EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1785

Cinneadh (AE) 2023/1785 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2023 lena n-aisghairtear Cinneadh 2006/929/CE lena mbunaítear sásra comhair agus fíorúcháin ar dhul chun cinn sa Bhulgáir chun aghaidh a thabhairt ar thagarmharcanna sonracha i réimsí an athchóirithe bhreithiúnaigh agus an chomhraic i gcoinne an éillithe agus na coireachta eagraithe

C/2023/5652

IO L 229, 18.9.2023, p. 91–93 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 08/10/2023

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1785/oj

18.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 229/91


CINNEADH (AE) 2023/1785 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Meán Fómhair 2023

lena n-aisghairtear Cinneadh 2006/929/CE lena mbunaítear sásra comhair agus fíorúcháin ar dhul chun cinn sa Bhulgáir chun aghaidh a thabhairt ar thagarmharcanna sonracha i réimsí an athchóirithe bhreithiúnaigh agus an chomhraic i gcoinne an éillithe agus na coireachta eagraithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint d’Ionstraim Aontachais Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine, agus go háirithe Airteagal 37 agus Airteagal 38 di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ina thuarascáil faireacháin an 26 Meán Fómhair 2006 maidir le staid ullmhachta do bhallraíocht na Bulgáire agus na Rómáine san Aontas (1), roimh aontachas na Bulgáire leis an Aontas, shainaithin an Coimisiún roinnt saincheisteanna, go háirithe a mhéid a bhaineann le cuntasacht agus éifeachtúlacht an chórais bhreithiúnaigh agus na gcomhlachtaí forfheidhmithe dlí sa Bhulgáir, áit a raibh gá fós le tuilleadh dul chun cinn chun an cumas a áirithiú na bearta arna nglacadh chun an margadh inmheánach agus limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm.

(2)

An 13 Nollaig 2006, ghlac an Coimisiún Cinneadh 2006/929/CE (2) lena mbunaítear sásra comhair agus fíorúcháin ar dhul chun cinn sa Bhulgáir chun aghaidh a thabhairt ar sé thagarmharc shonracha i réimsí an athchóirithe bhreithiúnaigh agus an chomhraic i gcoinne an éillithe agus na coireachta eagraithe. Luaitear sa Chinneadh sin go bhfuil sé le haisghairm nuair a bheidh na tagarmharcanna go léir comhlíonta go sásúil.

(3)

Le Cinneadh 2006/929/CE ceanglaítear ar an mBulgáir tuairisc rialta a thabhairt don Choimisiún maidir leis an dul chun cinn a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar na tagarmharcanna. Chuir an Coimisiún a bharúlacha agus a thorthaí féin maidir le tuarascáil na Bulgáire in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle den chéad uair i mí an Mheithimh 2007, agus tá tuairisc rialta tugtha aige ó shin i leith. Is de thoradh ar anailís chúramach gach tuarascáil ón gCoimisiún, ag tarraingt ar dhlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta, agus ar ionchur ón tsochaí shibhialta, agus ó pháirtithe leasmhara agus ó bhreathnóirí eile.

(4)

Ina thuarascáil i mí Eanáir 2017 (3), rinne an Coimisiún measúnú cuimsitheach ar an dul chun cinn atá déanta ag an mBulgáir ó bunaíodh an sásra comhair agus fíoraithe. Ar an mbonn sin, leag an Coimisiún amach conair shoiléir i dtreo thabhairt i gcrích an tsásra, bunaithe ar seacht bpríomh-mholadh déag lenar soiléiríodh na ceanglais ba ghá don Bhulgáir a chomhlíonadh chun na sé thagarmharc atá leagtha síos i gCinneadh 2006/929/CE a chomhlíonadh. I bhfianaise an dul chun cinn a rinneadh, mheas an Coimisiún gur leor comhlíonadh na moltaí sin chun an sásra comhair agus fíoraithe a dhúnadh, ar choinníoll nach mbeadh aon fhorbairt ann idir an dá linn lena n-aisiompaítear an dul chun cinn go soiléir. Díríodh le go leor de na moltaí ar choimircí inmheánacha a fhorbairt chun do-athraitheacht na dtorthaí a áirithiú agus chun a léiriú go leanfaí leis na hathchóirithe leanúnacha agus go ndéanfaí an dul chun cinn a chomhdhlúthú, fiú gan an sásra.

(5)

Ina thuarascáil i mí na Samhna 2018 (4), ba dhíol sásaimh don Choimisiún an dul chun cinn a rinneadh sa Bhulgáir i dtreo an sásra comhair agus fíoraithe a thabhairt chun críche go pras, agus tháinig sé ar an gconclúid go bhféadfaí a mheas go bhfuil trí cinn de na tagarmharcanna tugtha chun críche go sealadach. Chuir an Coimisiún san áireamh go háirithe an dul chun cinn atá déanta ag an mBulgáir ó dháta a haontachais maidir lena creat bunreachtúil agus reachtach a leasú chun coimircí do neamhspleáchas breithiúnach a fheabhsú, chomh maith le trédhearcacht agus éifeachtúlacht an phróisis bhreithiúnaigh. Ina theannta sin, leis na leasuithe ar bhunreacht na Bulgáire in 2015, rinneadh athchóiriú ar an Ardchomhairle Bhreithiúnach agus tugadh isteach cigireacht bhreithiúnach níos láidre. Tá na leasuithe sin i bhfeidhm anois le roinnt blianta anuas.

(6)

Leagadh síos i dtuarascáil an Choimisiúin i mí Dheireadh Fómhair 2019 (5) gur leor an dul chun cinn a rinne an Bhulgáir faoin sásra comhair agus fíorúcháin chun na gealltanais a rinne an Bhulgáir tráth a haontachais leis an Aontas a chomhlíonadh agus gur comhlíonadh go sásúil na sé thagarmharc, mar a leagtar amach i gCinneadh 2006/929/CE, agus arna soiléiriú tríd an seacht moladh déag i dtuarascáil mhí Eanáir 2017. Thug an Coimisiún dá aire go háirithe, i measc nithe eile, na hathchóirithe cuimsitheacha ar an gcreat institiúideach ginearálta frith-éillithe a cuireadh i gcrích le dhá bhliain anuas. Ina theannta sin, thug an Coimisiún dá aire i gconclúidí na tuarascála ó mhí Dheireadh Fómhair 2019, liosta de ghealltanas shonracha a rinne rialtas na Bulgáire. Áiríodh leis na gealltanais shonracha sin, go háirithe, nósanna imeachta a chur i bhfeidhm maidir le cuntasacht an Ard-Ionchúisitheora i gcomhréir le moltaí ó Choimisiún na Veinéise, mar aon le gealltanas an Achta Córais Bhreithiúnaigh a leasú chun aisghairm a dhéanamh ar na forálacha lena gceanglaítear giúistísí a chur ar fionraí go huathoibríoch i gcás imscrúdú coiriúil ina gcoinne, chomh maith leis na forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar ghiúistísí a mballraíocht i gcomhlachas gairmiúil a thuairisciú. Gheall an Bhulgáir freisin go leanfadh sí dá comhar le comhlachtaí Chomhairle na hEorpa i réimse an fhrith-éillithe. I dtuarascáil mhí Dheireadh Fómhair 2019, tugadh aird chuí freisin ar iarrachtaí na Bulgáire faireachán a inmheánú ar an leibhéal náisiúnta trí Chomhairle um Chomhordú agus um Chomhar (an ‘comhairle iarfhaireacháin’) a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar dhul chun cinn leanúnach na n-athchóirithe.

(7)

Mar obair leantach ar na gealltanais shonracha a tugadh faoi deara i dtuarascáil mhí Dheireadh Fómhair 2019, i mí Feabhra 2020, ghlac Parlaimint na Bulgáire na leasuithe thuasluaite ar an Acht Córais Bhreithiúnaigh, rud a d’fhág nach raibh fágtha ó na gealltanais i dtuarascáil mhí Dheireadh Fómhair 2019 ach an gealltanas sonrach nósanna imeachta a chur i bhfeidhm a bhaineann le cuntasacht an Ard-Ionchúisitheora.

(8)

Bunaíodh creat don imscrúdú i gcoinne an Ard-Ionchúisitheora agus a ionadaithe i gcomhthéacs na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus le comhairliúchán a dhéanamh le Coimisiún na Veinéise (6). An 4 Bealtaine 2022, d’fhormheas Comhairle an Aontais Eorpaigh an Plean Téarnaimh agus Athléimneachta atá beartaithe don Bhulgáir, lena n-áirítear i measc na gcloch mhílte atá aici gealltanas na Bulgáire maidir le teacht i bhfeidhm na leasuithe reachtacha chun éifeachtacht imeachtaí coiriúla a chaomhnú agus chun cuntasacht agus dliteanas coiriúil an Ard-Ionchúisitheora a fheabhsú. An 26 Bealtaine 2023, ghlac Parlaimint na Bulgáire an dlí lena gcuirtear i bhfeidhm nósanna imeachta maidir le cuntasacht an Ard-Ionchúisitheora agus a ionadaithe. Tháinig an dlí i bhfeidhm an 6 Meitheamh 2023, rud a thug chun críche an gealltanas sonrach deireanach a bhí fós gan réiteach faoi thuarascáil Dheireadh Fómhair 2019. Chuir Príomh-Aire na Bulgáire an Coimisiún ar an eolas i litir dar dáta an 26 Meitheamh 2023 faoi na bearta a rinneadh chun na gealltanais shonracha a liostaítear i gconclúidí thuarascáil 2019 faoin sásra comhair agus fíorúcháin a chomhlíonadh, chomh maith le bearta breise chun leanúint den smacht reachta a chaomhnú.

(9)

Maidir le tiomantas na Bulgáire leanúint dá comhar le comhlachtaí Chomhairle na hEorpa faoi shainchúram an fhrith-éillithe, ba cheart a thabhairt faoi deara gur comhaontaíodh roinnt clocha míle frith-éillithe i gcomhthéacs an Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta don Bhulgáir, lena n-éilítear comhar idir an Bhulgáir agus comhlachtaí Chomhairle na hEorpa.

(10)

Dá bhrí sin, comhlíonadh go sásúil na tagarmharcanna uile a leagtar amach i gCinneadh 2006/929/CE, agus a soiléiríodh tríd an seacht moladh déag i dtuarascáil mhí Eanáir 2017, chomh maith le gealltanais shonracha (7) thuarascáil Dheireadh Fómhair 2019.

(11)

Tá comhthéacs nua ann maidir le comhar an Choimisiúin leis an mBulgáir mar thoradh ar an dul chun cinn atá tagtha ar thimpeallacht smachta reachta an Aontais. Go háirithe, leis an timthriall bliantúil maidir le Smacht Reachta, a seoladh leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún i mí Iúil 2019 dar teideal ‘An Smacht Reachta a Neartú laistigh den Aontas’ (8) agus i dTreoirlínte Polaitiúla Uachtarán von der Leyen, cuirtear creat leanúnach ar fáil a bhfuil peirspictíocht fhadtéarmach ag gabháil leis chun dul leis an athchóiriú inbhuanaithe, don Bhulgáir mar aon le Ballstáit eile. Mar chuid den timthriall sin, i dTuarascáil bhliantúil an Choimisiúin um an Smacht Reachta, ina bhfuil moltaí do na Ballstáit ó 2022 i leith, spreagtar treoir dhearfach maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an smacht reachta, idirphlé agus feasacht chomhpháirteach a dhoimhniú agus teacht chun cinn dúshlán nó doimhniú na ndúshlán sin a chosc. Beifear in ann faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme athchóirithe comhaontaithe na Bulgáire. Is í an chomhairle iarfhaireacháin a áiritheoidh faireachán ar an leibhéal náisiúnta freisin ar chur chun feidhme leanúnach na n-athchóirithe a chuir an Bhulgáir i bhfeidhm.

(12)

Thíolaic an Coimisiún tuarascáil mhí Dheireadh Fómhair 2019 dá chuid maidir leis an dul chun cinn sa Bhulgáir faoin sásra comhair agus fíorúcháin i gCoiste ábhartha Pharlaimint na hEorpa. Chuir an Coimisiún san áireamh go cuí na barúlacha a fuarthas ó Pharlaimint na hEorpa trí litir ó Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an 20 Nollaig 2019.

(13)

An 5 Iúil 2023, chuir an Coimisiún in iúl don Chomhairle go raibh sé ar intinn aige Cinneadh 2006/929/CE lena mbunaítear sásra comhair agus fíoraithe don Bhulgáir a aisghairm agus an sásra a thabhairt chun críche go cinntitheach. Cuireadh an méid sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa freisin. I litir dar dáta an 26 Iúil, thug an Chomhairle dá haire go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún an sásra comhair agus fíoraithe a dhúnadh go foirmiúil don Bhulgáir agus don Rómáin.

(14)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2006/929/CE a aisghairm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aisghairtear Cinneadh 2006/929/CE.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  Tuarascáil Faireacháin ar an Staid Ullmhachta do Bhallraíocht AE sa Bhulgáir agus sa Rómáin, 26 Meán Fómhair 2006, COM(2006) 549.

(2)  Cinneadh 2006/929/CE ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2006 lena mbunaítear sásra comhair agus fíorúcháin ar dhul chun cinn sa Bhulgáir chun aghaidh a thabhairt ar thagarmharcanna sonracha i réimsí an athchóirithe bhreithiúnaigh agus an chomhraic i gcoinne an éillithe agus na coireachta eagraithe (IO L 354, 14.12.2006, lch. 58).

(3)  Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le dul chun cinn sa Bhulgáir faoin Sásra Comhair agus Fíorúcháin, COM(2017) 43 final.

(4)  Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le dul chun cinn sa Bhulgáir faoin Sásra Comhair agus Fíorúcháin, COM(2018) 850 final.

(5)  Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le dul chun cinn sa Bhulgáir faoin Sásra Comhair agus Fíorúcháin, COM(2019) 498 final.

(6)  Féach cloch mhíle 222, Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na Bulgáire, an 28 Aibreán 2022, ST 8091 2022 INIT. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhlíonadh na cloch míle i bplean téarnaimh agus athléimneachta na Bulgáire nuair a thíolacfaidh an Bhulgáir an iarraidh íocaíochta ábhartha.

(7)  Tá an measúnú sin gan dochar don mheasúnú ar chomhlíonadh na gcloch míle agus na spriocanna ábhartha i bplean téarnaimh agus athléimneachta na Bulgáire.

(8)  COM(2019) 343.


Top