Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D0898

    Cinneadh (CBES) 2020/898 ón gComhairle an 29 Meitheamh 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/2074 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise a bhfuil ag tarlú i Veiniséala

    ST/8671/2020/INIT

    IO L 205I, 29.6.2020, p. 6–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/898/oj

    29.6.2020   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 205/6


    CINNEADH (CBES) 2020/898 ÓN gCOMHAIRLE

    an 29 Meitheamh 2020

    lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/2074 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise a bhfuil ag tarlú i Veiniséala

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 13 Samhain 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/2074 (1) maidir le bearta sriantacha i bhfianaise a bhfuil ag tarlú i Veiniséala.

    (2)

    An 11 Samhain 2019, i bhfianaise na géarchéime leanúnaí polaitiúla, eacnamaíche, sóisialta agus daonnúla i Veiniséala agus na ngníomhaíochtaí leanúnacha a bhaineann an bonn den daonlathas, den smacht reachta agus den urraim do chearta an duine, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/1893 (2), a rinne na bearta sriantacha atá i bhfeidhm a athnuachan, lena n-áirítear gach uile ainmniúchán.

    (3)

    An 21 Nollaig 2019, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) dearbhú thar ceann an Aontais ina luaitear gur sárú tromchúiseach ar na forálacha bunreachtúla, ar an smacht reachta agus ar phrionsabal daonlathach dheighilt na gcumhachtaí é an cinneadh ó Chúirt Uachtarach Veiniséala agus ón gComhthionól Bunreachta neamh-aitheanta an díolúine pharlaiminteach a cheadaítear faoin mbunreacht a bhaint de cheathrar comhaltaí den Tionól Náisiúnta. Cuireadh in iúl go soiléir sa dearbhú go leanfadh an tAontas d’fhaireachán a dhéanamh ar an gcás agus léiríodh ann go bhfuil an tAontas faoi réir le leas a bhaint as na hionstraimí atá ar fáil dó chun an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine a chur chun cinn, lena n‐áirítear bearta spriocdhírithe nach dochar iad do mhuintir Veiniséala.

    (4)

    An 9 Eanáir 2020, d’eisigh an tArdionadaí dearbhú thar ceann an Aontais ina luaitear gur ghéaraigh na bearta a rinneadh le déanaí in aghaidh an Tionóil Náisiúnta, an t-aon chomhlacht a thoghtar go daonlathach i Veiniséala, agus in aghaidh go leor Comhaltaí dá chuid, lena n-áirítear Uachtarán an Tionóil Náisiúnta, gur ghéaraigh siad ar an ngéarchéim i Veiniséala agus nach raibh aon ghlacadh ar chor ar bith leis na hiarrachtaí a rinneadh bac a chur, le forneart, ar phróiseas dlisteanach toghcháin Bhord Stiúrthóirí an Tionóil Náisiúnta an 5 Eanáir 2020 ná le húsáid an fhornirt i gcoinne Uachtarán an bhoird agus reachtóirí éagsúla le nach bhféadfaidís freastal ar an Tionól Náisiúnta. Cuireadh in iúl ann freisin nach raibh an seisiún vótála ba chúis le “toghadh” Luis Parra dlisteanach toisc nár urramaíodh na nósanna imeachta dlíthiúla ná na prionsabail bhunreachtúla dhaonlathacha lena linn agus nach mór do Chomhaltaí an Tionóil Náisiúnta a bheith in ann an sainordú parlaiminteach a fuair siad ó mhuintir Veiniséala a fheidhmiú gan imeaglú agus gan baol beart díoltais. Ina theannta sin, i bhfianaise na ngníomhartha agus na gcinntí tromchúiseacha sin lena mbaintear an bonn den daonlathas, den smacht reachta agus de chearta an duine, leagadh béim sa dearbhú ar a thiomanta atá an tAontas luí isteach ar bhearta spriocdhírithe a chur i bhfeidhm i gcoinne daoine aonair a bhíonn bainteach le sárú na bprionsabal agus na gceart sin.

    (5)

    An 4 Meitheamh 2020, d’eisigh an tArdionadaí dearbhú thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcor is déanaí a tharla i Veiniséala, lena n-áirítear an cinneadh ó Chúirt Uachtarach Veiniséala an 26 Bealtaine 2020 lena ndaingnítear Luis Parra ina Uachtarán ar an Tionól Náisiúnta. Cuireadh i dtreis sa dearbhú go measann an tAontas nár dhlisteanach an seisiún vótála as ar eascair toghadh, mar a thugtar air, Luis Parra, toisc nár urramaíodh leis an nós imeachta dlíthiúil ná prionsabail bhunreachtúla dhaonlathacha. Cuireadh in iúl ann freisin gur doimhne fós atá an ghéarchéim fhadtéarmach institiúideach agus pholaitiúil i Veiniséala agus gur lú an spás daonlathach agus bunreachtúil sa tír mar thoradh ar an méid is déanaí a tharla. Athdhearbhaíodh seasamh an Aontais sa dearbhú, is é sin nach féidir teacht as an ngéarchéim i Veiniséala ar bhealach inbhuanaithe ach amháin trí fhíorphróiseas polaitiúil cuimsitheach, agus ag an am céanna ag diúltú do gach cineál foréigin, lena n-áirítear aon ionradh míleata nó foréigneach sa tír. Sa chomhthéacs sin, thug an tAontas dá aire gur céim dhearfach é an comhaontú ar tháinig gníomhaithe náisiúnta air le déanaí maidir le cabhair dhaonnúil agus chuir sé i bhfios go láidir go gcaithfidh gach taobh oibriú le chéile ar bhealach cuiditheach chun fulaingt uafásach mhuintir Veiniséala a mhaolú, fulaingt is measa fós mar thoradh ar phaindéim COVID-19.

    (6)

    Ós amhlaidh atá, agus i bhfianaise na staide tromchúisí leanúnaí i Veiniséala, ba cheart aon duine dhéag a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n‐eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CBES) 2017/2074.

    (7)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/2074 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/2074 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Meitheamh 2020.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. METELKO-ZGOMBIĆ


    (1)  Cinneadh (CBES) 2017/2074 ón gComhairle an 13 Samhain 2017 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise a bhfuil ag tarlú i Veiniséala (IO L 295, 14.11.2017, lch. 60).

    (2)  Cinneadh (CBES) 2019/1893 an 11 Samhain 2019 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/2074 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise a bhfuil ag tarlú i Veiniséala (IO L 291, 12.11.2019, lch. 42).


    IARSCRÍBHINN

    In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/2074, cuirtear na hiontrálacha a leanas leis an liosta de dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, d’eintitis agus de chomhlachtaí:

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    “26.

    José Adelino Ornelas Ferreira

    Ailias: Ornella Ferreira/Ornellas Ferreira

    Dáta breithe: 14 Nollaig 1964

    Áit bhreithe: Caracas, Distrito Capital, Veiniséala

    Uimhir Aitheantais: V-7087964

    Inscne: fireann

    Ard-Rúnaí na Comhairle Náisiúnta Cosanta ón 26 Iúil 2019 i leith agus iarcheannasaí ar Réigiún Straitéiseach Bunchosanta na Príomhchathrach Náisiúnta (REDI Capital), iar-Cheann Foirne agus iar-Leas-Cheannaire ar Cheannas Oibríochtúil agus Straitéiseach ar Fhórsaí Armtha Náisiúnta Bholavarach Veiniséala (CEOFANB). Sna róil sin, thacaigh sé le gníomhaíochtaí agus beartais de chuid Rialtas Veiniséala a bhain an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala agus d’éascaigh sé na gníomhaíochtaí agus na beartais sin. Bhí sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach i Veiniséala a chur faoi chois, lena n-áirítear trí bhac a chur ar sholáthar cabhrach daonnúla agus trí úsáid iomarcach an fhornirt ag oifigigh Fhórsaí Armtha Bolavaracha (FANB), agus ag fo-fhórsaí faoina cheannas, lena n-áirítear an Réigiún Straitéiseach Bunchosanta (REDI), Crios na Oibríochtaí Bunchosanta (ZODI) agus an Garda Náisiúnta Bolavarach, a bhí faoina cheannas.

    29.6.2020

    27.

    Gladys del Valle Requena

    Dáta breithe: 9 Samhain 1952

    Áit bhreithe: Puerto Santo, Sucre, Veiniséala

    Uimhir Aitheantais: V-4114842

    Inscne: baineann

    Comhalta den Tionól Bunreachta Náisiúnta (ANC), nach n‐aithnítear, agus an Dara Leas-Uachtarán ar an Tionól ón 26 Deireadh Fómhair 2018 i leith. Sa ról ceannasach a bhí aici sa ANC, nach n‐aithnítear, bhain sí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n-áirítear tríd an bhforaithne a shíniú lenar baineadh an díolúine pharlaiminteach a bhí ag uachtarán Thionól Náisiúnta Veiniséala, Juan Guaidó.

    29.6.2020

    28.

    Tania Valentina Diaz González

    Dáta breithe: 18 Meitheamh 1963

    Áit bhreithe: Caracas, Distrito Capital, Veiniséala

    Uimhir Aitheantais: V-6432672

    Inscne: baineann

    Comhalta den Tionól Bunreachta Náisiúnta (ANC), nach n‐aithnítear, agus an Chéad Leas-Uachtarán ar an Tionól ón 4 Eanáir 2018 i leith. Sa ról ceannasach a bhí aici sa ANC, nach n‐aithnítear, bhain sí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n-áirítear tríd an bhforaithne a shíniú lenar baineadh an díolúine pharlaiminteach a bhí ag uachtarán Thionól Náisiúnta Veiniséala, Juan Guaidó.

    29.6.2020

    29.

    Elvis Eduardo Hidrobo Amoroso

    Dáta breithe: 4 Lúnasa 1963

    Áit bhreithe: Caracas, Distrito Capital, Veiniséala

    Uimhir Aitheantais: V-7659695

    Inscne: fireann

    Ard-Reachtaire ar an Tionól Bunreachta Náisiúnta (ANC), nach n‐aithnítear, ón 23 Deireadh Fómhair 2018 i leith agus iar-chéad agus iar-dara Leas-Uachtarán ar an Tionól. Bhain a chuid gníomhaíochtaí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n-áirítear, trína bheith i gceannas ar an ANC, nach n‐aithnítear, an dlí i gcoinne an fhuatha a shíniú, údar a thabhairt le gobharnóir freasúra a toghadh go dlíthiúil a chur as oifig agus toirmeasc a chur ar Juan Guaidó seasamh d’aon oifig phoiblí.

    29.6.2020

    30.

    Juan Jose Mendoza Jover

    Dáta breithe: 11 Márta 1969

    Áit bhreithe: Trujillo, Veiniséala

    Seoladh: Arnoldo Gabaldon, Candelaria, Edo. Trujillo

    Uimhir Aitheantais: V- 9499372

    Inscne: fireann

    Dara Leas-Uachtarán na Cúirte Breithiúnais Uachtaraí i Veiniséala (Tribunal Supremo de Justicia (TSJ) agus Uachtarán Dlísheomra Bunreachtúil an TSJ ón 24 Feabhra 2017 i leith. Bhain a chuid gníomhaíochtaí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n-áirítear trí roinnt rialuithe breithiúnacha a ritheadh le dhá bhliain anuas agus a chuir srian le cumhachtaí bunreachtúla chomhlacht reachtach Veiniséala, an Tionól Náisiúnta, arna thoghadh go daonlathach, nó a bhain an bonn den Tionól.

    29.6.2020

    31.

    Jorge Elieser Marquez Monsalve

    Dáta breithe: 20 Feabhra 1971

    Áit bhreithe: Caracas, Veiniséala

    Uimhir Aitheantais: V- 8714253

    Inscne: fireann

    Ard-Stiúrthóir an Choimisiúin Náisiúnta Teileachumarsáide (CONATEL) ón 7 Lúnasa 2017 i leith. Bhain a chuid gníomhaíochtaí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n-áirítear trí shrian ollmhór a chur le cearta mhuintir Veiniseála maidir le saoirse an phreasa, saoirse cainte agus faisnéis. Bhain sé úsáid as cumhachtaí speisialta CONATEL chun lucht cáinte agus daoine nár aontaigh leis an réimeas a chur ina dtost trína suíomhanna gréasáin a bhlocáil, scagadh a dhéanamh orthu agus bac a chur orthu agus trí cheadúnais atá ann cheana do stáisiúin raidió agus teilifíse a chúlghairm agus trí dhiúltú ceadúnais nua den chineál sin a dheonú.

    29.6.2020

    32.

    Farik Karin Mora Salcedo

    Uimhir Aitheantais: V-8608523

    Inscne: fireann

    Ionchúisitheoir atá ag fónamh ag an gCéad Chúirt Speisialta Chéadchéime i Veiniséala ag a bhfuil oifig in Ard-Stiúrthóireacht na Frithaisnéise Míleata (Dirección General de Contrainteligencia Militar (DGCIM)). Bhain a chuid gníomhaíochtaí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n‐áirítear trí ionchúisimh a raibh cúiseanna polaitiúla leo a thionscnamh agus ar coinníodh go treallach comhaltaí den Tionól Náisiúnta agus oifigigh eile atá i gcoinne réimeas Maduro dá bharr.

    29.6.2020

    33.

    Dinorah Yoselin Bustamante Puerta

    Dáta breithe: 14 Eanáir 1975

    Uimhir Aitheantais: V-10002096

    Inscne: baineann

    Ionchúisitheoir atá ag fónamh ag an gCéad Chúirt Speisialta Chéadchéime i Veiniseála, ag a bhfuil oifig in Ard-Stiúrthóireacht na Frithaisnéise Míleata (Dirección General de Contrainteligencia Militar (DGCIM)). Bhain a cuid gníomhaíochtaí an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala, lena n‐áirítear trí ionchúisimh a raibh cúiseanna polaitiúla leo a thionscnamh agus ar coinníodh go treallach comhaltaí den Tionól Náisiúnta agus oifigigh eile atá i gcoinne réimeas Maduro dá bharr.

    29.6.2020

    34.

    Luis Eduardo Parra Rivero

    Dáta breithe: 7 Iúil 1978

    Uimhir Aitheantais: V-14211633

    Inscne: fireann

    Comhalta den Tionól Náisiúnta agus uachtarán ar an Tionól, arna thoghadh go neamhdhlisteanach. Mar chomhalta den Tionól Náisiúnta, reáchtáil sé toghchán bréige mar Uachtarán ar an Tionól Náisiúnta an 5 Eanáir 2020, agus leis sin, bhain sé an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala. Reáchtáladh an toghchán gan chóram tráth ar chuir na póilíní (míleata) bac ar roinnt parlaiminteoirí a mbealach a dhéanamh isteach chuig áitreamh an Tionóil Náisiúnta. Dá bhrí sin, bhí ar chomhaltaí an fhreasúra iad féin a eagrú taobh amuigh d’áitreabh an Tionóil Náisiúnta chun Juan Guaidó a atoghadh mar Uachtarán ar an Tionól. Go gearr tar éis an toghcháin, lenar thacaigh páirtí politiúila de chuid an réimis (PSUV), chuir Maduro agus an Tionól Bunreachta Náisiúnta (ANC), nach n‐aithnítear, fáilte roimh Parra.

    29.6.2020

    35.

    Franklyn Leonardo Duarte

    Dáta breithe: 15 Bealtaine 1977

    Uimhir Aitheantais: V-3304045

    Comhalta den Tionól Náisiúnta agus an chéad Leas-Uachtarán ar an Tionól, arna thoghadh go neamhdhlisteanach. Mar chomhalta den Tionól Náisiúnta, reáchtáil sé toghchán bréige mar an chéad Leas-Uachtarán ar an Tionól Náisiúnta an 5 Eanáir 2020, agus leis sin, bhain sé an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala. Reáchtáladh an toghchán gan chóram tráth ar chuir na póilíní (míleata) bac ar roinnt parlaiminteoirí a mbealach a dhéanamh isteach. Dá bhrí sin, bhí ar chomhaltaí an fhreasúra iad féin a eagrú taobh amuigh d’áitreabh an Tionóil Náisiúnta chun Juan Guaidó a atoghadh mar Uachtarán ar an Tionól. Go gearr tar éis an toghcháin bréige Duarte, lenar thacaigh páirtí polaitiúil (PSUV) de chuid an réimis, ba dhíol sásaimh do Maduro agus don Tionól Bunreachta Náisiúnta (ANC), nach n-aithnítear, gur toghadh an Bhoird Stiúrtha.

    29.6.2020

    36.

    José Gregorio Noriega Figueroa

    Dáta breithe: 21 Feabhra 1969

    Uimhir Aitheantais: V-8348784

    Inscne: fireann

    Comhalta den Tionól Náisiúnta agus an dara Leas-Uachtarán ar an Tionól, arna thoghadh go neamhdhlisteanach. Mar chomhalta den Tionól Náisiúnta, reáchtáil sé toghchán bréige mar an dara Leas-Uachtarán ar an Tionól Náisiúnta an 5 Eanáir 2020, agus leis sin, bhain sé an bonn den daonlathas agus den smacht reachta i Veiniséala. Reáchtáladh an toghchán gan chóram tráth ar chuir na póilíní (míleata) bac ar roinnt parlaiminteoirí a mbealach a dhéanamh isteach. Dá bhrí sin, bhí ar chomhaltaí an fhreasúra iad féin a eagrú taobh amuigh d’áitreabh an Tionóil Náisiúnta chun Juan Guaidó a atoghadh mar Uachtarán ar an Tionól. Go gearr tar éis an toghcháin bréige Noriega, lenar thacaigh páirtí polaitiúil (PSUV) de chuid an réimis, ba dhíol sásaimh do Maduro agus don Tionól Bunreachta Náisiúnta (ANC), nach n‐aithnítear, gur toghadh an Bhoird Stiúrtha.

    29.6.2020”


    Top