Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32009R0714

    Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha rochtana ar an ngréasán um malartuithe trasteorann sa leictreachas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

    IO L 211, 14.8.2009, p. 15–35 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2019; Arna aisghairm le 32019R0943

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/714/oj

    14.8.2009   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L NaN/15


    RIALACHÁN (CE) Uimh. 9992/2009 Ó РHARLAIMINT NA hЕORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 13 Iúil 2009

    maidir le coinníollacha rochtana ar an ngréasán um malartuithe trasteorann sa leictreachas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003

    (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh (3),

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)

    Is é is aidhm don mhargadh inmheánach sa leictreachas, atá á chur chun feidhme de réir a chéile ó 1999 ar aghaidh, ná fíor-rogha, deiseanna nua gnó agus tuilleadh trádála trasteorann a thabhairt do thomhaltóirí uile an Chomhphobail, cibé acu saoránaigh nó gnóthaí, chun éifeachtúlacht a mhéadú, chun praghsanna iomaíocha agus caighdeáin níos airde seirbhíse a bhaint amach agus chun rannchuidiú le slándáil an tsoláthair agus leis an inbhuanaitheacht.

    (2)

    Le Treoir 2003/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas (4) agus le Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le coinníollacha rochtana ar an ngréasán um malartuithe trasteorann sa leictreachas (5), tá rannchuidiú suntasach déanta maidir le cruthú an mhargaidh inmheánaigh sin sa leictreachas.

    (3)

    Tá constaicí ann faoi láthair sa Chomhphobal, áfach, maidir le leictreachas a dhíol faoi choinníollacha comhionanna, gan idirdhealú ná míbhuntáiste. Go háirithe, níl rochtain neamh-idirdhealaitheach ar ghréasáin ann, agus níl comhionannas éifeachta ann fós i ngach mBallstát i dtaca le leibhéal na maoirseachta rialála, agus is ann do mhargaí leithlisithe i gcónaí.

    (4)

    Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2007 dar teideal ‘Beartas Fuinnimh don Eoraip’, leagadh béim ar a thábhachtaí atá sé an margadh inmheánach sa leictreachas a chomhlánú agus coinníollacha cothroma a chruthú do gach gnóthais fuinnimh sa Chomhphobal. Le Teachtaireachtaí an Choimisiúin an 10 Eanáir 2007 dar teideal ‘Ionchais an mhargaidh inmheánaigh sa ghás agus sa leictreachas’ agus ‘Fiosrúchán de bhun Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ar earnálacha an gháis agus an leictreachais san Eoraip (Tuarascáil Chríochnaitheach)’, léiríodh nach soláthraítear, leis na rialacha agus na bearta reatha, an creat is gá chun cuspóir an mhargaidh inmheánaigh a fheidhmíonn go maith agus atá éifeachtúil agus oscailte a bhaint amach, ná nach ndéantar foráil leo maidir le cruthú acmhainní idirnaisc chun an cuspóir sin a bhaint amach.

    (5)

    De bhreis ar an gcreat rialála atá ann a chur chun feidhme go críochnúil, ba cheart an creat rialála don mhargadh inmheánach sa leictreachas a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 a oiriúnú i gcomhréir leis na teachtaireachtaí sin.

    (6)

    Go háirithe, tá gá le comhar agus comhordú méadaithe idir na hoibreoirí córas tarchurtha chun cóid ghréasáin a chruthú lena soláthrófar agus lena mbainisteofar rochtain éifeachtach agus thrédhearcach ar na gréasáin tarchurtha thar theorainneacha, agus chun pleanáil atá comhordaithe agus réamhbhreathnaitheach go leor agus forás fónta teicniúil a áirithiú don chóras tarchurtha sa Chomhphobal, lena n-áirítear acmhainní idirnaisc a chruthú, ag féachaint go cuí don chomhshaol. Ba cheart go mbeadh na cóid ghréasáin sin i gcomhréir leis na creat-treoirlínte ar de chineál neamhcheangailteach iad (creat-treoirlínte) agus a d'fhorbair an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 9991/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (6), (an Ghníomhaireacht). Ba cheart go mbeadh ról ag an nGníomhaireacht maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar na dréachtchóid ghréasáin, ar athbhreithniú é a bheidh bunaithe ar ábhair fíoras, lena n-áirítear athbhreithniú i dtaobh an gcomhlíonann siad na creat-treoirlínte, agus ba cheart go gcumasófaí di a mholadh don Choimisiún iad a ghlacadh. Ba cheart go ndéanfadh an Ghníomhaireacht measúnú ar leasuithe a bheartaítear a dhéanamh ar na cóid ghréasáin agus ba cheart go gcumasófaí di a mholadh don Choimisiún iad a ghlacadh. Ba cheart go n-oibreodh oibreoirí córas tarchurtha a ngréasáin i gcomhréir leis na cóid ghréasáin sin.

    (7)

    Chun go n-áiritheofar bainistiú optamach an ghréasáin tarchurtha leictreachais agus chun go mbeifear in ann trádáil a dhéanamh sa leictreachas agus é a sholáthar thar theorainneacha sa Chomhphobal, ba cheart Gréasán Eorpach Oibreoirí na gCóras Tarchurtha don Leictreachas (an ENTSO don Leictreachas) a bhunú. Ba cheart go gcuirfeadh an ENTSO don Leictreachas a chuid cúraimí i gcrích i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Chomhphobail atá infheidhme i gcónaí maidir le cinntí an ENTSO don Leictreachas. Ba cheart go saineofaí cúraimí an ENTSO don Leictreachas ar bhealach soiléir agus ba cheart go n-áiritheofaí lena mhodh oibre éifeachtúlacht, cineál ionadaíoch agus trédhearcacht an ENTSO don Leictreachas. Níl sé beartaithe go ngabhfadh na cóid ghréasáin a ullmhaíonn an ENTSO don Leictreachas ionad na gcód gréasáin náisiúnta atá riachtanach maidir le saincheisteanna nach saincheisteanna trasteorann iad. De bhrí go bhféadfar dul chun cinn níos éifeachtaí a dhéanamh trí chur chuige ar an leibhéal réigiúnach, ba cheart d'oibreoirí córas tarchurtha struchtúir réigiúnacha a chur ar bun laistigh den struchtúr comhair foriomlán, agus go n-áireofaí ag an am céanna go mbeadh na torthaí ar an leibhéal réigiúnach comhoiriúnach le cóid ghréasáin agus le pleananna forbartha gréasáin neamhcheangailteacha deich mbliana ar leibhéal an Chomhphobail. Ba cheart do na Ballstáit an comhar ar leibhéal réigiúnach a chur chun cinn mar aon le faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht an ghréasáin ar an leibhéal sin. Ba cheart go mbeadh an comhar ar leibhéal réigiúnach comhoiriúnach leis an dul chun cinn i ndáil le margadh inmheánach iomaíoch agus éifeachtúil a bhaint amach i gcúrsaí leictreachais.

    (8)

    Tá leas ag rannpháirtithe uile an mhargaidh san obair a bhfuiltear ag súil léi ón ENTSO don Leictreachas. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, go mbeadh próiseas comhairliúcháin éifeachtach ann agus go mbeadh ról tábhachtach ag na struchtúir atá ann cheana féin agus a cuireadh ar bun chun an próiseas comhairliúcháin a éascú agus a shruthlíniú, amhail an tAontas um Chomhordú Tharchur an Leictreachais, rialálaithe náisiúnta nó an Ghníomhaireacht.

    (9)

    D'fhonn breis trédhearcachta a áirithiú maidir leis an ngréasán iomlán tarchurtha leictreachais sa Chomhphobal, ba cheart don ENTSO don Leictreachas plean forbartha gréasáin uile-Chomhphobail neamhcheangailteach deich mbliana a tharraingt suas, a fhoilsiú agus a uasdátú go rialta (plean forbartha gréasáin uile-Chomhphobail). Ba cheart go ndéanfaí gréasáin inmharthana tarchurtha leictreachais agus na hidirnaisc réigiúnacha is gá, atá ábhartha ó thaobh tráchtála nó chinnteacht soláthair de, a chur san áireamh sa phlean forbartha gréasáin sin.

    (10)

    Leis an Rialachán seo, ba cheart go leagfaí síos bunphrionsabail maidir le taraifiú agus leithdháileadh acmhainne, agus ba cheart go bhforálfaí go nglacfar Treoirlínte ina dtabharfar mionsonraí maidir le tuilleadh prionsabal agus modheolaíochtaí ábhartha, d'fhonn go bhféadfaí oiriúnú gasta a dhéanamh do chúinsí athraitheacha.

    (11)

    I margadh atá oscailte, iomaíoch, ba cheart go gcúiteofaí oibreoirí córas tarchurtha as na costais a thabhaítear mar thoradh ar shreabha leictreachais trasteorann a óstáil ar a ngréasáin agus gurbh iad oibreoirí na gcóras tarchurtha ina dtionscnaítear na sreabha trasteorann sin agus na gcóras tarchurtha ina gcríochnaíonn siad a chúiteodh iad.

    (12)

    Ba cheart íocaíochtaí agus fáltais a eascraíonn as cúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha a chur san áireamh le linn taraifí gréasáin náisiúnta a shocrú.

    (13)

    D'fhéadfadh sé go mbeidh dífríochtaí móra ann maidir leis an méid iarbhír is iníoctha ar rochtain trasteorann ar an gcóras, ag brath ar an oibreoir córais tarchurtha lena mbaineann agus mar thoradh ar dhifríochtaí i struchtúr na gcóras taraifithe a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit. Dá bhrí sin, tá leibhéal áirithe comhchuibhithe riachtanach chun saobhadh trádála a sheachaint.

    (14)

    Tá gá le córas cuí comharthaí suímh fadtéarma, agus é bunaithe ar an bprionsabal gur cheart go léireodh leibhéal na muirear ar rochtain ar an ngréasán an comhardú idir giniúint agus tomhaltas sa réigiún lena mbaineann, ar an mbonn go ndéantar difreáil maidir leis na muirir ar rochtain ar an ngréasán a ghearrtar ar tháirgeoirí agus/nó ar thomhaltóirí.

    (15)

    Ní bheadh sé oiriúnach go gcuirfí taraifí achar-choibhneasta i bhfeidhm nó, ar choinníoll go mbeadh comharthaí suímh iomchuí i bhfeidhm, go ndéanfaí taraif shonrach nach mbeadh le híoc ach amháin ag onnmhaireoirí nó allmhaireoirí a chur i bhfeidhm chomh maith leis an muirear ginearálta ar rochtain ar an ghréasán náisiúnta.

    (16)

    Is é atá sa réamhchoinníoll maidir le hiomaíocht éifeachtach sa mhargadh inmheánach sa leictreachas ná muirir neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha a bheith ann ar úsáid an ghréasáin, lena n-áirítear línte idirnasctha sa chóras tarchurtha. Ba cheart an acmhainn atá ar fáil sna línte sin a shocrú ar na leibhéil uasta atá i gcomhréir leis na caighdeáin sábháilteachta i ndáil le hoibriú slán an ghréasáin.

    (17)

    Tá sé tábhachtach go seachnófar saobhadh iomaíochta mar thoradh ar chaighdeáin éagsúla sábháilteachta, oibríochta agus pleanála a bheith in úsáid ag oibreoirí córas tarchurtha sna Ballstáit. Thairis sin, ba cheart go mbeadh trédhearcacht ann do rannpháirtithe sa mhargadh maidir leis an acmhainn aistrithe atá ar fáil agus maidir leis na caighdeáin slándála, pleanála agus oibríochta a dhéanann difear don acmhainn aistrithe atá ar fáil.

    (18)

    De réir an fhaireacháin atá déanta ag an gCoimisiún agus ag na húdaráis rialála náisiúnta ar an margadh le blianta beaga anuas, léirítear nach leor na ceanglais reatha trédhearcachta agus na rialacha reatha maidir le rochtain ar bhonneagar chun fíormhargadh inmheánach a fheidhmíonn go maith agus atá oscailte agus éifeachtúil a bhaint amach.

    (19)

    Tá gá le rochtain chomhionann ar fhaisnéis maidir le stádas fisiceach agus le héifeachtúlacht an chórais ionas go mbeidh rannpháirtithe uile an mhargaidh in ann staid fhoriomlán an éilimh agus an tsoláthair a mheasúnú agus go mbeidh siad in ann cúiseanna na n-athruithe sa phraghas mórdhíola a shainaithint. Áirítear leis sin, faisnéis níos cruinne ar ghiniúint, ar sholáthar agus ar éileamh leictreachais, lena n-áirítear réamhfhaisnéisí, acmhainn an ghréasáin agus an idirnaisc, sreabha agus cothabháil, cothromú agus acmhainn chúltaca.

    (20)

    D'fhonn muinín sa mhargadh a fheabhsú, ní foláir do na rannpháirtithe a bheith cinnte go bhféadfar iad siúd a ghabhann do mhí-úsáid a chur faoi réir pionós atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ba cheart go dtabharfaí an inniúlacht do na húdaráis inniúla chun líomhaintí maidir le mí-úsáid an mhargaidh a fhiosrú go héifeachtach. Chun na críche sin, is gá rochtain a bheith ag na húdaráis inniúla ar shonraí ina bhfuil faisnéis maidir le cinntí oibríochtúla a ghlacann gnóthais soláthair. Déanann ginteoirí go leor cinntí ábhartha i margadh an leictreachais agus ba cheart dóibh an fhaisnéis i dtaca leis sin a choimeád ar fáil do na húdaráis inniúla, agus rochtain éasca a bheith ag na húdaráis sin uirthi, go ceann tréimhse socraithe. Dá bhrí sin, ba cheart go ndéanfadh na húdaráis inniúla faireachán go tráthrialta ar chomhlíonadh na rialacha ar thaobh na n-oibreoirí córas tarchurtha. Ba cheart go mbeadh díolúine ón oibleagáid sin ag ginteoirí beaga nach bhfuil de chumas acu i ndáiríre an margadh a shaobhadh.

    (21)

    Ba cheart go mbeadh rialacha ann maidir le húsáid an ioncaim a eascraíonn as nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú, mura rud é go mbeadh cineál sonrach an idirnascaire lena mbaineann ina údar maith le díolúine ó na rialacha sin.

    (22)

    Ba cheart go ndéanfadh bainistiú ar fhadhbanna an phlódaithe comharthaí eacnamaíocha cuí a sholáthar d'oibreoirí córas tarchurtha agus do rannpháirtithe sa mhargadh agus ba cheart go mbeadh an bainistiú sin bunaithe ar shásraí an mhargaidh.

    (23)

    Ba cheart infheistíochtaí i mbonneagar mór nua a chur chun cinn go láidir agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh sa leictreachas a áirithiú ag an am céanna. D'fhonn an tionchar dearfach atá ag idirnascairí díolmhaithe srutha dhírigh ar iomaíocht agus ar chinnteacht soláthair a fheabhsú, ba cheart spéis an mhargaidh a thástáil le linn chéim phleanála an tionscadail agus ba cheart rialacha maidir le bainistiú ar phlódú a ghlacadh. I gcás ina mbeidh idirnascairí srutha dhírigh suite ar chríoch níos mó ná Ballstát amháin, ba cheart don Ghníomhaireacht déileáil leis an iarraidh ar dhíolúine, mar rogha deiridh, le go gcuirfí a himpleachtaí trasteorann san áireamh ar bhealach níos fearr agus chun an láimhseáil riaracháin a gheobhaidh sí a fheabhsú. Thairis sin, mar gheall ar phróifíl riosca neamhghnách a bhaineann leis na mórthionscadail bhonneagair dhíolmhaithe sin a thógáil, ba cheart go mbeadh gnóthais a bhfuil leasanna soláthair agus táirgthe acu in ann tairbhe a bhaint as maolú sealadach ar na rialacha maidir le díchuachadh iomlán do na tionscadail lena mbaineann. Leanfaidh na díolúintí arna ndeonú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 d'fheidhm a bheith acu go dtí an dáta sceidealta éagtha faoi mar a cinneadh sa chinneadh chun díolúine a dheonú.

    (24)

    Chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh sa leictreachas a áirithiú, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta lena gceadaítear cinntí agus Treoirlínte a ghlacadh, inter alia maidir le tairifiú agus leithdháileadh acmhainne ag an gCoimisiún agus fós rannpháirtíocht údaráis rialála na mBallstát a áirithiú sa phróiseas sin, trína gcomhlachas Eorpach i gcás inarb iomchuí sin. Tá ról tábhachtach ag na húdaráis rialála, mar aon le húdaráis ábhartha eile sna Ballstáit, i ndáil le rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh sa leictreachas.

    (25)

    Ba cheart go n-áiritheodh na húdaráis rialála náisiúnta comhlíonadh na rialacha atá sa Rialachán seo agus na dTreoirlínte a ghlactar ar bhonn an Rialacháin seo.

    (26)

    Ba cheart go gceanglófaí ar na Ballstáit agus ar na húdaráis náisiúnta inniúla faisnéis ábhartha a sholáthar don Choimisiún. Ba cheart don Choimisiún déileáil le faisnéis den sórt sin mar fhaisnéis rúnda. I gcás inar gá, ba cheart go mbeadh deis ag an gCoimisiún faisnéis ábhartha a iarraidh go díreach ar na gnóthais lena mbaineann, ar choinníoll go gcuirtear na húdaráis náisiúnta inniúla ar an eolas faoi sin.

    (27)

    Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis a bheidh infheidhme i gcás sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirtear chun feidhme iad. Ní mór go mbeidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

    (28)

    Maidir leis na bearta atá riachtanach chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (7).

    (29)

    Ba cheart, go háirithe, go gcumhachtófaí don Choimisiún na Treoirlínte is gá a bhunú nó a ghlacadh d'fhonn an leibhéal íosta comhchuibhithe is gá a sholáthar chun aidhmeanna an Rialacháin seo a bhaint amach. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

    (30)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon creat comhchuibhithe a sholáthar le haghaidh malartuithe trasteorann leictreachais, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

    (31)

    Ag féachaint do raon feidhme na leasuithe atá á ndéanamh leis seo ar Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003, is inmhianaithe, ar mhaithe le soiléireacht agus le cuíchóiriú, na forálacha i dtrácht a athmhúnlú trína dtabhairt le chéile i dtéacs amháin i Rialachán nua,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    Is é is aidhm don Rialachán seo:

    (a)

    rialacha córa a shocrú maidir le malartuithe trasteorann leictreachais, agus feabhas a chur, sa tslí sin, ar iomaíocht sa mhargadh inmheánach sa leictreachas, agus saintréithe áirithe na margaí náisiúnta agus réigiúnacha á gcur san áireamh. Chuige sin, bunófar sásra cúitimh do shreabha trasteorann an leictreachais agus socrófar prionsabail chomhchuibhithe maidir le muirir tarchurtha trasteorann agus maidir le leithdháileadh acmhainne atá ar fáil sna hidirnaisc idir córais tarchurtha náisiúnta;

    (b)

    teacht chun cinn margaidh mórdhíola sa leictreachas a éascú ar margadh é a bheidh trédhearcach agus a fheidhmeoidh go maith agus a mbeidh leibhéal ard cinnteachta soláthair leictreachais. Foráiltear leis maidir le sásraí chun na rialacha do mhalartuithe trasteorann sa leictreachas a chomhchuibhiú.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    1.   Chun críche an Rialacháin seo, is iad na sainmhínithe atá in Airteagal 2 de Threoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas (8) is infheidhme, ach amháin an sainmhíniú ar ‘idirnascaire’ a gcuirtear an méid seo a leanas ina ionad:

    ciallaíonn ‘idirnascaire’ líne tarchurtha a thrasnaíonn nó a réisíonn teorainn idir Ballstáit agus a nascann córais náisiúnta tarchurtha na mBallstát.

    2.   Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)

    ciallaíonn ‘údaráis rialála’ na húdaráis rialála dá dtagraítear in Airteagal 35(1) de Threoir 2009/72/CE;

    (b)

    ciallaíonn ‘sreabh trasteorainn’ sreabh fisiceach leictreachais ar líonra tarchurtha Ballstáit a eascraíonn as tionchar gníomhaíochtaí na dtáirgeoirí agus/nó na gcustaiméirí lasmuigh den Bhallstát sin ar a ghréasán tarchurtha;

    (c)

    ciallaíonn ‘plódú’ staid a fhágann nach féidir le hidirnasc a nascann gréasáin náisiúnta tarchurtha freastal ar na sreabha fisiceacha uile a eascraíonn as trádáil idirnáisiúnta agus atá á n-iarraidh ag rannpháirtithe sa mhargadh, toisc go bhfuil easpa acmhainne sna hidirnascairí agus/nó sna córais ghréasáin náisiúnta tarchurtha lena mbaineann;

    (d)

    ciallaíonn ‘onnmhairiú dearbhaithe’ seoladh leictreachais i mBallstát amháin ar bhonn bunsocraithe chonarthaigh a chiallaíonn go mbeidh glacadh comhfhreagrach comhuaineach (allmhairiú dearbhaithe) leictreachais i mBallstát eile nó i dtríú tír;

    (e)

    ciallaíonn ‘idirthuras dearbhaithe’ cúinse a fhágann go dtarlaíonn onnmhairiú dearbhaithe leictreachais agus go mbaineann an chonair ainmnithe don idirbheart le tír nach dtarlóidh an seoladh nó an glacadh comhfhreagrach comhuaineach leictreachais inti;

    (f)

    ciallaíonn ‘allmhairiú dearbhaithe’ leictreachas a ghlacadh i mBallstát nó i dtríú tír go comhuaineach le seoladh an leictreachais (onnmhairiú dearbhaithe) i mBallstát eile;

    (g)

    ciallaíonn ‘idirnascaire nua’ idirnascaire nach gcríochnaítear faoin 4 Lúnasa 2003.

    Chun críche an tsásra um chúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha dá dtagraítear in Airteagal 13, agus chun na críche sin amháin, i gcás inar cuid de bhloc rialaithe singil iad gréasáin tarchurtha dhá Bhallstát nó níos mó, go hiomlán nó go páirteach, measfar gur cuid de ghréasán tarchurtha ceann amháin de na Ballstáit lena mbaineann an bloc rialaithe ina iomláine, chun go seachnófar go measfaí maidir le sreabha laistigh de na bloic rialaithe céanna gur sreabha trasteorann iad faoi phointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo agus gur sreabha iad is cúis le híocaíochtaí cúitimh faoi Airteagal 13. Féadfaidh údaráis rialála na mBallstát lena mbaineann a chinneadh cé acu de na Ballstáit lena mbaineann a measfar ina leith gur cuid dá ghréasán tarchurtha é an bloc rialaithe ina iomláine.

    Airteagal 3

    Deimhniúchán oibreoirí córas tarchurtha

    1.   A luaithe is a fhaightear é, scrúdóidh an Coimisiún aon fhógra faoi chinneadh ar dheimhniúchán oibreora córas tarchurtha mar a leagtar síos é in Airteagal 10(6) de Threoir 2009/72/CE. Laistigh de dhá mhí ón lá a bhfaighidh sé an fógra sin, tabharfaidh an Coimisiún a thuairim don údarás rialála náisiúnta ábhartha maidir lena chomhoiriúnacht le hAirteagal 10(2) nó le hAirteagal 11, agus le hAirteagal 9 de Threoir 2009/72/CE.

    Nuair atá an tuairim dá dtagraítear sa chéad fhomhír á hullmhú aige, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an nGníomhaireacht a tuairim a thabhairt ar chinneadh an údaráis rialála náisiúnta. I gcás den sórt sin, déanfar an tréimhse dhá mhí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhadú dhá mhí eile.

    In éagmais tuairime ón gCoimisiún laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, measfar nach bhfuil aon agóid ag an gCoimisiún i gcoinne chinneadh an údaráis rialála.

    2.   Laistigh de dhá mhí ón tráth a fhaightear tuairim ón gCoimisiún, glacfaidh an t-údarás rialála náisiúnta a chinneadh críochnaitheach maidir le deimhniúchán an oibreora córas tarchurtha, agus an aird is mó is féidir á tabhairt ar an tuairim sin. Foilseofar cinneadh an údaráis rialála agus tuairim an Choimisiúin in éineacht lena chéile.

    3.   Féadfaidh na húdaráis rialála agus/nó an Coimisiún, tráth ar bith le linn an nós imeachta, a iarraidh ar oibreoir córais tarchurtha agus/nó ar ghnóthas a dhéanann aon cheann de na feidhmeanna giniúna nó soláthair, aon fhaisnéis a sholáthar atá ábhartha maidir le comhlíonadh a gcúraimí faoin Airteagal seo.

    4.   Déanfaidh na húdaráis rialála agus an Coimisiún rúndacht aon fhaisnéise íogaire tráchtála a chaomhnú.

    5.   Féadfaidh an Coimisiún Treoirlínte a ghlacadh lena leagtar amach mionsonraí an nós imeachta a bheidh le leanúint chun mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

    6.   I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún fógra faoi chinneadh ar dheimhniúchán oibreora córais tarchurtha faoi Airteagal 9(10) de Threoir 2009/72/CE déanfaidh sé cinneadh a bhaineann le deimhniúchán. Comhlíonfaidh an t-údarás rialála cinneadh an Choimisiúin.

    Airteagal 4

    Gréasán Eorpach na n-oibreoirí córas tarchurtha don leictreachas

    Comhoibreoidh na hoibreoirí córas tarchurtha uile ar leibhéal an Chomhphobail tríd an ENTSO don Leictreachas chun comhlánú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh sa leictreachas agus trádáil trasteorann a chur chun cinn agus chun bainistiú optamach, oibríocht chomhordaithe agus forás fónta teicniúil an ghréasáin tarchurtha Eorpaigh don leictreachas a áirithiú.

    Airteagal 5

    An ENTSO don Leictreachas a bhunú

    1.   Faoin 3 Márta 2011 déanfaidh na hoibreoirí córas tarchurtha don leictreachas dréacht-reachtanna, liosta comhaltaí agus dréacht-rialacha nós imeachta an ENTSO don Leictreachas a bheidh le bunú, lena n-áirítear rialacha nós imeachta a bhaineann leis an gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara eile, a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus na Gníomhaireachta.

    2.   Laistigh de dhá mhí ón lá a bhfaighfear iad, tar éis di dul i gcomhairle go foirmiúil le heagraíochtaí atá ionadaitheach do na páirtithe leasmhara uile, go háirithe úsáideoirí an chórais, lena n-áirítear custaiméirí, soláthróidh an Ghníomhaireacht tuairim don Choimisiún maidir leis na dréacht-reachtanna, maidir le liosta na gcomhaltaí agus maidir leis na dréacht-rialacha nós imeachta.

    3.   Tabharfaidh an Coimisiún tuairim maidir leis na dréacht-reachtanna, maidir le liosta na gcomhaltaí agus maidir leis na dréacht-rialacha nós imeachta, agus aird á tabhairt aige ar thuairim na Gníomhaireachta dá bhforáiltear i mír 2, agus déanfar amhlaidh laistigh de thrí mhí ón lá a bhfaighfear an tuairim ón nGníomhaireacht.

    4.   Laistigh de thrí mhí ón lá a bhfaighfear an tuairim ón gCoimisiún, bunóidh na hoibreoirí córas tarchurtha an ENTSO don Leictreachas, agus glacfaidh siad, agus foilseoidh siad, a reachtanna agus a rialacha nós imeachta.

    Airteagal 6

    Cóid ghréasáin a bhunú

    1.   Tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, leis an ENTSO don Leictreachas agus leis na geallsealbhóirí ábhartha eile, bunóidh an Coimisiún liosta tosaíochta bliantúil lena sainaithneofar na réimsí a leagtar amach in Airteagal 8(6) mar réimsí a bheidh le cur san áireamh i bhforbairt na gcód gréasáin.

    2.   Iarrfaidh an Coimisiún ar an nGníomhaireacht creat-treoirlíne neamhcheangailteach (creat-treoirlíne) a chur faoina bhráid laistigh de thréimhse réasúnach nach faide ná sé mhí, ar treoirlíne í lena leagfar amach prionsabail a bheidh oibiachtúil agus soiléir, i gcomhréir le hAirteagal 8(7), maidir le forbairt cód gréasáin a bhaineann leis na réimsí arna sainaithint sa liosta tosaíochta. Rannchuideoidh gach creat-treoirlíne le neamh-idirdhealú, le hiomaíocht éifeachtach agus le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh a chur chun cinn. Ar iarraidh réasúnaithe ón nGníomhaireacht, féadfaidh an Coimisiún an tréimhse sin a fhadú.

    3.   Rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle go foirmiúil leis an ENTSO don Leictreachas agus leis na geallsealbhóirí ábhartha eile maidir leis an gcreat-treoirlíne, le linn tréimhse nach giorra ná dhá mhí, ar bhealach oscailte agus trédhearcach.

    4.   Má mheasann an Coimisiún nach rannchuidíonn an chreat-treoirlíne le neamh-idirdhealú, iomaíocht éifeachtach agus feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh, féadfaidh sé a iarraidh ar an nGníomhaireacht athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat-treoirlíne laistigh de thréimhse réasúnach agus í a chur faoi bhráid an Coimisiún athuair.

    5.   Má mhainníonn an Ghníomhaireacht creat-treoirlíne a chur faoi bhráid an Choimisiún nó í a chur faoina bhráid athuair laistigh den tréimhse arna socrú ag an gCoimisiún faoi mhír 2 nó faoi mhír 4, tarraingeoidh an Coimisiún suas an chreat-treoirlíne neamhcheangailteach i dtrácht.

    6.   Iarrfaidh an Coimisiún ar an ENTSO don Leictreachas cód gréasáin atá i gcomhréir leis an gcreat-treoirlíne ábhartha a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta laistigh de thréimhse réasúnach nach faide ná 12 mhí.

    7.   Laistigh de thréimhse trí mhí ón lá a bhfaighfear cód gréasáin, ar tréimhse í a bhféadfaidh an Ghníomhaireacht dul i gcomhairle go foirmiúil leis na geallsealbhóirí ábhartha lena linn, soláthróidh an Ghníomhaireacht tuairim réasúnaithe don ENTSO don Leictreachas maidir leis an gcód gréasáin.

    8.   Féadfaidh an ENTSO don Leictreachas an cód gréasáin a leasú i bhfianaise thuairim na Gníomhaireachta agus é a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta athuair.

    9.   Nuair is deimhin leis an nGníomhaireacht go bhfuil an cód gréasáin i gcomhréir leis an gcreat-treoirlíne ábhartha, cuirfidh an Ghníomhaireacht an cód gréasáin faoi bhráid an Choimisiúin agus féadfaidh sí a mholadh go nglacfar é laistigh de thréimhse ama réasúnach. Mura nglacfaidh an Coimisiún an cód gréasáin, luafaidh sé na cúiseanna atá leis sin.

    10.   I gcás an ENTSO don Leictreachas a bheith tar éis mainneachtain cód gréasáin a fhorbairt laistigh den thréimhse ama a bheidh socraithe ag an gCoimisiún faoi mhír 6, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an nGníomhaireacht dréachtchód gréasáin a ullmhú ar bhonn na creat-treoirlíne ábhartha. Féadfaidh an Ghníomhaireacht dul i mbun tuilleadh comhairliúcháin le linn dréachtchód gréasáin a ullmhú faoin mír seo. Déanfaidh an Ghníomhaireacht dréachtchód gréasáin, arna ullmhú faoin mír seo, a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus féadfaidh sí a mholadh go nglacfar é.

    11.   Féadfaidh an Coimisiún cód gréasáin amháin nó níos mó sna réimsí a liostaítear in Airteagal 8(6) a ghlacadh, ar a thionscnamh féin, i gcás an ENTSO don Leictreachas a bheith tar éis mainneachtain cód gréasáin a fhorbairt nó i gcás an Ghníomhaireacht a bheith tar éis mainneachtain dréachtchód gréasáin dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo a ullmhú, nó ar mholadh ón nGníomhaireacht faoi mhír 9 den Airteagal seo.

    I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún cód gréasáin a ghlacadh ar a thionscnamh féin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, leis an ENTSO don Leictreachas agus leis na geallsealbhóirí ábhartha uile maidir leis an dréachtchód gréasáin le linn tréimhse nach giorra ná dhá mhí. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

    12.   Beidh an tAirteagal seo gan dochar do cheart an Choimisiúin na Treoirlínte a ghlacadh agus a leasú mar atá leagtha síos in Airteagal 18.

    Airteagal 7

    Leasuithe ar chóid ghréasáin

    1.   Féadfaidh daoine ar dóigh dóibh leas a bheith acu sa chód gréasáin, lena n-áirítear an ENTSO don Leictreachas, oibreoirí córais tarchurtha, úsáideoirí córas agus tomhaltóirí, dréachtleasuithe ar aon chód gréasáin a ghlactar faoi Airteagal 6 a mholadh don Ghníomhaireacht. Ar a tionscnamh féin, féadfaidh an Ghníomhaireacht leasuithe a mholadh freisin.

    2.   Rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na geallsealbhóirí go léir i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 9991/2009. Tar éis an phróisis sin, féadfaidh an Ghníomhaireacht tograí réasúnaithe le haghaidh leasuithe a chur chuig an gCoimisiún, á mhíniú conas atá na tograí sin i gcomhréir le cuspóirí na gcód gréasáin a leagtar amach in Airteagal 6(2).

    3.   Féadfaidh an Coimisiún leasuithe a ghlacadh ar aon chód gréasáin arna ghlacadh faoi Airteagal 6, agus moltaí na Gníomhaireachta á gcur san áireamh aige. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

    4.   Le linn na leasuithe atá beartaithe faoin nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 23(2) a bheith á mbreithniú, ní bhreithneofar ach amháin na gnéithe a bhaineann leis an leasú atá beartaithe. Beidh na leasuithe sin atá beartaithe gan dochar do leasuithe eile a fhéadfaidh an Coimisiún a mholadh.

    Airteagal 8

    Cúraimí an ENTSO don Leictreachas

    1.   Tarraingeoidh an ENTSO don Leictreachas suas cóid ghréasáin sna réimsí dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 6(6).

    2.   Féadfaidh an ENTSO don Leictreachas cóid ghréasáin a tharraingt suas sna réimsí a leagtar amach i mír 6 d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 a bhaint amach, i gcás nach mbainfidh na cóid sin le réimsí a chumhdaítear leis an iarraidh a dhíreoidh an Coimisiún chuige. Cuirfear na cóid ghréasáin sin faoi bhráid na Gníomhaireachta le go dtabharfaidh sí tuairim ina leith. Tabharfaidh an ENTSO don Leictreachas aird chuí ar an tuairim sin.

    3.   Glacfaidh an ENTSO don Leictreachas:

    (a)

    uirlisí coiteanna d'oibriú an ghréasáin, lena áirithiú go ndéanfar comhordú ar oibriú an ghréasáin i ngnáthdhálaí agus i ndálaí éigeandála, lena n-áirítear scála coiteann chun teagmhais a aicmiú agus pleananna taighde;

    (b)

    plean forbartha líonra neamhcheangailteach deich mbliana uile-Chomhphobail, (plean forbartha líonra uile-Chomhphobail), lena n-áirítear tuar Eorpach ar leordhóthanacht giniúna, gach dhá bhliain;

    (c)

    moltaí maidir le comhordú an chomhair theicniúil idir oibreoirí córas tarchurtha sa Chomhphobal agus oibreoirí córas tarchurtha i dtríú tíortha;

    (d)

    clár oibre bliantúil;

    (e)

    tuarascáil bhliantúil;

    (f)

    tuar bliantúil ar leordhóthanacht giniúna an tsamhraidh agus an gheimhridh.

    4.   Cumhdófar leis an tuar ar leordhóthanacht giniúna Eorpach dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3, leordhóthanacht foriomlán an chórais leictreachais chun freastal ar éilimh reatha agus ar éilimh réamh-mheasta ar an leictreachas don tréimhse cúig bliana atá le teacht chomh maith leis an tréimhse idir cúig bliana agus 15 bliana ó dháta an tuair sin. Déanfaidh an tuar Eorpach ar leordhóthanacht giniúna forbairt na tuar náisiúnta ar leordhóthanacht giniúna a ullmhaíonn gach oibreoir córais tarchurtha ar leith.

    5.   Is é a bheidh sa chlár oibre bliantúil dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 3 ná liosta de na cóid ghréasáin atá le hullmhú agus tuairisc orthu, plean maidir le comhordú oibriú an ghréasáin agus gníomhaíochtaí taighde agus forbartha, a dhéanfar an bhliain sin, mar aon le féilire táscach.

    6.   Agus sainiúlachtaí réigiúnacha á gcur san áireamh, más iomchuí, cumhdóidh na cóid ghréasáin dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 na réimsí seo a leanas:

    (a)

    rialacha maidir le slándáil agus iontaofacht an ghréasáin, lena n-áirítear rialacha i dtaca le hacmhainn chúltaca tarchurtha theicniúil do shlándáil oibríochtúil an ghréasáin;

    (b)

    rialacha maidir le nascadh leis an ngréasán;

    (c)

    rialacha maidir le rochtain ag tríú páirtithe;

    (d)

    rialacha maidir le malartú sonraí agus maidir le socrú sonraí;

    (e)

    rialacha idir-inoibritheachta;

    (f)

    nósanna imeachta oibríochtúla i gcás éigeandála;

    (g)

    rialacha maidir le leithdháileadh acmhainne agus maidir le bainistiú ar phlódú;

    (h)

    rialacha trádála a bhaineann le soláthar teicniúil agus oibríochtúil seirbhísí rochtana ar an ngréasán agus le comhardú an chórais;

    (i)

    rialacha trédhearcachta;

    (j)

    rialacha comhardaithe lena n-áirítear rialacha maidir le cumhacht chúltaca a bhaineann leis an ngréasán;

    (k)

    rialacha maidir le struchtúir chomhchuibhithe do tharaifí tarchurtha lena n-áirítear comharthaí suímh agus rialacha maidir le cúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha; agus

    (l)

    éifeachtúlacht an fhuinnimh i dtaca le gréasáin leictreachais.

    7.   Déanfar na cóid ghréasáin a fhorbairt maidir le saincheisteanna a bhaineann le líonraí trasteorann agus saincheisteanna a bhaineann le comhtháthú an mhargaidh agus beidh siad gan dochar do cheart na mBallstát cóid ghréasáin náisiúnta a bhunú nach ndéanann difear don trádáil trasteorann.

    8.   Déanfaidh an ENTSO don Leictreachas faireachán agus anailís ar chur chun feidhme na gcód gréasáin agus na dTreoirlínte arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 6(11), agus ar a n-éifeacht ar chomhchuibhiú na rialacha is infheidhme agus arb é is aidhm dóibh comhtháthú an mhargaidh a éascú. Déanfaidh an ENTSO don Leictreachas a fhionnachtana a thuairisciú don Ghníomhaireacht agus déanfaidh sé torthaí na hanailíse a chur san áireamh sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 3 den Airteagal seo.

    9.   Déanfaidh an ENTSO don Leictreachas an fhaisnéis uile a chur ar fáil a éilíonn an Ghníomhaireacht chun a cúraimí a chomhlíonadh faoi Airteagal 9(1).

    10.   Gach dhá bhliain, glacfaidh agus foilseoidh an ENTSO don Leictreachas plean forbartha gréasáin uile-Chomhphobail. Cuimseofar samhaltú an ghréasáin chomhtháthaithe, forbairt cásanna, tuar Eorpach ar leordhóthanacht giniúna agus measúnú ar stóinseacht an chórais sa phlean forbartha uile-Chomhphobail.

    Go háirithe, déanfar na nithe seo a leanas tríd an bplean forbartha gréasáin uile-Chomhphobail:

    (a)

    cuirfidh sé le pleananna infheistíochta náisiúnta, agus aird á tabhairt ar phleananna infheistíochta réigiúnacha dá dtagraítear in Airteagal 12(1) agus, más iomchuí, ar na gnéithe Comhphobail den phleanáil gréasáin lena n-áirítear na treoirlínte do Ghréasáin Fuinnimh Tras-Eorpacha i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE (9) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

    (b)

    i réimse na n-idirnascairí trasteorann, cuirfidh sé le riachtanais réasúnacha úsáideoirí na gcóras éagsúil agus déanfaidh sé gealltanais fhadtéarmacha ó infheisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 8 agus in Airteagal 13 agus in Airteagal 22 de Threoir 2009/72/CE a chomhtháthú; agus

    (c)

    sainaithneofar sé bearnaí san infheistíocht, go háirithe maidir le hacmhainn trasteorann.

    I dtaca le pointe (c) den dara fomhír, féadfar athbhreithniú a chur mar iarscríbhinn leis an bplean forbartha gréasáin uile-Chomhphobail, is é sin, athbhreithniú ar na bacainní atá ar mhéadú acmhainn trasteorann an ghréasáin agus a eascraíonn as nósanna imeachta nó cleachtais formheasta éagsúla.

    11.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht tuairim i dtaca leis na pleananna forbartha gréasáin deich mbliana náisiúnta d'fhonn measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá siad i gcomhréir leis an bplean forbartha gréasáin deich mbliana uile-Chomhphobail. Má shainaithníonn an Ghníomhaireacht neamhréireachtaí idir plean forbartha gréasáin deich mbliana náisiúnta agus an plean forbartha gréasáin deich mbliana uile-Chomhphobail, molfaidh sé go ndéanfar an plean forbartha gréasáin náisiúnta nó an plean forbartha gréasáin deich mbliana uile-Chomhphobail a leasú de réir mar is cuí. Má fhorbraítear plean forbartha gréasáin náisiúnta deich mbliana den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir 2009/72/CE molfaidh an Ghníomhaireacht don údarás rialála náisiúnta inniúil an plean forbartha gréasáin deich mbliana náisiúnta a leasú i gcomhréir le hAirteagal 22(7) den Treoir sin agus cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún.

    12.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, tabharfaidh an ENTSO don Leictreachas a thuairimí don Choimisiún maidir le glacadh na dTreoirlínte de réir mar atá leagtha síos in Airteagal 18.

    Airteagal 9

    An faireachán a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht

    1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar fhorghníomhú chúraimí an ENTSO don Leictreachas dá dtagraítear in Airteagal 8(1), (2) agus (3) agus tíolacfaidh sí tuarascáil don Choimisiún.

    Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar an mbealach a ndéanann an ENTSO don Leictreachas na cóid ghréasáin arna dtarraingt suas faoi Airteagal 8(2) agus na cóid ghréasáin arna bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 6(1) go dtí (10), ach nach bhfuil glactha ag an gCoimisiún faoi Airteagal 6(11), a chur chun feidhme. I gcás ina mbeidh an ENTSO don Leictreachas tar éis mainneachtain cóid ghréasáin den sórt sin a chur chun feidhme, iarrfaidh an Ghníomhaireacht ar an ENTSO don Leictreachas míniú cuí-réasúnaithe a thabhairt faoin gcúis gur mhainnigh sé déanamh amhlaidh. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an míniú sin in iúl don Choimisiún agus tabharfaidh sí a tuairim ina leith.

    Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán agus anailís ar chur chun feidhme na gcód gréasáin agus na dTreoirlínte arna nglacadh ag an gCoimisiún de réir mar a leagtar síos in Airteagal 6(11), agus ar a n-éifeacht ar chomhchuibhiú na rialacha is infheidhme, arb é is aidhm dóibh comhtháthú an mhargaidh a éascú, agus ar neamh-idirdhealú, ar iomaíocht éifeachtach agus ar fheidhmiú éifeachtúil an mhargaidh, agus tíolacfaidh sí tuarascáil don Choimisiún.

    2.   Déanfaidh an ENTSO don Leictreachas an dréachtphlean forbartha gréasáin uile-Chomhphobail, an dréachtchlár oibre bliantúil, lena n-áirítear an fhaisnéis maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin agus na doiciméid eile dá dtagraítear in Airteagal 8(3) a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta chun a tuairim a fháil.

    Laistigh de thréimhse dhá mhí ón lá a bhfaighfear é, tabharfaidh an Ghníomhaireacht tuairim chuí-réasúnaithe, chomh maith le moltaí, don ENTSO don Leictreachas agus don Choimisiún, i gcás ina measfaidh sé nach rannchuideoidh an dréachtchlár oibre bliantúil nó an dréachtphlean forbartha gréasáin uile-Chomhphobail le neamh-idirdhealú, le hiomaíocht éifeachtach nó le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh nó le leibhéal sásúil idirnaisc trasteorann a bheidh oscailte do rochtain ag tríú páirtithe,.

    Airteagal 10

    Comhairliúcháin

    1.   Agus é ag ullmhú na gcód gréasáin, an dréachtphlean forbartha gréasáin uile-Chomhphobail agus an chláir oibre bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 8(1), (2) agus (3), seolfaidh an ENTSO don Leictreachas próiseas comhairliúcháin forleathan, ag céim luath agus ar bhealach trédhearcach agus oscailte, ina n-áireofar na rannpháirtithe ábhartha go léir sa mhargadh, agus, go háirithe, na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do na geallsealbhóirí uile, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(1). Áireofar sa chomhairliúchán sin na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile, gnóthais soláthair agus giniúna, úsáideoirí córais, lena n-áirítear custaiméirí, oibreoirí córas dáileacháin, lena n-áirítear comhlachais tionsclaíocha ábhartha agus comhlachtaí teicniúla agus grúpaí de gheallsealbhóirí. Is é a bheidh mar aidhm aige ná tuairimí agus tograí na bpáirtithe ábhartha uile a shainaithint i rith an phróisis cinnteoireachta.

    2.   Poibleofar na doiciméid agus na miontuairiscí uile a bhaineann leis na comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 1.

    3.   Sula nglacfaidh sé an clár oibre bliantúil agus na cóid ghréasáin dá dtagraítear in Airteagal 8(1), (2) agus (3), tabharfaidh an ENTSO don Leictreachas le fios conas a rinneadh na barúlacha a fuarthas le linn an chomhairliúcháin a chur san áireamh. I gcás nach mbeidh barúlacha curtha san áireamh, tabharfaidh sé na cúiseanna atá leis sin.

    Airteagal 11

    Costais

    Is iad na hoibreoirí córas tarchurtha a iompróidh na costais a bhaineann le gníomhaíochtaí an ENTSO don Leictreachas dá dtagraítear in Airteagal 4 go hAirteagal 12, agus cuirfear na costais sin san áireamh le linn taraifí a ríomh. Ní dhéanfaidh na húdaráis rialála na costais sin a fhormheas ach amháin má tá siad réasúnach agus comhréireach.

    Airteagal 12

    Comhar réigiúnach idir na hoibreoirí córas tarchurtha

    1.   Bunóidh na hoibreoirí córas tarchurtha comhar réigiúnach laistigh den ENTSO don Leictreachas d'fhonn rannchuidiú leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 8(1), (2) agus (3). Déanfaidh siad, go háirithe, plean infheistíochta réigiúnach a fhoilsiú gach dara bliain agus féadfaidh siad cinntí infheistíochta a ghlacadh a bheidh bunaithe ar an bplean infheistíochta réigiúnach sin.

    2.   Cuirfidh oibreoirí córas tarchurtha socruithe oibríochtúla chun cinn d'fhonn an bainistiú is fearr ar an ngréasán a áirithiú agus déanfaidh siad forbairt malartuithe fuinnimh, leithdháileadh comhordaithe acmhainne trasteorann trí réitigh neamh-idirdhealaitheacha margadh-bhunaithe, agus aird chuí á tabhairt ar thuillteanais shonracha na gceantanna intuigthe do leithdháileadh gearrthéarmach, agus comhtháthú na sásraí um chomhardú agus um chumhacht chúltaca a chur chun cinn.

    3.   Chun na spriocanna atá leagtha síos i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a bhaint amach, féadfaidh an Coimisiún an limistéar geografach a chumhdaíonn gach struchtúr comhair réigiúnaigh a shainiú, ag féachaint do na struchtúir comhair réigiúnaigh atá ann cheana féin. Ceadófar do gach Ballstát comhar a chur chun cinn i níos mó ná limistéar geografach amháin. Maidir leis an mbeart dá dtagraítear sa chéad abairt, ar beart é atá cheaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

    Chuige sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an nGníomhaireacht agus leis an ENTSO don Leictreachas.

    Airteagal 13

    Sásra um chúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha

    1.   Gheobhaidh oibreoirí córas tarchurtha cúiteamh as na costais a thabhaítear mar thoradh ar shreabha leictreachais trasteorann a óstáil ar a ngréasáin.

    2.   Is iad oibreoirí na gcóras náisiúnta tarchurtha ina dtionscnaíonn sreabha trasteorann agus oibreoirí na gcóras náisiúnta tarchurtha ina gcríochnaíonn na sreabha sin a íocfaidh an cúiteamh dá dtagraítear i mír 1.

    3.   Déanfar íocaíochtaí cúitimh ar bhonn rialta maidir le tréimhse ar leith san am atá thart. Déanfar coigeartú ex post ar chúiteamh a íocadh nuair is gá sin chun costais a tabhaíodh iarbhír a léiriú.

    Déanfar an chéad tréimhse a ndéanfar íocaíochtaí cúitimh ina leith a chinneadh sna Treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 18.

    4.   Cinnfidh an Coimisiún méideanna na n-íocaíochtaí cúitimh is iníoctha. Maidir leis an mbeart sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a léasú trína fhorlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

    5.   Méid na sreabh trasteorann a óstáiltear agus méid na sreabh trasteorann a ainmnítear mar shreabha a thionscnaíonn agus/nó a chríochnaíonn i gcórais náisiúnta tarchurtha, cinnfear í ar bhonn na sreabh fisiciúil leictreachais a thomhaistear iarbhír le linn tréimhse ar leith.

    6.   Déanfar na costais a thabhaítear mar thoradh ar shreabha leictreachais trasteorann a óstáil a shuíomh ar bhonn meánchostas incriminteach, fadtréimhseach, réamhbhreathnaitheach, agus caillteanais, infheistíocht i mbonneagar nua, agus cionmhaireacht iomchuí de chostas an bhonneagair atá ann cheana, a mhéid a úsáidtear an bonneagar sin chun sreabha trasteorann a tharchur, á gcur san áireamh agus, go háirithe, an gá le ráthaíocht maidir le cinnteacht an tsoláthair á chur san áireamh. Nuair a bheidh na costais a tabhaíodh á suíomh, úsáidfear modheolaíochtaí costála atá caighdeánach agus aitheanta. D'fhonn an cúiteamh a gheofar a laghdú, cuirfear san áireamh sochair a fhaigheann gréasán mar thoradh ar shreabha trasteorann a óstáil.

    Airteagal 14

    Muirir ar rochtain ar ghréasáin

    1.   Beidh na muirir a ghearrfaidh oibreoirí líonra ar rochtain ar ghréasáin trédhearcach agus cuirfear san áireamh leo an gá le slándáil ghréasáin agus léireofar iontu na costais iarbhír a thabhaítear a mhéid a fhreagraíonn siad do chostais oibreora gréasáin atá éifeachtúil agus a bhfuil struchtúr inchomparáide aige agus cuirfear na muirir sin i bhfeidhm ar mhodh neamh-idirdhealaitheach. Ní bheidh na muirir sin bainteach le hachar.

    2.   Más iomchuí, le leibhéal na dtaraifí a ghearrfar ar tháirgeoirí agus/nó ar thomhaltóirí, soláthrófar comharthaí suímh ar leibhéal an Chomhphobail agus cuirfear san áireamh méid na gcaillteanas gréasáin agus an phlódaithe atá ann, agus costais na hinfheistíochta sa bhonneagar.

    3.   Nuair a bheidh na muirir ar rochtain ar ghréasán á socrú, cuirfear an méid seo a leanas san áireamh:

    (a)

    íocaíochtaí agus fáltais a eascraíonn as an sásra um chúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha;

    (b)

    íocaíochtaí iarbhír a rinneadh agus a fuarthas mar aon le híocaíochtaí tuartha do thréimhsí ama sa todhchaí, agus a ndéantar meastachán orthu ar bhonn tréimhsí san am atá caite.

    4.   Beidh socrú na muirear ar rochtain ar ghréasán gan dochar do mhuirir ar onnmhairiú dearbhaithe agus ar allmhairiú dearbhaithe a eascraíonn ón mbainistiú ar phlódú dá dtagraítear in Airteagal 16.

    5.   Ní ghearrfar aon mhuirear sonrach gréasáin ar idirbhearta aonair maidir le hidirthurais dhearbhaithe leictreachais.

    Airteagal 15

    Faisnéis a sholáthar

    1.   Cuirfidh oibreoirí córas tarchurtha sásraí malartaithe faisnéise agus comhordaithe i bhfeidhm chun slándáil na ngréasán a áirithiú i gcomhthéacs an bhainistithe ar phlódú.

    2.   Poibleofar na caighdeáin sábháilteachta, oibríochtúla agus pleanála a úsáideann oibreoirí córas tarchurtha. Cuimseoidh an fhaisnéis a fhoilseofar scéim ghinearálta chun acmhainn iomlán an aistrithe agus corrlach iontaofachta an tarchuir a ríomh ar bhonn ghnéithe leictreacha agus fisiciúla an ghréasáin. Beidh scéimeanna den sórt sin faoi réir a bhformheasta ag na húdaráis rialála.

    3.   Foilseoidh oibreoirí córas tarchurtha meastacháin ar an acmhainn istrithe atá ar fáil do gach lá, agus léireofar iontu aon acmhainn aistrithe atá ar fáil agus atá curtha in áirithe cheana féin. Déanfar na foilseacháin sin ag eatraimh shonraithe roimh an lá iompair agus cuimseofar iontu, in aon chás, meastacháin a dhéanfar seachtain roimh ré agus mí roimh ré, mar aon le léiriú cainníochtúil maidir le hiontaofacht tuartha na hacmhainne atá ar fáil.

    4.   Foilseoidh na hoibreoirí córas tarchurtha sonraí ábhartha maidir le réamhaisnéis chomhiomlánaithe agus éileamh iarbhír, maidir le hinfhaighteacht agus úsáid iarbhír na sócmhainní giniúna agus lóid, maidir le hinfhaighteacht agus úsáid na ngréasán agus na n-idirnasc, agus maidir le cumhacht agus acmhainn chúltaca a chomhardú. Féadfar sonraí comhiomlánaithe meastacháin a úsáid maidir le hinfhaighteacht agus úsáid iarbhír aonad beag giniúna agus lóid.

    5.   Déanfaidh na rannpháirtithe margaidh lena mbaineann na sonraí ábhartha a sholáthar do na hoibreoirí córas tarchurtha.

    6.   Déanfaidh gnóthais ghiniúna ar leo nó a oibríonn sócmhainní giniúna, i gcás ina bhfuil acmhainn shuiteáilte 250 MW ag ar a laghad ag ceann amháin de na sócmhainní giniúna, na sonraí uile in aghaidh na huaire an chloig agus in aghaidh an ghléasra is gá chun fíorú a dhéanamh maidir leis na cinntí seolta oibríochtúla go léir, agus maidir leis an iompar tairsceana i malartuithe fuinnimh, i gceantanna idirnaisc, i margaí cúltaca agus i margaí thar an gcuntar a choimeád ar fáil don údarás rialála náisiúnta, don údarás iomaíochta náisiúnta agus don Choimisiún, go ceann cúig bliana. Cuimsíonn fhaisnéis in aghaidh an ghléasra agus in aghaidh na huaire an chloig atá le stóráil, ach ní gá gurb iad sin amháin a bheadh i gceist léi, sonraí maidir leis an acmhainn ghiniúna agus na cúltacaí geallta atá ar fáil, lena n-áirítear leithdháileadh na gcúltacaí sin in aghaidh an ghléasra, ag na tráthanna a dhéantar an tairiscint agus nuair a dhéantar an táirgeadh.

    Airteagal 16

    Prionsabail ghinearálta maidir le bainistiú ar phlódú

    1.   Tabharfar aghaidh ar fhadhbanna maidir le plódú gréasáin trí réitigh neamh-idirdhealaitheacha margadh-bhunaithe lena dtabharfar comharthaí eacnamaíocha éifeachtúla do na rannpháirtithe sa mhargadh agus do na hoibreoirí córas tarchurtha lena mbaineann. Is fearr go réiteofar fadhbanna an phlódaithe gréasáin trí mhodhanna nach bhfuil bunaithe ar idirbheart i.e. modhanna nach mbaineann le roghnú idir conarthaí rannpháirtithe aonair sa mhargadh.

    2.   Ní úsáidfear nósanna imeachta um chiorrú idirbhirt ach amháin i gcúinsí éigeandála ina mbeadh ar an oibreoir córais tarchurtha gníomhú ar mhodh gasta agus nach mbeadh athsheoladh nó fritrádáil indéanta. Cuirfear aon nós imeachta den sórt sin i bhfeidhm ar mhodh neamh-idirdhealaitheach.

    Déanfar rannpháirtithe sa mhargadh dar leithdháileadh acmhainn a chúiteamh as aon chiorrú, seachas i gcásanna force majeure.

    3.   Déanfar acmhainn uasta na n-idirnasc agus/nó na ngréasán tarchurtha a dhéanann difear do shreabha trasteorann a chur ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh, agus na caighdeáin sábháilteachta á gcomhlíonadh maidir le hoibriú slán gréasáin.

    4.   Cuirfidh rannpháirtithe sa mhargadh in iúl do na hoibreoirí córas tarchurtha, tráth réasúnach roimh an tréimhse oibríochtúil ábhartha, an bhfuil sé ar intinn acu an acmhainn atá leithdháilte chucu a úsáid. Déanfar aon acmhainn leithdháilte nach n-úsáidfear a athsheoladh isteach sa mhargadh ar mhodh oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.

    5.   Déanfaidh oibreoirí córas tarchurtha, a mhéid is indéanta é go teicniúil, cothromú ar riachtanais acmhainne na sreabh cumhachta leictreachais ag dul sa treo contrártha thar an líne idirnaisc phlódaithe, ionas go n-úsáidfear an líne sin go barr a hacmhainne. Agus lánaird á tabhairt ar shlándáil líonra, ní dhiúltófar riamh d'aon idirbhearta a mhaolóidh an plódú.

    6.   Úsáidfear aon ioncam a eascróidh as leithdháileadh idirnaisc chun na gcríoch seo a leanas:

    (a)

    infhaighteacht iarbhír na hacmhainne leithdháilte a ráthú; agus/nó

    (b)

    acmhainn idirnaisc a chothabháil nó a mhéadú trí infheistíochtaí i líonraí, go háirithe in idirnascairí nua.

    Mura féidir an t-ioncam a úsáid go héifeachtúil chun na gcríoch a leagtar amach i bpointe (a) agus/nó i bpointe (b) den chéad fhomhír, féadfar é a úsáid faoi réir a fhormheasta ag údaráis rialála na mBallstát lena mbaineann, suas go méid uasta a chinnfidh na húdaráis rialála sin, mar ioncam a chuirfidh na húdaráis rialála san áireamh le linn dóibh formheas a dhéanamh maidir leis an mhodheolaíocht chun taraifí gréasáin a ríomh agus/nó a shocrú.

    Cuirfear an chuid eile den ioncam ar líne leithleach inmheánach cuntais go dtí go bhféadfar é a chaitheamh chun na gcríoch a leagtar amach i bpointe (a) agus/nó i bpointe (b) den chéad fhomhír. Cuirfidh an t-údarás rialála na Gníomhaireachta ar an eolas faoin bhformheas dá dtagraítear sa dara fomhír.

    Airteagal 17

    Idirnascairí nua

    1.   Féadfar idirnascairí nua srutha dhírigh a dhíolmhú go ceann tréimhse teoranta, arna iarraidh sin, ó fhorálacha Airteagal 16(6) den Rialachán seo agus Airteagal 9, Airteagal 32 agus Airteagal 37(6) agus (8) de Threoir 2009/72/CE faoi na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    ní mór go bhfeabhsaíonn an infheistíocht an iomaíocht i soláthar an leictreachais;

    (b)

    tá an leibhéal riosca a bhaineann leis an infheistíocht de chineál a fhágann nach ndéanfar an infheistíocht mura dtugtar díolúine;

    (c)

    ní mór an t-idirnascaire a bheith faoi úinéireacht duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh nach ionann, ó thaobh a fhoirm dlí de ar a laghad, agus na hoibreoirí córais ar ina gcórais a thógfar an t-idirnascaire sin;

    (d)

    gearrfar muirir ar úsáideoirí an idirnascaire sin;

    (e)

    ón tráth a tharla oscailt pháirteach an mhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 19 de Threoir 96/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 1996 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas (10), ní dhearnadh aon chuid de chostais chaipitiúla ná de chostais oibriúcháin an idirnascaire a ghnóthú ó aon chuid de na muirir a gearradh as úsáid na gcóras tarchurtha nó dáileacháin a nasctar le chéile leis an idirnascaire; agus

    (f)

    ní chun aimhleas na hiomaíochta ná chun aimhleas fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh sa leictreachas atá an díolúine, ná chun aimhleas fheidhmiú éifeachtúil an chórais atá á rialáil agus a bhfuil an t-idirnascaire nasctha leis.

    2.   Beidh feidhm freisin ag mír 1, i gcásanna eisceachtúla, maidir le hidirnascairí srutha ailtéarnaigh ar choinníoll go mbeidh na costais agus na rioscaí a ghabhann leis an infheistíocht sách ard i gcomparáid leis na costais agus na rioscaí a thabhaítear de ghnáth nuair a dhéantar dhá chóras tarchurtha náisiúnta chomharsanacha a nascadh.

    3.   Beidh feidhm freisin ag mír 1 maidir le méaduithe suntasacha acmhainne in idirnascairí atá ann cheana féin.

    4.   Glacfaidh údaráis rialála na mBallstát lena mbaineann an cinneadh maidir leis an díolúine dá dtagraítear faoi mhír 1, faoi mhír 2 agus faoi mhír 3, ar bhonn cás ar chás. Féadfar acmhainn iomlán nó cuid d'acmhainn an idirnascaire nua, nó acmhainn iomlán nó cuid d'acmhainn an idirnascaire atá ann cheana féin ach a bhfuil méadú suntasach curtha ar a acmhainn, a chumhdach le díolúine.

    Laistigh de dhá mhí ón dáta a mbeidh an iarraidh ar dhíolúine faighte ag an údarás deireanach de na húdaráis rialála lena mbaineann, féadfaidh an Ghníomhaireacht tuairim chomhairleach a chur faoi bhráid na n-údaráis rialála sin, ar tuairim í a d'fhéadfadh a bheith mar bhunús dá gcinneadh.

    Agus cinneadh á dhéanamh i dtaobh díolúine a dheonú, breithneofar, ar bhonn cás ar chás, an gá atá le coinníollacha a fhorchur maidir le ré na díolúine agus maidir le rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an idirnascaire. Agus cinneadh á dhéanamh i dtaobh na gcoinníollacha sin, cuirfear san áireamh, go háirithe, an acmhainn bhreise a bheidh le forbairt nó an modhnú a bheidh le déanamh ar an acmhainn atá ann cheana, creat ama an tionscadail agus na dálaí náisiúnta.

    Sula ndeonóidh siad díolúine, déanfaidh údaráis rialála na mBallstát lena mbaineann cinneadh faoi na rialacha agus faoi na sásraí a bheidh ann leis an acmhainn a bhainistiú agus a leithdháileadh. Áireofar leis na rialacha um bainistiú ar phlódú go mbeidh oibleagáid ann maidir le haon acmhainn neamhúsáidte a thairiscint ar an margadh agus go mbeidh úsáideoirí i dteideal a n-acmhainní conarthacha a thrádáil ar an margadh tánaisteach. Agus measúnú á dhéanamh ar na critéir dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (f) de mhír 1, cuirfear san áireamh torthaí an nós imeachta um leithdháileadh acmhainne.

    I gcás ina dtagann na húdaráis rialála go léir lena mbaineann ar chomhaontú, laistigh de shé mhí, faoin gcinneadh i dtaobh na díolúine, cuirfidh siad an cinneadh sin in iúl don Ghníomhaireacht.

    Maidir leis an gcinneadh i dtaobh na díolúine, lena n-áirítear aon choinníollacha dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo, beidh sé cuí-réasúnaithe agus foilseofar é.

    5.   Glacfaidh an Ghníomhaireacht an cinneadh dá dtagraítear i mír 4:

    (a)

    i gcás nach mbeidh na húdaráis rialála go léir lena mbaineann in ann teacht ar chomhaontú laistigh de shé mhí ón dáta ar iarradh an díolúine os comhair an údaráis dheireanaigh de na húdaráis rialála sin; nó

    (b)

    arna iarraidh sin go comhpháirteach do na húdaráis rialála lena mbaineann.

    Sula ndéanfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh den sórt sin, rachaidh sí i gcomhairle leis na húdaráis rialála lena mbaineann agus leis na hiarratasóirí.

    6.   D'ainneoin mhír 4 agus mhír 5, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go gcuirfidh an t-údarás rialála nó go gcuirfidh an Ghníomhaireacht, de réir mar a bheidh, a thuairim nó a tuairim maidir leis an iarraidh ar dhíolúine faoi bhráid an chomhlachta ábhartha sa Bhallstát, le cinneadh foirmiúil a fháil ina taobh. Foilseofar an tuairim sin in éineacht leis an gcinneadh.

    7.   Déanfaidh na húdaráis rialála cóip de gach iarraidh ar dhíolúine a tharchur gan mhoill mar eolas chuig an nGníomhaireacht agus chuig an gCoimisiún ar an iarraidh sin a fháil dóibh. Déanfaidh na húdaráis rialála lena mbaineann, nó an Ghníomhaireacht (na comhlachtaí a thugann fógra), fógra faoin gcinneadh a thabhairt don Choimisiún gan mhoill, mar aon leis an bhfaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis an gcinneadh. Féadfar an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin i bhfoirm chomhiomlán, le go bhféadfaidh an Choimisiún teacht ar chinneadh a mbeidh bonn maith faoi. Beidh an méid seo a leanas, go háirithe, san fhaisnéis sin:

    (a)

    na cúiseanna mionsonraithe ar ar a mbonn a deonaíodh nó a diúltaíodh an díolúine, lena n-áirítear an fhaisnéis airgeadais lena gcosnaítear an gá atá leis an díolúine;

    (b)

    an anailís a rinneadh ar an éifeacht a bheidh ar an iomaíocht agus ar fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh sa leictreachas, mar thoradh ar dheonú na díolúine;

    (c)

    na cúiseanna atá leis an tréimhse ama agus an sciar d'acmhainn iomlán an idirnascaire i dtrácht agus a bhfuil an díolúine á deonú ina leith; agus

    (d)

    toradh an chomhairliúcháin a rinneadh leis na húdaráis rialála lena mbaineann.

    8.   Laistigh de thréimhse dhá mhí ón lá tar éis an dáta a bhfaighfear an fógra faoi mhír 7, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh lena n-iarrfar ar na comhlachtaí a thugann fógra leasú a dhéanamh ar an gcinneadh chun díolúine a dheonú, nó an cinneadh sin a tharraingt siar. Féadfar an tréimhse dhá mhí sin a fhadú go ceann tréimhse bhreise dhá mhí i gcás ina mbeidh faisnéis bhreise á lorg ag an gCoimisiún. Tosóidh an tréimhse bhreise sin ar an lá tar éis an dáta a bhfaighfear an fhaisnéis iomlán. Féadfar an tréimhse tosaigh dhá mhí a fhadú freisin le toiliú an Choimisiúin agus na gcomhlachtaí a thugann fógra araon.

    Más rud é nach soláthrófar an fhaisnéis a iarradh laistigh den tréimhse a leagtar síos san iarraidh, measfar go bhfuil an fógra tarraingthe siar mura rud é, roimh dheireadh na tréimshe sin, go bhfadaítear an tréimhse le toiliú an Choimisiúin agus na gcomhlachtaí a thugann fógra araon nó go gcuireann na comhlachtaí a thugann fógra in iúl don Choimisiún, i ráiteas cuí-réasúnaithe, go measann siad go bhfuil an fógra iomlán.

    Comhlíonfaidh na comhlachtaí a thugann fógra cinneadh ón gCoimisiúin chun an cinneadh i dtaobh díolúine a leasú nó a tharraingt siar laistigh de mhí amháin agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

    Caomhnóidh an Coimisiún rúndacht aon fhaisnéise tráchtála íogaire.

    Rachaidh formheas an Choimisiúin maidir le cinneadh i dtaobh díolúine in éag dhá bhliain tar éis an dáta ar glacadh é, i gcás nach mbeidh an obair thógála ar an idirnascaire tosaithe faoin dáta sin agus cúig bliana tar éis an dáta ar glacadh é mura mbeidh an t-idirnascaire ag feidhmiú faoin dáta sin, mura rud é go gcinneann an Coimisiún gurb ann d'aon mhoill mar gheall ar chonstaicí nach raibh aon neart ag an duine ar deonaíodh an díolúine dó orthu.

    9.   Féadfaidh an Coimisiún Treoirlínte a ghlacadh chun na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm agus féadfaidh sé an nós imeachta a leagan amach a bheidh le leanúint d'fhonn mír 4, mír 7, agus mír 8 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

    Airteagal 18

    Treoirlínte

    1.   I gcás inarb iomchuí, agus i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 13 agus Airteagal 14, sonrófar an méid seo a leanas sna Treoirlínte a bhaineann leis an sásra um chúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha:

    (a)

    mionsonraí an nós imeachta lena gcinntear cé acu d'oibreoirí na gcóras tarchurtha a dhlífidh cúiteamh a íoc as sreabha trasteorann, lena n-áirítear an deighilt idir oibreoirí na gcóras náisiúnta tarchurtha ina dtionscnaíonn sreabha trasteorann agus oibreoirí na gcóras náisiúnta tarchurtha ina gcríochnaíonn na sreabha sin, i gcomhréir le hAirteagal 13(2);

    (b)

    mionsonraí an nós imeachta íocaíochta a bheidh le leanúint, lena n-áirítear an chéad tréimhse a n-íocfar cúiteamh ina leith a chinneadh, i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 13(3);

    (c)

    mionsonraí na modheolaíochtaí lena gcinnfear na sreabha trasteorann a óstáiltear agus a n-íocfar cúiteamh ina leith faoi Airteagal 13, ó thaobh chainníocht agus chineál na sreabh, agus lena gcinnfear ainmniú méideanna na sreabh sin mar shreabha a thionscnaíonn agus/nó a chríochnaíonn i gcórais tarchurtha Ballstát aonair, i gcomhréir le hAirteagal 13(5);

    (d)

    mionsonraí na modheolaíochta lena gcinnfear na costais agus na sochair a thabhaítear mar thoradh ar shreabha trasteorann a óstáil, i gcomhréir le hAirteagal 13(6);

    (e)

    mionsonraí na cóireála ar shreabha leictreachais a thionscnaíonn nó a chríochnaíonn i dtíortha lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus é sin i gcomhthéacs an tsásra um chúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha; agus

    (f)

    rannpháirtíocht na gcóras náisiúnta atá idirnasctha trí línte srutha dhírigh, i gcomhréir le hAirteagal 13.

    2.   Féadfar, leis na Treoirlínte, rialacha iomchuí a chinneadh freisin as a dtiocfaidh comhchuibhiú leanúnach na mbunphrionsabal ar dá réir a shocraítear muirir a ghearrtar ar tháirgeoirí agus ar thomhaltóirí (lód) faoi chórais taraifí náisiúnta, lena n-áirítear an sásra um chúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha a chur san áireamh sna muirir gréasáin náisiúnta agus comharthaí suímh éifeachtúla agus ábhartha a sholáthar, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 14.

    Déanfar foráil leis na Treoirlínte maidir le comharthaí suímh comhchuibhithe iomchuí agus éifeachtúla ar leibhéal an Chomhphobail.

    Ní chuirfidh aon chomhchuibhiú den sórt sin cosc ar na Ballstáit sásraí a chur i bhfeidhm lena n-áiritheofar go mbeidh na muirir a íocann custaiméirí (lód) inchomparáide ar fud a gcríche.

    3.   I gcás inarb iomchuí, sonrófar an méid seo a leanas freisin sna Treoirlínte lena soláthraítear an leibhéal íosta comhchuibhithe is gá chun aidhm an Rialacháin seo a bhaint amach:

    (a)

    mionsonraí maidir le soláthar faisnéise, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 15;

    (b)

    mionsonraí i dtaca leis na rialacha maidir le trádáil leictreachais;

    (c)

    mionsonraí i dtaca leis na rialacha maidir le dreasacht infheistíochta d'acmhainn idirnascairí, lena n-áirítear comharthaí suímh;

    (d)

    mionsonraí i dtaca leis na réimsí a liostaítear in Airteagal 8(6).

    Chuige sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an nGníomhaireacht agus leis an ENTSO don Leictreachas.

    4.   In Iarscríbhinn I, leagtar síos Treoirlínte maidir le bainistiú agus leithdháileadh acmhainn tarchurtha na n-idirnascairí atá ar fáil idir córais náisiúnta.

    5.   Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh i ndáil leis na saincheisteanna a liostaítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo. Féadfaidh sé na treoirlínte dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a leasú, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 15 agus in Airteagal 16, go háirithe chun treoirlínte mionsonraithe maidir leis na modheolaíochtaí uile um leithdháileadh acmhainne a chuirtear i bhfeidhm go praiticiúil a chur san áireamh agus chun a áirithiú go bhforbrófar sásraí um bainistiú ar phlódú ar bhealach a bheidh comhoiriúnach le cuspóirí an mhargaidh inmheánaigh. I gcás inarb iomchuí le linn leasuithe den sórt sin a dhéanamh, bunófar comhrialacha maidir le caighdeáin íosta sábháilteachta agus oibríochta i ndáil le húsáid agus oibriú an ghréasáin, dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

    Le linn treoirlínte a ghlacadh nó á leasú, déanfaidh an Coimisiún mar a leanas:

    (a)

    áiritheoidh sé go soláthraíonn na treoirlínte an leibhéal íosta comhchuibhithe is gá chun aidhmeanna an Rialacháin seo a bhaint amach agus nach rachaidh siad thar a bhfuil riachtanach chun na críche sin; agus

    (b)

    léireoidh sé na gníomhaíochtaí a rinne sé i ndáil le comhréireacht rialacha tríú tíortha, ar cuid de chóras leictreachais an Chomhphobail iad, leis na Treoirlínte i dtrácht.

    Le linn Treoirlínte a ghlacadh den chéad uair faoin Airteagal seo, áiritheoidh an Coimisiún go gcumhdófar, le haon dréachtbheart amháin, na saincheisteanna sin ar a laghad dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (d) de mhír 1 agus i mír 2.

    Airteagal 19

    Údaráis rialála

    Le linn a bhfreagrachtaí a fheidhmiú, áiritheoidh na húdaráis rialála go gcomhlíonfar an Rialachán seo agus go gcomhlíonfar na Treoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagal 18. I gcás inarb iomchuí chun aidhmeanna an Rialacháin seo a chomhlíonadh, rachaidh na húdaráis rialála i gcomhar lena chéile, leis an gCoimisiún agus leis an nGníomhaireacht i gcomhlíonadh Chaibidil IX de Threoir 2009/72/CE.

    Airteagal 20

    Faisnéis a sholáthar agus rúndacht

    1.   Déanfaidh na Ballstáit agus na húdaráis rialála an fhaisnéis go léir is gá chun críocha Airteagal 13(4) agus Airteagal 18, a sholáthar don Choimisiún, arna iarraidh sin dó.

    Go háirithe, chun críocha Airteagal 13(4) agus (6), déanfaidh na húdaráis rialála, ar bhonn tráthrialta, faisnéis a sholáthar maidir leis na costais iarbhír a thabhaíonn na hoibreoirí náisiúnta córas tarchuir, mar aon le sonraí agus an fhaisnéis ábhartha uile maidir leis na sreabha fisiciúla i ngréasáin na n-oibreoirí córas tarchurtha agus maidir le costas na ngréasán.

    Socróidh an Coimisiún teorainn ama réasúnach chun faisnéis a sholáthar, agus castacht na faisnéise is gá agus an phráinn a ghabhann leis an ngá sin á gcur san áireamh.

    2.   Más rud é nach soláthraíonn an Ballstát nó an t-údarás rialála lena mbaineann an fhaisnéis sin laistigh den teorainn ama a shocraítear de bhun mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis uile is gá chun críche Airteagal 13(4) agus Airteagal 18 a iarraidh go díreach ar na gnóthais lena mbaineann.

    Agus iarraidh ar fhaisnéis á seoladh aige chuig gnóthas, seolfaidh an Coimisiún cóip den iarraidh, an tráth céanna, chuig údarás rialála an Bhallstáit a bhfuil ceannoifig an ghnóthais suite ina chríoch.

    3.   Ina iarraidh ar fhaisnéis faoi mhír 1, luafaidh an Coimisiún bunús dlí na hiarrata sin, an teorainn ama ar laistigh di is gá an fhaisnéis a sholáthar, cuspóir na hiarrata, agus na pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 22(2) i gcás ina ndéantar faisnéis a sholáthar atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach. Socróidh an Coimisiún teorainn ama réasúnach, agus castacht na faisnéise is gá agus an phráinn a ghabhann leis an ngá sin á gcur san áireamh.

    4.   Déanfaidh úinéirí na ngnóthas nó a n-ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha, na daoine a bhfuil údarú acu a bheith ina n-ionadaithe dóibh faoin dlí nó faoina n-ionstraim chorpraithe, an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar. I gcás ina ndéanfaidh dlíodóirí atá údaraithe go cuí chun gníomhú amhlaidh an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant, beidh freagracht iomlán fós ar an gcliant i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

    5.   I gcás nach soláthraíonn gnóthas an fhaisnéis a iarrtar laistigh den teorainn ama a shocraíonn an Coimisiún nó i gcás ina soláthraíonn sé faisnéis neamhiomlán, féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh, a cheangal go soláthrófar an fhaisnéis. Sonrófar, leis an gcinneadh, an fhaisnéis atá á hiarraidh agus socrófar teorainn ama iomchuí ar féidir an fhaisnéis a sholáthar laistigh di. Sonrófar ann na pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 22(2). Sonrófar ann freisin, an ceart chun an cinneadh a chur á athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach.

    Déanfaidh an Coimisiún, an tráth céanna, cóip dá chinneadh a sheoladh chuig údaráis rialála an Bhallstáit a bhfuil cónaí ar an duine ina chríoch nó a bhfuil ceannoifig an ghnóthais suite ina chríoch.

    6.   Is chun críocha Airteagal 13(4) agus Airteagal 18 agus chun críocha na nAirteagal sin amháin a úsáidfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.

    Ní nochtfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis a gheofar de bhun an Rialacháin seo ar faisnéis í de chineál a chumhdaítear faoi oibleagáid na rúndachta gairmiúla.

    Airteagal 21

    Ceart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le bearta níos mionsonraithe

    Beidh an Rialachán seo gan dochar do chearta na mBallstát bearta a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach ar bearta iad ina bhfuil forálacha níos mionsonraithe ná na forálacha a leagtar amach sa Rialachán seo nó sna Treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 18.

    Airteagal 22

    Pionóis

    1.   Gan dochar do mhír 2, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir leis na pionóis a bheidh infheidhme i gcás sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear na forálacha sin chun feidhme. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Déanfaidh na Ballstáit, faoin 1 Iúil 2004, fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis na rialacha sin a chomhfhreagraíonn do na forálacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill maidir le haon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha sin nach gcomhfhreagraíonn do na forálacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 faoin 3 Márta 2011 agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill don Choimisiún maidir le haon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

    2.   Féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh, fíneálacha nach mó ná 1 % de láimhdeachas iomlán na bliana gnó roimhe sin a fhorchur ar ghnóthais i gcás ina ndéanfaidh siad, d'aon ghnó nó go faillíoch, faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar mar fhreagairt ar iarraidh arna déanamh de bhun Airteagal 20(3) nó i gcás ina mainneoidh siad faisnéis a sholáthar laistigh den teorainn ama arna socrú le cinneadh arna ghlacadh de bhun na chéad fhomhíre Airteagal 20(5).

    Le linn méid fíneála a shocrú, tabharfar aird ar thromchúis na mainneachtana ceanglais na chéad fhomhíre a chomhlíonadh.

    3.   Ní pionóis de chineál dlí choiriúil a bheidh sna pionóis dá bhforáiltear de bhun mhír 1 agus ní cinntí de chineál dlí choiriúil a bheidh na cinntí a ghlacfar de bhun mhír 2.

    Airteagal 23

    An nós imeachta coiste

    1.   Tabharfaidh an coiste arna chur ar bun le hAirteagal 46 de Threoir 2009/72/CE cúnamh don Choimisiún.

    2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

    Airteagal 24

    Tuarascáil an Choimisiúin

    Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme an Rialacháin seo. Ina thuairisc faoi Airteagal 47(6) de Threoir 2009/72/CE, tabharfaidh an Coimisiún tuairisc freisin ar an taithí a fuarthas agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm. Go háirithe, déanfar scrúdú sa tuarascáil ar a mhéid a d'éirigh leis an Rialachán seo coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha agus costas-léiritheacha a áirithiú do rochtain ar an ngréasán ar coinníollacha iad a bhaineann le malartuithe trasteorann leictreachais, d'fhonn rannchuidiú leis an rogha atá ag an gcustaiméir i margadh inmheánach sa leictreachas a fheidhmíonn go maith agus d'fhonn rannchuidiú le cinnteacht fhadtéarmach an tsoláthair, agus ar a mhéid atá comharthaí éifeachtacha suímh ann. Más gá, beidh tograí agus/nó moltaí iomchuí ann in éineacht leis an tuarascáil

    Airteagal 25

    Aisghairm

    Aisghairfear Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 ón 3 Márta 2011. Maidir le tagairtí a dhéantar don Rialachán aisghairthe, forléireofar iad mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

    Airteagal 26

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 3 Márta 2011.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Iúil 2009.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    H.-G. PÖTTERING

    Thar ceann na Comhairle,

    An tUachtarán

    E. ERLANDSSON


    (1)  IO C 211, 19.8.2008, lch. 23.

    (2)  IO C 172, 5.7.2008, lch. 55.

    (3)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil), Comhsheasamh ón gComhairle an 9 Eanáir 2009 (IO C 75 E, 31.3.2009, lch. 16) agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Aibreán 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Cinneadh ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009.

    (4)  IO L 176, 15.7.2003, lch. 37.

    (5)  IO L 176, 15.7.2003, lch. 1.

    (6)  Féach leathanach 1 den Iris Oifigúil seo.

    (7)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

    (8)  Féach leathanach 55 den Iris Oifigiúil seo.

    (9)  IO L 262, 22.9.2006, lch. 1.

    (10)  IO L 27, 30.1.1997, lch. 20.


    IARSCRÍBHINN I

    TREOIRLÍNTE MAIDIR LE BAINISTIÚ AGUS LEITHDHÁILEADH NA hACMHAINNE AISTRITHE ATÁ AR FÁIL SNA hIDIRNAISC IDIR CÓRAIS NÁISIÚNTA

    1.   Forálacha Ginearálta

    1.1.   Féachfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha (OCTanna) le glacadh leis na hidirbhearta tráchtála go léir, lena n-áirítear iad sin a bhfuil trádáil trasteorann i gceist leo.

    1.2.   Nuair nach mbeidh aon phlódú ann, ní chuirfear srian ar rochtain ar an idirnasc. I gcás inarb amhlaidh a bheidh de ghnáth, ní bheidh aon ghá le nós imeachta ginearálta buan um leithdháileadh maidir le rochtain ar sheirbhís tarchurtha trasteorann.

    1.3.   I gcás nach mbeidh idirbhearta sceidealta tráchtála i gcomhréir le hoibriú slán na ngréasán, laghdóidh na OCTanna an plódú i gcomhlíonadh cheanglais slándála oibríochtúla an ghréasáin, agus iad ag féachaint lena áirithiú, ag an am céanna, go bhfanfaidh aon chostais ghaolmhara ar leibhéal éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de. Samhlaítear go mbeidh athsheoladh nó fritrádáil leigheasach ann i gcás nach bhféadfar bearta is lú costas a chur i bhfeidhm.

    1.4.   Má thagann plódú struchtúrach chun cinn, déanfaidh na OCTanna modhanna agus socruithe iomchuí a chur chun feidhme láithreach maidir le bainistiú ar phlódú, ar modhanna agus socruithe iad a bheidh sainithe agus comhaontaithe roimh ré. Áiritheofar leis na modhanna um bainistiú ar phlódú go gcomhlíonfaidh na sreabha fisiciúla cumhachta a bhaineann leis an acmhainn tarchurtha leithdháilte ar fad caighdeáin slándála gréasán.

    1.5.   Tabharfaidh na modhanna a ghlacfar chun plódú a bhainistiú comharthaí eacnamaíocha éifeachtúla do rannpháirtithe sa mhargadh agus d'OCTanna, cuirfidh siad iomaíocht chun cinn agus beidh siad oiriúnach lena gcur i bhfeidhm ar bhonn réigiúnach agus ar bhonn uile-Chomhphobail.

    1.6.   Ní dhéanfar aon idirdhealú a bheidh bunaithe ar idirbheart a chur i bhfeidhm i ndáil le bainistiú ar phlódú. Ní dhiúltófar d'iarraidh ar leith ar sheirbhís tarchurtha ach amháin nuair a chomhlíonfar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

    (a)

    gurb é is intuigthe as sreabha fisiciúla incriminteacha cumhachta a eascróidh ó ghlacadh leis an iarraidh seo ná nach bhféadfar oibriú slán an chórais cumhachta a ráthú a thuilleadh, agus

    (b)

    go mbeidh an luach airgeadaíochta a ghabhann leis an iarraidh sa nós imeachta um bainistiú ar phlódú níos ísle ná na hiarrataí eile go léir a bhfuil sé beartaithe ina leith go nglacfar leo don tseirbhís chéanna agus ar na coinníollacha céanna.

    1.7.   Nuair a bheidh réimsí iomchuí na ngréasán á sainiú arb iontu, agus arb eatarthu, a bheidh feidhm ag an mbainistiú ar phlódú, glacfaidh OCTanna treoir ó phrionsabail na cost-éifeachtachta agus ó na prionsabail um íoslaghdú tionchar diúltach ar an margadh inmheánach sa leictreachas. Go sonrach, ní bheidh na OCTanna in ann teorainn a chur ar acmhainn na n-idirnasc d'fhonn plódú laistigh dá réimse rialaithe féin a réiteach, ach amháin ar na cúiseanna thuasluaite nó ar chúiseanna slándála oibríochtúla (1). Má tharlaíonn sé sin, tabharfaidh na OCTanna tuairisc air agus cuirfidh siad in iúl é go trédhearcach do na húsáideoirí córais go léir. Ní fhéadfar glacadh le staid den sórt sin ach amháin go dtí go dtiocfar ar réiteach fadtéarmach. Tabharfaidh na OCTanna tuairisc ar an modheolaíocht agus ar na tionscadail chun an réiteach fadtéarmach a bhaint amach agus cuirfidh siad faoi bhráid na n-úsáideoirí córais go léir iad ar bhealach trédhearcach.

    1.8.   Nuair a bheidh an líonra á chomhardú laistigh den réimse rialaithe trí bhearta oibríochtúla sa ghréasán agus trí athsheoladh, tabharfaidh an OCT aird ar an éifeacht a bheidh ag na bearta sin ar na réimsí rialaithe comharsanacha.

    1.9.   Faoin 1 Eanáir 2008, déanfar sásraí maidir le bainistiú san aon lá amháin ar phlódú acmhainne idirnascaire a bhunú ar bhealach comhordaithe agus faoi choinníollacha slána oibríochtúla, d'fhonn deiseanna trádála a uasmhéadú agus d'fhonn foráil a dhéanamh maidir le comhardú trasteorann.

    1.10.   Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta measúnú go rialta ar na modhanna um bainistiú ar phlódú, agus aird ar leith á tabhairt acu ar chomhlíonadh na bprionsabal agus na rialacha a bhunaítear sa Rialachán seo agus sna Treoirlínte sin agus ar chomhlíonadh na dtéarmaí agus na gcoinníollacha arna socrú ag na húdaráis rialála iad féin faoi na prionsabail agus faoi na rialacha sin. Cuimseoidh an measúnú sin comhairliúchán leis na rannpháirtithe uile sa mhargadh agus staidéir thiomnaithe.

    2.   Modhanna chun bainistiú a dhéanamh ar phlódú

    2.1.   Beidh na modhanna chun bainistiú a dhéanamh ar phlódú bunaithe ar an margadh d'fhonn trádáil éifeachtúil trasteorann a éascú. Chun na críche sin, ní dhéanfar acmhainn a leithdháileadh ach amháin trí cheantanna sainráite (acmhainn) nó trí cheantanna intuigthe (acmhainn agus fuinneamh). Féadfaidh an dá mhodh a bheith ann ag an am céanna i ndáil leis an idirnasc céanna. Féadfar trádáil leanúnach a úsáid maidir le trádáil san aon lá amháin.

    2.2.   Ag brath ar na coinníollacha iomaíochta, d'fhéadfadh sé gur gá, leis na sásraí um bainistiú ar phlódú, go gceadófar leithdháileadh fadtéarmach agus gearrthéarmach acmhainne tarchurtha.

    2.3.   Le gach nós imeachta um leithdháileadh acmhainne, leithdháilfear codán forordaithe den acmhainn idirnaisc atá ar fáil móide aon acmhainn a bheidh fágtha agus nach mbeidh leithdháilte cheana agus aon acmhainn a scaoilfidh sealbhóirí acmhainne ó leithdháiltí roimhe sin.

    2.4.   Déanfaidh na OCTanna daingne acmhainne a bharrfheabhsú, á chur san áireamh oibleagáidí agus cearta na OCTanna lena mbaineann agus oibleagáidí agus cearta na rannpháirtithe sa mhargadh d'fhonn iomaíocht éifeachtach agus éifeachtúil a éascú. Féadfar codán réasúnach den acmhainn a thairiscint don mhargadh ar leibhéal laghdaithe daingne, ach cuirfear coinníollacha cruinne an iompair thar línte trasteorann in iúl do na rannpháirtithe sa mhargadh i gcónaí.

    2.5.   Cearta chun acmhainne daingne tarchurtha a bheidh sna cearta rochtana ar leithdháiltí fadtéarmacha agus meántéarmacha. Beidh siad faoi réir na bprionsabal ‘mura n-úsáidfear í, caillfear í’ nó ‘mura n-úsáidfear í, díolfar í’, an tráth a dhéantar an t-ainmniú.

    2.6.   Saineoidh na OCTanna struchtúr iomchuí chun acmhainn a leithdháileadh idir creataí ama éagsúla. D'fhéadfadh sé go gcuimseodh sé seo rogha chun céatadán íosta acmhainne idirnaisc a chur in áirithe lena leithdháileadh go laethúil nó san aon lá amháin. Beidh struchtúr um leithdháileadh den sórt sin faoi réir a athbhreithnithe ag na húdaráis rialála faoi seach. Le linn a dtograí a tharraingt suas, cuirfidh na OCTanna na nithe seo a leanas san áireamh:

    (a)

    saintréithe na margaí,

    (b)

    na coinníollacha oibríochtúla, amhail na himpleachtaí a bheadh ag comhardú na sceideal atá dearbhaithe go daingean,

    (c)

    leibhéal comhchuibhithe na gcéatadán agus na gcreataí ama a ghlacfar i ndáil leis na sásraí éagsúla leithdháilte acmhainne atá ann.

    2.7.   Ní fhéadfar, leis an leithdháileadh acmhainne, idirdhealú a dhéanamh idir rannpháirtithe sa mhargadh ar mian leo a gcearta a úsáid chun conarthaí déthaobhacha soláthair a úsáid nó chun tairiscintí a dhéanamh ar mhalartuithe fuinnimh. Glacfar na tairiscintí is airde luach, bíodh siad intuigthe nó sainráite, in aon chreat ama ar leith.

    2.8.   I réigiúin ina bhfuil margaí leictreachais réamh-airgeadais dea-fhorbartha a bhfuil a n-éifeachtúlacht léirithe acu, féadfar an acmhainn idirnaisc uile a leithdháileadh trí cheantanna intuigthe.

    2.9.   Seachas i gcás idirnascairí nua a thairbheoidh ó dhíolúine faoi Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 nó faoi Airteagal 17 den Rialachán seo, ní cheadófar praghsanna cúltaca a bhunú i modhanna leithdháilte acmhainne.

    2.10.   I bprionsabal, ceadófar do gach rannpháirtí ionchasach sa mhargadh a bheith rannpháirteach gan srian i bpróiseas an leithdháilte. Chun go seachnófar fadhbanna agus chun nach gcuirfear le fadhbanna a bhaineann le húsáid ionchasach cheannasacht aon rannpháirtí sa mhargadh, féadfaidh na húdaráis ábhartha rialála agus/nó iomaíochta, i gcás inar iomchuí, srianta a fhorchur i gcoitinne nó ar chuideachta aonair mar gheall ar cheannasacht sa mhargadh.

    2.11.   Déanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh an úsáid a bhainfidh siad as an acmhainn a ainmniú go daingean do na OCTanna faoi spriocdháta a bheidh sainithe do gach creat ama. Beidh an spriocdháta sin de chineál a fhágfaidh go mbeidh OCTanna in ann acmhainn nár úsáideadh a athshannadh lena hathleithdháileadh sa chéad chreat ama ábhartha eile — lena n-áirítear seisiúin san aon lá amháin.

    2.12.   Beidh an acmhainn intrádáilte ar bhonn tánaisteach gan bhac, ar choinníoll go gcuirfear an OCT ar an eolas luath go leor roimh ré. I gcás ina ndiúltóidh an OCT d'aon trádáil thánaisteach (idirbheart), ní mór don OCT sin an méid sin a chur in iúl agus a mhíniú go soiléir do na rannpháirtithe sa mhargadh agus é a chur in iúl don údarás rialála.

    2.13.   Déanfar na hiarmhairtí airgeadais a ghabhann le mainneachtain oibleagáidí a urramú maidir le hacmhainn a leithdháileadh a chur ina leith sin atá freagrach as an mainneachtain sin. Más rud é go mainneoidh rannpháirtithe sa mhargadh úsáid a bhaint as an acmhainn a gheall siad a úsáid, nó i gcás acmhainn a cheantáiltear go sainráite, más rud é go mainneoidh rannpháirtithe trádáil ar bhonn tánaisteach nó go mainneoidh siad acmhainn a thabhairt ar ais in am trátha, caillfidh siad na cearta ar an acmhainn sin agus íocfaidh siad muirear costas-léiritheach. Beidh údar maith le haon mhuirir chostas-léiritheacha i leith neamhúsáide acmhainne agus beidh siad comhréireach. Ar an gcuma chéanna, mura gcomhlíonann OCT a chuid oibleagáidí, dlífidh sé cúiteamh a thabhairt don rannpháirtí sa mhargadh as cailleadh a cheart acmhainne. Ní chuirfear aon chaillteanais iarmhartacha san áireamh chuige sin. Leagfar amach roimh ré na coincheapa lárnacha agus na modhanna lena gcinnfear na dliteanais a fhabhrófar mar thoradh ar mhainneachtain oibleagáidí a urramú i leith na n-iarmhairtí airgeadais, agus beidh siad faoi réir a n-athbhreithnithe ag an údarás rialála náisiúnta ábhartha nó ag na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha.

    3.   Comhordú

    3.1.   Déanfaidh na OCTanna lena mbaineann leithdháileadh acmhainne ag idirnasc a chomhordú agus a chur chun feidhme trí na nósanna imeachta coiteanna leithdháilte a úsáid. I gcásanna ina mbeifí ag súil go ndéanfadh malartuithe idir dhá thír (OCTanna) difear suntasach do na coinníollacha maidir le sreabhadh fisiceach in aon tríú tír (OCT), déanfar modhanna bainistithe ar phlódú idir na OCTanna go léir a ndéantar difear dóibh amhlaidh a chomhordú trí nós imeachta comhchoiteann um bainistiú ar phlódú. Áiritheoidh údaráis rialála náisiúnta agus OCTanna nach ndéanfar aon nós imeachta bainistithe plódaithe a mbeidh éifeachtaí suntasacha aige ar shreabha fisiceacha cumhachta leictrí a cheapadh go haontaobhach.

    3.2.   Déanfar modh comhordaithe comhchoiteann um bainistiú ar phlódú agus nós imeachta comhordaithe comhchoiteann leithdháilte acmhainne ar an margadh, ar a laghad go bliantúil, go míosúil agus lá roimh ré, a chur i bhfeidhm faoin 1 Eanáir 2007, idir tíortha sna réigiúin seo a leanas:

    (a)

    Tuaisceart na hEorpa (i.e. an Danmhairg, an tSualainn, an Fhionlainn, an Ghearmáin agus an Pholainn),

    (b)

    Iarthuaisceart na hEorpa (i.e. Benelux, an Ghearmáin agus an Fhrainc),

    (c)

    an Iodáil (i.e. an Iodáil, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ostair, an tSlóivéin agus an Ghréig),

    (d)

    Lár na hEorpa Thoir (i.e. an Ghearmáin, an Pholainn, Poblacht na Seice, an tSlóvaic, an Ungáir, an Ostair agus an tSlóivéin),

    (e)

    Iardheisceart na hEorpa (i.e. an Spáinn, an Phortaingéil agus an Fhrainc),

    (f)

    An Ríocht Aontaithe, Éire agus an Fhrainc,

    (g)

    na Stáit Bhaltacha (i.e. an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin).

    Ag idirnasc lena mbeidh tíortha i gceist a bhfuil baint acu le níos mó ná réigiún amháin, féadfaidh an modh um bainistiú ar phlódú a chuirfear i bhfeidhm a bheith éagsúil d'fhonn go mbeadh na modhanna a chuirfear i bhfeidhm i gcomhréir leis na modhanna a chuirtear i bhfeidhm sna réigiúin eile lena mbaineann na tíortha sin. Sa chás sin, molfaidh na OCTanna lena mbaineann an modh agus beidh an modh sin faoi réir a athbhreithnithe ag na húdaráis rialála ábhartha.

    3.3.   Féadfaidh na réigiúin dá dtagraítear i bpointe 2.8 an acmhainn idirnaisc ar fad a leithdháileadh trí leithdháileadh lá roimh ré a dhéanamh.

    3.4.   Déanfar nósanna imeachta comhoiriúnacha um bainistiú ar phlódú a shainiú sna seacht réigiún sin ar fad d'fhonn margadh inmheánach sa leictreachas atá fíor-chomhtháite a fhoirmiú. Ní thiocfaidh córais réigiúnacha neamh-chomhoiriúnacha sa bhealach ar rannpháirtithe sa mhargadh.

    3.5.   D'fhonn iomaíocht agus trádáil trasteorann atá cóir agus éifeachtúil a chur chun cinn, áireofar sa chomhordú idir na OCTanna laistigh de na réigiúin a leagtar amach i bpointe 3.2 na bearta uile ó ríomh acmhainne agus barrfheabhsú an leithdháilte go hoibriú slán an ghréasáin, agus beidh sannadh soiléir freagrachta ag gabháil leo. Áireofar leis an gcomhordú sin go háirithe:

    (a)

    samhail choiteann tarchurtha a úsáid lena ndéileáiltear go héifeachtúil le lúbshreabha fisiceacha idirspleácha agus ag féachaint do neamhréireachtaí idir sreabha fisiceacha agus tráchtála,

    (b)

    an acmhainn a leithdháileadh agus a ainmniú chun déileáil go héifeachtach le lúbshreabha fisiceacha idirspleácha,

    (c)

    oibleagáidí comhionanna ar shealbhóirí acmhainne i dtaca le faisnéis a sholáthar maidir leis an úsáid atá beartaithe acu don acmhainn, i.e. ainmniú na hacmhainne (do cheantanna sainráite),

    (d)

    creata ama comhionanna agus spriocdhátaí comhionanna,

    (e)

    struchtúr comhionann maidir le hacmhainn a leithdháileadh idir creataí ama éagsúla (mar shampla 1 lá, 3 huaire an chloig, 1 seachtain, etc.) agus maidir le bloic acmhainne a dhíoltar (an méid cumhachta i MW, MWh, etc.),

    (f)

    creat conarthach comhsheasmhach le rannpháirtithe sa mhargadh,

    (g)

    sreabha a fhíorú d'fhonn na ceanglais slándála gréasáin maidir le pleanáil oibríochtúil agus maidir le hoibríochtaí fíorama a chomhlíonadh,

    (h)

    cuntasaíocht agus socrú na ngníomhaíochtaí um bainistiú ar phlódú.

    3.6.   Áireofar sa chomhordú freisin an malartú faisnéise idir na OCTanna. Beidh nádúr, am agus minicíocht na malartuithe faisnéise i gcomhréir leis na gníomhaíochtaí a leagtar amach i bpointe 3.5 agus beidh sé i gcomhréir le feidhmiú na margaí leictreachais. Leis an malartú faisnéise sin, cuirfear, go háirithe, ar chumas na OCTanna an réamhaisnéis is fearr is féidir i leith staid an ghréasáin dhomhanda a dhéanamh d'fhonn na sreabha ina ngréasán agus na hacmhainní idirnaisc a bheidh ar fáil a mheasúnú. Aon OCT a bheidh ag bailiú faisnéise thar ceann OCTanna eile, tabharfaidh sé na torthaí maidir leis an mbailiú sonraí ar ais do na OCTanna rannpháirteacha.

    4.   An tráthchlár le haghaidh oibríochtaí sa mhargadh

    4.1.   Déanfar leithdháileadh na hacmhainne tarchurtha luath go leor roimh ré. Déanfaidh na OCTanna lena mbaineann, roimh gach leithdháileadh, an acmhainn a bheidh le leithdháileadh a fhoilsiú go comhpháirteach agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfear san áireamh an acmhainn a scaoilfear ó aon chearta daingne tarchurtha agus, i gcás inarb ábhartha, ainmniúcháin chomhardaithe ghaolmhara, mar aon le haon tréimhsí ama ina laghdófar an acmhainn nó nach mbeidh sí ar fáil (chun críche cothabhála, mar shampla).

    4.2.   Ag féachaint go hiomlán do shlándáil ghréasáin, déanfar ainmniú na gceart tarchurtha luath go leor roimh ré, roimh sheisiúin lá roimh ré na margaí eagraithe ábhartha uile agus roimh fhoilsiú na hacmhainne a bheidh le leithdháileadh faoin sásra um leithdháileadh sa lá roimh ré nó san aon lá amháin. Déanfar ainmniúcháin na gceart tarchurtha i malairt treo a chomhardú chun úsáid éifeachtúil a bhaint as an idirnasc.

    4.3.   Déanfar leithdháiltí leanúnacha san aon lá amháin i dtaca le hacmhainn tarchurtha atá ar fáil do lá D ar lá D – 1 agus ar lá D, tar éis an sceidil shonraithe um tháirgeadh don lá roimh ré nó an sceidil iarbhír um tháirgeadh don lá roimh ré a eisiúint.

    4.4.   Le linn an oibríocht ghréasáin lá roimh ré a ullmhú, déanfaidh na OCTanna faisnéis a mhalartú le OCTanna comharsanacha, lena n-áirítear an toipeolaíocht réamh-mheasta gréasáin, infhaighteacht agus táirgeadh réamh-mheasta na n-aonad giniúna, agus na lódsreabha chun úsáid an ghréasáin fhoriomláin a bharrfheabhsú trí bhearta oibríochtúla i gcomhlíonadh na rialacha maidir le hoibriú slán an ghréasáin.

    5.   Trédhearcacht

    5.1.   Foilseoidh na OCTanna na sonraí ábhartha uile maidir le hinfhaighteacht an ghréasáin, rochtain ar an ngréasán agus úsáid an ghréasáin, lena n-áirítear tuarascáil i dtaobh cá háit a bhfuil an plódú cad chuige a bhfuil plódú ann, i dtaobh na modhanna a chuirtear i bhfeidhm chun an plódú a bhainistiú agus i dtaobh na bpleananna chun an plódú a bhainistiú amach anseo.

    5.2.   Foilseoidh OCTanna cur síos ginearálta ar an modh um bainistiú ar phlódú a chuirtear i bhfeidhm faoi chúinsí éagsúla chun an acmhainn a bheidh ar fáil don mhargadh a uasmhéadú, agus scéim ghinearálta chun an acmhainn idirnaisc do chreataí ama éagsúla a ríomh, ar scéim í a bheidh bunaithe ar fhíorghnéithe leictreacha agus fisiceacha an ghréasáin. Beidh scéim den sórt sin faoi réir a athbhreithnithe ag údaráis rialála na mBallstát lena mbaineann.

    5.3.   Tabharfaidh na OCTanna tuairisc mion ar na nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú agus na nósanna imeachta um leithdháileadh acmhainne a bheidh in úsáid, mar aon leis na hamanna agus na nósanna imeachta chun iarratas a dhéanamh ar acmhainn, tuairisc ar na táirgí a thairgtear agus ar oibleagáidí agus ar chearta na OCTanna agus an pháirtí a gheobhaidh an acmhainn, lena n-áirítear na dliteanais a fhabhróidh mar thoradh ar mhainneachtain oibleagáidí a urramú, agus cuirfidh siad ar fáil ar bhealach trédhearcach iad d'úsáideoirí ionchasacha uile an ghréasáin.

    5.4.   Beidh na caighdeáin slándála oibríochtúla agus na caighdeáin slándála um pleanáil mar chuid dhílis den fhaisnéis a fhoilseoidh na OCTanna i ndoiciméad oscailte agus poiblí. Beidh an doiciméad sin freisin faoi réir a athbhreithnithe ag na húdaráis rialála náisiúnta freisin.

    5.5.   Foilseoidh na OCTanna an fhaisnéis ábhartha uile maidir le trádáil trasteorann ar bhonn na réamhaisnéise is fearr a fhéadfar a chur ar fáil. D'fhonn an oibleagáid sin a chomhlíonadh, soláthróidh na rannpháirtithe lena mbaineann sa mhargadh na sonraí ábhartha do na OCTanna. Beidh an bealach ina ndéanfar an fhaisnéis sin a fhoilsiú faoi réir a athbhreithnithe ag na húdaráis rialála. Déanfaidh na nithe seo a leanas a fhoilsiú:

    (a)

    go bliantúil ar a laghad: faisnéis ar éabhlóid fhadtéarmach an bhonneagair tarchurtha agus ar a thionchar ar an acmhainn tarchurtha trasteorann;

    (b)

    go míosúil ar a laghad: réamhaisnéisí a bheadh mí roimh ré agus bliain roimh ré maidir leis an acmhainn tarchurtha a bheidh ar fáil don mhargadh, agus an fhaisnéis uile a bheidh ar fáil don OCT tráth a ndéanfaí an ríomh réamhaisnéise (mar shampla, tionchar shéasúir an tsamhraidh agus an gheimhridh ar acmhainn na línte, cothabháil an ghréasáin, infhaighteacht na n-aonad táirgeachta, etc.);

    (c)

    go seachtainiúil ar a laghad: réamhaisnéisí a bheadh seachtain roimh ré maidir leis an acmhainn tarchurtha a bheidh ar fáil don mhargadh, lena gcuirfear san áireamh an fhaisnéis uile a bheidh ar fáil don OCT tráth a ríomhfar an réamhaisnéis, amhail réamhaisnéis na haimsire, na hoibreacha cothabhála a bheadh pleanáilte don ghréasán, infhaighteacht na n-aonad táirgeachta, etc.;

    (d)

    go laethúil ar a laghad: an acmhainn tarchurtha a bheidh ar fáil don mhargadh lá roimh ré nó san aon lá amháin maidir le gach aonad ama sa mhargadh, lena gcuirfear san áireamh na hainmniúcháin chomhardaithe uile lá roimh ré, na sceidil um tháirgeadh lá roimh ré, na réamhaisnéisí ar éileamh agus na hoibreacha cothabhála a bheidh pleanáilte don líonra;

    (e)

    an acmhainn iomlán a leithdháileadh cheana féin, de réir aonaid ama an mhargaidh, agus na coinníollacha ábhartha uile lena bhféadfar an acmhainn a úsáid (mar shampla, praghas díolta ag an gceant, oibleagáidí maidir leis an acmhainn a úsáid, etc.) ionas go ndéanfar aon acmhainn a bheidh fágtha a shainaithint;

    (f)

    an acmhainn a leithdháileadh, a luaithe is féidir tar éis gach leithdháileadh a dhéanamh, chomh maith le léiriú ar na praghsanna a íocadh;

    (g)

    an acmhainn iomlán a úsáideadh, de réir aonaid ama an mhargaidh, díreach i ndiaidh ainmniúcháin;

    (h)

    a ghaire is féidir don fhíoram: sreabha comhiomlánaithe réadaithe tráchtála agus fisiciúla, in aonaid ama an mhargaidh, lena n-áirítear tuairisc ar thionchar aon ghníomhartha ceartaitheacha a dhéanfaidh OCTanna (amhail ciorrú) chun fadhbanna a réiteach sa ghréasán nó sa chóras;

    (i)

    faisnéis ex-ante faoi bhristeacha pleanáilte agus faisnéis ex-post don lá roimh ré faoi bhristeacha pleanáilte agus neamhphleanáilte na n-aonad giniúna is mó ná 100 MW.

    5.6.   Beidh an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil don mhargadh in am trátha chun gach idirbheart a chaibidliú (amhail tráth chaibidliú na gconarthaí soláthair bliantúla do chustaiméirí tionsclaíocha nó an tráth a gcaithfear tairiscintí a chur chuig margaí eagraithe).

    5.7.   Foilseoidh an OCT freisin an fhaisnéis ábhartha faoin éileamh a thuartar agus faoin nginiúint de réir na gcreataí ama dá dtagraítear i bpointe 5.5 agus i bpointe 5.6. Foilseoidh an OCT freisin an fhaisnéis ábhartha is gá don mhargadh trasteorann um chomhardú.

    5.8.   Nuair a dhéanfar na réamhaisnéisí a fhoilsiú, déanfar na luachanna ex-post réadaithe don fhaisnéis a tuaradh a fhoilsiú freisin sa tréimhse i ndiaidh na tréimhse ama a mbaineann an réamhaisnéis léi nó ar a dhéanaí an lá dár gcionn (D + 1).

    5.9.   Déanfar an fhaisnéis go léir a fhoilsíonn na OCTanna a chur ar fáil gan bhacainn i bhfoirm a bheidh inrochtana. Beidh rochtain freisin ar na sonraí go léir trí mheáin leordhóthanacha chaighdeánaithe malartaithe faisnéise, a shaineofar i ndlúthchomhar le rannpháirtithe sa mhargadh. Áireofar leis na sonraí sin faisnéis faoi thréimhsí ama atá thart ar tréimhsí iad nach giorra ná dhá bhliain ionas go mbeidh rochtain ag iontrálaithe nua sa mhargadh ar na sonraí sin.

    5.10.   Malartóidh OCTanna, go tráthrialta, sraith sonraí leorchruinne maidir leis an ngréasán agus maidir le lód na sreibhe chun go bhféadfar lód na sreibhe a ríomh do gach OCT ina limistéar ábhartha. Déanfar an tsraith chéanna sonraí a chur ar fáil do na húdaráis rialála agus don Choimisiún arna iarraidh sin dóibh nó dó. Áiritheoidh na húdaráis rialála agus an Coimisiún go ndéileálfaidh siad leis an tsraith sonraí sin go rúnda agus gurb amhlaidh a dhéanfaidh aon sainchomhairleoir a mbeidh obair anailíse á déanamh aige ar a son ar bhonn na sonraí sin.

    6.   Úsáid an ioncaim ó phlódú

    6.1.   Ní fhéadfaidh nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú, agus a bhaineann le creat ama réamhshonraithe, ioncam a ghiniúint ach amháin i gcás ina dtarlóidh plódú i dtaca leis an gcreat ama sin, ach amháin i gcás idirnascairí nua a thairbhíonn ó dhíolúine faoi Airteagal 7 de Rialachán 1228/2003 nó faoi Airteagal 17 den Rialachán seo. Beidh an nós imeachta chun an t-ioncam sin a leithdháileadh faoi réir a athbhreithnithe ag na húdaráis rialála agus ní dhéanfaidh sé saobhadh i bhfabhar aon pháirtí a iarrfaidh acmhainn nó fuinneamh ná ní sholáthróidh sé díspreagadh i dtaca le laghdú an phlódaithe.

    6.2.   Beidh na húdaráis rialála náisiúnta trédhearcach maidir le húsáid an ioncaim a thiocfaidh ó leithdháileadh na hacmhainne idirnaisc.

    6.3.   Déanfar an t-ioncam ó phlódú a roinnt idir na OCTanna lena mbaineann i gcomhréir leis na critéir a chomhaontóidh na OCTanna lena mbaineann agus a athbhreithneoidh na húdaráis rialála faoi seach.

    6.4.   Déanfaidh na OCTanna an úsáid a bhainfidh siad as aon ioncam a fhéadfaidh siad a fháil ó phlódú a leagan síos go soiléir roimh ré agus tabharfaidh siad tuairisc ar úsáid iarbhír an ioncaim. Fíoróidh na húdaráis rialála go gcomhlíonfaidh úsáid den sórt sin an Rialachán seo agus na Treoirlínte sin agus go ndéanfar méid iomlán an ioncaim ó phlódú a thiocfaidh as leithdháileadh na hacmhainne idirnaisc a chaitheamh ar cheann amháin nó níos mó de na trí chuspóir a leagtar amach in Airteagal 16(6) den Rialachán seo.

    6.5.   Déanfaidh na húdaráis rialála, ar bhonn bliantúil agus faoin 31 Iúil gach bliain, tuarascáil a fhoilsiú ina leagfar amach méid an ioncaim a bailíodh i rith na tréimhse 12 mhí suas go dtí an 30 Meitheamh den bhliain chéanna agus an úsáid a baineadh as an ioncam sin, agus fíoróidh siad gur chomhlíon an úsáid sin an Rialachán seo agus na Treoirlínte sin agus gur caitheadh méid iomlán an ioncaim ó phlódú ar cheann amháin nó níos mó de na trí chuspóir fhorordaithe.

    6.6.   Maidir le húsáid an ioncaim ó phlódú le haghaidh infheistíochta chun acmhainn idirnaisc a choinneáil mar atá sí nó a mhéadú, is fearr go ndéanfar í a shannadh do thionscnaimh shonracha réamhshainithe, lena rannchuideofar le fuascailt an phlódaithe atá ann cheana agus ar tionscadail iad a fhéadfar a chur chun feidhme freisin laistigh de thréimhse réasúnach, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an nós imeachta um údarú.


    (1)  Ciallaíonn slándáil oibríochtúil ‘an córas tarchurtha a choinneáil laistigh de theorainneacha comhaontaithe slándála’.


    IARSCRÍBHINN II

    TÁBLA COMHGAOIL

    Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003

    An Rialachán seo

    Airteagal 1

    Airteagal 1

    Airteagal 2

    Airteagal 2

    Airteagal 3

    Airteagal 4

    Airteagal 5

    Airteagal 6

    Airteagal 7

    Airteagal 8

    Airteagal 9

    Airteagal 10

    Airteagal 11

    Airteagal 12

    Airteagal 3

    Airteagal 13

    Airteagal 4

    Airteagal 14

    Airteagal 5

    Airteagal 15

    Airteagal 6

    Airteagal 16

    Airteagal 7

    Airteagal 17

    Airteagal 8

    Airteagal 18

    Airteagal 9

    Airteagal 19

    Airteagal 10

    Airteagal 20

    Airteagal 11

    Airteagal 21

    Airteagal 12

    Airteagal 22

    Airteagal 13

    Airteagal 23

    Airteagal 14

    Airteagal 24

    Airteagal 25

    Airteagal 15

    Airteagal 26

    Iarscríbhinn

    Iarscríbhinn I


    Top