This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021D1787
Council Decision (EU) 2021/1787 of 5 October 2021 on the position to be adopted on behalf of the European Union within the International Grains Council as regards the amendment of the definition of ‘grain’ or ‘grains’ under the Grains Trade Convention, 1995
Cinneadh (AE) 2021/1787 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán a mhéid a bhaineann leis an sainmhíniú ar “grán” nó “gráin” faoin gCoinbhinsiún Trádála Gráin, 1995 a leasú
Cinneadh (AE) 2021/1787 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán a mhéid a bhaineann leis an sainmhíniú ar “grán” nó “gráin” faoin gCoinbhinsiún Trádála Gráin, 1995 a leasú
ST/11629/2021/INIT
IO L 359, 11.10.2021, pp. 103–104
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
11.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 359/103 |
CINNEADH (AE) 2021/1787 ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Deireadh Fómhair 2021
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán a mhéid a bhaineann leis an sainmhíniú ar “grán” nó “gráin” faoin gCoinbhinsiún Trádála Gráin, 1995 a leasú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Thug an tAontas an Coinbhinsiún Trádála Gráin, 1995 (“an Coinbhinsiún”) i gcrích le Cinneadh 96/88/CE ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 1995. |
|
(2) |
Sainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (e), den Choinbhinsiún an bhrí atá le “grán” nó “gráin” chun críocha an Choinbhinsiúin. Is féidir le baill na Comhairle Idirnáisiúnta Grán a chinneadh an sainmhíniú sin a leasú i gcomhréir le hAirteagal 32 den Choinbhinsiún. |
|
(3) |
An 14 Bealtaine 2021, mhol Rúnaíocht na Comhairle Idirnáisiúnta Grán piseánaigh a chur leis an sainmhíniú ar “grán” nó “gráin” faoi Airteagal 2(1), pointe (e), den Choinbhinsiún, le héifeacht ón 1 Samhain 2021. De réir an togra sin, “áireofar lintilí, piseanna tirime, sicphiseánaigh, pónairí tirime, piseánaigh eile agus a dtáirgí sa sainmhíniú ar ‘grán’ nó ‘gráin’ faoi Airteagal 2(1)(e) den Choinbhinsiún Trádála Gráin, 1995”. |
|
(4) |
I gcomhréir le (dréacht) Sainmhíniú agus Aicmiú Tráchtearraí, 1994 Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, “Is barra léagúmacha bliantúla iad piseánaigh a shaothraíonn ó ghrán nó ó shíol amháin go 12 ghrán nó go 12 shíol de mhéid, de chruth agus de dhath athraitheach laistigh d’fhaighneog. Úsáidtear iad le haghaidh bia agus beatha araon”. |
|
(5) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán a bhunú a mhéid a bhaineann leis an sainmhíniú ar “grán” nó “gráin” a leasú faoin gCoinbhinsiún, ós rud é gur chun leas an Aontais é cumhdach táirgí na Comhairle Idirnáisiúnta Grán a leathnú trí phiseánaigh a chur leis an sainmhíniú ar “grán” nó “gráin”, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán, vótáil i bhfabhar Airteagal 2(1), pointe (e), den Choinbhinsiún Trádála Gráin a leasú trí phiseánaigh a chur leis an sainmhíniú ar “grán” nó “gráin”, i gcomhréir leis an togra arna thíolacadh ag Rúnaíocht na Comhairle Idirnáisiúnta Grán an 14 Bealtaine 2021.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 5 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. ŠIRCELJ
(1) Cinneadh 96/88/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 1995 lenar fhormheas an Comhphobal Eorpach an Coinbhinsiún Trádála Gráin agus an Coinbhinsiún um Chúnamh Bia, lenar bunaíodh an Comhaontú Idirnáisiúnta Grán, 1995 (IO L 21, 27.1.1996, lch. 47).