EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D0255
Council Decision (EU) 2020/255 of 17 February 2020 on the conclusion on behalf of the Union of the Agreement between the European Union and the Government of the People’s Republic of China on certain aspects of air services
Cinneadh (AE) 2020/255 ón gComhairle an 17 Feabhra 2020 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí
Cinneadh (AE) 2020/255 ón gComhairle an 17 Feabhra 2020 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí
ST/11033/2019/REV/1
IO L 55, 26.2.2020, p. 1–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/255/oj
26.2.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 55/1 |
CINNEADH (AE) 2020/255 ÓN GCOMHAIRLE
an 17 Feabhra 2020
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2), i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2018/1152 ón gComhairle (2), síníodh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí (an “Comhaontú”) faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta is déanaí. |
(2) |
Is é is cuspóir leis an gComhaontú comhaontuithe déthaobhacha maidir le haersheirbhísí idir 27 mBallstát agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne a chur i gcomhréir le dlí an Aontais. |
(3) |
Ba cheart an Comhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí (an “Comhaontú”) a fhormheas thar ceann an Aontais. (3)
Airteagal 2
Déanfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 6(1) den Chomhaontú. (4) a thabhairt.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Feabhra 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J.BORRELL FONTELLES
(1) Toiliú an 15 Eanáir 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Cinneadh (AE) 2018/1152 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2018, maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí (IO L 210, 21.8.2018, lch. 1).
(3) Féach leathanach 3 den Iris Oifigiúil seo.
(4) Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.