EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32009R0662

Rialachán (CE) Uimh. 662/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear nós imeachta maidir le comhaontuithe idir Ballstáit agus tríú tíortha a chaibidil agus a thabhairt i gcrích ar ábhair áirithe a bhaineann leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha agus neamhchonarthacha

IO L 200, 31.7.2009, p. 25–30 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 20/08/2009

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/662/oj

31.7.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/25


RIALACHÁN (CE) Uimh. 662/2009 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 13 Iúil 2009

lena mbunaítear nós imeachta maidir le comhaontuithe idir Ballstáit agus tríú tíortha a chaibidil agus a thabhairt i gcrích ar ábhair áirithe a bhaineann leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha agus neamhchonarthacha

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 61(c), Airteagal 65 agus Airteagal 67(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Teideal IV de Chuid a Trí den Chonradh don bhunús dlí chun reachtaíocht an Chomhphobail a ghlacadh i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta.

(2)

Go traidisiúnta is le comhaontuithe idir Ballstáit agus tríú tíortha a rinneadh comhar breithiúnach in ábhair shibhialta a rialú idir Ballstáit agus tríú tíortha. Is minic a léiríonn comhaontuithe den sórt sin, a bhfuil líon mór díobh ann, naisc speisialta idir Ballstát agus tríú tír, agus arb é is aidhm leo creat dlíthiúil leordhóthanach a chur ar fáil chun riachtanais shainiúla na bpáirtithe lena mbaineann a chomhlíonadh.

(3)

Le hAirteagal 307 den Chonradh ceanglaítear ar na Ballstáit gach céim is gá a ghlacadh chun deireadh a chur le haon neamhluí idir acquis an Chomhphobail agus comhaontuithe idirnáisiúnta arna gcur i gcrích idir Ballstáit agus tríú tíortha. D'fhéadfadh sé a bheith i gceist leis sin gur gá na comhaontuithe sin a athchaibidliú.

(4)

D’fhonn creat dlíthiúil leordhóthanach a chur ar fáil chun riachtanais shainiúla Bhallstáit áirithe a chomhlíonadh mar chuid den chaidreamh atá ag an mBallstát sin le tríú tír, d'fhéadfadh sé go mbeadh gá follasach le comhaontuithe nua a thabhairt i gcrích le tríú tíortha maidir le réimsí ceartais shibhialta a thagann faoi réim Theideal IV de Chuid a Trí den Chonradh.

(5)

Ina Tuairim 1/03 an 7 Feabhra 2006 maidir le Coinbhinsiún nua Lugano a thabhairt i gcrích, dheimhnigh Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach go bhfuil inniúlacht eisiach faighte ag an gComhphobal chun comhaontuithe idirnáisiúnta amhail Coinbhinsiún Lugano a chur i gcrích le tríú tíortha ar ábhair a dhéanfaidh difear do na rialacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an 22 Nollaig 2000 maidir le dlínse agus le haithint agus forfheidhmiú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (2) (An Bhruiséil I).

(6)

De bhun Airteagal 300 den Chonradh, is faoin gComhairle atá sé comhaontuithe idir an Comhphobal agus tríú tír a thabhairt i gcrích ar ábhair a thagann faoi inniúlacht eisiach an Chomhphobail.

(7)

Le hAirteagal 10 den Chonradh, ceanglaítear ar Bhallstáit comhlíonadh chúraimí an Chomhphobail a éascú agus gan aon bheart a ghlacadh a d'fhéadfadh gnóthú chuspóirí an Chonartha a chur i mbaol. Tá feidhm ghinearálta ag an dualgas seo comhoibriú go dílis agus ní bhraitheann sé ar inniúlacht an Chomhphobail a bheith eisiach nó gan a bheith eisiach.

(8)

Maidir le comhaontuithe le tríú tíortha ar shaincheisteanna a bhaineann le ceartas sibhialta a thagann faoi inniúlacht eisiach an Chomhphobail, ba cheart nós imeachta comhtháite agus trédhearcach a bhunú chun údarú a thabhairt do Bhallstát comhaontú atá ann cheana féin a leasú nó comhaontú nua a chaibidil agus a thabhairt i gcrích, go háirithe i gcás nár thug an Comhphobal féin le fios go bhfuil sé beartaithe aige a inniúlacht sheachtrach a fheidhmiú ar mhaithe le comhaontú a thabhairt i gcrích trí shainordú caibidilíochta atá ann cheana féin nó trí shainordú caibidilíochta a bhfuil sé i gceist é a úsáid. Níor cheart go ndéanfadh an nós imeachta seo dochar d'inniúlacht eisiach an Chomhphobail ná d'fhorálacha Airteagal 300 agus Airteagal 307 den Chonradh. Ba cheart go mbreathnófaí air mar bheart eisceachtúil agus ba cheart dó a bheith teoranta ó thaobh raon feidhme agus ama de.

(9)

Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo má tá comhaontú tugtha i gcrích cheana féin ag an gComhphobal leis an tríú tír lena mbaineann ar an ábhar céanna. Níor cheart a mheas go mbaineann an dá chomhaontú leis an ábhar céanna ach amháin má rialaíonn siad, agus sa mhéid go rialaíonn siad, ó thaobh substainte de, na saincheisteanna dlíthiúla céanna. Níor cheart a mheas go mbaineann forálacha leis an ábhar céanna má luaitear sna forálacha sin go bhfuil sé i gceist i gcoitinne comhar a bheith ann ar shaincheisteanna den sórt sin.

(10)

Mar chás eisceachtúil, ba cheart go gcumhdófaí leis an Rialachán seo chomh maith, comhaontuithe áirithe idir roinnt Bhallstát agus roinnt tríú tíortha, mar shampla dhá nó trí Bhallstát nó tríú tír, ina bhfuil sé i gceist aghaidh a thabhairt ar staideanna áitiúla agus nach bhfuil ar oscailt d'aontachas do Stáit eile.

(11)

D’fhonn a áirithiú nach bhfágfadh comhaontú arna bheartú ag Ballstát dlí an Chomhphobail neamhéifeachtach agus nach ndéanfaidh sé dochar d'fheidhmiú ceart an chórais arna bhunú ag an dlí sin, nó nach ndéanfaidh sé dochar do chaidreamh seachtrach an Chomhphobail faoi mar a bheidh cinntithe ag an gComhphobal, ba cheart go mbeadh sé de cheanglas ar an mBallstát lena mbaineann fógra a thabhairt don Choimisiún ar a bhfuil sé i gceist ag an mBallstát sin a dhéanamh d'fhonn údarú a fháil chun tús a chur le caibidlíocht fhoirmiúil ar chomhaontú nó chun leanúint dóibh mar aon le comhaontú a thabhairt i gcrích. Ba cheart go dtabharfaí an fógra sin le litir nó trí mheán leictreonach. Ba cheart go mbeadh an fhaisnéis agus an doiciméadú ábhartha ar fad san fhógra sin chun go mbeidh sé de chumas ag an gCoimisiúin iarmhairt ionchasach thoradh na caibidlíochta ar dhlí an Chomhphobail a mheas.

(12)

Ba cheart go measfaí an leor é an leas a bheadh ann don Chomhphobal comhaontú déthaobhach a thabhairt i gcrích idir an Comhphobal agus an tríú tír lena mbaineann nó, i gcás inarb iomchuí, an leor é an leas a bheadh ann don Chomhphobal comhaontú Comhphobail a chur in ionad comhaontaithe dhéthaobhaigh atá ann idir Ballstát agus tríú tír. Chuige sin, ba cheart go mbeadh gach Ballstát ar an eolas maidir le haon fhógra a bheidh faighte ag an gCoimisiún a bhainfidh le comhaontú arna bheartú ag Ballstát, d’fhonn a cheadú dóibh a suim a léiriú páirt a ghlacadh i dtionscnamh an Bhallstáit a thugann an fógra. Dá mba rud é go dtarraingeofaí dóthain suime ar leibhéal an Chomhphobail de thoradh an mhalartaithe faisnéise sin, ba cheart go smaoineodh an Coimisiún ar shainordú caibidilíochta a chur chun cinn, d’fhonn comhaontú idir an Comhphobal agus an tríú tír lena mbaineann a thabhairt i gcrích.

(13)

Má iarann an Coimisiún faisnéis bhreise ó Bhallstát maidir lena mheasúnú ar cheart a údarú don Bhallstát sin tús a chur le caibidlíocht le tríú tír, níor cheart go ndéanfadh an t-iarratas sin difear do na teorainneacha ama faoina ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh réasúnaithe a thabhairt uaidh maidir le hiarratas an Bhallstáit sin.

(14)

Agus tús na caibidilíochta foirmiúla á údarú, ba cheart go mbeadh sé de chumas ag an gCoimisiún, más gá sin, treoirlínte caibidilíochta a chur chun cinn nó a iarraidh go gcuirfí san áireamh clásail áirithe sa chomhaontú arna bheartú. Ba cheart go gcuirfí an Coimisiún ar an eolas go hiomlán i rith céimeanna éagsúla na caibidilíochta a mhéid a bhaineann sí le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus ba cheart go mbeadh cead aige a bheith páirteach mar bhreathnadóir sa chaibidlíocht maidir leis na hábhair sin.

(15)

Agus fógra á thabhairt don Choimisiún faoin rún atá acu dul i mbun caibidlíochta le tríú tír, níor cheart go mbeadh sé de cheanglas ar na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas ach maidir le gnéithe a bhaineann leis an measúnú a bheidh le déanamh ag an gCoimisiún. Ba cheart nach mbainfeadh údarú an Choimisiúin agus aon treoirlínte caibidílíochta féideartha nó, de réir mar a bheidh, an diúltú ón gCoimisiún ach leis na hábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(16)

Ba cheart go gcuirfí na Ballstáit go léir ar an eolas maidir le haon fhógra a thabharfar don Choimisiún a bhaineann le comhaontuithe a bheidh beartaithe nó a bheidh caibidilthe agus mar gheall ar aon chinneadh réasúnaithe ón gCoimisiún faoin Rialachán seo. Ba cheart go gcomhlíonfadh faisnéis den sórt sin ceanglais rúndachta fhéidearthacha go hiomlán, áfach.

(17)

Ba cheart do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún a áirithiú gurb i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (3) a dhéileálfar le haon fhaisnéis atá sainithe mar fhaisnéis rúnda.

(18)

I gcás ina mbeidh sé beartaithe ag an gCoimisiún, ar bhonn a mheasúnachta, gan a údarú go gcuirfí tús le caibidlíocht fhoirmiúil, ná go dtabharfaí comhaontú a bheadh idirbheartaithe cheana féin i gcrích, ba cheart go dtabharfadh an Coimisiún tuairim don Bhallstát lena mbaineann sula dtabharfadh sé uaidh a chinneadh réasúnaithe. I gcás ina ndiúltófar go n-údarófaí comhaontú caibidlithe a thabhairt i gcrích, ba cheart an tuairim a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle.

(19)

D’fhonn a áirithiú nach gcuirfeadh an comhaontú caibidlithe bac ar chur chun feidhme bheartas seachtrach an Chomhphobail maidir leis an gcomhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus tráchtála, ba cheart go bhforálfaí leis an gcomhaontú go ndéanfaí é a shéanadh go hiomlán nó go páirteach i gcás ina ndéanfaí comhaontú a thabhairt i gcrích ina dhiaidh sin idir an Comhphobal nó an Comhphobal agus a Bhallstát ar an taobh amháin, agus an tríú tír chéanna ar an taobh eile, ar an ábhar céanna nó go gcuirfí forálacha an chomhaontuithe a dhéanfaí ina dhiaidh sin go díreach in ionad forálacha ábhartha an chomhaontaithe le forálacha chomhaontaithe iardain den sórt sin.

(20)

Ba cheart foráil a dhéanamh do bhearta idirthréimhseacha lena gcumhdófaí cásanna ina mbeadh Ballstát tar éis dul i mbun caibidlíochta le tríú tír nó ina mbeadh an chaibidlíocht tugtha i gcrích aige tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ach nach bhfuil sé tugtha le fios aige fós gur toil leis go mbeadh an chomhaontú ina cheangal air.

(21)

D’fhonn a áirithiú go bhfuil dóthain taithí faighte maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún tuarascáil maidir le hiarratas den sórt sin a chur isteach tráth nach luaithe ná ocht mbliana tar éis ghlacadh an Rialacháin seo. Agus a shainchumais á bhfeidhmiú aige, ba cheart don Choimisiún stádas sealadach an Rialacháin seo a dheimhniú sa tuarascáil sin, nó ba cheart dó scrúdú a dhéanamh ar cheart Rialachán nua lena gcumhdófaí an t-ábhar céanna nó ina n-áireofaí freisin sainábhair a thagann faoi inniúlacht eisiach an Chomhphobail agus atá á rialú ag ionstraimí eile de chuid an Chomhphobail, dá dtagraítear in aithris (5), a chur in ionad an Rialacháin seo.

(22)

Má dheimhníonn an tuarascáil arna tíolacadh ag an gCoimisiún gur Rialachán sealadach é an Rialachán seo, ba cheart go mbeadh sé de chumas fós ag na Ballstáit, tar éis an tuarascáil a thíolacadh, fógra a thabhairt don Choimisiún i leith caibidilíochtaí leanúnacha nó caibidilíochtaí a bheidh fógartha cheana d'fhonn údarú a fháil chun tús a chur le caibidilíochtaí foirmiúla.

(23)

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóir a bhaint amach.

(24)

I gcomhréir le hAirteagal 3 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, tá fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe agus ag Éire gur mian leo a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(25)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Comhphobail Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal uirthi ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo bunaítear nós imeachta chun aon Bhallstát a údarú chun comhaontú atá ann cheana a leasú, nó comhaontú nua le tríú tír a chaibidil agus a thabhairt i gcrích faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

Tá an nós imeachta sin gan dochar d'inniúlachtaí an Chomhphobail agus na mBallstát faoi seach.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo i gcás comhaontuithe a bhaineann le hábhair áirithe agus atá, go hiomlán nó i bpáirt, laistigh de raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (4) agus Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (An Róimh II) (5).

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo más rud é go bhfuil an Comhphobal tar éis comhaontú a thabhairt i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann ar an ábhar céanna.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn an téarma ‘comhaontú’:

(a)

comhaontú déthaobhach idir Ballstát agus tríú tír;

(b)

comhaontú réigiúnach idir líon teoranta de Bhallstáit agus de thríú tíortha atá i gcomharsanacht na mBallstát sin agus a bhfuil sé d'aidhm aige aghaidh a thabhairt ar staideanna áitiúla agus nach bhfuil ar oscailt d'aontachas do Stáit eile.

2.   I gcomhthéacs na gcomhaontaithe réigiúnacha dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, déanfar aon tagairt sa Rialachán seo do Bhallstát nó do thríú tír a léamh mar thagairt do na Ballstáit nó do na tríú tíortha lena mbaineann, faoi seach.

Airteagal 3

Fógra a thabhairt don Choimisiún

1.   I gcás ina mbeidh sé beartaithe ag Ballstát tús a chur le caibidlíocht d’fhonn comhaontú atá ann cheana a leasú, nó comhaontú nua a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a thabhairt i gcrích, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún i scríbhinn faoina bhfuil i gceist aige a luaithe is féidir roimh thús na caibidilíochta foirmiúla atá beartaithe.

2.   De réir mar is iomchuí, áireofar san fhógra sin cóip den chomhaontú atá ann, den dréachtchomhaontú nó den dréacht-thogra, agus aon doiciméadú ábhartha eile. Déanfaidh an Ballstát cur síos ar ábhar na caibidilíochta agus sonróidh sé na saincheisteanna a dtabharfar aghaidh orthu sa chomhaontú atá beartaithe, nó forálacha an chomhaontaithe atá ann cheana, atá le leasú. Féadfaidh an Ballstáit aon fhaisnéis bhreise eile a sholáthar.

Airteagal 4

Measúnú ag an gCoimisiún

1.   Ar an bhfógra dá dtagraítear in Airteagal 3 a fháil, déanfaidh an Coimisiún a mheas cibé acu an bhféadfaidh an Ballstát tabhairt faoi chaibidlíocht nó nach féidir.

2.   Agus an measúnú sin á dhéanamh aige, déanfaidh an Coimisiún seiceáil ar dtús cibé an mbeartaítear aon sainordú caibidlíochta a thabhairt i gcrích d'fhonn comhaontú Comhphobail a dhéanamh leis an tríú tír lena mbaineann go sonrach laistigh den 24 mhí atá le teacht. Murab amhlaidh an cás, déanfaidh an Coimisiún a mheas an bhfuil na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh:

(a)

gur chuir an Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis ar fáil lena léirítear go bhfuil leas ar leith ann dó an comhaontú a thabhairt i gcrích de bharr na nasc eacnamaíochta, geografach, cultúrtha, stairiúil, sóisialta nó polaitiúil idir an Ballstát agus an tríú tír lena mbaineann;

(b)

ar bhonn na faisnéise a chuir an Ballstát ar fáil, ní léir go bhfágann an comhaontú atá beartaithe dlí an Chomhphobail neamhéifeachtach ná ní léir go ndéanann sé dochar d'fheidhmiú ceart an chórais arna bhunú ag rialacha an dlí sin; agus

(c)

nach ndéanann an comhaontú atá beartaithe dochar d'aidhm ná do chuspóir bheartas chaidrimh sheachtraigh an Chomhphobail arna chinneadh ag an gComhphobal.

3.   Féadfaidh an Coimisiún tuilleadh faisnéise a iarraidh mura mbeidh an fhaisnéis a bheidh tarchurtha ag an mBallstát leordhóthanach chun críche an measúnú a dhéanamh.

Airteagal 5

Údarú chun tús a chur le caibidlíocht fhoirmiúil

1.   Má chomhlíontar leis an gcomhaontú atá beartaithe na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(2), tabharfaidh an Coimisiún, laistigh de 90 lá tar éis dó an fógra dá dtagraítear in Airteagal 3 a fháil, cinneadh réasúnaithe uaidh ar iarratas an Bhallstáit, údarú don Bhallstát sin tús a chur le caibidilíocht foirmiúil a chur ar bun maidir leis an gcomhaontú sin.

Más gá, féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a mholadh maidir le caibidlíocht agus féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun clásail ar leith a chur isteach sa chomhaontú atá beartaithe.

2.   Sa chomhaontú atá beartaithe beidh clásal ina bhforáiltear:

(a)

do shéanadh iomlán nó páirteach i leith an chomhaontaithe i gcás ina dtabharfar comhaontú i gcrích ina dhiaidh sin idir an Comhphobal nó an Comhphobal agus a Bhallstáit ar an taobh amháin agus an tríú tír céanna, ar an taobh eile, ar an ábhar céanna; nó

(b)

d’fhorálacha comhaontaithe arna thabhairt i gcrích ina dhiaidh sin idir an Comhphobal nó an Comhphobal agus a Bhallstáit ar an taobh amháin agus an tríú tír céanna, ar an taobh eile, ar an ábhar céanna a chur in áit na bhforálacha lena mbaineann sa chomhaontú.

Is ar aon dul leis an méid seo a leanas a dhréachtófar an clásal dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír: ‘séanfaidh (ainm an Bhallstáit nó ainmneacha na mBallstát) an Comhaontú seo go páirteach nó go hiomlán más rud é go dtabharfaidh an Comhphobal Eorpach nó an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit Comhaontú i gcrích le (ainm na tríú tíre nó ainmneacha na dtríú tíortha) ar na hábhair chéanna den cheartas sibhialta arna rialú ag an gComhaontú seo’.

Is ar aon dul leis an méid seo a leanas a dhréachtófar an clásal dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír: ‘Ní bheidh feidhm ag an gComhaontú seo ná ag forálacha áirithe an Chomhaontaithe seo an lá a dtiocfaidh comhaontú idir an Comhphobal Eorpach nó an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, ar an taobh amháin, agus (ainm na tríú tíre nó ainmneacha na dtríú tíortha), ar an taobh eile, i bhfeidhm maidir leis na hábhair arna rialú ag an gComhaontú sin’.

Airteagal 6

Údarú thús caibidilíochta foirmiúil a dhiúltú

1.   Má tá sé i gceist ag an gCoimisiún, ar bhonn a mheasúnaithe faoi Airteagal 4, gan tús na caibidilíochta foirmiúil ar an gcomhaontú beartaithe a údarú, tabharfaidh sé a thuairim don Bhallstát lena mbaineann laistigh de 90 lá tar éis dó an fógra dá dtagraítear in Airteagal 3 a fháil.

2.   Laistigh de 30 lá tar éis tuairim an Choimisiúin a fháil, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun plé leis d’fhonn teacht ar réiteach.

3.   Mura n-iarrfaidh an Ballstát lena mbaineann ar an gCoimisiún dul i mbun plé leis laistigh den teorainn ama a leagtar síos i mír 2, tabharfaidh an Coimisiún cinneadh réasúnaithe uaidh ar iarratas an Bhallstáit laistigh de 130 lá tar éis dó an fógra dá dtagraítear in Airteagal 3 a fháil.

4.   I gcás an phlé dá dtagraítear i mír 2, tabharfaidh an Coimisiún cinneadh réasúnaithe uaidh ar iarratas an Bhallstáit laistigh de 30 lá tar éis don phlé a bheith críochnaithe.

Airteagal 7

Rannpháirtíocht an Choimisiúin sa chaibidlíocht

Féadfaidh an Coimisiún a bheith rannpháirteach mar bhreathnadóir sa chaibidlíocht idir an Ballstát agus an tríú tír a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Mura mbeidh an Coimisiún rannpháirteach mar bhreathnadóir, coinneofar ar an eolas é faoin dul chun cinn agus faoi na torthaí le linn chéimeanna difriúla na caiblíochta.

Airteagal 8

Údarú chun an comhaontú a thabhairt i gcrích

1.   Sula síneofar comhaontú arna chaibidil, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra faoi thoradh na caibidlíochta don Choimisiún agus tarchuirfidh sé téacs an chomhaontaithe chuige.

2.   Chomh luath agus a gheobhaidh sé an fógra sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cibé acu:

(a)

an gcomhlíonann an comhaontú caibidlithe an coinníoll a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 4(2) nó nach gcomhlíonann;

(b)

an gcomhlíonann an comhaontú caibidlithe an coinníoll a leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 4(2) nó nach gcomhlíonann, a mhéid atá tosca nua nó eisceachtúla ann maidir leis an gcoinníoll sin; agus

(c)

an gcomhlíonann an comhaontú caibidlithe an ceanglas faoi Airteagal 5(2) nó nach gcomhlíonann.

3.   Má chomhlíontar leis an gcomhaontú caibidilithe na coinníollacha agus na ceanglais dá dtagraítear i mír 2, tabharfaidh an Coimisiún, laistigh de 90 lá tar éis dó an fógra dá dtagraítear i mír 1, cinneadh réasúnaithe uaidh ar iarratas an Bhallstáit, údarú don Bhallstát sin an comhaontú a thabhairt i gcrích.

Airteagal 9

Diúltú maidir le húdarú comhaontaithe a thabhairt i gcrích

1.   Má tá sé i gceist ag an gCoimisiún, ar bhonn a mheasúnaithe faoi Airteagal 8(2), gan an comhaontú caibidlithe a thabhairt i gcrích, tabharfaidh sé a thuairim don Bhallstát lena mbaineann, agus do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, laistigh de 90 lá tar éis dó an fógra dá dtagraítear in Airteagal 8(1) a fháil.

2.   Laistigh de 30 lá tar éis tuairim an Choimisiúin a fháil, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann iarradh ar an gCoimisiún dul i mbun plé leis d’fhonn réiteach a fháil.

3.   Mura n-iarrfaidh an Ballstát lena mbaineann ar an gCoimisiún dul i mbun plé leis laistigh den teorainn ama dá bhforáiltear i mír 2, tabharfaidh an Coimisiún cinneadh réasúnaithe uaidh ar iarratas an Bhallstáit laistigh de 130 lá tar éis dó an fógra dá dtagraítear in Airteagal 8(1) a fháil.

4.   I gcás an phlé dá dtagraítear i mír 2, tabharfaidh an Coimisiún cinneadh réasúnaithe uaidh ar iarratas an Bhallstáit laistigh de 30 lá tar éis don phlé a bheith críochnaithe.

5.   Cuirfidh an Coimisiún a chinneadh in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle laistigh de 30 lá tar éis don chinneadh a bheith déanta.

Airteagal 10

Rúndacht

Agus faisnéis á cur ar fáil don Choimisiún faoi Airteagal 3, faoi Airteagal 4(3) agus faoi Airteagal 8, féadfaidh an Ballstát a lua cibé an gcaithfear an fhaisnéis a mheas mar fhaisnéis rúnda agus más féidir an fhaisnéis a cuireadh ar fáil a roinnt le Ballstáit eile.

Airteagal 11

Faisnéis a chur ar fáil do na Ballstáit

Seolfaidh an Coimisiún na fógraí dá bhfaightear faoi Airteagal 3 agus faoi Airteagal 8 agus, más gá, na doiciméid a ghabhann leo, mar aon le gach cinneadh réasúnaithe dá chuid faoi Airteagail 5, 6, 8 agus 9, faoi réir na gceanglas rúndachta.

Airteagal 12

Forálacha idirthréimhseacha

1.   I gcás ina mbeidh tús curtha cheana féin ag Ballstát le comhaontú a chaibidil tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 go hAirteagal 11.

Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a mholadh maidir le caibidlíocht nó maidir le clásail ar leith a chur isteach a iarraidh, dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 5(1) agus Airteagal 5(2) faoi seach, nuair a cheadóidh céim na caibidlíochta é sin a dhéanamh.

2.   I gcás ina mbeidh an chaibidlíocht críochnaithe ag Ballstát cheana féin ach nach mbeidh an comhaontú tugtha i gcrích tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, beidh feidhm ag Airteagal 3, ag Airteagal 8(2) go (4) agus ag Airteagal 9.

Airteagal 13

Athbhreithniú

1.   Tráth nach déanaí ná an 13 Iúil 2017, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

2.   Tabharfaidh an tuarascáil sin

(a)

deimhniú gur iomchuí don Rialachán seo dul in éag ar an dáta a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 14(1); nó

(b)

moladh go gcuirfear Rialachán nua in áit an Rialacháin seo ón dáta sin.

3.   Má mholann an tuarascáil seo go gcuirfí Rialachán eile in áit an Rialacháin seo faoi mar a thagraítear dó i bpointe (b) de mhír 2, cuirfear togra reachtach iomchuí in éineacht leis.

Airteagal 14

Dul in éag

1.   Rachaidh an Rialachán seo in éag trí bliana tar éis don Choimisiún an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 13 a thíolacadh.

Tosóidh an tréimhse trí bliana dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar an gcéad lá den mhí tar éis an tuarascáil a bheith tíolactha don uair dheireanach do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle, cibé acu is déanaí.

2.   D'ainneoin go rachaidh an Rialachán seo in éag ar an dáta a chinnfear i gcomhréir le mír 1, ceadófar go leanfaí ar aghaidh leis an gcaibidlíocht uile, arna déanamh ag Ballstát faoin Rialachán seo, a bheidh ar siúl ar an dáta sin agus go dtabharfar i gcrích í faoi na coinníollacha a leagtar síos i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Júil 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

E. ERLANDSSON


(1)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Bealtaine 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 7 Iúil 2009.

(2)  IO L 12, 16.1.2001, lch. 1.

(3)  IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

(4)  IO L 177, 4.7.2008, lch. 6.

(5)  IO L 199, 31.7.2007, lch. 40.


Top