This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1786
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/1786 of 8 October 2021 correcting Implementing Regulation (EU) 2021/78 as regards a derogation from Implementing Regulation (EU) 2016/1150, provided for in Implementing Regulation (EU) 2020/600, in respect of changes to national support programmes in the wine sector
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1786 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2021 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/78 a mhéid a bhaineann le maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150, dá bhforáiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/600, maidir le hathruithe ar chláir náisiúnta thacaíochta in earnáil an fhíona
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1786 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2021 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/78 a mhéid a bhaineann le maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150, dá bhforáiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/600, maidir le hathruithe ar chláir náisiúnta thacaíochta in earnáil an fhíona
C/2021/7156
IO L 359, 11.10.2021, pp. 100–102
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
11.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 359/100 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1786 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Deireadh Fómhair 2021
lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/78 a mhéid a bhaineann le maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150, dá bhforáiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/600, maidir le hathruithe ar chláir náisiúnta thacaíochta in earnáil an fhíona
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 54, pointe (a), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/600 ón gCoimisiún (2), tugadh isteach roinnt maoluithe ar na rialacha a bhí ann cheana, inter alia in earnáil an fhíona, maoluithe arbh é ab aidhm dóibh faoiseamh a thabhairt d’oibreoirí fíona chun cuidiú leo déileáil le tionchar phaindéim COVID-19. Go háirithe, ceadaíodh do na Ballstáit maolú ar bhonn sealadach ó Airteagal 2(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150 ón gCoimisiún (3) chun athrú a dhéanamh ar a gcláir náisiúnta thacaíochta in earnáil an fhíona aon uair ba ghá i ndáil leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 45(1), pointe (a), agus in Airteagail 46 go 52 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
|
(2) |
Ba é ba aidhm don tsolúbthacht sin a chur ar chumas na mBallstát freagairt go tapa do na himthosca eisceachtúla a d’eascair as paindéim COVID-19 agus athruithe ar a gcláir náisiúnta thacaíochta a chur isteach chomh luath agus a measadh gur gá. Ba é an chúis fholuiteach a bhí leis sin an gá a bhí ann cead a thabhairt do na Ballstáit na bearta a bhí ann cheana a choigeartú níos minice agus, ina theannta sin, mar a thagraítear dó in aithris (6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/600, bearta breise a chur san áireamh ina gcláir náisiúnta thacaíochta a luaithe a tháinig an Rialachán sin i bhfeidhm seachas iallach a bheith orthu fanacht leis an gcéad spriocdháta eile le haghaidh leasuithe. |
|
(3) |
Cé is moite de na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 45(1), pointe (a), agus Airteagail 46 go 52 de Rialachán (AE)Uimh. 1308/1308, tugadh an deis do na Ballstáit na bearta eisceachtúla “driogadh fíona i gcás géarchéime” agus “cúnamh a thabhairt le haghaidh stóráil fíona le linn géarchéime”, dá dtagraítear faoi seach in Airteagail 3 agus 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/592 ón gCoimisiún (4), a chur san áireamh ina gcláir náisiúnta thacaíochta. Mar sin féin, de dheasca easnamh neamhbheartaithe, níor luadh an dá bheart eisceachtúla sin go sainráite i measc na mbeart a liostaítear in Airteagal 2(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/600. |
|
(4) |
Is léir ó Airteagal 3(9) agus Airteagal 4(8) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/592 go bhfuil feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150 maidir leis na bearta “fíon a dhriogadh i gcás géarchéime” agus “cúnamh a thabhairt le haghaidh stóráil fíona le linn géarchéime” faoi seach. Leis na forálacha sin féachtar lena áirithiú go leanfaidh na bearta eisceachtúla chomh gar agus is féidir na rialacha is infheidhme maidir leis na bearta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Mar sin féin, le hAirteagal 2(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/600 maolaítear go sealadach ar Airteagal 2(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150 trína cheadú do na Ballstáit bearta a chur san áireamh nó a athrú ina gcláir náisiúnta thacaíochta nuair is gá sin. Dá bhrí sin, chun a áirithiú go gcuirfear na bearta eisceachtúla chun feidhme ar an gcaoi chéanna le haon bheart tacaíochta eile atá ann cheana, tá feidhm ag Airteagal 2(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/600 freisin maidir le “driogadh fíona i gcás géarchéime” agus “cúnamh a thabhairt le haghaidh stóráil fíona le linn géarchéime”. |
|
(5) |
Anuas air sin, ní mór a chur i dtábhacht, maidir le “driogadh fíona i gcás géarchéime” agus “cúnamh a thabhairt le haghaidh stóráil fíona le linn géarchéime” a choinneáil lasmuigh de raon feidhme Airteagal 2(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/600, go mbeadh sin in aghaidh chuspóir na mbeart sin cabhair phráinneach a thabhairt don mhargadh fíona le linn géarchéime. Cosc a chur ar na Ballstáit athruithe a thabhairt isteach ina gcláir náisiúnta thacaíochta go sonrach maidir leis an dá bheart sin, agus é sin a cheadú san am céanna le haghaidh aon bhirt eile, bheadh an méid sin contrártha leis an rún soiléir ceadú do na Ballstáit na bearta sin a úsáid chomh luath agus chomh minic agus ba ghá. |
|
(6) |
Ar na cúiseanna sin, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1785 ón gCoimisiún (5) ceartaítear Airteagal 2(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/600 trí thagairt shainráite a chur san áireamh do na bearta eisceachtúla a leagtar síos in Airteagail 3 agus 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/592 le héifeacht ón 4 Bealtaine 2020. |
|
(7) |
Mar sin féin, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/78 ón gCoimisiún (6) cuireadh síneadh le cur i bhfeidhm na mbeart a tugadh isteach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/600 ar feadh na bliana airgeadais 2021 trí ionadú a dhéanamh ar Airteagal 2(1) den Rialachán sin. Leis an bhforáil sin ní dhéantar tagairt ach an oiread do na bearta eisceachtúla a leagtar síos in Airteagail 3 agus 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/592. Dá bhrí sin, is iomchuí an fhoráil sin a cheartú chomh maith. |
|
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/78 a leasú dá réir. |
|
(9) |
Chun nach gcuirfear pionós ar na Ballstáit a thug isteach sa bhliain airgeadais 2021 athruithe ar a gcláir náisiúnta thacaíochta i ndáil leis na bearta eisceachtúla a leagtar síos in Airteagail 3 agus 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/592, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an Rialachán seo ó dháta theacht i bhfeidhm an leasaithe ábhartha arna dhéanamh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/78. |
|
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ceartú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/78
In Airteagal 1, pointe (1), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/78, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs a chuirtear in ionad Airteagal 2(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/600:
“1. De mhaolú ar Airteagal 2(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150, féadfaidh na Ballstáit, i ndáil leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 45(1), pointe (a), agus Airteagail 46 go 52 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus in Airteagail 3 agus 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/592 ón gCoimisiún (*1), aon uair is gá le linn na mblianta airgeadais 2020 agus 2021 ach tráth nach déanaí ná an 15 Deireadh Fómhair 2021, athruithe a dhéanamh ar a gcláir náisiúnta thacaíochta in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 41(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 16 Deireadh Fómhair 2020.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/600 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2020 lena maolaítear ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 615/2014, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1368 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 maidir le bearta áirithe chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim a d’eascair as paindéim COVID-19 (IO L 140, 4.5.2020, lch. 40).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2016 lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na cláir náisiúnta thacaíochta in earnáil an fhíona (IO L 190, 15.7.2016, lch. 23).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/592 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2020 maidir le bearta eisceachtúla sealadacha lena maolaítear ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun aghaidh a thabhairt ar an suaitheadh sa mhargadh san earnáil torthaí agus glasraí agus san earnáil fíona a eascraíonn as paindéim COVID-19 agus ar na bearta a eascraíonn as (IO L 140, 4.5.2020, lch. 6).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1785 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2021 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/600 a mhéid a bhaineann le maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150 maidir le hathruithe ar chláir náisiúnta thacaíochta in earnáil an fhíona (Feách leathanac 98 den Iris Oifigiúil.).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/78 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/600 lena maolaítear ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1150, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 615/2014, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1368 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 amhéid a bhaineann le bearta áirithe chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim a d’eascair as paindéim COVID-19 (IO L 29, 28.1.2021, lch. 5).