This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22022D0371
Decision No 74/2021 of the Joint Committee established under the Agreement on Mutual Recognition between the European Community and the United States of America of 8 February 2022 related to the listing of Conformity Assessment Bodies under the Sectoral Annex for Telecommunication Equipment [2022/371]
Cinneadh Uimh. 74/2021 ón gComhchoiste a bunaíodh faoin gComhaontú maidir le hAitheantas Frithpháirteach idir an Comhphobal Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá an 8 Feabhra 2022 a bhaineann le Comhlachtaí um Measúnú Comhréireachta a liostú faoin Iarscríbhinn Earnála maidir le Trealamh Teileachumarsáide (2022/371)
Cinneadh Uimh. 74/2021 ón gComhchoiste a bunaíodh faoin gComhaontú maidir le hAitheantas Frithpháirteach idir an Comhphobal Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá an 8 Feabhra 2022 a bhaineann le Comhlachtaí um Measúnú Comhréireachta a liostú faoin Iarscríbhinn Earnála maidir le Trealamh Teileachumarsáide (2022/371)
PUB/2022/124
IO L 69, 4.3.2022, pp. 127–128
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
4.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 69/127 |
CINNEADH Uimh. 74/2021 ÓN gCOMHCHOISTE A BUNAÍODH FAOIN gCOMHAONTÚ MAIDIR LE hAITHEANTAS FRITHPHÁIRTEACH IDIR AN COMHPHOBAL EORPACH AGUS STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ
an 8 Feabhra 2022
a bhaineann le Comhlachtaí um Measúnú Comhréireachta a liostú faoin Iarscríbhinn Earnála maidir le Trealamh Teileachumarsáide (2022/371)
TÁ AN COMHCHOISTE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir le hAitheantas Frithpháirteach idir an Comhphobal Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá agus go háirithe Airteagal 7 agus Airteagal 14 de;
De bhrí go bhfuil ar an gComhchoiste cinneadh a dhéanamh Comhlacht nó Comhlachtaí um Measúnú Comhréireachta a liostú faoi Iarscríbhinn Earnála;
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
|
1. |
Cuirtear an Comhlacht um Measúnú Comhréireachta i gCeangaltán A le liosta na gComhlachtaí um Measúnú Comhréireachta faoin gcolún “Rochtain CE ar mhargadh na Stát Aontaithe” i Roinn V den Iarscríbhinn Earnála maidir le Trealamh Teileachumarsáide. |
|
2. |
Chomhaontaigh na Páirtithe an raon feidhme sonrach chun liostú, i dtéarmaí táirgí agus nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, an Chomhlachta um Measúnú Comhréireachta a léirítear i gCeangaltán A a dhéanamh agus coimeádfaidh na Páirtithe ar bun é.
Déanfaidh ionadaithe an Chomhchoiste an Cinneadh seo, arna dhéanamh i ndúblach, a shíniú, ionadaithe atá údaraithe gníomhú thar ceann na bPáirtithe chun an Comhaontú a leasú. Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón dáta is déanaí de na sínithe sin. |
Thar ceann Stáit Aontaithe Mheiriceá
James C. SANFORD
Arna shíniú in Washington, an 2 Feabhra 2022
Thar ceann an Aontais Eorpaigh
Lucian CERNAT
Arna shíniú sa Bhruiséil, an 8 Feabhra 2022
Ceangaltán A
Cuirtear Comhlachtaí CE um Measúnú Comhréireachta le liosta na gComhlachtaí um Measúnú Comhréireachta faoin gcolún “Rochtain CE ar mhargadh na Stát Aontaithe” i Roinn V den Iarscríbhinn Earnála maidir le Trealamh Teileachumarsáide.
|