Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0829

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/829 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 31/96 a mhéid a bhaineann leis na hinstitiúidí atá incháilithe do dhíolúine ó dhleacht mháil

    C/2022/3315

    IO L 147, 30.5.2022, p. 28–32 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 12/02/2023; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32022R1637

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/829/oj

    30.5.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 147/28


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/829 ÓN gCOIMISIÚN

    an 25 Bealtaine 2022

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 31/96 a mhéid a bhaineann leis na hinstitiúidí atá incháilithe do dhíolúine ó dhleacht mháil

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir 2008/118/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis na socruithe ginearálta le haghaidh dleacht mháil agus lena n-aisghairtear Treoir 92/12/CEE (1), agus go háirithe Airteagal 13(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Leasaíodh Treoir 2008/118/CE le Treoir (AE) 2019/2235 ón gComhairle (2), lenar tugadh isteach díolúintí ó cháin bhreisluacha agus ó dhleacht mháil a íoc i leith iarrachtaí cosanta a dhéantar laistigh de chreat an Aontais.

    (2)

    Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 31/96 ón gCoimisiún (3) an deimhniú díolúine atá le húsáid chun a dheimhniú go bhfuil idirbheart áirithe incháilithe do dhíolúine ó dhleacht mháil a íoc faoi Airteagal 12 de Threoir 2008/118/CE. Chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit an díolúine ó dhleacht mháil a íoc a chur i bhfeidhm maidir le hiarrachtaí cosanta mar a leagtar amach in Airteagal 12(1), pointe (ba), de Threoir 2008/118/CE, ba cheart an deimhniú sin a leasú.

    (3)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 31/96 a leasú dá réir.

    (4)

    Ós rud é go bhfuil feidhm ón 1 Iúil 2022 ag Airteagal 12(1), pointe (ba), de Threoir 2008/118/CE, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar go dtí an dáta sin.

    (5)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Dhleacht Mháil,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 31/96.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2022.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Bealtaine 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 9, 14.1.2009, lch. 12.

    (2)  Treoir (AE) 2019/2235 ón gComhairle an 16 Nollaig 2019 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha agus Treoir 2008/118/CE maidir leis na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil a mhéid a bhaineann le hiarrachtaí cosanta laistigh de chreat an Aontais (IO L 336, 30.12.2019, lch. 10).

    (3)  Rialachán (CE) Uimh. 31/96 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 1996 maidir leis an deimhniú díolúine ó dhleacht mháil (IO L 8, 11.1.1996, lch. 11).


    IARSCRÍBHINN

    Image 1L1472022GA3810120220523GA0008.0001401412DRÉACHTCHINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. …an …lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteasláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEETÁ COMHCHOISTE LEE,Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (Comhaontú LEE), agus go háirithe Airteagal 98 de,De bharr an mhéid seo a leanas:(1)Tá Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/300 an 19 Feabhra 2019 ón gCoimisiún lena mbunaítear plean ginearálta le haghaidh bainistiú géarchéimeanna i réimse na sábháilteachta bia agus beathaIO L 50, 21.2.2019, lch. 55. le hionchorprú i gComhaontú LEE.(2)Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/300 aisghairtear Cinneadh 2004/478/CE, Cinneadh atá ionchorpraithe i gcomhaontú LEE agus atá, dá bharr sin, le haisghairm faoi Chomhaontú LEE.(3)Baineann an Cinneadh seo le reachtaíocht maidir le cúrsaí tréidliachta agus le hábhair bheatha. Ní bheidh feidhm ag reachtaíocht maidir le cúrsaí tréidliachta agus le hábhair bheatha maidir le Lichtinstéin fad a bheith cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, de réir mar atá sonraithe sna hoiriúnuithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.(4)Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir,TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:Airteagal 1Leasófar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE mar seo a leanas:1.Cuirtear isteach an méid seo a leanas i ndiaidh phointe 59 (Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/503/AE ón gCoimisiún) o gCuid 7.2 de Chaibidil I:60.32019 D 0300: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/300 an 19 Feabhra 2019 ón gCoimisiún lena leagtar síos plean ginearálta le haghaidh bainistiú géarchéimeanna i réimse na sábháilteachta bia agus beatha (IO L 50, 21.2.2019, lch. 55).Léifear forálacha an Chinnidh, chun críocha an Chomhaontaithe seo, agus an t-oiriúnú seo a leanas orthu:I gcás ina sainaithneoidh an Coimisiún cás dá dtagraítear in Airteagal 56(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 a bhaineann go díreach le Stát CSTE agus ina gcuirfidh sé aonad géarchéime ar bun i gcomhréir le hAirteagal 56(2) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, glacfaidh an comhordaitheoir/na comhordaitheoirí arna (n-)ainmniú ag an Stát CSTE a mbaineann an cás go díreach leis, agus an comhordaitheoir arna ainmniú ag Údarás Faireacháin CSTE, glacfaidh siad páirt in obair an aonaid géarchéime.2.Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 47a (Rialachán (AE) 16/2011 ón gCoimisiún) de Chaibidil II:47b.32019 D 0300: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/300 an 19 Feabhra 2019 ón gCoimisiún lena leagtar síos plean ginearálta le haghaidh bainistiú géarchéimeanna i réimse na sábháilteachta bia agus beatha (IO L 50, 21.2.2019, lch. 55).Léifear forálacha an Chinnidh, chun críocha an Chomhaontaithe seo, agus an t-oiriúnú seo a leanas orthu:I gcás ina sainaithneoidh an Coimisiún cás dá dtagraítear in Airteagal 56(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 a bhaineann go díreach le Stát CSTE agus ina gcuirfidh sé aonad géarchéime ar bun i gcomhréir le hAirteagal 56(2) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, glacfaidh an comhordaitheoir/na comhordaitheoirí arna (n-)ainmniú ag an Stát CSTE a mbaineann an cás go díreach leis, agus an comhordaitheoir arna ainmniú ag Údarás Faireacháin CSTE, glacfaidh siad páirt in obair an aonaid géarchéime.3.Scriostar téacs phointí 31 (Cinneadh 2004/478/CE ón gCoimisiún) i gCuid 7.2 de Chaibidil I agus 43 (Cinneadh 2004/478/CE ón gCoimisiún) de Chaibidil II.Airteagal 2Is téacs barántúil é Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/300 san Íoslainnis agus san Ioruais, ar téacs é atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.Airteagal 3Tiocfaidh an Cinneadh i bhfeidhm an […], ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha[Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.].Airteagal 4Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE agus i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an […].Thar ceann Chomhchoiste LEEAn tUachtaránRúnaitheChomhchoiste LEE

    Image 2L1472022GA3810120220523GA0008.0001401412DRÉACHTCHINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. …an …lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteasláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEETÁ COMHCHOISTE LEE,Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (Comhaontú LEE), agus go háirithe Airteagal 98 de,De bharr an mhéid seo a leanas:(1)Tá Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/300 an 19 Feabhra 2019 ón gCoimisiún lena mbunaítear plean ginearálta le haghaidh bainistiú géarchéimeanna i réimse na sábháilteachta bia agus beathaIO L 50, 21.2.2019, lch. 55. le hionchorprú i gComhaontú LEE.(2)Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/300 aisghairtear Cinneadh 2004/478/CE, Cinneadh atá ionchorpraithe i gcomhaontú LEE agus atá, dá bharr sin, le haisghairm faoi Chomhaontú LEE.(3)Baineann an Cinneadh seo le reachtaíocht maidir le cúrsaí tréidliachta agus le hábhair bheatha. Ní bheidh feidhm ag reachtaíocht maidir le cúrsaí tréidliachta agus le hábhair bheatha maidir le Lichtinstéin fad a bheith cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, de réir mar atá sonraithe sna hoiriúnuithe ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.(4)Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir,TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:Airteagal 1Leasófar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE mar seo a leanas:1.Cuirtear isteach an méid seo a leanas i ndiaidh phointe 59 (Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/503/AE ón gCoimisiún) o gCuid 7.2 de Chaibidil I:60.32019 D 0300: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/300 an 19 Feabhra 2019 ón gCoimisiún lena leagtar síos plean ginearálta le haghaidh bainistiú géarchéimeanna i réimse na sábháilteachta bia agus beatha (IO L 50, 21.2.2019, lch. 55).Léifear forálacha an Chinnidh, chun críocha an Chomhaontaithe seo, agus an t-oiriúnú seo a leanas orthu:I gcás ina sainaithneoidh an Coimisiún cás dá dtagraítear in Airteagal 56(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 a bhaineann go díreach le Stát CSTE agus ina gcuirfidh sé aonad géarchéime ar bun i gcomhréir le hAirteagal 56(2) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, glacfaidh an comhordaitheoir/na comhordaitheoirí arna (n-)ainmniú ag an Stát CSTE a mbaineann an cás go díreach leis, agus an comhordaitheoir arna ainmniú ag Údarás Faireacháin CSTE, glacfaidh siad páirt in obair an aonaid géarchéime.2.Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 47a (Rialachán (AE) 16/2011 ón gCoimisiún) de Chaibidil II:47b.32019 D 0300: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/300 an 19 Feabhra 2019 ón gCoimisiún lena leagtar síos plean ginearálta le haghaidh bainistiú géarchéimeanna i réimse na sábháilteachta bia agus beatha (IO L 50, 21.2.2019, lch. 55).Léifear forálacha an Chinnidh, chun críocha an Chomhaontaithe seo, agus an t-oiriúnú seo a leanas orthu:I gcás ina sainaithneoidh an Coimisiún cás dá dtagraítear in Airteagal 56(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 a bhaineann go díreach le Stát CSTE agus ina gcuirfidh sé aonad géarchéime ar bun i gcomhréir le hAirteagal 56(2) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, glacfaidh an comhordaitheoir/na comhordaitheoirí arna (n-)ainmniú ag an Stát CSTE a mbaineann an cás go díreach leis, agus an comhordaitheoir arna ainmniú ag Údarás Faireacháin CSTE, glacfaidh siad páirt in obair an aonaid géarchéime.3.Scriostar téacs phointí 31 (Cinneadh 2004/478/CE ón gCoimisiún) i gCuid 7.2 de Chaibidil I agus 43 (Cinneadh 2004/478/CE ón gCoimisiún) de Chaibidil II.Airteagal 2Is téacs barántúil é Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/300 san Íoslainnis agus san Ioruais, ar téacs é atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.Airteagal 3Tiocfaidh an Cinneadh i bhfeidhm an […], ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha[Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.].Airteagal 4Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE agus i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an […].Thar ceann Chomhchoiste LEEAn tUachtaránRúnaitheChomhchoiste LEE

    Nótaí míniúcháin

    1.

    Fónann an doiciméad seo don choimeádaí stórais údaraithe mar dhoiciméad tacaíochta i ndáil leis an díolúine chánach i leith na gcoinsíneachtaí earraí a fhaigheann na hinstitiúidí/daoine aonair incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Threoir 2008/118/CE. Dá réir sin, déanfar deimhniú amháin a tharraingt suas le haghaidh gach coimeádaí stórais. Thairis sin, ní mór don choimeádaí stórais an deimhniú sin a choimeád mar chuid dá thaifid i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla is infheidhme ina Bhallstát.

    2.

    (a)

    Is ionann sonraíocht ghinearálta an pháipéir atá le húsáid agus an tsonraíocht sin a leagtar síos in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach Uimh. C 164 an 1.7.1989.

    Ar pháipéar bán a bheidh na cóipeanna uile agus ba cheart an páipéar a bheith 210 milliméadar faoi 297 milliméadar le lamháltas uasta 5 mhilliméadar níos giorra nó 8 milliméadar níos faide maidir lena bhfad.

    Déanfar an deimhniú díolúine a tharraingt suas i ndúblach:

    (i)

    coinneoidh an coinsíneoir cóip amháin,

    (ii)

    beidh cóip amháin ag gabháil leis an doiciméad tionlacain riaracháin

    (b)

    Cuirfear líne trí aon spás nach n-úsáidfear i mbosca 5.B ionas nach féidir aon rud a chur leis.

    (c)

    Ní mór an doiciméad a líonadh isteach ar bhealach inléite agus ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh na hiontrálacha doscriosta. Ní cheadaítear aon scriosadh ná forscríobh. Líonfar isteach é i dteanga a aithníonn an Ballstát óstach.

    (d)

    Má thagraíonn an tuairisc ar na hearraí (bosca 5.B den deimhniú) d’fhoirm ordaithe ceannaigh a tarraingíodh suas i dteanga seachas teanga a aithníonn an Ballstát óstach, ní mór don institiúid/don duine aonair incháilithe aistriúchán a chur i gceangal.

    (e)

    Os a choinne sin, má tharraingítear suas an deimhniú i dteanga seachas teanga a aithníonn Ballstát an choimeádaí stórais, ní mór don institiúid/don duine aonair incháilithe aistriúchánar an bhfaisnéis a bhaineann leis na hearraí i mbosca 5.B a chur i gceangal.

    (f)

    Ciallaíonn teanga aitheanta ceann de na teangacha atá in úsáid go hoifigiúil sa Bhallstát nó aon teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais a dhearbhaíonn an Ballstát mar theanga is féidir a úsáid chun na críche sin.

    3.

    Leis an dearbhú i mbosca 3 den deimhniú, cuireann an institiúid/duine aonair incháilithe an fhaisnéis ar fáil a bhfuil gá léi le haghaidh na meastóireachta ar an iarraidh ar dhíolúine sa Bhallstát óstach.

    4.

    Leis an dearbhú i mbosca 4 den deimhniú, deimhníonn an institiúid na mionsonraí i mbosca 1 agus i mbosca 3(a) den doiciméad agus deimhníonn sí gur ball foirne den institiúid é an duine aonair incháilithe.

    5.

    (a)

    Ní mór an dáta agus an uimhir ordaithe, ar a laghad, a bheith sa tagairt don fhoirm ordaithe ceannaigh (bosca 5.B den deimhniú). Ba cheart na heilimintí ar fad atá i mbosca 5 den deimhniú a bheith ar an bhfoirm ordaithe. Más gá d’údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh an deimhniú a stampáil, stampálfar an fhoirm ordaithe freisin.

    (b)

    Maidir leis an uimhir mháil mar a shainmhínítear in Airteagal 19(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle (1), tá rogha ann uimhir mháil an choimeádaí stórais a lua nó gan í a lua.

    (c)

    Ba cheart na hairgeadraí a lua trí bhíthin cód trí litir i gcomhréir le caighdeán idirnáisiúnta ISO 4217 arna bhunú ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú.

    6.

    Maidir leis an dearbhú thuasluaite ón institiúid/duine aonair incháilithe, déanfar é a fhíordheimhniú ag bosca 6 le stampa údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh. Is féidir don údarás a shocrú go mbraithfidh a fhormheas féin ar chomhaontú údaráis eile ina Bhallstát. Is faoin údarás inniúil cánach é an comhaontú sin a fháil.

    7.

    Chun an nós imeachta a shimpliú, is féidir don údarás inniúil scaoileadh leis an oibleagáid a bhíonn ar an institiúid incháilithe an stampa a iarraidh i gcás díolúine le haghaidh úsáid oifigiúil. Ba cheart don institiúid incháilithe an dispeansáid sin a lua i mbosca 7 den deimhniú.

    (1)  Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2073/2004 (IO L 121, 8.5.2012, lch. 1).


    Top