EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0374

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/374 ón gCoimisiún an 13 Feabhra 2023 maidir le díolúintí ón dleacht frithdhumpála leathnaithe ar pháirteanna áirithe rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne de bhun Rialachán (CE) Uimh. 88/97 (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 901)

C/2023/901

IO L 51, 20.2.2023, p. 79–82 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/374/oj

20.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 51/79


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/374 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Feabhra 2023

maidir le díolúintí ón dleacht frithdhumpála leathnaithe ar pháirteanna áirithe rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne de bhun Rialachán (CE) Uimh. 88/97

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 901)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach (1) iad, agus go háirithe Airteagal 13(4) de,

Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/45 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1379 a mhéid a bhaineann le leathnú na dleachta frithdhumpála a forchuireadh ar allmhairí rothar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne chun allmhairí páirteanna áirithe rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a chumhdach trí bhíthin Rialachán (CE) Uimh. 71/97 ón gComhairle (2),

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 88/97 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 1997 lenar údaraíodh an díolúine i ndáil le hallmhairí páirteanna áirithe rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a mhéid a bhaineann le leathnú na dleachta frithdhumpála trí bhíthin Rialachán (CE) Uimh. 71/97 ón gComhairle, an dleacht frithdhumpála a forchuireadh le Rialachán (CEE) Uimh. 2474/93 ón gComhairle (3), agus go háirithe Airteagail 4 go 7 de,

Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá feidhm ag dleacht frithdhumpála maidir le hallmhairí páirteanna riachtanacha rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (“an tSín”) (“an dleacht leathnaithe”) de bhrí gur leathnaíodh an dleacht frithdhumpála a forchuireadh ar allmhairí rothar de thionscnamh na Síne le Rialachán (CE) Uimh. 71/97 (4) ón gComhairle.

(2)

Faoi Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 71/97, maidir leis an díolúine i ndáil le hallmhairí páirteanna riachtanacha rothair nach dtéann timpeall ar an dleacht frithdhumpála, tugtar de chumhacht don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh chun an díolúine sin a údarú.

(3)

Leagtar na bearta cur chun feidhme sin amach i Rialachán (CE) Uimh. 88/97 (“an Rialachán díolúine”) lena mbunaítear an córas díolúine sonrach.

(4)

Ar an mbonn sin, tá roinnt cóimeálaithe rothar díolmhaithe ón dleacht leathnaithe ag an gCoimisiún.

(5)

Mar a fhoráiltear in Airteagal 16(2) den Rialachán díolúine, d’fhoilsigh an Coimisiún liostaí na bpáirtithe (5) ar tugadh díolúine dóibh ina dhiaidh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(6)

Glacadh an Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/141 is déanaí ón gCoimisiún a bhaineann le díolúintí faoin Rialachán díolúine an 26 Lúnasa 2022 (6).

(7)

Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 88/97.

(8)

I mí Dheireadh Fómhair 2018, fuair an Coimisiún iarraidh ón gcuideachta Phortaingéalach Sangal — Indústria de Veículos Lda (“Sangal”) (“an chuideachta”) ar athrú ar thagairtí an údaraithe díolúine a deonaíodh le cód TARIC breise A407 le Cinneadh 2003/899/CE ón gCoimisiún (7).

(9)

Go háirithe, d’iarr Sangal a ainm a athrú go Sangal E-bike Manufacturing Lda agus a sheoladh dlíthiúil chuig Zona Industrial Da Mota Rua 7, lote A11 Gafanha Da Encarnação, 3830-527 Gafanha Da Encarnação, an Phortaingéil.

(10)

Léiríodh sa mheasúnú ar fhiúntas an iarratais, áfach, gur athraigh an chuideachta ní hamháin a hainm agus a seoladh, ach a húinéireacht agus, níos tábhachtaí fós, a gníomhaíochtaí cóimeála freisin, ós rud é gur thosaigh Sangal ag cóimeáil go heisiach rothair a bhfuil mótar cúnta feistithe orthu (“rothair leictreacha”).

(11)

I mí Eanáir 2019, dheimhnigh Sangal go raibh an chuideachta ag cóimeáil rothair leictreacha amháin, ach thug sí le fios go raibh sé beartaithe aici tús a chur arís le cóimeáil na ngnáthrothar in 2019. Dá bhrí sin, d’iarr Sangal ar an gCoimisiún a mheas gur cóimeálaí gnáthrothar agus rothar leictreach araon é (“cóimeálaí hibrideach”) agus an t-athrú a iarrtar a dheonú i ndáil le tagairtí an údaraithe díolúine ar bhonn chóimeáil na ngnáthrothar a bhí beartaithe.

(12)

Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún an measúnú ar an iarraidh ar athrú na dtagairtí ar fionraí chun go mbeidh Sangal in ann fianaise leordhóthanach a sholáthar maidir le cóimeáil na ngnáthrothar.

(13)

I mí Dheireadh Fómhair 2022, d’athdhearbhaigh Sangal an iarraidh ar athrú ar thagairtí an údaraithe díolúine dá dtagraítear in aithris(8) trína áitiú gur chuir Údarás Riaracháin Custaim ábhartha na Portaingéile in iúl don chuideachta nach raibh tagairtí an údaraithe díolúine arna dheonú ag an gCoimisiún ag teacht le tagairtí na cuideachta a raibh páirteanna rothar á n-allmhairiú aici faoi dhíolúine.

(14)

I ndáil leis sin, d’iarr an Coimisiún ar Sangal fianaise a chur ar fáil go ndéanann sé gnáthrothair a chóimeáil mar a cuireadh in iúl in 2019.

(15)

Fós i mí Dheireadh Fómhair 2022, chuir an chuideachta in iúl don Choimisiún nár cuireadh tús leis na gnáthrothair a chóimeáil go fóill, agus líomhnaíodh gur ganntanas soláthair páirteanna rothar ba chúis leis sin. Mar sin féin, chóimeáil Sangal rothair leictreacha ina ionad sin. Mhaígh Sangal freisin go gcuirfeadh sé tús le cóimeáil na ngnáthrothar faoin mbliain reatha 2022.

(16)

Cuireann an Coimisiún in iúl, de bhun an Rialacháin díolúine, gur ceann de na coinníollacha chun tairbhiú den údarú díolúine é nach mór do chóimeálaithe na páirteanna rothair a cheannaítear faoi dhíolúine a úsáid chun gnáthrothair a chóimeáil. Ina theannta sin, is féidir le cóimeálaithe hibrideacha (i.e. cóimeálaithe gnáthrothar agus rothar leictreach araon) tairbhiú d’úsáid an údaraithe díolúine. Mar sin féin, ní féidir le páirtithe a chóimeálann rothair leictreacha amháin tairbhiú den údarú díolúine a dheonaítear de bhun an Rialacháin díolúine. Ba cheart do na páirtithe sin feidhmiú faoi údarú úsáide deiridh ad hoc a dheonaítear i gcomhréir le reachtaíocht chustaim an Aontais, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha chun tairbhe a bhaint as.

(17)

I bhfianaise an mhéid thuas, ní féidir a mheas gur cóimeálaí hibrideach é Sangal. Thug an Coimisiún tréimhse ama réasúnta don chuideachta tús a chur arís le cóimeáil na ngnáthrothar, rud nach ndearna sí. Dá bhrí sin, ba cheart diúltú don iarraidh ar an athrú ar thagairtí dá dtagraítear in aithrisí (8) agus (9).

(18)

Thairis sin, ní chomhlíonann Sangal a thuilleadh ceanglais an údaraithe díolúine a deonaíodh faoin Rialachán díolúine. Dá bhrí sin, ba cheart an t-údarú díolúine le haghaidh Sangal dá dtagraítear in aithris (8) a tharraingt siar. Tugtar diúltú, dá bhrí sin, don iarraidh ar athrú ar ainm dá dtagraítear in aithris (9).

(19)

An 9 Nollaig 2022, seoladh nochtadh na dtorthaí thuas chuig Sangal, nochtadh ar ar a bhonn a bhí sé beartaithe Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún a ghlacadh lena ndiúltaítear don iarraidh ar athrú ar thagairtí agus lena dtarraingeofaí siar an t-údarú díolúine.

(20)

Tar éis an nochta, dheimhnigh Sangal, an 19 Nollaig 2022, nár cuireadh tús riamh le gnáthrothair a chóimeáil le ceithre bliana anuas. D’agair an chuideachta go raibh imthosca eisceachtúla sa mhargadh, amhail éileamh méadaithe suntasach ar rothair leictreacha, agus an tráth céanna, bhí méadú suntasach ar chostas agus last-táille mar aon le haga seachadta an-fhada chun páirteanna a sheachadadh, cé go raibh an chuideachta fós ag an gcéim thionscnaimh agus ag tabhú caillteanas.

(21)

Thug an Coimisiún dá aire, áfach, nach bhfuil an t-éileamh méadaithe ar rothair leictreacha ábhartha sa mheasúnú seo. Thairis sin, níor chuir Sangal aon fhianaise isteach i ndáil leis na himthosca eisceachtúla a agraíodh, amhail an t-aga seachadta fada chun páirteanna a sheachadadh. Os a choinne sin, thug an Coimisiún dá aire, de réir na tuarascála ón mBunachar Sonraí Eorpach 14(6), gur tháinig méadú suntasach ar líon na bpáirteanna rothar a cheannaigh Sangal le ceithre bliana anuas agus gurb amhlaidh gur tháinig méadú faoi dhó ar an líon sin in 2022.

(22)

Thairis sin, chuir Sangal in iúl go mbeadh sé i mbun ordú ceannaigh a thabhairt chun críche le cuideachta chomhlacaithe as a dtiocfadh, dá ndeimhneofaí é, thart ar 4 000 gnáthrothar a bheadh le cur chun bealaigh le linn 2023. Dá bhrí sin, d’iarr Sangal ar an gCoimisiún am breise a thabhairt chun a chruthú gur féidir an chuideachta a mheas mar chóimeálaí hibrideach.

(23)

Thug an Coimisiún dá aire, de réir ghníomhaíochtaí cóimeála iarbhír Sangal, nach féidir an chuideachta a mheas mar chóimeálaí hibrideach. Thairis sin, ós rud é go mbeadh Sangal i mbun idirbheartaíochta faoi ordú chun gnáthrothair a tháirgeadh amach anseo, ní dhéanann sé difear dá ghníomhaíocht arb é is cuspóir don scrúdú seo. Go deimhin, má dhearbhaítear gníomhaíocht chóimeála gnáthrothar amach anseo, ní bheadh aige sin ach éifeacht ionchasach ar fheidhmíocht na cuideachta.

(24)

Thairis sin, thug an Coimisiún dá aire nach gcuireann an Cinneadh Cur Chun Feidhme seo cosc ar Sangal iarraidh nua ar údarú díolúine a chur isteach amach anseo, de réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5 den Rialachán díolúine.

(25)

Maidir leis an méid thuas, deimhnítear torthaí an scrúdaithe ar an iarraidh dá dtagraítear in aithris (18) agus díbhtear an iarraidh ó Sangal,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, diúltaítear don iarraidh ar athrú ar thagairtí an údaraithe díolúine a deonaíodh le Cinneadh 2003/899/CE don pháirtí a liostaítear i dtábla an Airteagail seo.

An páirtí ar ina leith a dhiúltaítear don athrú ar thagairtí

Cód breise TARIC

Ainm

Seoladh

A407

Sangal — Indústria de Veículos Lda

Rua do Serrado — Apartado 21

3781-908, Sangalhos — an Phortaingéil

Airteagal 2

Tarraingítear siar leis seo an t-údarú díolúine a deonaíodh le Cinneadh 2003/899/CE don pháirtí a liostaítear i dtábla an Airteagail seo.

An páirtí ar ina leith a tharraingítear siar an t-údarú díolúine

Cód breise TARIC

Ainm

Seoladh

A407

Sangal — Indústria de Veículos Lda

Rua do Serrado — Apartado 21

3781-908, Sangalhos — an Phortaingéil

Airteagal 3

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo agus chuig an bpáirtí a liostaítear in Airteagal 2 agus foilsítear é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar fhógra a thabhairt ina leith.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Feabhra 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Valdis DOMBROVSKIS

Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  IO L 16, 21.1.2020, lch. 7.

(3)  IO L 17, 21.1.1997, lch. 17.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 71/97 ón gComhairle an 10 Eanáir 1997 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a forchuireadh le Rialachán (CEE) Uimh. 2474/93 ar rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne chun allmhairí páirteanna áirithe rothair ó Dhaon-Phoblacht na Síne a chumhdach, agus lena dtoibhítear an dleacht leathnaithe ar allmhairí den sórt sin a chláraítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 703/96 (IO L 16, 18.1.1997, lch. 55).

(5)  IO C 45, 13.2.1997, lch. 3, IO C 112, 10.4.1997, lch. 9, IO C 220, 19.7.1997, lch. 6, IO L 193, 22.7.1997, lch. 32, IO L 334, 5.12.1997, lch. 37, IO C 378, 13.12.1997, lch. 2, IO C 217, 11.7.1998, lch. 9, IO C 37, 11.2.1999, lch. 3, IO C 186, 2.7.1999, lch. 6, IO C 216, 28.7.2000, lch. 8, IO C 170, 14.6.2001, lch. 5, IO C 103, 30.4.2002, lch. 2, IO C 35, 14.2.2003, lch. 3, IO C 43, 22.2.2003, lch. 5, IO C 54, 2.3.2004, lch. 2, IO L 343, 19.11.2004, lch. 23, IO C 299, 4.12.2004, lch. 4, IO L 17, 21.1.2006, lch. 16, IO L 313, 14.11.2006, lch. 5, IO L 81, 20.3.2008, lch. 73, IO C 310, 5.12.2008, lch. 19, IO L 19, 23.1.2009, lch. 62, IO L 314, 1.12.2009, lch. 106, IO L 136, 24.5.2011, lch. 99, IO L 343, 23.12.2011, lch. 86, IO L 119, 23.4.2014, lch. 67, IO L 132, 29.5.2015, lch. 32, IO L 331, 17.12.2015, lch. 30, IO L 47, 24.2.2017, lch. 13, IO L 79, 22.3.2018, lch. 31, IO L 171, 26.6.2019, lch. 117, IO L 138, 30.4.2020, lch. 8, IO L 158, 20.5.2020, lch. 7, IO L 325, 7.10.2020, lch. 74, IO L 140, 23.4.2021, lch. 1, IO L 83, 10.3.2022, lch. 39, IO L 102, 30.3.2022, p. 16, IO L 229, 5.9.2022, lch. 69.

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1461 ón gCoimisiún an 26 Lúnasa 2022 maidir le díolúintí ón dleacht frithdhumpála leathnaithe ar pháirteanna áirithe rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne de bhun Rialachán (CE) Uimh. 88/97 (IO L 229, 5.9.2022, lch. 69).

(7)  Cinneadh 2003/899/CE ón gCoimisiún an 28 Samhain 2003 lena ndeonaítear díolúine do pháirtithe áirithe i ndáil le páirteanna áirithe rothair, ón leathnú, arna fhorchur le Rialachán (CE) Uimh. 71/97 ón gComhairle, ar an dleacht frithdhumpála ar rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne arna forchur le Rialachán (CEE) Uimh. 2474/93 ón gComhairle, agus arna coinneáil ar bun le Rialachán (CE) Uimh. 1524/2000 ón gComhairle, agus lena mbaintear fionraí íocaíocht na dleachta frithdhumpála a leathnaíodh chun páirteanna áirithe rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a chumhach, fionraí arna deonú do pháirtithe áirithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 88/97 ón gCoimisiún (IO L 336, 23.12.2003, lch. 101).


Top