EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1048

Cinneadh (CBES) 2023/1048 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

ST/9575/2023/INIT

IO L 140I, 30.5.2023, p. 14–15 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1048/oj

30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 140/14


CINNEADH (CBES) 2023/1048 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Bealtaine 2023

lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES (1).

(2)

Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine.

(3)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart beirt atá freagrach as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/145/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Bealtaine 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine seo a leanas le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES:

 

Daoine

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘1500.

Aleksandr KALININ

(Александр КАЛИНИН)

Feidhm: polaiteoir, ceannaire Pháirtí Réigiúin na Moldóive, ceann na heagraíochta poiblí idir-réigiúnaí darb ainm an Congress of Moldovan Diasporas

Dáta breithe: 16.2.1977

Áit bhreithe: Balti, USSR roimhe seo (Poblacht na Moldóive anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Moldóvach, Rúiseach

Is polaiteoir Moldóvach é Aleksandr Kalinin, agus tá sé ina cheannaire ar Pháirtí Réigiúin na Moldóive. Ó thosaigh cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, tá cuairt tugtha aige ar limistéir fhorghafa oirthear na hÚcráine agus tá tacaíocht tugtha aige d’fhórsaí míleata na Rúise. Ina theannta sin, tá siombailí Rúiseacha an ionraidh ar an Úcráin agus ghníomhaíochtaí na Rúise in oirthear na hÚcráine curtha chun cinn go poiblí aige.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agusbeartais, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.

30.5.2023

1501.

Grigore CARAMALAC

ar a dtugtar freisin

Grigory Ivanovich KARAMALAK

(Григорий Иванович КАРАМАЛАК)

Feidhm: fear gnó uachtarán Fhondúireacht IFAVIS; leas-uachtarán an Russian Federation of Wrestling; cúntóir an tseanadóra do réigiún Kursk, Alexander Bryksin

Dáta breithe: an 21.5.1965

Áit bhreithe: Taraclia, iar-USSR (Poblacht na Moldóive anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Moldóvach, Rúiseach

Daoine gaolmhara: Alexander Yuryevich BRYKSIN

Is duine gnó Rúiseach/Moldóvach é Grigore Caramalac. Tá smacht aige ar Fhondúireacht IFAVIS (Cónaidhm na Rúise), trína bhfuil imeachtaí tírghrácha agus spóirt eagraithe aige sna críocha faoi fhorghabháil in oirthear na hÚcráine, le tacaíocht ó na húdaráis forghabhála.

Ina theannta sin, is cúntóir é do sheanadóir na Rúise do réigiún Kursk, Alexander Bryksin. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad sin ar an méid sin. Tá baint ag Grigore Caramalac freisin le Alexander Bryksin.

30.5.2023’.


Top