This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D1612
Commission Delegated Decision (EU) 2022/1612 of 16 February 2022 specifying the content and format of the predetermined list of options to be used to request additional information or documentation pursuant to Article 27(3) of Regulation (EU) 2018/1240 of the European Parliament and of the Council
Cinneadh Tarmligthe (AE) 2022/1612 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena sonraítear ábhar agus formáid an liosta réamhshocraithe de roghanna a bheidh le húsáid chun faisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise a iarraidh de bhun Airteagal 27(3) de Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Cinneadh Tarmligthe (AE) 2022/1612 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena sonraítear ábhar agus formáid an liosta réamhshocraithe de roghanna a bheidh le húsáid chun faisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise a iarraidh de bhun Airteagal 27(3) de Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
C/2022/844
IO L 241, 19.9.2022, pp. 7–12
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
19.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 241/7 |
CINNEADH TARMLIGTHE (AE) 2022/1612 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Feabhra 2022
lena sonraítear ábhar agus formáid an liosta réamhshocraithe de roghanna a bheidh le húsáid chun faisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise a iarraidh de bhun Airteagal 27(3) de Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (1), agus go háirithe Airteagal 27(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2018/1240, bunaítear an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (“ETIAS”) le haghaidh náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas maidir le víosa a fháil chun dul isteach agus fanacht ar chríoch na mBallstát. |
|
(2) |
Ionas gur féidir le hAonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach cinneadh a dhéanamh faoi iarratais a spreagann amais, nó ionas gur féidir le hAonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit a bhfuil sé beartaithe ag an náisiúnach tríú tír taisteal chuige cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratais ar bhailíocht chríochach theoranta, ba cheart an fhaisnéis a sholáthraítear i bhfoirmeacha iarratais a bheith iomlán agus cruinn. Má mheastar nach leor an fhaisnéis chun cur ar chumas Aonad Náisiúnta ETIAS cinneadh a dhéanamh, ba cheart dó a bheith in ann faisnéis nó doiciméadacht riachtanach bhreise a iarraidh ar iarratasóirí trí liosta roghanna a úsáid. |
|
(3) |
Is gá an liosta réamhshocraithe de roghanna atá ar fáil d’Aonaid Náisiúnta ETIAS a leagan síos agus faisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise á hiarraidh ó iarratasóirí i gcomhréir le hAirteagal 27(3) nó Airteagal 44(3) de Rialachán (AE) 2018/1240. Ba cheart an liosta sin a bheith ina liosta cineálach, agus an fhaisnéis agus an doiciméadacht is féidir a iarraidh á liostú, agus ba cheart freisin ligean d’iarratasóirí faisnéis nó doiciméadacht a mheasann siad féin a bheith riachtanach a chur isteach. |
|
(4) |
Ba cheart léirithe soiléire a bheith ag iarratasóirí ar an bhfaisnéis nó ar doiciméadacht a n-iarrtar orthu a chur ar fáil. Dá bhrí sin, le cur chun feidhme teicniúil an liosta réamhshocraithe de roghanna, ba cheart go gceadófaí d’Aonaid Náisiúnta ETIAS cur síos ar an rogha nó ar na roghanna atá roghnaithe a áireamh. Le cur chun feidhme teicniúil an liosta réamhshocraithe de roghanna, ba cheart a chur in iúl freisin do na hiarratasóirí, trí réamhshocrú, an fhéidearthacht a bheidh acu aon fhaisnéis nó doiciméadacht a mheasann siad is gá i ndáil lena n-iarratas a chur isteach. |
|
(5) |
An fhaisnéis nó an doiciméadacht a chuir na hiarratasóirí isteach laistigh de na spriocdhátaí dlíthiúla, ba cheart go gcuirfeadh sí ar chumas Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach cinneadh a dhéanamh maidir leis na hiarratais. Níor cheart, áfach, go ndiúltófaí na hiarratais taistil go huathoibríoch mura gcuirfí faisnéis bhreise ná doiciméadacht bhreise ar fáil. |
|
(6) |
Is gá freisin rialacha leordhóthanacha a bhunú chun sonraí pearsanta iarratasóirí a chosaint agus chun rochtain na n-údarás údaraithe ar na sonraí sin a choimirciú, de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). |
|
(7) |
Ní dochar an Cinneadh seo do chur i bhfeidhm Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
|
(8) |
Ós rud é go gcuireann Rialachán (AE) 2018/1240 le acquis Schengen, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, thug an Danmhairg fógra faoi chur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1240 ina dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, tá an Cinneadh seo ina cheangal ar an Danmhairg. |
|
(9) |
Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu (4); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(10) |
A mhéid a bhaineann leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis (5) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (6). |
|
(11) |
A mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (7) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (8). |
|
(12) |
A mhéid a bhaineann le Lichtinstéin, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (9) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (10). |
|
(13) |
Is é atá sa Chinneadh seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach. |
|
(14) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus thug sé tuairim uaidh an 21 Meitheamh 2021, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leis an gCinneadh seo bunaítear ábhar agus formáid an liosta réamhshocraithe de roghanna atá le húsáid ag Aonaid Náisiúnta ETIAS agus faisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise á hiarraidh de bhun Airteagal 27(3) nó Airteagal 44(3) de Rialachán (AE) 2018/1240.
Airteagal 2
Ábhar an liosta réamhshocraithe de roghanna maidir le faisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise a iarraidh
1. Leagtar amach san Iarscríbhinn ábhar an liosta réamhshocraithe de roghanna atá le húsáid ag Aonaid Náisiúnta ETIAS chun faisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise a iarraidh.
2. Cuirfidh eu-LISA san áireamh, mar chuid d’fhorbairt theicniúil chóras faisnéise ETIAS, an fhéidearthacht go mbeidh Aonaid Náisiúnta ETIAS in ann cur síos a chur leis an rogha nó na roghanna arna roghnú de bhun mhír 1.
3. Le hábhar an liosta réamhshocraithe de roghanna maidir le faisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise a iarraidh, cuirfear in iúl d’iarratasóirí an fhéidearthacht aon fhaisnéis nó doiciméadacht a mheasann siad a bheith riachtanach i ndáil lena n-iarratas a chur isteach tar éis iarraidh ar fhaisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise.
Airteagal 3
Formáid an liosta réamhshocraithe de roghanna maidir le faisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise a iarraidh
Maidir le formáid an liosta réamhshocraithe de roghanna atá le húsáid ag Aonaid Náisiúnta ETIAS chun faisnéis bhreise nó doiciméadeacht bhreise a iarraidh, is é a bheidh i gceist leis an bhformáid sin liosta lena bhféadfar iontráil amháin nó níos mó a roghnú.
Airteagal 4
Sonraí a bheidh le cur ar fáil d’iarratasóirí mar aon leis an iarraidh ar fhaisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise a bhaineann le rófhanacht a tuairiscíodh sa Chóras Dul Isteach/Imeachta
1. I gcás ina n-iarrfaidh Aonaid Náisiúnta ETIAS faisnéis bhreise ar iarratasóirí chun a rófhanacht i gcríoch Bhallstáit nó Bhallstát roimhe sin a mhíniú, cuirfidh siad na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointí (a) agus (b) de Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) ar fáil d’iarratasóirí tríd an tseirbhís cuntais shláin arna bunú le hAirteagal 6(2), pointe (g) de Rialachán (AE) 2018/1240.
2. Chun críocha mhír 1, beidh rochtain dhíreach ag baill foirne chuí-údaraithe Aonaid Náisiúnta ETIAS ar na sonraí dá dtagraítear sa mhír sin agus féadfaidh siad iad a cheadú i bhformáid inléite amháin sa Chóras Dul Isteach/Imeachta. Ní dhéanfar na sonraí a ceadaíodh a thaifeadadh sa chomhad iarratais.
3. Ní bheidh na sonraí ón gCóras Dul Isteach/Imeachta ar fáil ach amháin le linn na tréimhse inar féidir le hiarratasóirí faisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise a chur isteach de bhun Airteagal 27(3) de Rialachán (AE) 2018/1240.
4. Tar éis d’Aonad Náisiúnta ETIAS an cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratas, scriosfar na sonraí ón gCóras Dul Isteach/Imeachta ón tseirbhís cuntais shláin.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Feabhra 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 236, 19.9.2018, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(3) Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh aistriú agus cur fúthu gan bhac laistigh de chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE) (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).
(4) Ní thagann an Cinneadh seo faoi raon feidhme na mbeart dá bhforáiltear i gCinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(5) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(6) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(7) IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(8) Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).
(9) IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(10) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a mhéid a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
(11) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(12) Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20).
IARSCRÍBHINN
dá dtagraítear in Airteagal 2
Ábhar an liosta réamhshocraithe de roghanna maidir le faisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise a iarraidh ar na hiarratasóirí:
|
(1) |
doiciméad taistil nó doiciméid taistil an iarratasóra (an fhéidearthacht an doiciméad iomlán nó an leathanach beathaisnéiseach a iarraidh; leathanach nó leathanaigh a eisíodh, a diúltaíodh, a cúlghaireadh nó a neamhníodh; leathanaigh ar a bhfuil stampaí iontrála/imeachta; an fhéidearthacht doiciméad taistil agus doiciméid taistil roimhe sin a iarraidh a bhaineann le náisiúntacht eile); |
|
(2) |
cruthúnas gur cailleadh nó gur goideadh an doiciméad taistil; |
|
(3) |
doiciméad taistil chaomhnóir dlíthiúil an iarratasóra, más ann dó (an fhéidearthacht an doiciméad iomlán nó a leathanach beathaisnéiseach a iarraidh); |
|
(4) |
doiciméad nó doiciméid lena gcruthaítear céannacht an iarratasóra, seachas an doiciméad taistil (e.g. ceadúnas tiomána, teastas breithe); |
|
(5) |
doiciméad nó doiciméid bhuanchónaithe an iarratasóra nó doiciméad nó doiciméid lena bhfianaítear saoránacht; |
|
(6) |
an chúis nó na cúiseanna nár tugadh seoladh baile ar an bhfoirm iarratais; |
|
(7) |
doiciméid lena bhfianaítear áit chónaithe an iarratasóra ag an seoladh dearbhaithe; |
|
(8) |
doiciméid lena bhfianaítear clárú oifigiúil gnólachta nó eagraíochta (nuair a chuir tríú páirtí iarratas isteach thar ceann iarratasóra); |
|
(9) |
doiciméad nó doiciméid ar a bhfuil an seoladh poist ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leis an iarratasóir (e.g. cárta aitheantais, cárta cónaitheora nó ceadúnas tiomána); |
|
(10) |
doiciméad nó doiciméid a bhaineann le bailíocht diúltaithe cead isteach agus fanachta sa Chóras Faisnéise Schengen a eisíodh chuig an iarratasóir, nó doiciméad nó doiciméid a bhaineann leis an diúltú sin a chur ar ceal; |
|
(11) |
cruthúnas go bhfuil cóir mhaireachtála leordhóthanach ag an iarratasóir le haghaidh na tréimhse fanachta atá beartaithe; |
|
(12) |
cruthúnas ar lóistín le haghaidh fhad na tréimhse fanachta atá beartaithe agus faisnéis teagmhála an óstaigh; |
|
(13) |
cuireadh breithiúnach nó cuirí breithiúnacha, ordú cúirte/breithiúnas nó orduithe cúirte/breithiúnais, teastas nó teastais póilíneachta; |
|
(14) |
litreacha/ríomhphoist a mhalartaíodh le údarás riaracháin nó údaráis riaracháin Ballstáit nó le húdarás riarachán nó údaráis riaracháin tríú tír; |
|
(15) |
doiciméadacht a bhaineann le ciontú dearbhaithe nó ciontuithe dearbhaithe; |
|
(16) |
sliocht nó sleachta as an gclár coiriúil náisiúnta ábhartha nó as na cláir choiriúla náisiúnta ábhartha; |
|
(17) |
doiciméadacht a bhaineann le hiarraidh nó le hiarrataí ó fhostóirí nó ó eagraíochtaí taisteal chuig tír ar leith nó a bheith i láthair i dtír ar leith, nó limistéar coinbhleachta nó cogaíochta ar leith laistigh den tréimhse áirithe sin; |
|
(18) |
doiciméadacht a bhaineann le horduithe dearbhaithe chun an chríoch a fhágáil nó le cinntí dearbhaithe um fhilleadh; |
|
(19) |
cruthúnas ar earráid nó earráidí riaracháin; |
|
(20) |
sonrasc nó sonraisc ospidéil nó doiciméid eile lena gcruthaítear gur caitheadh tréimhse san ospidéal; |
|
(21) |
ticéad nó ticéid fillte le haghaidh na cuairte, cruthúnas íocaíochta san áireamh; |
|
(22) |
cruthúnas ar naisc theaghlaigh an iarratasóra sna Ballstáit; |
|
(23) |
cruthúnas gur thug an t-iarratasóir cuairt ar a theaghlach, lena n-áirítear ainm nó ainmneacha, sloinne nó sloinnte agus áit chónaithe an bhaill teaghlaigh nó na mball teaghlaigh; |
|
(24) |
cruthúnas gur thug an t-iarratasóir cuairt ar chara nó cairde, lena n-áirítear ainm nó ainmneacha, sloinne nó sloinnte agus áit chónaithe an charad nó na gcairde; |
|
(25) |
ticéid (imeachtaí, taispeántais, ceolchoirmeacha); |
|
(26) |
conradh nó conarthaí oibre/comhaontú nó comhaontuithe oibre nó rud is inchomparáid leo; |
|
(27) |
pasanna bordála/ticéad nó ticéid; |
|
(28) |
deimhniú nó deimhnithe sláinte; |
|
(29) |
deimhniú nó deimhnithe vacsaínithe; |
|
(30) |
doiciméid lena gcruthaítear slí bheatha reatha iarratasóra (i gcás iarratasóirí a roghnaigh “fostaithe” ar a bhfoirm iarratais mar a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún maidir leis an liosta réamhshocraithe de ghrúpaí poist a úsáidtear san fhoirm iarratais); |
|
(31) |
doiciméid maidir le fostóir an iarratasóra agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis teagmhála agus teistiméireachtaí ón bhfostóir (i gcás iarratasóirí a roghnaigh “fostaithe” ar a bhfoirm iarratais mar a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún maidir leis an liosta réamhshocraithe de ghrúpaí poist a úsáidtear san fhoirm iarratais); |
|
(32) |
ainm na bunaíochta oideachais (i gcás iarratasóirí a roghnaigh “mac léinn” ar a bhfoirm iarratais mar a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún maidir leis an liosta réamhshocraithe de ghrúpaí poist a úsáidtear san fhoirm iarratais); |
|
(33) |
dearbhú clárúcháin leis an mbunaíocht oideachais (i gcás iarratasóirí a roghnaigh “mac léinn” ar a bhfoirm iarratais mar a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún maidir leis an liosta réamhshocraithe de ghrúpaí poist a úsáidtear san fhoirm iarratais); |
|
(34) |
dioplómaí/teastais (i gcás iarratasóirí a roghnaigh “mac léinn” ar a bhfoirm iarratais mar a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún maidir leis an liosta réamhshocraithe de ghrúpaí poist a úsáidtear san fhoirm iarratais); |
|
(35) |
cruthúnas gur íocadh táillí teagaisc (i gcás iarratasóirí a roghnaigh “mac léinn” ar a bhfoirm iarratais mar a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún maidir leis an liosta réamhshocraithe de ghrúpaí poist a úsáidtear san fhoirm iarratais); |
|
(36) |
iarraidh ar fhaisnéis bhreise chun míniú a thabhairt ar rófhanacht i gcríoch an Bhallstáit nó na mBallstát roimhe sin, lena n-áirítear cuspóir an taistil nuair a tharla an rófhanacht, na cúiseanna a bhí leis an rófhanacht, an seoladh cruinn nó na seoltaí cruinne ag ar fhan an t-iarratasóir le linn an rófhanachta agus an uimhir theileafóin a bhaineann leis an seoladh nó leis na seoltaí ag a fhan an t-iarratasóir le linn an rófhanachta; |
|
(37) |
iarraidh ar fhaisnéis bhreise lena mínítear diúltú nó diúltuithe víosa roimhe sin; |
|
(38) |
iarraidh ar fhaisnéis bhreise lena mínítear diúltú nó diúltuithe údaraithe taistil roimhe sin; |
|
(39) |
iarraidh ar fhaisnéis bhreise lena mínítear cúlghairm nó cúlghairmeacha víosa roimhe sin; |
|
(40) |
iarraidh ar fhaisnéis bhreise lena mínítear cúlghairm nó cúlghairmeacha údaraithe taistil roimhe sin; |
|
(41) |
iarratas ar fhaisnéis bhreise lena mínítear neamhniú víosa roimhe sin; |
|
(42) |
iarraidh ar fhaisnéis bhreise lena mínítear neamhniú údaraithe taistil roimhe sin; |
|
(43) |
iarraidh ar fhaisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise lena mínítear an iarraidh ar údarú taistil a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige ar fhorais dhaonnúla; |
|
(44) |
iarraidh ar fhaisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise lena mínítear an iarraidh ar údarú taistil a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige ar oibleagáidí idirnáisiúnta. |