Valitse kokeelliset ominaisuudet, joita haluat kokeilla

Tämä asiakirja on ote EUR-Lex-verkkosivustolta

Asiakirja 32021R0548

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/548 ón gCoimisiún an 29 Márta 2021 lena gcuirtear allmhairí cáblaí snáithíní optúla de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe

    C/2021/1984

    IO L 109, 30.3.2021, s. 71—76 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Asiakirjan oikeudellinen asema Voimassa

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/548/oj

    30.3.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 109/71


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/548 ÓN gCOIMISIÚN

    an 29 Márta 2021

    lena gcuirtear allmhairí cáblaí snáithíní optúla de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach (1) iad (“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

    Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 24 Meán Fómhair 2020, d’fhógair an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”), trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (“an Fógra Tionscnaimh”), go dtionscnófaí imeacht frithdhumpála maidir le hallmhairí de cháblaí snáithíní optúla de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (“an tSín”) tar éis do Europacable (“an gearánaí”) gearán a dhéanamh thar ceann táirgeoirí a bhfuil níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán an Aontais acu de cháblaí snáithíní optúla.

    1.   TÁIRGE ATÁ FAOI RÉIR A gCLÁRAITHE

    (2)

    Is é atá sa táirge atá faoi réir clárúcháin cáblaí snáithíní optúla aonmhóid, é comhdhéanta de shnáithín amháin nó níos mó a bhfuil gach ceann faoi seach ina thruaille féin, faoi chásáil chosanta, bíodh seoltóirí leictreacha (“OFC”) iontu nó ná bíodh, de thionscnamh na Síne (“an táirge lena mbaineann”). Cuirtear na táirgí seo a leanas as an áireamh: (i) cáblaí ina bhfuil na snáithíní optúla go léir feistithe ceann ar cheann le nascóirí oibríochta ag ceann amháin nó ag dhá cheann an chábla; agus (ii) cáblaí le haghaidh úsáid fhomhuirí. Is éard atá sna cáblaí le haghaidh úsáid fhomhuirí cáblaí plaisteacha inslithe de shnáithíní optúla a bhfuil seoltóir copair nó alúmanaim iontu agus snáithíní i modúl nó i modúil mhiotail.

    (3)

    An táirge lena mbaineann, is faoi chód AC ex 8544 70 00 (cód TARIC 8544700010) atá sé aicmithe faoi láthair. Is chun críche faisnéise amháin a thugtar cód AC agus TARIC.

    2.   IARRAIDH

    (4)

    An 17 Nollaig 2020, thíolaic an gearánach iarraidh ar chlárúchán de bhun Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán. D’iarr an gearánach go gcuirfí allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir clárúcháin ionas gur féidir bearta a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin ón dáta clárúcháin, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach sa bhun-Rialachán.

    3.   NA FORAIS LE CLÁRÚCHÁN A DHÉANAMH

    (5)

    De réir an ghearánaigh, bhí údar maith leis an gclárúchán mar bhí coinníollacha Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán comhlíonta ag an táirge. Go háirithe, d’áitigh an gearánach go raibh an táirge lena mbaineann á dhumpáil isteach san Aontas, ar mhéideanna a bhí ag méadú i rith an ama, tar éis an t-imeacht a thionscnamh, rud a rinne díobháil shuntasach do thionscal an Aontais agus a bhain an bonn d’éifeacht cheartaitheach na ndleachtanna cinntitheacha poitéinsiúla.

    (6)

    Rinne an Coimisiún scrúdú ar an iarraidh i bhfianaise Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán. D'fhíoraigh an Coimisiún go raibh na hallmhaireoirí ar an eolas faoin dumpáil maidir le méid na dumpála agus na díobhála a bhfuil sé líomhainte go ndearnadh iad nó faoina bhfuarthas amach, nó ar cheart iad a bheith ar an eolas fúthu. Rinne sé anailís freisin féachaint an raibh ardú suntasach breise ar allmhairí, i bhfianaise a uainithe agus a mhéid agus cúinsí eile, ardú ar dócha go mbainfidh sé an bonn go mór d'éifeacht cheartaitheach na dleachta frithdhumpála cinntithí atá le cur i bhfeidhm.

    3.1.   Feasacht na n-allmhaireoirí faoin dumpáil, faoi mhéid na dumpála agus an díobháil a rinne siad de réir na líomhaintí

    (7)

    Tá go leor fianaise ag an gCoimisiún go bhfuil allmhairí an táirge lena mbaineann ón tSín á ndumpáil. Go háirithe, chuir an gearánach fianaise ar fáil faoi dhumpáil bunaithe ar chomparáid a dhéanamh idir gnáthluach comhdhéanta ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna gan saobhadh, a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, agus praghas onnmhairiúcháin (ar an leibhéal díreach ón monarcha) an táirge lena mbaineann nuair a dhíoltar é lena onnmhairiú chuig an Aontas. Ar an mbonn sin, an corrlach 123 % a ríomhtar sa ghearán, is suntasach an corrlach atá ann.

    (8)

    Bhí an fhaisnéis sin san fhógra tionscnaimh, agus dá bhrí sin measann an Coimisiún go raibh na hallmhaireoirí ar an eolas faoin dumpáil nó gur cheart go mbeidís ar an eolas fúithi.

    (9)

    Mar fhreagra ar an iarraidh ar chlárúchán a bhí curtha isteach ag Europacable, is é a mhaígh Comhlachas Tráchtála na Síne um Allmhairiú agus Onnmhairiú Innealra agus Táirgí Leictreonacha (CCCME) nár comhlíonadh na ceanglais dlí maidir le clárúchán, toisc nár cuireadh san áireamh san iarraidh ar chlárúchán feasacht an allmhaireora ar dhumpáil mar aon leis an gceanglas maidir le hardú suntasach breise ar na hallmhairí. Go háirithe, de réir an pháirtí, aon mhéadú ar allmhairí nach dtarlódh de thoradh feasacht faoi bhearta ionchasacha, níor cheart go gcomhlíonfadh sé sin ceanglais dlí.

    (10)

    Maidir leis an maíomh sin, measann an Coimisiún go bhfuil an dá cheanglas sin le breithniú gach ceann faoi seach. Go deimhin, tacaíonn CCCME lena mhaíomh trí thagairt a dhéanamh do chinneadh ón gCúirt (3) a rinneadh le linn 10(4)(d) a léirmhíniú, seachas 10(4)(c), ar ceanglas ar leith é (agus é carnach) (4). Chuir CCCME cuid de na torthaí ar fáil agus ghlac sé as comhthéacs iad. Is léir ach an mhír a léamh ina hiomláine nach bhfuil baint ag an gcinneadh le léirmhíniú “feasachta”. Go deimhin, tacaíonn na torthaí sa chás sin le seasamh an Choimisiúin nuair a shonraíonn sé gur ón uair a foilsíodh an fógra maidir le himscrúdú a thionscnamh a bhí allmhaireoirí ar an eolas go bhféadfaí dleachtanna a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach ina dhiaidh sin. Tugann sé sin le fios go raibh allmhaireoirí ar an eolas faoi dhumpáil (nó gur cheart go mbeadh) ar an eolas faoi dhumpáil.

    (11)

    Maidir le feasacht na n-allmhaireoirí faoin dumpáil, measann an Coimisiún gur cheart do na hallmhaireoirí a bheith ar an eolas faoin dumpáil tríd an imscrúdú a thionscnamh agus an fhaisnéis uile is gá a chur ar fáil do na páirtithe leasmhara. Foilsítear an fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tá rochtain ag gach páirtí leasmhar uirthi agus ag na hallmhaireoirí chomh maith. Thairis sin, mar pháirtithe leasmhara san imscrúdú, tá rochtain ag na hallmhaireoirí ar an leagan neamhrúnda den ghearán. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh na hallmhaireoirí ar an eolas faoi na cleachtais dumpála líomhainte, faoi mhéid na dumpála agus faoin díobháil líomhainte go ndearnadh í ag an am sin, nó gur cheart dóibh a bheith ar an eolas faoi na cleachtais sin.

    (12)

    Maidir leis an méadú ar allmhairí, léirítear san anailís in aithrisí (19) agus (20) gur tháinig méadú suntasach ar na hallmhairí tar éis an t-imscrúdú a thionscnamh, agus gur léir, mar gheall ar an méid ama a bhí ag teastáil idir an t-ordú agus an seachadadh, nach raibh an treocht sin le feiceáil láithreach bonn, ach níos mó ná 1 mhí amháin tar éis thionscnamh an imscrúdaithe. Léiríonn sé sin gur cinntí comhfhiosacha de chuid allmhaireoirí is cúis leis an méadú breise a thuairiscítear thíos i bhfianaise an imscrúdaithe agus go bhféadfadh sé go bhforchuirfí dleachtanna ar an táirge lena mbaineann.

    (13)

    Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ar an gcaoi sin gur comhlíonadh an chéad chritéar maidir le clárúchán.

    3.2.   Méadú breise suntasach ar allmhairí

    (14)

    Ina iarraidh ar chlárú na n-allmhairí, mhaígh an gearánach go raibh ardú suntasach breise ar allmhairí. Chun na críche sin, d’úsáid an gearánach na Staitisticí Custaim Síneacha a léirigh go ndearna táirgeoirí Síneacha cáblaí snáithíní optúla + 9,5 % méideanna níos airde de chód táirge Síneach 8544.70.00 go dtí an tAontas (5) sa tréimhse ó mhí Eanáir go mí Dheireadh Fómhair 2020, i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2019.

    (15)

    Chuir CCCME in aghaidh na bhfigiúirí a sholáthair an gearánach, ag maíomh nach raibh na staitisticí onnmhairiúcháin Síneacha iontaofa agus nár léirigh figiúirí Eurostat méadú ar allmhairí.

    (16)

    Rinne an Coimisiún measúnú dá cuid féin ar bhonn sonraí iomlána agus nuashonraithe atá ar fáil sa bhunachar sonraí faireachais, gan staitisticí onnmhairiúcháin na Síne a chur san áireamh.

    (17)

    Rinne an Coimisiún comparáid idir leibhéal na n-allmhairí ón gcéad mhí iomlán tar éis an t-imscrúdú a thionscnamh (Deireadh Fómhair 2020) go dtí an mhí iomlán is déanaí a bhí ar fáil (Eanáir 2021) leis na méideanna comhfhreagracha allmhairí sa tréimhse chéanna den bhliain roimhe sin (Deireadh Fómhair 2019 – Eanáir 2020).

    (18)

    Sular tionscnaíodh an t-imscrúdú sin, ní raibh aon chód TARIC sonrach ann don táirge lena mbaineann. Rinne an Coimisiún an cion d’allmhairí an táirge lena mbaineann a ríomh (a dhearbhaítear faoi chód TARIC 8544700010) sa tréimhse Deireadh Fómhair 2020 – Eanáir 2021 (32,85 %). Bhí an cion sin i gcomhréir leis an gceann a soláthraíodh sa ghearán freisin, agus measadh gur leor é le haghaidh na tréimhse ó Dheireadh Fómhair 2019 go dtí Eanáir 2020. Measadh gur cur chuige coimeádach é sin ós rud é nach bhfuil imscrúdú á dhéanamh ar an gcuid eile de na táirgí a áirítear faoi chód AC 8544 70 00, agus níor shainaithin an Coimisiún aon chúis a thabharfadh le fios go mbeadh méadú ar na hallmhairí sin. Is mar a leanas a tháinig forbairt ar allmhairí ón tSín:

    An tréimhse tar éis an tionscnaimh

    Allmhairí chuig EU27 (kg – cód iomlán AC)

    Allmhairí chuig EU27 (kg – an táirge lena mbaineann)

    An tréimhse roimh an tionscnamh

    Allmhairí chuig EU27 (kg – cód iomlán AC)

    Allmhairí chuig EU27 (kg – meastachán ar an táirge lena mbaineann)

    Méadú % (tar éis an tionscnaimh vs roimh an tionscnamh)

    Deireadh Fómhair 2020

    2 302 136

    744 914

    Deireadh Fómhair 2019

    2 482 783

    815 622

    -8,7

    Samhain 2020

    2 035 304

    527 452

    Samhain 2019

    1 871 467

    614 798

    -14,2

    Nollaig 2020

    2 519 501

    745 918

    Nollaig 2019

    1 421 222

    466 888

    59,8

    Eanáir 2021

    3 615 579

    1 422 058

    Eanáir 2020

    2 439 294

    801 336

    77,5

    Iomlán

    10 472 519

    3 440 342

     

    8 214 766

    2 698 645

    27,5

    Foinse: Sonraí faireachais ó Chustam an Aontais

    (19)

    Rinne an Coimisiún comparáid freisin idir na meán-allmhairí míosúla le linn na tréimhse imscrúdaithe (Iúil 2019 go Meitheamh 2020) agus na meán-allmhairí míosúla sna 4 mhí tar éis thionscnamh an imscrúdaithe (Deireadh Fómhair 2020 go hEanáir 2021). Léirigh an chomparáid, faoi mar a shonraítear sa tábla thíos, go raibh méadú 15,05 % ann.

    Cód AC iomlán

    An táirge lena mbaineann

    Méadú % tar éis an t-imscrúdú a thionscnamh

    An meán míosúil tar éis an t-imscrúdú a thionscnamh

    An meán míosúil (Iúil 2019 – Meitheamh 2020)

    An meán míosúil tar éis an t-imscrúdú a thionscnamh

    An meán míosúil (Iúil 2019 – Meitheamh 2020)

    2 618 130

    2 275 551

    860 086

    747 544

    15,05

    Foinse: Sonraí faireachais ó Chustam an Aontas

    (20)

    Rinne an Coimisiún cros-seiceáil ar an bhfaisnéis thuas le foinsí eile faisnéise a bhí ar fáil, lena n-áirítear foirmeacha samplála agus freagraí ar cheistneoirí ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin chomh maith le Eurostat, freagraí a thug le fios go bhféadfadh sé go ndearnadh gannmheastachán ar na méideanna allmhairí thuas arna bhfoinsiú ó bhunachar sonraí faireachais ó Chustam an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar an gcúis atá leis na neamhréireachtaí sin, lena n-áirítear an ráta comhshó idir na haonaid tomhais éagsúla. Mheas an Coimisiún nach ábhar amhrais é mar gheall ar an bpointe sin agus gur cheart go measfaí na méideanna allmhairí a tuairiscíodh thuas a bheith iontaofa i gcás na hanailíse seo. Ina theannta sin, dá ndéanfaí gannmheastachán ar mhéideanna allmhairí a choigeartú, tharlódh nach mbeadh de thoradh air sin ach na conclúidí ar thángthas orthu sa Rialachán seo a neartú.

    (21)

    Dá bhrí sin, ba dhóigh leis an gCoimisiún gurbh é a bhí sa meánmhéadú 27,5 % sna míonna tar éis an t-imscrúdú a thionscnamh ná ardú suntasach ar allmhairí de réir bhrí Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán. Ar an gcaoi chéanna, is suntasach an méadú 15,05 % ar bhonn mheán míosúil na 4 mhí tar éis an t-imscrúdú a thionscnamh leis na meán-allmhairí míosúla le linn IP.

    (22)

    Dá bharr sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur comhlíonadh an dara critéar maidir le clárúchán freisin.

    3.3.   An bonn a bhaint d'éifeacht cheartaitheach na dleachta

    (23)

    Tá go leor fianaise ag an gCoimisiún go mbeadh díobháil bhreise ann mar thoradh ar mhéadú leanúnach ar allmhairí ón tSín, rud a laghdódh praghsanna a thuilleadh.

    (24)

    Mar a shuítear in aithrisí (13) go (18), tá go leor fianaise ann go bhfuil ardú substaintiúil tagtha ar allmhairí an táirge lena mbaineann. Is dócha go mbainfidh sé sin an bonn go mór ó éifeacht cheartaitheach na ndleachtanna atá le cur i bhfeidhm. Go deimhin, tá sé réasúnach glacadh leis go bhféadfaidh allmhairí an táirge i dtrácht an sciar den mhargadh a mhéadú a thuilleadh sula nglacfar bearta sealadacha, más ann dóibh, ós rud é go gcuirfí na bearta sin i bhfeidhm thart ar an dara leath de Bhealtaine 2021 ar a dhéanaí.

    (25)

    Go deimhin, tá margadh an Aontais tarraingteach do tháirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha agus é ina mhargadh mór OFC nach bhfuil aon bhearta cosanta trádála i bhfeidhm ann, rud atá contrártha le margaí eile, cuir i gcás na Stáit Aontaithe (ina bhfuil dleachtanna 25 % i bhfeidhm (6)). Is amhlaidh is tarraingtí an margadh i ngeall ar chumas suntasach barrachais na Síne i gcás an táirge sin a mheastar gur mó é ná dhá oiread mhargadh an Aontais ina iomláine ar bhonn na faisnéise speisialaithe margaidh a chuir na gearánaigh ar fáil. Chomh maith leis sin, tá an t-uainiú ríthábhachtach mar cuireadh tús le tairiscint mhór an táirge lena mbaineann in Eanáir 2021 le haghaidh conradh soláthair ilbhliantúil do chion suntasach tomhaltais sa Fhrainc.

    (26)

    Ina theannta sin, agus aird á tabhairt air go bhfuil costais sheasta arda ag tionscal an Aontais, is léir go dtitfidh an sciar den mhargadh agus go dtitfidh brabúsacht an táirgthe sa tréimhse idir tionscnamh na mbeart agus a bhforchur ar deireadh.

    (27)

    Lena chois sin, tá praghsanna allmhairiúcháin an táirge lena mbaineann sa tréimhse Deireadh Fómhair 2020-Eanáir 2021 íseal. Léirítear i mbunachar sonraí Fhaireachas 2 go raibh an meánluach in aghaidh an kg d’allmhairí Síneacha faoi chód AC 8544 70 00 thart ar 24 % níos ísle i nDeireadh Fómhair 2020-Eanáir 2021 ná mar a bhí i nDeireadh Fómhair 2019-Eanáir 2020. Is léiriú é sin ar mheánphraghsanna an táirge lena mbaineann, ós rud é go bhfuil cion na n-allmhairí den táirge lena mbaineann sa dá thréimhse lé chéile (léiríonn sonraí faireachais ó Chustam an Aontais don tréimhse Deireadh Fómhair 2020-Eanáir 2021 gurb é atá sa táirge lena mbaineann thart ar 33 % de na hallmhairí iomlána faoi chód AC 8544 70 00, an chomhréir atá líomhnaithe sa ghearán). Dearbhaítear leis an méid sin roimhe iompar praghsála na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha a thuairiscítear sa ghearán.

    (28)

    Maidir leis an méadú suntasach breise ar allmhairí a breathnaíodh tar éis an t-imscrúdú a thionscnamh (Nollaig agus Eanáir go háirithe), arna éascú leis an ró-acmhainn atá ann cheana sa tSín agus arna spreagadh le tarraingteacht mhargadh an Aontais, is dócha go bhfuil an méadú sin ag baint an bhoinn go mór ó éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart, go háirithe i bhfianaise an tionchair chomhchruinnithe a bheidh acu i rith tréimhse ghearr, an uainithe chriticiúil a bhaineann le tairiscintí áirithe, agus na bpraghsanna ísle atá i gceist. Níl aon fhaisnéis ar comhad maidir le cúinsí eile a dhéanfadh an measúnú sin a dhíchruthú.

    (29)

    Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur comhlíonadh an tríú critéar maidir le clárúchán allmhairí freisin.

    3.4.   Conclúid

    (30)

    Ar bhonn an mhéid sin thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh go leor fianaise ann chun údar a thabhairt le hallmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 14(5) den bhun-Rialachán.

    4.   NÓS IMEACHTA

    (31)

    Iarrtar ar na páirtithe leasmhara uile a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil. Thairis sin, féadfaidh an Coimisiún éisteacht le páirtithe leasmhara, ar choinníoll go ndéanfaidh siad iarraidh i scríbhinn agus go gcuirfidh siad in iúl go bhfuil cúiseanna ar leith ann le héisteacht a thabhairt dóibh.

    5.   CLÁRÚCHÁN

    (32)

    De bhun Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, ba cheart allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir clárúcháin chun a áirithiú, dá mba rud é go bhforchuirfí dleachtanna frithdhumpála mar thoradh ar thorthaí an imscrúdaithe, go bhféadfar na dleachtanna sin, más rud é go gcomhlíontar na coinníollacha is gá, a thobhach go cúlghabhálach i leith na n-allmhairí cláraithe i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla is infheidhme.

    (33)

    Aon dliteanas a bheadh ann amach anseo, is as torthaí an imscrúdaithe frithdhumpála a thiocfadh sé.

    (34)

    Maidir leis na líomhaintí sa ghearán inar iarradh imscrúdú frithdhumpála a thionscnamh, meastar meánchorrlach dumpála 123 % a bheith ann agus meánleibhéal maidir le díothú díobhála 43 % le haghaidh an táirge lena mbaineann. Ar an mbonn sin, is féidir méid an dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a mheas ag an leibhéal maidir le díothú na díobhála a líomhnaítear sa ghearán, eadhon suas le 43 % ad valorem ar luach allmhairiúcháin CAL an táirge lena mbaineann.

    (35)

    Má chuirtear san áireamh na deacrachtaí a bhaineann le méideanna in aonaid tomhais éagsúla a chur i gcomparáid le chéile, mar a thuairiscítear thuas in aithris (20), measann an Coimisiún gurb iomchuí ciliméadair a úsáid chun críche monatóireachta sna sonraí allmhairí, lena n-áirítear faisnéis faoi fhad na gcáblaí. Dá bhrí sin, iarrtar ar na húdaráis chustaim na sonraí a bhailiú.

    6.   PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA

    (36)

    Is i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a dhéileálfar le haon sonraí pearsanta a bailíodh san imscrúdú seo .

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   Dírítear leis seo ar na húdaráis chustaim, de bhun Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, na bearta iomchuí a ghlacadh chun allmhairí cáblaí snáithíní optúla aonmhóid a chlárú, cáblaí atá comhdhéanta de shnáithín amháin nó níos mó atá i dtruaillí ceann ar cheann, ar a bhfuil cásáil chosanta, bíodh seoltóirí leictreacha iontu nó ná bíodh, a thagann faoi chód AC ex 8544 70 00 (cód TARIC 8544700010) atá ann faoi láthair agus atá de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne. Cuirtear na táirgí seo a leanas as an áireamh:

    (i)

    cáblaí ina bhfuil na snáithíní optúla go léir feistithe ceann ar cheann le nascóirí oibríochta ag ceann amháin nó ag dhá cheann an chábla; agus

    (ii)

    cáblaí le haghaidh úsáid fhomhuirí. Is éard atá sna cáblaí le haghaidh úsáid fhomhuirí cáblaí plaisteacha inslithe de shnáithíní optúla inslithe, a bhfuil seoltóir copair nó alúmanaim iontu agus snáithíní i modúl nó i modúil mhiotail.

    2.   Rachaidh an clárúchán in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    3.   Iarrtar ar na páirtithe leasmhara uile a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn, fianaise thacaíochta a chur ar fáil nó éisteacht a iarraidh laistigh de 21 lá ó dháta foilsithe an Rialacháin seo.

    Airteagal 2

    Léireoidh an dearbhú custaim fad an táirge ina chiliméadair a thuairiscítear in Airteagal 1(1), ar choinníoll go bhfuil an tásc sin comhoiriúnach le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (8).

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Márta 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

    (2)  IO C 316, 24.9.2020, lch. 10.

    (3)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta (an Dara Dlísheomra) an 8 Bealtaine 2019, Stemcor London Ltd agus Samac Steel Supply Ltd v an Coimisiún Eorpach, Cás T-749/16, mír 74

    (4)  Id. mír 46.

    (5)  Is é atá sna sonraí sin sonraí faoi allmhairí chuig EU27.

    (6)  Déan tagairt do: https://hts.usitc.gov/view/China%20Tariffs?release=2020HTSARev16

    (7)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

    (8)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1), Iarscríbhinn I “Ainmníocht Chomhcheangailte”.


    Alkuun