Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02014R0230-20171216

    Consolidated text: Rialachán (AE) Uimh. 230/2014 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón g Comhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim lena gcuirtear le cobhsaíocht agus le síocháin

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/230/2017-12-16

    02014R0230 — GA — 16.12.2017 — 001.001


    Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

    ►B

    RIALACHÁN (AE) Uimh. 230/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 11 Márta 2014

    lena mbunaítear ionstraim lena gcuirtear le cobhsaíocht agus le síocháin

    (IO L 077 15.3.2014, lch. 1)

    Arna leasú:

     

     

    Iris Oifigiúil

      Uimh

    Leathanach

    Dáta

    ►M1

    RIALACHÁN (AE) 2017/2306 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 12 Nollaig 2017

      L 335

    6

    15.12.2017




    ▼B

    RIALACHÁN (AE) Uimh. 230/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 11 Márta 2014

    lena mbunaítear ionstraim lena gcuirtear le cobhsaíocht agus le síocháin



    TEIDEAL I

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1

    Ábhar agus cuspóirí

    1.  Bunaítear leis an Rialachán seo ionstraim (an “Ionstraim lena gcuirtear le Cobhsaíocht agus le Síocháin”) lena bhforáiltear, don tréimhse ó 2014 go dtí 2020, do thacaíocht dhíreach do bheartais sheachtracha an Aontais trí éifeachtúlacht agus comhleanúnachas ghníomhaíochtaí an Aontais a mhéadú i réimsí amhail freagairt ar ghéarchéimeanna, coinbhleachtaí a chosc, cothú na síochána agus ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus dul i ngleic le bagairtí domhanda agus trasréigiúnacha.

    2.  Tabharfaidh an tAontas faoi bhearta do chomhar le haghaidh forbartha, maille le bearta do chomhar airgeadais, eacnamaíoch agus teicniúil le tríú tíortha, le heagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta agus le gníomhaithe eile stáit agus na sochaí sibhialta faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

    ▼M1

    I gcás ina gcuirtear cúnamh an Aontais ar fáil do ghníomhaithe san earnáil slándála, féadfar gníomhaithe míleata a chur san áireamh chomh maith in imthosca eisceachtúla faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 3a, i gcomhthéacs próiseas níos leithne athchóirithe na hearnála slándála nó i gcomhthéacs fothú acmhainní chun tacú leis an bhforbairt agus leis an tslándáil don fhorbairt i dtríú tíortha, i gcomhréir leis an gcuspóir uileghabhálach, mar atá forbairt inbhuanaithe a bhaint amach.

    ▼B

    3.  Chun críocha an Rialacháin seo, áirítear sa téarma “gníomhaithe na sochaí sibhialta” eagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann na bpobal dúchasacha, grúpaí saoránach áitiúil agus cumainn trádálaithe, comharchumainn, ceardchumainn, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leasa eacnamaíocha agus sóisialta, eagraíochtaí áitiúla (lena n-áirítear líonraí) a bhfuil baint acu le comhar agus le lánpháirtiú díláraithe, réigiúnach, eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí na mban agus eagraíochtaí don óige, eagraíochtaí teagaisc, cultúrtha, taighde agus eolaíocha, ollscoileanna, eaglaisí agus comhlachais nó pobail reiligiúnacha, na meáin agus aon eagraíochtaí neamhrialtasacha agus aon fhorais phoiblí agus phríobháideach gur dóigh go rannchuideoidh siad leis an bhforbairt nó le gné sheachtrach na mbeartas inmheánach. Féadfar maoiniú a thabhairt do chomhlachtaí nó do ghníomhaithe eile nach bhfuil liostaithe sa mhír seo i gcás inar gá chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.

    4.  Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha a bheidh ag an Rialachán seo:

    (a) i ngéarchéim nó i ngéarchéim atá ag teacht chun cinn, rannchuidiú go tapa leis an gcobhsaíocht, trí fhreagairt éifeachtach a chur ar fáil a bheadh deartha le cabhrú leis na dálaí atá riachtanach maidir le cur chun feidhme ceart bheartais sheachtracha agus gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 21 CAE a chaomhnú, a bhunú nó a athbhunú;

    (b) rannchuidiú le coinbhleachtaí a chosc, le cumas agus le hullmhacht a áirithiú chun aghaidh a thabhairt ar staideanna réamh-ghéarchéime agus iar-ghéarchéime agus chun síocháin a chothú; agus

    (c) aghaidh a thabhairt ar bhagairtí sonracha domhanda agus trasréigiúnacha, ar an tslándáil idirnáisiúnta agus ar an gcobhsaíocht.

    Airteagal 2

    Comhchuibheas agus comhlántacht chúnamh an Aontais

    1.  Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na bearta a ghlacfar de bhun an Rialacháin seo comhchuí le creat foriomlán bheartas straitéiseach an Aontais do na tíortha comhpháirtíochta, agus go háirithe le cuspóirí na mbeart dá dtagraítear i mír 2, agus le bearta ábhartha eile de chuid an Aontais.

    2.  Maidir le bearta a ghlacfar de bhun an Rialacháin seo, d'fhéadfaidís a bheith comhlántach le bearta a glacadh faoi Theideal V CAE agus faoi Chuid a Chúig CFAE agus beidh siad comhchuí leo. Tabharfar leis na bearta a ghlactar de bhun an Rialacháin seo aird chuí ar thuairimí Pharlaimint na hEorpa.

    3.  Beidh cúnamh Aontais faoin Rialachán seo comhlántach don chúnamh eile a chuirtear ar fáil faoi ionstraimí eile Aontais do chúnamh seachtrach agus ní chuirfear ar fáil é ach amháin a mhéad nach bhféadfar freagairt leormhaith agus éifeachtach a chur ar fáil faoi na hionstraimí sin, agus beartófar agus cuirfear chun feidhme é ar bhealach ina mbainfí amach comhleanúnachas gníomhaíochtaí faoi na hionstraimí sin, i gcás inarb infheidhme.

    4.  Cuirfear na saincheisteanna cothrománacha a leanas san áireamh, i gcás inar féidir, lena n-áirítear sa chlársceidealú:

    (a) cur chun cinn an daonlathais agus an dea-rialachais;

    (b) cearta an duine agus an dlí daonnúil, lena n-áirítear cearta leanaí agus cearta na bpobal dúchasach;

    (c) neamh-idirdhealú;

    (d) comhionannas inscne agus cumhachtú na mban;

    (e) coinbhleachtaí a chosc; agus

    (f) an t-athrú aeráide.

    5.  Gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ( 1 ) ón gComhairle agus Cinneadh Uimh 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ) atá incháilithe le haghaidh maoiniú faoi na gníomhartha sin, ní dhéanfar maoiniú orthu faoin Rialachán seo.

    6.  D'fhonn éifeachtúlacht agus comhlántacht bhearta cúnaimh an Aontais agus bhearta cúnaimh náisiúnta a fheabhsú agus d'fhonn cistiú dúbailte a chosc, cuirfidh an Coimisiún dlúth-chomhordú chun cinn idir gníomhaíochtaí an Aontais agus gníomhaíochtaí na mBallstát ar leibhéal na cinnteoireachta agus ar bhonn praiticiúil araon. Chuige sin, oibreoidh na Ballstáit agus an Coimisiún córas chun faisnéis a mhalartú. Féadfaidh an Coimisiún tionscnaimh a dhéanamh chun an comhordú sin a chur chun cinn. Ina theannta sin, áiritheoidh an Coimisiún comhordú agus comhar le heagraíochtaí iltaobhacha, réigiúnacha agus foréigiúnacha agus le deontóirí eile.



    TEIDEAL II

    CINEÁLACHA CÚNAMH AONTAIS

    Airteagal 3

    Cúnamh mar fhreagra ar ghéarchéimeanna nó ar ghéarchéimeanna atá ag teacht chun cinn chun coinbhleachtaí a chosc

    1.  Cuirfidh an tAontas cúnamh teicniúil agus airgeadais ar fáil d'fhonn na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 1(4) a shaothrú sna réimsí mar fhreagairt do na cásanna eisceachtúla a leanas nach bhfuil súil leo:

    (a) i ngéarchéim nó i ngéarchéim atá ag teacht chun cinn;

    (b) cás ina gcuirtear i mbaol an daonlathas, an t-ord poiblí, cosaint chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, nó slándáil nó sábháilteacht daoine aonair, go háirithe na daoine sin atá faoi lé foréigin inscne i gcásanna éagobhsaíochta; nó

    (c) cás ina bhfuil an baol ann go n-eascróidh coinbhleacht armtha as nó go ndéanfaidh an tríú tír nó tíortha lena mbaineann a dhíchobhsú go holc.

    Féadfar an cúnamh sin aghaidh a thabhairt freisin ar chásanna inar agair an tAontas clásail na n-eilimintí sár-riachtanacha de chuid Comhaontuithe idirnáisiúnta d'fhonn comhar le tríú tíortha a fhionraí go páirteach nó go hiomlán.

    2.  Leis an gcúnamh teicniúil agus airgeadais dá dtagraítear i mír 1, féadfar an méid seo a leanas a chumhdach:

    (a) tacaíocht, trí bhíthin cúnamh teicniúil agus lóistíochúil a sholáthar, do na hiarrachtaí a dhéanann eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha agus gníomhaithe stáit agus na sochaí sibhialta ó thaobh chothú muiníne, idirghabháil, comhphlé agus athmhuintearais a chur chun cinn;

    (b) tacaíocht a thabhairt do chur chun feidhme na rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le mná, an tsíocháin agus an tslándáil go háirithe i dtíortha leochaileacha, tíortha ina bhfuil coinbhleacht agus tíortha ina raibh coinbhleacht;

    (c) tacaíocht a thabhairt do bhunú agus d'fheidhmiú na riarachán eatramhach a sainordaíodh i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta;

    (d) tacaíocht a thabhair don mhéid a leanas: forbairt institiúidí stáit atá daonlathach agus iolraíoch, lena n-áirítear bearta chun feabhas a chur ar ról na mban sna hinstitiúidí sin, riarachán sibhialta éifeachtach agus formhaoirseacht shibhialta a dhéanamh ar an gcóras slándála, chomh maith le bearta chun cumas na n-údarás um fhorfheidhmiú an dlí agus na n-údarás breithiúnach a neartú, agus iad ag comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, na coireachta eagraithe agus gach cineál gáinneála aindleathaí;

    (e) tacaíocht a thabhairt do bhinsí coiriúla idirnáisiúnta agus do bhinsí ad hoc náisiúnta, do choimisiúin fírinne agus athmhuintearais, agus do shásraí chun socrú dlíthiúil a dhéanamh ar éilimh maidir le cearta an duine agus chun ceart maoine a dhearbhú agus a bhreithniú, a bhunaítear i gcomhréir le caighdeáin dlí i ndáil le caighdeáin idirnáisiúnta i réimse chearta an duine agus réimse an smachta reachta;

    (f) tacaíocht a thabhairt do bhearta atá riachtanach chun tús a chur le hathshlánú agus le hatógáil bonneagair ríthábhachtaigh, tithíochta, foirgneamh poiblí agus sócmhainní eacnamaíocha, maille le cumas táirgthe riachtanach, chomh maith le tacaíocht do bhearta eile chun gníomhaíocht eacnamaíoch a atosú, fostaíocht a chruthú agus chun na híoschoinníollacha a bhunú atá riachtanach chun forbairt shóisialta inbhuanaithe a bheith ann;

    (g) tacaíocht do bhearta sibhialta a bhaineann le díshlógadh agus le hathimeascadh iarchomhraiceoirí agus a muintir sa tsochaí shibhialta, agus lena n-aisdúichiú, nuair is iomchuí, chomh maith le tacaíocht do bhearta chun aghaidh a thabhairt ar chás na saighdiúirí linbh agus na gcomhraiceoirí mná;

    (h) tacaíocht do bhearta chun na torthaí sóisialta atá ar athstruchtúrú na bhfórsaí armtha a mhaolú;

    (i) tacaíocht do bhearta chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar socheacnamaíoch a bhíonn ag mianaigh talún frithphearsanra, ag ordanás neamhphléasctha nó ag iarsmaí pléascacha cogaidh ar an bpobal sibhialta, faoi chuimsiú bheartais chomhair an Aontais agus a gcuspóirí. Féadfar go gcumhdófar le gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin Rialachán seo inter alia, oideachas rioscaí, brath agus imréiteach mianach agus, i gcomhar leis an méid sin, scrios na stoc-charn;

    (j) tacaíocht do bhearta chun úsáid aindleathach arm tine, mionarm agus arm éadrom agus an rochtain atá orthu a chomhrac, faoi chuimsiú bheartais chomhair an Aontais agus a gcuspóirí;

    (k) tacaíocht do bhearta chun a áirithiú go gcomhlíontar ar bhealach leordhóthanach na riachtanais shonracha a bhíonn ag mná agus ag leanaí i ngéarchéimeanna agus i gcásanna coinbhleachta;

    (l) tacaíocht d'athshlánú agus d'athimeascadh na n-íospartach coinbhleachta armtha, lena n-áirítear bearta chun aghaidh a thabhairt na riachtanais shonracha a bhíonn ag mná agus ag leanaí;

    (m) tacaíocht do bhearta chun urramú chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, an daonlathais agus an smachta reachta, agus na hionstraimí idirnáisiúnta gaolmhara a chur chun cinn agus a chosaint;

    (n) tacaíocht do bhearta socheacnamaíocha chun rochtain chothrom agus bainistiú follasach ar acmhainní nádúrtha a chur chun cinn i ngéarchéim nó i ngéarchéim atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear cothú na síochána;

    (o) tacaíocht do bhearta chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag gluaiseachtaí tobanna daonra a bhaineann leis an staid pholaitiúil agus slándála, lena n-áirítear bearta lena dtugtar aghaidh ar riachtanais na bpobal óstach i ngéarchéim nó i ngéarchéim atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear cothú na síochána;

    (p) tacaíocht do bhearta chun forbairt agus eagrú na sochaí sibhialta a chur chun cinn agus lena rannpháirtíocht sa phróiseas polaitiúil, lena n-áirítear bearta chun feabhas a chur ar ról na mban sna próisis sin agus bearta chun meáin chumarsáide neamhspleácha, iolraíocha agus ghairmiúla a chur chun cinn;

    (q) tacaíocht do bhearta mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha nó ar thubaistí de dhéantús an duine atá ina mbagairtí don chobhsaíocht agus don tsláinte phoiblí a nasctar le paindéim, in éagmais chúnamh daonnúil agus cosanta sibhialta an Aontais, nó mar chomhlánú ar an gcúnamh sin.

    3.  Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an tAontas cúnamh teicniúil agus airgeadais a sholáthar freisin nach cumhdaítear go sainráite le mír 2 den Airteagal seo. Beidh cúnamh mar sin teoranta do bhearta eisceachtúla um chúnamh dá dtagraítear in Airteagal 7(2), ar bearta iad lena gcomhlíontar na coinníollacha a leanas uile:

    (a) tagann siad faoi raon feidhme ginearálta an Rialacháin seo agus faoi na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 1(4) araon;

    (b) tá siad teoranta don fhad tréimhse a leagtar síos in Airteagal 7(2);

    (c) bheidís incháilithe de ghnáth faoi ionstraimí eile Aontais do chúnamh seachtrach nó faoi na comhpháirteanna eile den Rialachán seo ach, mar gheall ar an ngá le freagairt go tapa don chás, ba cheart aghaidh a thabhairt orthu trí bhearta maidir le géarchéim nó maidir le géarchéim atá ag teacht chun cinn.

    ▼M1

    Airteagal 3a

    Fothú acmhainní na ngníomhaithe míleata chun tacú leis an bhforbairt agus leis an tslándáil don fhorbairt

    1.  D'fhonn rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe a bhfuil sochaithe cobhsaí síochánta cuimsitheacha a bhaint amach ag teastáil lena haghaidh, féadfar cúnamh an Aontais faoin Rialachán seo a úsáid chun acmhainn na ngníomhaithe míleata i dtíortha comhpháirtíochta a fhothú, sna himthosca eisceachtúla faoi mar a leagtar amach i mír 3 iad, chun gníomhaíochtaí forbartha agus slándáil do ghníomhaíochtaí forbartha a sholáthar.

    2.  Maidir leis an gcúnamh de bhun an Airteagail seo, féadfar a chumhdach leis, go háirithe, soláthar clár maidir le fothú acmhainní chun tacú leis an bhforbairt agus leis an tslándáil don fhorbairt, lena n-áirítear oiliúint, meantóireacht agus comhairle, mar aon le soláthar trealaimh, feabhsuithe ar an mbonneagar agus seirbhísí a bhaineann go díreach leis an gcúnamh sin.

    3.  Ní chuirfear cúnamh ar fáil de bhun an Airteagail seo ach amháin más rud é:

    (a) nach féidir ceanglais a chomhlíonadh trí dhul ar iontaoibh gníomhaithe neamh-mhíleata chun cuspóirí an Aontais faoin Rialachán seo a bhaint amach go leordhóthanach agus go bhfuil institiúidí feidhmiúla Stáit a bheith ann faoi bhagairt nó go bhfuil cosaint chearta an duine agus saoirsí bunúsacha faoi bhagairt agus nach féidir leis na hinstitiúidí stáit déileáil leis an mbagairt sin; agus

    (b) go bhfuil comhdhearcadh ann idir an tír chomhpháirtíochta lena mbaineann agus an tAontas go bhfuil an-tábhacht ag baint le gníomhaithe míleata chun na coinníollacha atá ríthábhachtach don fhorbairt inbhuanaithe a chaomhnú, a bhunú nó a athbhunú, lena n-áirítear i ngéarchéimeanna nó i gcomhthéacsanna agus cásanna leochaileacha nó díchobhsaithe.

    4.  Ní úsáidfear cúnamh an Aontais de bhun an Airteagail seo chun fothú acmhainní do ghníomhaithe míleata a mhaoiniú chun críocha seachas gníomhaíochtaí forbartha agus slándáil do ghníomhaíochtaí forbartha a sholáthar. Go háirithe, ní úsáidfear cúnamh an Aontais chun an méid seo a leanas a mhaoiniú:

    (a) caiteachas míleata a thagann chun cinn go tráthrialta;

    (b) soláthar arm agus armlón, ná aon trealamh eile a cheaptar chun fórsa marfach a thabhairt;

    (c) oiliúint atá ceaptha go sonrach chun cur le hacmhainn troda na bhfórsaí armtha.

    5.  Nuair atá bearta á gceapadh agus á gcur chun feidhme de bhun an Airteagail seo, déanfaidh an Coimisiún úinéireacht na tíre comhpháirtíochta ar na bearta sin a chur chun cinn. Chomh maith leis sin, forbróidh sé na heilimintí riachtanacha agus na dea-chleachtais is gá chun inbhuanaitheacht sa mheántéarma agus san fhadtéarma a áirithiú agus cuirfidh sé an smacht reachta agus prionsabail sheanbhunaithe an dlí idirnáisiúnta chun cinn.

    6.  Cuirfidh an Coimisiún ar bun nósanna imeachta iomchuí maidir le measúnú riosca, faireachán agus meastóireacht i dtaca le bearta a dhéanfar de bhun an Airteagail seo.

    ▼B

    Airteagal 4

    Cúnamh maidir le coinbhleachtaí a chosc, maidir le cothú na síochána agus maidir le hullmhacht i gcomhair géarchéimeanna

    1.  Cuirfidh an tAontas cúnamh teicniúil agus airgeadais ar fáil d'fhonn na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 1(4). Le cúnamh den sórt sin, cumhdófar tacaíocht do bhearta lena ndírítear ar chumas an Aontais agus a chomhpháirtithe a fhorbairt agus a neartú maidir le coinbhleachtaí a chosc, le cothú na síochána agus le dul i ngleic le riachtanais réamh-ghéarchéime agus iar-ghéarchéime i ndlúthchomhar leis na Náisiúin Aontaithe agus le heagraíochtaí eile idirnáisiúnta, réigiúnacha agus foréigiúnacha, agus le gníomhaithe Stáit agus na sochaí sibhialta agus iad ag iarraidh an méid a leanas a dhéanamh:

    (a) réamhrabhadh agus anailís riosca atá íogair ó thaobh coinbhleachta a chur chun cinn maidir le ceapadh beartais agus é a cur chun feidhme;

    (b) cothú muiníne, idirghabháil, idirphlé agus athmhuintearas a éascú agus acmhainní a fhorbairt ina leith, agus aird faoi leith á leagan ar theannais idirphobail atá ag teacht chun cinn;

    (c) acmhainní a neartú le haghaidh rannpháirtíochta agus imlonnú i misin chobhsaíochta shibhialtach;

    (d) téarnamh iar-choinbhleachta agus téarnamh iarthubaiste a fheabhsú, atá ábhartha ó thaobh na staide polaitiúla agus slándála;

    (e) srian a chur ar úsáid acmhainní nádúrtha chun coinbhleachtaí a mhaoiniú, agus chun tacú leis na geallsealbhóirí agus tionscnaimh amhail Scéim Deimhniúcháin Phróiseas Kimberley á gcomhlíonadh acu, go háirithe i ndáil le cur chun feidhme rialuithe éifeachtúla baile maidir le táirgeadh, agus trádáil acmhainní nádúrtha.

    2.  Cuirfear san áireamh i mbearta faoin Airteagal seo:

    (a) aistriú feasa gnó, malartú faisnéise agus dea-chleachtas, measúnú riosca nó measúnú ar an mbagairt, taighde agus anailís, córais réamhrabhaidh, oiliúint, agus soláthar seirbhísí;

    (b) rannchuideoidh bearta faoin Airteagal sin le hidirphlé struchtúrach maidir le saincheisteanna cothaithe na síochána;

    (c) féadfar a bheith san áireamh sna bearta freisin cúnamh airgeadais agus teicniúil chun gníomhaíochtaí tacaíochta cothaithe síochána agus forbartha Stáit a chur chun feidhme.

    Airteagal 5

    Cúnamh maidir le tabhairt faoi bhagairtí domhanda agus trasréigiúnacha agus faoi bhagairtí atá ag teacht chun cinn

    1.  Cuirfidh an tAontas cúnamh teicniúil agus airgeadais ar fáil d'fhonn na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (c) d'Airteagal 1(4) a shaothrú sna réimsí a leanas:

    (a) bagairtí ar an ord poiblí, ar shlándáil agus ar shábháilteacht daoine aonair, ar bhonneagair ríthábhachtach agus ar an tsláinte phoiblí;

    (b) maolú rioscaí agus ullmhacht i gcoinne rioscaí, bídís ina rioscaí toiliúla, de thaisme nó nádúrtha, a bhaineann le hábhair nó le hoibreáin cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha.

    2.  Leis an gcúnamh, cumhdófar tacaíocht do bhearta lena ndírítear ar an méid a leanas:

    (a) cumas na n-údarás um fhorfheidhmiú an dlí agus na n-údarás breithiúnach agus sibhialta a bhíonn ag gabháil don chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, na coireachta eagraithe, lena n-áirítear cibearchoireacht, agus gach cineál gáinneála aindleathaí agus don rialú éifeachtúil ar thrádáil mhídhleathach agus ar idirthuras mídhleathach;

    (b) aghaidh a thabhairt ar bhagairtí ar an mbonneagar ríthábhachtach, lena bhféadfar iompar idirnáisiúnta a áireamh, lena n-áirítear trácht paisinéirí agus lastais, oibríochtaí fuinnimh agus dáileadh fuinnimh, agus faisnéis leictreonach agus líonraí cumarsáide. Le bearta den sórt sin leagfar béim faoi leith ar chomhar trasréigiúnach agus ar chur chun feidhme caighdeán idirnáisiúnta i réimsí na feasachta rioscaí, na hanailíse leochaileachta, na hullmhachta i gcomhair éigeandálaí, an bhainistithe fholáirimh agus iarmharta;

    (c) freagra leordhóthanach ar mhórbhagairtí ar an tsláinte phoiblí a áirithiú, lena n-áirítear eipidéimí tobanna a d'fhéadfadh tionchar trasnáisiúnta a bheith acu;

    (d) aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí domhanda agus trasréigiúnacha an athraithe aeráide a d'fhéadfadh tionchar díchobhsaitheach a bheith acu ar an tsíocháin agus ar an tslándáil.

    3.  Maidir leis na bearta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2:

    (a) tabharfar tosaíocht do chomhar trasréigiúnach a bhfuil baint ag dhá thríú tír nó níos mó leis a bhfuil toil shoiléir polaitíochta léirithe acu chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna atá ag teacht chun cinn. Féadfar comhar sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta a dhéanamh freisin le tíortha aonair, réigiúin aonair nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, réigiúnacha agus foréigiúnacha;

    (b) leagfaidh siad béim faoi leith ar dhea-rialachas, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta;

    (c) maidir le cúnamh d'údaráis atá rannpháirteach sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, tabharfar tosaíocht do bhearta tacaithe a bhaineann le forbairt agus le neartú na reachtaíochta frithsceimhlitheoireachta, le cur chun feidhme agus le cleachtadh an dlí airgeadais, an dlí custaim agus an dlí inimirce, le forbairt na nósanna imeachta um fhorfheidhmiú an dlí atá ar chomhréim leis na caighdeáin idirnáisiúnta is airde agus lena gcomhlíontar an dlí idirnáisiúnta, neartú an rialaithe dhaonlathaigh agus na sásraí formhaoirseachta institiúideacha, agus le cosc a chur ar radacachas foréigneach;

    (d) maidir le cúnamh a bhaineann le fadhb na ndrugaí, tabharfar an aird chuí ar chomhar idirnáisiúnta a dhírítear ar dhea-chleachtais a chur chun cinn, ar cleachtais iad a bhaineann le héileamh, le táirgeadh agus le dochar a laghdú.

    4.  Leis an gcúnamh, sna réimsí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, cumhdófar tacaíocht do bhearta lena ndírítear ar an méid a leanas:

    (a) gníomhaíochtaí taighde sibhialta a chur chun cinn mar mhalairt ar thaighde a bhaineann le cosaint,

    (b) feabhas a chur ar chleachtais sábháilteachta a bhaineann le saoráidí sibhialta ina ndéantar ábhair nó oibreáin íogaire cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha a stóráil, nó a láimhseáil i gcomhthéacs na gclár taighde sibhialta;

    (c) faoi chuimsiú bheartais chomhair an Aontais agus a gcuspóirí, tacú le bonneagar sibhialta agus staidéir shibhialta ábhartha a bhunú atá riachtanach chun saoráidí agus láithreáin a bhaineann le hairm a dhíchóimeáil, a leasú agus a athchóiriú i gcás ina ndearbhaítear nach cuid de chlár cosanta iad sin a thuilleadh;

    (d) cumas na n-údarás inniúil sibhialta a neartú a bhfuil baint acu le forbairt agus le forfheidhmiú ar rialú éifeachtach na gáinneála aindleathaí ar ábhair nó ar oibreáin cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha; (lena n-áirítear an trealamh chun iad a tháirgeadh nó a sheachadadh);

    (e) an creat dlíthiúil agus na cumais institiúideacha a fhorbairt chun rialuithe onnmhairithe éifeachtacha ar earraí dé-úsáide a bhunú agus a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear bearta do chomhar réigiúnach;

    (f) forbairt a dhéanamh ar ullmhacht éifeachtach i gcomhair tubaistí sibhialta, ar phleanáil éigeandála, ar fhreagairt ar ghéarchéimeanna, agus ar an gcumas bearta glantacháin a dhéanamh.



    TEIDEAL III

    CLÁRSCEIDEALÚ AGUS CUR CHUN FEIDHME

    Airteagal 6

    Creat ginearálta

    Cuirfear cúnamh an Aontais chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 tríd an méid seo a leanas:

    (a) bearta eisceachtúla um chúnamh agus cláir um fhreagairt eatramhach amhail dá dtagraítear in Airteagal 7;

    (b) páipéir straitéise téamaí agus cláir ilbhliantúla tháscacha, amhail dá dtagraítear in Airteagal 8;

    (c) cláir ghníomhaíochta bhliantúla, bearta aonair agus bearta speisialta;

    (d) bearta tacaíochta.

    Airteagal 7

    Bearta eisceachtúla um chúnamh agus cláir um fhreagairt eatramhach

    ▼M1

    1.  Déanfar cúnamh an Aontais de bhun Airteagal 3, agus de bhun Airteagal 3a de réir mar is iomchuí, a sholáthar trí bhíthin bearta eisceachtúla um chúnamh agus cláir um fhreagairt eatramhach.

    ▼B

    2.  Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 3(1), féadfaidh an Coimisiún bearta eisceachtúla um chúnamh a ghlacadh ar bearta iad a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(3). D'fhéadfaí fad suas go dtí 18 mí a bheith ar Bheart Eisceachtúil um Chúnamh den sórt sin agus féadfar sé mhí sa bhreis, suas go dtí uastréimhse iomlán 30 mí, a chur leis dhá uair i gcás bacainní oibiachtúla agus gan choinne ar a chur chun feidhme, ar an gcoinníoll nach dtiocfaidh méadú ar an tsuim airgeadais a bhaineann leis an mbeart.

    I gcásanna géarchéime agus coinbhleachta fada, féadfaidh an Coimisiún an dara beart eisceachtúil um chúnamh a ghlacadh de thréimhse suas go dtí 18 mí.

    Ní bheidh fad an bhirt eisceachtúil um chúnamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír in éineacht leis an bhfad dá dtagraítear sa dara fomhír níos faide ná 36 mí.

    3.  I gcás ina bhfuil costais de bhreis agus EUR 20 000 000 ar bheart eisceachtúil um chúnamh, glacfar an beart sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014.

    4.  Sula ndéanfar beart eisceachtúil um chúnamh a bhfuil costas suas le EUR 20 000 000 aige a ghlacadh nó a shíneadh, cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas faoina chineál agus faoina chuspóirí agus faoi na suimeanna airgeadais a bheartaítear leis. Mar an gcéanna, cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas sula ndéanfaidh sé athruithe substainteacha ar bhearta eisceachtúla um chúnamh a glacadh cheana féin. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh cur chuige ábhartha beartais na Comhairle maidir le pleanáil agus le cur chun cinn na mbeart sin ina dhiaidh sin, ar mhaithe le comhchuibheas ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

    5.  A luaithe is féidir tar éis beart eisceachtúil um chúnamh a ghlacadh, agus ar aon chuma laistigh de thrí mhí ón dáta a nglacfar an beart, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, agus tabharfaidh sé forbhreathnú ar chineál, ar chomhthéacs agus ar réasúnaíocht na mbeart a glacadh, lena n-áirítear a mhéid a chomhlánaítear leis an mbeart sin freagairt leanúnach, phleanáilte an Aontais.

    6.  Féadfaidh an Coimisiún cláir um fhreagairt eatramhach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16 (3) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 d'fhonn go mbunófar nó go n-athbhunófar na coinníollacha riachtanacha is gá chun go gcuirfear beartais um chomhar seachtrach an Aontais chun feidhme ar bhealach éifeachtach.

    Le cláir um fhreagairt eatramhach, cuirfear le bearta eisceachtúla um chúnamh.

    7.  Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas go cuí, ar mhodh tráthúil faoin gcaoi a bhfuil an cúnamh ón Aontais de bhun Airteagal 3 á bheartú agus á chur chun feidhme aige, lena n-áirítear na suimeanna airgeadais a bheartaítear, agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas freisin nuair a bheidh athruithe nó síntí suntasacha ar an gcúnamh sin á ndéanamh aige.

    Airteagal 8

    Páipéir straitéise téamaí agus cláir ilbhliantúla tháscacha

    ▼M1

    1.  Is é a bheidh i bpáipéir straitéise téamaí an bunús ginearálta lena gcuirfear chun feidhme cúnamh de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 5, agus de bhun Airteagal 3a de réir mar is iomchuí. Soláthrófar leis na páipéir straitéise téamaí creat le haghaidh comhar idir an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta nó na réigiúin chomhpháirtíochta lena mbaineann.

    ▼B

    2.  Comhlíonfaidh ullmhú agus cur i bhfeidhm na bpáipéar straitéise téamaí prionsabail na héifeachtachta cabhrach, amhail comhpháirtíocht agus comhordú, agus i gcás inarb iomchuí, comhchuibhiú. Chuige sin, beidh páipéir straitéise téamaí comhchuí le doiciméid chláreagrúcháin a fhormheastar nó a ghlactar faoi ionstraimí eile an Aontais le haghaidh cúnaimh sheachtraigh agus seachnófar leo dúbailt na doiciméid sin.

    Beidh Páipéir Straitéise Téamacha bunaithe, i bprionsabal, ar idirphlé an Aontais nó, i gcás inarb iomchuí, ar idirphlé na mBallstát ábhartha leis na tíortha comhpháirtíochta nó leis na réigiúin lena mbaineann ina mbeidh an tsochaí shibhialta agus údaráis réigiúnacha agus áitiúla rannpháirteach, chun a áirithiú go nglacfaidh an tír nó na réigiúin lena mbaineann úinéireacht leordhóthanach ar an bpróiseas.

    Rachaidh an tAontas agus na Ballstáit i gcomhairle le chéile go luath sa phróiseas chláreagrúcháin d'fhonn comhchuibheas agus comhlántacht a chur chun cinn ina ngníomhaíochtaí comhair.

    3.  Beidh ag gabháil le gach páipéar straitéise téamaí clár ilbhliantúil táscach ina mbeidh achoimre ar na réimsí tosaíochta a roghnaítear le haghaidh mhaoiniú an Aontais, na cuspóirí sonracha, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, táscairí feidhmíochta agus an creat ama a ghabhann le tacaíocht an Aontais.

    Cinnfear sa chlár ilbhliantúil táscach leithdháiltí táscacha airgeadais maidir le gach clár ann agus aird á tabhairt ar riachtanais agus ar dheacrachtaí sonracha na dtíortha comhpháirtíochta nó na réigiún lena mbaineann. Féadfar na leithdháiltí airgeadais a thabhairt i bhfoirm raoin, más gá.

    4.  Déanfaidh an Coimisiún páipéir straitéise téamaí a fhormheas agus Cláir Ilbhliantúla Tháscacha a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014. Beidh feidhm ag an nós imeachta sin maidir le hathbhreithnithe shubstaintiúla a bhfuil d'éifeacht acu an páipéir straitéise téamacha agus cláir ilbhliantúla tháscacha a leasú go suntasach.

    5.  Ní bheidh feidhm ag an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 maidir le leasuithe neamhshubstaintiúla nó coigeartuithe teicniúla ar pháipéir straitéise téamaí agus ar chláir ilbhliantúla tháscacha ar de bhun iad n-athshanntar cistí laistigh de na leithdháiltí táscacha airgeadais de réir réimse tosaíochta, nó go ndéantar laghdú nó méadú, nach mó ná 20 % é, ar mhéid an leithdháilte tháscaigh airgeadais thosaigh ach gan EUR 10 000 000 a shárú, ar an gcoinníoll nach ndéanann na leasuithe nó coigeartuithe teicniúla sin difear do na réimsí tosaíochta agus do na cuspóirí a leagtar amach sna doiciméid sin.

    I gcásanna den sórt sin, cuirfear leasuithe nó coigeartuithe teicniúla in iúl do Pharlaimint na hEorpa gan mhoill agus d'ionadaithe na mBallstát sa choiste dá dtagraítear in Airteagal 11.

    6.  Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil údar cuí leo, ina n-éilítear freagairt mhear ón Aontas, féadfaidh an Coimisiún páipéir straitéise téamaí agus cláir ilbhliantúla tháscacha a mhodhnú i gcomhréir leis an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014.

    7.  Maidir le haon chlársceidealú nó athbhreithnithe ar chláir a dhéanfar tar éis don tuarascáil athbreithnithe mheántréimhseach dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2014 a bheith foilsithe, cuirfear san áireamh iontu torthaí, tátail agus na tuarascála sin.

    Airteagal 9

    An tSochaí Shibhialta

    Déanfar bearta faoin Rialachán seo a ullmhú, a chlársceidealú, a chur chun feidhme agus déanfar faireachán orthu nuair is féidir agus nuair is iomchuí i gcomhairle leis an tsochaí shibhialta.

    Airteagal 10

    Cearta an Duine

    ▼M1

    1.  Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear chun feidhme na bearta a ghlactar faoin Rialachán seo maidir leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coireachta eagraithe, mar aon leis na bearta a chumhdaítear faoi Airteagal 3a, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dlí um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta.

    ▼B

    2.  I gcomhréir le Creat Straitéiseach AE agus leis an bPlean Gníomhaíochta maidir le Cearta an Duine agus maidir leis an Daonlathas, déanfaidh an Coimisiún treoir oibríochtúil a fhorbairt chun a áirithiú go gcuirfear cearta an duine san áireamh i gceapadh agus i gcur chun feidhme na mbearta dá dtagraítear i mhír 1, go háirithe maidir le cosc ar chéasadh agus ar chóireáil eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach agus meas ar an bpróis chuí, lena n-áirítear toimhde na neamhchiontachta, triail chóir agus cearta na cosanta. Beidh dearcadh soiléir chearta an duine freisin sna bearta lena dtugtar aghaidh ar an gcibearshlándáil agus ar an gcomhrac i gcoinne na cibearchoireachta.

    3.  Déanfaidh an Coimisiún faireachán cúramach ar chur chun feidhme is na mbeart dá dtagraítear i mír chun a áirithiú go gcomhlíonann siad na hoibleagáidí maidir le cearta an duine., Áireoidh an Coimisiún faisnéis ina leith sin sa tuairisciú a dhéanfaidh sé go tráthrialta.



    TEIDEAL IV

    FORÁLACHA COITEANNA

    Airteagal 11

    Coiste

    Beidh coiste (“coiste na hIonstraime um Chobhsaíocht agus um Shíocháin”) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 12

    An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

    Beidh feidhm ag an Rialachán seo i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE, go háirithe Airteagal 9 de.

    Airteagal 13

    Imchlúdach airgeadais

    1.  EUR 2 338 719 000 a bheidh san imchlúdach airgeadais d'fhonn an Rialachán seo a chur chun feidhme don tréimhse ó 2014 go 2020.

    2.  Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

    3.  Sa tréimhse ó 2014-2020:

    (a) déanfar 70 pointe céatadáin ar a laghad den imchlúdach airgeadais a leithdháileadh ar na bearta a thagann faoi Airteagal 3; agus

    (b) leithdháilfear naoi bpointe céatadáin den imchlúdach airgeadais ar bhearta a thagann faoi Airteagal 4.

    ▼M1

    4.  Cuirfear méid breise is ionann agus EUR 100 000 000 leis an imchlúdach airgeadais dá dtagraítear i mír 1 agus is ar bhearta a thagann faoi Airteagal 3a a leithdháilfear é.

    ▼B

    Airteagal 14

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




    Dearbhú ón gCoimisiún Eorpach maidir le hidirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa ( 3 )

    Ar bhonn Airteagal 14 den CFAE, déanfaidh an Coimisiún Eorpach idirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa roimh chlárú Rialachán (AE) Uimh. 230/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim lena gcuirtear le cobhsaíocht agus le síocháin agus tar éis comhairliúcháin tosaigh lena dtairbhithe ábhartha, nuair is iomchuí. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa na doiciméid ábhartha faoi chlárú mar aon le leithreasuithe táscacha atá beartaithe in aghaidh gach tíre/réigiúin, agus, laistigh de thír/réigiún, tosaíochtaí, torthaí féideartha agus leithreasuithe táscacha atá beartaithe in aghaidh gach tosaíochta do chláir gheografacha, chomh maith le rogha rialacha mionsonraithe cúnaimh ( *1 ). Déanfaidh an Coimisiún Eorpach na doiciméid ábhartha faoi chlárú mar aon le tosaíochtaí téamacha, torthaí féideartha, rogha rialacha mionsonraithe cúnaimh (*1) , agus leithreasuithe airgeadais i leith na dtosaíochtaí sin dá bhforáiltear i gcláir théamacha, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach an seasamh a chuireann Parlaimint na hEorpa in iúl maidir leis an ábhar san áireamh.

    Déanfaidh an Coimisiún Eorpach idirphlé straitéiseach le Parlaimint na hEorpa agus an t-athbhreithniú lárthéarma á ullmhú aige agus sula ndéanfar aon leasú mór ar na doiciméad chlárúcháin le linn thréimhse bailíochta an Rialacháin seo.

    Má thugann Parlaimint na hEorpa cuireadh dó, míneoidh an Coimisiún Eorpach cár cuireadh san áireamh barúlacha Pharlaimint na hEorpa sna doiciméid chlárúcháin agus aon bheart leantach a tháinig as an idirphlé straitéiseach.



    ( 1 ) Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle an 20 Meitheamh 1996 maidir le cabhair dhaonnúil (IO L 163, 2.7.1996, lch. 1).

    ( 2 ) Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le hIonstraim Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).

    ( 3 ) Déanfar ionadaíocht thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh ar leibhéal an Choimisinéara fhreagraigh

    ( *1 ) Nuair is infheidhme.

    Top