EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32010R0265

Rialachán (AE) Uimh. 265/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2010 lena leasaítear an Coinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 maidir le gluaiseacht daoine ag a bhfuil víosa fadfhanachta

IO L 85, 31.3.2010, p. 1–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/265/oj

31.3.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 265/2010 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Márta 2010

lena leasaítear an Coinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 maidir le gluaiseacht daoine ag a bhfuil víosa fadfhanachta

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(b) agus (c) agus Airteagal (79)(2)(a) de,

Ag féachaint do na tograí ón gCoimisiún Eorpach,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Leis an gCoinbhinsiún chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme (2) (Coinbhinsiún Schengen) leagtar síos rialacha maidir le víosaí fadfhanachta trína gcumasaítear dá sealbhóirí idirthuras a dhéanamh trí chríocha na mBallstát. Le Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (3), leagtar síos na coinníollacha iontrála le haghaidh náisiúnach tríú tír. Chun saorghluaiseacht náisiúnach tríú tír a bhfuil víosaí náisiúnta fadfhanachta acu a éascú laistigh de chríoch na mBallstát a chuireann acquis Schengen (Limistéar Schengen) chun feidhme go hiomlán, ba cheart tuilleadh beart a dhéanamh.

(2)

Ba cheart do Bhallstáit, in am trátha, ceadanna cónaithe a chur in ionad víosaí fadfhanachta tar éis do náisiúnaigh tríú tír, a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar bhonn víosa fadfhanachta i gcríoch na mBallstát sin, teacht isteach ina gcríoch chun a chumasú dóibh taisteal go dtí Ballstáit eile le linn a dtréimhse fanachta nó chun idirthuras a dhéanamh trí chríocha Ballstát eile agus iad ag filleadh ar a dtír thionscnaimh. Is minice ná riamh áfach, tar éis do náisiúnaigh tríú tír teacht isteach ina gcríoch, nach ndéanann Ballstáit ceadanna cónaithe a chur in ionad víosaí fadfhanachta nó nach ndéanann siad amhlaidh go dtí go bhfuil tréimhse shuntasach caite. Tá iarmhairtí suntasacha diúltacha ag an staid dhlíthIúil agus phraiticIúil seo ar shaorghluaiseacht laistigh de limistéar Schengen do náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cónaí orthu go dleathach i mBallstát ar bhonn víosa fadfhanachta.

(3)

Chun na fadhbanna atá ag náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cónaí orthu i mBallstát ar bhonn víosa fadfhanachta a shárú, ba cheart go ndéanfaí leathnú leis an Rialachán seo ar phrionsabal an chomhionannais idir ceadanna cónaithe agus víosaí gearrfhanachta arna n-eisiúint ag na Ballstáit a chuireann acquis Schengen chun feidhme go hiomlán maidir le víosaí fadfhanachta. Mar thoradh air sin, ba cheart go mbeadh na héifeachtaí céanna ag víosa fadfhanachta agus atá ag cead cónaithe maidir le saorghluaiseacht an tsealbhóra i Limistéar Schengen.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, go gceadófaí do shealbhóir víosa fadfhanachta arna eisiúint ag Ballstát taisteal go dtí Ballstáit eile ar feadh trí mhí in aon tréimhse sé mhí, faoi na coinníollacha céanna a bhaineann le sealbhóir ceada cónaithe. Ní dhéanann an Rialachán seo difear do na rialacha maidir leis na coinníollacha chun víosaí fadfhanachta a eisiúint.

(5)

Leis an Rialachán seo, i gcomhréir le cleachtas reatha na mBallstát, bunaítear oibleagáid a fhágann nach mór do Bhallstáit víosaí fadfhanachta a eisiúint san fhormáid chomhionann do víosaí de réir mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle (4).

(6)

I dtaca leis na rialacha maidir le Córas Faisnéise Schengen a cheadú agus dul i gcomhairle leis na Ballstáit eile i gcás foláirimh nuair atá iarratas ar chead cónaithe á phróiseáil, ba cheart go mbeadh feidhm acu freisin maidir le próiseáil iarratas ar víosaí fadfhanachta. Níor cheart, dá bhrí sin, go mbeadh saorghluaiseacht sealbhóra víosa fadfhanachta sna Ballstáit eile ina riosca slándála breise do na Ballstáit.

(7)

Ba cheart Coinbhinsiún Schengen agus Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 a leasú dá réir.

(8)

Níl sé d’aidhm ag an Rialachán seo Ballstáit a chur ó cheadanna cónaithe a eisiúint agus níor cheart go ndéanfadh sé difear don oibleagáid atá ar Bhallstáit ceadanna cónaithe a eisiúint i gcás catagóirí áirithe náisiúnach tríú tír de réir mar a fhoráiltear le hionstraimí eile de chuid an Aontais, go háirithe: Treoir 2005/71/CE (5), Treoir 2004/114/CE (6), Treoir 2004/38/CE (7), Treoir 2003/109/CE (8) agus Treoir 2003/86/CE (9).

(9)

I gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go mídhleathach a chur ar ais (10), ba cheart, maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go mídhleathach i gcríoch Ballstáit agus a bhfuil cead cónaithe bailí nó údarú bailí eile acu, amhail víosa fadfhanachta, lena dtugtar ceart fanachta dóibh agus é arna eisiúint ag Ballstát eile, go gceanglófaí orthu dul go dtí críoch an Bhallstáit eile sin láithreach.

(10)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon na rialacha maidir le saorghluaiseacht de bhua víosa fadfhanachta a bhunú, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí an chuspóra sin, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(11)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um CHhearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ba cheart é a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hoibleagáidí na mBallstát maidir le cosaint idirnáisiúnta agus neamh-refoulement.

(12)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (11), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (B), de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin (12).

(13)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (13), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (B) agus pointe (C), de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh in éineacht le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE (14) ón gComhairle.

(14)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail a síníodh idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (B) agus pointe (C), de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh in éineacht le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/261/CE ón gComhairle (15).

(15)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl an Rialachán seo ina cheangal ar an Danmhairg ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm. Ó tharla go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(16)

Is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar na forálacha de acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (16); dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(17)

Is é atá sa Rialachán seo ná forbairt ar na forálacha de acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (17); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(18)

Maidir leis an gCipir, is é atá sa Rialachán seo ná gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen nó a bhfuil baint ar shlí eile aige le acquis Schengen de réir bhrí Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003.

(19)

Is é atá sa Rialachán seo ná gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen nó a bhfuil baint ar shlí eile aige le acquis Schengen de réir bhrí Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2005,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Coinbhinsiún Schengen mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

‘Airteagal 18

1.   Is víosaí náisiúnta, arna n-eisiúint ag ceann amháin de na Ballstáit i gcomhréir lena dhlí náisiúnta nó le dlí an Aontais, a bheidh i víosaí chun fanacht ar feadh tréimhse is faide ná trí mhí (‘víosaí fadfhanachta’). Déanfar víosaí den sórt sin a eisiúint san fhormáid chomhionann do víosaí de réir mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 (18) agus beidh ceannteideal ar an víosa ina sonrófar an cineál víosa leis an litir ‘D’. Déanfar iad a chomhlánú i gcomhréir leis na forálacha ábhartha d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (19) .

2.   Ní rachaidh tréimhse bailíochta víosaí fadfhanachta thar aon bhliain amháin. Má thugann Ballstát cead d’eachtrannach fanacht ar feadh tréimhse is faide ná bliain amháin, déanfar cead cónaithe a chur in ionad an víosa fadfhanachta sula rachaidh tréimhse bailíochta an víosa sin in éag.

(2)

leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Maidir le heachtrannaigh ag a bhfuil ceadanna cónaithe bailí arna n-eisiúint ag ceann amháin de na Ballstáit, féadfaidh siad, ar bhonn an cheada sin agus ar bhonn doiciméid bhailí taistil, gluaiseacht faoi shaoirse ar feadh tréimhse suas go trí mhí in aon tréimhse sé mhí laistigh de chríocha na mBallstát eile, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha iontrála dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(a), (c) agus (e) de Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (20) agus nach bhfuil siad ar liosta náisiúnta foláireamh an Bhallstáit lena mbaineann.

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 2:

‘2a.   Maidir leis an gceart chun saorghluaiseachta atá leagtha síos i mír 1, beidh feidhm aige freisin maidir le heachtrannaigh ag a bhfuil víosa fadfhanachta bailí arna eisiúint ag ceann amháin de na Ballstáit, de réir mar a fhoráiltear ina leith sin in Airteagal 18.’.

(3)

leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   I gcás ina bhfuil breithniú á dhéanamh ag Ballstát i dtaobh cead cónaithe a eisiúint, déanfaidh sé cuardach go córasach i gCóras Faisnéise Schengen. I gcás ina bhfuil breithniú á dhéanamh ag Ballstát i dtaobh cead cónaithe a eisiúint chuig eachtrannach ar eisíodh foláireamh ina leith chun iontráil a dhiúltiú dó nó di, rachaidh sé i gcomhairle ar dtús leis an mBallstát a d’eisigh an foláireamh agus cuirfidh sé leasanna an Bhallstáit sin san áireamh; is ar chúiseanna substainteacha amháin a eiseofar an cead cónaithe, go háirithe ar fhorais dhaonnúla nó de bharr gealltanas idirnáisiúnta.

I gcás ina n-eisítear cead cónaithe, déanfaidh an Ballstát a d’eisigh an foláireamh an foláireamh sin a tharraingt siar ach féadfaidh sé an t-eachtrannach lena mbaineann a chur ar a liosta náisiúnta foláireamh.’;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 1:

‘1a.   Sula n-eiseofar foláireamh chun iontráil a dhiúltú de réir bhrí Airteagal 96, seiceálfaidh na Ballstáit a gcuid taifead náisiúnta ar víosaí fadfhanachta nó ar cheadanna cónaithe atá eisithe.’;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘3.   Beidh feidhm ag mír 1 agus ag mír 2 maidir le víosaí fadfhanachta freisin.’.

Airteagal 2

Leasaítear Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) de mhír 1:

‘(b)

tá víosa bailí ina seilbh acu, má cheanglaítear amhlaidh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a gcaithfidh a náisiúnaithe víosaí a bheith acu agus iad ag dul thar theorainneacha agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaithe díolmhaithe ón gceanglas sin (21), ach amháin i gcás ina bhfuil cead cónaithe bailí nó víosa fadfhanachta bailí acu.

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) de mhír 4:

‘(a)

maidir le náisiúnaigh tríú tír nach gcomhlíonann na coinníollacha go léir atá leagtha síos i mír 1, ach a bhfuil cead cónaithe, víosa fadfhanachta nó víosa athiontrála acu, arna eisiúint ag ceann amháin de na Ballstáit, nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh, a bhfuil cead cónaithe nó víosa fadfhanachta agus víosa athiontrála acu, údarófar dóibh dul isteach i gcríocha na mBallstát eile chun críocha idirthurais ionas go bhféadfaidh siad críoch an Bhallstáit a d’eisigh an cead cónaithe, an víosa fadfhanachta nó an víosa athiontrála a bhaint amach, mura rud é go bhfuil a n-ainm ar liosta náisiúnta foláireamh an Bhallstáit arb iad a theorainneacha seachtracha na teorainneacha atá le trasnú agus go bhfuil treoracha ag gabháil leis an bhfoláireamh á rá nach mór iontráil nó idirthuras a dhiúltú;’.

Airteagal 3

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear don oibligeáid atá ar Bhallstáit ceadanna cónaithe a eisiúint chuig náisiúnaigh tríú tír de réir mar a fhoráiltear ina leith sin in ionstraimí eile de chuid an Aontais.

Airteagal 4

Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit na náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann a chur ar an eolas go hiomlán agus go cruinn faoin Rialachán seo.

Airteagal 5

Faoin 5 Aibreán 2012, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Más iomchuí, beidh togra chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil leis an tuarascáil sin.

Airteagal 6

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 5 Aibreán 2010.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Márta 2010.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. LÓPEZ GARRIDO


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 2010 (nár foilsíodh fós san Iris OifigIúil) agus cinneadh ón gComhairle an 22 Márta 2010.

(2)  IO L 239, 22.9.2000, lch. 19.

(3)  IO L 105, 13.4.2006, lch. 1.

(4)  IO L 164, 14.7.1995, lch. 1.

(5)  Treoir 2005/71/CE ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2005 maidir le nós imeachta sonrach chun náisiúnaigh tríú tír a ligean isteach chun críocha taighde eolaíche (IO L 289, 3.11.2005, lch. 15.).

(6)  Treoir 2004/114/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 maidir leis na coinníollacha faoina ligtear náisiúnaigh tríú tír isteach chun críocha staidéar, malartaithe daltaí, oiliúna neamhchúitithe nó seirbhíse deonaí (IO L 375, 23.12.2004, lch. 12.).

(7)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh an Aontais agus ag daoine dá dteaghlaigh chun gluaiseacht agus cónaí a dhéanamh faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77.; leagan ceartaithe in IO L 229, 29.6.2004, lch. 35.).

(8)  Treoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad (IO L 16, 23.1.2004, lch. 44.).

(9)  Treoir 2003/86/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le ceart chun athaontú teaghlaigh (IO L 251, 3.10.2003, lch. 12.).

(10)  IO L 348, 24.12.2008, lch. 98.

(11)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(12)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 31.

(13)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(14)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 1.

(15)  IO L 83, 26.3.2008, lch. 3.

(16)  IO L 131, 1.6.2000, lch. 43.

(17)  IO L 64, 7.3.2002, lch. 20.

(18)  IO L 164, 14.7.1995, lch. 1.

(19)  IO L 243, 15.9.2009, lch. 1.’.

(20)  IO L 105, 13.4.2006, lch. 1.’;

(21)  IO L 81, 21.3.2001, lch. 1.’;


Top