This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62025TN0630
Case T-630/25: Action brought on 15 September 2025 – Uralchem v Parliament and Council
Cás T-630/25: Caingean arna tabhairt an 15 Meán Fómhair 2025 – Uralchem v an Pharlaimint agus an Chomhairle
Cás T-630/25: Caingean arna tabhairt an 15 Meán Fómhair 2025 – Uralchem v an Pharlaimint agus an Chomhairle
IO C, C/2025/5724, 3.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5724/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5724 |
3.11.2025 |
Caingean arna tabhairt an 15 Meán Fómhair 2025 – Uralchem v an Pharlaimint agus an Chomhairle
(Cás T-630/25)
(C/2025/5724)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: United Chemical Company Uralchem AO (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: M. Campa, M. Pirovano agus A. Ronco, Dlíodóirí)
Cosantóirí: Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
Rialachán (AE) 2025/1227 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2025 maidir le modhnú a dhéanamh ar na dleachtanna custaim is infheidhme i dtaca le hallmhairí earraí áirithe de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó Phoblacht na Bealarúise nó a onnmhairítear uathu, a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir, a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus do Pharlaimint na hEorpa costais na n-imeachtaí seo a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear cur i bhfeidhm mícheart Airteagal 207 CFAE; rogha mhícheart an bhunúis dlí faoi chonarthaí an Aontais; sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla; |
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear cur i bhfeidhm mícheart Airteagal XXI den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil 1994; sárú ar Airteagail I & II den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil 1994; |
|
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar na hoibleagáidí réasúin a lua d’Airteagal 296 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; |
|
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart bunúsach chun éisteacht a fháil – Airteagail 41(a), 47 agus 48 den Chairt um Chearta Bunúsacha; sárú ar Airteagal 215 CFAE; sárú ar Airteagal 3(1) de Chomhaontú EDT maidir le Bearta Coimirce; sárú ar Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2015/478; sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla; |
|
5. |
An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta — sárú ar Airteagal 5(4) CAE. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5724/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)