Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0645

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/645 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 605/2010 maidir leis an liosta tríú tíortha nó codanna díobh óna n-údaraítear coinsíneachtaí bainne amh, táirgí déiríochta, gruth buí agus táirgí grutha bhuí a thabhairt isteach san Aontas Eorpach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/2505

    IO L 133, 20.4.2021, p. 29–30 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 20/04/2021; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32020R0692

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/645/oj

    20.4.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 133/29


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/645 ÓN gCOIMISIÚN

    an 15 Aibreán 2021

    lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 605/2010 maidir leis an liosta tríú tíortha nó codanna díobh óna n-údaraítear coinsíneachtaí bainne amh, táirgí déiríochta, gruth buí agus táirgí grutha bhuí a thabhairt isteach san Aontas Eorpach

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir 2002/99/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 lena leagtar síos na rialacha sláinte ainmhithe lena rialaítear táirgeadh, próiseáil, dáileadh agus tabhairt isteach táirgí de bhunadh ainmhíoch lena gcaitheamh ag an duine (1), agus go háirithe Airteagal 8, abairt tosaigh, agus Airteagal 8(1) agus (4) agus Airteagal 9(4) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 605/2010 ón gCoimisiún (2), leagtar síos na coinníollacha maidir le sláinte phoiblí agus ainmhithe agus na ceanglais deimhniúcháin maidir le coinsíneachtaí bainne amh, táirgí déiríochta, gruth buí agus táirgí grutha bhuí a thabhairt isteach san Aontas agus liosta na dtríú tíortha óna n-údaraítear coinsíneachtaí den sórt sin a thabhairt isteach san Aontas.

    (2)

    Leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin liosta de thríú tíortha nó codanna díobh atá údaraithe chun coinsíneachtaí bainne amh, táirgí déiríochta, gruth buí agus táirgí grutha bhuí a thabhairt isteach san Aontas agus sonraítear ann an cineál cóireála is gá do thráchtearraí den sórt sin.

    (3)

    Tá an nós imeachta fós ar siúl chun údarú a thabhairt don Mholdóiv bainne agus táirgí déiríochta a onnmhairiú chuig an Aontas agus cuirfear bailchríoch air in am trátha. A fhad is atá an nós imeachta ar feitheamh, d’iarr an Mholdóiv údarú chun táirgí uachtair reoite a iompar ar idirthuras tríd an Aontas, táirgí nach meastar gur táirgí ilchodacha fadré iad a chuimsíonn táirgí déiríochta. Ionas go ndeonófaí an t-údarú sin di, chuir an Mholdóiv iarraidh isteach go gcuirfí í i gColún C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 605/2010, i gcáil tríú tír ar cuireadh a cuid bainne amh agus a cuid táirgí déiríochta faoi chóireáil a éilítear leis an Rialachán sin (cóireáil “C”) chun an riosca a bhaineann le leathadh an ghalair crúb is béil a mhaolú.

    (4)

    I bhfianaise na ráthaíochtaí a thug údaráis inniúla na Moldóive maidir le cur i bhfeidhm ceart chóireáil “C” ar na táirgí bainne atá sna táirgí ilchodacha, is iomchuí an Mholdóiv a chur i gcolún “C” d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 605/2010.

    (5)

    Ba cheart an bhreis sin ar cholún “C” d’Iarscríbhinn I a bheith gan dochar do na hoibleagáidí a eascraíonn as forálacha eile de chuid reachtaíocht an Aontais a bhaineann le táirgí de bhunadh ainmhíoch a allmhairiú isteach san Aontas agus a chur ar an margadh laistigh den Aontas, go háirithe iad sin a bhaineann le bunaíochtaí a liostú faoi Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún (3).

    (6)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 605/2010 a leasú dá réir.

    (7)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Sa tábla a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 605/2010, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh “MA-Morocco”:

    “MD

    Moldova

    0

    0

    +”

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Aibreán 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 18, 23.1.2003, lch. 11.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 605/2010 ón gCoimisiún an 2 Iúil 2010 lena leagtar síos coinníollacha maidir le deimhniúchán tréidliachta agus sláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe chun bainne amh, táirgí déiríochta, gruth buí agus táirgí grutha bhuí atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine a thabhairt isteach san Aontas Eorpach (IO L 175, 10.7.2010, lch. 1).

    (3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún an 4 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais i ndáil le coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe i gcomhair thomhaltas an duine a thabhairt isteach san Aontas (IO L 131, 17.5.2019, lch. 18).


    Top