This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0723
Commission Implementing Decision (EU) 2022/723 of 10 May 2022 amending Implementing Decision (EU) 2020/2201 on the appointment of certain members and their alternates of the Network Management Board and of the European Aviation Crisis Coordination Cell for the air traffic management network functions (Text with EEA relevance)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/723 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2201 maidir le ceapachán comhaltaí áirithe agus a gcomhaltaí malartacha den Bhord Bainistithe Líonra agus den Aonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime le haghaidh na bhfeidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/723 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2201 maidir le ceapachán comhaltaí áirithe agus a gcomhaltaí malartacha den Bhord Bainistithe Líonra agus den Aonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime le haghaidh na bhfeidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/2914
IO L 134, 11.5.2022, p. 21–27
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
11.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 134/21 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/723 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Bealtaine 2022
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2201 maidir le ceapachán comhaltaí áirithe agus a gcomhaltaí malartacha den Bhord Bainistithe Líonra agus den Aonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime le haghaidh na bhfeidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le heagrú agus úsáid aerspáis san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán maidir le hAerspás) (1), agus go háirithe Airteagal 6(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún (2) bunaítear Bord Bainistithe Líonra chun faireachán agus stiúradh a dhéanamh ar fhorfheidhmiú na bhfeidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta. Bunaítear leis freisin Aonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime chun bainistiú éifeachtach géarchéime a áirithiú ar leibhéal an líonra. |
(2) |
De bhun Airteagal 18(7) agus Airteagal 19(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123, ceapfaidh an Coimisiún comhaltaí agus a gcomhaltaí malartacha chuig an mBord agus chuig an Aonad ar mholtaí óna n-eagraíochtaí, GEC nó Eurocontrol. |
(3) |
Is le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2168 ón gCoimisiún (3) a ceapadh cathaoirleach, leaschathaoirligh, comhaltaí agus comhaltaí malartacha an Bhoird Bainistithe Líonra agus comhaltaí agus comhaltaí malartacha an Aonaid Eorpaigh um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime le haghaidh na tréimhse 2020 go dtí 2024. |
(4) |
In 2020, cuireadh san áireamh i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2201 ón gCoimisiún (4) roinnt moltaí leis na húdaráis ainmnithe a shainaithnítear in Airteagal 18(7) agus in Airteagal 19(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 le haghaidh ceapacháin chuig an mBord Bainistithe Líonra agus chuig an Aonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime. |
(5) |
I ndiaidh theacht i bhfeidhm Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2201, fuair an Coimisiún roinnt moltaí maidir le ceapacháin nua chuig an mBord Bainistithe Líonra agus chuig an Aonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime. |
(6) |
Ar na moltaí a fuarthas bhí moladh ó Eurocontrol inar ainmníodh ceathrar ionadaithe ar Sholáthraithe Seirbhísí Aerloingseoireachta de chuid tíortha comhlachaithe le haghaidh 2022 agus 2023. Ba cheart don Choimisiún na hainmniúcháin sin a ghlacadh le haghaidh 2022 amháin chun gur féidir uainíocht a dhéanamh ar ionadaithe na dtíortha comhlachaithe sna blianta ina dhiaidh sin, mar a fhoráiltear in Airteagal 18(7) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123. |
(7) |
Moladh ó úsáideoirí aerspáis maidir le comhalta nua a bhfuil vóta aige agus leaschathaoirleach a dhéanfadh ionadaíocht ar úsáideoirí aerspáis, ní chomhlíonann sé ach i bpáirt na cáilíochtaí riachtanacha a éilítear le haghaidh an phoist sin, toisc go n-éilítear taithí oibríochtúil. Dá bhrí sin, beidh an ceapachán sin srianta don 31 Nollaig 2022 chun go mbeidh níos mó ama ag úsáideoirí aerspáis ionadaí a mholadh ón 1 Eanáir 2023, ionadaí a chomhlíonann na riachtanais le haghaidh an phoist sin ar bhonn níos fearr. |
(8) |
Gach duine a bhfuil sé beartaithe iad a cheapadh, ó theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo ba cheart dóibh teacht in ionad na ndaoine arna gceapadh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2168 arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2201. |
(9) |
Ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne chun go mbeidh daoine nuacheaptha in ann a bheith rannpháirteach sa Bhord Bainistithe Líonra le haghaidh a chéad chruinnithe eile. |
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Aerspás Aonair, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na daoine a liostaítear in Iarscríbhinn I, ceapfar iad ar theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo go dtí an 31 Nollaig 2024, mar chomhaltaí agus mar chomhaltaí malartacha den Bhord Bainistithe Líonra, sa cháil a shanntar dóibh dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin. I gcás go sonraítear tréimhse níos giorra san Iarscríbhinn, beidh feidhm ag an tréimhse sin.
Na sainorduithe atá ann faoi láthair agus a chumhdaítear ag na ceapacháin dá dtagraítear sa chéad mhír, rachaidh siad in éag ar theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.
Airteagal 2
Na daoine a liostaítear in Iarscríbhinn II, ceapfar iad ar feadh na tréimhse ó theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo go dtí an 31 Nollaig 2024, mar chomhaltaí agus mar chomhaltaí malartacha den Aonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime, sa cháil a shanntar dóibh dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin. I gcás go sonraítear tréimhse níos giorra san Iarscríbhinn, beidh feidhm ag an tréimhse sin.
Na sainorduithe atá ann faoi láthair agus a chumhdaítear ag na ceapacháin dá dtagraítear sa chéad mhír, rachaidh siad in éag ar theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Bealtaine 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 96, 31.3.2004, lch. 20.
(2) IO L 28, 31.1.2019, lch. 1.
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2168 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 maidir le ceapachán an chathaoirligh agus na gcomhaltaí agus a gcomhaltaí malartacha den Bhord Bainistithe Líonra agus na gcomhaltaí agus a gcomhaltaí malartacha den Aonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime le haghaidh feidhmeanna bainistíochta líonra aerthráchta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha 2020-2024 (IO L 328, 18.12.2019, lch. 90).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2201 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2020 maidir le ceapachán comhaltaí áirithe agus a gcomhaltaí malartacha chuig an mBord Bainistithe Líonra agus chuig an Aonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime le haghaidh na bhfeidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta (IO L 434, 23.12.2020, lch. 59).
IARSCRÍBHINN I
CEAPACHÁIN COMHALTAÍ A BHFUIL VÓTA ACU AGUS COMHALTAÍ NACH BHFUIL VÓTA ACU DEN BHORD BAINISTITHE LÍONRA, AGUS A gCOMHALTAÍ MALARTACHA
An Cathaoirleach: |
Gan ceapachán nua* (1) |
An Chéad Leas-Chathaoirleach: |
Thomas Reynaert, Stiúrthóir Bainistíochta A4E (go dtí an 31 Nollaig 2022) |
An Dara Leas-Chathaoirleach: |
Gan ceapachán nua* |
Úsáideoirí aerspáis |
||
|
Comhaltaí a bhfuil vóta acu |
Comhaltaí malartacha |
AIRE/ERA |
Maciej Wilk, Príomhoifigeach Oibriúcháin/Bainisteoir Cuntasach, LOT (AIRE) (Go dtí an 31 Nollaig 2024) |
Peter Sandgren, Stiúrthóir Oibríochtaí Talún, Nova Airlines AB (ERA) (Go dtí an 31 Nollaig 2024) |
A4E |
Thomas Reynaert, Stiúrthóir Bainistíochta A4E (go dtí an 31 Nollaig 2022) |
Matthew Krasa, Ceann na nGnóthaí Poiblí, Ryanair |
IATA |
Gan ceapachán nua* |
Gan ceapachán nua* |
EBAA/IAOPA/EAS |
Gan ceapachán nua* |
Gan ceapachán nua* |
Soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta de réir an bhloic feidhme aerspáis |
||
|
Comhaltaí a bhfuil vóta acu |
Comhaltaí malartacha |
BALTIC |
Gan ceapachán nua* |
Gan ceapachán nua* |
BLUE MED |
Maurizio Pagetti, Príomhoifigeach Oibriúcháin, ENAV (Go dtí an 31 Nollaig 2024) |
Claude Mallia, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, MATS (Go dtí an 31 Nollaig 2024) |
DANUBE |
Gan ceapachán nua* |
Adrian Florea, Stiúrthóir Oibríochtúil (ROMATSA) (Go dtí an 31 Nollaig 2024) |
DK-SE |
Gan ceapachán nua* |
Thorsten Elkjaer, Príomhoifigeach Oibriúcháin, NAVIAIR (Go dtí an 31 Nollaig 2024) |
FABCE |
Gabor Menrath, Stiúrthóir ATM HungaroControl (go dtí an 31 Nollaig 2024) |
Alexander Hanslik, Stiúrthóir Austro Control (Go dtí an 31 Nollaig 2024) |
FABEC |
Dirk Mahns, Príomhoifigeach Oibriúcháin, Deutsche Flugsicherung GmbH (DFS) |
Florian Guillermet, Stiúrthóir, DSNA (Go dtí an 31 Nollaig 2024) |
|
|
Gan ceapachán nua* |
NEFAB |
Tormod Rangnes, Stiúrthóir Oibríochtaí, Avinor (Go dtí an 31 Nollaig 2024) |
Janis Lapins, Leas-Cheann ATM, LGS (Go dtí an 31 Nollaig 2024) |
SW |
Gan ceapachán nua* |
Gan ceapachán nua* |
UK-IRELAND |
Gan ceapachán nua* |
Joe Ryan, Údarás Eitlíochta na hÉireann |
Oibreoirí aerfoirt |
||
|
Comhaltaí a bhfuil vóta acu |
Comhaltaí malartacha |
|
Gan ceapachán nua* |
Ivan Bassato, Stiúrthóir Bainistíochta Aerfoirt, Aeroporto di Roma Fiumicino (Roma) |
|
Gan ceapachán nua* |
Isabelle Baumelle, Príomhoifigeach Oibriúcháin & Stiúrthóir Margaíochta Aerlínte, Aeroports de la Cote d’Azur, Nice, an Fhrainc |
An tArm |
||
|
Comhaltaí a bhfuil vóta acu |
Comhaltaí malartacha |
Soláthraithe míleata seirbhísí aerloingseoireachta |
Gan ceapachán nua* |
Leifteanantchoirnéal Matthias Löwa, Stiúrthóir ATM, an tÚdarás Eitlíochta Míleata, an Ghearmáin (Go dtí an 31 Nollaig 2024) |
Úsáideoirí míleata aerspáis |
Gan ceapachán nua* |
Coirnéal Yann Pichavant, ionadaí ATM, Ministère de la Défense, an Fhrainc |
Cathaoirleach an Bhoird Bainistithe Líonra |
||
|
Comhalta nach bhfuil vóta aige |
Comhalta malartach |
|
Gan ceapachán nua* |
Thomas Reynaert, Stiúrthóir Bainistíochta A4E (go dtí an 31 Nollaig 2022) |
|
Gan ceapachán nua* |
An Coimisiún Eorpach |
||
|
Comhalta nach bhfuil vóta aige |
Comhalta malartach |
|
Christine Berg, Ceann Aonaid, Aerspás Eorpach Aonair, AS MOVE, an Coimisiún Eorpach |
Staffan Ekwall, Oifigeach beartas, AS MOVE, an Coimisiún Eorpach |
ÚDARÁS FAIREACHAIS CSTE |
||
|
Comhalta nach bhfuil vóta aige |
Comhalta malartach |
|
Gan ceapachán nua* |
Valgerður Guðmundsdóttir, Leas-Stiúrthóir, Údarás Faireachais CSTE |
Bainisteoir Líonra |
||
|
Comhalta nach bhfuil vóta aige |
Comhalta malartach |
|
Gan ceapachán nua* |
Gan ceapachán nua* |
Cathaoirleach na meithle um oibríochtaí (NDOP) |
||
|
Comhalta nach bhfuil vóta aige |
Comhalta malartach |
|
Gan ceapachán nua* |
Joszef Bakos, Ceann ATS, HungaroControl |
Ionadaithe ar sholáthraithe seirbhísí aerloingseoireachta tíortha comhlachaithe |
||
|
Comhaltaí nach bhfuil vóta acu |
Comhaltaí malartacha |
Go dtí an 31 Nollaig 2022. |
Juliet Kennedy, Stiúrthóir Oibríochtaí, NATS, an Ríocht Aontaithe |
Martin Donnan, stiúrthóir ATM faoi bhealach, NATS, an Ríocht Aontaithe |
Go dtí an 31 Nollaig 2022 |
Sitki Kagan Ertas, Soláthraí Seirbhísí Aerloingseoireachta na Tuirce (DHMI) |
Sevda Turhan, Soláthraí Seirbhísí Aerloingseoireachta na Tuirce (DHMI) |
|
|
|
Eurocontrol |
||
|
Comhalta nach bhfuil vóta aige |
Comhalta malartach |
|
Gan ceapachán nua* |
Gan ceapachán nua* |
(1) Ionadaithe a bhfuil * leo in Iarscríbhinní I agus II, ceapadh iad le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2168, atá i bhfeidhm go fóill.
IARSCRÍBHINN II
CEAPACHÁIN COMHALTAÍ BUANA DEN AONAD EORPACH UM CHOMHORDÚ EITLÍOCHTA I gCÁS GÉARCHÉIME, AGUS A gCOMHALTAÍ MALARTACHA
Na Ballstáit |
||
|
Comhalta |
Comhalta malartach |
|
Gan ceapachán nua* |
Gan ceapachán nua* |
Stáit CSTE |
||
|
Comhalta |
Comhalta malartach |
|
Gan ceapachán nua* |
Gan ceapachán nua* |
An Coimisiún Eorpach |
||
|
Comhalta |
Comhalta malartach |
|
Christine Berg, Ceann Aonaid, Aerspás Eorpach Aonair, AS MOVE, an Coimisiún Eorpach |
Staffan Ekwall, Oifigeach beartas, AS MOVE, an Coimisiún Eorpach |
Gníomhaireacht |
||
|
Comhalta |
Comhalta malartach |
|
Fabio Grasso – Bainisteoir na Rannóige um Chaighdeáin agus Cur Chun Feidhme ATM (Go dtí an 31 Nollaig 2024) |
Gan ceapachán nua* |
Eurocontrol |
||
|
Comhalta |
Comhalta malartach |
|
Gan ceapachán nua* |
Gan ceapachán nua* |
Bainisteoir Líonra |
||
|
Comhalta |
Comhalta malartach |
|
Gan ceapachán nua* |
Steven Moore Bainisteoir Oibríochtaí EACCC Bainisteoir Líonra na Stiúrthóireachta Eurocontrol |
An tArm |
||
|
Comhalta |
Comhalta malartach |
|
Leifteanantchoirnéal Frank Hosten Údarás Eitlíochta Míleata na Gearmáine |
Coirnéal Yann Pichavant, Ministère de la Défense, an Fhrainc |
Soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta |
||
|
Comhalta |
Comhalta malartach |
|
Gan ceapachán nua* |
Gan ceapachán nua* |
Oibreoirí aerfoirt |
||
|
Comhalta |
Comhalta malartach |
|
Aidan Flanagan, Bainisteoir Sábháilteachta, ACI – Europe (Go dtí an 31 Nollaig 2024) |
Gan ceapachán nua* |
Úsáideoirí aerspáis |
||
|
Comhalta |
Comhalta malartach |
|
Gan ceapachán nua* |
Gan ceapachán nua* |