Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2067

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2067 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2023 maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Bhulgáir (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 6575) (Is é an téacs Bulgáirise amháin atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2023/6575

    IO L 238, 27.9.2023, p. 143–146 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 25/09/2023; Arna aisghairm le 32023D2725

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2067/oj

    27.9.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 238/143


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2067 ÓN gCOIMISIÚN

    an 26 Meán Fómhair 2023

    maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Bhulgáir

    (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 6575)

    (Is é an téacs Bulgáirise amháin atá barántúil)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Is galar víreasach tógálach é an bholgach caorach agus an bholgach gabhar a bhíonn ar ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha.

    (2)

    I gcás ráig den bholgach caorach agus den bholgach gabhar in ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair, tá baol suntasach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair.

    (3)

    Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha i dtaca le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair i gcatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil in Airteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar i gcatagóir A, lena n-áirítear an bholgach caorach agus an bholgach gabhar, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall na gcriosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh.

    (4)

    Chuir an Bhulgáir an Coimisiún ar an eolas faoi staid na bolgaí caorach agus na bolgaí gabhar ina críoch faoi láthair, tar éis ráig den ghalar sin i measc ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair i réigiún Burgas, ráig a deimhníodh an 16 Meán Fómhair 2023, agus, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, bhunaigh sí crios srianta, ina bhfuil crios cosanta agus crios faireachais, agus ina gcuirtear i bhfeidhm na bearta ginearálta rialaithe galar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, mar aon le crios srianta breise ina gcuirtear i bhfeidhm bearta rialaithe áirithe, chun leathadh breise an ghalair sin a chosc.

    (5)

    Chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun bacainní gan údar ar thrádáil ag tríú tíortha a sheachaint, is gá an crios srianta i dtaca leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar, ar crios é ina bhfuil crios cosanta agus crios faireachais, mar aon leis an gcrios srianta breise, a shainaithint go tapa ar leibhéal an Aontais sa Bhulgáir i gcomhar leis an mBallstát sin.

    (6)

    Dá réir sin, ba cheart na limistéir a shainaithnítear mar chriosanna cosanta, faireachais agus srianta breise sa Bhulgáir a leagan amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus ba cheart fad an réigiúnaithe sin a shocrú.

    (7)

    I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh na bolgaí caorach agus na bolgaí gabhar agus an ghá cosc a chur ar leathadh an ghalair sin ón mbunaíocht atá buailte sa Bhulgáir go codanna eile den Bhallstáit sin agus go Ballstáit eile, is iomchuí go mbeadh feidhm ag na bearta a leagtar síos sa Chinneadh Cur Chun Feidhme seo a luaithe is féidir.

    (8)

    Dá réir sin, go dtí go bhfaighfear tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, ba cheart na criosanna cosanta, faireachais agus srianta breise sa Bhulgáir a bhunú láithreach agus a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus ba cheart fad an chriosúcháin sin a shocrú.

    (9)

    Tá an Cinneadh seo le hathbhreithniú ag an gcéad chruinniú eile den Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Áiritheoidh an Bhulgáir:

    (a)

    go mbunóidh údarás inniúil an Bhallstáit sin láithreach criosanna srianta, ina mbeidh criosanna cosanta agus faireachais mar aon le crios srianta breise, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus faoi na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal sin;

    (b)

    go gcuimseoidh na criosanna cosanta, faireachais agus srianta breise dá dtagraítear i bpointe (a) ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme seo;

    (c)

    go mbeidh feidhm ag na bearta i ngach crios srianta ar a laghad go dtí na dátaí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    1.   Gluaiseachtaí caorach agus gabhar ón gcrios srianta breise go dtí ceann scríbe lasmuigh den chrios srianta breise sin, ní cheadófar iad ach amháin má údaraíonn an t-údarás inniúil iad agus má chomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2, 3 agus 4.

    2.   Féadfaidh an t-údarás inniúil gluaiseachtaí caorach agus gabhar a choimeádtar sa chrios srianta breise go dtí ceann scríbe lasmuigh den chrios srianta breise sin a údarú nuair atá na gluaiseachtaí caorach agus gabhar sin ag dul díreach chuig seamlas atá suite laistigh de chríoch na Bulgáire lena marú láithreach.

    3.   Maidir leis an modh iompair a úsáidtear le haghaidh gluaiseachtaí caorach agus gabhar ón gcrios srianta breise, dá dtagraítear i mír 2:

    (a)

    comhlíonfaidh siad na ceanglais maidir leis an modh iompair a leagtar síos in Airteagal 24(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;

    (b)

    déanfar iad a ghlanadh agus a dhíghalrú sula ndéanfar aon ainmhí a iompar faoi rialú nó faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil;

    (c)

    déanfar iad a ghlanadh agus a dhíghalrú i gcomhréir leis na ceanglais maidir leis an modh iompair a leagtar síos in Airteagal 24(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 faoi rialú nó faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil;

    (d)

    ní bheidh iontu ach caoirigh agus gabhair a bhfuil an stádas sláinte céanna acu a choimeádtar sa bhunaíocht chéanna;

    (e)

    séalóidh an t-údarás inniúil iad ag an mbunaíocht tionscnaimh tar éis luchtú na n-ainmhithe agus bainfidh an t-údarás inniúil an séala ag an seamlas cinn scríbe.

    4.   Beidh na caoirigh agus na gabhair atá le hiompar faoi réir cigireacht chliniciúil ag an údarás inniúil 24 uair an chloig nó níos lú roimh an dáta iompair.

    Airteagal 3

    Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Nollaig 2023.

    Airteagal 4

    Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Bulgáire.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Meán Fómhair 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Stella KYRIAKIDES

    Comhalta den Choimisiún


    (1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

    (2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm ar chatagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21).


    IARSCRÍBHINN

    A.   Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar ráigeanna deimhnithe

    Réigiún agus uimhir thagartha ADIS na ráige

    Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid de na criosanna srianta sa Bhulgáir dá dtagraítear in Airteagal 1

    An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí

    Réigiún Burgas

    BG-CAPRIPOX-2023-00001

    An crios cosanta:

    Those parts of the region of Burgas, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.1137, Long. 27.1012 (2023/1)

    10.10.2023

    An crios faireachais:

    Those parts of the region of Burgas, contained within a circle of a radius of 10 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.1137, Long. 27.1012 (2023/1)

    19.10.2023

    An crios faireachais:

    Those parts of the region of Burgas, contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.1137, Long. 27.1012 (2023/1)

    11.10.2023 – 19.10.2023

    B.   Criosanna srianta breise

    Réigiún

    Limistéir a bhunaítear mar chrios srianta breise sa Bhulgáir dá dtagraítear in Airteagal 1

    An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí

    Réigiúin Burgas, Haskovo agus Yambol

    Crios srianta breise ina bhfuil na limistéir seo a leanas.

    I réigiún Burgas, na bardasachtaí seo a leanas:

    Malko Tarnovo

    Sredets

    Tsarevo

    I réigiún Haskovo, na bardasachtaí seo a leanas:

    Svilengrad

    Topolovgrad

    I réigiún Yambol, na bardasachtaí seo a leanas:

    Bolyarovo

    Elhovo

    30.11.2023


    Top