This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32020D0252
Council Decision (CFSP) 2020/252 of 25 February 2020 amending Decision (CFSP) 2018/904 extending the mandate of the European Union Special Representative for Central Asia
Cinneadh (CBES) 2020/252 Ón Gcomhairle an 25 Feabhra 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/904 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Áise Láir
Cinneadh (CBES) 2020/252 Ón Gcomhairle an 25 Feabhra 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/904 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Áise Láir
ST/5911/2020/INIT
IO L 54I, 26.2.2020, pp. 7–8
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 28/02/2021
|
26.2.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 54/7 |
CINNEADH (CBES) 2020/252 ÓN GCOMHAIRLE
an 25 Feabhra 2020
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/904 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Áise Láir
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 15 Aibreán 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/598 (1) lena gceaptar Peter BURIAN mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) don Áise Láir. |
|
(2) |
An 25 Meitheamh 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/904 (2) lena gcuirtear síneadh le sainordú ISAE don Áise Láir. Tá sainordú ISAE le dul in éag an 29 Feabhra 2020. |
|
(3) |
Ba cheart síneadh 12 mhí breise a chur le sainordú ISAE don Áise Láir agus ba cheart méid tagartha airgeadais nua a bhunú don tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 28 Feabhra 2021. |
|
(4) |
Cuirfidh ISAE don Áise Láir an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d'fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/904 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: “Airteagal 1 Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh "Cuirtear síneadhle sainordú Peter BURIAN mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) don Áise Láir go dtí an 28 Feabhra 2021. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfaí sainordú ISAE a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.”. |
|
(2) |
In Airteagal 5(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach: “Is é EUR 1 170 000 an méid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE don tréimhse ón 1 Márta 2020 go dtí an 28 Feabhra 2021 a chumhdach.”. |
|
(3) |
In Airteagal 14, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach: “Déanfar an tuarascáil chuimsitheach chríochnaitheach ó ISAE maidir leis an sainordú a chur chun feidhme a chur i láthair faoin 30 Samhain 2020.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha. Beidh feidhm aige ón 1 Márta 2020.
Arna dhéanamh /sa Bhruiséil, an 25 Feabhra 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. METELKO-ZGOMBIĆ
(1) Cinneadh (CBES) 2015/598 ón gComhairle an 15 Aibreán 2015 lenar ceapadh Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Áise Láir (IO L 99, 16.4.2015, lch. 25).
(2) Cinneadh (CBES) ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 lena síntear sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Áise Láir (IO L 161, 26.6.2018, lch. 12).