This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 02013R1380-20230101
Regulation (EU) No 1380/2013 of the European Parliament and of the Council of 11 December 2013 on the Common Fisheries Policy, amending Council Regulations (EC) No 1954/2003 and (EC) No 1224/2009 and repealing Council Regulations (EC) No 2371/2002 and (EC) No 639/2004 and Council Decision 2004/585/EC
Consolidated text: Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle
Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle
02013R1380 — GA — 01.01.2023 — 004.002
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1380/2013 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 11 Nollaig 2013 (IO L 354 28.12.2013, lch. 22) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
COUNCIL REGULATION (EU) No 1385/2013 of 17 December 2013 (*) |
L 354 |
86 |
28.12.2013 |
|
|
RIALACHÁN (AE) 2015/812 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 20 Bealtaine 2015 |
L 133 |
1 |
29.5.2015 |
|
|
RIALACHÁN (AE) 2017/2092 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 15 Samhain 2017 |
L 302 |
1 |
17.11.2017 |
|
|
RIALACHÁN (AE) 2019/1241 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 20 Meitheamh 2019 |
L 198 |
105 |
25.7.2019 |
|
|
RIALACHÁN (AE) 2022/2495 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 14 Nollaig 2022 |
L 325 |
1 |
20.12.2022 |
|
Arna cheartú le:
|
(*) |
Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge |
RIALACHÁN (AE) Uimh. 1380/2013 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE
an 11 Nollaig 2013
maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle
CUID I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Raon feidhme
Cumhdóidh an Comhbheartas Iascaigh (CBI):
caomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara agus bainistiú iascach agus cabhlach a shaothraíonn na hacmhainní sin;
maidir le bearta i ndáil le margaí agus maidir le bearta aigeadais lena dtacaítear le cur i bhfeidhm CBI: acmhainní bitheolaíocha fionnuisce, iascaigh agus dobharshaothrú a phróiseáil agus margaíocht a dhéanamh i leith na dtáirgí sin.
Cumhdóidh CBI na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 i gcás go dtugtar fúthu:
ar chríoch na mBallstát lena mbaineann an Conradh;
in uiscí an Aontais, lena n-áirítear soithí iascaireachta a bhfuil bratach tríú tíortha ar foluain acu, nó atá cláraithe i dtríú tíortha;
ag soithí iascaireachta an Aontais lasmuigh d'uiscí an Aontais; nó
ag náisiúnaigh na mBallstát, gan dochar do phríomhfhreagracht an Bhratstáit.
Airteagal 2
Cuspóirí
D'fhonn an cuspóir a bhaint amach maidir le stoic éisc a athbhunú nó a chothabháil os cionn leibhéil bhithmhaise atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh, bainfear amach ráta dúshaothraithe na huastáirgeachta inbhuanaithe, más féidir, faoi 2015 agus, ar bhonn forchéimneach, incriminteach, faoi 2020 ar a dhéanaí i gcás na stoc uile.
Déanfar le CBI go háirithe, an méid a leanas:
deireadh céimneach a chur le hábhar muirí aischurtha ar bhonn cás ar chás agus an chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil á cur san áireamh trí ghabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir agus a dheimhniú go céimneach go dtugtar gabhalácha i dtír;
nuair is gá, an úsáid is fearr a bhaint as gabhálacha de thaisme, gan margadh a chruthú do na gabhálacha sin atá faoi bhun an íosmhéid tagartha caomhnaithe;
dálaí a chur ar fáil do thionscal iascaireachta, gabhála agus próiseála agus do ghníomhaíochtaí iascaireachta ar talamh, ar tionscal agus gníomhaíochtaí iad atá, ó thaobh na heacnamaíochta, inmharthana agus iomaíoch;
foráil a dhéanamh do bhearta acmhainn iascaireachta na gcabhlach a choigeartú go dtí leibhéil deiseanna iascaireachta a bheidh ag luí le mír 2, d'fhonn go mbeidh cabhlaigh ann a bheidh inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta gan acmhainní bitheolaíocha na mara a shaothrú an iomarca;
gníomhaíochtaí dobharshaothraithe inbhuanaithe an Aontais a chur chun cinn chun cur le soláthairtí agus slándáil an bhia agus le fostaíocht;
caighdeán cóir maireachtála a bhaint amach dóibh siúd a bhíonn ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, le feasacht ar ghnéithe an iascaigh cois cósta agus ar ghnéithe soch-eacnamaíocha;
cur le margadh inmheánach éifeachtúil, trédhearcach do tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe agus rannchuidiú lena áirithiú go mbeidh cothroime iomaíochta ann do tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a mhargaítear san Aontas;
leas na dtomhaltóirí agus na dtáirgeoirí araon a chur san áireamh;
gníomhaíochtaí iascaireachta cósta a chur chun cinn, agus gnéithe socheacnamaíocha á gcur san áireamh;
bheith i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais, go háirithe maidir leis an gcuspóir dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoi 2020 mar a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2008/56/CE, agus le beartais eile an Aontais chomh maith.
Airteagal 3
Prionsabail an dea-rialachais
Gheobhaidh CBI treoir ó na prionsabail dea-rialachais seo a leanas:
sainiú soiléir freagrachtaí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta, agus ar an leibhéal áitiúil;
go gcuirtear san áireamh sainiúlachtaí réigiúnacha trí chur chuige réigiúnaithe;
bearta a bhunú i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil;
dearcadh fadtéarmach;
cost-éifeachtacht riaracháin;
rannpháirtíocht iomchuí na bpáirtithe leasmhara, go háirithe rannpháirtíocht Comhairlí Comhairleacha, ag gach céim ó cheapadh go cur chun feidhme na mbeart;
príomhfhreagracht an Bhratstáit;
comhleanúnachas le beartais eile an Aontais,
leas a bhaint as measúnuithe tionchair de réir mar is iomchuí;
comhleanúnachas idir an ghné inmheánach agus an ghé sheachtrach de CBI;
trédhearcacht sa láimhseáil sonraí i gcomhréir le ceanglais dhlíthiúla atá ann cheana, agus an saol príobháideach, cosaint na sonraí pearsanta agus rialacha rúndachta a urramú go cuí; sonraí a bheith ar fáil do na comhlachtaí eolaíochta iomchuí, do chomhlachtaí eile a bhfuil leas eolaíoch nó bainistíochta acu, agus d'úsáideoirí deiridh eile a shainítear.
Airteagal 4
Sainmhínithe
Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn 'uiscí an Aontais' uiscí faoi cheannasacht nó faoi dhlínse na mBallstát cé is moite de na huiscí atá cóngarach do na críocha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh;
ciallaíonn 'acmhainní bitheolaíocha na mara' speicis uisceacha bheo na mara atá ar fáil agus atá inrochtana, lena n-áirítear speicis anadromacha agus speicis chatadromacha le linn a saoil mhuirí;
ciallaíonn 'acmhainní bitheolaíocha fionnuisce' speicis uisceacha fionnuisce bheo atá ar fáil agus atá inrochtana;
ciallaíonn 'soitheach iascaireachta' soitheach ar bith atá feistithe le haghaidh saothrú tráchtála a dhéanamh ar acmhainní bitheolaíocha na mara nó gaiste tuinnín ghoirm bheo;
ciallaíonn 'soithí iascaireachta an Aontais' soithí iascaireachta faoi bhratach Ballstáit agus atá cláraithe san Aontas;
ciallaíonn 'iontráil sa chabhlach iascaireachta' soitheach iascaireachta a chlárú i gclár Ballstáit do shoithí iascaireachta;
ciallaíonn 'uastáirgeacht inbhuanaithe' an ghabháil uasta cothromaíochta teoiricí is féidir a thógáil go leanúnach as stoc éisc faoi na meánchoinníollacha comhshaoil atá ann faoi láthair gan cur isteach go mór ar an bpróiseas síolraithe;
ciallaíonn 'cur chuige réamhchúraim i leith bainistiú iascaigh', dá dtagraítear in Airteagal 6 de Chomhaontú NA maidir le Stoic Éisc cur chuige lena n-áirítear nár cheart go mbeadh easpa faisnéise eolaíche leormhaithe ina bhonn cirt le bearta bainistíochta a chur siar chun spriocspeicis, speicis ghaolmhara nó spleácha agus speicis nach spriocspeicis iad agus a dtimpeallacht a chaomhnú nó gan na bearta sin a dhéanamh;
ciallaíonn 'cur chuige bunaithe ar éiceachórais i leith bainistiú iascaigh' cur chuige comhtháite i leith bainistíochta iascaigh taobh istigh de theorainneacha a bhfuil brí leo ó thaobh na héiceolaíochta de lena bhféachtar le bainistiú a dhéanamh ar úsáid acmhainní nádúrtha, agus aird á tabhairt ar iascaireacht agus ar ghníomhaíochtaí doanna eile, agus ag an am céanna lena gcaomhnófar an saibhreas bitheolaíochta agus na próisis bitheolaíochta is gá chun comhdhéanamh, struchtúr agus feidhmiú na ngnáthóg a chosaint san éiceachóras lena mbaineann, tríd an eolas agus trí na héiginnteachtaí maidir le compháirteanna bitheacha, aibitheacha agus daonna de chuid éiceachóras a chur san áireamh;
►C1 ciallaíonn 'ábhar muirí aischurtha' gabhálacha a chuirtear ar ais san fharraige; ◄
ciallaíonn 'iascaireacht ísealtionchair' teicnící roghnaíocha a úsáid lena ngabhann tionchar díobhálach íseal ar éiceachórais mhuirí nó a d'fhéadfadh astaíochtaí ísle breosla a bheith mar thoradh orthu, nó an dá rud;
ciallaíonn 'iascaireacht roghnaíoch' iascaireacht a dhéanamh agus modhanna iascaireachta á n-úsáid nó trealamh iascaireachta a úsáid lena ndírítear ar orgánaigh agus lena ngabhtar iad de réir méide nó de réir speicis le linn na hoibríochta iascaireachta, lena gceadaítear eiseamail nach ndírítear orthu a sheachaint nó a scaoileadh saor gan díobháil;
ciallaíonn 'ráta básmhaireachta san iascaireacht' an ráta a bhaintear bithmhais nó éisc aonair de stoc trí ghníomhaíochtaí iascaigh thar thréimhse ar leith;
ciallaíonn 'stoc' acmhainn bhitheolaíoch mhara a tharlaíonn i limistéar bainistíochta ar leith;
ciallaíonn 'teorainn ghabhála', de réir mar is iomchuí, teorainn chainníochtúil ar ghabhálacha stoc éisc nó ar ghrúpa stoic éisc, thar tréimhse ar leith, sa chás ina mbeidh na stoic éisc nó an grúpa stoic éisc sin faoi réir oibleagáide iad a thabhairt i dtír, nó teorainn chainníochtúil ar ghabhálacha stoc éisc nó ar ghrúpa stoic éisc nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide iad a thabhairt i dtír thar tréimhse ar leith;
ciallaíonn 'pointe tagartha caomhnaithe' luachanna na bparaiméadar de líon an stoic éisc (ar nós bithmhaise nó an ráta básmhaireachta san iascaireacht) a úsáidtear i mbainistiú iascaigh, mar shampla i ndáil le leibhéal inghlactha de riosca bitheolaíoch nó leibhéal táirgeachta inmhianaithe;
ciallaíonn 'íosmhéid tagartha caomhnaithe' méid an speicis uiscigh bheo mhuirí agus an aibíocht á cur san áireamh, arna bunú ag dlí an Aontais, a mbeidh srianta nó dreasachtaí i bhfeidhm orthu agus iad faoin méid sin a mbeidh sé d'aidhm acu gabháil a sheachaint trí ghníomhaíocht iascaireachta; gabhfaidh an méid sin ionad an íosmhéid gabhála, i gcás inarb ábhartha;
ciallaíonn 'stoc laistigh de theorainneacha bitheolaíocha sábháilte' stoc a bhfuil ard-dóchúlacht ann ina leith gurb airde a bhithmhais sceite mheasta ag deireadh na bliana roimhe sin ná an pointe tagartha teorann bithmaise (Blim) agus gur lú a ráta básmhaireachta san iascaireacht don bhliain roimhe sin ná an pointe tagartha um an ráta básmhaireachta san iascaireacht teorann (Flim);
ciallaíonn 'coimirce' beart réamhchúraim a ceapadh ionas nach dtarlóidh teagmhas neamh-inmhianaithe;
ciallaíonn 'beart teicniúil' an beart lena rialaítear, trí choinníollacha a bhunú ar úsáid agus ar struchtúr an trealaimh iascaireachta agus trí rochtain ar limistéir iascaireachta a shrianadh, comhdhéanamh na speiceas, comhdhéanamh méide na ngabhálacha agus na héifeachtaí ar na comhpháirteanna de na héiceachórais a d'eascair as gníomhaíochtaí iascaireachta;
ciallaíonn 'iarracht iascaireachta' an toradh ar chumas agus ar ghníomhaíocht soithigh iascaireachta; i gcás grúpa de shoithí iascaireachta is é suim na n-iarrachtaí iascaireachta ag gach soitheach sa ghrúpa atá i gceist;
ciallaíonn 'Ballstát a bhfuil leas díreach bainistíochta aige' Ballstát a bhfuil leas aige de bharr deiseanna iascaireachta nó de bharr iascaireacht nach ndéantar ach amháin i limistéar eacnamaíoch eisiach an Bhallstáit lena mbaineann nó, sa Mheánmhuir, ag iascach traidisiúnta ar an mórmhuir;
ciallaíonn 'lamháltais iascaireachta inaistrithe' teidlíochtaí in-aisghairthe úsáideoirí ar chuid ar leith de na deiseanna iascaireachta atá cionroinnte ar Bhallstát nó a leagtar síos i bpleananna bainistíochta arna nglacadh ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle ( 1 ), a bhféadfaidh an sealbhóir iad a aistriú.
ciallaíonn 'acmhainn iascaireachta' tonnáiste soithigh in OT (Olltonnáiste) agus a chumhacht in kW (Cileavatanna) mar a shainítear in Airteagal 4 agus Airteagal 5 de Rialachán (CEE) Uimh. 2930/86 ón gComhairle ( 2 ) iad;
ciallaíonn 'dobharshaothrú' orgánaigh uisceacha a thógáil nó a shaothrú ag úsáid teicníochtaí a ceapadh chun táirgeadh na n-orgánach atá i gceist a mhéadú thar ghnáthchumas na timpeallachta, agus fanfaidh na horgánaigh faoi úinéireacht duine nádúrtha nó dhlítheanaigh feadh na gcéimeanna tógála agus saothraithe, go dtí tráth na buainte, agus an tráth sin san áireamh;
ciallaíonn 'ceadúnas iascaireachta' ceadúnas mar a shainítear in 'Airteagal 4(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle ( 3 );
ciallaíonn 'údarú iascaireachta' údarú mar a shainítear i bpointe (10) d'Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;
ciallaíonn 'gníomhaíocht iascaireachta' cuardach éisc, lámhach, socrú, tarraingt, tarlú an trealaimh iascaireachta, gabháil a thabhairt ar bord, éisc agus táirgí iascaigh a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a phróiseáil ar bord, a aistriú, a chur i ngaiste, a ramhrú agus a thabhairt i dtír;
ciallaíonn 'táirgí iascaigh' orgánaigh uisceacha a eascraíonn as gníomhaíocht iascaireachta ar bith, nó as táirgí a fhaightear uathu sin;
ciallaíonn 'oibreoir' an duine nádúrtha nó dlítheanach a oibríonn nó a shealbhaíonn gnóthas ar bith atá ag tabhairt faoi cheann ar bith de na gníomhaíochtaí a bhaineann le céim ar bith de na slabhraí táirgthe, próiseála, margaíochta, dáilte agus miondíola ar tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe;
ciallaíonn 'sárú tromchúiseach' sárú mar a shainítear i ndlí ábhartha an Aontais, lena n-áirítear in Airteagal 42(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ( 4 ) ón gComhairle agus in Airteagal 90(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;
ciallaíonn 'úsáideoir deiridh sonraí eolaíochta' comhlacht a bhfuil leas taighde nó bainistíochta aige san anailís eolaíochta ar shonraí san earnáil iascaigh;
ciallaíonn 'barrachas den ghabháil incheadaithe' an chuid sin den ghabháil incheadaithe nach saothraíonn Stát cósta, rud a fhágfaidh go mbíonn ráta foriomlán saothraithe ann do stoic aonair a fhanann faoi bhun na leibhéal sin a bhfuil na stoic in ann iad féin a athshlánú agus lena ndéantar méid na speiceas sin a shaothraítear a choinneáil os cionn leibhéal inmhianaithe ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr atá ar fáil;
ciallaíonn 'táirgí dobharshaothraithe' orgánaigh uisceacha ag céim ar bith dá saolré a eascraíonn as gníomhaíocht dobharshaothraithe ar bith nó na táirgí a fhaightear uathu sin;
ciallaíonn 'bithmhais stoic sceite' meastachán ar mhais éisc acmhainne ar leith a atáirgeann ag am sainithe, lena n-áirítear fireannaigh agus baineannaigh araon agus lena n-áirítear iasc a atáirgeann go beobhreitheach;
ciallaíonn 'iascach measctha' iascach ina bhfuil níos mó ná speiceas amháin i láthair agus ina a bhfuil an dóchúlacht ann go ngabhfar speicis eile san oibríocht chéanna iascaireachta;
ciallaíonn 'comhaontuithe comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe' comhaontuithe idirnáisiúnta a thugtar i gcrích le tríú stát ar mhaithe le rochtain a fháil ar acmhainní agus ar uiscí d'fhonn cion den bharrachas d'acmhainní bitheolaíocha na mara, mar mhalairt ar chúiteamh airgeadais ón Aontas a bhféadfadh tacaíocht earnála a bheith mar chuid de.
Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe geografacha ar limistéir gheografacha seo a leanas:
ciallaíonn 'an Mhuir Thuaidh' ranna ICES ( 5 ) IV and IIIa;
ciallaíonn 'an Mhuir Bhailt' ranna ICES IIIb, IIIc agus IIId;
ciallaíonn'Uiscí an Iarthuaiscirt' ranna ICES V (seachas Va agus uiscí an Aontais in Vb amháin), VI agus VII;
ciallaíonn 'Uiscí an Iardheiscirt' ranna ICES VIII, IX agus X (uiscí timpeall ar na hAsóir), agus limistéir CECAF ( 6 ) 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2.0 (uiscí timpeall ar Mhaidéara agus ar na hOileáin Chanáracha);
ciallaíonn 'Uiscí Meánmhara' Uiscí farraige na Meánmhara soir ó líne 5°36' siar;
ciallaíonn 'an Mhuir Dhubh' fo-cheantar geografach CIGM (Coimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir) mar a shainmhínítear sa rún GFCM/33/2009/2 é.
CUID II
ROCHTAIN AR UISCÍ
Airteagal 5
Rialacha ginearálta maidir le rochtain ar uiscí
CUID III
.BEARTA CHUN ACMHAINNÍ BITHEOLAÍOCHA NA MARA A CHAOMHNÚ AGUS A SHAOTHRÚ AR BHEALACH INBHUANAITHE
TEIDEAL I
Bearta caomhnaithe
Airteagal 6
Forálacha ginearálta
Airteagal 7
Cineálacha beart caomhnaithe
Féadfar, inter alia, na nithe seo a leanas a áireamh sna bearta chun acmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú agus a shaothrú ar bhealach inbhuanaithe:
pleananna ilbhliantúla faoi Airteagal 9 agus faoi Airteagal 10;
spriocanna chun stoic a chaomhnú agus a shaothrú ar bhealach inbhuanaithe agus bearta gaolmhara chun tionchar na hiascaireachta ar an muirthimpeallacht a íoslaghdú;
bearta chun acmhainn iascaireachta soithí iascaireachta a chur in oiriúint do dheiseanna iascaireachta;
dreasachtaí, lena n-áirítear dreasachtaí eacnamaíocha amhail deiseanna iascaireachta, chun modhanna iascaireachta a chur chun cinn a chuideoidh le hiascaireacht níos roghnaí, le gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir, agus le hiascaireacht a bhfuil tionchar íseal aici ar an éiceachóras muirí agus ar acmhainní iascaigh;
bearta maidir le deiseanna iascaireachta a leagan síos agus a leithdháileadh;
bearta chun cuspóirí Airteagal 15 a bhaint amach;
íosmhéideanna tagartha chaomhnaithe;
treoirthionscadail maidir le teicníochtaí malartacha bainistithe iascaireachta agus trealaimh a mheadaíonn an roghnaíocht nó a íoslaghdaíonn an drochthionchar a bhíonn ag gníomhaíochtaí iascaireachta ar an muirthimpeallacht;
bearta atá riachtanach chun na hoibleagáidí faoi reachtaíocht comhshaoil an Aontais, a glacadh de bhun Airteagal 11, a chomhlíonadh;
bearta teicniúla dá dtagraítear in mír 2.
Féadfaidh an méid seo a leanas, inter alia, a bheith san áireamh sna bearta teicniúla:
saintréithe trealamh iascaireachta agus rialacha maidir le húsáid na dtrealamh sin;
sonraíochtaí maidir le trealamh iascaireachta a thógáil, lena n-áirítear:
mionathruithe nó gléasanna breise chun roghnaíocht a fheabhsú nó chun an drochthionchar ar an éiceachóras a íoslaghdú;
mionathruithe nó gléasanna breise chun gabháil de thaisme speiceas atá i mbaol, faoi bhagairt agus faoi chosaint a laghdú, agus chun gabhálacha eile de thaisme a laghdú freisin;
srianta nó toirmeasc ar chineálacha áirithe trealaimh iascaireachta a úsáid, agus ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, i limistéir áirithe nó le linn tréimhsí áirithe;
ceanglais ar shoithí iascaireachta a gcuid oibríochtaí a stopadh i limistéar sainithe ar feadh íostréimhse sainithe d'fhonn comhbhailiúchán sealadach de speiceas atá i mbaol, d'iasc sceite, d'iasc faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe, agus d'acmhainn mhara eile atá leochaileach a chosaint;
bearta sonracha chun an drochthionchar atá ag gníomhaíochtaí iascaireachta ar bhithéagsúlacht mhuirí agus ar éiceachórais mhuirí a íoslaghdú, lena n-áirítear bearta chun gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir.
Airteagal 8
Limistéir aisghabhála stoc éisc a bhunú
TEIDEAL II
Bearta sonracha
Airteagal 9
Prionsabail agus cuspóirí pleananna ilbhliantúla
Cumhdóidh pleananna ilbhliantúla an méid seo a leanas faoi seach:
speiceas amháin; nó
i gcás iascach measctha nó i gcás ina mbaineann dinimic na stoc lena chéile, iascaigh a bhfuil stoic éagsúla á ndúshaothrú acu i limistéar ábhartha geografach, agus eolas faoi na hidirghníomhaíochtaí idir stoic éisc, iascaigh agus éiceachórais na mara á chur san áireamh.
Airteagal 10
Ábhar na bpleananna ilbhliantúla
Áireofar an méid seo a leanas i bplean ilbhliantúil, de réir mar is iomchuí agus gan dochar do na hinniúlachtaí ábhartha faoin gConradh:
an raon feidhme, i dtéarmaí stoc, iascaigh agus an limistéar a gcuirfear an plean ilbhliantúil i bhfeidhm maidir leis;
cuspóirí atá i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 agus le forálacha ábhartha Airteagal 6 agus Airteagal 9;
spriocanna inchainníochtaithe amhail rátaí básmhaireachta san iascaireacht agus/nó bithmhais stoic sceite;
amchláir shoiléire chun na spriocanna inchainníochtaithe a bhaint amach;
pointí tagartha caomhnaithe atá i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2;
cuspóirí maidir le bearta caomhnaithe agus teicniúla a bheidh le glacadh chun na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 15 a bhaint amach agus bearta atá ceaptha le gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir;
cosaintí chun a áirithiú go mbainfear amach spriocanna inchainníochtaithe, chomh maith le gníomhaíocht cheartaitheach, lena n-áirítear i gcásanna ina gcuirtear inbhuanaitheacht na stoc i mbaol toisc infhaighteacht sonraí nó cáilíocht sonraí bheith dul i léig.
Féadfar an méid seo a leanas a áireamh i bplean ilbhliantúil:
bearta eile caomhnaithe, go háirithe bearta chun ábhar muirí aischurtha a dhíchur de réir a chéile agus an chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil á cur san áireamh nó chun drochthionchar na hiascaireachta ar an éiceachóras a íoslaghdú, agus na bearta sin le sonrú tuilleadh, nuair is iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 18;
táscairí inchainníochtaithe chun faireachán agus measúnú a dhéanamh go tráthrialta ar an dul chun cinn maidir le spriocanna an phlean ilbhliantúil a bhaint amach;
cuspóirí sonracha maidir leis an gcuid fionnuisce de shaolré na speiceas anadromach agus catadromach, nuair is iomchuí;
Airteagal 11
Bearta caomhnaithe is gá chun oibleagáidí faoi reachtaíocht chomhshaoil an Aontais a chomhlíonadh
Mura bhfuil gach Ballstát in ann teacht ar chomhaontú maidir le moltaí comhpháirteacha atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir leis na chéad mhír laistigh den sprioc-am atá socraithe nó má mheastar nach bhfuil na moltaí comhpháirteacha maidir le bearta caomhnaithe comhoiriúnach do chuspóirí agus spriocanna inchainníochtaithe na mbeart caomhnaithe atá i gceist, féadfaidh an Coimisiún togra a chur isteach i gcomhréir leis an gConradh.
Airteagal 12
Bearta an Choimisiúin i gcás bagartha tromchúisí ar acmhainní bitheolaíocha na mara
Airteagal 13
Bearta éigeandála na mBallstát
Airteagal 14
Gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a íoslaghdú
Airteagal 15
Oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír
Tabharfar agus coimeádfar ar bord árthaí iascaireachta, gach gabháil de speicis a bheidh faoi réir teorainneacha gabhála agus lena n-áirítear chomh maith gabhálacha sa Mheánmhuir de speicis a bheidh faoi réir íosmhéideanna mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 iad, má ghabhtar iad le linn gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais nó má ghabhann soithí iascaireachta an Aontais iad in uiscí lasmuigh d'uiscí an Aontais nach bhfuil faoi réir cheannasacht nó faoi réir dhlínse tríú tíortha sna hiascaigh agus sna limistéir gheografacha a liostaítear anseo thíos, agus déanfar na gabhálacha sin a thaifeadadh agus a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh faoi na cuótaí i gcás inarb infheidhme seachas má úsáidtear iad mar bhaoite beo, i gcomhréir leis an amchlár seo a leanas:
Faoin 1 Eanáir 2015 ar a dhéanaí:
Ón 1 Eanáir 2015 ar a dhéanaí maidir le speicis lena sainítear na hiascaigh agus tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2017 ar a dhéanaí do gach speiceas eile in iascaigh in uiscí an Aontais sa Mhuir Bhailt maidir le speicis atá faoi réir teorainneacha gabhála seachas na cinn a chumhdaítear le pointe (a).
Faoin 1 Eanáir 2016 ar a dhéanaí maidir le speicis lena sainítear na hiascaigh agus ón 1 Eanáir 2019 ar a dhéanaí do gach speiceas eile:
an Mhuir Thuaidh
Uiscí an Iarthuaiscirt
Uiscí an Iardheiscirt
iascaigh eile maidir le speiceas atá faoi réir teorainneacha gabhála.
Faoin 1 Eanáir 2017 ar a dhéanaí maidir le speicis lena sainítear na hiascaigh agus tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2019 maidir le gach speiceas eile in iascaigh nach gcumhdaítear le pointe (a) sa Mheánmhuir, sa Mhuir Dhubh agus in uiscí uile eile de chuid an Aontais agus neamh-Aontais nach bhfuil faoi réir cheannasacht nó faoi réir dhlínse tríú tíortha
Ni bheidh feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear i mír 1 maidir leis an méid seo a leanas:
speicis a bhfuil lánchosc iascaireachta ina leith agus a shainaithnítear mar sin i ngníomh dlí de chuid an Aontais a glacadh i réimse CBI;
speicis a bhfuil fianaise eolaíoch ann maidir lena rátaí arda slánaithe, agus gnéithe an trealaimh, na nósanna iascaireachta agus an éiceachórais á gcur san áireamh;
gabhálacha a thiteann faoi dhíolúintí de minimis;
éisc a bhfuil an chuma orthu go bhfuil damáiste déanta dóibh ag creachadóirí.
Sonrófar mionsonraí cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear i mír 1 sna pleananna ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 9 agus in Airteagal 10 agus, nuair is ábhartha, sonrófar iad a thuilleadh i gcomhréir le hAirteagal 18, lena n-áirítear:
foráil shonrach maidir le hiascaigh nó speicis a chumhdaítear faoin oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear i mír 1 í;
na díolúintí ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír maidir le speicis dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 4 a shonrú;
forálacha maidir le díolúintí de minimis suas le 5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána maidir le speicis atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear i mír 1. Beidh feidhm ag an díolúine de minimis sna cásanna seo a leanas:
i gcás ina dtabharfaidh fianaise eolaíoch le fios go bhfuil méaduithe sa roghnaíocht an-deacair le baint amach; nó
chun costais dhíréireacha a sheachaint maidir le láimhseáil ghabhálacha de thaisme, don trealamh iascaireachta sin i gcás nach mó na gabhálacha de thaisme leis an trealamh sin ná céatadán áirithe, atá fós le socrú i bplean, de ghabháil iomlán ilbhliantúil an trealaimh sin.
Ní dhéanfar gabhálacha faoi na forálacha dá dtagraítear sa phointe seo a chomhaireamh in aghaidh na gcuótaí ábhartha ach déanfar taifead iomlán ar gach gabháil den sórt sin.
Le haghaidh idirthréimhse ceithre bliana, méadóidh céatadán na ngabhálacha bliantúla iomlána dá dtagraítear i bpointe (c):
dhá phointe céatadáin don chéad dhá bhliain tar éis feidhm a bheith ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír; agus
aon phointe céatadáin amháin sa dá bhliain ina dhiaidh sin;
forálacha maidir le doiciméadú gabhálacha;
íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a shocrú, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le mír 10.
Beidh an méid a leanas sna tuarascálacha bliantúla:
Airteagal 16
Deiseanna iascaireachta
Airteagal 17
Critéir maidir le deiseanna iascaireachta a chionroinnt ar na Ballstáit
Agus na deiseanna iascaireachta atá ar fáil, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 16, á gcionroinnt ar na Ballstáit, bainfidh na Ballstáit leas as critéir trédhearcacha, oibiachtúla lena n-áirítear critéir maidir leis an gcomhshaol agus de chineál sóisialta agus eacnamaíoch. Féadfar a áireamh leis na critéir a bheidh le húsáid, inter alia, tionchar na hiascaireachta ar an gcomhshaol, an comhlíonadh go dtí seo, an rannchuidiú leis an ngeilleagar áitiúil agus leibhéil stairiúla gabhála. Faoi chuimsiú na ndeiseanna iascaireachta a leithroinntear dóibh, déanfaidh na Ballstáit iarracht dreasachtaí a chur ar fáil do shoithí iascaireachta a bhfuil leas á bhaint acu as trealamh iascaireachta roghnaíoch nó as teicnící iascaireachta a laghdaíonn an tionchar ar an gcomhshaol, amhail tomhailt laghdaithe fuinnimh nó maolú ar an damáiste a dhéantar don ghnáthóg.
TEIDEAL III
Réigiúnú
Airteagal 18
Comhar réigiúnach maidir le bearta caomhnaithe
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na moltaí comhpháirteacha maidir le bearta caomhnaithe atá le glacadh de bhun mhír 1 bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil agus go gcomhlíonann siad na ceanglais seo a leanas:
comhoiriúnach do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2;
go mbeidh siad comhoiriúnach do raon feidhme agus do chuspóirí bheart caomhnaithe ábhartha;
comhoiriúnach don raon feidhme agus go gcomhlíonann siad cuspóirí agus spriocanna inchainníochtaithe arna leagan amach go héifeachtúil i bplean ilbhliantúil ábhartha;
go mbeidh siad chomh dian céanna ar a laghad le bearta faoi dhlí an Aontais.
TEIDEAL IV
Bearta náisiúnta
Airteagal 19
Bearta Ballstát atá infheidhme i leith soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu nó i leith daoine atá bunaithe ar a gcríoch
Féadfaidh Ballstát bearta a ghlacadh chun stoic éisc a chaomhnú in uiscí an Aontais ar an gcoinníoll go gcomhlíonann na bearta sin na ceanglais seo a leanas:
i bhfeidhm i leith soithí iascaireachta faoi bhratach an Bhallstáit sin amháin nó, i gcás gníomhaíochtaí iascaireachta nach ndéanann soithí iascaireachta iad, i leith daoine atá bunaithe sa chuid sin dena gcríoch ina bhfuil an Conradh infheidhme;
comhoiriúnach do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2;
chomh dian céanna ar a laghad le bearta faoi dhlí an Aontais.
Airteagal 20
Bearta Ballstáit laistigh den chrios 12 mhuirmhíle
CUID IV
AN ACMHAINN IASCAIREACHTA A BHAINISTIÚ
Airteagal 21
Córais lamháltas iascaireachta inaistrithe a bhunú
Féadfaidh na Ballstáit córas lamháltas iascaireachta inaistrithe a bhunú. Déanfaidh Ballstáit a bhfuil córas mar sin acu clár a bhunú agus a choinneáil maidir leis an gcóras lamháltas iascaireachta inaistrithe.
Airteagal 22
Acmhainn iascaireachta a choigeartú agus a bhainistiú
Beidh an measúnú bliantúil ar acmhainn na gcabhlach náisiúnta agus chodanna uile na gcabhlach de chuid gach Bhallstáit sa tuarascáil. Sa tuarascáil, déanfar iarracht ró-acmhainn struchtúrach a aithint de réir na coda agus measfar brabúsacht fhadtéarmach de réir na coda. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.
Ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil, ar bhonn bliaintiúil, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an gcothromaíocht idir acmhainn iascaireachta chabhlaigh na mBallstát agus na deiseanna iascaireachta atá acu i gcomhréir leis na treoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1. Áireofar sa tuarascáil sin pleananna gníomhaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Cuirfear an chéad tuarascáil isteach faoin 31 Márta 2015. I gcás ina mainnítear an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 a chur i dtoll a chéile, agus/nó i gcás ina mainnítear an plean gníomhaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a chur chun feidhme, d'fhéadfadh go gcuirfí fionraíocht chomhréireach nó briseadh comhréireach i bhfeidhm i ndáil leis ar an gcúnamh airgeadais ábhartha a thugann an tAontas don Bhallstát sin ar mhaithe le hinfheistiú sa chabhlach sa chuid sin nó sna codanna sin don chabhlach lena mbaineann i gcomhréir le gníomh de chuid an Aontais amach anseo lena mbunaítear na conníollacha do chúnamh airgeadais i ndáil le tacaíocht do bheartas muirí agus iascaigh don tréimhse 2014-2020.
Airteagal 23
Scéim iontrála/scoir
Airteagal 24
Cláir de chabhlaigh iascaireachta
CUID V
BONN EOLAÍOCHTA LE BAINISTIÚ IASCAIGH
Airteagal 25
Ceanglais maidir le sonraí le haghaidh bainistithe iascaigh
Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis na rialacha a glacadh maidir le faisnéis a bhailiú, aon sonraí bitheolaíochta, teicniúla, comhshaoil agus socheacnamaíocha a theastaíonn le haghaidh an iascach a bhainistiú a bhailiú, na sonraí sin bhainistiú agus a chur ar fáil do na húsáideoirí deiridh, lena n-áirítear comhlachtaí arna n-ainmniú ag an gCoimisiún. Beidh gnóthú agus bainistiú na sonraí sin incháilithe do chistiú tríd an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh i gcomhréir le gníomh de chuid an Aontais amach anseo lena mbunaítear na conníollacha do chúnamh airgeadais i ndáil le tacaíocht do bheartas muirí agus iascaigh don tréimhse 2014-2020. Leis na sonraí sin beifear in ann measúnú a dhéanamh, go háirithe, ar na nithe seo a leanas:
an riocht ina bhfuil acmhainní bitheolaíocha na mara atá á saothrú,
leibhéal na hiascaireachta agus an tionchar a bhíonn ag gníomhaíochtaí iascaireachta ar acmhainní bitheolaíocha na mara agus éiceachórais na mara, agus
feidhmíocht shocheacnamaíoch na n-earnálacha iascaigh, dobharshaothraithe agus próiseála laistigh agus lasmuigh d'uiscí an Aontais.
Bunófar bailiú agus bainistiú na sonraí sin agus an úsáid a bhaintear astu ar na prionsabail a leanas:
cruinneas agus iontaofacht, agus bailiú ar bhealach tráthúil,
an úsáid a bhaintear as sásraí comhordúcháin chun nach ndéanfar bailiúchán sonraí a dhúbailt ar mhaithe le cuspóirí éagsúla;
sonraí a bhailítear a stóráil agus a chosaint ar bhealach slán i mbunachair ríomhairithe, agus iad a chur ar fáil don phobal i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear ar leibhéal comhiomlánaithe le rúndacht a áirithiú;
rochtain ag an gCoimisiún, nó ag comhlachtaí atá ainmnithe aige, ar na bunachair shonraí náisiúnta agus ar na córais a úsáidtear chun na sonraí a bhailítear a phróiseáil ar mhaithe le fíorú go bhfuil na sonraí ann agus le cáilíocht na sonraí a fhíorú.
fáil thráthúil ar na sonraí ábhartha agus ar na modheolaíochtaí faoi seach lena bhfuarthas iad, ag na comhlachtaí a bhfuil leas taighde nó bainistithe acu san anailís eolaíoch a dhéantar ar shonraí san earnáil iascaigh agus ag aon pháirtithe leasmhara, seachas i gcúinsí ina n-éilítear cosaint agus rúndacht faoi dhlí infheidhme an Aontais.
Measfaidh an Coimisiún an tuarascáil bhliantúil maidir le bailiú sonraí tar éis dul i gcomhairle lena chomhlacht comhairleach eolaíoch agus, nuair is iomchuí, leis na heagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBIanna) dár páirtí conarthach nó breathnóir é an Aontas agus comhlachtaí ábhartha idirnáisiúnta eolaíoch eile.
Airteagal 26
Dul i gcomhairle le comhlachtaí eolaíocha
Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na comhlachtaí eolaíocha iomchuí. Rachfar i gcomhairle le CETEI maidir le hábhair a bhaineann le beo-acmhainní uisceacha a chaomhnú, lena n-áirítear i dtaobh gnéithe bitheolaíochta, eacnamaíocha, comhshaoil, sóisialta agus teicniúla. Cuirfear bainistiú cuí na gcistí poiblí san áireamh sna comhairliúcháin a dhéanfar le comhlachtaí eolaíocha, chun nach ndéanfaidh comhlachtaí mar sin dúbailt ar an obair.
Airteagal 27
Taighde agus Comhairle Eolaíoch
CUID VI
BEARTAS SEACHTRACH
Airteagal 28
Cuspóirí
Déanfaidh an tAontas na rudaí sonracha seo, go háirithe:
tacóidh sé go gníomhach le heolas eolaíochta agus le comhairle eolaíochta agus cuirfidh sé leo;
feabhsóidh sé comhtháiteacht bheartais thionscnaimh an Aontais, ag féachaint go háirtihe do ghníomhaíochtaí comhshaoil, trádála agus forbartha, agus neartóidh sé comhsheasmhacht na ngíomhaíochtaí a dhéantar i gcomhthéacs comhair um fhorbairt nó i gcomhthéacs comhair eolaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch;
cuirfidh sé le gníomhaíochtaí iascaireachta inbhuanaithe atá inmharthanach ó thaobh eacnamaíoch agus a chuireann fostaíocht chun cinn laistigh den Aontas;
deimhneoidh sé go mbunófar gníomhaíochtaí iascaireachta laismuigh d'uiscí an Aontais ar na prionsabail agus na caighdeáin chéanna atá infheidhme faoi dhlí an Aontais i limistéar CBI agus cothrom iomaíochta á chur chun cinn aige d'oibreoirí Aontais vis-à-vis oibreoirí eile ó thríú tíortha.
cuirfidh sé chun cinn an gníomh a dhéantar chun deireadh a chur le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte i ngach réimse idirnáisiúnta agus tacóidh sé leis an ngníomhaíocht sin;
bunú agus neartú coistí comhlíontacha ERBIanna, athbhreithnithe tréimhsiúla neamhspleácha ar fheidhmíocht agus gníomhartha ceartaitheacha iomchuí a chur chun cinn, lena n-áirítear pionóis éifeachtacha agus athchomhairleacha, nach mór a chur i bhfeidhm ar bhealach trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.
TEIDEAL I
Eagraíochtaí idirnáisiúnta iascaigh
Airteagal 29
Gníomhaíochtaí an Aontais in eagraíochtaí idirnáisiúnta iascaigh
Airteagal 30
Forálacha idirnáisiúnta a chomhlíonadh
Comhoibreoidh an tAontas, tríd an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach("an Ghníomhaireacht") freisin, le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a dhéileálann le hiascach, lena n-áirítear ERBInna, chun comhlíonadh na mbeart a neartú, go háirithe na cinn lena ndéantar iascaireachta neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac, lena áirithiú go gcloítear go docht leis na bearta a ghlacann na heagraíochtaí idirnáisiúnta sin.
TEIDEAL II
Comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe
Airteagal 31
Prionsabail agus cuspóirí Comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe
D'fhéadfaí go n-áireofaí an méid a leanas ar chreataí mar sin:
forbairt agus tacaíocht le haghaidh na n-institiúidí riachtanacha eolaíoch agus taighde;
inniúlachtaí faireacháin, rialaithe agus faireachais;
gnéithe eile forbartha acmhainní a bhaineann le beartas iascaigh inbhuanaithe tríú tír a fhorbairt.
Áireofar an méid a leanas ar na comhaontuithe sin freisin, a mhéid is féidir:
clásal lena gcuirtear cosc ar choinníollacha níos fabhraí a dheonú ar na cabhlaigh éagsúla iascaireachta sna huiscí sin, seachas na cinn a deonaíodh ar ghníomhaithe eacnamaithe an Aontais lena n-áirítear na cinn a bhaineann le caomhnú, forbairt agus bainistiú acmhainní, socruithe airgeadais, agus táillí agus cearta a bhaineann le húdaruithe iascaireachta a eisiúint;
clásal eisiachais a bhaineann leis an riail dá bhforáiltear i mír 5.
I gcás ina mbeidh an stát a dheonaíonn an bratach le linn na tréimhse a mbeidh an soitheach de chuid chlár cabhlaigh iascaireachta an Aontais, aitheanta faoi dhlí an Aontais mar stát neamh-chomhoibritheach i ndáil le hiascaireachta neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac, a dhíspreagadh agus dhíothú nó mar stát ina gceadaítear dúshaothrú neamh-inbhuanaithe beo-acmhainní uisceacha, gur scoireadh d'oibríochtaí iascaireachta an tsoithigh agus go ndearna an t-úinéir beart láithreach leis an tsoitheach a bhaint ó chlár an stáit sin.
Airteagal 32
Cúnamh airgeadais
Cuirfidh an tAontas cúnamh airgeadais ar fáil do thríú tíortha trí bhíthin na gComhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe d'fhonn:
tacú le cuid den chostas rochtana ar na hacmhainní iascaigh in uiscí tríú tír; déanfar measúnú ar an gcuid den chostas rochtana a bheidh le híoc ag úinéirí shoithí an Aontais maidir le gach Comhaontú comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe nó le Prótacal de agus go mbeidh na costais cothrom, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach leis na tairbhí a fhaightear mar gheall ar na dálaí rochtana;
an creat rialachais a bhunú, lena n-áirítear forbairt agus cothabháil na n-institiúidí riachtanacha eolaíocha agus taighde, próisis maidir le comhairliúchán le grúpaí leasmhara a chur chun cinn, agus acmhainn faireacháin, rialaithe agus faireachais agus eilimintí eile lenar féidir inniúlachtaí a neartú a bhaineann le beartas iascaigh inbhuanaithe a fhorbairt sa tríú tír. Beidh cúnamh airgeadais mar sin ag brath ar thorthaí sonracha a bhaint amach agus comhlántach agus comhsheasmhach le forbairt tionscadal agus clár a chuirtear chun feidhme sa tríú tír a bheidh i gceist.
TEIDEAL III
Bainistiú stoic ar leas coiteann
Airteagal 33
Prionsabail agus cuspóirí maidir le bainistiú stoc ar leas coiteann iad don Aontas agus do thríú tíortha agus comhaontuithe maidir le malartú agus bainistiú compháirteach
CUID VII
DOBHARSHAOTHRÚ
Airteagal 34
Dobharshaothrú inbhuanaithe a chur chun cinn
D'fhonn inbhuanaitheacht a chur chun cinn agus d'fhonn rannchuidiú leis an soláthar bia agus le soláthairtí, le fás agus le forbairt, bunóidh an Coimisiún treoirlínte straitéiseacha neamhcheangailteacha don Aontas maidir le comhthosaíochtaí agus comhspriocanna chun gníomhaíochtaí dobharshaothraithe inbhuanaithe a fhorbairt. Cuirfear na suíomhanna tosaigh ábhartha agus dálaí difriúla ar fud an Aontais san áireamh sna treoirlínte straitéiseacha sin agus beidh siad mar bhunús do phleananna straitéiseacha náisiúnta ilbhliantúla ina ndíreofar ar an méid a leanas:
cumas iomaíochta thionscal an dobharshaothraithe a fheabhsú agus tacú le forbairt agus le nuálaíocht ann;
an t-ualach riaracháin a laghdú agus cur chun feidhme dhlí an Aontais a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos freagraí do riachtanais na ngeallsealbhóirí;
gníomhaíocht eacnamaíoch a spreagadh;
an mianach saoil i gceantair chósta agus i gceantair intíre a éagsúlú agus a fheabhsú;
gníomhaíochtaí dobharshaothraithe a chomhtháthú i bpleanáil mhuirí, chósta agus spásúlachta mhuirí.
Beidh na haidhmeanna seo a leanas go háirithe ag pleananna straitéiseacha náisiúnta ilbhliantúla:
simpliú riaracháin, go háirithe maidir le meastúcháin agus measúnuithe tionchair agus ceadúnais;
cinnteacht réasúnta d'oibreoirí dobharshaothraithe i ndáil le rochtain ar uiscí agus ar spás;
táscairí maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta;
measúnú ar éifeachtaí eile a d'fhéadfadh tarlú thar theorainneacha, go háirithe ar acmhainní bitheolaíocha na mara agus ar éiceachórais na mara i mBallstáit chomharsanacha;
sineirgí a chruthú idir na cláir taighde náisiúnta agus an comhar idir an tionscal agus an pobal eolaíoch;
an buntáiste iomaíoch a bhaineann le bia inbhuanaithe ar ardcháilíocht a chur chun cinn;
Cleachtais agus taighde dobharshaothraithe a chur chun cinn d'fhonn feabhas a chur ar na héifeachtaí dearfacha ar an gcomhshaol agus ar na hacmhainní éisc, agus tionchair dhiúltacha a laghdú, lena n-áirítear brú a laghdú ar na stoic éisc a úsáidtear le haghaidh táirgthe beatha, agus éifeachtúlacht acmhainní a ardú.
CUID VIII
COMHEAGRÚ NA MARGAÍ
Airteagal 35
Cuspóirí
Bunófar comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe (comheagrú na margaí) ar mhaithe leis an méid seo a leanas:
na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 a bhaint amach, agus go háirithe le saothrú inbhuanaithe bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara;
cur ar chumas thionscal an iascaigh agus thionscal an dobharshaothraithe CBI a chur i bhfeidhm ar an leibhéal iomchuí;
cumas iomaíochta thionscal an iascaigh agus thionscal an dobharshaothraithe san Aontas a láidriú, go háirithe táirgeoirí;
trédhearcacht agus cobhsaíocht na margaí a fheabhsú, go háirithe maidir le heolas eacnamaíoch agus tuiscint ar mhargaí an Aontais i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe feadh shlabhra an tsoláthair, agus chun a áirithiú go bhfuil cothromaíocht dháileadh an bhreisluacha feadh shlabhra luacha na hearnála níos cothroime agus faisnéis tomhaltóirí a fheabhsú agus feasacht a chur chun cinn, trí fhógra agus/nó lipéadú lena gcuirtear faisnéis chuimsitheach ar fáil;
rannchuidiú lena áirithiú go mbeidh cothrom iomaíochta ann do gach táirge atá ar an margadh san Aontas trí shaothrú inbhuanaithe na n-acmhainní iascaigh a chur chun cinn;
cuidiú lena áirithiú go mbeidh soláthar éagsúil táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe ag tomhaltóirí;
foráil a dhéanamh d'fhaisnéis tomhaltóirí a bheidh infhíoraithe agus beacht maidir le thionscnamh táirge agus leis an mbealach ina ndearnadh táirgeadh air, go háirithe trí mharcáil agus lipéadú.
Beidh comheagraíocht na margaí comhdhéanta go háirithe den mhéid seo a leanas:
eagrú an tionscail, lena n-áirítear bearta chun an margadh a chobhsú;
táirgeadh agus pleananna margaíochta na n-eagraíochtaí táirgeoirí iascaigh agus dobharshaothraithe;
comhchaighdeáin mhargaíochta;
faisnéis tomhaltóirí.
CUID IX
RIALÚ AGUS FORFHEIDHMIÚ
Airteagal 36
Cuspóirí
Bunófar rialú agus forfheidhmiú CBI go háirithe ar an méid a leanas agus beidh sé comhdhéanta de:
cur chuige domhanda, comhtháite agus comhchoiteann;
comhar agus comhordú idir Bhallstáit, an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht;
éifeachtúlacht costais agus comhréireacht;
úsáid teicneolaíochtaí rialaithe éifeachtacha i leith infhaighteacht agus chaighdeán na sonraí ar iascach;
creat Aontais um rialú, um chigireacht agus um fhorfheidhmiú;
straitéis bunaithe ar riosca atá dírithe ar chros-seiceáil chórasach agus uathoibríoch ar na sonraí ábhartha go léir atá ar fáil;
cultúr comhlíontachta agus comhair a fhorbairt i measc na n-oibreoirí agus na n-iascairí ar fad.
Glacfaidh an tAontas bearta iomchuí i ndáil le tríú tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe.
Airteagal 37
Sainghrúpa maidir le comhlíonadh
Go háirithe tabharfaidh an grúpa saineolaithe faoin méid a leanas:
athbhreithniú rialta ar shaincheisteanna a bhaineann le comhlíonadh agus le cur chun feidhme faoi chóras rialaithe iascaigh an Aontais agus deacrachtaí comhleasa a d'fhéadfadh a bheith ann i ndáil le cur chun feidhme rialacha CBI a shainaithint;
comhairle a fhoirmliú i ndáil le rialacha CBI a chur chun feidhme, lena n-áirítear cúnamh airgeadais Aontais a eagrú de réir tosaíochta; agus
faisnéis a roinnt maidir le gníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta, lena n-áirítear iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac.
Airteagal 38
Treoirthionscadail maidir le teicneolaíochtaí rialaithe agus córais bhainistíochta sonraí nua
Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit treoirthionscadail a chur ar bun maidir le teicneolaíochtaí rialaithe agus córais bhainistíochta sonraí nua.
Airteagal 39
Ranníocaíocht le costais rialaithe, chigireachta, forfheidhmithe agus bailithe sonraí
Féadfaidh na Ballstáit ceangal a chur ar a gcuid oibreoirí ranníoc go comhréireach leis na costais oibríochtúla a bhaineann le córas rialaithe iascaigh an Aontais a chur chun feidhme agus le bailiú sonraí.
CUID X
IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS
Airteagal 40
Cuspóirí
Féadfar cúnamh airgeadais an Aontais a bhronnadh chun cuidiú leis na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 2 a bhaint amach.
Airteagal 41
Coinníollacha maidir le cúnamh airgeadais do Bhallstáit
Airteagal 42
Coinníollacha maidir le cúnamh airgeadais d'oibreoirí
CUID XI
COMHAIRLÍ COMHAIRLEACHA
Airteagal 43
Comhairlí Comhairleacha a bhunú
Go háirithe, bunófar na Comhairlí Comhairleacha nua a leanas, i gcomhréir le hIarscríbhinn III:
Comhairle Chomhairleach um na réigiúin is forimeallaí, arna roinnt i dtrí chuid le haghaidh gach ceann de na himchuacha seo a leanas: An tAtlantach Thiar, an tAtlantach Thoir agus an tAigéan Indiach;
Comhairle Chomhairleach um dhobharshaothrú;
Comhairle Chomhairleach um margaí;
Comhairle Chomhairleach um an Muir Dhubh.
Airteagal 44
Cúraimí na gComhairlí Comhairleacha
Féadfaidh na Comhairlí Comhairleacha:
moltaí agus meabhraíochtaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus an Bhallstáit lena mbaineann maidir le hábhair a bhaineann le hiascaigh a bhainistiú agus le gnéithe socheachnamaíocha agus caomhnaithe iascach agus dobharshaothraithe. Go háirithe, féadfaidh Comhairlí Comhairleacha moltaí a chur isteach maidir le conas rialacha i ndáil le bainistiú iascach a shimpliú.
an Coimisiún agus na Ballstáit a chur ar an eolas faoi fhadhbanna a bhaineann le bainistiú agus le gnéithe socheachnamaíocha agus caomhnaithe iascaigh agus, i gcás inarb iomchuí, le dobharshaothrú ina gceantar geografach nó ina réimse inniúlachta, agus moltaí a thabhairt chun na fadhbanna sin a shárú;
rannchuidiú, i ndlúthchomhar le heolaithe, le bailiú, soláthar agus anailísiú na sonraí is gá chun bearta caomhnaithe a fhorbairt.
Má tá leas coiteann ag dhá Chomhairle Comhairleach nó níos mó ná sin, déanfaidh siad a seasaimh a chomhordú d'fhonn moltaí comhpháirteacha a ghlacadh maidir leis an gceist sin.
Airteagal 45
Comhdhéanamh, feidhmiú agus maoiniú na gComhairlí Comhairleacha
Beidh na Comhairlí Comhairleacha comhdhéanta de:
eagraíochtaí a ndéanann ionadaíocht ar iascach agus, i gcás inarb iomchuí, ar oibreoirí dobharshaothraithe, agus d'ionadaithe na hearnála próiseála agus margaíochta;
grúpaí leasmhara eile a ndéanann CBI difear dóibh (mar shampla, eagraíochtaí comhshaoil agus grúpaí tomhaltóirí).
CUID XII
FORÁLACHA NÓS IMEACHTA
Airteagal 46
Tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 47
Nós imeachta coiste
I gcás nach dtugann an coiste tuairim maidir le dréachtghníomh cur chun feidhme a bheidh le glacadh de bhun Airteagal 23, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
CUID XIII
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 48
Aisghairm agus leasuithe
Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.
In Airteagal 105 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:
Airteagal 49
Athbhreithniú
Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le feidhmiú CBI faoin 31 Nollaig 2022.
Airteagal 50
Tuarascáil bhliantúil
Tuairisceoidh an Coimisiún go bliantúil do Pharlaimint na hEorpa don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn atá déanta i leith uastáirgeacht inbhuanaithe a sheachadadh agus maidir le cás na stoc éisc, a luaithe is féidir tar éis an Rialacháin bhliantúil ón gComhairle a ghlacadh lena socraítear na deiseanna iascaireachta atá ar fáil in uiscí an Aontais agus, in uiscí ar leith nach bhfuil san Aontas, do shoithí de chuid an Aontais.
Airteagal 51
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
ROCHTAIN AR UISCÍ CÓSTA DE RÉIR BHRÍ AIRTEAGAL 5(2)
1. Uiscí cósta na hÉireann
(a) ROCHTAIN DON FHRAINC
|
Limistéar geografach |
Speiceas |
Tábhacht nó tréithe ar leith |
|
Cósta na hÉireann (6 go 12 mhuirmhíle) |
|
|
|
1. Ceann Iorrais siar ó thuaidh Gob Chorráin an Fhiaigh siar |
Iasc grinnill |
Gan teorainn |
|
Gliomach na hIorua |
Gan teorainn |
|
|
2. Carn Uí Néid ó dheas Na Stácaí ó dheas |
Iasc grinnill |
Gan teorainn |
|
Gliomach na hIorua |
Gan teorainn |
|
|
Ronnach |
Gan teorainn |
|
|
3. Na Stácaí ó dheas Corcaigh ó dheas |
Iasc grinnill |
Gan teorainn |
|
Gliomach na hIorua |
Gan teorainn |
|
|
Ronnach |
Gan teorainn |
|
|
Scadán |
Gan teorainn |
|
|
4. Corcaigh ó dheas, Ceann an Chairn ó dheas |
Gach speiceas |
Gan teorainn |
|
5. Ceann an Chairn ó dheas, Inis Sionnach soir ó dheas |
Gach speiceas, seachas sliogéisc |
Gan teorainn |
(b) ROCHTAIN DON ÍSILTÍR
|
Limistéar geografach |
Speiceas |
Tábhacht nó tréithe ar leith |
|
Cósta na hÉireann (6 go 12 mhíle) |
|
|
|
1. Na Stácaí ó dheas Ceann an Chairn ó dheas |
Scadán |
Gan teorainn |
|
Ronnach |
Gan teorainn |
(c) ROCHTAIN DON GHEARMÁIN
|
Limistéar geografach |
Speiceas |
Tábhacht nó tréithe ar leith |
|
Cósta na hÉireann (6 go 12 mhuirmhíle) |
|
|
|
1. An Seancheann ó dheas, Ceann an Chairn ó dheas |
Scadán |
Gan teorainn |
|
2. Corcaigh ó dheas Ceann an Chairn ó dheas |
Ronnach |
Gan teorainn |
(d) ROCHTAIN DON BHEILG
|
Limistéar geografach |
Speiceas |
Tábhacht nó tréithe ar leith |
|
Cósta na hÉireann (6 go 12 mhuirmhíle) |
|
|
|
1. Corcaigh ó dheas Ceann an Chairn ó dheas |
Iasc grinnill |
Gan teorainn |
|
2. Ceann Chill Mhantáin soir Loch Cairlinn soir ó dheas |
Iasc grinnill |
Gan teorainn |
2. Uiscí cósta na Beilge
|
Limistéar geografach |
Ballstát |
Speiceas |
Tábhacht nó tréithe ar leith |
|
3 go 12 mhuirmhíle |
an Ísiltír |
Gach speiceas |
Gan teorainn |
|
|
an Fhrainc |
Scadán |
Gan teorainn |
3. Uiscí cósta na Danmhairge
|
Limistéar geografach |
Ballstát |
Speiceas |
Tábhacht nó tréithe ar leith |
|
Cósta na Mara Thuaidh (ó theorainn na Danmhairge/na Gearmáine go dtí Hanstholm) (6 go 12 mhuirmhíle) |
|
|
|
|
|
|
||
|
Ó theorainn na Danmhairge/na Gearmáine go dtí Blåvands Huk |
an Ghearmáin |
Iasc leathógach |
Gan teorainn |
|
Séaclaí agus cloicheáin |
Gan teorainn |
||
|
an Ísiltír |
Iasc leathógach |
Gan teorainn |
|
|
Iasc cruinn |
Gan teorainn |
||
|
Ó Blåvands Huk go dtí Bovbjerg |
an Bheilg |
Trosc |
Gan teorainn ó 1 Meitheamh go 31 Iúil amháin |
|
Cadóg |
Gan teorainn ó 1 Meitheamh go 31 Iúil amháin |
||
|
an Ghearmáin |
Iasc leathógach |
Gan teorainn |
|
|
an Ísiltír |
Leathóg |
Gan teorainn |
|
|
Sól |
Gan teorainn |
||
|
Ó Thyborøn go dtí Hanstholm |
an Bheilg |
Faoitín |
Gan teorainn ó 1 Meitheamh go 31 Iúil amháin |
|
Leathóg |
Gan teorainn ó 1 Meitheamh go 31 Iúil amháin |
||
|
|
an Ghearmáin |
Iasc leathógach |
Gan teorainn |
|
Salán |
Gan teorainn |
||
|
Trosc |
Gan teorainn |
||
|
Liúdar |
Gan teorainn |
||
|
Cadóg |
Gan teorainn |
||
|
Ronnach |
Gan teorainn |
||
|
Scadán |
Gan teorainn |
||
|
Faoitín |
Gan teorainn |
||
|
an Ísiltír |
Trosc |
Gan teorainn |
|
|
Leathóg |
Gan teorainn |
||
|
Sól |
Gan teorainn |
||
|
Skagerrak (Hanstholm go Skagen) (4 go 12 mhuirmhíle) |
an Bheilg |
Leathóg |
Gan teorainn ó 1 Meitheamh go 31 Iúil amháin |
|
an Ghearmáin |
Iasc leathógach |
Gan teorainn |
|
|
Salán |
Gan teorainn |
||
|
Trosc |
Gan teorainn |
||
|
Liúdar |
Gan teorainn |
||
|
Cadóg |
Gan teorainn |
||
|
Ronnach |
Gan teorainn |
||
|
Scadán |
Gan teorainn |
||
|
Faoitín |
Gan teorainn |
||
|
an Ísiltír |
Trosc |
Gan teorainn |
|
|
Leathóg |
Gan teorainn |
||
|
Sól |
Gan teorainn |
||
|
Kattegat (3 go 12 mhíle) |
an Ghearmáin |
Trosc |
Gan teorainn |
|
Iasc leathógach |
Gan teorainn |
||
|
Gliomach na hIorua |
Gan teorainn |
||
|
Scadán |
Gan teorainn |
||
|
Ó Zeeland ó thuaidh go dtí líne dhomhanleithid a théann trí theach solais Forsnæs |
an Ghearmáin |
Salán |
Gan teorainn |
|
Muir Bhailt (lena n-áirítear Belts, Sound, Bornholm) (3 go 12 mhuirmhíle) |
an Ghearmáin |
Iasc leathógach |
Gan teorainn |
|
Trosc |
Gan teorainn |
||
|
Scadán |
Gan teorainn |
||
|
Salán |
Gan teorainn |
||
|
Eascann |
Gan teorainn |
||
|
Bradán |
Gan teorainn |
||
|
Faoitín |
Gan teorainn |
||
|
Ronnach |
Gan teorainn |
||
|
Skagerrak (4 go 12 mhíle) |
an tSualainn |
Gach speiceas |
Gan teorainn |
|
Kattegat (3 go 12 mhíle) (1) |
an tSualainn |
Gach speiceas |
Gan teorainn |
|
Muir Bhailt (3 go 12 mhíle) |
an tSualainn |
Gach speiceas |
Gan teorainn |
|
(1)
Arna thomhas ón líne chósta. |
|||
4. Uiscí cósta na Gearmáine
|
Limistéar geografach |
Ballstát |
Speiceas |
Tábhacht nó tréithe ar leith |
|
Cósta na Mara Thuaidh (3 go 12 mhuirmhíle) an cósta iomlán |
an Danmhairg |
Iasc grinnill |
Gan teorainn |
|
Salán |
Gan teorainn |
||
|
Corr ghainimh |
Gan teorainn |
||
|
an Ísiltír |
Iasc grinnill |
Gan teorainn |
|
|
Séaclaí agus cloicheáin |
Gan teorainn |
||
|
Ó theorainn na Danmhairge/na Gearmáine go dtí pointe ó thuaidh Amrum ag 54° 43′N |
an Danmhairg |
Séaclaí agus cloicheáin |
Gan teorainn |
|
An Cósta Baltach (3 go 12 mhíle) |
an Danmhairg |
Trosc |
Gan teorainn |
|
Leathóg |
Gan teorainn |
||
|
Scadán |
Gan teorainn |
||
|
Salán |
Gan teorainn |
||
|
Eascann |
Gan teorainn |
||
|
Faoitín |
Gan teorainn |
||
|
Ronnach |
Gan teorainn |
5. Uiscí cósta na Fraince agus na ranna thar lear
|
Limistéar geografach |
Ballstát |
Speiceas |
Tábhacht nó tréithe ar leith |
|
Cósta an Atlantaigh Thoir Thuaidh (6 go 12 mhuirmhíle) |
|
|
|
|
Ó theorainn na Beilge/na Fraince go dtí oirthear Departement Manche (inbhear Vire-Grandcamp les Bains 49° 23′ 30″ N-1° 02′ WNNE) |
an Bheilg |
Iasc grinnill |
Gan teorainn |
|
Muiríní |
Gan teorainn |
||
|
an Ísiltír |
Gach speiceas |
Gan teorainn |
|
|
Dunkerque (2° 20′ E) go dtí Cap d’Antifer (0° 10′ E) |
an Ghearmáin |
Scadán |
Gan teorainn ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig amháin |
|
Cósta an Atlantaigh (6 go 12 mhuirmhíle) |
|
|
|
|
Ó theorainn na Spáinne/na Fraince go dtí 46° 08′ N |
an Spáinn |
Ainseabhaithe |
Iascaireacht dhírithe,gan teorainn ó 1 Márta go 30 Meitheamh |
|
Iascaireacht le haghaidh baoite beo ón 1 Iúil go 31 Deireadh Fómhair amháin |
|||
|
Sairdíní |
Gan teorainn ó 1 Eanáir go 28 Feabhra agus ón 1 Iúil go 31 Nollaig |
||
|
|
|
|
Ina theannta sin, gníomhaíochtaí a bhaineann leis an méid thuas- a bhaineann leis na speicis a luaitear ní mór tabhairt fúthu i gcomhréir le teorainneacha na ngníomhaíochtaí a saothraíodh i rith 1984 agus laistigh de na teorainneacha sin |
|
Cósta na Meánmhara (6 go 12 mhuirmhíle) |
|
|
|
|
Teorainn na Spáinne Cap Leucate |
an Spáinn |
Gach speiceas |
Gan teorainn |
6. Uiscí cósta na Spáinne
|
Limistéar geografach |
Ballstát |
Speiceas |
Tábhacht nó tréithe ar leith |
|
Cósta an Atlantaigh (6 go 12 mhuirmhíle) |
|
|
|
|
Ó theorainn na Fraince/na Spáinne go dtí Teach solais Cap Mayor (3° 47′ W) |
an Fhrainc |
Iasc peiligeach |
Gan teorainn i gcomhréir le teorainneacha na ngníomhaíochtaí a saothraíodh i rith 1984 agus laistigh de na teorainneacha sin. |
|
Cósta na Meánmhara (6 go 12 mhuirmhíle) |
|
|
|
|
Teorainn na Fraince/Cap Creus |
an Fhrainc |
Gach speiceas |
Gan teorainn |
7. Uiscí cósta na Cróite ()
|
Limistéar geografach |
Ballstát |
Speiceas |
Tábhacht nó tréithe ar leith |
|
12 mhíle agus é teoranta don limistéar mara faoi dhlínse na Cróite atá suite ó thuaidh den líne 45 céim agus 10 nóiméad dhomhanleithid ó thuaidh fad chósta thiar Istria, amach ó theorainn fhorimeallach fharraige teorann na Cróite, áit a mbuaileann an domhanleithead seo talamh chósta thiar Istria (ceann Grgatov rt Funtana) |
an tSlóivéin |
Iasc grinnill agus speicis bheaga peiligeach lena n-áirítear mionsairdín agus ainseabhaí |
100 tona do líon uasta 25 soithí iascaireachta lena n-áirítear 5 shoitheach iascaireachta atá feistithe le trál |
|
(1)
Beidh feidhm ag an gcóras thuasluaite ó chur i bhfeidhm iomlán an chinnidh eadrána a eascraíonn ón gComhaontú Eadrána idir Rialtas Phoblacht na Slóivéine agus Rialtas Phoblacht na Cróite, arna shíniú i Stócólm an 4 Samhain 2009. |
|||
8. Uiscí cósta na hIsiltíre
|
Limistéar geografach |
Ballstát |
Speiceas |
Tábhacht nó tréithe ar leith |
|
(3 go 12 mhuirmhíle) an cósta iomlán |
an Bheilg |
Gach speiceas |
Gan teorainn |
|
an Danmhairg |
Iasc grinnill |
Gan teorainn |
|
|
Salán |
Gan teorainn |
||
|
Corr ghainimh |
Gan teorainn |
||
|
Bolmán |
Gan teorainn |
||
|
an Ghearmáin |
Trosc |
Gan teorainn |
|
|
Séaclaí agus cloicheáin |
Gan teorainn |
||
|
(6 go 12 mhuirmhíle) an cósta iomlán |
an Fhrainc |
Gach speiceas |
Gan teorainn |
9. Uiscí cósta na Slóivéine ()
|
Limistéar geografach |
Ballstát |
Speiceas |
Tábhacht nó tréithe ar leith |
|
12 mhíle agus é teoranta don limistéar mara faoi dhlínse na Slóivéine atá suite ó thuaidh den líne 45 céim agus 10 nóiméad dhomhanleithid ó thuaidh fad chósta thiar Istria, amach ó theorainn fhorimeallach fharraige teorann na Cróite, áit a mbuaileann an domhanleithead seo talamh chósta thiar Istria (ceann Grgatov rt Funtana) |
an Chróit |
Iasc grinnill agus speicis bheaga peiligeach lena n-áirítear mionsairdín agus ainseabhaí |
100 tona do líon uasta 25 soithí iascaireachta lena n-áirítear 5 shoitheach iascaireachta atá feistithe le trál |
|
(1)
Beidh feidhm ag an gcóras thuasluaite ó chur i bhfeidhm iomlán an chinnidh eadrána a eascraíonn ón gComhaontú Eadrána idir Rialtas Phoblacht na Slóivéine agus Rialtas Phoblacht na Cróite, arna shíniú i Stócólm an 4 Samhain 2009. |
|||
10. Uiscí cósta na Fionlainne
|
Limistéar geografach |
Ballstát |
Speiceas |
Tábhacht nó tréithe ar leith |
|
Muir Bhailt (4 go 12 mhíle) (1) |
an tSualainn |
Gach speiceas |
Gan teorainn |
|
(1)
3 go 12 mhíle timpeall Oileáin Bogskär. |
|||
11. Uiscí cósta na Sualainne
|
Limistéar geografach |
Ballstát |
Speiceas |
Tábhacht nó tréithe ar leith |
|
Skagerrak (4 go 12 mhuirmhíle) |
an Danmhairg |
Gach speiceas |
Gan teorainn |
|
Kattegat (3 go 12 mhíle) (1) |
an Danmhairg |
Gach speiceas |
Gan teorainn |
|
Muir Bhailt (4 go 12 mhíle) |
an Danmhairg |
Gach speiceas |
Gan teorainn |
|
an Fhionlainn |
Gach speiceas |
Gan teorainn |
|
|
(1)
Arna thomhas ón líne chósta. |
|||
12. Uiscí cósta na Gréige
|
Limistéar geografach |
Ballstát |
Speiceas |
Tábhacht nó tréithe ar leith |
|
An Mhuir Iónach 6 go 12 mhuirmhíle in uiscí teorann na Gréige |
an Iodáil |
Ceifileapóid Crústaigh Iasc grinnill Speicis pheiligeacha mhóra |
Líon uasta 68 soitheach |
|
Ó dheas-Soir ó dheas ó oileán na Créite (Soir ó 26°00′00″ E) 6 go 12 mhuirmhíle in EEZ na Gréige |
|||
|
Ó dheas-Soir ó dheas ó oileán Koufonisi 6 go 12 mhuirmhíle in EEZ na Gréige |
|||
|
Ó dheas-Siar ó dheas ó oileán Kasos 6 go 12 mhuirmhíle in EEZ na Gréige |
|||
|
Ó dheas-Soir ó dheas ó oileán Karpathos 6 go 12 mhuirmhíle in EEZ na Gréige |
|||
|
Ó dheas-Siar ó dheas (Siar ó 27°59′02.00″ E) ó oileán Ródas 6 go 12 mhuirmhíle in EEZ na Gréige. |
IARSCRÍBHINN II
UASTEORAINNEACHA LE hAGHAIDH ACMHAINNE IASCAIREACHTA
Uasteorainneacha (bunaithe ar an staid mar a bhí sé an 31 Nollaig 2010)
|
An Ballstát |
GT |
kW |
|
An Bheilg |
18 962 |
51 586 |
|
An Bhulgáir |
7 250 |
62 708 |
|
An Chróit |
53 452 |
426 064 |
|
An Danmhairg |
88 762 |
313 333 |
|
An Ghearmáin |
71 117 |
167 078 |
|
An Eastóin |
21 677 |
52 566 |
|
Éire |
77 568 |
210 083 |
|
An Ghréig |
84 123 |
469 061 |
|
An Spáinn (réigiúin fhorimeallacha san áireamh) |
423 550 |
964 826 |
|
An Fhrainc (réigiúin fhorimeallacha san áireamh) |
214 282 |
1 166 328 |
|
An Iodáil |
173 506 |
1 070 028 |
|
An Chipir |
11 021 |
47 803 |
|
An Laitvia |
46 418 |
5 846 |
|
An Liotuáin |
73 489 |
73 516 |
|
Málta |
14 965 |
95 776 |
|
An Ísiltír |
166 859 |
350 736 |
|
An Pholainn |
38 270 |
90 776 |
|
An Phortaingéil (réigiúin fhorimeallacha san áireamh) |
114 549 |
386 539 |
|
An Rómáin |
1 908 |
6 356 |
|
An tSlóivéin |
675 |
8 867 |
|
An Fhionlainn |
18 066 |
181 717 |
|
An tSualainn |
43 386 |
210 829 |
|
An Ríocht Aontaithe |
231 106 |
909 141 |
Uasteorainneacha (bunaithe ar an staid mar a bhí sé an 31 Nollaig 2010)
|
Réigiúin fhorimeallacha an Aontais |
GT |
kW |
|
An Spáinn |
||
|
Na hOileáin Chanáracha: F (1)< 12 m. Uiscí an Aontais |
2 617 |
20 863 |
|
Na hOileáin Chanáracha: F> 12 m. Uiscí an Aontais |
3 059 |
10 364 |
|
Na hOileáin Chanáracha: F> 12 m. Uiscí idirnáisiúnta agus tríú tíortha |
28 823 |
45 593 |
|
An Fhrainc |
||
|
La Réunion: Speicis ghrinnill agus pheiligeacha. F < 12 m |
1 050 |
19 320 |
|
La Réunion: Speicis pheiligeacha. F > 12 m |
10 002 |
31 465 |
|
Guáin na Fraince: Speicis ghrinnill agus pheiligeacha. Fad < 12 m |
903 |
11 644 |
|
Guáin na Fraince: Soithí séaclaí |
7 560 |
19 726 |
|
Guáin na Fraince: Speicis pheiligeacha. Soithí mórmhara. |
3 500 |
5 000 |
|
Martinique: Speicis ghrinnill agus pheiligeacha. F < 12 m |
5 409 |
142 116 |
|
Martinique: Speicis pheiligeacha. F > 12 m |
1 046 |
3 294 |
|
Guadalúip: Speicis ghrinnill agus pheiligeacha. F < 12 m |
6 188 |
162 590 |
|
Guadalúip: Speicis pheiligeacha. F > 12 m |
500 |
1 750 |
|
Mayotte. Seiners |
13 916 (*1) |
24 000 (*1) |
|
Mayotte. Mechanical long-liners < 23 m |
2 500 (*1) |
8 500 (*1) |
|
Mayotte. Demersal and pelagic species. Vessels < 10 m |
p.m. (*2) |
p.m. (*2) |
|
An Phortaingéil |
||
|
Maidéara: Speicis ghrinnill. F < 12 m |
604 |
3 969 |
|
Maidéara: Speicis ghrinnill agus pheiligeacha. F > 12 m |
4 114 |
12 734 |
|
Maidéara: Speicis pheiligeacha. Saighne. F > 12 m |
181 |
777 |
|
Na hAsóir: Speicis ghrinnill. F < 12 m |
2 617 |
29 870 |
|
Na hAsóir: Speicis ghrinnill agus pheiligeacha. F > 12 m |
12 979 |
25 721 |
|
(1)
Ciallaíonn "F" fad foriomlán an tsoithigh |
||
IARSCRÍBHINN III
COMHAIRLÍ COMHAIRLEACHA
1. Ainm agus réimse na gComhairlí Comhairleacha
|
Ainm |
Réimsí inniúlachta |
|
Muir Bhailt |
Ranna ICES IIIb, IIIc agus IIId |
|
An Mhuir Dhubh |
ciallaíonn 'an Mhuir Dhubh' fo-cheantar geografach CIGM [Coimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir] arna shainmhíniú sa rún GFCM/33/2009/2 |
|
An Mheánmhuir |
Uiscí farraige na Meánmhara soir ó líne 5°36′ siar |
|
An Mhuir Thuaidh |
Ranna ICES IV agus IIIa |
|
Uiscí an Iarthuaiscirt |
Ranna ICES V (seachas Va agus uiscí an Aontais in Vb amháin), VI agus VII |
|
Uiscí an Iardheiscirt |
Ranna ICES VIII, IX agus X (uiscí timpeall ar na hAsóir), agus limistéir CECAF 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2.0 (uiscí timpeall ar Mhaidéara agus ar na hOileáin Chanáracha) |
|
Na réigiúin is forimeallaí |
Uiscí an Aontais timpeall ar na réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 349 den Chonradh arna roinnt i dtrí imchuacha: An tAtlantach Thiar, an tAtlantach Thoir agus an tAigéan Indiach; |
|
Stoic pheiligeacha (faoitín gorm, ronnach, bolmán, scadán, torciasc) |
Gach limistéar geografach lena n-áirítear an Mhuir Bhaile an Mheánmhuir |
|
Cabhlach fadraoin/mórmhara |
Na huiscí uile nach bhfuil san Aontas |
|
Dobharshaothrú |
Dobharshaothrú, mar atá sainmhínithe in Airteagal 4 |
|
Margaí |
Gach réimse margaidh |
2. Feidhmiú agus cistiú na gComhairlí Comhairleacha
(a) Sa chomhtionól ginearálta agus sa choiste feidhmiúcháin, tabharfar 60 % de na suíocháin d'ionadaithe na n-iascairí agus don Chomhairle Chomhairleach um an Dobharshaothrú, d'oibreoirí dobharshaothraithe agus d'ionadaithe na hearnála próiseála agus margaíochta, agus tabharfar 40 % d'ionadaithe na ngrúpaí leasmhara eile a ndéanann an Comhbheartas Iascaigh dochar dóibh, mar shampla eagraíochtaí comhshaoil agus grúpaí tomhaltóirí.
(b) Lasmuigh den Chomhairle Chomhairleach um Dhobharshaothrú agus den Chomhairle Chomhairleach um Margaí, beidh ar a laghad ionadaí amháin den fho-earnáil gabhála ó gach Ballstát lena mbaineann ar an gcoiste feidhmiúcháin.
(c) Glacfaidh comhaltaí an choiste fheidhmiúcháin, i gcás inar féidir, moltaí trí chomhthoil. Mura thiocfar ar chomhaontú, déanfar tuairmí easaontacha a chuirfidh baill in iúl a thaifeadadh sna moltaí a ghlacfaidh tromlach na mball atá i láthair agus atá ag vótáil.
(d) Aimneoidh gach Comhairle Chomhairleach cathaoirleach trí chomhaontú. Gníomhóidh an cathaoirleach ar bhealach neamhchlaonta.
(e) Glacfaidh an Chomhairle Chomhairleach na bearta riachtanacha chun trédhearcacht agus urramú gach tuairime a áirithiú.
(f) Cuirfear moltaí a ghlacfaidh an coiste feidhmiúcháin ar fáil láithreach don chomhthinól ginearálta, don Choimisiún, do na Ballstáit lena mbaineann agus, arna iarraidh sin, do dhuine ar bith sa phobal i gcoitinne.
(g) Beidh cruinnithe den chomhthionól ginearálta ar oscailt don phobal. Beidh cruinnithe den chomhthionól ginearálta ar oscailt don phobal, mura gcinnfidh tromlach an choiste fheidhmiúcháin a mhalairt, i gcásanna éisceachtúla.
(h) Féadfaidh eagraíochtaí Eorpacha agus náisiúnta a dhéanann ionadaíocht don earnáil iascaigh agus do ghrúpaí eile comhaltaí a mholadh do na Ballstáit lena mbaineann. Comhaontóidh na Ballstáit comhaltaí an chomhthionóil ghinearálta.
(i) Ionadaithe riaracháin náisiúnta agus réigiúnacha a bhfuil leas iascaigh acu sa limistéar lena mbaineann agus taighdeoirí ó institiúidí eolaíochta agus taighde iascaigh agus ó na hinstitiúidí idirnáisiúnta eolaíochta a thugann comhairle don Choimisiún, beidh cead acu páirt a ghlacadh i gcruinnithe na Comhairle Comhairlí mar bhreathnóirí gníomhacha. Féadfar cuireadh a thabhairt d'aon eolaí cáilithe eile.
(j) Féadfaidh ionadaithe Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin páirt a ghlacadh mar bhreathnóirí gníomhacha i gcruinnithe na Comhairle Comhairlí.
(k) Féadfar cuireadh a thabhairt d'ionadaithe na hearnála iascaigh agus do ghrúpaí leasmhara eile ó thríú tíortha, lena n-áirítear ionadaithe ó ERBInna, a bhfuil leas iascaireachta acu sa limistéar nó iascaigh atá cumhdaithe ag Comhairle Chomhairleach, páirt a ghlacadh sa Chomhairle Chomhairleach mar bhreathnóirí gníomhacha nuair a phléifear ceisteanna a bhaineann leo.
(l) Féadfaidh Comhairlí Comhairleacha iarratas a dhéanamh ar chúnamh airgeadais an Aontais mar chomhlachtaí a mbeidh leas na hEorpa go ginearálta mar aidhm acu.
(m) Síneoidh an Coimisiún comhaontú deontais le gach Comhairle Chomhairleach go ranníocfaidh sí lena chuid costas oibriúcháin, lena n-áirítear costais aistriúcháin agus ateangaireachta.
(n) Féadfaidh an Coimisiún na fíoruithe uile a measann sé a bhfuil gá leo a dhéanamh chun comhlíonadh na gcúraimí atá sannta dó na Comhairlí Comhairleacha a áirithiú.
(o) Cuirfidh gach Comhairle Chomhairleach a buiséad bliantúil isteach agus cuirfidh sé tuarascáil isteach maidir lena cuid gníomhaíochtaí chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit lena mbaineann.
(p) Féadfaidh an Coimisiún nó an Chúirt Iniúchóirí, tráth ar bith, iniúchadh a shocrú a dhéanfadh comhlacht seachtrach dá rogha féin nó a dhéanfadh an Coimisiún nó ranna de chuid na Cúirte Iniúchóirí iad féin.
(q) Ceapfaidh gach Comhairle iniúchóir deimhnithe don tréimhse ina mbainfidh sí leas as cistí de chuid an Aontais.
( 1 ) Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistíochta i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (IO L 409, 30.12.2006, lch. 11)
( 2 ) Rialachán (CEE) Uimh. 2930/86 ón gComhairle an 22.9.1986 (IO L 274, 25.9.1986, lch. 1).
( 3 ) Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail d'fhonn comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 and (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.09, lch. 1.)
( 4 ) Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).
( 5 ) Tá limistéir ICES (an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara) sainithe i Rialachán (CE) Uimh 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach Thoir Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (IO L 87, 31.3.2009, lch. 70).
( 6 ) Tá limistéir CECAF (an tAtlantach Thoir Láir nó mórlimistéar iascaireachta FAO 34) sainithe i Rialachán (CE) Uimh. 216/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht i limistéir áirithe seachas i limistéir an Atlantaigh Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (IO L 87, 31.3.2009, lch 1).
( 7 ) Rialachán (CE) Uimh. 216/2009 ó 1379/2013 Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).
( 8 ) Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle maidir le bainistiú na hiarrachta iascaireachta a bhaineann le limistéir agus acmhainní áirithe iascaireachta agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 635/95 agus (CE) Uimh. 2027/95 (IO L 289, 7.11.2003, lch. 1).
( 9 ) Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle an 30 Márta 2004 maidir le cabhlaigh iascaireachta atá cláraithe sna réigiúin is forimeallaí sa Chomhphobal a bhainistiú (IO L 102, 7.4.2004, lch. 9).
( *1 ) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 23)".