Choisissez les fonctionnalités expérimentales que vous souhaitez essayer

Ce document est extrait du site web EUR-Lex

Document 32011R0693

    Rialachán (AE) Uimh. 693/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle lena mbunaítear bearta airgeadais Comhphobail maidir le cur chun feidhme an chomhbheartais iascaigh agus i réimse Dhlí na Farraige

    IO L 192, 22.7.2011, p. 33–38 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

    Statut juridique du document Plus en vigueur, Date de fin de validité: 31/12/2013; Arna aisghairm le 32014R0508

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/693/oj

    22.7.2011   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L NaN/33


    RIALACHÁN (AE) Uimh. 693/2011 ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 6 Iúil 2011

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle lena mbunaítear bearta airgeadais Comhphobail maidir le cur chun feidhme an chomhbheartais iascaigh agus i réimse Dhlí na Farraige

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Déantar foráil le Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle (3) maidir le maoiniú sna réimsí seo a leanas: caidreamh idirnáisiúnta, rialachas, bailiú sonraí agus comhairle eolaíochta agus rialú agus forfheidhmiú an Chomhbheartais Iascaigh (“CBI”).

    (2)

    I ngach réimse gníomhaíochta, forlíontar Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 le rialacháin ghaolmhara eile nó le cinntí gaolmhara eile. Tá forbairt déanta ar roinnt eilimintí den reachtaíocht ghaolmhar sin ó thráth glactha an Rialacháin sin agus ba cheart an Rialachán sin a leasú anois chun comhleanúnachas idir eilimintí uile an chreata reachtaigh a áirithiú.

    (3)

    I bhfianaise na taithí a fuarthas, is léir freisin gur gá Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 a leasú trí mhionoiriúnú a dhéanamh ar roinnt forálacha dá chuid chun go n-oirfidh siad níos fearr don staid reatha.

    (4)

    Is gá freisin raon feidhme na mbeart a mhaoinítear a shoiléiriú, i gcás inarb iomchuí sin, agus dréachtú roinnt airteagal a fheabhsú.

    (5)

    Féadfar comhpháirtíochtaí sa réimse idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích ar leibhéal déthaobhach, réigiúnach nó iltaobhach.

    (6)

    Rinneadh stádas mar chomhlachtaí a bhfuil aidhm is díol leasa ghinearálta Eorpaigh á saothrú acu a dheonú do na Comhairlí Comhairleacha Réigiúnacha i gCinneadh 2007/409/CE ón gComhairle an 11 Meitheamh 2007 lena leasaítear Cinneadh 2004/585/CE lena mbunaítear Comhairlí Comhairleacha Réigiúnacha faoin gComhbheartas Iascaigh (4), agus ba cheart an méid sin a léiriú sa Rialachán seo.

    (7)

    Maidir le cruinnithe ullmhúcháin an Choiste Chomhairligh um Iascach agus Dobharshaothrú (“ACFA”), ba cheart go mbeadh féidearthacht ann chun tacaíocht airgeadais a dheonú d’ionadaithe seachas ionadaithe ó Eagraíochtaí Trádála Eorpacha agus chun maoiniú i gcomhair na gcostas aistriúcháin, ateangaireachta agus fruilithe seomraí a lamháil. Ba cheart nuashonrú a dhéanamh ar liosta na gcomhlachtaí comhairleacha a n-ainmníonn coiste iomlánach an ACFA ionadaí dá gcruinnithe.

    (8)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle an 25 Feabhra 2008 maidir le creat Comhphobail a bhunú chun sonraí san earnáil iascaigh a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid agus maidir le tacaíocht do chomhairle eolaíochta faoin gComhbheartas Iascaigh (5), leathnaíodh an raon feidhme a ghabhann le bailiú sonraí chun bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí a chuimsiú ann, agus ba cheart an méid sin a admháil go sainráite sa Rialachán seo.

    (9)

    Le Cinneadh 2008/949/CE ón gCoimisiún an 6 Samhain 2008 lena nglactar clár ilbhliantúil Comhphobail de bhun Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle (6), foráiltear go mbeidh athróga socheacnamaíocha le bheith san áireamh sna sonraí a bhailítear.

    (10)

    Tá bearta cáilithe i dtaca le tacaíocht airgeadais Aontais a fháil sa réimse a bhaineann le bailiú sonraí agus comhairle eolaíochta leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 199/2008, agus ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 a ailíniú leis na forálacha sin.

    (11)

    Tá na clárbhearta sa réimse a bhaineann le bailiú sonraí agus comhairle eolaíochta leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 agus i Rialachán (CE) Uimh. 665/2008 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle (7).

    (12)

    Maidir le roinnt forálacha de chuid Chinneadh 2000/439/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 maidir le ranníocaíocht airgeadais ón gComhphobal i gcomhair caiteachais a thabhaíonn na Ballstáit le linn dóibh sonraí a bhailiú, agus chun staidéir agus tionscadail phíolóta a bhaineann le cur i gcrích an chomhbheartais iascaigh a mhaoiniú (8), níor áiríodh i Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 iad ná níor tiontaíodh iad ina rialacha cur chun feidhme. Chruthaigh sé sin folús sa dlí don bhliain 2007 agus don bhliain 2008, ar thréimhse í sin ar lena linn a lean an Coimisiún de na rialacha a bhí i bhfeidhm roimhe sin a chur i bhfeidhm, mar atá leagtha síos i gCinneadh 2000/439/CE. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart foráil a dhéanamh ar bhonn cúlghabhálach á rá gur lean na rialacha sin de bheith infheidhme le linn na tréimhse sin.

    (13)

    Maidir le caiteachas i réimse na comhairle eolaíochta, ba cheart go mbeadh caiteachas san áireamh ann i ndáil le conarthaí comhpháirtíochta leis na comhlachtaí idirnáisiúnta atá i bhfeighil measúnú a dhéanamh ar stoic.

    (14)

    Ba cheart na tásca a bhaineann leis an gcaiteachas cáilithe i réimse an rialaithe a thíolacadh ar bhealach níos soiléire agus níos mionsonraithe agus ba cheart nasc a dhéanamh le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (9) agus le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíchur (10).

    (15)

    Cé go ndéanann rannpháirtithe i gcláir oiliúna i réimse rialaithe agus forfheidhmithe rialacha an CBI ionadaíocht thar ceann údaráis Ballstáit, ní hionann sin is a rá gur státseirbhísigh iad de riachtanas. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh caiteachas a thabhaítear ar oiliúint pearsanra eile cáilithe le haghaidh beart airgeadais freisin.

    (16)

    Ní hé amháin go ndéanann an Lárionad Taighde Chomhpháirtigh anailís ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí rialaithe, ach tugann sé comhairle freisin agus tá baint aige le forbairt teicneolaíochtaí nua.

    (17)

    Is gá na clár-rialacha maidir le rialú caiteachais a oiriúnú chun bainistíocht fhónta airgeadais a fheabhsú, go háirithe trí luathú a dhéanamh ar an dáta chun na hiarratais ar thacaíocht airgeadais Aontais a thíolacadh, agus trí shonrú breise a dhéanamh maidir leis an bhfaisnéis atá le cur in iúl i ndáil leis na tionscadail agus maidir leis an bhformáid inar ceart í a sholáthar.

    (18)

    Ba cheart teideal agus téarmaí achtacháin Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 a athrú chun teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, an 1 Nollaig 2009, a chur san áireamh.

    (19)

    Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir le cur chun feidhme na mbeart i réimse an rialaithe agus an fhorfheidhmithe agus go háirithe maidir le caiteachas a thabhaíonn na Ballstáit le linn na córais faireacháin agus rialaithe atá infheidhme maidir leis an CBI, chomh maith le bearta maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí bunúsacha, a chur chun feidhme, ba cheart go dtabharfaí cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (11).

    (20)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 leis seo mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    (2)

    sna téarmaí achtacháin, cé is moite de thagairtí don Ghníomhaireacht Chomhphobail um Rialú ar Iascach in Airteagal 4(c), cuirfear an focal “Aontas” in ionad na bhfocal “Comhphobal” agus “Comhphobail”. Cuirfear na focail “uiscí AE” in ionad na bhfocal “uiscí Comhphobail”. Déanfar aon choigeartuithe gramadaí is gá;

    (3)

    in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    bearta maidir le caomhnú, sonraí a bhailiú agus a bhainistiú agus sonraí a úsáid chun comhairle eolaíochta a ghiniúint i gcomhair an CBI;”;

    (4)

    in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    feabhas a chur ar bhailiú, ar bhainistiú agus ar úsáid na sonraí is gá le haghaidh an CBI;”;

    (5)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

    “Airteagal 5

    Cuspóirí sonracha sa réimse a bhaineann le sonraí a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid agus le comhairle eolaíochta

    Rannchuideoidh na bearta airgeadais Aontais dá dtagraítear in Airteagal 9, in Airteagal 10 agus in Airteagal 11 leis an gcuspóir feabhsú a dhéanamh i dtaca le bailiú, le bainistiú agus le húsáid sonraí agus le comhairle eolaíochta faoi staid na n-acmhainní, faoi leibhéal na hiascaireachta, faoin tionchar atá ag an iascach ar na hacmhainní agus ar an éiceachóras muirí, faoi ghnéithe eacnamaíocha an iascaigh agus an dobharshaothraithe, agus faoi fheidhmíocht thionscal na hiascaireachta, laistigh d’uiscí AE agus lasmuigh díobh, trí thacaíocht airgeadais a sholáthar do na Ballstáit chun tacair sonraí ilbhliantúla comhiomlánaithe agus eolaíocht-bhunaithe a bhunú ina gcorprófar faisnéis bhitheolaíoch, theicniúil, chomhshaoil agus shocheacnamaíoch.”;

    (6)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) de mhír 1 d’Airteagal 7:

    “(c)

    forbairt a dhéanamh, trí chomhpháirtíocht ar leibhéal déthaobhach, réigiúnach nó iltaobhach, ar chumas bainistíochta agus rialaithe acmhainní iascaigh tríú tíortha chun iascaireacht inbhuanaithe a áirithiú agus chun forbairt eacnamaíoch earnáil an iascaigh sna tíortha sin a chur chun cinn trí fheabhas a chur ar mheastóireacht eolaíoch agus theicniúil an iascaigh lena mbaineann, ar fhaireachán agus ar rialú gníomhaíochtaí iascaireachta, ar dhálaí sláinte agus ar an timpeallacht ghnó san earnáil sin;”;

    (7)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

    “Airteagal 8

    Bearta i réimse an rialaithe agus an fhorfheidhmithe

    1.   I réimse rialaithe agus forfheidhmithe rialacha CBI, beidh an caiteachas seo a leanas cáilithe le haghaidh beart airgeadais Aontais:

    (a)

    caiteachas a thabhaíonn na Ballstáit le linn na córais faireacháin agus rialaithe atá infheidhme maidir leis an CBI a chur chun feidhme, ar caiteachas é a bhaineann leis an méid seo a leanas:

    (i)

    infheistíochtaí a bhaineann le gníomhaíochtaí rialaithe arna gur i gcrích ag na húdaráis inniúla náisiúnta, ag comhlachtaí riaracháin nó ag an earnáil phríobháideach, ar infheistíochtaí iad sna nithe seo a leanas:

    ceannach agus/nó forbairt teicneolaíochta, lena n-áirítear crua-earraí agus bogearraí, córais braite soithí (CBS) agus gréasáin TF lena gcumasaítear sonraí a bhaineann le hiascach a bhailiú, a riaradh, a bhailíochtú, a anailísiú agus a mhalartú, agus forbairt a dhéanamh ar mhodhanna samplála le haghaidh sonraí a bhaineann le hiascach, lena n-áirítear láithreáin ghréasáin a fhorbairt a bhaineann le rialú,

    ceannach agus/nó forbairt na gcomhpháirteanna is gá chun tarchur sonraí ó ghníomhaithe atá páirteach san iascaireacht chuig an mBallstát ábhartha agus chuig údaráis ábhartha de chuid an Aontais, mar aon le margú táirgí iascaigh, a áirithiú, lena n-áirítear na comhpháirteanna is gá le haghaidh córas taifeadta agus tuairiscithe leictreonaigh (CTL), córas faireacháin soithí (CFS), agus córas sainaitheanta uathoibríoch (AIS),

    cur chun feidhme clár maidir le malartú agus anailísiú sonraí idir na Ballstáit,

    ceannach agus nuachóiriú modhanna rialaithe;

    (ii)

    cláir a bhaineann le pearsanra atá freagrach as faireachán, rialú agus faireachas ar ghníomhaíochtaí iascaigh a oiliúint agus a mhalartú, lena n-áirítear idir na Ballstáit;

    (iii)

    tionscadail phíolóta a bhaineann le rialú iascaigh a chur chun feidhme;

    (iv)

    anailís costais agus tairbhe chomh maith le measúnú ar iniúchtaí arna ndéanamh, agus ar chaiteachas arna dtabhú, ag údaráis inniúla le linn faireachán, rialú agus faireachas a dhéanamh acu;

    (v)

    tionscnaimh, lena n-áirítear seimineáir agus uirlisí meán, atá dírithe ar fheasacht a mhéadú i measc iascairí agus gníomhaithe eile, amhail cigirí, ionchúisitheoirí poiblí agus breithiúna, agus i measc an phobail i gcoitinne maidir leis an ngá le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac agus maidir le cur chun feidhme rialacha an CBI;

    (b)

    caiteachas a bhaineann le socruithe riaracháin leis an Lárionad Taighde Chomhpháirtigh nó le aon chomhlacht comhairleach Aontais eile, chun teicneolaíochtaí rialaithe nua a mheasúnú agus a fhorbairt;

    (c)

    an caiteachas oibríochtúil go léir a bhaineann le cigireacht, ag cigirí an Choimisiúin, ar chur i bhfeidhm an CBI ag na Ballstáit, agus go háirithe misin chigireachta, trealamh sábháilteachta agus cigirí a oiliúint, cruinnithe agus meáin chigireachta a chairtfhostú nó a cheannach ag an gCoimisiún;

    (d)

    an ranníocaíocht le buiséad GCRI chun caiteachas foirne, riaracháin agus oibríochta i ndáil le plean oibre bliantúil GCRI a chlúdach.

    2.   Féadfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm phointe (a) de mhír 1 a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2).”;

    (8)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

    “Airteagal 9

    Bearta sa réimse a bhaineann le sonraí bunúsacha a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid

    1.   Maidir le sonraí bunúsacha a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid, beidh an caiteachas cáilithe le haghaidh tacaíochta airgeadais Aontais faoi chuimsiú na gclár náisiúnta ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle an 25 Feabhra 2008 maidir le creat Comhphobail a bhunú chun sonraí san earnáil iascaigh a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid agus maidir le tacaíocht do chomhairle eolaíochta faoin gComhbheartas Iascaigh (12):

    (a)

    caiteachas arna thabhú chun sonraí bitheolaíocha, teicniúla, comhshaoil agus socheacnamaíocha i ndáil le hiascach tráchtála agus le hiascach áineasa a bhailiú, lena n-áirítear sampláil, faireachán ar muir agus suirbhéanna taighde, agus chun sonraí comhshaoil agus socheacnamaíocha a bhailiú faoi thionscal an dobharshaothraithe agus na próiseála, mar atá leagtha síos sa chlár Aontais ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 199/2008;

    (b)

    caiteachas arna thabhú i leith beart a bhaineann le forbairt, bainistíocht, feabhsú agus saothrú na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a);

    (c)

    caiteachas arna thabhú i leith beart a bhaineann le húsáid na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a), amhail meastacháin ar pharaiméadair bhitheolaíocha agus tacair sonraí a ullmhú le haghaidh anailíse eolaíochta agus comhairle eolaíochta;

    (d)

    caiteachas arna thabhú i dtaca le rannpháirtíocht i gCruinnithe Comhordúcháin Réigiúnacha dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 199/2008, i gcruinnithe eolaíochta ábhartha na n-eagraíochtaí bainistíochta iascaigh réigiúnaigh ar páirtí conarthach nó breathnadóir iontu an tAontas, agus i gcruinnithe de chuid comhlachtaí idirnáisiúnta atá i bhfeighil comhairle eolaíochta a sholáthar.

    2.   Féadfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm mhír 1 a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2).

    (9)

    leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

    Bearta sa réimse a bhaineann le sonraí breise a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid”;

    (b)

    sa réamhrá a ghabhann le mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

    “Áireofar na nithe seo a leanas i measc na ngníomhaíochtaí a fhéadfaidh a bheith cáilithe le haghaidh tacaíochta airgeadais Aontais:”;

    (c)

    i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    staidéir agus tionscadail mhodheolaíochta atá dírithe ar bharrfheabhsú agus ar chaighdeánú mhodhanna bailithe na sonraí atá ag teastáil chun comhairle eolaíochta a thabhairt;”;

    (10)

    in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    caiteachas ar chonarthaí comhpháirtíochta le hinstitiúidí taighde náisiúnta nó le comhlachtaí idirnáisiúnta atá i bhfeighil measúnuithe ar stoic, ar mhaithe le comhairle eolaíochta agus sonraí a sholáthar;”;

    (11)

    leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a), phointe (b) agus phointe (c):

    “(a)

    costais iompair agus cóiríochta chomhaltaí na n-eagraíochtaí ionadaíocha in ACFA, ar costais iad a bhaineann le cruinnithe ullmhúcháin roimh chruinnithe ACFA, agus na costais aistriúcháin, ateangaireachta agus fruilithe seomraí arna dtabhú i leith na gcruinnithe ullmhúcháin sin;

    (b)

    an costas a bhaineann le rannpháirtíocht na n-ionadaithe arna n-ainmniú ag ACFA chun ionadaíocht a dhéanamh thar a cheann ag cruinnithe na gComhairlí Comhairleacha Réigiúnacha (RACanna), na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) agus an Choiste Eolaíoch, Theicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF);

    (c)

    costais oibríochta na RACanna dá bhforáiltear i gCinneadh 2004/585/CE;”;

    (b)

    i bpointe (d), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

    “(ii)

    rochtain an-leathan a sholáthar ar shonraí agus ar ábhar míniúcháin a bhaineann le tograí an Choimisiúin go háirithe, trí láithreáin ghréasáin Idirlín na ranna iomchuí de chuid an Choimisiúin a fhorbairt agus foilseachán rialta a ullmhú, chomh maith le seimineáir faisnéise agus oiliúna a eagrú do mhúnlóirí meoin.”;

    (12)

    in Airteagal 13(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

    “(e)

    ranníocaíochtaí airgeadais deonacha le hobair nó le cláir arna gcur i gcrích ag eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil leas speisialta ag an Aontas iontu;”;

    (13)

    leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

    Rátaí cómhaoinithe sa réimse a bhaineann le sonraí bunúsacha a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid”;

    (b)

    cuirtear na focail “Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 199/2008” in ionad na bhfocal “Airteagal 23(1)”;

    (14)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal Airteagal 17:

    Rátaí cómhaoinithe sa réimse a bhaineann le sonraí breise a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid”;

    (15)

    in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

    “2.   De réir comhaontaithe ar mhaoiniú leis an gCoimisiún, cionroinnfear cearta tarraingthe ar gach eagraíocht ionadaíoch ar comhalta í de choiste iomlánach an ACFA, i gcomhréir leis na teidlíochtaí laistigh de choiste iomlánach an ACFA agus ag brath ar na hacmhainní airgeadais atá ar fáil.

    3.   Is ar bhonn na gceart tarraingthe sin agus ar bhonn an mheánchostais ar thuras arna dhéanamh ag comhalta d’eagraíocht ionadaíoch a chinnfear líon na dturas a mbeidh freagracht airgeadais ar gach eagraíocht astu, ar turais iad a dhéantar chun críche cruinnithe ullmhúcháin. Laistigh de theorainn fhoriomlán an chirt tarraingthe, coinneoidh gach eagraíocht ionadaíoch 20 % den chaiteachas cáilithe iarbhír mar chnapshuim chun an chuid sin dá costais eagrúcháin agus riaracháin, nach mbaineann ach le heagrú na gcruinnithe ullmhúcháin amháin, a chlúdach.”;

    (16)

    leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

    “1.   Déanfar iarratais ó na Ballstáit ar thacaíocht airgeadais Aontais a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Samhain sa bhliain roimh an mbliain cur chun feidhme lena mbaineann.

    Beidh clár bliantúil rialaithe iascaigh ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ag gabháil le hiarratais den sórt sin:

    (a)

    cuspóirí an chláir bhliantúil rialaithe iascaigh;

    (b)

    na hacmhainní daonna pleanáilte atá ar fáil;

    (c)

    na hacmhainní airgeadais pleanáilte atá ar fáil;

    (d)

    líon pleanáilte na soithí agus na n-aerárthaí atá ar fáil;

    (e)

    liosta tionscadal a n-iarrtar ranníocaíocht airgeadais dóibh;

    (f)

    an caiteachas foriomlán atá pleanáilte chun na tionscadail a chur i gcrích;

    (g)

    sceideal le haghaidh gach tionscadal atá liostaithe sa chlár bliantúil rialaithe iascaigh a chríochnú;

    (h)

    liosta táscairí a úsáidfear chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht an chláir bhliantúil rialaithe iascaigh.

    2.   I gcás gach tionscadail, sonrófar sa chlár bliantúil rialaithe iascaigh an beart díobh sin dá dtagraítear in Airteagal 8(a) lena mbaineann an clár, aidhm an tionscadail agus tuairisc mhionsonraithe air lena n-áirítear na sonraí seo a leanas: an t-úinéir, an suíomh, an costas measta, an tráthchlár le haghaidh an tionscadal a chríochnú agus an nós imeachta soláthair phoiblí atá le leanúint. Nuair atá tionscadal á sheoladh go comhpháirteach ag níos mó ná Ballstát amháin, áireofar freisin sa chlár bliantúil rialaithe iascaigh liosta na mBallstát sin atá ag seoladh an tionscadail, na costais iomlána mheasta don tionscadal, mar aon leis na costais mheasta in aghaidh an Bhallstáit.”;

    (b)

    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    an méid uaire an chloig nó laethanta thar thréimhse bliana ar dóigh go n-úsáidfear iad chun críocha rialaithe iascaigh agus an córas atá i bhfeidhm sa Bhallstát chun gur féidir leis an gCoimisiún nó leis an gCúirt Iniúchóirí a n-úsáid éifeachtach a sheiceáil chun críocha rialaithe;”;

    (c)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “4.   Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a iarrtar i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 a sholáthar tríd an bhfoirm leictreonach a chuirfidh an Coimisiún chucu a thíolacadh go leictreonach agus mar chruachóip araon.”;

    (17)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal Roinn 2 de Chaibidil V:

    Nósanna imeachta sa réimse a bhaineann le sonraí a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid”;

    (18)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:

    “Airteagal 22

    Foráil réamhráiteach

    Maidir le ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis an gcaiteachas arna thabhú ag na Ballstáit chun na sonraí bunúsacha dá dtagraítear in Airteagal 9 a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid, soláthrófar í i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha amach sa Roinn seo.”;

    (19)

    scriostar Airteagal 23;

    (20)

    leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

    Cinneadh maidir le maoiniú ón gCoimisiun”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Ar bhonn na gclár ilbhliantúil a thíolacann na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 4(4) de Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 agus a fhormheasann an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 6(3) den Rialachán sin, is gach bliain ar leith agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2) a dhéanfar cinntí maidir leis an ranníocaíocht airgeadais Aontais leis na cláir náisiúnta.”;

    (c)

    scriostar mír 2;

    (21)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30:

    “Airteagal 30

    Nós imeachta coiste

    1.   Déanfaidh an Coiste Comhairleach um Iascach agus Dobharshaothrú arna bhunú le hAirteagal 30(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (13).

    2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    (22)

    scriostar Airteagal 31;

    (23)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 32:

    “Airteagal 32

    Gníomhartha atá tite as feidhm a aisghairm

    Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 657/2000 agus Cinneadh 2000/439/CE agus Cinneadh 2004/465/CE le héifeacht ón 1 Eanáir 2007. Ar a shon sin, beidh feidhm analógach ag na rialacha atá leagtha amach sa dara fleasc d’Airteagal 3 agus in Airteagal 4 agus in Airteagal 6 de Chinneadh 2000/439/CE agus san Iarscríbhinn a ghabhann leis, de réir mar is infheidhme an 31 Nollaig 2006, maidir leis na cláir náisiúnta a bhaineann le sonraí a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid don bhliain 2007 agus don bhliain 2008.”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm ag pointe 23 d’Airteagal 1 ón 1 Eanáir 2007.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 6 Iúil 2011.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    J. BUZEK

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. DOWGIELEWICZ


    (1)  IO C 44, 11.2.2011, lch. 171.

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Aibreán 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Meitheamh 2011.

    (3)  IO L 160, 14.6.2006, lch. 1.

    (4)  IO L 155, 15.6.2007, lch. 68.

    (5)  IO L 60, 5.3.2008, lch. 1.

    (6)  IO L 346, 23.12.2008, lch. 37.

    (7)  IO L 186, 15.7.2008, lch. 3.

    (8)  IO L 176, 15.7.2000, lch. 42.

    (9)  IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

    (10)  IO L 286, 29.10.2008, lch. 1.

    (11)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

    (12)  IO L 60, 5.3.2008, lch. 1.”;

    (13)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.”;


    Haut