Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0659

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/659 ón gCoimisiún an 2 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 452/2014 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais theicniúla agus na nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le haeroibríochtaí oibreoirí tríú tír

    C/2022/8695

    IO L 83, 22.3.2023, p. 38–46 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/659/oj

    22.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 83/38


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/659 ÓN gCOIMISIÚN

    an 2 Nollaig 2022

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 452/2014 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais theicniúla agus na nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le haeroibríochtaí oibreoirí tríú tír

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagail 61(1) litir d) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 452/2014 (2) ón gCoimisiún leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le húdaruithe nach mór d’aeroibreoirí ó thríú tíortha atá ag gabháil d’aeriompar tráchtála a fháil más mian leo oibriú isteach sa chríoch a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir leo, laistigh di nó amach aisti.

    (2)

    De bhun Airteagal 61(2) litir c) de Rialachán (AE) 2018/1139, an próiseas trína gcaithfidh oibreoir aerárthaí tríú tír na húdaruithe chun aerárthaí a oibriú isteach sa chríoch a bhfuil feidhm ag na Conarthaí ina leith, laistigh di nó amach aisti, ní mór é a bheith simplí, comhréireach éifeachtach costéifeachtúil agus ní mór é a bheith in ann comhlíonadh a léiriú a bheidh i gcomhréir le castacht na hoibríochta agus leis an riosca a bhaineann leis an oibríocht sin.

    (3)

    I measúnú ar Rialachán (AE) Uimh. 452/2014 a rinne Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (“an Ghníomhaireacht”), sainaithníodh roinnt feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh, lena gcumhdaítear ceithre phríomhréimse: éifeachtúlacht, forfheidhmiú, solúbthacht agus comhsheasmhacht le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Is gá, dá bhrí sin, forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 452/2014 a leasú chun na feabhsuithe a sainaithníodh a ionchorprú.

    (4)

    Go háirithe, is gá an deis a bhaint atá ag oibreoirí tríú tír bearta maolaitheacha a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar neamhchomhlíonadh chaighdeáin ábhartha na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO). Ní mór comhlíonadh na gcaighdeán sin a bhaint amach sula n-eiseofar údarú TCO agus ní mór aghaidh a thabhairt ar aon ghá le solúbthacht trí nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 76(4) de Rialachán (AE) 2018/1139.

    (5)

    Is gá freisin leasú a dhéanamh ar na forálacha lena gceadaítear d’oibreoirí tríú tír, faoi choinníollacha áirithe, eitiltí áirithe a dhéanamh isteach sa chríoch, laistigh di nó amach aisti, faoi réir fhorálacha na gConarthaí gan údarú a fháil ar dtús, chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú agus chun éifeachtúlacht a fheabhsú.

    (6)

    Ar an gcaoi chéanna, is gá feabhas a chur ar éifeachtúlacht phróiseas údaraithe agus formhaoirseachta oibreoirí tríú tír agus an deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú, is é sin trí dheireadh a chur le bacainní áirithe ar dhigitiú an phróisis, trí shoiléiriú breise a dhéanamh ar ghnéithe áirithe a bhaineann le bailíocht údaruithe oibreora tríú tír, chomh maith le céimeanna nós imeachta áirithe den phróiseas a dhéanann an Ghníomhaireacht.

    (7)

    Chun cur chuige rioscabhunaithe a chothú i bpróiseas údaraithe oibreoirí tríú tír, is gá méid, raon feidhme agus castacht na n-oibríochtaí ábhartha a mheas chun an chomhsheasmhacht a fheabhsú. An tráth céanna, is gá freisin na modhanna maoirseachta agus forfheidhmithe atá ar fáil don Ghníomhaireacht a mhéadú, go sonrach trí fhaireachas treisithe ar oibreoirí áirithe tríú tír a cheadú agus trí shoiléiriú a dhéanamh ar na forálacha a bhaineann le heisiúint cinntí, chomh maith le húdaruithe oibreora tríú tír a chur ar fionraí agus a chúlghairm.

    (8)

    Ar an gcaoi chéanna, is gá forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 452/2014 a leasú chun comhsheasmhacht le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 a fheabhsú go háirithe trí shoiléiriú breise a dhéanamh ar na coinníollacha agus ar na céimeanna nós imeachta atá le glacadh ag an nGníomhaireacht agus iarratas á fháil aici ó oibreoir tríú tír faoi réir toirmeasc oibríochta nó srian oibríochtúil de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.

    (9)

    Ar deireadh, is gá roinnt leasuithe eagarthóireachta a dhéanamh ar fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 452/2014, is é sin tagairtí dlí do Rialachán (AE) 2018/1139 a thabhairt cothrom le dáta. Ina theannta sin, moltar roinnt athruithe ar na sainmhínithe ar mhaithe le comhsheasmhacht le Rialachán (AE) 2018/1139.

    (10)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 452/2014 a leasú dá réir.

    (11)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo bunaithe ar Thuairim Uimh. 02/2022 (4), arna heisiúint ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 75(2), pointí (b) agus (c) agus Airteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 452/2014 mar a leanas:

    (1)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 1, 2 agus 3:

    “Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha mionsonraithe maidir le hoibreoirí aerárthaí tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) atá ag gabháil d’oibríochtaí aeriompair tráchtála isteach sa chríoch, laistigh di nó amach aisti, faoi réir fhorálacha na gConarthaí, lena n-áirítear coinníollacha faoina ndéanfar a n-údaruithe a eisiúint, a choinneáil ar bun, a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, mar aon le coinníollacha faoina dtoirmiscfear nó faoina dteorannófar oibríochtaí nó faoina mbeidh siad faoi réir coinníollacha áirithe ar mhaithe leis an tsábháilteacht.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn ‘eitilt’ imeacht ó aeradróm sonraithe i dtreo aeradróim cinn scríbe shonraithe;

    (2)

    ciallaíonn ‘oibreoir tríú tír’ aon oibreoir nach ndéanann Ballstát nó an Ghníomhaireacht feidhmeanna agus dualgais Stát an oibreora ina leith.

    Airteagal 3

    Údaruithe

    Ní ghabhfaidh oibreoirí tríú tír d’oibríochtaí aeriompair tráchtála isteach sa chríoch, laistigh di nó amach aisti faoi réir fhorálacha na gConarthaí ach amháin má chomhlíonann siad ceanglais Iarscríbhinn 1 agus má tá údarú acu a d’eisigh an Ghníomhaireacht i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Rialachán seo.”

    (*1)  Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1)."

    ;

    (2)

    Leasaítear Iarscríbhinní 1 agus 2 a ghabhann le Rialachán (AE) 452/2014 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Nollaig 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 452/2014 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2014 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le haeroibríochtaí oibreoirí tríú tír de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 133, 6.5.2014, lch. 12).

    (3)  Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2005 maidir le liosta Comhphobail d’aeriompróirí a bhunú atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal agus maidir le paisinéirí aeriompair a chur ar an eolas faoi chéannacht an aeriompróra, agus lena n-aisghairtear Airteagal 9 de Threoir 2004/36/CE (IO L 344, 27.12.2005, lch. 15).

    (4)  Tuairim Uimh. 02/2022 ó EASA, Nuashonrú ar Rialachán (AE) Uimh. 452/2014 ón gCoimisiún (an Rialachán maidir le hOibreoirí Tríú Tír (TCO), an 25 Aibreán 2022 (https://www.easa.europa.eu/en/document-library/opinions/opinion-no-022022).


    IARSCRÍBHINN

    (1)

    Leasaítear Iarscríbhinn 1 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear Roinn I mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe TCO.100:

    “Raon feidhme TCO.100

    Bunaítear leis an Iarscríbhinn seo (“Cuid-TCO”) ceanglais atá le leanúint ag oibreoir tríú tír atá ag gabháil d’oibríochtaí aeriompair tráchtála isteach sa chríoch, laistigh di nó amach aisti faoi réir fhorálacha na gConarthaí”;

    (ii)

    scriostar pointí TCO.105 agus TCO.110.

    (b)

    Leasaítear Roinn II mar a leanas:

    (i)

    i bpointe TCO.200, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a), (b) agus (c):

    “(a)

    Comhlíonfaidh an t-oibreoir tríú tír an méid seo a leanas:

    (1)

    na caighdeáin is infheidhme atá sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta, go háirithe Iarscríbhinn 1 (Ceadúnú pearsanra), Iarscríbhinn 2 (Rialacha an Aeir), Iarscríbhinn 6 (Oibríocht Aerárthaí), de réir mar is infheidhme, Iarscríbhinn 8 (Aeracmhainneacht Aerárthaí), Iarscríbhinn 18 (Earraí Contúirteacha), agus Iarscríbhinn 19 (Bainistiú Sábháilteachta);

    (2)

    na treoracha sábháilteachta is infheidhme arna n-eisiúint ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 76(6) de Rialachán (AE) 2018/1139;

    (3)

    ceanglais iomchuí Chuid-TCO; agus

    (4)

    ceanglais infheidhme Rialachán (AE) Uimh. 923/2012 (*1).

    (b)

    Áiritheoidh an t-oibreoir tríú tír go ndéanfar aerárthach a oibrítear isteach sa chríoch, laistigh den chríoch nó amach aisti faoi réir fhorálacha na gConarthaí a oibriú i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

    (1)

    a dheimhniú aeroibreora (AOC) agus sonraíochtaí oibríochtaí gaolmhara i gcomhréir le hIarscríbhinn 6 ICAO; agus

    (2)

    an t-údarú TCO a eisítear i gcomhréir leis an Rialachán seo agus an raon feidhme agus na pribhléidí atá ann.

    (c)

    Áiritheoidh an t-oibreoir tríú tír go mbeidh ag aerárthach a oibrítear isteach sa chríoch, laistigh den chríoch nó amach aisti faoi réir fhorálacha na gConarthaí deimhniú aeracmhainneachta arna eisiúint nó arna bhailíochtú i gcomhréir le hIarscríbhinn 8 ICAO:

    (1)

    ag an Stát cláraithe; nó

    (2)

    ag Stát an oibreora tríú tír, ar choinníoll go bhfuil comhaontú déanta ag Stát an oibreora tríú tír agus an Stát cláraithe faoi Airteagal 83bis den Choinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta lena n-aistrítear an fhreagracht as an deimhniú aeracmhainneachta a eisiúint.

    (*1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2012 lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna an aeir agus forálacha oibríochtúla maidir le seirbhísí agus nósanna imeachta san aerloingseoireacht agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1035/2011 agus Rialacháin (CE) Uimh. 1265/2007, (CE) Uimh. 1794/2006, (CE) Uimh. 730/2006, (CE) Uimh. 1033/2006 agus (AE) Uimh. 255/2010 (IO L 281, 13.10.2012, lch. 1)”;"

    (ii)

    i bpointe TCO.200, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

    “(e)

    Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), déanfaidh an t-oibreoir tríú tír, gan aon mhoill mhíchuí, aon tionóisc a shainmhínítear in Iarscríbhinn 13 ICAO a bhaineann le haerárthaí a úsáidtear faoina AOC a thuairisciú don Ghníomhaireacht, lena n-áirítear na haerárthaí sin nach bhfuil sé beartaithe iad a eitilt isteach sa chríoch, laistigh den chríoch nó amach aisti faoi réir fhorálacha na gConarthaí.

    (*2)  Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le tionóiscí agus teagmhais eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc agus lena n-aisghairtear Treoir 94/56/CE (IO L 295, 12.11.2010, lch. 35).”;"

    (iii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe TCO.205:

    “TCO.205 Trealamh loingseoireachta, cumarsáide agus faireachais

    Agus oibríochtaí á ndéanamh laistigh den aerspás os cionn na críche a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir léi, déanfaidh oibreoir an tríú tír a chuid aerárthaí a fheistiú leis an trealamh loingseoireachta, cumarsáide agus faireachais a cheanglaítear san aerspás sin agus é a oibriú de réir mar a cheanglaítear san aerspás ann.”;

    (iv)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe TCO.215:

    “TCO.215 Doiciméid, lámhleabhair agus taifid a tháirgeadh

    Arna iarraidh sin ag duine a údaraítear ag an nGníomhaireacht nó ag údarás inniúil an Bhallstáit inar thuirling an t-aerárthach atá á oibriú ag oibreoir tríú tír, déanfaidh an píolóta i gceannas an aerárthaigh sin aon doiciméadacht, lámhleabhar nó taifead is gá a iompar ar bord, a chur i láthair gan moill mhíchuí,”;

    (c)

    Leasaítear Roinn III mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe TCO.305:

    “TCO.305 Eitiltí aonuaire chun fógra a thabhairt

    (a)

    De mhaolú ar phointe TCO.300(a), féadfaidh an t-oibreoir tríú tír na heitiltí seo a leanas a dhéanamh isteach sa chríoch, laistigh di nó amach aisti faoi réir fhorálacha na gConarthaí gan údarú a fháil ar dtús:

    (1)

    eitiltí a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanas práinneach, amhail misin dhaonnúla agus oibríochtaí fóirithinte tubaiste;

    (2)

    eitiltí aerárthaigh othar a dhéantar chun othair atá breoite nó gortaithe a bhogadh idir áiseanna cúraim sláinte nó chun cúram leighis othar a sholáthar.

    (b)

    Ní bheidh feidhm ag forálacha phointe (a) ach amháin más rud é maidir leis an oibreoir tríú tír:

    (1)

    gur thug sé fógra don Ghníomhaireacht roimh dháta beartaithe na chéad eitilte i bhfoirm agus ar mhodh atá bunaithe ag an nGníomhaireacht;

    (2)

    nach bhfuil sé faoi réir toirmeasc ar a oibriú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005;

    (3)

    nach bhfuil sé faoi réir fionraí nó cúlghairme de bhun phointe ART.235 d’Iarscríbhinn 2;

    (4)

    nach raibh sé faoi réir diúltú iarratais ar údarú TCO de bhun phointe ART.200(e)(1) d’Iarscríbhinn 2; agus

    (5)

    go gcuireann sé iarratas ar údarú de bhun phointe TCO.300 laistigh de 14 lá tar éis dháta an fhógra don Ghníomhaireacht de bhun phointe (b)(1) thuas.

    (c)

    Féadfar an eitilt nó na heitiltí a shonraítear san fhógra a fhorordaítear i bpointe (a) a dhéanamh ar feadh na tréimhse arna hiarraidh ag an oibreoir tríú tír, ach tráth nach faide ná 12 sheachtain as a chéile ar a mhéad tar éis dháta an fhógra nó go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag an nGníomhaireacht maidir leis an iarratas i gcomhréir le pointe ART.200 de Chuid-ART, cibé acu is túisce.

    (d)

    Ní fhéadfaidh oibreoir tríú tír fógra a chomhdú ach uair amháin gach 24 mhí.”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe TCO.310:

    “TCO.310 Pribhléidí sealbhóra údaraithe

    Liostófar pribhléidí an oibreora tríú tír san údarú agus ní sháróidh siad na pribhléidí a bhronnann Stát an oibreora tríú tír.”;

    (iii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe TCO.315:

    “TCO.315 Athruithe

    (a)

    Maidir le haon athrú, seachas na hathruithe sin a chomhaontaítear faoi phointe ART.210(c) d’Iarscríbhinn 2, a dhéanann difear do théarmaí údaraithe, éileofar formheas roimh ré ón nGníomhaireacht.

    (b)

    Déanfaidh an t-oibreoir tríú tír an t-iarratas ar réamhfhormheas ón nGníomhaireacht a chur isteach 30 lá ar a laghad roimh dháta chur chun feidhme an athraithe atá beartaithe.

    Cuirfidh an t-oibreoir tríú tír an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe TCO.300 ar fáil don Ghníomhaireacht, agus í teoranta do mhéid an athraithe.

    Tar éis iarratas ar athrú a chur isteach, oibreoidh an t-oibreoir tríú tír faoi na coinníollacha a fhorordóidh an Ghníomhaireacht de bhun phointe ART.225(b) d’Iarscríbhinn 2.

    (c)

    Tabharfar fógra don Ghníomhaireacht faoi gach athrú nach mbeidh formheas roimh ré ag teastáil ina leith, mar a chomhaontaítear i gcomhréir le pointe ART.210(c) d’Iarscríbhinn 2, sula dtarlóidh an t-athrú.”;

    (iv)

    i bpointe TCO.320, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(6):

    “(6)

    an t-oibreoir tríú tír a bheith in ann bunús a thabhairt, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, lena rún leanúint d’oibríochtaí a dhéanamh faoina údarú TCO;”;

    (v)

    i bpointe TCO.320, cuirtear isteach pointe (a)(7):

    “(7)

    an t-oibreoir tríú tír a oibríonn aerárthach amháin ar a laghad faoina údarú TCO.”;

    (vi)

    i bpointe TCO.320, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    Má bhíonn an t-údarú neamhbhailí, gheobhaidh an t-oibreoir tríú tír údarú nua ón nGníomhaireacht sula gcuirfear tús an athuair le hoibríochtaí isteach sa chríoch, laistigh di nó amach aisti, faoi réir fhorálacha na gConarthaí. Déanfaidh an t-oibreoir tríú tír iarratas ar an údarú nua i bhfoirm agus ar bhealach arna bhunú ag an nGníomhaireacht agus soláthróidh sé aon doiciméad is gá lena chinneadh nach ann a thuilleadh do na cúiseanna go mbeadh an t-údarú neamhbhailí, agus go gcomhlíonann an t-oibreoir tríú tír na ceanglais chun an t-údarú a fháil faoi Chuid-TCO.”;

    (2)

    Leasaítear Iarscríbhinn 2 mar a leanas:

    (a)

    Leasaítear Roinn I mar a leanas:

    (1)

    scriostar pointe ART.105;

    (a)

    i bpointe ART.110, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    Cuirfidh an Ghníomhaireacht na Ballstáit ar an eolas faoi na fógraí a fuair sí i gcomhréir le pointe TCO.305 d’Iarscríbhinn 1 gan aon mhoill mhíchuí.”;

    (b)

    i bpointe ART.115, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a)(5), (a)(6) agus (a)(7):

    “(5)

    bearta forfheidhmiúcháin arna ndéanamh, lena n-áirítear fíneálacha arna n-iarraidh ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1139;

    (6)

    cur chun feidhme gníomhaíochtaí ceartaitheacha arna sainordú ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 76(6) de Rialachán (AE) 2018/1139; agus

    (7)

    úsáid forálacha solúbthachta i gcomhréir le hAirteagal 71 de Rialachán (AE) 2018/1139.”;

    (b)

    Leasaítear Roinn II mar a leanas:

    (i)

    i bpointe ART.200, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    Cuirfidh an Ghníomhaireacht an measúnú tosaigh i gcrích laistigh de 30 lá tar éis di na doiciméid uile is gá a fháil de bhun phointe TCO.300 (c) agus (d) d’Iarscríbhinn 1.

    Nuair is gá measúnú breise nó iniúchadh breise a dhéanamh ar an measúnú tosaigh, cuirfear síneadh leis an tréimhse mheasúnaithe ar feadh ré an mheasúnaithe bhreise nó an iniúchta, de réir mar is iomchuí.”;

    (ii)

    i bpointe ART.200, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

    “(d)

    I gcás nach gcuirfidh an t-oibreoir tríú tír an fhaisnéis is gá ar fáil le haghaidh an mheasúnaithe i gcomhréir le pointe TCO.300 (c) agus (d) d’Iarscríbhinn 1 laistigh den amlíne arna bunú ag an nGníomhaireacht, féadfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh a dhéanamh an measúnú ar an iarratas a chur ar fionraí go dtí go gcuirfear an fhaisnéis ar fáil. Sa chás sin, cuirfidh an Ghníomhaireacht an t-oibreoir tríú tír ar an eolas faoina cinneadh.”;

    (iii)

    i bpointe ART.200, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e)(1):

    “(1)

    an t-iarratas a dhiúltú nuair a léiríonn toradh an mheasúnaithe nach n-eiseofar údarú mar thoradh ar mheasúnú breise; nó”;

    (iv)

    i bpointe ART.200, cuirtear isteach pointe (f):

    “(f)

    I gcás inar diúltaíodh d’iarratas ó oibreoir tríú tír nó inar cúlghaireadh údarú roimhe sin, féadfaidh an Ghníomhaireacht a chinneadh fanacht 9 mí ó dháta na cúlghairme nó an diúltaithe sula gcuirfear tús leis an iarratas nua a phróiseáil.”;

    (v)

    i bpointe ART.205, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    Ar iarratas a fháil ar údarú ón oibreoir tríú tír atá faoi réir toirmeasc ar oibriú nó srian oibríochtúil de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, cuirfidh an Ghníomhaireacht raon feidhme an toirmisc san áireamh chun an nós imeachta measúnaithe ábhartha a shainiú, mar a thuairiscítear i bpointe ART.200. I gcás ina mbeidh an t-oibreoir tríú tír faoi réir toirmeasc oibríochta lena gcumhdófar raon feidhme iomlán a oibríochtaí, beidh iniúchadh ar an oibreoir tríú tír san áireamh sa mheasúnú.”;

    (vi)

    i bpointe ART.205, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    “(c)

    Ní dhéanfaidh an Ghníomhaireacht iniúchadh ach amháin sna cásanna seo a leanas:

    (1)

    comhaontaíonn an t-oibreoir tríú tír go ndéanfar iniúchadh air;

    (2)

    léiríonn toradh an nós imeachta meastóireachta tosaigh dá dtagraítear i bpointe ART.200 go bhféadfadh toradh dearfach a bheith ar an iniúchadh; agus

    (3)

    is féidir an t-iniúchadh a dhéanamh i saoráidí an oibreora tríú tír gan an riosca go gcuirfí sábháilteacht agus slándáil phearsanra na Gníomhaireachta i mbaol.”;

    (vii)

    i bpointe (a) de phointe ART.210, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

    “(a)

    Eiseoidh an Ghníomhaireacht an t-údarú, sna cásanna seo a leanas:”;

    (viii)

    i bpointe ART.210, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(4):

    “(4)

    níl aon fhianaise ann go bhfuil easnaimh mhóra ann maidir le cumas Stát an oibreora tríú tír nó an Stáit cláraithe, de réir mar is infheidhme, an t-oibreoir tríú tír agus/nó an t-aerárthach tríú tír a dheimhniú agus maoirseacht a dhéanamh orthu i gcomhréir leis na caighdeáin ICAO is infheidhme;”;

    (ix)

    i bpointe ART.210, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(5):

    “(5)

    nach bhfuil an t-iarratasóir faoi réir toirmeasc ar a oibriú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005; agus”;

    (x)

    i bpointe ART.210, cuirtear isteach pointe (a)(6):

    “(6)

    aon toradh neamhchomhlíontachta a tugadh ar aird le linn an mheasúnaithe, tá sé dúnta.”;

    (xi)

    i bpointe ART.210, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b) agus (c):

    “(b)

    Eiseofar an t-údarú ar feadh tréimhse neamhtheoranta.

    Sonróidh an Ghníomhaireacht pribhléidí agus raon feidhme na ngníomhaíochtaí a bhfuil an t-oibreoir tríú tír údaraithe a dhéanamh.

    (c)

    Comhaontóidh an Ghníomhaireacht leis an oibreoir tríú tír raon feidhme na n-athruithe ar na hoibleagáidí oibreora tríú tír nach n-éilítear aon fhormheas roimh ré ina leith agus méid, cineál agus castacht na hoibríochta á gcur san áireamh.”;

    (xii)

    i bpointe ART.215, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(2):

    “(2)

    más infheidhme, cur chun feidhme gníomhaíochtaí ceartaitheacha arna sainordú ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 76(6) de Rialachán (AE) 2018/1139.”;

    (xiii)

    i bpointe ART.215, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b)(4):

    “(4)

    cinntí agus imscrúduithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 nó comhairliúcháin chomhpháirteacha de bhun Rialachán (CE) Uimh. 473/2006 a chur san áireamh;”;

    (xiv)

    i bpointe ART.215, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

    “(d)

    Más rud é, de réir na faisnéise atá ar fáil, go bhfuil amhras ann gur tháinig laghdú ar fheidhmíocht sábháilteachta an oibreora tríú tír agus/nó ar chumais formhaoirseachta Stát an oibreora nó Stát an Chláraithe faoi bhun na gcaighdeán is infheidhme atá sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, cuirfidh an Ghníomhaireacht an t-oibreoir tríú tír lena mbaineann faoi bhráid an oibreora tríú tír lena mbaineann chun faireachas treisithe a dhéanamh. Déanfaidh an Ghníomhaireacht aon bheart is gá chun a áirithiú go ndéanfar an oibríocht atá beartaithe ag an oibreoir tríú tír i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme i gCuid-TCO. Féadfar na nithe seo a leanas a áireamh ar na bearta sin:

    (1)

    iniúchadh ar an oibreoir tríú tír i gcomhréir le pointe ART.205(d);

    (2)

    ceanglas ar an oibreoir tríú tír tuarascálacha nó faisnéis theicniúil shaincheaptha a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta go tráthrialta;

    (3)

    teorannú sealadach ar an oibríocht chuig flít reatha an oibreora tríú tír agus/nó raon feidhme na n-oibríochtaí aeriompair tráchtála isteach sa chríoch, laistigh di nó amach aisti faoi réir fhorálacha na gConarthaí.”;

    (xv)

    i bpointe ART.220, cuirtear isteach pointe (e):

    “(e)

    Agus an t-eatramh athbhreithnithe á chinneadh, cuirfidh an Ghníomhaireacht san áireamh méid, cineál agus castacht na hoibríochta, an fhaisnéis atá ar fáil maidir le líon na n-eitiltí a rinneadh faoi údarú TCO, agus na heilimintí ábhartha dá dtagraítear i bpointe ART.200(c).”;

    (xvi)

    i bpointe ART.230, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b), (c) agus (d):

    “(b)

    Eiseoidh an Ghníomhaireacht toradh leibhéal 1 nuair a bhraitear aon neamhchomhlíonadh suntasach leis na ceanglais is infheidhme i Rialachán (AE) 2018/1139 agus i gCuid-TCO, nó le téarmaí an údaraithe lena laghdaítear sábháilteacht nó lena gcuirtear sábháilteacht eitiltí i mbaol mór.

    Áireofar ar thorthaí leibhéal 1 na nithe seo a leanas, ach ní hiad sin amháin a áirítear leo:

    (1)

    gan rochtain a thabhairt don Ghníomhaireacht ar shaoráidí an oibreora tríú tír mar a shainmhínítear i bpointe TCO.115(b) d’Iarscríbhinn 1 le linn gnáthuaireanta oibriúcháin agus tar éis iarraidh i scríbhinn a fháil;

    (2)

    athruithe a chur chun feidhme a bhfuil formheas ag teastáil ina leith roimh ré gan formheas mar a shainmhínítear i bpointe ART.210 a bheith faighte acu;

    (3)

    bailíocht an údaraithe a fháil nó a choinneáil ar bun trí fhianaise dhoiciméadach a fhalsú;

    (4)

    fianaise ar mhíchleachtas nó ar úsáid chalaoiseach an údaraithe;

    (5)

    torthaí iomadúla leibhéal 2 a bheith ann a ardaíodh le linn measúnaithe, rud a léiríonn laige chórasach a laghdaíonn sábháilteacht nó lena gcuirtear sábháilteacht eitiltí i mbaol mór.

    (c)

    Eiseoidh an Ghníomhaireacht toradh leibhéal 2 nuair a bhraitear aon neamhchomhlíonadh leis na ceanglais is infheidhme i Rialachán (AE) 2018/1139 agus i gCuid-TCO, nó le téarmaí an údaraithe lena bhféadfaí sábháilteacht a laghdú nó sábháilteacht eitiltí a chur i mbaol mór.

    (d)

    Nuair a bhraitear toradh le linn faireacháin, déanfaidh an Ghníomhaireacht, gan dochar d’aon ghníomhaíocht bhreise a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1139 agus lena ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, an toradh a chur in iúl i scríbhinn don oibreoir tríú tír agus iarrfaidh sí gníomhaíocht cheartaitheach chun an bhunchúis a dhíothú nó a mhaolú chun nach dtarlóidh an neamhchomhlíontacht nó na neamhchomhlíontachtaí sainaitheanta arís.”;

    (xvii)

    i bpointe ART.230, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e)(2):

    “(2)

    measúnú a dhéanamh ar an bplean gníomhaíochta ceartaithí agus cur chun feidhme a mholann an t-oibreoir tríú tír. Má bhaintear de thátal as an measúnú go bhfuil anailís ar bhunchúiseanna nó bunchúiseanna gníomhaíochta ann agus an bealach/na bealaí gníomhaíochta chun an bhunchúis/na bunchúiseanna a dhíothú nó a mhaolú go héifeachtach ionas nach dtarlóidh an neamhchomhlíontacht/na neamhchomhlíontachtaí arís, glacfar leis an ngníomhaíocht cheartaitheach agus leis an bplean cur chun feidhme.

    Mura gcuireann an t-oibreoir tríú tír plean gníomhaíochta ceartaithí inghlactha isteach, dá dtagraítear in (e)(1), nó mura ndéanann sé an ghníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh laistigh den tréimhse ama ar ghlac an ghníomhaireacht léi nó ar chuir an ghníomhaireacht síneadh léi, ardófar an toradh go toradh leibhéal 1 agus déanfar beart mar a leagtar síos i bpointe ART.235(a).”;

    (xviii)

    i bpointe ART.235, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b), (c), (d) agus (e):

    “(b)

    Cuirfear an teorannú nó an fhionraí i leataobh nuair a bheidh an Ghníomhaireacht sásta go ndearna oibreoir tríú tír agus/nó Stát an oibreora nó an Stáit cláraithe, de réir mar is infheidhme, gníomh ceartaitheach rathúil.

    (c)

    Agus cur i leataobh fionraí á mheas ag an nGníomhaireacht, measfaidh sí iniúchadh a dhéanamh ar an oibreoir tríú tír nuair a bheidh na coinníollacha i bpointe ART.205(c) comhlíonta. I gcás inar de dheasca móreasnaimh i bhformhaoirseacht an iarratasóra ag Stát an oibreora nó Stát an chláraithe, de réir mar is infheidhme, a chuirtear an fionraí i bhfeidhm, féadfar a áireamh san iniúchadh measúnú arb é is aidhm dó a fhíorú ar ceartaíodh na heasnaimh mhaoirseachta sin.

    (d)

    Féadfaidh an Ghníomhaireacht an t-údarú a chúlghairm nuair nach mbeidh gníomhaíocht cheartaitheach rathúil déanta ag oibreoir tríú tír agus/nó Stát an oibreora nó an Stáit cláraithe, de réir mar is infheidhme, tar éis fionraí, laistigh de 12 mhí ar a mhéad.

    (e)

    Déanfaidh an Ghníomhaireacht an t-údarú a chúlghairm nuair a bheidh an t-oibreoir tríú tír faoi réir toirmeasc ar a oibriú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.”;

    (xix)

    cuirtear isteach an pointe ART.240 seo a leanas:

    “ART.240 Bailíocht an údaraithe

    (a)

    Nuair nach gcomhlíonann sealbhóir údaraithe TCO na ceanglais maidir le bailíocht leanúnach phointe TCO.320 d’Iarscríbhinn 1, cuirfidh an Ghníomhaireacht in iúl don oibreoir tríú tír agus do na Ballstáit nach bhfuil an t-údarú TCO bailí a thuilleadh.

    (b)

    Ar iarratas ar údarú nua a fháil tar éis don údarú roimhe sin teacht chun bheith neamhbhailí, déanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú de réir mar is gá chun a áirithiú go ndéanfar an oibríocht atá beartaithe i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme i gCuid-TCO.”;

    (xx)

    cuirtear isteach an pointe ART.245 seo a leanas:

    “ART.245 Eitiltí aonuaire chun fógra a thabhairt

    Ar fhógra a fháil ón oibreoir tríú tír de bhun phointe TCO.305 d’Iarscríbhinn 1, déanfaidh an Ghníomhaireacht a mheas, gan moill mhíchuí, an bhfuil na coinníollacha a bhunaítear i bpointe TCO.305 d’Iarscríbhinn 1 á gcomhlíonadh.

    Nuair a chinnfidh an Ghníomhaireacht nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i bpointe TCO.305 d’Iarscríbhinn 1 á gcomhlíonadh, cuirfidh an Ghníomhaireacht an t-oibreoir tríú tír agus an Ballstát nó na Ballstáit dá ndéantar difear ar an eolas faoi sin.”.


    (*1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2012 lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna an aeir agus forálacha oibríochtúla maidir le seirbhísí agus nósanna imeachta san aerloingseoireacht agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1035/2011 agus Rialacháin (CE) Uimh. 1265/2007, (CE) Uimh. 1794/2006, (CE) Uimh. 730/2006, (CE) Uimh. 1033/2006 agus (AE) Uimh. 255/2010 (IO L 281, 13.10.2012, lch. 1)”;

    (*2)  Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le tionóiscí agus teagmhais eitlíochta sibhialta a imscrúdú agus a chosc agus lena n-aisghairtear Treoir 94/56/CE (IO L 295, 12.11.2010, lch. 35).”;”


    Top