Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016M027

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach
    TEIDEAL V - FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA
    CAIBIDIL 2 - FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA
    ROINN 1 - FORÁLACHA COITEANNA
    Airteagal 27

    IO C 202, 7.6.2016, p. 32–32 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/teu_2016/art_27/oj

    7.6.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 202/32


    Airteagal 27

    1.   Rannchuideoidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, a rachaidh i gceannas ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha, leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála a fhorbairt trína thograí agus áiritheoidh sé cur chun feidhme na gcinntí arna nglacadh ag an gComhairle Eorpach agus ag an gComhairle.

    2.   Feidhmeoidh an tArdionadaí ar son an Aontais maidir leis na hábhair a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála. Seolfaidh sé agallamh polaitiúil le tríú páirtithe thar ceann an Aontais agus léireoidh sé seasamh an Aontais in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta.

    3.   Agus a shainordú á chomhall aige, beidh de chúnamh ag Ardionadaí an Aontais Seirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. Oibreoidh an tseirbhís sin i gcomhar le seirbhísí taidhleoireachta na mBallstát agus comhdhéanfar í d'oifigigh ó na rannóga ábhartha d'Ardrúnaíocht na Comhairle agus den Choimisiún mar aon le foireann arna tabhairt ar iasacht ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta na mBallstát. Socrófar eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí le cinneadh ón gComhairle. Gníomhóidh an Chomhairle ar thogra ón Ardionadaí, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus tar éis toiliú a fháil ón gCoimisiún.


    Top