EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1072

Cinneadh (AE) 2021/1072 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2021 maidir le maolú sealadach ar Chinneadh 2013/471/AE maidir le liúntais laethúla a dheonú do chomhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus dá gcomhaltaí malartacha agus maidir le haisíocaíocht speansas taistil na gcomhaltaí sin i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas

ST/9382/2021/INIT

IO L 230, 30.6.2021, p. 30–31 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 24/05/2023; Arna aisghairm le 32023D1013

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1072/oj

30.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 230/30


CINNEADH (AE) 2021/1072 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Meitheamh 2021

maidir le maolú sealadach ar Chinneadh 2013/471/AE maidir le liúntais laethúla a dheonú do chomhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus dá gcomhaltaí malartacha agus maidir le haisíocaíocht speansas taistil na gcomhaltaí sin i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d’Airteagal 301 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ó thosaigh ráig phaindéim COVID-19, d’fhág na bearta urghnácha coisctheacha agus srianta a rinne na Ballstáit – coraintín, beartais cianoibre a chur chun feidhme, agus srianta nó toirmisc ghluaiseachta agus taistil – go raibh sé dodhéanta nó fíordheacair ag comhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (“an Coiste”) agus ag a gcomhaltaí malartacha (dá ngairtear “na tairbhithe” i dteannta a chéile) taisteal le freastal ar chruinnithe go fisiciúil.

(2)

I bhfianaise na n-imthosca eisceachtúla sin, agus chun a ráthú go bhféadfar gníomhaíochtaí an Choiste a dhéanamh go hiomchuí agus go hinbhuanaithe gach tráth ar mhaithe leis an leanúnachas institiúideach a áirithiú, ní mór maolú sealadach a dhéanamh ar Airteagail 2, 3 agus 4 de Chinneadh 2013/471/AE ón gComhairle (1) a mhéid a bhaineann le liúntais laethúla a íoc, agus speansais taistil a aisíoc, leis na tairbhithe. Níor cheart feidhm a bheith ag an maolú seo ach ar feadh na tréimhse a mbeidh deacrachtaí leanúnacha taistil nó srianta sláintíochta i gceist i dtaca le cruinnithe fisiciúla i ngeall ar phaindéim COVID-19 san Aontas.

(3)

Is ísle na costais riaracháin iarbhír a thabhaíonn tairbhí a dhéanann cianfhreastal trí mheán leictreonach ar chruinniú ná ráta an liúntais laethúil is infheidhme faoi láthair maidir le freastal go fisiciúil ar chruinnithe, bíodh is gur mar a chéile an t-achar ama a chaitheann tairbhí ag an gcruinniú. Ós mar sin atá, is iomchuí go n-oiriúnófaí dá réir an liúntas laethúil a íoctar leis na tairbhithe a dhéanann cianfhreastal ar chruinnithe.

(4)

I gcás inarb iomchuí, ba cheart don Choiste rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le deonú an liúntais laethúil i gcomhair cianfhreastail. Ba cheart a shainaithint go háirithe sna rialacha sin cásanna ina gcuirtear i mbaol an fhéidearthacht cruinnithe a eagrú nó freastal orthu i ngeall ar dheacrachtaí taistil a bhaineann le COVID-19 nó ar bhearta sriantacha gaolmhara.

(5)

Ba cheart don Choiste tuarascálacha rialta a thíolacadh chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm an Chinnidh seo ionas gur féidir leis an gComhairle meastóireacht a dhéanamh ar a thionchar sin agus ar na coinníollacha atá fós ann a thugann bonn cirt don mhaolú a bheith i bhfeidhm. Ar bhonn na dtuarascálacha sin, ba cheart don Chomhairle breithniú a dhéanamh ar bhearta iomchuí a ghlacadh roimh dheireadh théarma oifige reatha an Choiste, go háirithe faoi chuimsiú athbhreithniú cuimsitheach arna dhéanamh amach anseo ar Chinneadh 2013/471/AE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

De mhaolú ar Airteagail 2, 3 agus 4 de Chinneadh 2013/471/AE, i gcás ina gcuireann bearta sriantacha a bhaineann le COVID-19 i mbaol an fhéidearthacht cruinniú a eagrú nó freastal go fisiciúil air, ní bheidh tairbhithe a chianfhreastalaíonn ar an gcruinniú ach i dteideal liúntas laethúil arna shocrú ag EUR 145.

Airteagal 2

Glacfaidh an Coiste forálacha mionsonraithe lena gcuirfear Airteagal 1 chun feidhme faoin 2 Meán Fómhair 2021.

Airteagal 3

Faoin 2 Eanáir 2022 agus gach 6 mhí dá éis sin, cuirfidh an Coiste tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Chinnidh seo, agus go háirithe maidir lena thionchar buiséadach agus maidir le deacrachtaí taistil a bhaineann le COVID-19 nó bearta sriantacha gaolmhara leanúint de bheith ann agus a chuireann i mbaol an fhéidearthacht cruinnithe a eagrú nó freastal go fisiciúil orthu.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 28 Meitheamh 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. do C. ANTUNES


(1)  Cinneadh 2013/471/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir le liúntais laethúla a dheonú do chomhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus maidir le haisíoc speansas taistil chomhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus a gcomhaltaí malartacha (IO L 253, 25.9.2013, lch. 22).


Top