sé síntiús leis na seirbhísí breise nó leis an trealamh breise teirminéil.
4.  
Beidh feidhm freisin ag mír 1 agus mír 3 maidir le húsáideoirí deiridh ar micrifhiontair, fiontair bheaga iad, nó eagraíochtaí gan beann ar bhrábús, mura rud é gur aontaigh siad go sainráite gach cuid de na forálacha sin, nó cuid díobh, a tharscaoileadh.
5.  
Is ceadmhach do na Ballstáit mír 1 a chur i bhfeidhm maidir le forálacha eile a leagtar síos sa Teideal seo.

Airteagal 108

Infhaighteacht seirbhísí

Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun an infhaighteacht is iomláine is féidir de sheirbhísí cumarsáide gutha agus de sheirbhísí rochtana idirlín a sholáthraítear thar líonraí cumarsáide lecitreonaí poiblí a áirithiú má chliseann an líonra go tubaisteach nó i gcásanna force majeure. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide gutha gach beart is gá chun a áirithiú go mbeidh rochtain gan bhriseadh ar sheirbhísí éigeandála agus go ndéanfar foláirimh phoiblí a tharchur gan bhriseadh.

Airteagal 109

Cumarsáid éigeandála agus an uimhir éigeandála aonair Eorpach

1.  

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh úsáideoirí deiridh uile na seirbhíse dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear iad sin a úsáideann táillefóin phoiblí, in ann glao a chur ar na seirbhísí éigeandála saor in aisce agus nach mbeidh orthu aon mhodh íocaíochta a úsáid, trí leas a bhaint as an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” agus aon uimhir náisiúnta éigeandála a shonraíonn na Ballstáit.

Cuirfidh na Ballstáit chun cinn rochtain ar na seirbhísí éigeandála leis an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” ó líonraí cumarsáide leictreonaí nach bhfuil ar fáil don phobal ionas gur féidir glaonna a dhéanamh chuig líonraí poiblí, go háirithe nuair nach gcuireann an gnóthas is freagrach as an líonra sin rogha éasca eile ar fáil chun an tseirbhís éigeandála a rochtain.

2.  
Déanfaidh na Ballstáit, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na húdaráis rialála náisiúnta agus le seirbhísí éigeandála agus soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, a áirithiú go ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí, i gcás ina ligtear, leis na seirbhísí sin, d'úsáideoirí deiridh glaonna a dhéanamh ar uimhir i bplean uimhrithe náisiúnta nó idirnáisiúnta, rochtain a thabhairt ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála leis an PFGE is iomchuí.
3.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfreagrófar mar is iomchuí na glaonna chuig an uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” agus go láimhseáiltear iad ar an mbealach is fearr a oireann d'eagrú náisiúnta na gcóras éigeandála. Freagrófar glaonna éigeandála den sórt sin agus láimhseálfar iad chomh tapa agus chomh héifeachtach mar a dhéantar le glaonna éigeandála chuig an uimhir nó chuig na huimhreacha éigeandála náisiúnta, i gcás ina bhfuil siad fós in úsáid.
4.  
Faoin 21 Nollaig 2020 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir lena éifeachtaí atá cur chun feidhme na huimhreach aonair éigeandála Eorpaí “112”.
5.  
Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar rochtain ar sheirbhísí éigeandála d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas trí chumarsáid éigeandála agus go mbeidh an rochtain sin ag teacht leis an rochtain a bhíonn le fáil ag úsáideoirí deiridh eile, i gcomhréir le dlí an Aontais lena gcomhchuibhítear ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí,. Déanfaidh an Coimisiún agus na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile bearta iomchuí chun a áirithiú go bhféadfaidh úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas rochtain a fháil ar sheirbhísí éigeandála ar bhonn a bheidh coibhéiseach le húsáideoirí deiridh eile, agus iad ag taisteal i mBallstát eile, nuair is indéanta, gan aon réamhchlárú. Leis na bearta sin, féachfar le hidir-inoibritheacht a áirithiú ar fud na mBallstát agus bunófar iad, a oiread is féidir, ar chaighdeáin nó sonraíochtaí Eorpacha a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 39. Ní choiscfidh bearta den sórt sin na Ballstáit ó cheanglais bhreise a ghlacadh chun na cuspóirí a leagtar amach san Airteagal seo a shaothrú.
6.  
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirtear faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora ar fáil don PFGE is iomchuí gan mhoill tar éis don chumarsáid éigeandála a bheith curtha ar bun. Áireofar air sin faisnéis líonrabhunaithe faoin suíomh agus, i gcás ina bhfuil sí ar fáil, faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora a fhaightear ón sás láimhe. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfuil bunú agus tarchur na faisnéise faoi shuíomh an úsáideora deiridh in aisce don úsáideoir deiridh agus don PFGE maidir le gach cumarsáid éigeandála chuig an uimhir éigeandála Eorpach “112”. Féadfaidh na Ballstáit an oibleagáid sin a shíneadh go dtí gach glao éigeandála chun uimhreacha éigeandála náisiúnta a chlúdach. Déanfaidh na húdaráis rialála inniúla, más gá tar éis dóibh dul i gcomhairle le BEREC, critéir do chruinneas agus d'iontaofacht fhaisnéis shuíomh an ghlaoiteora a sholáthraítear.
7.  
Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar dóthain faisnéise d'úsáideoirí deiridh faoin uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” a bheith ann agus faoi úsáid na huimhreach sin, agus faoi na heilimintí inrochtaineachta a ghabhann léi, lena n-áirítear trí thionscnaimh lena ndírítear go sonrach ar dhaoine atá ag taisteal idir na Ballstáit, agus ar dhaoine faoi mhíchumas. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil i bhformáidí inrochtana, lena dtabharfar aghaidh ar chineálacha éagsúla míchumais. Tacóidh an Coimisiún le gníomhaíocht na mBallstát agus comhlánóidh siad í.
8.  

Chun rochtain éifeachtach ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandála chuig uimhir aonair éigeandála Eorpach “112” sna Ballstáit a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle le BEREC, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 117 mar fhorlíonadh ar mhír 2, mír 5 agus mír 6 den Airteagal sin maidir leis na bearta is gá chun comhoiriúnacht, idir-inoibritheacht, cáilíocht, iontaofacht agus leanúnachas chumarsáid éigeandála san Aontas a áirithiú maidir le réitigh faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora, rochtain d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas agus ródú chuig an PFGE is iomchuí. Glacfar na cinn tosaigh de na gníomhartha tarmligthe sin faoin 21 Nollaig 2022.

Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin gan dochar d'eagrú na seirbhísí éigeandála agus ní bheidh aon tionchar acu ar eagrú na seirbhísí sin, mar chuid d'inniúlacht eisiach na mBallstát i gcónaí.

Coimeádfaidh BEREC bunachar sonraí d'uimhreacha E.164 de chuid na seirbhísí éigeandála na mBallstát lena áirithiú go mbeidh siad in ann teagmháil a dhéanamh le chéile ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, i gcás nach ndéanfaidh eagraíocht eile bunachar dá shórt a choimeád.

Airteagal 110

Córas rabhaidh poiblí

1.  
Faoi 21 Meitheamh 2022, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú, nuair a bheidh córais um rabhadh poiblí ar bun maidir le garéigeandálaí agus le garthubaistí nó le héigeandálaí nó tubaistí atá ag teacht chun cinn, déanfaidh soláthraithe na seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe soghluaiste rabhaidh phoiblí a tharchur chuig na húsáideoirí deiridh lena mbaineann.
2.  

Gan dochar do mhír 1, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go ndéanfar rabhaidh phoiblí a tharchur trí bhíthin seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1, agus seachas seirbhísí craoltóireachta, nó trí aip móibíleach a bhraitheann ar sheirbhís rochtana idirlín, ar choinníoll gurb ionann éifeachtacht an chórais rabhaidh phoiblí — i dtaca le cumhdach agus lena acmhainn na húsáideoirí deiridh a shroicheadh lena n-áirítear iad siúd nach mbíonn i láthair ach go sealadach sa limistéar atá i gceist, agus lánaird á tabhairt ar threoirlínte BEREC. Cuirfear rabhaidh phoiblí ar fáil d'úsáideoirí deiridh ar shlí éasca.

Faoin 21 Meitheamh 2020 agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis atá i gceannas ar PFGEnna, déanfaidh BEREC treoirlínte a fhoilsiú maidir lena mheasúnú cé acu atá nó nach bhfuil éifeachtacht na seirbhísí rabhadh poiblí faoi an mhír seo coibhéiseach le héifeachtacht na gcóras sin a leagtar síos faoi mhír 1.

Airteagal 111

Rochtain agus rogha choibhéiseach d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas

1.  

Áiritheoidh na Ballstáit go sonróidh na húdaráis inniúla ceanglais atá le comhlíonadh ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí chun a áirithiú maidir le húsáideoirí deiridh faoi mhíchumas:

(a) 

go mbeidh rochtain acu ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí, lena n-áirítear an fhaisnéis chonarthach ghaolmhar a sholáthraítear de bhun Airteagal 102, rochtain a bheidh coibhéiseach leis an rochtain a bheidh ag tromlach na n-úsáideoirí deiridh; agus

(b) 

go mbainfidh siad tairbhe as an rogha gnóthas agus seirbhísí atá ar fáil do thromlach na n-úsáideoirí deiridh.

2.  
Trí na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh, spreagfaidh na Ballstáit na caighdeáin nó na sonraíochtaí ábhartha a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 39 a bheith á gcomhlíonadh.

Airteagal 112

Seirbhísí eolaí teileafóin

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh gach soláthraí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe a shannann uimhreacha ó phlean uimhrithe gach iarratas réasúnta chun an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil, chun críocha seirbhísí eolaí agus eolairí teileafóin atá ar fáil go poiblí a sholáthar, i bhformáid chomhaontaithe ar théarmaí atá cothrom, oibiachtúil, dírithe ar an gcostas agus neamh-idirdhealaitheach.
2.  
Beidh na húdaráis rialála náisiúnta in annoibleagáidí agus coinníollacha a fhorchur ar ghnóthais a rialaíonn rochtain na n-úsáideoirí deiridh le haghaidh seirbhísí eolaí teileafóin a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 61. Beidh na hoibleagáidí agus na coinníollacha sin oibiachtúil, cothrom, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach.
3.  
Ní chothabhálfaidh na Ballstáit aon srianta rialála a thoirmisceann úsáideoirí deiridh i mBallstát amháin rochtain dhíreach a fháil ar an tseirbhís eolaí teileafóin i mBallstát eile trí ghuthghlao nó SMS, agus déanfaidh siad bearta chun an rochtain sin a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 97.
4.  
Beidh feidhm ag mír 1, mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo faoi réir cheanglais dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachas agus, go háirithe, Airteagal 12 de Threoir 2002/58/CE.

Airteagal 113

Idir-inoibritheacht ghlacadóirí raidió cairr agus raidió agus an trealaimh teilifíse dhigitigh do thomhaltóirí

1.  
Déanfaidh na Ballstáit idir-inoibritheacht an ghlacadóirí raidió cairr agus an trealaimh teilifíse dhigitigh do thomhaltóirí dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin a áirithiú i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn XI.
2.  
Féadfaidh na Ballstáit bearta a ghlacadh chun idirinoibritheacht ghlacadóirí raidió eile do thomhaltóirí a áirithiú agus an tionchar ghlacadóirí raidió craolacháin ar íseal a luach ar an margadh á theorannú, agus á áirithiú nach gcuirfí bearta mar sin i bhfeidhm i gcás táirgí inar táirge coimhdeach amháin an glacadóir raidió, mar shampla, fóin chliste ná i gcás trealamh a úsáideann amaitéaraigh raidió.
3.  

Molfaidh na Ballstáit do sholáthraithe seirbhísí teilifíse digití a áirithiú, nuair is iomchuí, go mbíonn an trealamh teilifíse digití a sholáthraíonn siad dá gcuid úsáideoirí deiridh inoibritheach ionas go mbíonn, nuair is indéanta sin go teicniúil, an trealamh teilifíse digití in-athúsáidte ag soláthraithe eile seirbhísí teilifíse digití.

Gan dochar d'Airteagal 5(2) de Threoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ), déanfaidh na Ballstáit a áirithiú nuair a chuirtear deireadh lena gconradh gur féidir leis na húsáideoirí deiridh an trealamh teilifíse digití a thabhairt ar ais le nós imeachta éasca atá in aisce, murab é go dtaispeánann an soláthraí go bhfuil sé idir-inoibritheach go hiomlán leis na seirbhísí teilifíse digití atá ag soláthraithe eile, lena n-áirítear na cinn ar athraigh an t-úsáideoir deiridh chucu.

Trealamh teilifíse digití atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe agus ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó le codanna de na caighdeáin sin, measfar go bhfuil siad i gcomhréir leis an gceanglas idir-inoibritheachta atá sa dara fomhír atá faoi chumhdach na gcaighdeán sin nó codanna díobh.

Airteagal 114

Oibleagáidí 'iompair éigeantaigh'

1.  
Oibleagáidí réasúnacha 'maidir le hiompar éigeantach' chun cainéil chraoltóireachta shonracha raidió agus teilifíse agus seirbhísí comhlántacha gaolmhara a tharchur, go háirithe seirbhísí inrochtaineachta chun go mbeidh rochtain iomchuí ag úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas agus sonraí a thacaíonn le seirbhísí teilifíse nasctha agus eolairí leictreonacha clár, féadfaidh na Ballstáit iad a fhorchur ar ghnóthais atá faoina ndlínse a sholáthraíonn líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a úsáidtear chun cainéil chraoltóireachta raidió agus teilifíse a leithdháileadh ar an bpobal i gcás ina mbaineann líon mór úsáideoirí deiridh úsáid as líonraí agus as seirbhísí den chineál sin mar mhodh príomha chun cainéil chraoltóireachta raidió agus teilifíse a fháil. Ní fhorchuirfear oibleagáidí mar sin ach sa chás ina mbeidh gá leo chun cuspóirí leasa ghinearálta a chomhlíonadh, arna sainmhíniú go soiléir ag gach Ballstát, agus beidh siad comhréireach agus trédhearcach.
2.  
Faoin 21 Nollaig 2019, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 a athbhreithniú, seachas i gcás ina ndearna na Ballstáit an t-athbhreithniú sin sna ceithre bliana roimhe sin.
3.  
Ní dhéanfaidh mír 1 den Airteagal seo ná Airteagal 59(2) dochar do chumas na mBallstát cúiteamh cuí a chinneadh, más ann dó, maidir le bearta a rinneadh i gcomhréir leis an Airteagal seo agus é á áirithiú, i ndálaí comhchosúla, nach ndéantar idirdhealú sa bhealach a gcaitear le soláthraithe líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí. I gcás ina ndéantar foráil maidir le cúiteamh, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go leagtar amach go soiléir sa dlí náisiúnta an oibleagáid maidir le cúiteamh, lena n-áirítear, nuair is ábhartha, na critéir maidir le cúiteamh den sórt sin a ríomh. Áiritheoidh na Ballstáit chomh maith go gcuirtear i bhfeidhm é ar bhealach comhréireach trédhearcach.

Airteagal 115

Saoráidí breise a chur ar fáil

1.  
Gan dochar d'Airteagal 88(2), áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na húdaráis inniúla i gcomhordú, nuair is ábhartha, leis na húdaráis rialála náisiúnta in ann ceangal a chur ar gach soláthraí seirbhísí rochtana idirlín nó a sholáthraíonn seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí gach ceann de na saoráidí breise a liostaítear i gCuid B d'Iarscríbhinn VI nó cuid díobh a chur ar fáil in aisce, faoi réir féidearthacht theicniúil, chomh maith le gach ceann de na saoráidí breise a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn VI nó cuid díobh.
2.  
Féadfaidh na Ballstáit cur le liosta na saoráidí breise i gCuid A agus i gCuid B d'Iarscríbhinn VI chun críche mír 1 a chur i bhfeidhm chun leibhéal níos airde cosanta do thomhaltóirí a áirithiú.
3.  
Féadfaidh Ballstát cinneadh a dhéanamh cur chun feidhme mhír 1 a tharscaoileadh ina chríoch ar fad nó i gcuid di má mheasann sé, tar éis tuairimí páirtithe leasmhara a chur san áireamh, go bhfuil rochtain leordhóthanach ar na saoráidí sin.

Airteagal 116

Na hIarscríbhinní a oiriúnú

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 117 lena leasaítear Iarscríbhinní V, VI, IX, X, agus XI chun na forbairtí teicneolaíocha agus sóisialta nó athruithe in éileamh an mhargaidh a chur san áireamh.



CUID IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 117

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 75, 109 agus 116 a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse cúig bliana ó 20 Nollaig 2018. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 75, 109 agus Airteagal 116 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.  
Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016.
5.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 75, 109 agus Airteagal 116 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 118

An coiste

1.  
Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ó Choiste ('an Coiste Cumarsáide'). Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.  
Do na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 28(4), is é an Coiste um Speictream Raidió arna bhunú de bhun Airteagal 3(1) de Threoir Uimh. 676/2002/CE a thabharfaidh cúnamh don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina Choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3.  

I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh, laistigh den teorainn ama chun tuairim a thabhairt, nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh nó nuair a iarrfaidh comhalta den choiste amhlaidh. I gcás den sórt sin, comórfaidh an cathaoirleach cruinniú coiste laistigh de thréimhse réasúnach ama.

4.  

I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, ag féachaint d'Airteagal 8 de.

I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh, laistigh den teorainn ama chun tuairim a thabhairt, nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh nó nuair a iarrfaidh comhalta den choiste amhlaidh. I gcás den sórt sin, comórfaidh an cathaoirleach cruinniú coiste laistigh de thréimhse réasúnach ama.

Airteagal 119

Malartú faisnéise

1.  
Soláthróidh an Coimisiún don Choiste Cumarsáide gach faisnéis iomchuí maidir le toradh na gcomhairliúchán rialta le hionadaithe oibreoirí na líonraí, le soláthraithe seirbhíse, le húsáideoirí, le tomhaltóirí, le monaróirí agus ceardchumainn, chomh maith le tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.
2.  
Agus beartas cumarsáide leictreonaí an Aontais á chur san áireamh, déanfaidh an Coiste Cumarsáide malartú faisnéise a chothú idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún faoin staid ina bhfuil agus ar an bhforbairt ar ghníomhaíochtaí rialála maidir le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí.

Airteagal 120

Foilsiú faisnéise

1.  
Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcuirtear ar fáil go poiblí faisnéis atá cothrom le dáta maidir le cur chun feidhme na Treorach seo ar bhealach a rathaíonn go bhfuil rochtain éasca ag gach páirtí leasmhar ar an bhfaisnéis sin. Déanfaidh siad fógra a fhoilsiú ina n-iris oifigiúil náisiúnta ina ndéantar cur síos conas a fhoilsítear an fhaisnéis agus cá bhfoilsítear í. Foilseofar an chéad fhógra den sórt sin faoin 21 Nollaig 2020 , agus ina dhiaidh sin foilseofar fógra gach uair a dhéantar aon athrú ar an bhfaisnéis atá ann.
2.  
Cuirfidh na Ballstáit cóip de na fógraí sin uile faoi bhráid an Choimisiúin tráth a bhfoilsithe. Dáilfidh an Coimisiún an fhaisnéis ar an gCoiste Cumarsáide mar is iomchuí.
3.  
Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfoilsítear agus go gcoinnítear cothrom le dáta ar bhealach iomchuí gach faisnéis ábhartha maidir le cearta, coinníollacha, nósanna imeachta, táillí, muirir agus cinntí a bhaineann le húdaruithe ginearálta, le cearta úsáide agus le chearta saoráidí a shuiteáil chun go mbeidh rochtain éasca ag gach páirtí leasmhar ar an bhfaisnéis sin.
4.  
I gcás ina gcoinnítear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 ar leibhéil éagsúla rialtais, go háirithe faisnéis maidir le nósanna imeachta agus coinníollacha i leith cearta saoráidí a shuiteáil, déanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta gach dícheall réasúnach, agus ag féachaint do na costais, chun forléargas atá acrach don úsáideoir den fhaisnéis uile sin, lena n-áirítear faisnéis ar leibhéil ábhartha rialtais agus na húdaráis atá freagrach chun iarratais ar chearta chun saoráidí a shuiteáil a éascú.
5.  
Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfoilsítear na hoibleagáidí sonracha a fhorchuirtear ar ghnóthais faoin Treoir seo agus go ndéantar na margaí do tháirgí agusseirbhísí sonracha agus na margaí geografacha a shainaithint. Faoi réir rúndacht tráchtála a chosaint, áiritheoidh siad go gcuirfear faisnéis atá cothrom le dáta ar fáil go poiblí, ar bhealach a rathaíonn go bhfuil rochtain éasca ag gach páirtí leasmhar ar an bhfaisnéis sin,.
6.  
Déanfaidh na Ballstáit faisnéis a chuireann said ar fáil go póiblí de bhun mhír 5 a sholáthar don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil i bhfoirm a mbeidh rochtain éasca uirthi, agus dáilfidh sé an fhaisnéis ar an gCoiste Cumarsáide mar is iomchuí.

Airteagal 121

Fógra agus faireachán

1.  
Cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta an Coimisiún ar an eolas faoin 21 Nollaig 2020, agus láithreach bonn tar éis go dtagann aon athrú dá éis sin ar ainmneacha na ngnóthas arna n-ainmniú ina gnóthais ar a bhfuil oibleagáidí seirbhíse uilíche de bhun Airteagal 85(2), Airteagal 86 nó 87.
2.  
Tabharfaidh údaráis rialála náisiúnta fógra don Choimisiún faoi ainmneacha na ngnóthas a ainmnítear mar ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu chun críocha na Treorach seo, agus faoi na hoibleagáidí a forchuireadh orthu faoin Treoir seo. Tabharfar fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon athruithe a dhéanfaidh difear do na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar ghnóthais nó ar na gnóthais a ndéanann an Treoir seo difear dóibh.

Airteagal 122

Nós imeachta athbhreithniúcháin

1.  

Faoin 21 Nollaig 2025 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú go tráthrialta ar fheidhmiú na Treorach seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Déanfar a mheas sna hathbhreithnithe sin, go háirithe, na himpleachtaí a bheidh ag Airteagal 61(3) agus Airteagal 76, Airteagal 78 agus Airteagal 79 don mhargadh agus cé acu is leor nó nach leor na cumhachtaí ex ante agus na cumhachtaí idirghabhála eile dar bun an Treoir seo chun gur féidir leis na húdaráis rialála náisiúnta aghaidh a thabhairt ar struchtúir olagaplacha neamhiomaíocha an mhargaidh, agus chun gur féidir a áirithiú go mbeidh leas le fáil anois agus feasta as an iomaíocht i margaí na cumarsáide leictreonaí ag na húsáideoirí deiridh.

Chun na críche sin, féadfaidh an Coimisiún faisnéis a iarraidh ó na Ballstáit, ar faisnéis í a dhéanfar a sholáthar gan moill mhíchuí.

2.  

Faoin 21 Nollaig 2025 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar raon feidhme na seirbhíse uilíche, go háirithe d'fhonn a mholadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go n-athrófar an raon feidhme nó go dtabharfar sainmhíniú as an nua air.

Déanfar an t-athbhreithniú sin ag féachaint d'fhorbairtí sóisialta, eacnamaíocha agus teicneolaíocha, agus cuirfear san áireamh, inter alia, soghluaisteacht agus rátaí sonraí i bhfianaise na dteicneolaíochtaí a mbaineann an chuid is mó de na húsáideoirí deiridh úsáid astu. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le toradh an athbhreithnithe.

3.  

Déanfaidh BEREC, faoin 21 Nollaig 2021, agus gach trí bliana dá éis, tuairim a fhoilsiú maidir le cur chun feidhme náisiúnta gona fheidhmiú an údaraithe ghinearálta, agus ar a dtionchar ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Féadfaidh an Coimisiún, agus lánaird á tabhairt aige ar an tuairim ó BEREC, tuarascáil a fhoilsiú maidir le cur i bhfeidhm Chaibidil II de Theideal II de Chuid I agus d'Iarscríbhinn I, agus féadfaidh sé togra reachtach a thíolacadh chun na forálacha sin a leasú, i gcás ina measann sé gur gá sin chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

Airteagal 123

Nós imeachta sonrach maidir le cearta na n-úsáideoirí deiridh

1.  

Déanfaidh BEREC faireachán ar fhorbairtí sa mhargadh agus ar fhorbairtí teicneolaíochta ag féachaint do chineálacha éagsúla na seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus déanfaidh sé, faoin 21 Nollaig 2021agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó dhá chomhalta dá chuid as ceann de na Ballstáit ar a laghad, tuairim a fhoilsiú maidir leis na forbairtí sin agus maidir leis an tionchar atá acu ar fheidhmiú Theideal III de Chuid III.

Sa tuairim sin, measúnóidh BEREC a mhéid a chomhlíontar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 le Teideal III de Chuid III. Cuirfear san áireamh, go háirithe, sa tuairim sin raon feidhme Theideal III de Chuid III maidir leis na cineálacha seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chumhdaítear. Mar bhonn don tuairim, déanfaidh BEREC anailís ar an méid seo a leanas go háirithe:

(a) 

a mhéid a bhfuil úsáideoirí deiridh na seirbhísí cumarsáide leictreonaí ar fad in ann roghanna saor eolasacha a dhéanamh, lena n-áirítear ar bhonn faisnéise iomláine conarthaí, agus a mhéid a bhfuil siad in ann a soláthraí seirbhísí cumarsáide leictreonaí a athrú gan stró;

(b) 

a mhéid ar saobhadh an margadh nó a ndearnadh díobháil don úsáideoir deiridh siocair nach raibh na hacmhainneachtaí dá dtagraítear i pointe (a) ar fáil;

(c) 

a mhéid a bhfuil rochtain éifeachtach ar sheirbhísí éigeandála i mbaol, go háirithe i ngeall ar mhéadú a bheith tagtha ar úsáid seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir, ar easpa idir-inoibritheachta, nó i ngeall ar fhorbairtí teicneolaíocha;

(d) 

an costas ar dócha a bheidh ag gabháil le haon athchoigeartuithe a d'fhéadfaí a dhéanamh ar oibleagáidí i dTeideal III de Chuid III seo nó an tionchar a d'fhéadfaí a imirt ar an nuálaíocht i gcás soláthraithe cumarsáide leictreonaí.

2.  
Déanfaidh an Coimisiún, agus lánaird á thabhairt aige ar an tuairim ó BEREC, tuarascáil a fhoilsiú maidir le cur i bhfeidhm Theideal III de Chuid III agus tíolacfaidh sé togra reachtach chun an Teidil sin a leasú i gcás ina measann sé go bhfuil sin riachtanach chun a áirithiú go gcomhlíonfaí na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.

Airteagal 124

Trasuí

1.  

Glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit, faoin 21 Nollaig 2020, pé dlíthe, rialúcháin agus forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh na Ballstáit na bearta sin i bhfeidhm ón 21 Nollaig 2020.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireoidh siad chomh maith ráiteas go ndéanfar tagairtí i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin atá ann cheana do na Treoracha arna haisghairm leis an Treoir seo a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a fhoirmliú.

2.  

De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 53(2), (3) agus (4) den Treoir seo, ón 20 Nollaig 2018i gcás ina bhfuil coinníollacha cumasaithe leagtha síos trí bhearta cur chun feidhme teicniúla i gcomhréir leis an Treoir Uimh 676/2002/CÉ chun go bhféadfaí iad a úsáid le haghaidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí leathanbhanda. I dtaca le bandaí speictream raidió nár glacadh coinníollacha comhchuibhithe den sórt sin ina leith faoin 20 Nollaig 2018, beidh feidhm ag Airteagal 53(2), (3) agus (4) den Treoir seo ón dáta a nglacfar na bearta cur chun feidhme teicniúla i gcomhréir le hAirteagal 4 de Chinneadh Uimh. 676/202/CE.

De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, cuirfidh na Ballstáit na bearta is gá i bhfeidhm chun Airteagal 54 a chomhlíonadh ón 31 Nollaig 2020.

3.  
Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 125

Aisghairm

Déantar Treoracha 2002/19/CE, 2002/20/CE, 2002/21/CE, 2002/22/CE, mar a liostaítear in Iarscríbhinn XII, Cuid A, a aisghairm le héifeacht ón 21 Nollaig 2020, gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát i dtaca leis na teorainneacha ama faoi nach mór na Treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XII, Cuid B, a thrasuí sa dlí náisiúnta.

Déantar Airteagal 5 de Chinneadh 243/2012/AE a scriosadh le héifeacht ón 21 Nollaig 2020.

Déanfar tagairtí do na Treoracha aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn XIII.

Airteagal 126

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 127

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.




IARSCRÍBHINN I

LIOSTA COINNÍOLLACHA A D'FHÉADFADH A BHEITH CEANGAILTE LE hÚDARUITHE GINEARÁLTA, LE CEARTA MAIDIR LE hÚSÁID SPEICTRIM RAIDIÓ AGUS LE CEARTA MAIDIR LE hÚSÁID ACHMAINNÍ UIMHRITHE

Soláthraítear san Iarscríbhinn seo, an liosta uasta coinníollacha a d'fhéadfadh a bheith ceangailte le húdaruithe ginearálta do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí, seachas seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe, (Cuid A), líonraí cumarsáide leictreonaí (Cuid B), seirbhísí cumarsáide leictreonaí, seachas seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe, (Cuid C) cearta speictrim raidió a úsáid (Cuid D) agus cearta acmhainní uimhrithe a úsáid (Cuid E)

A   Coinníollacha ginearálta a d'fhéadfadh a bheith ceangailte le húdarú ginearálta

1. 

Muirir riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 16.

2. 

Cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachais a bhaineann go sonrach leis an earnáil cumarsáide leictreonaí i gcomhréir le Treoir 2002/58/CE

3. 

Faisnéis atá le soláthar faoi réir nós imeachta fógartha i gcomhréir le hAirteagal 12 agus chun críoch eile mar a áirítear in Airteagal 21.

4. 

Cumasú idircheapadh dlíthiúil ó údaráis náisiúnta inniúla i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE.

5. 

Téarmaí úsáide maidir le cumarsáid ó na húdaráis phoiblí chuig an bpobal go ginearálta chun rabhadh a thabhairt don phobal faoi gharbhagairtí agus chun iarmhairtí mórthubaistí a mhaolú.

6. 

Téarmaí úsáide le linn mórthubaistí nó éigeandálacha náisiúnta chun cumarsáid idir na seirbhísí éigeandála agus na húdaráis a áirithiú.

7. 

Oibleagáidí rochtana seachas iad sin dá bhforáiltear in Airteagal 13 maidir le gnóthais a sholáthraíonn seirbhísí nó líonraí cumarsáide leictreonaí.

8. 

Bearta a dheartar chun comhlíonadh na gcaighdeán nó na sonraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 39 a áirithiú.

9. 

Oibleagáidí trédhearcachta ar sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí a sholáthraíonn seirbhísí cumarsáide leictreonaí, atá ar fáil don phobal, chun go n-áiritheofaí nascacht ó inn go hinn, i gcomhréir leis na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 3 agus, i gcás inar gá agus ar bhealach comhréireach, rochtain do na húdaráis inniúla náisiúnta ar an bhfaisnéis sin a theastaíonn chun cruinneas nochtadh den sórt sin a fhíorú.

B.   coinníollacha sonracha a d'fhéadfadh a bheith ceangailte le húdarú ginearálta do sholáthar líonraí cumarsáide leictreonaí

1. 

Ceanglais inaistritheachta uimhreacha i gcomhréir leis an Treoir seo.

2. 

Oibleagáidí 'iompair éigeantaigh' i gcomhréir leis an Treoir seo.

3. 

Bearta chun sláinte phoiblí a chosaint ar réimsí leictreamaighnéadacha arna gcruthú ag líonraí cumarsáide leictreonaí, i gcomhréir le dlí an Aontais, agus aird iomlán á tabhairt ar Mholadh Uimh. 1999/519/CE.

4. 

Cothabháil ar shláine líonraí poiblí cumarsáide leictreonaí i gcomhréir leis an Treoir seo lena n-áirítear trí choinníollacha chun trasnaíocht leictreamaighnéadach idir líonraí agus/nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chosc i gcomhréir le Treoir 2014/30/AE.

5. 

Slándáil líonraí poiblí i gcoinne rochtain neamhúdaraithe i gcomhréir le Treoir 2002/58/CE.

6. 

Coinníollacha maidir le húsáid speictrim raidió, i gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Threoir 2014/53/AE, i gcás nach gcuirtear an úsáid sin faoi réir deonú ceart úsáide aonair i gcomhréir le hAirteagal 46(1) agus Airteagal 48 den Treoir seo.

C.   coinníollacha sonracha a d'fhéadfadh a bheith ceangailte le húdarú ginearálta chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar, ach amháin seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhreacha

1. 

Idir-inoibritheacht seirbhísí i gcomhréir leis an Treoir seo.

2. 

Inrochtaineacht úsáideoirí deiridh ar uimhreacha ón bplean uimhrithe náisiúnta, uimhreacha ó UIFN agus, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, ó phleananna uimhrithe Ballstát eile, agus coinníollacha i gcomhréir leis an Treoir seo.

3. 

Rialacha cosanta tomhaltóirí a bhaineann go sonrach leis an earnáil cumarsáide leictreonaí.

4. 

Srianta maidir le tarchur ábhar neamhdhleathach i gcomhréir le Treoir 2000/31/CE agus srianta maidir le tarchur ábhar díobhálach i gcomhréir le Treoir 2010/13/AE.

D.   Coinníollacha a d'fhéadfadh a bheith ceangailte le cearta úsáide speictrim raidió

1. 

Oibleagáid seirbhís a sholáthar nó cineál ar leith teicneolaíochta a úsáid laistigh de theorainneacha Airteagal 45, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, ceanglais chumhdaigh agus caighdeáin seirbhíse.

2. 

Úsáid éifeachtach agus éifeachtúil speictrim raidió i gcomhréir leis an Treoir seo.

3. 

Coinníollacha teicniúla agus oibríochtúla is gá chun trasnaíocht dhíobhálach a sheachaint agus chun sláinte phoiblí a chosaint ar réimsí leictreamaighnéadacha, agus aird iomlán á tabhairt ar Mholadh 1999/519/CE i gcás ina bhfuil na coinníollacha sin difriúil ó na coinníollacha a áirítear san údarú ginearálta.

4. 

Tréimhse uasta i gcomhréir le hAirteagal 94, faoi réir aon athruithe sa Phlean Náisiúnta um Leithdháileadh Minicíochtaí.

5. 

Aistriú nó léasú ceart, ar thionscnamh an tsealbhóra cirt agus coinníollacha maidir le haistriú den sórt sin i gcomhréir leis an Treoir seo.

6. 

Táillí le haghaidh cearta úsáide i gcomhréir le hAirteagal 42.

7. 

Aon ghealltanais a thug an gnóthas atá ag fáil an ceart úsáide, faoi chuimsiú údaraithe nó faoi phróiseas athnuachana údaraithe sular deonaíodh an t-údarú nó, i gcás inarb infheidhme, sular tugadh an cuireadh ar iarratas le haghaidh cearta úsáide.

8. 

Oibleagáidí maidir le comhthiomsú nó roinnt a dhéanamh ar speictream raidió nó rochtain ar speictream raidió a thabhairt d'úsáideoirí eile i réigiúin ar leith nó ar an leibhéal náisiúnta.

9. 

Oibleagáidí faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha a bhaineann le húsáid bandaí speictrim raidió.

10. 

Oibleagáidí a bhaineann go sonrach le húsáid thurgnamhach bandaí speictrim raidió.

E.   Coinníollacha a d'fhéadfadh a bheith ceangailte le cearta úsáide achmainní uimhrithe

1. 

Ainmniú na seirbhíse a n-úsáidfear an uimhir di, lena n-áirítear aon cheanglais atá nasctha le soláthar na seirbhíse sin agus, chun amhras a sheachaint, prionsabail tharaife agus uasphraghasanna ar féidir feidhm a bheith acu sa raon áirithe uimhreacha chun cosaint do thomhaltóirí a áirithiú i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 3(2).

2. 

Úsáid éifeachtach agus éifeachtúil achmainní uimhrithe i gcomhréir leis an Treoir seo.

3. 

Ceanglais inaistritheachta uimhreacha i gcomhréir leis an Treoir seo.

4. 

Oibleagáid chun faisnéis eolaire phoiblí úsáideora deiridh a sholáthar chun críocha Airteagal 112.

5. 

Tréimhse uasta i gcomhréir le hAirteagal 94, faoi réir aon athruithe sa phlean uimhrithe náisiúnta.

6. 

Aistriú ceart, ar thionscnamh an tsealbhóra cirt, agus coinníollacha an aistrithe sin i gcomhréir leis an Treoir seo, lena n-áirítear go mbeadh pé coinníollacha a ghabhann le ceart úsáide uimhreach ina gceangal freisin ar na gnóthais sin chuig a n-aistrítear na cearta.

7. 

Táillí le haghaidh cearta úsáide i gcomhréir le hAirteagal 95.

8. 

Aon ghealltanais a thug an gnóthas atá ag fáil an chirt úsáide, le linn nós imeachta roghnúcháin iomaíoch nó comparáideach.

9. 

Na hoibleagáidí faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha a bhaineann le húsáid uimhreacha.

10. 

Na hoibleagáidí maidir le húsáid sheach-chríochach uimhreacha laistigh den Aontas chun comhlíonadh na rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí agus rialacha eile a bhaineann le huimhreacha a áirithiú i mBallstáit eile seachas an Ballstát sin lena mbaineann an cód tíre.




IARSCRÍBHINN II

COINNÍOLLACHA MAIDIR LE ROCHTAIN AR SHEIRBHÍSÍ DIGITEACHA TEILIFÍSE AGUS RAIDIÓ A CHRAOLTAR CHUIG LUCHT FÉACHANA AGUS LUCHT ÉISTEACHTA SAN AONTAS

Cuid I:

Coinníollacha do chórais rochtana coinníollaí a bheidh le cur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 62(1)

Maidir le rochtain choinníollach ar sheirbhísí digiteacha teilifíse agus raidió a chraoltar chuig lucht féachana agus lucht éisteachta san Aontas, beag beann ar na meáin tarchuir, déanfaidh Ballstáit a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 62 go mbeidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

gach gnóthas a sholáthraíonn seirbhísí rochtana coinníollaí, beag beann ar na meáin tarchuir, a sholáthraíonn seirbhísí rochtana ar sheirbhísí digiteacha teilifíse agus raidió, agus a bhfuil craoltóirí ag brath ar a seirbhísí rochtana chun teacht ar aon ghrúpa féideartha lucht féachana agus lucht éisteachta, ní mór dóibh:

— 
seirbhísí teicniúla a thairiscint do gach craoltóir, ar bhonn cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach i gcomhréir le dlí iomaíochta an Aontais, lena gcuirtear ar chumas lucht féachana nó lucht éisteachta atá údaruithe trí dhíchódóirí, arna riar ag na hoibreoirí seirbhíse, seirbhísí na gcraoltóirí a tharchuirtear go digiteach a fháil, agus dlí iomaíochta an Aontais a chomhlíonadh,
— 
cuntais airgeadais ar leithligh a choinneáil maidir lena ngníomhaíocht mar sholáthraithe rochtana coinníollaí.
(b) 

agus ceadúnais á ndeonú acu do mhonaróirí trealaimh tomhaltóirí, ní mór do shealbhóirí ceart maoine tionsclaíochta i leith táirgí nó córais rochtana coinníollaí, a áirithiú go ndéanfar sin ar bhealach atá bunaithe ar théarmaí atá cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach. Agus fachtóirí teicniúla agus tráchtála á gcur san áireamh, ní chuirfidh sealbhóirí cirt deonú ceadúnas faoi réir coinníollacha a dhéanfaidh cuimsiú na rudaí seo a leanas sa táirge céanna a thoirmeasc, a chosc nó a dhíspreagadh:

— 
comhéadan coiteann trínar féidir ceangal a dhéanamh le roinnt córas rochtana eile, nó
— 
modhanna a bhaineann go sonrach le córas rochtana eile, ar choinníoll go gcomhlíonann an ceadúnaí na coinníollacha ábhartha agus réasúnacha, ag áirithiú, a mhéid is a bhaineann leis féin, slándáil idirbheart oibreoirí córais rochtana coinníollaí.

Cuid II:

Saoráidí eile a bhféadfar coinníollacha a chur i bhfeidhm orthu faoi phointe (D) D'Airteagal 61(2)

(a) 

Rochtain ar chomhéadain feidhmchláir (APIs);

(b) 

Rochtain ar eolairí leictreonacha clár (EPGanna).




IARSCRÍBHINN III

CRITÉIR MAIDIR LE CINNEADH FAOI RÁTAÍ MÓRDHÍOLA DO FHOIRCEANNADH GUTHGHLAONNA

Prionsabail, critéir agus paraiméadair maidir le cinneadh faoi na rátaí mórdhíola d'fhoirceannadh guthghlaonna ar mhargaí fosaithe agus móibíleacha, dá dtagraítear in Airteagal 75(1):

(a) 

bunaithe ar ghnóthú na gcostas sin arna dtabhú ag oibreoir éifeachtach a bheidh na rátaí; beidh measúnú costais éifeachtúla bunaithe ar luachanna costais reatha; bunaithe ar chur chuige samhaltúcháin ón mbun aníos, a bhainfidh úsáid as costais atá gaolta le trácht incriminteach fadtréimhseach seirbhís foirceanta glao gutha mórdhíola a sholáthar do thríú páirtithe, a bheidh an mhodheolaíocht chostais lena ríomhtar na costais éifeachtacha;

(b) 

déanfar na costais incriminteacha ábhartha a bhaineann le seirbhís foirceanta glao gutha mórdhíola a chinneadh tríd an difríocht idir na costais fhadtréimhseacha iomlána ar oibreoir atá ag soláthar a raon iomlán seirbhísí agus na costais fhadtréimhseacha iomlána a bheadh i gceist mura soláthródh an t-oibreoir sin seirbhís foirceanta glao gutha mórdhíola do thríú páirtithe;

(c) 

is iad na costais sin a bhaineann le trácht, a ndéanfaí iad a sheachaint in éagmais seirbhís foirceanta glao gutha a bheith á soláthar, a leithdháilfear chuig an incrimint foirceanta ábhartha, agus iad sin amháin;

(d) 

ní áireofar costais a bhaineann le hacmhainneacht bhreise líonra ach amháin a mhéid atá siad bunaithe ar an riachtanas méadú a dhéanamh ar acmhainneacht chun críche trácht críochnaithe glao gutha mórdhíola breise a iompar;

(e) 

eisiafar táillí speictrim raidió ón incrimint foirceanta guthghlaonna mhóibíleach;

(f) 

áireofar na costais tráchtála mhórdhíola a bhfuil baint dhíreach acu le soláthar sheirbhís foirceanta glao gutha mórdhíola do thríú páirtithe, agus iad sin amháin;

(g) 

measfar go soláthróidh gach oibreoir líonra fosaithe seirbhísí foirceanta glao gutha de réir na gcostas aonaid céanna leis an oibreoir éifeachtúil, beag beann ar cé chomh mór is atá an t-oibreoir sin;

(h) 

d'oibreoirí líonraí móibíleacha, socrófar an t-íos-scála éifeachtúil ag sciar den mhargadh nach lú ná 20 %;

(i) 

is é an cur chuige ábhartha a bheidh ann do dhímheas sócmhainní ná an dímheas eacnamaíoch; agus

(j) 

beidh rogha teicneolaíochta na líonraí atá á samhlú réamhbhreathnaitheach, bunaithe ar chroí-líonra IP, ag cur san áireamh na teicneolaíochtaí éagsúla ar dócha go mbainfear úsáid astu ar feadh thréimhse bhailíochta an uasráta; i gcás líonraí fosaithe, measfar gur paicéadlasctha go heisiach a bheidh glaonna.




IARSCRÍBHINN IV

CRITÉIR MAIDIR LE MEASÚNÚ AR THAIRISCINTÍ COMHINFHEISTÍOCHTA

Agus measúnú á dhéanamh acu ar thairiscint chomhinfheistíochta de bhun Airteagal 76(1), déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta a fhíorú ar comhlíonadh, den chuid is lú, na critéir seo a leanas. Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta breithniú a dhéanamh ar na critéir bhreise a mhéid is gá chun a áirithiú go mbeidh fáil ar infheisteoirí féideartha na comhinfheistíochta, i bhfianaise coinníollacha sonracha áitiúla, agus struchtúr an mhargaidh:

(a) 

Beidh an tairiscint chomhinfheistíochta oscailte d'aon ghnóthas thar shaolré an líonra a tógadh faoi thairiscint chomhinfheistíochta ar bhonn neamh-idirdhealaitheach. Féadfaidh an gnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige coinníollacha réasúnacha a chur san áireamh sa tairiscint maidir le hacmhainneacht airgeadais aon ghnóthais, sa chaoi mar shampla, gur gá go léireodh comhinfheisteoirí féideartha a gcumas íocaíochtaí céimnithe a sheachadadh ar an mbonn a bhfuil an t-imscaradh pleanáilte ina leith, plean straitéiseach a ghlacadh ar an mbonn a bhfuil na pleananna imscartha meántéarma ullmhaithe ina leith, agus mar sin de.

(b) 

Beidh an tairiscint comhinfheistíochta trédhearcach:

— 
beidh an tairiscint ar fáil agus éasca le sainaithint ar shuíomh gréasáin an ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige;
— 
cuirfear téarmaí mionsonraithe iomlána ar fáil gan moill mhíchuí d'aon tairgeoir féideartha a léirigh suim, lena n-áirítear foirm dhlíthiúil an chomhaontaithe comhinfheistíochta agus – i gcás inarb ábhartha – príomhthéarmaí rialacha rialachais na feithicle comhinfheistíochta; agus
— 
Leagfar an próiseas, cosúil leis an treochlár do bhunú agus d'fhorbairt an tionscadail chomhinfheistíochta, amach roimh ré, míneofar go soiléir i scríbhinn é d'aon chomhinfheisteoir féideartha, agus cuirfear na garspriocanna suntasacha ar fad in iúl do gach gnóthas gan aon idirdhealú.
(c) 

Áireofar téarmaí a chuireann iomaíocht níos inbhuanaithe chun cinn san fhadtéarma sa tairiscint chomhinfheistíochta do chomhinfheisteoirí féideartha, go háirithe:

— 
Tairgfear téarmaí agus coinníollacha cothroma, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha do gach gnóthas maidir le rannpháirtíocht sa chomhaontú comhinfheistíochta i ndáil leis an tréimhse a nglacann siad páirt, lena n-áirítear i dtéarmaí an bhreithnithe airgeadais is gá chun cearta sonracha a ghnóthú, i dtéarmaí na cosanta a dhámhtar ar na comhinfheisteoirí leis na cearta sin, i rith chéim na tógála agus i rith chéim an tsaothraithe araon, mar shampla trí chearta úsáide dochloíte (IRUanna) a dheonú do ré feidhme ionchasach an líonra comhinfheistithe, agus i dtéarmaí na gcoinníollacha a bhaineann le dul isteach sa chomhaontú comhinfheistíochta agus b'fhéidir é a fhoirceannadh. Sa chomhthéacs seo, níl sé i gceist le téarmaí neamh-idirdhealaitheacha go dtairgeofar na téarmaí céanna, lena n-áirítear téarmaí airgeadais do gach comhinfheisteoir féideartha, ach go ndlisteanófar gach éagsúlacht sna téarmaí a thairgtear ar bhonn na gcritéar oibiachtúil, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus intuartha céanna amhail líon na línte úsáideoirí deiridh a bhfuil gealltanas tugtha ina leith.
— 
Beidh solúbthacht sa tairiscint i dtéarmaí luach agus uainiú an ghealltanais arna sholáthar ag gach comhinfheisteoir, mar shampla trí chéatadán aontaithe agus a d'fhéadfadh méadú a dhéanamh ar líon iomlán línte úsáideoirí deiridh i limistéar ar leith, a mbeadh féidearthacht ag comhinfheisteoirí gabháil dóibh de réir a chéile agus a bheidh socraithe ar leibhéal aonaid a chuirfidh ar chumas na gcomhinfheisteoirí sin atá níos lú, atá ar bheagán acmhainní a bheith páirteach sa chomhinfheistíocht ar íos-scála réasúnach go maith, a rannpháirtíocht a mhéadú de réir a chéile le linn dóibh leibhéil leormhaithe gealltanais tosaigh a áirithiú. Ní mór go léireofar sa chinnidh maidir leis an mbreithniú airgeadais a bheidh le soláthar ag gach comhinfheisteoir go nglacann infheisteoirí luatha rioscaí níos mó agus go gcuireann siad isteach caipiteal níos túisce.
— 
Measfar go bhfuil préimh a mhéadaíonn le himeacht ama dlisteanaithe i gcás gealltanais a rinneadh ag céimeanna níos déanaí agus i gcás comhinfheisteoirí nua atá ag déanamh na comhinfheistíochta tar éis thús an tionscadail, chun léiriú a thabhairt ar an laghdú sna rioscaí agus chun cur i gcoinne aon dreasacht maidir le caipiteal a choinneáil siar sna céimeanna tosaigh.
— 
Ceadófar leis an gcomhaontú comhinfheistíochta go mbeidh comhinfheisteoirí in ann na cearta atá faighte acu a shannadh do chomhinfheisteoirí eile, nó do thríú páirtithe atá toilteanach gabháil don chomhaontú comhinfheistíochta faoi réir oibleagáid a bheith ar an ngnóthas aistrí na hoibleagáidí bunaigh uile atá ar an aistreoir faoin gcomhaontú comhinfheistíochta a chomhlíonadh.
— 
Déanfaidh comhinfheisteoirí cearta cómhalartacha dá chéile a dheonú ar théarmaí agus ar choinníollacha cothroma agus réasúnacha chun rochtain a fháil ar an mbonneagar comhinfheistithe chun seirbhísí a sholáthar go hiartheachtach, lena n-áirítear úsáideoirí deiridh, i gcomhreir le coinníollacha trédhearcacha atá le déanamh trédhearcach sa tairiscint chomhinfheistíochta agus sa chomhaontú ina dhiaidh sin, go háirithe sa chás go bhfuil freagracht aonair agus ar leithligh ar chomhinfheisteoirí maidir le himscaradh codanna sonracha den líonra. Má chruthaítear feithicil chomhinfheistíochta, soláthrófar léi rochtain ar an líonra a sholáthar do na comhinfheisteoirí ar fad, go díreach nó go hindíreach, ar bhonn choibhéis na n-ionchur agus i gcomhréir le téarmaí agus coinníollacha cothroma agus réasúnacha, lena n-áirítear coinníollacha airgeadais a léiríonn na leibhéil éagsúla riosca a ghlacann comhinfheisteoirí aonair.
(d) 

Áireofar sa tairiscint chomhinfheistíochta, infheistíocht inbhuanaithe ar dócha go gcomhlíonfaidh sí riachtanais a bheidh ann sa todhchaí, tríd eilimintí líonra nua a imscaradh a chuireann go mór le himscaradh líonraí fíor-ardacmhainne.




IARSCRÍBHINN V

ÍOSTACAR NA SEIRBHÍSÍ A mBEIDH AN tSEIRBHÍS LEORDHÓTHANACH ROCHTANA IDIRLÍN LEATHANBHANDA I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 84(3) IN ANN A IOMPAR

(1) 

Ríomhphost

(2) 

innill chuardaigh lenar féidir gach cineál faisnéise a chuardach agus a aimsiú

(3) 

uirlisí bunúsacha oiliúna agus oideachais ar líne

(4) 

nuachtáin ar líne nó nuacht

(5) 

ag ceannach nó ag ordú earraí nó seirbhísí ar líne

(6) 

cuardach poist agus uirlisí cuardaigh poist

(7) 

líonrú gairmiúil

(8) 

baincéireacht idirlín

(9) 

úsáid seirbhíse ríomh-Rialtais

(10) 

meáin shóisialta agus cur teachtaireachtaí meandracha

(11) 

glaonna agus físghlaonna (cáilíocht chaighdeánach)




IARSCRÍBHINN VI

CUR SÍOS AR NA SAORÁIDÍ AGUS NA SEIRBHÍSÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 88 (RIALÚ CAITEACHAIS), AIRTEAGAL 115 (SAORÁIDÍ BREISE) AGUS AIRTEAGAL 106 (MALARTÚ SOLÁTHRAÍ AGUS INAISTRITHEACHT UIMHREACHA)

Cuid A:

Saoráidí agus seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 88 agus 115

Is infheidhme Cuid A do thomhaltóirí nuair is ar bhun Airteagal 88 a chuirtear i bhfeidhm í, agus do chatagóirí eile d'úsáideoirí deiridh i gcás inar chuir na Ballstáit síneadh le líon na dtairbhithe atá in Airteagtal 88(2).

Nuair is ar bhun Airteagal 115 a chuirtear i bhfeidhm í, is infheidhme Cuid A do chatagóirí na n-úsáideoirí deiridh sin a chinnfidh na Ballstáit, ach amháin i gcás phointí (c), (d) agus (g) den Chuid seo, nach bhfuil infheidhme ach do thomhaltóirí.

(a) 

Billeáil mhiondealaithe

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go leagfaidh na húdaráis inniúla, nuair is ábhartha, i gcomhordú le húdaráis rialála náisiúnta síos, faoi réir cheanglais reachtaíocht ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachais, an bunleibhéal de bhillí mionsonraithe atá le tairiscint saor in aisce ag soláthraithe d'úsáideoirí deiridh chun gur féidir leo:

(i) 

fíorú agus rialú a cheadú ar na muirir arna dtabhú in úsáid na seirbhísí rochtana idirlín nó na seirbhísí cumarsáide gutha, nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe i gcás Airteagal 115; agus

(ii) 

faireachán leormhaith a dhéanamh ar a n-úsáid agus a gcaiteachas agus leis sin gur féidir leo leibhéal réasúnach rialaithe a choinneáil ar a mbillí.

Nuair is iomchuí, d'fhéadfaí leibhéil bhreise mionsonraí a thairiscint d'úsáideoirí deiridh ar tharaifí réasúnacha nó saor in aisce.

I dtaca le huimhreacha ardráta, luafar go sainráite ar bhillí miondealaithe den sórt sin céannacht an tsoláthróra agus fad na seirbhísí sin a ngearrtar táille ina leith murab é go n-iarrann an t-úsáideoir deiridh nach ndéanfaí amhlaidh.

Ní gá glaonna atá saor in aise do na húsáideoirí deiridh atá ag glaoch, lena n-áirítear glaonna chuig línte cabhrach, ní gá iad a shainaithint i mbille mionsonraithe an úsáideora deiridh atá ag glaoch.

Beidh sé de chead ag na húdaráis rialála náisiúnta a cheangal ar oibreoirí 'sainaithint líne an ghlaoiteora' a chur ar fáil in aisce.

(b) 

Urchosc roghnach ar ghlaonna amach nó SMS nó MMS préimhe, nó i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, cineálacha eile d'fheidhmchláir chomhchosúla, saor in aisce

eadhon an tsaoráid lenar féidir le húsáideoirí deiridh, ar iarratas chuig soláthraithe seirbhísí cumarsáide gutha, nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe i gcás Airteagal 115, glaonna amach, nó SMS nó MMS préimhe, nó cineálacha eile feidhmchláir comhchosúla uimhreacha arna sainiú nó chuig uimhreacha arna sainiú, a urchosc saor in aisce.

(c) 

Córais réamhíocaíochta

Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir leis na húdaráis inniúla, i gcomhordú, nuair is ábhartha, leis na húdaráis rialála náisiúnta a cheangal ar sholáthraithe go ndéanfaidh siad caoi a sholáthar do thomhaltóirí chun íoc, ar théarmaí réamhíoctha, as rochtain ar an líonra cumarsáide leictreonaí poiblí agus as seirbhísí cumarsáide gutha, nó seirbhísí rochtain idirlín, nó as seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe i gcás Airteagal 115.

(d) 

Íocaíocht chéimnithe táillí ceangail

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú gur féidir leis na húdaráis inniúla, nuair is ábhartha, i gcomhordú le húdaráis rialála náisiúnta a cheangal ar sholáthraithe a cheadú do thomhaltóirí íoc as ceangal chuig an líonra cumarsáide leictreonaí poiblí ar bhonn íocaíochtaí a dhéanfar go céimniúil thar thréimhse ama.

(e) 

Neamhíoc billí

Déanfaidh na Ballstáit bearta sonraithe a údarú, a bheidh comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus foilsithe, chun neamhíoc billí a eisíonn soláthraithe a chlúdach. Déantar na bearta seo chun a áirithiú go dtugtar rabhadh cuí roimh ré d'úsáideoirí deiridh maidir le haon chliseadh nó aon dícheangal sa tseirbhís. Ach amháin i gcásanna calaoise, íocaíocht dhéanach leanúnach, nó neamhíocaíochta, déantar na bearta sin chun a áirithiú, a mhéid atá sé indéanta go teicniúil, go ndéanfar aon chliseadh sa tseirbhís a theorannú don tseirbhís lena mbaineann. Is tar éis rabhadh cuí a thabhairt d'úsáideoirí deiridh a dhéanfaí dícheangal mar gheall ar neamhíoc billí agus sa chás sin amháin. Féadfaidh na Ballstáit tréimhse seirbhíse teoranta a cheadú roimh dhícheangal iomlán, nach gceadófar lena linn ach glaonna nach dtarraingíonn aon mhuirear ar na húsáideoirí deiridh (mar shampla glaonna chuig an uimhir “112”) agus íosleibhéal seirbhíse rochtana idirlín, arna shainiú ag na Ballstáit de réir na gcoinníollacha náisiúnta.

(f) 

Comhairle taraife

eadhon an tsaoráid trínar féidir le húsáideoirí deiridh iarraidh ar an soláthraí faisnéis a thairiscint maidir le taraifí ar chostas níos ísle, má tá siad ar fáil.

(g) 

Rialú costais

eadhon an tsaoráid trína dtairgeann soláthraithe, má mheasann na húdaráis inniúla, nuair is ábhartha, i gcomhordú leis na húdaráis rialála náisiúnta é a bheith iomchuí, modhanna eile chun rialú a dhéanamh ar na costais a bhaineann le seirbhísí cumarsáide gutha, nó seirbhísí rochtana idirlín, nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe i gcás Airteagal 115, lena n-áirítear foláirimh saor in aisce chuig tomhaltóirí i gcás patrúin tomhaltais atá neamhghnách nó iomarcach.

(h) 

saoráid díghníomhachtaithe billeála tríú páirtí

i.e. saoráid lenar féidir le húsáideoirí deiridh díghníomhachtú a dhéanamh ar an gcumas atá ag soláthraithe seirbhíse tríú páirtí úsáid a bhaint as bille de chuid soláthraí seirbhíse rochtana idirlín nó bille de chuid soláthraí seirbhíse cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí chun muirear a thabhú i gcomhair a gcuid táirgí nó seirbhísí.

Cuid B:

Saoráidí dá dtagraítear in Airteagal 115

(a) 

Sainaithint líne an ghlaoiteora

eadhon léirítear uimhir an té atá ag glaoch don té atá ag fáil an ghlao sula gceanglaítear an glao.

Déanfar an tsaoráid sin a sholáthair i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachais, go háirithe Treoir 2002/58/CE.

A mhéid atá sé indéanta go teicniúil, déanfaidh oibreoirí sonraí agus comharthaí a sholáthar chun éascú a dhéanamh ar thairiscint aitheantas na líne glao agus diailiú tóin thar theorainneacha na mBallstát.

(b) 

Ríomhphoist a sheoladh ar aghaidh nó rochtain a thabhairt orthu tar éis fhoirceannadh an chonartha le soláthraí seirbhíse rochtana idirlín.

Tríd an tsaoráid seo atá ar fáil arna iarriadh agus saor in aisce, cuirfear ar chumas úsáideoirí deiridh a fhoirceannann a gconradh le soláthraí seirbhíse rochtana idirlín, rochtain a fháil, arna iarraidh sin dóibh, ar na ríomphoist a fuarthas ag an seoladh (nó seoltaí) ríomhphoist atá bunaithe ar ainm tráchtála nó trádmharc an tsoláthraí a bhí aige roimhe sin, le linn pé tréimhse a mheasann an t-údarás rialála náisiúnta a bheith riachtanach agus comhréireach, nó trínar féidir leo ríomhphost a seoladh chuig an seoladh (nó seoltaí) sin le linn na tréimhse céanna sin a aistriú chuig seoladh ríomhphoist nua arna shonrú ag an úsáideoir deiridh.

Cuid C:

Cur chun feidhme na bhforálacha inaistritheachta uimhreacha dá dtagraítear in Airteagal 106

Beidh feidhm ag an gceanglas gur féidir le húsáideoirí deiridh a bhfuil a n-uimhreacha sa phlean uimhrithe náisiúnta, a iarrann amhlaidh a n-uimhreacha a choinneáil neamhspleách ar an ngnóthas atá ag soláthar na seirbhíse sna cásanna seo:

(a) 

i gcás uimhreacha geografacha, ag suíomh ar leith; agus

(b) 

i gcás uimhreacha neamhgheografacha, ag aon suíomh.

Níl feidhm ag an gCuid seo maidir le haistriú uimhreacha idir líonraí a chuireann seirbhísí ar fáil in ionad seasta, agus maidir le líonraí móibíleacha.




IARSCRÍBHINN VII

GLANCHOSTAS, MÁS ANN DÓ, NA nOIBLEAGÁIDÍ SEIRBHÍSE UILÍCHE A RÍOMH, AGUS BUNÚ AON CHÚITEAMH NÓ AON SÁSRA GNÓTHÚCHÁIN NÓ I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 89 AGUS AIRTEAGAL 90

Cuid A

Ríomh an ghlanchostais

Tagraíonn oibleagáidí seirbhíse uilíche do na hoibleagáidí sin a chuireann Ballstát ar ghnóthas agus a bhaineann le soláthar seirbhíse uilíche mar a leagtar amach in Airteagal 84 go hAirteagal 87.

Déanfaidh údaráis náisiúnta rialála gach modh a bhreithniú chun dreasachtaí iomchuí a áirithiú do ghnóthais (bídís ainmnithe nó ná bíodh) le hoibleagáidí seirbhíse uilíche a sholáthar go cost-éifeachtúil. Agus beart ríomha á dhéanamh, déanfar glanchostas na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche a ríomh mar an difríocht idir an glanchostas ar aon ghnóthas oibriú leis na hoibleagáidí seirbhísí uilíocha nó oibriú d'uireasa na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche. Beidh aird chuí le tabhairt ar mheasúnú cruinn a dhéanamh ar na costais a d'fhéadfadh gnóthas a sheachaint dá mba rud é nach raibh aon oibleagáid seirbhíse uilíche ann. Leis na glanchostais, déanfar measúnú ar na sochair, lena n-áirítear sochair dholáimhsithe, don soláthraí seirbhíse uilíche.

Tá an ríomh le bheith bunaithe ar chostais inchurtha i leith na nithe seo a leanas:

(i) 

eilimintí de na seirbhísí sainaitheanta nach féidir a sholáthar ach amháin trí chaillteanas a dhéanamh nó ar ghlanchostas atá lasmuigh de ghnáthchaighdeáin tráchtála.

D'fhéadfadh sé go n-áireofaí sa chatagóir sin gnéithe seirbhíse amhail rochtain ar sheirbhísí teileafóin éigeandála, soláthar teileafón poiblí áirithe, soláthar seirbhísí nó trealaimh áirithe d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, agus mar sin de;

(ii) 

maidir le húsáideoirí deiridh nó grúpaí úsáideoirí deiridh sonracha, ag cur san áireamh an costas a bhaineann leis an líonra agus an tseirbhís shonrach a sholáthar, an t-ioncam a ghintear agus aon mheánú geografach ar phraghsanna arna bhforchur ag an mBallstát, nach féidir freastal orthu ach amháin trí chaillteanas a dhéanamh nó ar ghlanchostas atá lasmuigh de ghnáthchaighdeáin tráchtála.

Áirítear sa chatagóir seo na húsáideoirí deiridh nó grúpaí úsáideoirí deiridh sin nach ndéanfadh soláthraí tráchtála nach raibh oibleagáid air seirbhís uilíoch a sholáthar freastal orthu.

Beidh ríomh an ghlanchostais a bhaineann le gnéithe sonracha d'oibleagáidí seirbhíse uilíche le déanamh ar leithligh chun comhaireamh dúbailte ar aon sochair agus costais dhíreacha nó indíreacha a sheachaint. Déanfar glanchostas iomlán na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche ar aon ghnóthas a ríomh mar shuim na nglanchostas a eascraíonn as comhpháirteanna sonracha oibleagáidí seirbhíse uilíche, ag cur aon sochair dholáimhsithe san áireamh. Tá an fhreagracht maidir le fíorú an ghlanchostais ar an údarás rialála náisiúnta.

Cuid B:

Cúiteamh na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche a aisghabháil

Má fhéachtar le glanchostais na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche a aisghabháil nó a mhaoiniú, tharlódh go gcaithfí gnóthais ar a bhfuil oibleagáidí seirbhíse uilíche a chúiteamh as na seirbhísí a sholáthraíonn siad faoi choinníollacha neamhthráchtála. Ó tharla go mbíonn aistrithe airgeadais i gceist leis an gcúiteamh sin, ní mór do na Ballstáit a áirithiú gur go hoibiachtúil, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, agus comhréireach a dhéantar iad. Ciallaíonn sin nach bhfágfaidh na haistrithe sin ach an saobhadh is lú ar chúrsaí iomaíochta agus ar éileamh lucht úsáide.

I gcomhréir le hAirteagal 90(3), i dtaca le sásra um chomhroinnt arna bhunú ar chiste, is ceart dó modh trédhearcach agus neodrach a úsáid chun na ranníocaíochtaí a bhailiú agus an baol a sheachaint go bhforchuirfí na ranníocaíochtaí sin faoi dhó, ar aschur agus ionchur na ngnóthas.

Is é an comhlacht neamhspleách a riarfaidh an ciste a bheidh freagrach as na ranníocaíochtaí sin a bhailiú ó na gnóthais a meastar iad a bheith faoi dhliteanas rannchuidiú le glanchostas na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche sa Bhallstát, agus is é a mhaoirseoidh aistriú na suimeanna is dlite nó na n-íocaíochtaí riaracháin chuig na gnóthais sin atá i dteideal íocaíochta as an gciste.




IARSCRÍBHINN VIII

CEANGLAIS FAISNÉISE LE SOLÁTHAR I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 102 (CEANGLAIS FAISNÉISE DO CHONARTHAÍ)

A. 

ceanglais faisnéise do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí seachas seirbhísí tarchuir arna n-úsáid chun seirbhísí meaisín le meaisín a sholáthar.

Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí seachas seirbhísí tarchuir arna n-úsáid chun seirbhísí meaisín le meaisín a sholáthar, déanfaidh siad an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil:

(1) 

mar chuid de phríomhghnéithe gach seirbhíse a chuirtear ar fáil, aon íosleibhéil cháilíochta seirbhíse a mhéid is a thairgtear iad sin, agus i gcás seirbhísí seachas seirbhísí rochtana idirlín, na paraiméadair cháilíochta shonracha a áiritheofar.

I gcás nach dtairgtear aon íosleibhéil cháilíochta seirbhíse, déanfar ráiteas gurb amhlaidh atá.

(2) 

mar chuid den fhaisnéis faoin bpraghas, i gcás inarb infheidhme agus a mhéid is infheidhme, na praghsanna faoi seach le haghaidh an tseirbhís cumarsáide leictreonaí a ghníomhachtú agus le haghaidh aon mhuirir athfhillteacha nó aon mhuirir a bhaineann le tomhaltas,

(3) 

mar chuid den fhaisnéis ar ré an chonartha agus na coinníollacha maidir leis an gconradh a athnuachan agus a fhoirceannadh, lena n-áirítear táillí ionchasacha scortha, a mhéid a bheidh na coinníollacha sin infheidhme:

(i) 

aon íosúsáid nó íostréimhse is gá chun tairbhe a bhaint as na téarmaí réamhfhógrán,

(ii) 

aon mhuirir a bhaineann le malartú, le cúiteamh, agus na socruithe aisíocaíochta i gcás mhoill nó mhí-úsáid an mhalartaithe, chomh maith le faisnéis faoi na nósanna imeachta faoi seach,

(iii) 

faisnéis maidir le ceart na dtomhaltóirí a úsáideann seirbhísí réamhíoctha chun aisíocaíochta, arna iarraidh sin, ar aon chreidmheas atá fanta i gcás ina n-imíonn siad ó sholáthraí amháin chuig soláthraí eile, mar a leagtar amach in Airteagal 106(6).

(iv) 

aon táillí is dlite ar luathfhoirceannadh an chonartha, lena n-áirítear faisnéis faoi dhíghlasáil an trealaimh teirminéil agus aon chostas aisghnóthaithe maidir le trealamh teirminéil,

(4) 

aon chúiteamh agus aon socruithe aisíocaíochta, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, tagairt shainráite do chearta tomhaltóirí, a bheidh infheidhme mura gcomhlíonfar na leibhéil cháilíochta seirbhíse atá sa chonradh nó mura bhfreagraíonn an soláthraí go leormhaith do theagmhas slándála nó do bhagairt nó leochaileacht slándála;

(5) 

an cineál gníomhaíochta a d'fhéadfadh an soláthraí a dhéanamh agus é ag freagairt d'eachtraí nó bagairtí slándála nó leochaileachtaí.

B. 

ceanglais faisnéise ar sholáthraithe seirbhísí rochtana idirlín, agus seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí

I. 

Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i gCuid A, déanfaidh soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín, agus soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí, an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil:

(1) 

mar chuid den na príomhghnéithe de gach seirbhís a chuirtear ar fáil:

(i) 

aon íosleibhéil cháilíochta seirbhíse a mhéid a thairgtear iad, agus lánaird á tabhairt ar threoirlínte BEREC a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 104(2) maidir le:

— 
i gcás seirbhísí rochtana idirlín: aga folaigh, giodam, caillteanas paicéid ar a laghad;
— 
do sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí, i gcás ina ndéanann rialú ar eilimintí áirithe den líonra ar a laghad nó a rinne comhaontú ar leibhéal seirbhíse chuige sin le gnóthais a thugann rochtain ar an líonra: an t-am don cheangal tosaigh, dóchúlacht teipe, moill i nglao-chomharthaí ar a laghad, i gcomhréir le hIarscríbhinn X; agus
(ii) 

gan dochar don cheart atá ag úsáideoirí deiridh trealamh teirminéil is rogha leo féin a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Rialachán 2015/2120/CE, aon choinníollacha, táillí san áireamh, arna bhforchur ag an soláthraí ar úsáid an trealaimh teirminéil a sholáthraítear;

(2) 

mar chuid den fhaisnéis faoin bpraghas, i gcás inarb infheidhme agus a mhéid is infheidhme, na praghsanna faoi seach le haghaidh an tseirbhís cumarsáide leictreonaí a ghníomhachtú agus le haghaidh aon mhuirir athfhillteacha nó le haghaidh aon mhuirir a bhaineann le tomhaltas:

(i) 

sonraí de phlean sonrach nó de phleananna sonracha taraife faoin gconradh agus, i gcás gach plean taraife na cineálacha seirbhíse a thairgtear, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme, na méideanna cumarsáide (MB, nóiméid, teachtaireachtaí) curtha san áireamh i ngach tréimhse bhilleála, agus an praghas d'aonaid chumarsáide bhreise,

(ii) 

i gcás plean nó pleananna taraife a ngabhann méid réamhshocraithe cumarsáide leis nó leo, an deis do thomhaltóirí aon mhéid nár úsáideadh ón tréimhse bhilleála roimhe sin a chur ar aghaidh go dtí an tréimhse bhilleála ina dhiaidh sin, i gcás ina n-áirítear an rogha sin sa chonradh,

(iii) 

saoráidí chun trédhearcacht billí a chosaint agus faireachán a dhéanamh ar an leibhéal tomhaltais,

(iv) 

faisnéis faoi tharaifí maidir le haon uimhreacha nó seirbhísí atá faoi réir coinníollacha praghsála ar leith; maidir le catagóirí seirbhísí aonair, féadfaidh na húdaráis inniúla, nuair is ábhartha, i gcomhordú leis na húdaráis rialála náisiúnta a cheangal freisin go soláthrófaí an fhaisnéis sin sula nasctar an glao nó sula nasctar le soláthraí na seirbhíse,

(v) 

do sheirbhísí cuachta agus do chuacha lena n-áirítear seirbhísí agus trealamh teirminéil praghas eilimintí aonair na cuaiche a mhéid a dhéantar iad a mhargú ar leithligh ó chéile freisin,

(vi) 

mionsonraí agus coinníollacha, lena n-áirítear táillí, i leith aon seirbhís iardhíola, chothabhála agus cúnaimh do chustaiméirí, agus

(vii) 

an bealach inar féidir faisnéis atá cothrom le dáta faoi gach taraif agus táille chothabhála is infheidhme a fháil;

(3) 

mar chuid den fhaisnéis ar thréimhse an chonartha do sheirbhísí cuachta agus ar na coinníollacha maidir leis an gconradh a athnuachan agus a fhoirceannadh, i gcás inarb infheidhme, na coinníollacha chun an chuach nó eilimintí di a fhoirceannadh;

(4) 

gan dochar d'Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/679, faisnéis faoi cé na sonraí pearsanta a sholáthrófar sula ndéanfar an tseirbhís nó a bhaileofar i gcomhthéacs sholáthar na seirbhíse;

(5) 

mionsonraí maidir le táirgí agus seirbhísí atá ceaptha d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas agus conas is féidir nuashonruithe ar an eolas sin a fháil;

(6) 

na modhanna maidir le tús a chur le nósanna imeachta chun díospóidí a réiteach, lena n-áirítear díospóidí náisiúnta agus trasteorann, i gcomhréir le hAirteagal 25;

II. 

Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i gCuid A agus faoi Phointe I, déanfaidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil freisin:

(1) 

aon srianta ar rochtain ar sheirbhísí éigeandála nó ar fhaisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora mar thoradh ar easpa indéantachta teicniúla a mhéid a ligeann an tseirbhís d'úsáideoirí deiridh glaonna ar uimhir a thionscnamh i bplean uimhrithe náisiúnta nó idirnáisiúnta;

(2) 

ceart an úsáideora deiridh chun cinneadh a dhéanamh a shonraí/sonraí pearsanta a chur ar fáil in eolaire, agus na cineálacha sonraí lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2002/58/CE;

III. 

De bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i gCuid A agus faoi Phointe I, soláthróidh soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín an fhaisnéis a cheanglaítear de bhun Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2015/2120.




IARSCRÍBHINN IX

FAISNÉIS ATÁ LE FOILSIÚ I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 103 (TRÉDHEARCACHT AGUS FOILSIÚ FAISNÉISE)

Tá freagracht ar an údarás inniúil, nuair is ábhartha, i gcomhordú leis an údarás rialála náisiúnta, a áirithiú go bhfoilseofar an fhaisnéis san Iarscríbhinn seo, i gcomhréir le hAirteagal 103. Déanfaidh an t-údarás inniúil, nuair is ábhartha, i gcomhordú, leis an údarás rialála náisiúnta an cinneadh i dtaca le cén fhaisnéis atá ábhartha chun a foilsithe ag soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí, agus cén fhaisnéis atá le foilsiú ag an údarás inniúil é féin, nuair is ábhartha, i gcomhordú leis an údarás rialála náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh na húsáideoirí deiridh uile in ann roghanna eolasacha a dhéanamh. Má mheastar sin a bheith iomchuí, féadfaidh na húdaráis inniúla, nuair is ábhartha, i gcomhordú leis na húdaráis rialála náisiúnta bearta féinrialála nó comhrialála a chur chun cinn sula bhforchuirfear aon oibleagáid.

1. Sonraí teagmhála an ghnóthais

2. Tuairisc ar na seirbhísí atá á dtairiscint

2.1. Raon feidhme na seirbhísí atá á dtairiscint agus príomhghnéithe gach ceann de na seirbhísí atá á soláthar, lena n-áirítear leibhéil íosta cáilíochta seirbhíse i gcás ina dtairgtear iad agus aon srianta a fhorchuireann an soláthraí ar úsáid trealaimh teirminéil atá á sholáthar.

2.2. Taraifí na seirbhísí atá á dtairiscint, lena n-áirítear faisnéis maidir le méideanna cumarsáide (amhail srianta ar úsáid sonraí, ar líon na nóiméad gutha, ar líon na dteachtaireachtaí) de phleananna taraife sonracha agus na taraifí is infheidhme maidir le haonaid chumarsáide bhreise, le huimhreacha breise nó le seirbhísí breise faoi réir coinníollacha praghsála ar leith, muirir rochtana agus chothabhála, gach cineál muirir úsáide, scéimeanna taraife speisialta agus spriocdhírithe agus aon mhuirir bhreise, chomh maith le costais i leith trealamh teirminéil.

2.3. Seirbhísí iardhíola, cothabhála agus cúnaimh custaiméara a thairgtear agus a sonraí teagmhála.

2.4. Coinníollacha caighdeánacha conartha, lena n-áirítear ré an chonartha, muirir is dlite i gcás conradh a fhoirceannadh go luath, cearta a bhaineann le tairiscintí cuachta nó eilimintí díobh a fhoirceannadh, agus nósanna imeachta agus muirir dhíreacha maidir le hinaistritheacht uimhreacha agus aitheantóirí eile, más ábhartha.

2.5. Más soláthraí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe é an gnóthas, faisnéis maidir le rochtain ar sheirbhísí éigeandála agus faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora, nó aon teorannú ar an rochtain sin. Más soláthraí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta é an gnóthas, ar seirbhísí iad atá neamhspleách ar uimhreacha, faisnéis maidir lena mhéid a fhéadfar tacú nó gan tacú le rochtain ar sheirbhísí éigeandála.

2.6. Mionsonraí táirgí agus seirbhísí, lena n-áirítear aon fheidhmeanna, chleachtais, bheartais agus nósanna imeachta agus athruithe ar oibriú na seirbhíse atá ceaptha go sonrach d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas i gcomhréir leis an gcuid sin de dhlí an Aontais lena gcomhchuibhítear ceanglais rochtana do tháirgí agus seirbhísí.

3. Sásraí maidir le réiteach díospóidí, lena n-áirítear iad siúd a d'fhorbair an gnóthas.




IARSCRÍBHINN X

PARAIMÉADAIR I LEITH CÁILÍOCHT SEIRBHÍSE

Paraiméadair i leith Cáilíocht Seirbhíse, Sainmhínithe agus Modhanna Tomhais dá dtagraítear in Airteagal 104

Do sholáthraithe na rochtana ar líonra cumarsáide leictreonaí poiblí



PARAIMÉADAR

(Nóta 1)

SAINMHÍNIÚ

MODH TOMHAIS

Tréimhse ama do sholáthar ceangail tosaigh

ETSI EG 202 057

ETSI EG 202 057

Lochtráta de réir líne rochtana

ETSI EG 202 057

ETSI EG 202 057

Tréimhse ama chun locht a dheisiú

ETSI EG 202 057

ETSI EG 202 057

Do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta a dhéanann rialú ar eilimintí áirithe den líonra ar a laghad nó a rinne comhaontú ar leibhéal seirbhíse chuige sin le gnóthais a thugann rochtain ar an líonra



PARAIMÉADAR

(Nóta 2)

SAINMHÍNIÚ

MODH TOMHAIS

Tréimhse ama chun glao a shocrú

ETSI EG 202 057

ETSI EG 202 057

Gearáin maidir le cruinneas bille

ETSI EG 202 057

ETSI EG 202 057

Cáilíocht ceangail gutha

ETSI EG 202 057

ETSI EG 202 057

Cóimheas glaonna idirbhriste

ETSI EG 202 057

ETSI EG 202 057

Cóimheas glaonna mírathúla

(Nóta 2)

ETSI EG 202 057

ETSI EG 202 057

Dóchúlacht teipe

 

 

Moilleanna comharthaíochta glao

 

 

Is é 1.3.1 (Iúil 2008) uimhir leagain ETSI EG 202 057-1

Do sholáthraithe seirbhísí rochtana idirlín



PARAIMÉADAR

SAINMHÍNIÚ

MODH TOMHAIS

Aga folaigh (moill)

ITU-T Y.2617

ITU-T Y.2617

Giodam

ITU-T Y.2617

ITU-T Y.2617

Caillteanas paicéid

ITU-T Y.2617

ITU-T Y.2617

Nóta 1

Ba cheart go lamhálfaí sna paraiméadair go ndéanfaí anailís ar fheidhmíocht ar leibhéal réigiúnach (eadhon leibhéal nach lú ná leibhéal 2 in Ainmníocht na nAonad Críche maidir le Staidreamh (NUTS) arna bunú ag Eurostat).

Nóta 2

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan a éileamh go gcoinneofaí faisnéis cothrom le dáta maidir le feidhmíocht an dá pharaiméadar sin má tá fianaise ar fáil a thaispeánann go bhfuil feidhmíocht shásúil sa dá réimse sin.




IARSCRÍBHINN XI

IDIR-INOIBRITHEACHT GHLACADÓIRÍ RAIDIÓ CAIRR AGUS TREALAMH TEILIFÍSE DIGITÍ DO THOMHALTÓIRÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 113

1. Algartam coiteann um scrobhadh agus glacadh saorchraolta

Gach trealamh do thomhaltóirí atá ceaptha do ghlacadh comharthaí teilifíse digiteacha (eadhon ag craoladh trí tharchur trastíre, cábla nó satailíte), lena dhíol, lena chur ar cíos, nó a bheidh ar fáil ar bhealach eile san Aontas, agus atá in ann comharthaí teilifíse digiteacha a dhíscrobhadh, ní mór go mbeidh ar a chumas:

(a) 

díscrobhadh comharthaí den sórt sin a cheadú i gcomhréir le halgartam coiteann Eorpach um scrobhadh mar atá á riaradh ag eagraíocht caighdeán Eorpach aitheanta, Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (IECT faoi láthair),

(b) 

comharthaí taispeána a tarchuireadh gan locht a thaispeáint ar choinníoll, sa chás go bhfuil an trealamh ar cíos, go bhfuil an comhaontú cíosa ábhartha á chomhlíonadh ag an gcíosaí.

2. Idir-inoibritheacht do theilifíseáin dhigiteacha

Déanfar aon teilifíseán digiteach le scáileán iomlán de thrasnán feicéalach níos mó ná 30 cm a chuirtear ar an margadh ar díol nó ar cíos san Aontas a fheistiú le soicéad comhéadain oscailte amháin ar a laghad (arna chaighdeánú ag, caighdeán arna ghlacadh ag, eagraíocht caighdeán Eorpach aitheanta, nó a chomhlíonann an caighdeán sin, nó atá i gcomhréir le sonraíocht atá sa tionscal ar fad) a cheadaíonn ceangal simplí ar fhorimeallaithe, agus a bhfuil eilimintí ábhartha chomhartha teilifíse digití ar fad in ann dul tríd, lena n-áirítear faisnéis maidir le seirbhísí idirghníomhacha agus seirbhísí ar a bhfuil rochtain choinníollach.

▼C2

3. Idir-inoibritheacht Ghlacadóirí raidió cairr

Aon ghlacadóir raidió cairr arna chomhtháthú i bhfeithicil nua de chatagóir M a chuirtear ar an margadh lena dhíol lena chur ar cíos san Aontas ón 21 Nollaig 2020 , beidh ann glacadóir a bheidh in ann seirbhísí arna soláthar trí bhíthin craoltóireacht raidió dhigiteach talún, ar a laghad, a ghlacadh agus a atáirgeadh. Na glacadóirí sin, atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe agus ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó le codanna de na caighdeáin sin, measfar go bhfuil siad i gcomhréir leis an gceanglas sin atá faoi chumhdach na gcaighdeán sin nó codanna díobh.

▼B




IARSCRÍBHINN XII

Cuid A

Treoracha Aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh orthu

(dá dtagraítear in Airteagal 125)



Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 108, 24.4.2002, lch. 33)

 

 

Treoir 2009/140/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 337, 18.12.2009, lch. 37)

Airteagal 1

 

Rialachán (CE) 544/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 167, 29.6.2009, lch. 12)

Airteagal 2

 

Rialachán (CE) 717/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 171, 29.6.2007, lch. 32)

Airteagal 10

Treoir 2002/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 108, 24.4.2002, lch. 21)

 

 

Treoir 2009/140/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 337, 18.12.2009, lch. 37)

Airteagal 3 agus Iarscríbhinn

Treoir 2002/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 108, 24.4.2002, lch. 7)

 

 

Treoir 2009/140/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 337, 18.12.2009, lch. 37)

Airteagal 2

Treoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 108, 24.4.2002, lch. 51)

 

 

Treoir 2009/136/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 337, 18.12.2009, lch. 11)

Airteagal 1 agus Iarscríbhinn I

 

Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 310, 26.11.2015, lch. 1)

Airteagal 8

Cuid B

Teorainneacha ama don trasuí sa dlí náisiúnta agus dátaí chur i bhfeidhm

(dá dtagraítear in Airteagal 125)



Treoir

Teorainn ama don trasuí

Dáta chur i bhfeidhm

2002/19/CE

24 Iúil 2003

25 Iúil 2003

2002/20/CE

24 Iúil 2003

25 Iúil 2003

2002/21/CE

24 Iúil 2003

25 Iúil 2003

2002/22/CE

24 Iúil 2003

25 Iúil 2003




IARSCRÍBHINN XIII

TÁBLA COMHGHAOIL



Treoir 2002/21/CE

Treoir 2002/20/CE

Treoir 2002/19/CE

Treoir 2002/22/CE

An Treoir seo

Airteagail 1(1), (2) agus (3)

 

 

 

Airteagail 1(1), (2) agus (3)

Airteagal 1(3a)

 

 

 

Airteagal 1(4)

Airteagal 1(4) agus (5)

 

 

 

Airteagal 1(5) agus (6)

Pointe (a) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe 1 d'Airteagal 2

Pointe 2 d'Airteagal 2

Pointe (b) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe 3 d'Airteagal 2

Pointe (c) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe 4 d'Airteagal 2

Pointe 5 d'Airteagal 2

Pointe 6 d'Airteagal 2

Pointe 7 d'Airteagal 2

Pointe (d) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe 8 d'Airteagal 2

Pointe (da) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe 9 d'Airteagal 2

Pointe (e) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe 10 d'Airteagal 2

Pointe (ea) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe 11 d'Airteagal 2

Pointe (f) d'Airteagal

 

 

 

Pointe 12 d'Airteagal 2

Pointe (g) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe (h) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe 13 d'Airteagal 2

Pointe (i) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe 14 d'Airteagal 2

Pointe (j) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe (k) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe (l) d'Airteagal 2

 

 

 

2

Pointe (m) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe 15 d'Airteagal 2

Pointe (n) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe 16 d'Airteagal 2

Pointe (o) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe 17 d'Airteagal 2

Pointe (p) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe 18 d'Airteagal 2

Pointe (q) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe 19 d'Airteagal 2

Pointe (r) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe 20 d'Airteagal 2

Pointe (s) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe 21 d'Airteagal 2

Pointe 22 d'Airteagal 2

Airteagal 3(1)

 

 

 

Airteagal 5(1)

Airteagal 5(2)

Airteagal 3(2)

 

 

 

Airteagal 6(1)

Airteagal 3(3)

 

 

 

Airteagal 6(2)

Airteagal 3(3a), an chéad fhomhír

 

 

 

Airteagal 8(1)

Airteagal 8(2)

Airteagal 7(1)

Airteagal 3(3a), an dara fomhír

 

 

 

Airteagal 7(2) agus (3)

Airteagal 3(3a), an tríú fomhír

 

 

 

Airteagal 9(1) agus (3)

Airteagal 9(2)

Airteagal 3(3b)

 

 

 

Airteagal 10(1)

Airteagal 3(3c)

 

 

 

Airteagal 10(2)

Airteagal 3(4)

 

 

 

Airteagal 5(3)

Airteagal 3(5)

 

 

 

Airteagal 11

Airteagal 3(6)

 

 

 

Airteagal 5(4)

Airteagal 4

 

 

 

Airteagal 31

Airteagal 5

 

 

 

Airteagal 20

Airteagal 22

Airteagal 6

 

 

 

Airteagal 23

Airteagal 7

 

 

 

Airteagal 32

Airteagal 7a

 

 

 

Airteagal 33

Pointe (c) d'Airteagal 33(5)

Airteagal 8(1) agus (2)

 

 

 

Airteagal 3(1) agus (2)

Airteagal 8(5)

 

 

 

Airteagal 3(3)

Airteagal 8a(1) agus (2)

 

 

 

Airteagal 4(1) agus (2)

Airteagal 4(3)

Airteagal 8a(3)

 

 

 

Airteagal 4(4)

Airteagal 29

Airteagal 9(1) agus (2)

 

 

 

Airteagal 45(1) agus (2)

Airteagal 45(3)

Airteagal 9(3)

 

 

 

Airteagal 45(4)

Airteagal 9(4) agus (5)

 

 

 

Airteagal 45(5) agus (6)

Airteagal 9(6) agus (7)

 

 

 

Airteagal 9a

 

 

 

Airteagal 9b(1) agus (2)

 

 

 

Airteagal 51(1) agus (2)

Airteagal 9b(3)

 

 

 

Airteagal 51(4)

Airteagal 51(3)

Airteagal 10(1)

 

 

 

Airteagal 95(1)

Airteagal 10(2)

 

 

 

Airteagal 95(3)

Airteagal 95(2)

Airteagal 95(4)

Airteagal 95(5)

Airteagal 95(6)

Airteagal 10(3)

 

 

 

Airteagal 95(7)

Airteagal 10(4)

 

 

 

Airteagal 95(8)

Airteagal 10(5)

 

 

 

Airteagal 11

 

 

 

Airteagal 43

Airteagal 12(1)

 

 

 

Airteagal 44(1)

Airteagal 12(2)

 

 

 

Airteagal 12(3)

 

 

 

Airteagal 61(2)

Airteagal 12(4)

 

 

 

Airteagal 12(5)

 

 

 

Airteagal 44(2)

Airteagal 13

 

 

 

Airteagal 17

Airteagal 13a(1), (2) agus (3)

 

 

 

Airteagal 40(1), (2) agus (3)

Airteagal 13a(4)

 

 

 

 

 

 

Airteagal 40(5)

Airteagal 40(4)

Airteagal 13b(1), (2) agus (3)

 

 

 

Airteagal 41(1), (2) agus (3)

Airteagal 41(4)

Airteagal 13b(4)

 

 

 

Airteagal 41(7)

Airteagal 41(5)

Airteagal 41(6)

Airteagal 14

 

 

 

Airteagal 63

Airteagail 15(1),(2),(3)

 

 

 

Airteagal 64(1), (2), (3)

Airteagal 15(4)

Airteagal 66

Airteagal 16

 

 

 

Airteagal 67

Airteagal 17

 

 

 

Airteagal 39

Airteagal 18

 

 

 

Airteagal 19

 

 

 

Airteagal 38

Airteagal 20

 

 

 

Airteagal 26

Airteagal 21(1)

 

 

 

Airteagal 27(1)

Airteagal 21(2) an chéad fhomhír agus an dara fomhír

 

 

 

Airteagal 27(2)

Airteagal 21(2) an tríú fomhír

 

 

 

Airteagal 27(3)

Airteagal 21(2) an ceathrú agus cúigiú fomhír

 

 

 

Airteagal 27(4)

 

 

 

Airteagal 27(5)

Airteagal 21(3)

 

 

 

Airteagal 21(4)

 

 

 

Airteagal 27(6)

Airteagal 21a

 

 

 

Airteagal 29

Airteagal 22(1)

 

 

 

Airteagal 118(1)

Airteagal 22(2)

 

 

 

Airteagal 118(3)

Airteagal 22(3)

 

 

 

Airteagal 118(4)

Airteagal 11(2)

Airteagal 118(5)

Airteagal 117

Airteagal 23

 

 

 

Airteagal 119

Airteagal 24

 

 

 

Airteagal 120(1) agus (2)

Airteagal 25

 

 

 

Airteagal 122(1)

Airteagal 26

 

 

 

Airteagal 125

Airteagal 28

 

 

 

Airteagal 124

Airteagal 29

 

 

 

Airteagal 127

Airteagal 30

 

 

 

Airteagal 128

Iarscríbhinn II

 

 

 

 

Airteagal 1

 

 

Airteagal 1(1)

 

Airteagal 2(1)

 

 

 

Airteagal 2(2)

 

 

Pointe (22) d'Airteagal 2

Pointe (23) d'Airteagal 2

Pointe (24) d'Airteagal 2

Pointe (25) d'Airteagal 2

Pointe (26) d'Airteagal 2

 

Airteagal 3(1)

 

 

Airteagal 12(1)

 

Airteagal 3(2), an chéad abairt

 

 

Airteagal 12(2)

 

Airteagal 3(2), an 2ú, 3ú agus 4ú habairt

 

 

Airteagal 12(3)

 

Airteagal 3(3)

 

 

Airteagal 12(4)

 

 

Airteagal 4

 

 

Airteagal 15

 

Airteagal 5(1)

 

 

Airteagal 46(1)

Airteagal 46(2) agus (3)

 

Airteagal 5(2) an chéad fhomhír

 

 

Airteagal 48(1)

 

Airteagal 5(2) an dara fomhír an chéad abairt

 

 

Airteagal 48(2)

 

Airteagal 5(2) an tríú fomhír

 

 

Airteagal 48(5)

 

Airteagal 5(2) an dara fomhír an dara habairt

 

 

Airteagal 48(3)

Airteagal 48(4)

 

Airteagal 5(3)

 

 

Airteagal 48(6)

 

Airteagal 5(4) agus (5)

 

 

Airteagal 93(4) agus (5)

 

Airteagal 5(6)

 

 

Airteagal 52

Airteagal 93

 

Airteagal 6(1),(2),(3) agus (4)

 

 

Airteagal 13

Airteagal 47

 

Airteagal 7

 

 

Airteagal 55

 

Airteagal 8

 

 

Airteagal 36

 

Airteagal 9

 

 

Airteagal 14

 

Airteagal 10

 

 

Airteagal 30

 

 

Airteagal 11

 

 

Airteagal 21

 

Airteagal 12

 

 

Airteagal 16

 

Airteagal 13

 

 

Airteagal 42

Airteagal 94

 

Airteagal 14(1)

 

 

Airteagal 18

 

Airteagal 14(2)

 

 

Airteagal 19

 

Airteagal 15

 

 

Airteagal 120(3) agus (4)

 

Airteagal 16

 

 

 

Airteagal 17

 

 

 

Airteagal 18

 

 

 

Airteagal 19

 

 

 

Airteagal 20

 

 

 

Iarscríbhinn

 

 

Iarscríbhinn I

 

 

Airteagal 1 (1 agus 2)

 

Airteagal 1(2) agus (3)

 

 

Pointe (a) d'Airteagal 2

 

Pointe (27) d'Airteagal 2

 

 

Pointe (b) d'Airteagal 2

 

Pointe (28) d'Airteagal 2

 

 

Pointe (c) d'Airteagal 2

 

Pointe (29) d'Airteagal 2

 

 

Pointe (d) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe (e) d'Airteagal 2

 

Pointe (30) d'Airteagal 2

 

 

Airteagal 3

 

Airteagal 59

 

 

Airteagal 4

 

Airteagal 60

 

 

Airteagal 5

 

Airteagal 61

 

 

Airteagal 6

 

Airteagal 62

 

 

 

 

 

 

Airteagal 8

 

Airteagal 68

 

 

Airteagal 9

 

Airteagal 69

 

 

Airteagal 10

 

Airteagal 70

 

 

Airteagal 11

 

Airteagal 71

Airteagal 72

 

 

Airteagal 12

 

Airteagal 73

 

 

Airteagal 13

 

Airteagal 74

Airteagal 75

Airteagal 76

 

 

Airteagal 13a

 

Airteagal 77

 

 

Airteagal 13b

 

Airteagal 78

Airteagal 80

Airteagal 81

 

 

Airteagal 14

 

 

 

Airteagal 15

 

Airteagal 120(5)

 

 

Airteagal 16(1)

 

 

 

Airteagal 16(2)

 

Airteagal 121(4)

 

 

Airteagal 17

 

 

 

Airteagal 18

 

 

 

Airteagal 19

 

 

 

Airteagal 20

 

 

 

Iarscríbhinn I

 

Iarscríbhinn II

 

 

Iarscríbhinn II

 

Iarscríbhinn III

 

 

 

Airteagal 1

Airteagal 1(4) agus (5)

 

 

 

Pointe (a) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe (c) d'Airteagal 2

Pointe (32) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe (d) d'Airteagal 2

Pointe (33) d'Airteagal 2

 

 

 

Pointe (f) d'Airteagal 2

Pointe (34) d'Airteagal 2

Pointe (35) d'Airteagal 2

Pointe (37) d'Airteagal 2

Pointe (38) d'Airteagal 2

Pointe (39) d'Airteagal 2

Airteagal 84

Airteagal 85

 

 

 

Airteagal 3

Airteagal 86(1) agus (2)

 

 

 

Airteagal 4

 

 

 

Airteagal 5

 

 

 

Airteagal 6

 

 

 

Airteagal 7

 

 

 

Airteagal 8(1)

Airteagal 86(3)

 

 

 

Airteagal 8(2)

Airteagal 86(4)

 

 

 

Airteagal 8(3)

Airteagal 86(5)

 

 

 

Airteagal 9

Airteagal 87

 

 

 

Airteagal 10

Airteagal 88

 

 

 

Airteagal 11

 

 

 

Airteagal 12

Airteagal 89

 

 

 

Airteagal 13

Airteagal 90

 

 

 

Airteagal 14

Airteagal 91

 

 

 

Airteagal 15

Airteagal 122(2) agus (3)

 

 

 

Airteagal 17

Airteagal 99

Airteagal 101

 

 

 

Airteagal 20(1)

Airteagal 102

 

 

 

Airteagal 20(2)

Airteagal 105(3)

 

 

 

Airteagal 21

Airteagal 103

 

 

 

Airteagal 22

Airteagal 104

 

 

 

Airteagal 23

Airteagal 108

 

 

 

Airteagal 23a

Airteagal 111

 

 

 

Airteagal 24

Airteagal 113

 

 

 

Airteagal 25

Airteagal 112

 

 

 

Airteagal 26

Airteagal 109

 

 

 

Airteagal 27

 

 

 

Airteagal 27a

Airteagal 96

 

 

 

Airteagal 28

Airteagal 97

 

 

 

Airteagal 29

Airteagal 115

 

 

 

Airteagal 30(1)

Airteagal 106(2)

 

 

 

Airteagal 30(2)

Airteagal 106(4)

 

 

 

Airteagal 30(3)

Airteagal 106(4)

 

 

 

Airteagal 30(4)

Airteagal 106(5)

 

 

 

Airteagal 30(5)

Airteagal 105(1)

 

 

 

Airteagal 31

Airteagal 114

 

 

 

Airteagal 32

Airteagal 92

 

 

 

Airteagal 33

Airteagal 24

 

 

 

Airteagal 34

Airteagal 25

 

 

 

Airteagal 35

Airteagal 116

 

 

 

Airteagal 36

Airteagal 121

 

 

 

Airteagal 37

 

 

 

Airteagal 38

 

 

 

Airteagal 39

 

 

 

Airteagal 40

 

 

 

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn V

 

 

 

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn VII

 

 

 

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IX

 

 

 

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn VI

 

 

 

Iarscríbhinn V

 

 

 

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn X

 

 

 

 

Iarscríbhinn IV



( ) Treoir 2008/63/CE ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2008 maidir le hiomaíocht sna margaí i dtrealamh teirminéil teileachumarsáide (IO L 162, 21.06.2008, lch. 20).

( ) Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2015/2120 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1211/2009 (féach leathanach 1 den Irish Oifigiúil seo).

( ) Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 460/2004 (IO L 165, 18.6.2013, lch. 41).

( ) Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE. (IO L 348 20.12.2013, lch. 1).

( ) Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 197, 24.7.2012, lch. 38).

Top