Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0410

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/410 ón gCoimisiún an 10 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 a mhéid a bhaineann le bainistiú aeracmhainneachta leanúnaí i ngrúpáil aonair ghnó aeriompróra (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/1415

    IO L 84, 11.3.2022, p. 20–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/410/oj

    11.3.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 84/20


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/410 ÓN gCOIMISIÚN

    an 10 Márta 2022

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 a mhéid a bhaineann le bainistiú aeracmhainneachta leanúnaí i ngrúpáil aonair ghnó aeriompróra

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17(1) agus Airteagal 62(14) agus Airteagal 15 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais maidir le haeracmhainneacht leanúnach na n-aerárthach, lena n-áirítear na ceanglais maidir lena bainistiú.

    (2)

    De bhun Iarscríbhinn I (Cuid-M) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, i gcás aerárthaí a úsáideann aeriompróirí arna gceadúnú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), is é an t-oibreoir a bheidh freagrach as aeracmhainneacht leanúnach na n-aerárthaí a oibríonn sé agus formheasfar é, mar chuid dá theastas aeroibreora, mar eagraíocht um bainistíocht aeracmhainneachta leanúnaí (“CAMO”) de bhun Iarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO).

    (3)

    Nuair is cuid de ghrúpáil aonair ghnó iad aeriompróirí, cruthaítear leis an gceanglas sin bacainní áirithe maidir le comhchórais um bainistíocht aeracmhainneachta leanúnaí (“CAW”) do na haerárthaí uile atá á n-oibriú ag an ngrúpáil sin a bhunú agus a chur chun feidhme. Mar thoradh ar easpa comhchórais bhainistithe CAW, tá dúbailt cúraimí ann toisc nach mbaineann na heagraíochtaí tairbhe as cuspóirí agus nósanna imeachta comhchosúla a bheith acu, agus déantar idir-inoibritheacht gearr-ama aerárthaí idir sealbhóirí éagsúla teastas aeroibreora (“AOC”) a chosc.

    (4)

    Ina theannta sin, measann an earnáil tionsclaíochta go gcruthaíonn an staid reatha míbhuntáiste san iomaíocht i gcomparáid le haeroibreoirí eile lasmuigh den Aontas Eorpach nach bhfuil faoi réir srianta dlíthiúla den sórt sin.

    (5)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 a leasú chun a cheadú d’aeriompróirí arna gceadúnú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 agus atá mar chuid de ghrúpáil aonair ghnó aeriompróra chun CAMO laistigh den ghrúpáil sin a fháil ar chonradh chun aeracmhainneacht leanúnach aerárthaí a oibríonn siad a bhainistiú.

    (6)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo bunaithe ar Thuairim Uimh. 04/2021 (4) ó Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) i gcomhréir le hAirteagal 75(2), pointe (b), agus Airteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139.

    (7)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 127(1) de Rialachán (AE) 2018/1139,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 mar a leanas:

    (1)

    In Airteagal 2, cuirtear an pointe (t) seo a leanas leis:

    “(t)

    Ciallaíonn ‘comhchuibhiú córas bainistíochta’ an próiseas comhordaithe trína n-idirghníomhaíonn córais bhainistíochta dhá eagraíocht nó níos mó agus trína roinneann siad faisnéis agus modhanna chun cuspóirí coiteanna nó comhsheasmhacha faireacháin maidir le sábháilteacht agus comhlíonadh a bhaint amach.”;

    (2)

    Leasaítear Iarscríbhinn I (Cuid-M) i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

    (3)

    Leasaítear Iarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO) i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Márta 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach na n-aerárthach agus táirgí, páirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na n-eagraíochtaí agus an phearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin (IO L 362, 17.12.2014, lch. 1).

    (3)  Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (Athmhúnlú) (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3).

    (4)  https://www.easa.europa.eu/document-library/opinions


    IARSCRÍBHINN I

    Leasaítear Iarscríbhinn I (Cuid-M) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 mar a leanas:

    (1)

    i bpointe M.A.201, cuirtear isteach na pointí (ea) agus (eb) seo a leanas:

    “(ea)

    De mhaolú ar phointe (e)(2), féadfaidh dhá oibreoir ar a laghad ar cuid de ghrúpáil aonair ghnó aeriompróra iad CAMO céanna a úsáid chun freagracht a ghlacadh as bainistiú leanúnach aeracmhainneachta na n-aerárthaí uile a oibríonn siad, ar choinníoll go gcomhlíonfar na ceanglais uile seo a leanas:

    (1)

    go bhformheasfar CAMO i gcomhréir le hIarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO) maidir leis na haerárthaí atá le bainistiú;

    (2)

    gur cuid den ghrúpáil chéanna ghnó aeriompróra leis na hoibreoirí lena mbaineann é CAMO;

    (3)

    go mbunaítear conradh i gcomhréir le Foscríbhinn I a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo idir CAMO agus an sealbhóir AOC nach bhfuil formheasta mar CAMO é féin;

    (4)

    gur sa chríoch a bhfuil feidhm ag na Conarthaí atá an príomháit ghnó ag CAMO;

    (5)

    go bhfuil córais bhainistíochta aonair na n-eagraíochtaí a thugann conradh i gcrích comhchuibhithe le chéile.

    (eb)

    De mhaolú ar phointe (e)(2), maidir le haeriompróir atá ceadúnaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 agus atá ina chuid de ghrúpáil ghnó aeriompróra nach gcomhlíonann pointe M.A.201(ea) a thuilleadh mar thoradh ar fhoirceannadh nó cúlghairm deimhnithe aeroibreora, déanfaidh an t-aeriompróir sin plean gníomhaíochta a shainiú agus a chur chun feidhme chun sástacht an údaráis inniúil chun pointe M.A.201(e)(2) a chomhlíonadh a luaithe is indéanta”;

    (2)

    Leasaítear Foscríbhinn I mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.

    Luafar ann an méid seo a leanas:

     

    ‘Cuirfidh an t-úinéir nó an t-oibreoir cúram bhainistithe leanúnaí aeracmhainneachta na n-aerárthaí ar CAMO nó ar CAO, lena n-áirítear forbairt AMP, ach gan a bheith teoranta de sin, AMP a bheidh formheasta ag an údarás inniúil mar a shonraítear i bpointe M.1 agus eagrú chothabháil na n-aerárthach i gcomhréir le AMP sin.

     

    De réir an chonartha reatha, geallann an dá shínitheoir go gcloífidh siad le hoibleagáidí an chonartha sin faoi seach.

     

    Dearbhaíonn an t-úinéir nó an t-oibreoir, chomh fada agus is eol dóibh, maidir leis an fhaisnéis uile a thugtar do CAMO nó do CAO maidir le haeracmhainneacht leanúnach na n-aerárthaí, go bhfuil sí beacht agus go leanfaidh sí de bheith beacht, agus nach ndéanfar na haerárthaí a dheisiú ná a mhodhnú gan réamhthoiliú CAMO nó CAO.

     

    I gcás aon neamh-chomhréireacht leis an gconradh seo ag ceachtar de na sínitheoirí, déanfaidh CAMO nó CAO agus an t-úinéir nó an t-oibreoir measúnú an bhfuil tionchar aige sin ar leanúint den chonradh agus cuirfidh siad údarás inniúil/údaráis inniúla na n-eagraíochtaí sin ar an eolas. Leis an measúnú a dhéanfaidh na heagraíochtaí breithneofar tábhacht na neamh-chomhréireachta ó thaobh na sábháilteachta de agus breithneofar an de chineál atriallach é. Tar éis an mheasúnaithe sin más é conclúid ceachtar de na sínitheoirí nach féidir leo a bhfreagrachtaí a chomhlíonadh de bharr a laincisí féin nó de bharr mhainneachtain an tsínitheora, cuirfear an conradh ar ceal agus cuirfear údarás inniúil/údaráis inniúla na n-eagraíochtaí ar an eolas láithreach. I gcás den chineál sin, glacfaidh an t-úinéir nó an t-oibreoir freagracht iomlán as gach cúram atá nasctha le haeracmhainneacht leanúnach na n-aerárthaí, agus cuirfidh an t-úinéir nó an t-oibreoir údaráis inniúla Bhallstát an chláraithe ar an eolas laistigh de 2 sheachtain faoin neamhchomhréireacht sin leis an gconradh. I gcás ina dtabharfar conradh i gcrích i gcomhréir le M.A.201(ea), cuirfear údarás inniúil Bhallstát an chláraithe ar an eolas láithreach.’’;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh de mhír 5:

    “I gcás ina ndéanann úinéir nó oibreoir CAMO nó CAO a thabhairt ar conradh i gcomhréir le pointe M.A.201, sonrófar sa chonradh oibleagáidí gach páirtí mar seo a leanas:”;

    (c)

    i bpointe 5.1(2) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

    “(e)

    an chothabháil is gá a bhunú agus a ordú chun nasc iomchuí a áirithiú le hiarchlár cothabhála na n-aerárthaí;”;

    (d)

    i bpointe 5.1(2) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

    “(i)

    comhordú a dhéanamh ar chothabháil sceidealta a chur i gcrích, lena n-áirítear cigireacht a dhéanamh ar chomhpháirteanna, codanna atá teoranta ó thaobh an tsaoil de a athsholáthar agus ar aon AD is infheidhme a bhaint amach, agus comhlíonadh a áirithiú leis na ceanglais oibríochtúla a bhfuil tionchar acu ar aeracmhainneacht leanúnach, le ceanglais maidir le haeracmhainneacht leanúnach arna mbunú ag an nGníomhaireacht agus le bearta arna n-éileamh ag an údarás inniúil mar fhreagairt láithreach ar fhadhb sábháilteachta;”;

    (e)

    i bpointe 5.1(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (j), (k) agus (l):

    “(j)

    an t-úinéir nó an t-oibreoir a chur ar an eolas gach uair atá an t-aerárthach le tabhairt chuig eagraíocht chothabhála cheadaithe;

    (k)

    taifid aeracmhainneachta leanúnaí na n-aerárthaí a bhainistiú agus a chartlannú;

    (l)

    comhordú a dhéanamh leis an oibreoir nó leis an úinéir maidir le haon iarraidh ar an údarás inniúil ábhartha ar aon imeacht ó chlár cothabhála na n-aerárthaí;”

    (f)

    i bpointe 5.1(2) cuirtear isteach an pointe (m) seo a leanas:

    “(m)

    tacaíocht a thabhairt don oibreoir nó don phíolóta-úinéir maidir le haeracmhainneacht leanúnach na n-aerárthaí nuair a dhéanann siad eitiltí trialacha cothabhála.”;

    (g)

    i bpointe 5.2, cuirtear na pointí seo a leanas 13, 14 agus 15 leis:

    “13.

    comhlíontacht a áirithiú leis an gclár cothabhála formheasta agus comhordú a dhéanamh le CAMO nó le CAO maidir le haon iarraidh ar an údarás inniúil ábhartha ar aon síneadh ama aonuaire a chur le heatramh an chláir chothabhála;

    14.

    CAMO nó CAO a chur ar an eolas faoi aon neamhchomhlíonadh i ndáil le ceanglais oibríochtúla a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’aeracmhainneacht leanúnach na n-aerárthaí;

    15.

    CAMO nó CAO a chur ar an eolas faoi aon cheanglas oibríochta (e.g. saincheaduithe) is gá a chomhlíonadh chun an t-aerárthach a chothabháil sa chumraíocht is gá.”;

    (h)

    cuirtear an pointe 7 seo a leanas leis:

    “7.

    Ceanglais bhreise i gcás pointe M.A.201(ea) a chur i bhfeidhm

    De bhreis ar na ceanglais agus na n-oibleagáidí thuasluaite i bpointe 5.1 agus pointe 5.2, i gcás ina dtabharfar conradh i gcrích idir CAMO agus an t-oibreoir i gcomhréir le pointe M.A.201(ea), comhlíonfaidh an conradh bainistithe aeracmhainneachta leanúnaí ceanglais phointí 7.1 go 7.3 freisin.

    Sula síneofar an conradh, déanfaidh an t-oibreoir measúnú ar CAMO chun a áirithiú go mbeidh an cumas agus an acmhainneacht ag CAMO an conradh a chomhlíonadh.

    7.1.

    Incháilitheacht

    Ní thabharfar an conradh aeracmhainneachta leanúnaí i gcomhréir le M.A.201(ea) i gcrích ach amháin i gcás ina bhfuil an t-aeriompróir lena mbaineann ceadúnaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 agus i gcás gur cuid den ghrúpáil chéanna ghnó aeriompróra é CAMO. Beidh tuairisc shoiléir sa chonradh bainistithe aeracmhainneachta leanúnaí ar an gcaoi a gcomhlíontar na coinníollacha a bhfuil tuairisc orthu in M.A.201(ea). Tabharfar tuairisc ann go háirithe ar an gcaoi a gcomhchuibhítear córais bhainistíochta aonair na n-eagraíochtaí eatarthu féin.

    7.2.

    Oibleagáidí breise CAMO:

    1.

    a bheith eolach ar nós imeachta an oibreora a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar an gconradh;

    2.

    comhaontú an oibreora a fháil sula ndéanfaidh sé cúraimí maidir le haeracmhainneacht leanúnach a chur amach ar fochonradh;

    3.

    údarás inniúil Bhallstát an chláraithe a chur ar an eolas láithreach aon uair nach gcuirfidh an t-oibreoir an t-aerárthach faoi bhráid na heagraíochta cothabhála formheasta faoi mar a d’iarr CAMO, i gcás nach n-urramaítear an conradh reatha nó i gcás ina gcuireann ceachtar páirtí deireadh leis an gconradh;

    4.

    oiliúint a chur ar fáil d’fhoireann an oibreora chun a áirithiú go bhfuil tuiscint acu ar na nithe seo a leanas a bhaineann le CAMO:

    (a)

    beartais agus nósanna imeachta, freagrachtaí, oibleagáidí, dualgais agus réimsí an chomhéadain;

    (b)

    línte cumarsáide (mar shampla taifid aerárthaí, faisnéis bheacht faoi aeracmhainneacht a mhalartú go tráthúil lena n-áirítear lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre);

    (c)

    nósanna imeachta a bhaineann go sonrach le CAMO amhail úsáid bogearraí saincheaptha, faireachán ar an iontaofacht, úsáid an chórais loga theicniúil aerárthaí, agus forálacha idir-inoibritheachta.

    7.3.

    Oibleagáidí breise an oibritheora:

    1.

    forbairt a dhéanamh ar nósanna imeachta comhéadain le CAMO chun aghaidh a thabhairt ar an deimhnithe athbhreithnithe aeracmhainneachta a eisiúint agus a athnuachan;

    2.

    i gcás riachtanas cothabhála gan choinne i suíomhanna nach bhfuil eagraíocht chothabhála ann a bhfuil conradh déanta léi, ar eagraíocht í a formheasadh i gcomhréir le hIarscríbhinn II (Cuid-145) a ghabhann leis an Rialachán seo, CAMO a chur ar an eolas láithreach;

    3.

    údarás inniúil Bhallstát an chláraithe a chur ar an eolas láithreach aon uair a chuireann ceachtar páirtí deireadh leis an gconradh;

    4.

    oiliúint a chur ar fáil d’fhoireann CAMO chun a áirithiú go bhfuil tuiscint acu ar na nithe seo a leanas a bhaineann leis an oibreoir:

    (a)

    beartais agus nósanna imeachta, freagrachtaí, oibleagáidí, dualgais agus réimsí an chomhéadain;

    (b)

    línte cumarsáide;

    (c)

    nósanna imeachta a bhaineann go sonrach leis an oibreoir amhail nósanna imeachta oibríochtúla, úsáid bogearraí saincheaptha, faireachán ar an iontaofacht, úsáid an chórais loga theicniúil aerárthaí, agus forálacha idir-inoibritheachta.”.


    IARSCRÍBHINN II

    Leasaítear Iarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe CAMO.A.105:

    “CAMO.A.105 Údarás inniúil

    Chun críoch na hIarscríbhinne seo is é an t-údarás inniúil a bheidh ann:

    (a)

    i gcás eagraíochtaí a bhfuil a bpríomháit ghnó i gcríoch atá faoi fhreagracht Bhallstát de réir Choinbhinsiún Chicago, ceann amháin de na húdaráis seo a leanas:

    (i)

    an t-údarás arna ainmniú ag an mBallstát sin ina bhfuil príomháit ghnó na heagraíochta sin lonnaithe, i gcás nach n-áirítear an formheas ar dheimhniú aeroibreora nó i gcás ina ndéantar conradh le CAMO i gcomhréir le M.A.201(ea);

    (ii)

    an t-údarás arna ainmniú ag Ballstát an oibreora, i gcás ina n-áirítear an formheas ar dheimhniú aeroibreora;

    (iii)

    an t-údarás arna ainmniú ag Ballstát cé is moite de (i) nó (ii), i gcás inar ath-leithdháileadh an fhreagracht ar an mBallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 64 de Rialachán (AE) 2018/1139;

    (iv)

    an Ghníomhaireacht i gcás inar ath-leithdháileadh an fhreagracht ar an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagail 64 nó 65 de Rialachán (AE) 2018/1139;

    (b)

    an Ghníomhaireachti gcás ina bhfuil príomháit ghnó na heagraíochta lonnaithe lasmuigh de chríoch atá faoi fhreagracht Bhallstát de réir Choinbhinsiún Chicago.”;

    (2)

    i bpointe CAMO.A.125, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    D’ainneoin phointe (a), maidir le haeriompróirí atá ceadúnaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, beidh an formheas mar chuid den deimhniú aeroibreora arna eisiúint ag an údarás inniúil i ndáil leis na haerárthaí a oibrítear ach amháin, i gcomhréir le pointe M.A.201(ea) d’Iarscríbhinn I (Cuid-M), i gcás ina ndéanann oibreoirí ar cuid de ghrúpáil ghnó aeriompróra aonair iad conradh le CAMO.”;

    (3)

    i bpointe (d) de CAMO.A.125, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):

    “(2)

    bainistíocht a dhéanamh ar aeracmhainneacht leanúnach na n-aerárthaí a mbaineann aeriompróirí atá ceadúnaithe úsáid astu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, i gcás ina liostaítear ar a dheimhniú féin agus ar dheimhniú an aeroibreora araon nó i gcás ina mbeidh feidhm ag M.A.201(ea);”;

    (4)

    i bpointe CAMO.A.135, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    “(c)

    D’ainneoin phointe (b), i gcás ina ndéanann oibreoirí ar cuid de ghrúpáil ghnó aeriompróra aonair iad i gcomhréir le pointe M.A.201(ea) d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) conradh le CAMO, ní chuireann foirceannadh, fionraí nó cúlghairm an deimhnithe aeroibreora deimhniú CAMO ó bhail go huathoibríoch. Sa chás sin, an conradh a rinneadh i gcomhréir le Foscríbhinn I a ghabhann le hIarscríbhinn I (Cuid-M) a ghabhann leis an Rialachán seo, rachaidh sé ar neamhní.”;

    (5)

    i bpointe CAMO.A.135, cuirtear an pointe (d) seo a leanas isteach:

    “(d)

    I gcás tabhairt suas nó chúlghairm, tabharfar deimhniú na heagraíochta ar ais don údarás inniúil gan mhoill.”;

    (6)

    i bpointe CAMO.A.200, cuirtear an pointe (c) seo a leanas isteach:

    “(e)

    I gcás ina ndéanfar conradh a thabhairt i gcrích, i gcomhréir le pointe M.A.201(ea) d’Iarscríbhinn I (Cuid-M), idir CAMO agus oibreoirí ar cuid de ghrúpáil ghnó aeriompróra aonair iad, áiritheoidh CAMO go ndéanfar a chóras bainistíochta a chomhchuibhiú le córais bhainistíochta na n-oibreoirí ar cuid den ghrúpáil ghnó sin iad.”;

    (7)

    i bpointe CAMO.A.305, cuirtear an pointe (ba) seo a leanas isteach:

    “(ba)

    Maidir leis an duine nó na daoine a ainmneofar i gcomhréir le pointe (a)(3) de phointe CAMO.A.305, má tá sé nó má tá siad bainteach le gníomhaíochtaí bainistithe aeracmhainneachta leanúnaí a bhaineann le conradh arna bhunú i gcomhréir le pointe M.A.201(ea), ní fhostóidh eagraíocht a formheasadh i gcomhréir le hIarscríbhinn II (Cuid-145) faoi chonradh le CAMO an duine nó na daoine sin, gan comhaontú sonrach an údaráis inniúil.”;

    (8)

    i bpointe CAMO.B.300, cuirtear an pointe (g) seo a leanas isteach:

    “(g)

    I gcás ina dtugtar conradh i gcrích i gcomhréir le pointe M.A.201(ea) d’Iarscríbhinn I (Cuid-M), an t-údarás inniúil atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar CAMO agus na húdaráis inniúla atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar na hoibreoirí lena mbaineann, comhoibreoidh siad chun malartú faisnéise atá ábhartha le haghaidh chomhlíonadh a gcúraimí a áirithiú. Áireofar sa chomhoibriú sin malartú faisnéise maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí formhaoirseachta a dhéanann na húdaráis inniúla sin agus féadfar a áireamh air sin cúraimí formhaoirseachta ar CAMO arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla atá freagrach as na hoibreoirí.”;

    (9)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhoscríbhinn I:

    “Aguisín I

    Deimhniú Eagraíochta um Bainistiú Leanúnach Aeracmhainneachta – Foirm 14 EASA

    [BALLSTÁT (*)]

    Ballstát den Aontas Eorpach (**)

    EAGRAÍOCHT UM BAINISTIÚ LEANÚNACH AERACMHAINNEACHTA

    Tagairt: [CÓD AN BHALLSTÁIT *].CAMO.XXXX

    (Tagairt/Tagairtí: cuir san áireamh anseo formheas AOC/formheasanna AOC XX.XXXX)

    De bhun Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh agus Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún, agus faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear thíos, deimhníonn [ÚDARÁS INNIÚIL AN BHALLSTÁIT*] leis seo go bhfuil:

    [AINM AGUS SEOLADH NA CUIDEACHTA]

    ina eagraíocht um bainistiú leanúnach aeracmhainneachta i gcomhréir le Cuid A d’Iarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún.

    COINNÍOLLACHA:

    1.

    Tá an deimhniú seo teoranta don raon feidhme a shonraítear i roinn raon feidhme na hoibre den lámhleabhar um bainistiú leanúnach aeracmhainneachta formheasta (CAME) dá dtagraítear i gCuid A, d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún.

    2.

    Leis an deimhniú seo ceanglaítear go gcomhlíontar na nósanna imeachta dá sonraítear i CAME arna fhormheas i gcomhréir le hIarscríbhinn Vc (Cuid- CAMO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún.

    3.

    Is bailí an deimhniú seo fad a leanann an eagraíocht um bainistiú leanúnach aeracmhainneachta formheasta de bheith i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid-M), Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML) agus Iarscríbhinn I (Cuid-CAMO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún.

    4.

    I gcás ina ndéanann eagraíocht um bainistiú leanúnach aeracmhainneachta seirbhís eagraíochta nó seirbhís roinnt eagraíochtaí a chur ar fochonradh, leanfaidh an deimhniú sin de bheith bailí faoi réir oibleagáidí conarthacha is infheidhme de bheith á gcomhlíonadh ag an eagraíocht sin nó na heagraíochtaí sin.

    5.

    Faoi réir chomhlíonadh choinníollacha 1 go 4 thuas, leanfaidh an deimhniú seo de bheith bailí ar feadh tréimhse neamhtheoranta, ach amháin i gcás inar géilleadh é, inar cuireadh deimhniú eile ina ionad, inar cuireadh ar fionraí é nó inar cúlghaireadh é roimhe seo.

    Má úsáidtear an fhoirm seo freisin do shealbhóirí deimhnithe aeroibreora (AOC) (iompróirí aeir atá ceadúnaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008), cuirfear an uimhir AOC, nó más i gcomhréir le pointe M.A.201(ea) d’Iarscríbhinn I (Cuid – M) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún atá sé, cuirfear na huimhreacha AOC leis an tagairt, i dteannta na huimhreach caighdeánaí, agus cuirfear na coinníollacha breise seo a leanas in ionad choinníoll 5:

    6.

    Ní hionann an deimhniú seo agus údarú chun na cineálacha aerárthaí dá dtagraítear i gcoinníoll 1 a oibriú. Is é AOC an t-údarú chun na haerárthaí a oibriú.

    7.

    I gcás ina ndéantar AOC aeriompróra atá ceadúnaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 a fhoirceannadh, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, neamhbhailítear go huathoibríoch an deimhniú seo maidir leis na clárúcháin aerárthaí a shonraítear san AOC ach amháin i gcás ina ndéantar conradh le CAMO i gcomhréir le pointe M.A.201(ea) d’Iarscríbhinn I (Cuid – M) de Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún, ach amháin má shonraíonn an t-údarás inniúil a mhalairt go sainráite.

    8.

    Faoi réir chomhlíonadh choinníollacha 1 go 4 thuas, leanfaidh an deimhniú seo de bheith bailí ar feadh tréimhse neamhtheoranta, ach amháin i gcás inar géilleadh é, inar cuireadh deimhniú eile ina ionad, inar cuireadh ar fionraí é nó inar cúlghaireadh é roimhe seo.

    Dáta na heisiúna bunaidh: …

    Sínithe: …

    Dáta an athbhreithnithe seo: … Uimhir an athbhreithnithe: …

    Le haghaidh an údaráis inniúil: [ÚDARÁS INNIÚIL AN BHALLSTÁIT (*)]

    Leathanach… de …

    Leathanach 2 de 2

    EAGRAÍOCHT UM BAINISTIÚ LEANÚNACH AERACMHAINNEACHTA

    TÉARMAÍ AN CHEADAITHE

    Tagairt: [CÓD AN BHALLSTÁIT *].CAMO.XXXX

    (Tagairt(í) AOC XX.XXXX)

    Eagraíocht: [AINM AGUS SEOLADH NA CUIDEACHTA]

    Cineál/sraith/grúpa na n-aerárthaí

    Athbhreithniú aeracmhainneachta údaraithe

    Ceadúnais eitilte údaraithe

    Eagraíochtaí ar fochonradh

     

    [ÚDARAÍTEAR/NÍ ÚDARAÍTEAR]

    ***

    [ÚDARAÍTEAR/NÍ ÚDARAÍTEAR]

    ***

     

     

    [ÚDARAÍTEAR/NÍ ÚDARAÍTEAR]

    ***

    [ÚDARAÍTEAR/NÍ ÚDARAÍTEAR]

    ***

     

     

    [ÚDARAÍTEAR/NÍ ÚDARAÍTEAR]

    ***

    [ÚDARAÍTEAR/NÍ ÚDARAÍTEAR]

    ***

     

     

    [ÚDARAÍTEAR/NÍ ÚDARAÍTEAR]

    ***

    [ÚDARAÍTEAR/NÍ ÚDARAÍTEAR]

    ***

     

    Tá téarmaí an fhormheasa teoranta do raon na hoibre atá sa roinn CAME formheasta…

    Tagairt CAME: …

    Dáta na heisiúna bunaidh: …

    Sínithe: …

    Dáta an athbhreithnithe seo: … Uimhir an athbhreithnithe: …

    Le haghaidh an Údaráis Inniúil: [ÚDARÁS INNIÚIL AN BHALLSTÁIT *]

    Foirm 14 EASA, Eagrán 6

    (*)

    nó ‘EASA’, más é EASA an t-údarás inniúil

    (**)

    scriostar i gcás Stát nach Ballstát den Aontas é nó EASA

    (***)

    scriostar de réir mar is iomchuí mura bhfuil an eagraíocht formheasta.

    Top