Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02020L1828-20230502

    Consolidated text: Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2020/1828/2023-05-02

    02020L1828 — GA — 02.05.2023 — 001.001


    Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

    ►B

    TREOIR (AE) 2020/1828 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 25 Samhain 2020

    maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    (IO L 409 4.12.2020, lch. 1)

    Arna leasú le:

     

     

    Iris Oifigiúil

      Uimh

    Leathanach

    Dáta

    ►M1

    RIALACHÁN (AE) 2022/1925 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 14 Meán Fómhair 2022

      L 265

    1

    12.10.2022




    ▼B

    TREOIR (AE) 2020/1828 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 25 Samhain 2020

    maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



    CAIBIDIL 1

    ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

    Airteagal 1

    Ábhar agus cuspóir

    1.  
    Leis an Treoir seo, leagtar amach rialacha chun a áirithiú go mbeidh sásra caingne ionadaíche le comhleasanna tomhaltóirí a chosaint ar fáil i ngach Ballstát, agus go dtugtar na coimircí iomchuí chun dlíthíocht mhí-úsáideach a sheachaint. Is é is cuspóir don Treoir seo, trí ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach, rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí ghnéithe áirithe de dhlíthe, de rialacháin agus d’fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le caingne ionadaíocha a chomhfhogasú. Chuige sin, is é is aidhm don Treoir seo freisin feabhas a chur ar rochtain tomhaltóirí ar an gceartas.
    2.  
    Ní chuireann an Treoir seo cosc ar na Ballstáit modhanna nós imeachta a ghlacadh nó a choinneáil i bhfeidhm le comhleasanna tomhaltóirí a chosaint ar an leibhéal náisiúnta. Mar sin féin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh sásra nós imeachta amháin ar a laghad lena gceadaítear d’eintitis cháilithe caingne ionadaíocha a thabhairt chun críche bearta urghaire agus bearta sásaimh araon, an Treoir seo a chomhlíonadh. Ní bheidh cur chun feidhme na Treorach seo ina fhoras chun laghdú a dhéanamh ar chosaint tomhaltóirí sna réimsí a chumhdaítear faoi raon feidhme na ngníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn I.
    3.  
    Beidh cead ag eintitis cháilithe aon mhodhanna nós imeachta atá ar fáil dóibh faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, le comhleasanna tomhaltóirí a chosaint, a roghnú.

    Airteagal 2

    Raon feidhme

    1.  
    Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le caingne ionadaíocha a thugtar in aghaidh sáruithe ag trádálaithe ar na forálacha de chuid dhlí an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, lena n-áirítear na forálacha sin mar a trasuitear iad sa dlí náisiúnta, a dhéanann díobháil do chomhleasanna tomhaltóirí nó a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh dóibh. Ní dochar an Treoir seo d’fhorálacha dhlí an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn I. Tá feidhm aici maidir le sáruithe intíre agus trasteorann, lena n-áirítear cásanna ina bhfuil deireadh tagtha leis na sáruithe sula mbeidh an chaingean ionadaíoch tugtha nó cásanna ina bhfuil deireadh tagtha leis na sáruithe sula mbeidh an chaingean ionadaíoch tugtha i gcrích.
    2.  
    Ní dhéanann an Treoir seo difear do na rialacha faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta lena mbunaítear leigheasanna conarthacha agus neamhchonarthacha atá ar fáil do thomhaltóirí maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i mír 1.
    3.  
    Ní dochar an Treoir seo do rialacha an Aontais maidir leis an dlí idirnáisiúnta príobháideach, go háirithe na rialacha a bhaineann le dlínse agus le haithint agus forfheidhmiú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála agus na rialacha a bhaineann leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha agus neamhchonarthacha.

    Airteagal 3

    Sainmhínithe

    Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1) 

    ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha a ghníomhaíonn chun críoch nach mbaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm bheatha an duine sin;

    (2) 

    ciallaíonn “trádálaí” aon duine nádúrtha, nó aon duine dlítheanach gan beann ar é a bheith faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, a ghníomhaíonn, lena n-áirítear trí dhuine eile atá ag gníomhú faoi ainm an duine sin nó thar ceann an duine sin, chun críoch a bhfuil baint acu le trádáil, gnó, ceird nó gairm bheatha an duine sin;

    (3) 

    ciallaíonn “comhleasanna tomhaltóirí” leas ginearálta na dtomhaltóirí agus, go háirithe chun críocha beart sásaimh, leasanna grúpa tomhaltóirí;

    (4) 

    ciallaíonn “eintiteas cáilithe” aon eagraíocht nó comhlacht poiblí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna tomhaltóirí atá ainmnithe ag Ballstát mar eintiteas atá cáilithe chun caingne ionadaíocha a thabhairt i gcomhréir leis an Treoir seo;

    (5) 

    ciallaíonn “caingean ionadaíoch” caingean chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint arna tabhairt ag eintiteas cáilithe mar pháirtí is éilitheoir thar ceann tomhaltóirí le beart urghaire, beart sásaimh, nó an dá cheann, a lorg;

    (6) 

    ciallaíonn “caingean ionadaíoch intíre” caingean ionadaíoch arna tabhairt ag eintiteas cáilithe sa Bhallstát inar ainmníodh an t-eintiteas cáilithe;

    (7) 

    ciallaíonn “caingean ionadaíoch trasteorann” caingean ionadaíoch arna tabhairt ag eintiteas cáilithe i mBallstát seachas an Ballstát inar ainmníodh an t-eintiteas cáilithe;

    (8) 

    ciallaíonn “cleachtas” aon ghníomh nó aon neamhghníomh de chuid trádálaí;

    (9) 

    ciallaíonn “cinneadh críochnaitheach” cinneadh ó chúirt nó ó údarás riaracháin Ballstáit nach féidir a athbhreithniú nó nach féidir a athbhreithniú a thuilleadh trí ghnáthmhodhanna achomhairc;

    (10) 

    ciallaíonn “beart sásaimh” beart lena gceanglaítear ar thrádálaí leigheasanna amhail cúiteamh, deisiú, athsholáthar, laghdú praghsanna, foirceannadh conartha nó aisíocaíocht an phraghais a íocadh a chur ar fáil do na tomhaltóirí lena mbaineann, mar is iomchuí agus mar a bheidh fáil air faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.



    CAIBIDIL 2

    CAINGNE IONADAÍOCHA

    Airteagal 4

    Eintitis cháilithe

    1.  
    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé indéanta d’eintitis cháilithe atá ainmnithe ag na Ballstáit chuige sin caingne ionadaíocha dá bhforáiltear leis an Treoir seo a thabhairt.
    2.  
    Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil eintitis, go háirithe eagraíochtaí tomhaltóirí, lena n-áirítear eagraíochtaí tomhaltóirí a dhéanann ionadaíocht ar chomhaltaí ó níos mó ná aon Bhallstát amháin, incháilithe le bheith ainmnithe mar eintitis cháilithe chun críche caingne ionadaíocha intíre, nó caingne ionadaíocha trasteorann, nó an dá cheann, a thabhairt.
    3.  

    Ainmneoidh na Ballstáit eintiteas dá dtagraítear i mír 2 a rinne iarraidh le bheith ainmnithe mar eintiteas cáilithe chun críche caingne ionadaíocha trasteorann a thabhairt, más rud é go gcomhlíonann an t-eintiteas sin gach ceann de na critéir seo a leanas:

    (a) 

    is duine dlítheanach é atá bunaithe i gcomhréir le dlí náisiúnta Bhallstát a ainmnithe agus is féidir leis rannpháirtíocht 12 mhí a léiriú i ngníomhaíocht phoiblí iarbhír a bhain le leasanna tomhaltóirí a chosaint sula ndearna sé iarratas a chur isteach ar ainmniúchán;

    (b) 

    léirítear lena chuspóir reachtúil go bhfuil leas dlisteanach aige i leasanna tomhaltóirí a chosaint mar a fhoráiltear dó sna forálacha de dhlí an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn I;

    (c) 

    is de charachtar neamhbhrabúis é;

    (d) 

    níl sé ina ábhar d’imeachtaí dócmhainneachta agus níl dearbhú ann go bhfuil sé dócmhainneach;

    (e) 

    tá sé neamhspleách agus níl sé faoi thionchar daoine nach tomhaltóirí iad, go háirithe trádálaithe, a bhfuil leas eacnamaíoch acu in aon chaingean ionadaíoch a thabhairt, lena n-áirítear i gcás cistiú ó thríú páirtithe, agus, chuige sin, tá nósanna imeachta bunaithe aige le tionchar den sórt sin a chosc chomh maith le coinbhleachtaí leasa idir é féin, a sholáthraithe cistiúcháin agus leasanna tomhaltóirí a chosc;

    (f) 

    cuireann sé faisnéis ar fáil go poiblí, i bhfriotal simplí intuigthe trí mhodh iomchuí ar bith, go háirithe ar a shuíomh gréasáin, lena léirítear go gcomhlíonann an t-eintiteas na critéir a liostaítear i bpointí (a) go (e), chomh maith le faisnéis faoina fhoinsí cistiúcháin i gcoitinne, faoina struchtúr eagraíochtúil bainistíochta agus ballraíochta, a chríoch reachtúil agus a chuid gníomhaíochtaí.

    4.  
    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na critéir a úsáideann siad chun eintiteas a ainmniú mar eintiteas cáilithe chun críche caingne ionadaíocha intíre a thabhairt comhsheasmhach le cuspóirí na Treorach seo chun go bhfeidhmeoidh na caingne ionadaíocha sin go héifeachtach agus go héifeachtúil.
    5.  
    Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhfuil feidhm ag na critéir a liostaítear i mír 3 freisin maidir le heintitis cháilithe a ainmniú chun críche caingne ionadaíocha intíre a thabhairt.
    6.  
    Féadfaidh na Ballstáit eintiteas a ainmniú mar eintiteas cáilithe ar bhonn ad hoc, chun críche caingne ionadaíche intíre áirithe a thabhairt, arna iarraidh sin don eintiteas, má chomhlíonann sé na critéir maidir le hainmniú mar eintiteas cáilithe dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta.
    7.  
    D’ainneoin mhíreanna 3 agus 4, féadfaidh na Ballstáit comhlachtaí poiblí a ainmniú mar eintitis cháilithe chun críche caingne ionadaíocha a thabhairt. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhfuil comhlachtaí poiblí atá ainmnithe cheana mar eintitis cháilithe de réir bhrí Airteagal 3 de Threoir 2009/22/CE le leanúint de bheith ina n-eintitis ainmnithe chun críocha na Treorach seo.

    Airteagal 5

    Faisnéis agus faireachán ar eintitis cháilithe

    1.  
    Tabharfaidh gach Ballstát liosta don Choimisiún de na heintitis cháilithe a d’ainmnigh sé roimh ré chun críche caingne ionadaíocha trasteorann a thabhairt, lena n-áirítear ainm agus críoch reachtúil na n-eintiteas cáilithe sin, faoin 26 Nollaig 2023. Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún aon uair a thiocfaidh athrú ar an liosta sin. Déanfaidh na Ballstáit an liosta sin a chur ar fáil don phobal.

    Tiomsóidh an Coimisiún liosta achomair de na heintitis cháilithe sin agus cuirfidh sé é ar fáil don phobal. Tabharfaidh an Coimisiún an liosta cothrom le dáta aon uair a chuirfear aon athruithe a dhéanfar ar liostaí eintitis cháilithe na mBallstát in iúl don Choimisiún.

    2.  
    Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faisnéis faoi na heintitis cháilithe arna n-ainmniú roimh ré chun críche caingne ionadaíocha intíre a thabhairt a chur ar fáil don phobal.
    3.  
    Gach cúig bliana, ar a laghad, déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an bhfuil na critéir a liostaítear in Airteagal 4(3) fós á gcomhlíonadh ag na heintitis cháilithe. Áiritheoidh na Ballstáit go gcaillfidh an t-eintiteas cáilithe a stádas mura gcomhlíonann sé a thuilleadh ceann amháin nó níos mó de na critéir sin.
    4.  
    Má thugann Ballstát nó an Coimisiún ábhair imní ar aird faoi cibé acu an bhfuil na critéir a liostaítear in Airteagal 4(3) á gcomhlíonadh ag eintiteas cáilithe, déanfaidh an Ballstát a d’ainmnigh an t-eintiteas cáilithe sin na hábhair imní a scrúdú. Más iomchuí, déanfaidh na Ballstáit ainmniúchán an eintitis cháilithe sin a chúlghairm mura bhfuil ceann amháin nó níos mó de na critéir sin á gcomhlíonadh aige a thuilleadh. Beidh an ceart ag an trádálaí is cosantóir i gcaingean ionadaíoch ábhair imní a bhfuil bonn cirt leo a thabhairt ar aird chuig an gcúirt nó an údarás riaracháin faoi cibé acu an bhfuil na critéir a liostaítear in Airteagal 4(3) á gcomhlíonadh ag eintiteas cáilithe.
    5.  
    Ainmneoidh na Ballstáit pointí teagmhála náisiúnta chun críocha mhír 4 agus cuirfidh siad ainm agus sonraí teagmhála na bpointí teagmhála sin in iúl don Choimisiún. Tiomsóidh an Coimisiún liosta de na pointí teagmhála sin agus cuirfidh sé ar fáil do na Ballstáit é.

    Airteagal 6

    Caingne ionadaíocha trasteorann a thabhairt

    1.  
    Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le heintitis cháilithe atá ainmnithe roimh ré i mBallstát eile chun críche caingne ionadaíocha trasteorann a thabhairt caingne ionadaíocha den sórt sin a thabhairt os comhair a gcúirteanna nó a n-údarás riaracháin.
    2.  
    Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndéanfaidh an sárú a líomhnaítear ar dhlí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 2(1) difear do thomhaltóirí i mBallstáit éagsúla nó más dócha go ndéanfaidh sé difear do thomhaltóirí i mBallstáit éagsúla, féadfaidh roinnt eintiteas cáilithe ó roinnt Ballstát an chaingean ionadaíoch a thabhairt os comhair cúirt nó údarás riaracháin Ballstáit d’fhonn comhleasanna tomhaltóirí i mBallstáit éagsúla a chosaint.
    3.  
    Glacfaidh cúirteanna agus údaráis riaracháin leis an liosta dá dtagraítear in Airteagal 5(1) mar chruthúnas ar sheasamh dlíthiúil an eintitis cháilithe chun caingean ionadaíoch a thabhairt, gan dochar do cheart na cúirte nó an údaráis riaracháin ar os a comhair nó os a chomhair a thugtar é chun a scrúdú an bhfuil cuspóir reachtúil an eintitis cháilithe ina bhonn cirt leis an eintiteas sin caingean a thabhairt i gcás sonrach.

    Airteagal 7

    Caingne ionadaíocha

    1.  
    Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le heintitis cháilithe arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 4 caingne ionadaíocha faoi mar a fhoráiltear dóibh leis an Treoir seo a thabhairt os comhair a gcúirteanna náisiúnta nó a n-údarás riaracháin.
    2.  
    Agus caingean ionadaíoch á tabhairt, déanfaidh an t-eintiteas cáilithe faisnéis leordhóthanach faoi na tomhaltóirí lena mbaineann an chaingean ionadaíoch a chur ar fáil don chúirt nó don údarás riaracháin.
    3.  
    Déanfaidh na cúirteanna nó na húdaráis riaracháin measúnú ar inghlacthacht caingne ionadaíche sonraí i gcomhréir leis an Treoir seo agus leis an dlí náisiúnta.
    4.  

    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh eintitis cháilithe i dteideal na bearta seo a leanas ar a laghad a lorg:

    (a) 

    bearta urghaire;

    (b) 

    bearta sásaimh.

    5.  
    Féadfaidh na Ballstáit a chur ar a gcumas d’eintitis cháilithe na bearta dá dtagraítear i mír 4 a lorg laistigh d’aon chaingean ionadaíoch amháin, i gcás inarb iomchuí. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin go bhfuil na bearta sin le cur in aon chinneadh amháin.
    6.  
    Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh eintitis cháilithe ionadaíocht ar leasanna na dtomhaltóirí i gcaingne ionadaíocha, agus go mbeidh ag na heintitis cháilithe sna himeachtaí sin na cearta agus na hoibleagáidí a bhíonn ag páirtí is éilitheoir sna himeachtaí. Beidh na tomhaltóirí lena mbaineann caingean ionadaíoch i dteideal tairbhe a bhaint as na bearta dá dtagraítear i mír 4.
    7.  
    Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbeidh cúirteanna nó údaráis riaracháin ábalta cásanna ina bhfuil sé soiléir nach bhfuil aon bhunús leo a dhíbhe ag an gcéim is luaithe is féidir de na himeachtaí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

    Airteagal 8

    Bearta urghaire

    1.  

    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na bearta urghaire dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 7(4) ar fáil sna foirmeacha seo a leanas:

    (a) 

    beart sealadach chun go scoirfí de chleachtas nó, i gcás inarb iomchuí, chun toirmeasc a chur ar chleachtas, sa chás gur measadh gur sárú mar a thagraítear dó in Airteagal 2(1) é an cleachtas sin;

    (b) 

    beart cinntitheach chun go scoirfí de chleachtas nó, i gcás inarb iomchuí, toirmeasc a chur ar chleachtas, sa chás gur measadh gur sárú mar a thagraítear dó in Airteagal 2(1) é an cleachtas sin.

    2.  

    Féadfar a áireamh ar bheart dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, má fhoráiltear dó sa dlí náisiúnta:

    (a) 

    beart lena suitear gur sárú mar a thagraítear dó in Airteagal 2(1) é an cleachtas; agus

    (b) 

    oibleagáid an cinneadh faoin mbeart a fhoilsiú go hiomlán nó go páirteach, i cibé foirm a mheasann an chúirt nó an t-údarás riaracháin a bheith leordhóthanach, nó oibleagáid ráiteas ceartaitheach a fhoilsiú.

    3.  

    Chun go lorgóidh eintiteas cáilithe beart urghaire, ní bheidh de cheangal ar thomhaltóirí aonair a rá gur mian leo go ndéanfaidh an t-eintiteas cáilithe sin ionadaíocht orthu. Ní bheidh de cheangal ar an eintiteas cáilithe cruthúnas a thabhairt maidir leis an méid seo a leanas:

    (a) 

    caillteanas nó díobháil iarbhír ar thaobh na dtomhaltóirí aonair a ndearna an sárú mar a thagraítear dó in Airteagal 2(1) difear dóibh; nó

    (b) 

    intinn nó faillí ar thaobh an trádálaí.

    4.  
    Féadfaidh na Ballstáit forálacha a thabhairt isteach ina ndlí náisiúnta nó a choinneáil ar bun ann, faoinarb amhlaidh nach gceadaítear d’eintiteas cáilithe an beart urghaire dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a lorg ach amháin tar éis dó dul i mbun comhairliúcháin leis an trádálaí lena mbaineann agus é mar aidhm aige a chur faoi deara go scoirfidh an trádálaí sin den sárú faoi mar a thagraítear dó in Airteagal 2(1). I gcás nach scoireann an trádálaí den sárú sin laistigh de dhá sheachtain tar éis dó an iarraidh ar chomhairliúchán a fháil, féadfaidh an t-eintiteas cáilithe caingean ionadaíoch a thabhairt ar bheart urghaire láithreach.

    Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún i dtaobh aon fhorálacha den sórt sin de chuid an dlí náisiúnta. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.

    Airteagal 9

    Bearta sásaimh

    1.  
    Ceanglófar ar an trádálaí, i ngeall ar bheart sásaimh, leigheasanna amhail cúiteamh, deisiú, athsholáthar, laghdú praghsanna, foirceannadh conartha nó aisíocaíocht an phraghais a íocadh a chur ar fáil do na tomhaltóirí lena mbaineann, de réir mar is iomchuí agus de réir mar a bheidh fáil ar na leigheasanna sin faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.
    2.  
    Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le conas agus ag cén chéim de chaingean ionadaíoch le haghaidh bearta sásaimh a dhéanfaidh na tomhaltóirí aonair a mbaineann an chaingean ionadaíoch sin leo a chur in iúl, go sainráite nó go hintuigthe, laistigh de theorainn ama iomchuí, tar éis an chaingean ionadaíoch sin a thabhairt, gur mian leo go ndéanfaidh nó nach ndéanfaidh an t-eintiteas cáilithe ionadaíocht orthu sa chaingean ionadaíoch sin agus a bheith nó gan a bheith faoi cheangal ag toradh na caingne ionadaíche sin.
    3.  
    In ainneoin mhír 2, áiritheoidh na Ballstáit nach mór do thomhaltóirí aonair nach bhfuil gnáthchónaí orthu i mBallstát na cúirte nó an údaráis riaracháin ar tugadh caingean ionadaíoch os a comhair nó os a chomhair a chur in iúl go sainráite gur mian leo go ndéanfaí ionadaíocht orthu sa chaingean ionadaíoch sin chun go mbeidh na tomhaltóirí sin faoi cheangal ag toradh na caingne ionadaíche sin.
    4.  
    Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos le háirithiú, i gcás na dtomhaltóirí a léirigh go sainráite nó go hintuigthe gur mian leo go ndéanfaí ionadaíocht orthu i gcaingean ionadaíoch, nach féidir ionadaíocht a dhéanamh orthu i gcaingne ionadaíocha eile leis an gcúis caingne chéanna agus i gcoinne an trádálaí chéanna ná nach féidir leo caingean a thabhairt ar bhonn aonair leis an gcúis caingne chéanna agus i gcoinne an trádálaí chéanna. Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos freisin le háirithiú nach bhfaighidh tomhaltóirí cúiteamh níos mó ná aon uair amháin don chúis caingne chéanna i gcoinne an trádálaí chéanna.
    5.  
    Sa chás nach sonraítear i mbeart sásaimh tomhaltóirí aonair atá i dteideal tairbhe a bhaint as leigheasanna arna gcur ar fáil faoin mbeart sásaimh, tabharfar tuairisc ann ar a laghad ar an ngrúpa tomhaltóirí atá i dteideal tairbhe a bhaint as na leigheasanna sin.
    6.  
    Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh beart sásaimh teideal do thomhaltóirí tairbhiú de na leigheasanna a thugtar leis an mbeart sásaimh sin gan an gá caingean ar leith a thabhairt iad féin.
    7.  
    Déanfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos nó a choinneáil ar bun maidir le teorainneacha ama do thomhaltóirí aonair chun tairbhe a bhaint as bearta sásaimh. Féadfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le ceann scríbe aon chistí sásaimh a fágadh gan íoc agus nach n-aisghabhtar laistigh de na teorainneacha ama a leagadh síos.
    8.  
    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh eintitis cháilithe in ann caingne ionadaíocha le haghaidh beart sásaimh a thabhairt gan é a bheith riachtanach do chúirt nó d’údarás riaracháin bheith tar éis sárú mar a thagraítear dó in Airteagal 2(1) a shuí roimh ré in imeachtaí ar leithligh.
    9.  
    Maidir le leigheasanna a chuirtear ar fáil trí bhíthin bearta sásaimh mar chuid de chaingean ionadaíoch, ní dochar iad d’aon leigheasanna breise atá ar fáil do thomhaltóirí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, ar leigheasanna iad nach raibh ina n-ábhar don chaingean ionadaíoch sin.

    Airteagal 10

    Caingne ionadaíocha le haghaidh bearta sásaimh a mhaoiniú

    1.  
    Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina gcisteoidh tríú páirtí caingean ionadaíoch le haghaidh bearta sásaimh, a mhéid a cheadaítear sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go gcoiscfear coinbhleachtaí leasa agus nach mbeidh sé mar thoradh ar chistiú ó thríú páirtithe a bhfuil leas eacnamaíoch acu i gcaingean ionadaíoch le haghaidh bearta sásaimh a thabhairt nó i dtoradh na caingne ionadaíche le haghaidh bearta sásaimh go n-atreorófar an chaingean ionadaíoch ó chomhleasanna tomhaltóirí a chosaint.
    2.  

    Chun críocha mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit an méid a leanas go háirithe:

    (a) 

    nach n-imreoidh tríú páirtí tionchar míchuí ar chinntí an eintitis cháilithe i gcomhthéacs caingean ionadaíoch, lena n-áirítear cinntí maidir le socraíocht, ar bhealach a bheadh díobhálach do chomhleasanna na dtomhaltóirí a mbaineann an chaingean ionadaíoch leo;

    (b) 

    nach dtabharfar an chaingean ionadaíoch in aghaidh cosantóir ar iomaitheoir de chuid an tsoláthraí cistiúcháin é nó in aghaidh cosantóir a bhfuil an soláthraí cistiúcháin spleách air.

    3.  
    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh de chumhacht ag cúirteanna nó ag údaráis riaracháin i gcaingne ionadaíocha le haghaidh bearta sásaimh measúnú a dhéanamh á rá an amhlaidh go gcomhlíontar míreanna 1 agus 2 i gcásanna ina dtagann aon amhras a bhfuil bonn cirt leis chun cinn maidir leis an gcomhlíonadh sin. Chuige sin, nochtfaidh eintitis cháilithe don chúirt nó don údarás riaracháin forléargas airgeadais ina liostófar foinsí maoinithe arna n-úsáid chun tacú leis an gcaingean ionadaíoch.
    4.  
    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh de chumhacht ag cúirteanna nó údaráis riaracháin, chun críocha mhíreanna 1 agus 2, bearta iomchuí a ghlacadh, amhail ceangal a chur ar an eintiteas cáilithe an cistiú ábhartha a dhiúltú nó athruithe a dhéanamh ina leith agus, más gá, chun seasamh dlíthiúil an eintitis cháilithe a dhiúltú i gcaingean ionadaíoch ar leith. Má dhiúltaítear do sheasamh dlíthiúil an eintitis cháilithe i gcaingean ionadaíoch ar leith, ní dhéanfaidh an diúltú sin difear do chearta na dtomhaltóirí a mbaineann an chaingean ionadaíoch sin leo.

    Airteagal 11

    Socraíochtaí sásaimh

    1.  

    Chun críche socraíochtaí a fhormheas, áiritheoidh na Ballstáit an méid seo i gcaingean ionadaíoch le haghaidh bearta sásaimh:

    (a) 

    féadfaidh an t-eintiteas cáilithe agus an trádálaí go comhpháirteach socrú i ndáil le sásamh do na tomhaltóirí lena mbaineann a mholadh don chúirt nó don údarás riaracháin; nó

    (b) 

    féadfaidh an chúirt nó an t-údarás riaracháin, tar éis di nó dó dul i gcomhairle leis an eintiteas cáilithe agus leis an trádálaí, a iarraidh ar an eintiteas cáilithe agus ar an trádálaí teacht ar shocraíocht maidir le sásamh laistigh de theorainn ama réasúnta.

    2.  
    Beidh na socraíochtaí dá dtagraítear i mír 1 faoi réir ghrinnscrúdú na cúirte nó an údaráis riaracháin. Déanfaidh an chúirt nó an t-údarás riaracháin measúnú ar cé acu an bhfuil uirthi nó air diúltú socraíocht a fhormheas atá contrártha le forálacha den dlí náisiúnta sainordaitheach nó a bhfuil coinníollacha nach féidir a fhorfheidhmiú ar áireamh inti, ag cur san áireamh chearta agus leasanna na bpáirtithe uile, agus go háirithe leasanna na dtomhaltóirí lena mbaineann. Féadfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos a cheadóidh don chúirt nó don údarás riaracháin diúltú formheas a thabhairt ar na forais go bhfuil an tsocraíocht éagórach.
    3.  
    Mura bhformheasann an chúirt nó an t-údarás riaracháin an tsocraíocht, leanfaidh sí nó sé den chaingean ionadaíoch lena mbaineann a éisteacht.
    4.  
    Beidh socraíochtaí formheasta ina gceangal ar an eintiteas cáilithe, ar an trádálaí agus ar na tomhaltóirí aonair lena mbaineann.

    Féadfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos lena dtabharfar do na tomhaltóirí aonair lena mbaineann caingean ionadaíoch agus lena mbaineann an tsocraíocht a dhéanfar dá héis an fhéidearthacht glacadh le bheith faoi cheangal socraíochtaí dá dtagraítear i mír 1 nó diúltú a bheith faoi cheangal amhlaidh.

    5.  
    Ní dochar an sásamh a gheofar trí bhíthin socraíocht fhormheasta i gcomhréir le mír 2 d’aon leigheasanna breise a bheidh ar fáil do thomhaltóirí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta agus nárbh ábhar don tsocraíocht sin iad.

    Airteagal 12

    Costais caingne ionadaíche le haghaidh beart sásaimh a leithdháileadh

    1.  
    Áiritheoidh na Ballstáit go gceanglófar ar an bpáirtí nár éirigh leis i gcaingean ionadaíoch le haghaidh beart sásaimh costais na n-imeachtaí arna n-iompar ag an bpáirtí a n-éireoidh leis a íoc, i gcomhréir le coinníollacha agus eisceachtaí dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta is infheidhme maidir le himeachtaí cúirte i gcoitinne.
    2.  
    Ní íocfaidh tomhaltóirí aonair lena mbaineann caingean ionadaíoch le haghaidh bearta sásaimh costais na n-imeachtaí.
    3.  
    De mhaolú ar mhír 2, in imthosca eisceachtúla féadfaidh sé go n-ordófar do thomhaltóir aonair lena mbaineann caingean ionadaíoch le haghaidh bearta sásaimh costais imeachtaí a íoc, ar costais iad a tabhaíodh mar thoradh ar iompar intinneach nó faillíoch an tomhaltóra aonair.

    Airteagal 13

    Faisnéis maidir le caingne ionadaíocha

    1.  

    Leagfaidh na Ballstáit rialacha síos lena n-áiritheofar go gcuirfidh eintitis cháilithe faisnéis ar fáil, go háirithe ar a suíomh gréasáin, faoin méid seo a leanas:

    (a) 

    na caingne ionadaíocha a bhfuil cinneadh déanta acu iad a thabhairt os comhair cúirte nó údaráis riaracháin;

    (b) 

    stádas na gcaingne ionadaíocha atá tugtha acu os comhair cúirte nó údaráis riaracháin; agus

    (c) 

    torthaí na gcaingne ionadaíocha dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b).

    2.  
    Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha chun a áirithiú go dtabharfar eolas do na tomhaltóirí lena mbaineann caingean ionadaíoch ar bhearta sásaimh atá ar siúl faoin gcaingean ionadaíoch go pras agus go hiomchuí, chun go mbeidh ar chumas na dtomhaltóirí sin a léiriú go sainráite nó go hintuigthe gur mian leo go ndéanfar ionadaíocht orthu sa chaingean ionadaíoch sin de bhun Airteagal 9(2).
    3.  
    Gan dochar don fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, ceanglóidh an chúirt nó an t-údarás riaracháin ar an trádálaí na tomhaltóirí lena mbaineann an chaingean ionadaíoch a chur ar an eolas, ar chostas an trádálaí, maidir le haon chinntí críochnaitheacha lena bhforáiltear do na bearta dá dtagraítear in Airteagal 7 agus maidir le haon socraíochtaí formheasta dá dtagraítear in Airteagal 11, ar bhealach is iomchuí d’imthosca an cháis agus laistigh de theorainneacha ama sonracha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí gach tomhaltóir ar leith lena mbaineann a chur ar an eolas. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid seo más ar bhealach éigin eile a chuirtear na tomhaltóirí lena mbaineann ar an eolas faoin gcinneadh críochnaitheach nó faoin tsocraíocht fhormheasta.

    Féadfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos ar fúthu nach mbeadh sé de cheangal ar an trádálaí an t-eolas sin a chur ar fáil do thomhaltóirí ach amháin dá n-iarrfadh an t-eintiteas cáilithe air déanamh amhlaidh.

    4.  
    Beidh feidhm ag na ceanglais faisnéise dá dtagraítear i mír 3 mutatis mutandis maidir le heintitis cháilithe i ndáil le cinntí críochnaitheacha faoi dhiúltú do chaingne ionadaíocha le haghaidh bearta sásaimh nó na caingne sin a dhíbhe.
    5.  
    Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir leis an bpáirtí a n-éireoidh leis na costais a bhaineann le faisnéis a chur ar fáil do thomhaltóirí i gcomhthéacs an chaingean ionadaíoch a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 12(1).

    Airteagal 14

    Bunachair sonraí leictreonacha

    1.  
    Féadfaidh na Ballstáit bunachair sonraí náisiúnta leictreonacha a chur ar bun a bheidh inrochtana don phobal trí shuímh ghréasáin agus a chuireann faisnéis ar fáil faoi eintitis cháilithe atá ainmnithe roimh ré chun críche ginearálta caingne ionadaíocha intíre agus trasteorann agus faisnéis ghinearálta faoi chaingne ionadaíocha atá ar siúl agus atá tugtha chun críche a thabhairt.
    2.  
    I gcás ina gcuireann Ballstát bunachar sonraí leictreonach dá dtagraítear i mír 1 ar bun, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún maidir leis an seoladh idirlín ag a bhfuil an bunachar sonraí leictreonach inrochtana.
    3.  

    Déanfaidh an Coimisiún bunachar sonraí leictreonach a chur ar bun agus a choimeád ar bun chun na gcríoch seo a leanas:

    (a) 

    gach cumarsáid idir na Ballstáit agus an Coimisiún dá dtagraítear in Airteagail 5(1), 5(4) agus 5(5) agus Airteagal 23(2); agus

    (b) 

    an comhar idir na heintitis cháilithe dá dtagraítear in Airteagal 20(4).

    4.  

    Beidh an bunachar sonraí leictreonach dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo inrochtana go díreach, a mhéid is ábhartha, faoi seach, díobh seo a leanas:

    (a) 

    na pointí teagmhála náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 5(5);

    (b) 

    cúirteanna agus údaráis riaracháin, más gá faoin dlí náisiúnta;

    (c) 

    na heintitis cháilithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit chun críche caingne ionadaíocha intíre agus caingne ionadaíocha trasteorann a thabhairt; agus

    (d) 

    an Coimisiún.

    Cuirfear ar fáil don phobal faisnéis arna roinnt ag na Ballstáit laistigh den bhunachar sonraí leictreonach dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal sin maidir le heintitis cháilithe arna n-ainmniú chun críche caingne ionadaíocha trasteorann a thabhairt dá dtagraítear in Airteagal 5(1).

    Airteagal 15

    Éifeachtaí cinntí críochnaitheacha

    Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh gach páirtí an cinneadh críochnaitheach ó chúirt nó ó údarás riaracháin de chuid aon Bhallstáit a bhaineann le sárú lena ndéantar díobháil do chomhleasanna tomhaltóirí a bheith ann a úsáid mar fhianaise i gcomhréir leis an dlí náisiúnta maidir le meastóireacht a dhéanamh ar fhianaise, i gcomhthéacs aon chaingean eile os comhair a gcúirteanna náisiúnta nó a n-údaráis riaracháin chun bearta sásaimh a lorg in aghaidh an trádálaí céanna maidir leis an glceachtas céanna, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta maidir le meastóireacht a dhéanamh ar fhianaise.

    Airteagal 16

    Tréimhsí teorann

    1.  
    I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé d’éifeacht ag caingean ionadaíoch ar bheart urghaire dá dtagraítear in Airteagal 8 atá ar feitheamh tréimhsí teorann is infheidhme a fhionraí nó a bhriseadh i ndáil leis na tomhaltóirí a mbaineann an chaingean ionadaíoch sin leo, ionas nach gcoisctear ar na tomhaltóirí sin caingean le haghaidh bearta sásaimh a thabhairt ina dhiaidh sin maidir leis an sárú a líomhnaítear mar a thagraítear dó in Airteagal 2(1) toisc go ndeachaigh na tréimhsí teorann is infheidhme in éag le linn na caingne ionadaíche le haghaidh na mbeart urghaire sin.
    2.  
    Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbeidh sé d’éifeacht ag caingean ionadaíoch ar bheart sásaimh atá ar feitheamh dá dtagraítear in Airteagal 9(1) tréimhsí teorann is infheidhme a fhionraí nó a bhriseadh i ndáil leis na tomhaltóirí a mbaineann an chaingean ionadaíoch sin leo.

    Airteagal 17

    Luas an nós imeachta

    1.  
    Áiritheoidh na Ballstáit go ndéileálfar leis na caingne ionadaíocha le haghaidh bearta urghaire dá dtagraítear in Airteagal 8 leis an luas cuí.
    2.  
    Más iomchuí, is trí bhíthin nós imeachta achomair a dhéileálfar le caingne ionadaíocha le haghaidh bearta urghaire dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 8(1).

    Airteagal 18

    Fianaise a nochtadh

    Sa chás gur sholáthair eintiteas cáilithe fianaise atá ar fáil go réasúnta agus ar leor í chun tacú le caingean ionadaíoch, agus má shonraigh an t-eintiteas sin go bhfuil fianaise bhreise faoi rialú an chosantóra nó tríú páirtí, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chúirt nó an t-údarás riaracháin in ann a ordú, arna iarraidh sin don eintiteas cáilithe sin, go nochtfaidh an cosantóir nó an tríú páirtí an fhianaise sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nós imeachta, faoi réir na rialacha de chuid an Aontais agus na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le rúndacht agus comhréireacht. Áiritheoidh na Ballstáit, ar iarraidh a fháil ón gcosantóir, go mbeidh an chúirt nó an t-údarás riaracháin in ann a ordú freisin don eintiteas cáilithe nó don tríú páirtí fianaise ábhartha a nochtadh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta um nósanna imeachta.

    Airteagal 19

    Pionóis

    1.  

    Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i gcás ina mainneofar nó ina ndiúltófar na nithe seo a leanas a chomhlíonadh:

    (a) 

    beart urghaire dá dtagraítear in Airteagal 8(1) nó i bpointe (b) d’Airteagal 8(2); nó

    (b) 

    oibleagáidí dá dtagraítear in Airteagail 13(3) nó in Airteagal 18.

    Déanfaidh na Ballstáit cibé bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha sin chun feidhme. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

    2.  
    Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir na pionóis a bheith, inter alia, i bhfoirm fíneálacha.

    Airteagal 20

    Cúnamh d’eintitis cháilithe

    1.  
    Glacfaidh na Ballstáit bearta arb é is aidhm dóibh a áirithiú nach gcuirfidh costais na n-imeachtaí a bhaineann le caingne ionadaíocha cosc ar eintitis cháilithe a gceart ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 7 a lorg a fheidhmiú go héifeachtach.
    2.  
    I measc na mbeart dá dtagraítear i mír 1, d’fhéadfadh siad a bheith i bhfoirm cistiú poiblí„ mar shampla, lena n-áirítear tacaíocht struchtúrtha d’eintitis cháilithe, teorainn a chur leis na táillí cúirte nó riaracháin is infheidhme, nó rochtain a thabhairt ar chúnamh dlíthiúil.
    3.  
    Féadfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos lena gceadófar d’eintitis cháilithe a cheangal ar thomhaltóirí a chuir in iúl gur mian leo go ndéanfadh eintiteas cáilithe ionadaíocht orthu i gcaingean ionadaíoch ar leith le haghaidh bearta sásaimh táille bheag iontrála nó muirear den chineál céanna a íoc chun a bheith rannpháirteach sa chaingean ionadaíoch sin.
    4.  
    Tacóidh na Ballstáit agus an Coimisiún leis an gcomhar idir eintitis cháilithe agus malartú agus scaipeadh a ndea-chleachtas agus a dtaithí maidir le bheith ag déileáil le sáruithe intíre agus le sáruithe trasteorann mar a thagraítear dóibh in Airteagal 2(1), agus éascóidh siad an méid sin.



    CAIBIDIL 3

    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 21

    Aisghairm

    Aisghairtear Treoir 2009/22/CE le héifeacht ón 25 Meitheamh 2023 gan dochar d’Airteagal 22(2) den Treoir seo.

    Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

    Airteagal 22

    Forálacha idirthréimhseacha

    1.  
    Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin lena dtrasuitear an Treoir seo, cuirfidh na Ballstáit iad i bhfeidhm maidir le caingne ionadaíocha a thugtar ar an 25 Meitheamh 2023 nó ina dhiaidh sin.
    2.  
    Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin lena dtrasuitear Treoir 2009/22/CE, cuirfidh na Ballstáit iad i bhfeidhm maidir le caingne ionadaíocha a thugtar roimh an 25 Meitheamh 2023.
    3.  
    Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin náisiúnta maidir le tréimhsí teorann lena dtrasuitear Airteagal 16 a fhionraí nó a bhriseadh infheidhme ach amháin maidir le héilimh ar shásamh atá bunaithe ar na sáruithe mar a thagraítear dóibh in Airteagal 2(1) a tharla ar an 25 Meitheamh 2023 nó ina dhiaidh sin. Ní chuirfear cosc, leis sin, ar chur i bhfeidhm forálacha náisiúnta maidir le tréimhsí teorann a fhionraí nó a bhriseadh, ar tréimhsí iad a bhí i bhfeidhm roimh an 25 Meitheamh 2023 maidir le héilimh ar shásamh atá bunaithe ar sháruithe faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 2(1) a tharla roimh an dáta sin.

    Airteagal 23

    Faireachán agus meastóireacht

    1.  
    Tráth nach luaithe ná an 26 Meitheamh 2028, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo agus tíolacfaidh sé tuarascáil maidir leis na príomhthorthaí chuig Parlaimint na hEorpa, an gComhairle agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Déanfar an mheastóireacht i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr. Sa tuarascáil, déanfaidh an Coimisiún measúnú go háirithe ar raon feidhme na Treorach seo a leagtar síos in Airteagal 2 agus in Iarscríbhinn I agus ar fheidhmiú agus éifeachtacht na Treorach seo i gcásanna trasteorann, lena n-áirítear i dtéarmaí deimhneachta dlíthiúla.
    2.  

    Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún, den chéad uair faoin 26 Meitheamh 2027 agus go bliantúil ina dhiaidh sin, an fhaisnéis seo a leanas atá riachtanach chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a ullmhú:

    (a) 

    líon agus cineál na gcaingean ionadaíoch a tugadh chun críche os comhair aon cheann dá gcúirteanna nó dá n-údaráis riaracháin;

    (b) 

    cineál na sáruithe faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 2(1) agus na páirtithe sna caingne ionadaíocha sin;

    (c) 

    torthaí na gcaingean ionadaíoch sin.

    3.  
    Faoin 26 Meitheamh 2028, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht i dtaobh arbh fhearr aghaidh a thabhairt ar chaingne ionadaíocha trasteorann ar leibhéal an Aontais trí Ombudsman Eorpach um chaingne ionadaíocha le haghaidh bearta urghaire agus bearta sásaimh a bhunú agus tíolacfaidh sé tuarascáil ar a phríomhthorthaí chuig Parlaimint na hEorpa, an gComhairle agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus beidh togra reachtach, ag gabháil leis an tuarascáil sin, más iomchuí.

    Airteagal 24

    Trasuí

    1.  
    Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 25 Nollaig 2022. Cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún láithreach.

    Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 25 Meitheamh 2023.

    Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos an bealach a ndéanfar tagairt den sórt sin.

    2.  
    Déanfaidh na Ballstáit téacs bhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

    Airteagal 25

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 26

    Seolaithe

    Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.




    IARSCRÍBHINN I

    LIOSTA D’FHORÁLACHA DHLÍ AN AONTAIS DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2(1)

    (1) 

    Treoir 85/374/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1985 maidir le comhfhogasú fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann le dliteanas i leith táirgí lochtacha (IO L 210, 7.8.1985, lch. 29).

    (2) 

    Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

    (3) 

    Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 1997 maidir le dliteanas aeriompróirí i ndáil le hiompar paisinéirí agus a gcuid bagáiste d’aer (IO L 285, 17.10.1997, lch. 1).

    (4) 

    Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí ó thaobh praghsanna táirgí a thairgtear do thomhaltóirí a chur in iúl (IO L 80, 18.3.1998, lch. 27).

    (5) 

    Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le gnéithe áirithe de dhíolachán earraí tomhaltóra agus na ráthaíochtaí gaolmhara (IO L 171, 7.7.1999, lch. 12).

    (6) 

    Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“an Treoir maidir le trádáil leictreonach”) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1): Airteagail 5-7, 10 agus 11.

    (7) 

    Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir le Cód an Chomhphobail i dtaca le táirgí íocshláinte atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67): Airteagail 86-90, 98 agus 100.

    (8) 

    Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4): Airteagail 3 agus 5.

    (9) 

    Treoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí i dtaca le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (an Treoir um Sheirbhís Uilíoch) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 51): Airteagal 10 agus Caibidil IV.

    (10) 

    Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37): Airteagail 4–8 agus 13.

    (11) 

    Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2002 maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí agus lena leasaítear Treoir 90/619/CEE ón gComhairle agus Treoracha 97/7/CE agus 98/27/CE (IO L 271, 9.10.2002, lch. 16).

    (12) 

    Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

    (13) 

    Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO L 46, 17.2.2004, lch. 1).

    (14) 

    Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“an Treoir maidir le Cleachtais Trádála Éagóracha”) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

    (15) 

    Treoir 2006/114/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le fógraíocht mhíthreorach agus chomparáideach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 21).

    (16) 

    Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36): Airteagail 20 agus 22.

    (17) 

    Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir leis na cearta atá ag daoine faoi mhíchumas agus daoine faoi mhíchumas luaineachta agus iad ag taisteal d’aer (IO L 204, 26.7.2006, lch. 1).

    (18) 

    Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (IO L 315, 3.12.2007, lch. 14).

    (19) 

    Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).

    (20) 

    Treoir 2008/122/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Eanáir 2009 maidir le tomhaltóirí a chosaint i ndáil le gnéithe áirithe de chonarthaí amroinnte, de chonarthaí um tháirgí saoire fadtéarmacha, de chonarthaí athdhíola agus de chonarthaí malairte (IO L 33, 3.2.2009, lch. 10).

    (21) 

    Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3): Airteagal 23.

    (22) 

    Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1): Airteagail 1-35.

    (23) 

    Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

    (24) 

    Treoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa leictreachas agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/54/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 55): Airteagal 3 agus Iarscríbhinn I.

    (25) 

    Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94): Airteagal 3 agus Iarscríbhinn I.

    (26) 

    Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus an gnó sin a shaothrú agus maoirseoireacht stuamachta a dhéanamh air, lena leasaítear Treoracha 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).

    (27) 

    Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10): Airteagal 14 agus Iarscríbhinn I.

    (28) 

    Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus an gnó sin a shaothrú, (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1): Airteagail 183-186.

    (29) 

    Rialachán (CE) Uimh. 392/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le dliteanas iompróirí paisinéirí de mhuir i gcás tionóiscí (IO L 131, 28.5.2009, lch. 24).

    (30) 

    Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le híocaíochtaí trasteorann sa Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 (IO L 266, 9.10.2009, lch. 11).

    (31) 

    Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le lipéadú bonn i leith éifeachtúlachta breosla agus paraiméadar riachtanach eile (IO L 342, 22.12.2009, lch. 46): Airteagail 4-6.

    (32) 

    Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (IO L 342, 22.12.2009, lch. 59): Airteagail 3-8 agus 19-21.

    (33) 

    Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1): Airteagail 9–-11, 19–26 agus 28b.

    (34) 

    Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an AE (IO L 27, 30.1.2010, lch. 1): Airteagail 9-10.

    (35) 

    Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 334, 17.12.2010, lch. 1).

    (36) 

    Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

    (37) 

    Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

    (38) 

    Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 55, 28.2.2011, lch. 1).

    (39) 

    Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).

    (40) 

    Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1): Airteagail 9-11a.

    (41) 

    Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (IO L 94, 30.3.2012, lch. 22).

    (42) 

    Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 172, 30.6.2012, lch. 10).

    (43) 

    Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le maidir le réiteach malartach díospóidí le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Treoir maidir le réiteach malartach díospóidí ar dhíospóidí tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lch. 63): Airteagal 13.

    (44) 

    Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach díospóide ar líne le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Rialachán maidir le ODR le haghaidh tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lch. 1): Airteagal 14.

    (45) 

    Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí i dtaca le maoin chónaithe dho-aistrithe agus lena leasaítear Treoracha 2008/48/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34).

    (46) 

    Treoir 2014/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí neamh-uathoibríocha meáite a chur ar fáil ar an margadh (IO L 96, 29.3.2014, lch. 107).

    (47) 

    Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO L 96, 29.3.2014, lch. 357).

    (48) 

    Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoracha 2002/92/CE agus 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349): Airteagail 23-29.

    (49) 

    Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (IO L 257, 28.8.2014, lch. 214).

    (50) 

    Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1).

    (51) 

    Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí Eorpacha (IO L 123, 19.5.2015, lch. 98).

    (52) 

    Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon agus muirir mhiondíola ar chumarsáid rialáilte laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 (IO L 310, 26.11.2015, lch. 1).

    (53) 

    Treoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (IO L 326, 11.12.2015, lch. 1).

    (54) 

    Treoir 2015/2366 (AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

    (55) 

    Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19): Airteagail 17-24 agus 28-30.

    (56) 

    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (57) 

    Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialacháin (CE) Uimh. 178/2002 agus (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoracha 90/385/CEE agus 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1): Caibidil II.

    (58) 

    Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (IO L 117, 5.5.2017, lch. 176): Caibidil II.

    (59) 

    Rialachán (AE) 2017/1128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le hinaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne sa mhargadh inmheánach (IO L 168, 30.6.2017, lch. 1).

    (60) 

    Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).

    (61) 

    Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le cistí margaidh airgid (IO L 169, 30.6.2017, lch. 8).

    (62) 

    Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1): Airteagail 3-6.

    (63) 

    Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2018 maidir le haghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2006/2004 agus (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 60I, 2.3.2018, lch. 1): Airteagail 3-5.

    (64) 

    Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36): Airteagail 88 agus 98-116 agus Iarscríbhinní VI agus VIII.

    (65) 

    Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lch. 1).

    (66) 

    Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun earraí a dhíol, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 28).

    ▼M1

    (67) 

    Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 21.9.2022, lch. 1).

    ▼B




    IARSCRÍBHINN II

    TÁBLA COMHGHAOIL



    Treoir 2009/22/CE

    An Treoir seo

    Airteagal 1(1)

    Airteagal 1(1)

    Airteagal 1(2)

    Airteagal 2(1)

    -

    Airteagal 2(2)

    -

    Airteagal 3

    Airteagal 2(1)

    Airteagal 7(1)

    Airteagal 7(4), pointe (a)

    -

    Airteagal 7(2) agus (3)

    Airteagal 7(4), pointe (b)

    Airteagal 7(5), (6) agus (7)

    Airteagal 2(1), pointe (a)

    Airteagal 7(4), pointe (a)

    Airteagal 8(1)

    Airteagal 17

    Airteagal 2(1), pointe (b)

    Airteagal 7(4), pointe (a)

    Airteagal 8(2), pointe (b)

    Airteagal 13(1), pointe (c)

    Airteagal 13(3)

    -

    Airteagal 8(2), pointe (a)

    -

    Airteagal 8(3)

    Airteagal 2(1), pointe (c)

    Airteagal 19

    Airteagal 2(2)

    Airteagal 2(3)

    Airteagal 3

    Airteagal 3(4)

    Airteagal 4(1) agus (2)

    Airteagal 4(3), pointí (a) agus (b)

    Airteagal 4(6) agus (7)

    -

    Airteagal 4(3), pointí (c), (d), (e) agus (f)

    Airteagal 4(4) agus (5)

    -

    Airteagal 5(2), (3), (4) agus (5)

    Airteagal 4(1)

    Airteagal 6

    Airteagail 4(2) agus 4(3)

    Airteagal 5(1)

    Airteagal 5

    Airteagal 8(4)

    -

    Airteagal 9

    -

    Airteagal 10

    -

    Airteagal 11

    -

    Airteagal 12

    -

    Airteagal 13(1), pointí (a) agus (b)

    Airteagal 13(2), (4) agus (5)

    -

    Airteagal 14

    -

    Airteagal 15

    -

    Airteagal 16

    -

    Airteagal 18

    Airteagal 6

    Airteagal 23

    Airteagal 7

    Airteagal 1(2) agus (3)

    Airteagal 8

    Airteagal 24

    -

    Airteagal 20

    Airteagal 9

    Airteagal 21

    -

    Airteagal 22

    Airteagal 10

    Airteagal 25

    Airteagal 11

    Airteagal 26

    Top