Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1001

    Cinneadh (AE) 2021/1001 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis

    ST/9743/2021/INIT

    IO L 219I, 21.6.2021, p. 67–69 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1001/oj

    21.6.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 219/67


    CINNEADH (AE) 2021/1001 ÓN gCOMHAIRLE

    an 21 Meitheamh 2021

    lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis.

    (2)

    An 24 agus an 25 Bealtaine 2021, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí inar cháin sí go láidir tuirlingt éigeantach eitilte de chuid Ryanair i Mionsc na Bealarúise an 23 Bealtaine 2021, a chuir an tsábháilteacht eitlíochta i mbaol, agus coinneáil an iriseora Raman Pratasevich agus Sofia Sapega ag údaráis na Bealarúise. D’iarr sí ar an gComhairle liostuithe breise daoine agus eintiteas a ghlacadh a luaithe is féidir ar bhonn an chreata ábhartha smachtbhannaí.

    (3)

    I bhfianaise thromchúis an teagmhais sin, ba cheart aon eintiteas amháin eile a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES. D’fhonn iarmhairtí neamh-inmhianaithe an liostaithe seo a sheachaint, tá sé riachtanach leasú a dhéanamh ar liosta na n-ócáidí a bhféadfaidh údarás inniúil Ballstáit maolú a údarú ó reo sócmhainní agus ó thoirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine nó d’eintitis atá ar an liosta.

    (4)

    Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2012/642/CBES a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES mar a leanas:

    (1)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(1):

    ‘Airteagal 5

    1.   Féadfaidh údarás inniúil Ballstáit údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi cibé coinníollacha a measann sé is iomchuí, tar éis dó a chinneadh gurb amhlaidh i gcás na gcistí nó na n-acmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:

    (a)

    gur den riachtanas iad chun bunriachtanais aon duine gona mbaill teaghlaigh chleithiúnacha a liostaítear san Iarscríbhinn a shásamh, lena n-áirítear íocaíochtaí le haghaidh earraí bia, cíos nó morgáiste, leigheasra agus cóireáil liachta, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;

    (b)

    go bhfuil siad ceaptha chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc agus costais arna dtabhú a aisíoc a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;

    (c)

    go bhfuil siad ceaptha chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin;

    (d)

    gur den riachtanas iad i gcomhair speansas urghnách, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil do na húdaráis inniúla eile agus don Choimisiún, dhá sheachtain ar a laghad roimh an údarú, faoi na forais ar a measann sé gur cheart údarú sonrach a dheonú;

    (e)

    go bhfuil siad le híoc isteach i gcuntas misin taidhleoireachta nó i gcuntas postaithe consalaigh nó eagraíochta idirnáisiúnta ag a bhfuil díolúintí i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, nó le híoc amach as an gcuntas sin, a mhéid atá sé ceaptha na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla de chuid an mhisin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta;

    (f)

    go bhfuil siad beartaithe go heisiach chun muirear a íoc is gá chun:

    (i)

    eitiltí le haghaidh críoch daonnúil agus lena n-aghaidh sin amháin a oibriú, chun daoine a aslonnú nó a aisdúichiú, nó le haghaidh tionscadail lena dtugtar tacaíocht d'íospartaigh tubaistí nádúrtha, núicléacha nó ceimiceacha;

    (ii)

    eitiltí a oibriú faoi chuimsiú nósanna imeachta uchtála idirnáisiúnta;

    (iii)

    eitiltí a oibriú atá ag teastáil chun freastal ar chruinnithe arb é is cuspóir dóibh réiteach a fháil ar an ngéarchéim sa Bhealarúis nó cuspóirí beartais na mbeart sriantach a chur chun cinn; nó

    (iv)

    tuirlingt, éirí den talamh nó traseitilt éigeandála aeriompróra de chuid an Aontais Eorpaigh; nó

    (g)

    gur den riachtanas iad chun déileáil le hábhair aershábháilteachta, ar ábhair phráinneacha arna sainaithint go soiléir iad, agus tar éis dul i gcomhairle roimh ré le Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh.

    Cuirfidh an Ballstát na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mhír seo.’

    (2)

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, 21 Meitheamh 2021.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 285, 17.10.2012, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an duine dlítheanach a leanas leis an tábla “B. Daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)”:

     

    Ainmneacha

    Traslitriú an litrithe Bealarúisise

    Traslitriú an litrithe Rúisise

    Ainmneacha

    (Litriú Bealarúisise)

    (Litriú Rúisise)

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna lena liostú

    Dáta an liostaithe

    “15.

    Belaeronavigatsia

    Fiontar faoi úinéireacht stáit

    Bealarúiseach: Белаэронавiгация

    Дзяржаўнае прадпрыемства

    Rúiseach: Белаэронавигация

    Государственное предприятие

    Seoladh: 19 Korotkevich Str., Minsk, 220039, Republic of Belarus

    Teil. +375 (17) 2154051

    Facs: +375 (17) 2134163

    Suíomh gréasáin: http://www.ban.by/

    R-phost. office@ban.by

    Dáta clárúcháin: 1996

    Tá BELAERONAVIGATSIA, fiontar faoi úinéireacht stáit, freagrach as rialú aerthráchta na Bealarúise. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tuirlingt éigeantais a dhéanamh an 23 Bealtaine 2021 ar eitilt paisinéirí FR4978 go haerfort Mhionsc gan údar cuí a bheith leis. Ba é an aidhm a bhí leis an gcinneadh polaitiúil sin go ndéanfaí an t-iriseoir de chuid an fhreasúra Raman Pratasevich agus Sofia Sapega a ghabháil agus a choinneáil; is brú faoi chois an méid sin i gcoinne na sochaí sibhialta agus an fhreasúra dhaonlathaigh sa Bhealarúis.

    Tá BELAERONAVIGATSIA, fiontar faoi úinéireacht stáit, freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.”

    21.6.2021”


    Top